32 1950


Uimhir 32 de 1950.


AN tACHT MONAÍOCHTA, 1950.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRUITHE BHREISE AGUS FEABHSAITHE I dTAOBH MONAÍOCHTA. [27ú Nolla 1950.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

CUID I

Reamhraiteach agus Ginearalta.

Gearrtheideal.

1. —Féadfar an tAcht Monaíochta, 1950 , a ghairm den Acht seo.

Tosach feidhme.

2. —Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh pé lá a ceapfar chuige sin le hordú ón Aire.

Mínithe.

3. —San Acht seo—

Acht 1926.

ciallaíonn an abairt “Acht 1926” an t Acht Coighneála, 1926 (Uimh. 14 de 1926) ;

Acht 1927.

ciallaíonn an abairt “Acht 1927” an t Acht Airgid Reatha, 1927 (Uimh. 32 de 1927) ;

Acht 1942.

ciallaíonn an abairt “Acht 1942” Acht an Bhainc Cheannais, 1942 (Uimh. 22 de 1942) ;

an Banc Ceannais.

ciallaíonn an abairt “an Banc Ceannais” Banc Ceannais na hÉireann;

Monaí a heisíodh faoi na hachtacháin athghairmthe.

déanfar tagairtí do mhonaí a heisíodh faoi na hachtacháin athghairmthe d'fhorléiriú mar thagairtí do mhonaí a heisíodh faoi Acht 1926 nó faoin Acht sin arna leasú leis an Ordú Cumhachta Práinne (Uimh. 140), 1942 (R. & O.R., Uimh. 6 de 1942 ), nó le hailt 58 agus 60 d'Acht 1942;

copar-nicil.

ciallaíonn an focal “copar-nicil,” maidir le mona, mona atá déanta de mheascán de chopar agus nicil;

an tAire.

ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Airgeadais.

Athghairm.

4. —Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear i gcolún (2) den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo d'athghairm a mhéid a sonraítear i gcolún (3) den Sceideal sin.

CUID II.

Monaiocht, seachas Monaiocht Oir.

Monaí copar-nicil agus umha a sholáthar.

5. —(1) Féadfaidh an tAire monaí copar-nicil agus umha de na hainmníochta faoi seach a sonraítear i gcolún (1) den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo a sholáthar, agus féadfaidh pé bearta is cuí leis a dhéanamh chun na monaí sin a sholáthar.

(2) Gach mona a soláthrófar faoin alt seo beidh sé do réir an mheáchain chaighdeánaigh a sonraítear ina leith i gcolún (2) den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo.

(3) (a) Gach mona a soláthrófar faoin alt seo beidh sé do réir an chomhshuímh chaighdeánaigh a sonraítear ina leith i gcolún (3) den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo nó, más mona copar-nicil é, do réir pé comhshuímh chaighdeánaigh eile a cuirfear ina ionad sin le hordú faoi mhír (b) den fho-alt seo.

(b) Féadfaidh an tAire, maidir le haon mhonaí copar-nicil d'ainmníocht áirithe a soláthrófar faoin alt seo, an Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo a leasú le hordú trí pé comhshuíomh caighdeánach eile is cuí leis a chur in ionad an chomhshuímh chaighdeánaigh a sonraítear ansin maidir leis na monaí sin.

(4) Lamhálfar i leith monaí a soláthrófar faoin alt seo an tualaing (nó an claonadh ón meáchan caighdeánach agus ón gcomhshuíomh caighdeánach) a sonraítear ina leith i gcolún (5) den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo.

(5) Na hainmníochta monaí a soláthrófar faoin alt seo, beidh acu, faoi seach, luacha codánacha, i leith an phuint Éireannaigh, amhail mar sonraítear i gcolún (4) den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo.

(6) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, na tuisí agus na dearachta d'ordú le haghaidh na n-ainmníocht monaí faoi seach atá le soláthar faoin alt seo, agus gach mona a soláthrófar faoin alt seo beidh sé do réir na dtuisí agus na dearachta a hordófar amhlaidh ina leith.

