5 1951


Uimhir 5 de 1951.


ACHT OSPIDÉAL NA MIDHE, 1951.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT D'ATHCHÓIRIÚ COMHCHOISTE AN FHORAIS DÁ nGAIRMTEAR OSPIDÉAL NA MIDHE NÓ OTHARLANN CHONTAE BHAILE ÁTHA CLIATH, DO DHÉANAMH SOCRUITHE CHUN COMHALTAÍ AN CHOMHCHOISTE SIN ARNA ATHCHÓIRIÚ AMHLAIDH A THOGHADH, DO LEASÚ ACHTACHÁN ÁIRITHE A BHAINEAS LEIS AN bhFORAS SIN, AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE I dTAOBH NITHE ÁIRITHE EILE A BHAINEAS LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [15ú Márta, 1951.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht seo—

Acht 1815.

ciallaíonn an abairt “Acht 1815” an reacht Breataineach a ritheadh sa bhliain 1815, agus dá ngairmtear “An Act to amend several Acts for the management and direction of the Meath Hospital, or County of Dublin Infirmary, and for the better regulating the same”. (55 Geo. III, c. 1xxxi).

an lá ceaptha.

ciallaíonn an abairt “an lá ceaptha” an chéad Luan sa dara mí i ndiaidh an mhí a rithfear an tAcht seo, nó, más lá saoire poiblí an chéad Luan sin, an chéad Mháirt ina dhiaidh sin;

Bardas Bhaile Atha Cliath.

ciallaíonn an abairt “Bardas Bhaile Atha Cliath” Ard-Mhéara Ró-Onórach, Seanóirí agus Buirgéisigh Bhaile Atha Cliath;

Comhairle Chontae Bhaile Atha Cliath.

ciallaíonn an abairt “Comhairle Chontae Bhaile Atha Cliath” comhairle chontae riaracháin Bhaile Atha Cliath;

bliain toghcháin.

ciallaíonn an abairt “bliain toghcháin” aon bhliain acu seo a leanas—

(a) an bhliain ina dtitfidh an lá ceaptha, nó

(b) an bhliain 1954, nó

(c) aon tríú bliain as a chéile i ndiaidh na bliana 1954;

an chéad bhliain toghcháin.

ciallaíonn an abairt “an chéad bhliain toghcháin” an bhliain ina dtitfidh an lá ceaptha;

an Chomhairle Ghinearálta.

ciallaíonn an abairt “an Chomhairle Ghinearálta” Comhairle Ghinearálta na gComhairlí Contae;

an tOspidéal.

ciallaíonn an abairt “an tOspidéal” Ospidéal na Midhe nó Otharlann Chontae Bhaile Atha Cliath;

an comhchoiste.

ciallaíonn an abairt “an comhchoiste” comhchoiste an Ospidéil;

an Bord Míochaine.

ciallaíonn an abairt “an Bord Míochaine” an Bord Míochaine a bunófar do réir ailt 3 den Acht seo;

éirí as.

ciallaíonn an briathar “éirí as” éirí as an gcomhchoiste.

Comhaltaí láithreacha an chomhchoiste a scor de bheith i seilbh oifige.

2. —(1) Na daoine a bheas i seilbh oifige mar chomhaltaí den chomhchoiste díreach roimh dháta an Achta seo a rith, scoirfid de bheith i seilbh oifige ar dháta an Achta seo a rith.

(2) Ar feadh na tréimhse dar tosach dáta an Achta seo a rith agus dar críoch an lá ceaptha, beidh cumhachta, dualgais agus freagarthachta uile an chomhchoiste dílsithe i mBainisteoir Cathrach Bhaile Atha Cliath agus déanfaidh seisean an tOspidéal agus a chúrsaí agus a ghnóthaí go léir a sheoladh agus a bhainistí i gcaitheamh na tréimhse sin.

Cóiriú an Bhoird Mhíochaine.

3. —(1) Beidh Bord Míochaine an Ospidéil comhdhéanta de na daoine is leá agus máinleá don Ospidéal ar an 6ú Nollaig, 1950, agus de na leá agus na máinleá don Ospidéal a ceapfar go cuí do réir dlí tar éis an lae cheaptha.

(2) Aon uair a tharlós folúntas sa Bhord Míochaine, ansin, d'ainneoin aon ní contrártha dhó sin in alt 7 d'Acht 1815, fógróidh an comhchoiste an folúntas sna nuachtáin phoiblí agus scrúdóidh an Bord Míochaine teistiméireachta na n-iarratasóirí agus, tar éis breithniú a dhéanamh ar thuarascáil an Bhoird Mhíochaine ar gach iarratasóir den tsórt sin, toghfaidh an coiste lia nó máinlia chun an folúntas a líonadh.

Athchóiriú an chomhchoiste.