Monaí a sholáthar in ionad monaí copar-nicil.

6. —(1) San alt seo ní fholaíonn an focal “miotal” ór ná airgead.

(2) (a) Féadfaidh an tAire, aon uair agus a mhinice is oiriúnach leis, a dhearbhú le hordú (dá ngairmtear ordú monaíochta nua san alt seo) go bhfuil sé fóirstineach go soláthrófaí monaí de mhiotal sonraithe nó de mheascán sonraithe miotal, seachas copar-nicil (pé acu a bheas copar nó nicil ann nó nach mbeidh), d'aon ainmníocht shonraithe acu seo a leanas, eadhon, leathchoróin, flóirín, scilling, réal nó leathréal.

(b) Aon ordú monaíochta nua a bhainfeas le monaí d'ainmníocht áirithe, sonróidh sé meáchan caighdeánach agus comhshuíomh caighdeánach na monaí sin agus an tualaing (nó an claonadh ón meáchan caighdeánach agus ón gcomhshuíomh caighdeánach) atá le lamháil ina leith.

(c) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú monaíochta nua a chúlghairm.

(d) Ní thiocfaidh aon ordú faoin bhfo-alt seo i bhfeidhm mura ndaingnítear ná go dtí go ndaingneofar é le rún ó gach Tigh den Oireachtas.

(3) Aon uair a bheas ordú monaíochta nua i bhfeidhm—

(a) féadfaidh an tAire monaí lena mbainfidh an t-ordú a sholáthar agus pé bearta a dhéanamh is cuí leis chun na monaí sin a sholáthar,

(b) ní sholáthróidh an tAire, faoi alt 5 den Acht seo, aon mhonaí copar-nicil arb ionann a n-ainmníocht agus ainmníocht na monaí lena mbainfidh an t-ordú.

(4) Beidh feidhm ag na forála seo a leanas maidir le gach mona a soláthrófar faoin alt seo—

(a) beidh sé do réir an mheáchain chaighdeánaigh agus an chomhshuímh chaighdeánaigh a sonrófar ina leith san ordú monaíochta nua a bhainfeas leis an mona sin, ach lamhálfar ina leith an tualaing (nó an claonadh ón meáchan caighdeánach agus ón gcomhshuíomh caighdeánach) a luafar ina leith san ordú,

(b) beidh aige, i leith an phuint Éireannaigh, an luach codánach céanna a bheadh aige dá mba mhona copar-nicil den ainmníocht chéanna é a soláthraíodh faoi alt 5 den Acht seo.

(5) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, na tuisí agus an dearacht d'ordú le haghaidh na n-ainmníocht monaí faoi seach a soláthrófar faoin alt seo, agus gach mona a soláthrófar faoin alt seo beidh sé do réir na dtuisí agus na dearachta a hordófar amhlaidh ina leith.

Eisiúint mhonaí a soláthrófar faoi alt 5 nó 6.

7. —Gach mona a soláthrófar faoi alt 5 nó 6 den Acht seo, eiseoidh an tAire tríd an mBanc Ceannais é.

Costais soláthair monaí faoi alt 5 nó 6.

8. —Gach suim a bheas ag teastáil chun monaí a sholáthar a soláthrófar faoi alt 5 nó 6 den Acht seo, íocfar as ciste ginearálta an Bhainc Cheannais í agus féichiúnófar sa chiste sin í ar chúlchiste an airgid reatha.

Fáltais as eisiúint mhonaí a soláthrófar faoi alt 5 nó 6.

9. —Déanfar na fáltais as gach eisiúint mhonaí a soláthrófar faoi alt 5 nó 6 den Acht seo d'íoc isteach i gciste ginearálta an Bhainc Cheannais agus a chur chun creidiúna cúlchiste an airgid reatha sa chiste sin.