4. —(1) Amhail ar an lá agus ón lá i ndiaidh an lae cheaptha, in ionad an comhchoiste a bheith cóirithe mar foráltar le fo-alt (2) d'alt 15 den Local Government (Ireland) Act, 1898, beidh sé comhdhéanta mar leanas—

(a) cúigear comhaltaí (dá ngairmtear comhaltaí ón gcontae san Acht seo) a toghfar do réir ailt 5 den Acht seo,

(b) beirt chomhaltaí (dá ngairmtear comhaltaí ón gComhairle Ghinearálta san Acht seo) a toghfar do réir ailt 6 den Acht seo,

(c) seisear comhaltaí (dá ngairmtear comhaltaí ón gcathair san Acht seo) a toghfar do réir ailt 7 den Acht seo,

(d) ceathrar comhaltaí (dá ngairmtear comhaltaí míochaine san Acht seo) a toghfar do réir ailt 8 den Acht seo,

(e) ceathrar comhaltaí (dá ngairmtear comhaltaí ó Chorparáid an Ospidéil san Acht seo) a toghfar do réir ailt 11 den Acht seo,

(f) beirt chomhaltaí a comhthoghfar ag an gcéad chruinniú díobh sin a toghfar do réir míreanna (a), (b), (c), (d) agus (e).

(2) Gach comhalta a comhthoghfar faoi fho-alt (1) den alt seo, beidh sé, mura dtarlaí roimhe sin é d'éag nó d'éirí as, i seilbh oifige go dtí deireadh an chéad Luain i mí Aibreáin sa chéad bhliain toghcháin eile.

(3) Déanfar cruinniú den chomhchoiste a thoghairm le haghaidh lae nach giorra ná trí lá agus nach sia ná seacht lá tar éis an lae cheaptha.

Toghadh agus téarma oifige comhaltaí ón gcontae.

5. —(1) Déanfaidh Comhairle Chontae Bhaile Atha Cliath, sa chéad bhliain toghcháin agus ar an lá ceaptha nó roimhe sin, cúigear daoine a thoghadh chun gníomhú mar chomhaltaí ón gcontae, agus gach duine a toghfar amhlaidh tosnóidh a théarma oifige an lá i ndiaidh an lae cheaptha.

(2) Déanfaidh Comhairle Chontae Bhaile Atha Cliath, i ngach bliain toghcháin (seachas an chéad bhliain toghcháin) agus ar nó roimh an gcéad Luan i mí Aibreáin sa bhliain toghcháin sin, cúigear daoine a thoghadh chun gníomhú mar chomhaltaí ón gcontae, agus gach duine a toghfar amhlaidh tosnóidh a théarma oifige an lá i ndiaidh an chéad Luain sin.

(3) Gach comhalta ón gcontae a ndéanfar é a thoghadh ag toghchán a comórfar faoi fho-alt (1) nó (2) den alt seo in aon bhliain toghcháin, beidh sé, mura dtarlaí roimhe sin é d'éag nó d'éirí as, i seilbh oifige go dtí deireadh an chéad Luain i mí Aibreáin sa chéad bhliain toghcháin eile.

(4) Aon uair a éagfas comhalta ón gcontae nó a éireos sé as oifig déanfaidh Comhairle Chontae Bhaile Atha Cliath, a luaithe is caothúil, duine a thoghadh chun an folúntas a líonadh agus beidh an duine a toghfar amhlaidh i seilbh oifige don tréimhse dá mbeadh an comhalta ón gcontae, d'éag nó d'éirigh as oifig amhlaidh, i seilbh oifige dá mba nár éag sé nó nár éirigh sé as oifig amhlaidh.

Toghadh agus téarma oifige comhaltaí ón gComhairle Ghinearálta.

6. —(1) Déanfaidh an Chomhairle Ghinearálta, sa chéad bhliain toghcháin agus roimh an lá ceaptha, beirt dá comhaltaí a thoghadh mar chomhaltaí ón gComhairle Ghinearálta, agus gach duine a toghfar amhlaidh tosnóidh a théarma oifige an lá i ndiaidh an lae cheaptha.

(2) Déanfaidh an Chomhairle Ghinearálta, i ngach bliain toghcháin (seachas an chéad bhliain toghcháin) agus roimh an gcéad Luan i mí Aibreáin sa bhliain toghcháin sin, beirt dá comhaltaí a thoghadh mar chomhaltaí ón gComhairle Ghinearálta, agus gach duine a toghfar amhlaidh tosnóidh a théarma oifige an lá i ndiaidh an chéad Luain sin.

(3) Gach comhalta ón gComhairle Ghinearálta a toghfar ag toghchán a comórfar faoi fho-alt (1) nó (2) den alt seo in aon bhliain toghcháin, beidh sé, mura dtarlaí roimhe sin é d'éag nó d'éirí as, i seilbh oifige go dtí deireadh an chéad Luain i mí Aibreáin sa chéad bhliain toghcháin eile.

(4) Aon uair a éagfas comhalta ón gComhairle Ghinearálta nó a éireos sé as oifig, déanfaidh an Chomhairle Ghinearálta, a luaithe is caothúil, duine a thoghadh chun an folúntas a líonadh agus beidh an duine a toghfar amhlaidh i seilbh oifige don tréimhse dá mbeadh an comhalta ón gComhairle Ghinearálta, d'éag nó d'éirigh as oifig amhlaidh, i seilbh oifige dá mba nár éag sé nó nár éirigh sé as oifig.