Toirmeasc ar dhéanamh agus eisiúint mhonaí.

10. —(1) Ach amháin monaí óir a heiseofar faoi Acht 1927 agus monaí a heiseofar faoin Acht seo, ní déanfar ná ní heiseofar sa Stát aon phíosa miotail nó miotail mheasctha d'aon luach ar bith mar mhona ná mar inchomhartha ar airgead ná mar ní a airbheartaíos go bhfuil a shealbhóir i dteideal aon luach a taispeántar air d'éileamh.

(2) Ní bhaineann fo-alt (1) den alt seo leis an mBanc Ceannais d'eisiúint mhonaí a soláthraíodh, roimh thosach feidhme an Achta seo, faoi Acht 1926 nó faoin Acht sin arna leasú leis an Ordú Cumhachta Práinne (Uimh. 140), 1942 (R. & O. R., Uimh. 6 de 1942 ), nó le hailt 58 agus 60 d'Acht 1942.

(3) Gach duine a dhéanfas nó a eiseos aon phíosa miotail nó miotail mheasctha contrártha d'fho-alt (1) den alt seo, beidh sé ciontach in oilghníomh agus ar a chiontú ann dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air.

Monaí a heisíodh faoi na hachtacháin athghairmthe nó faoin Acht seo a ghlaoch isteach.

11. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, monaí d'aon dáta nó ainmníocht áirithe, a heisíodh faoi na hAchta athghairmthe nó faoin Acht seo, a ghlaoch isteach.

(2) Beidh feidhm ag na forála seo a leanas maidir le gach ordú faoi fho-alt (1) den alt seo—

(a) forálfar san ordú go dtiocfaidh sé i ngníomh ar dháta áirithe (dá ngairmtear an dáta feidhme sa bhfo-alt seo) nach luaithe ná sé mhí tar éis dáta a dhéanta,

(b) leagfar an t-ordú faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, roimh an dáta feidhme, rún a rith ag neamhniú an orduithe beidh an t-ordú arna neamhniú dá réir sin.

Dlí-thairiscint.

12. —(1) Má déantar airgead a thairiscint i monaí (seachas monaí umha) a heisíodh faoi na hachtacháin athghairmthe nó faoin Acht seo, beidh an tairiscint sin ina dlí-thairiscint chun suim nach mó ná dachad scilling d'íoc, ach ní bheidh i gcás aon tsuime is mó ná sin.

(2) Má déantar airgead a thairiscint i monaí umha a heisíodh faoi na hachtacháin athghairmthe nó faoin Acht seo, beidh an tairiscint sin ina dlí-thairiscint chun suim nach mó ná scilling d'íoc, ach ní bheidh i gcás aon tsuime is mó ná sin.

(3) Ní bhaineann an t-alt seo le monaí a glaodh isteach faoi Acht 1926, arna leasú le hAcht 1942, nó faoin Acht seo.

Taithcheannach monaí a heisíodh faoi na hachtacháin athghairmthe nó faoin Acht seo.

13. —Féadfaidh an Banc Ceannas, más oiriúnach leis é, monaí a heisíodh faoi na hachtacháin athghairmthe nó faoin Acht seo a thaithcheannach agus déanfar gach suim a bheas ag teastáil chuige sin d'íoc as ciste ginearálta an Bhainc Cheannais agus d'fhéichiúnú ar chúlchiste an airgid reatha sa chiste sin.

Fáltais as leaghadh monaí a dhiúscairt.

14. —Féadfaidh an Banc Ceannais na fáltais as leaghadh monaí a tarraingeofar as cúrsaíocht nó monaí a bheas ar stoc ag an mBanc Ceannais, agus nach mbeidh ag teastáil chun a n-eisiúna nó a n-atheisiúna, a chur isteach i gcúlchiste an airgid reatha.

An luach i leith an phuint Éireannaigh a bheas ag monaí a heisíodh faoi na hachtacháin athghairmthe.

15. —Gach mona a heisíodh faoi na hachtacháin athghairmthe beidh aige, i leith an phuint Éireannaigh, an luach codánach céanna a bheadh aige dá mba mhona den ainmníocht chéanna é a soláthraíodh faoi alt 5 den Acht seo.

Feidhm agus oiriúnú achtachán áirithe.

16. —Gach achtachán a luaitear i gcolún (2) den Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, beidh éifeacht aige do réir na bhforál atá leagtha amach i gcolún (3) den Sceideal sin os coinne lua an achtacháin sin.

Orduithe d'fhoilsiú san Iris Oifigiúil.

17. —Foilseofar gach ordú faoin Acht seo san Iris Oifigiúil a luaithe is féidir tar éis a dhéanta.

CUID III.

Monai i gCoitinne.

Cóipcheart i monaí Eireannacha.

18. —(1) San alt seo, ciallaíonn an abairt “monaí Eireannacha” aon mhonaí acu seo a leanas, eadhon—

(a) monaí a heisíodh faoi na hachtacháin athghairmthe, nó

(b) monaí óir a heisíodh faoi Acht 1927, nó

(c) monaí a heiseofar faoin Acht seo.

(2) An cóipcheart i ngach mona Éireannach agus an cóipcheart san obair ealaíonachta a shainléiríos dearachta aon mhonaí Eireannacha, is cóipcheart suthain a bheas ann agus is leis an Aire é.

(3) D'ainneoin aon ní i bhfo-alt (1) d'alt 155 den Acht Maoine Tionscail agus Tráchtála (Cosaint), 1927 (Uimh. 16 de 1927) , má déantar iomlán aon mhona Éireannaigh nó aon chuid de a mhacasamhlú in aon fhoilseachán litríochta nó ealaíon, gan toiliú an Aire, beidh sin ina shárú ar an gcóipcheart sa mhona sin.

Toirmeasc ar leaghadh, etc., monaí.

19. —(1) Ní dleathach d'aon phearsa (seachas an Banc Ceannais), ach amháin faoi réim agus do réir cheadúnais arna eisiúint ag an Aire, aon mhona a bheas de thuras na huaire ar rith sa Stát nó in aon tír eile a leaghadh ná a bhriseadh ná é d'úsáid ach amháin mar airgead reatha.

(2) Duine ar bith—

(a) a dhéanfas gníomh contrártha don alt seo, nó

(b) nach gcomhlíonfaidh aon choinníoll áirithe a bheas ag gabháil le ceadúnas arna dheonadh faoin alt seo,

beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air nó, de roghain na Cúirte, príosúntacht go ceann tréimhse nach sia ná dhá bhliain nó an fhíneáil sin agus an phríosúntacht sin le chéile agus, i dteannta aon phionóis eile, féadfaidh an Chúirt a ordú na hearraí d'fhorghéilleadh a ndearnadh an cion ina leith.

AN CHEAD SCEIDEAL.

Achtachain a hAthghairmtear.

Alt 4.

Siosón agus Caibidil nó Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Méid na hAthghairme

(1)

(2)

(3)

10 & 11 Geo. V., c. 70

The Gold and Silver (Export Control, & c.) Act, 1920

An tAcht iomlán.

Uimh. 14 de 1926

An tAcht Coighneála, 1926

An tAcht iomlán.

Uimh. 32 de 1927

..

An tAcht Airgid Reatha, 1927

Fo-alt (2) d'alt 4; fo-alt (1) d'alt 38.

Uimh. 22 de 1942

..

Acht an Bhainc Cheannais, 1942

Cuid VIII.

AN DARA SCEIDEAL.

Sonrai ar Mhonai Copar-nicil agus Umha.

Alt 5.

(1)

(2)

(3)

(4)

(5)

Ainmníocht an Mhona

Meáchan Caighdeánach

Comhshuíomh Caighdeánach

Luach codánach i leith an phuint Éireannaigh

Liúntas Tualainge (a bhaineas le trialacha ar 1,000 píosa le chéile)

Meáchan impriúil gráinní

 

Meáchan méadrach grama

 

An cion den mheáchan

Comhshuíomh

Monaí coparnicil

Leathchoróin

218.18181

14.13795

75 faoin gcéad de chopar agus 25 faoin gcéad de nicil

an t-ochtú cuid

1 i 180

1 faoin gcéad.

Flóirín

...

174.54545

11.31036

an deichiú cuid

1 i 175

Scilling

...

87.27272

5.65518

an fichiú cuid

1 i 150

Réal

...

70.00000

4.53593

an dachadú cuid

1 i 125

Leathréal

...

50.00000

3.23995

an t-ochtódú cuid

1 i 100

Monaí Umha

Pingin

...

145.83333

9.44984

Miotal measctha de chopar, stán agus sionca.

an dá chéad agus dachadú cuid

1 i 40

1 faoin gcéad.

Leathphingin

87.50000

5.669 0

an cheithre chéad agus ochtódú cuid

1 i 40

Feoirling

...

43.75000

2.83495

an naoi gcéad agus seascadú cuid

1 i 40

AN TRIU SCEIDEAL.

Achtachain a dTugtar Feidhm doibh no a hOiriunaitear.

Alt 16.

Caibidil agus Siosón nó Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Feidhm nó Oiriúnú

(1)

(2)

(3)

24 & 25 Vic., c. 99.

The Coinage Offences Act, 1861.

Beidh feidhm ag an Acht sin maidir le monaí arna n-eisiúint faoi na hachtacháin athghairmthe nó faoin Acht seo, agus chun críocha na feidhme sin—

(a) déanfar na tagairtí, in alt 1 den Acht céadluaite, do mhonaí nó d'aon aicme áirithe monaí ar rith go dleathach de bhuaidh aon fhorógra nó eile in aon chuid de Thiarnais a Soilse a léiriú mar thagairtí a fholaíos tagairtí do mhonaí ar rith go dleathach sa Stát de bhuaidh an Achta seo,

(b) déanfar na tagairtí san alt sin l do mhonaí airgid a léiriú mar thagairtí a fholaíos tagairtí do mhonaí nicil, monaí copar-nicil agus monaí arna soláthar faoi alt 6 den Acht seo.

39 & 40 Vic., c. 36.

The Customs Consolidation Act, 1876.

Beidh éifeacht ag alt 42 amhail is dá gcuirtí na hairteagail seo a leanas leis an Table of Prohibitions and Restrictions Inwards san alt sin—

(a) counterfeits of coins issued under the repealed enactments or this Act,

(b) any coins or money purporting to be coins issued under the repealed enactments but not being of the standard weight or not being of the standard fineness prescribed by the Act of 1926, as amended by the Act of 1942,

(c) any coins or money purporting to be coins provided under section 5 or 6 of this Act and not being of the standard composition prescribed by the said section 5 or 6 (as the case may be).

52 & 53 Vic., c. 42.

The Revenue Act, 1889.

Beidh feidhm ag alt 2 maidir le cosúlais ar mhonaí arna n-eisiúint faoi na hachtacháin athghairmthe nó faoin Acht seo, agus chun críocha na feidhme sin déanfar an tagairt i bhfo-alt (4) den alt sin do mhonaí ar rith go dleathach de bhuaidh forógra nó eile in aon chuid de Thiarnais a Soilse a léiriú mar thagairt a fholaíos tagairt do mhonaí ar rith go dleathach sa Stát de bhuaidh an Achta seo.

Uimh. 32 de 1927 .

An tAcht Airgid Reatha, 1927 .

In alt 10 déanfar an tagairt don Acht Coighneála, 1926 , a léiriú mar thagairt don Acht seo.