Toghadh agus téarma oifige comhaltaí ón gcathair.

7. —(1) Déanfaidh Bardas Bhaile Atha Cliath, sa chéad bhliain toghcháin agus roimh an lá ceaptha, seisear daoine a thoghadh chun gníomhú mar chomhaltaí ón gcathair, agus gach duine a toghfar amhlaidh tosnóidh a théarma oifige an lá i ndiaidh an lae cheaptha.

(2) Déanfaidh Bardas Bhaile Atha Cliath, i ngach bliain toghcháin (seachas an chéad bhliain toghcháin) agus roimh an gcéad Luan i mí Aibreáin sa bhliain toghcháin sin, seisear daoine a thoghadh chun gníomhú mar chomhaltaí ón gcathair, agus gach duine a toghfar amhlaidh tosnóidh a théarma oifige an lá i ndiaidh an chéad Luain sin.

(3) Gach comhalta ón gcathair a toghfar ag toghchán a comórfar faoi fho-alt (1) nó (2) den alt seo in aon bhliain toghcháin, beidh sé, mura dtarlaí roimhe sin é d'éag nó d'éirí as, i seilbh oifige go dtí deireadh an chéad Luain i mí Aibreáin sa chéad bhliain toghcháin eile.

(4) Aon uair a éagfas comhalta ón gcathair nó a éireos sé as oifig, déanfaidh Bardas Bhaile Atha Cliath, a luaithe is caothúil, duine a thoghadh chun an folúntas a líonadh agus beidh an duine a toghfar amhlaidh i seilbh oifige don tréimhse dá mbeadh an comhalta ón gcathair, d'éag nó d'éirigh as oifig amhlaidh, i seilbh oifige dá mba nár éag sé nó nár éirigh sé as oifig.

Toghadh agus téarma oifige comhaltaí míochaine.

8. —(1) Déanfaidh an Bord Míochaine, sa chéad bhliain toghcháin agus ar nó roimh an lá ceaptha, ceathrar dá chomhaltaí a thoghadh mar chomhaltaí míochaine, agus gach duine a toghfar amhlaidh tosnóidh a théarma oifige an lá i ndiaidh an lae cheaptha.

(2) Déanfaidh an Bord Míochaine, i ngach bliain toghcháin (seachas an chéad bhliain toghcháin) agus ar nó roimh an gcéad Luan i mí Aibreáin sa bhliain toghcháin sin, ceathrar dá chomhaltaí a thoghadh mar chomhaltaí míochaine, agus gach duine a toghfar amhlaidh tosnóidh a théarma oifige an lá i ndiaidh an chéad Luain sin.

(3) Gach comhalta míochaine a toghfar ag toghchán a comórfar faoi fho-alt (1) nó (2) den alt seo in aon bhliain toghcháin, beidh sé, mura dtarlaí roimhe sin é d'éag nó d'éirí as, i seilbh oifige go dtí deireadh an chéad Luain i mí Aibreáin sa chéad bhliain toghcháin eile.

(4) Aon uair a éagfas comhalta míochaine nó a éireos sé as oifig, déanfaidh an Bord Míochaine, a luaithe is caothúil, duine a thoghadh chun an folúntas a líonadh agus beidh an duine a toghfar amhlaidh i seilbh oifige don tréimhse dá mbeadh an comhalta míochaine, d'éag nó d'éirigh as oifig amhlaidh, i seilbh oifige dá mba nár éag sé nó nar éirigh sé as oifig amhlaidh.

Féadfaidh an comhchoiste gníomhú d'ainneoin folúntas.

9. —Féadfaidh an comhchoiste gníomhú d'ainneoin folúntas ina chomhaltas.

An toghlucht do chomhaltaí ó Chorparáid an Ospidéil.

10. —(1) San alt seo—

ciallaíonn an abairt “an dáta cáiliúcháin”,—

(a) maidir leis an toghchán do chomhaltaí ó Chorparáid an Ospidéil atá le comóradh sa chéad bhliain toghcháin, an 1ú lá den mhí díreach roimh an mí ina dtitfidh an lá ceaptha,

(b) maidir leis an toghchán do chomhaltaí ó Chorparáid an Ospidéil a bheas le comóradh in aon bhliain toghcháin (seachas an chéad bhliain toghcháin), an 1ú lá de Mhárta sa bhliain toghcháin sin;

ní fholaíonn an focal “duine” Comhairle Chontae Bhaile Atha Cliath ná Bardas Bhaile Atha Cliath ná an Chomhairle Ghinearálta.

(2) Gach duine is rialtóir nó ban-rialtóir ar an Ospidéal ar an dáta cáiliúcháin, beidh sé cáilithe chun vótáil ag an toghchán do comhaltaí ó Chorparáid an Ospidéil agus ní bheidh aon duine eile cáilithe chun vótáil sa toghchán sin.

(3) San Acht seo, déanfar tagairtí a bhaineas le toghlucht na gcomhaltaí ó Chorparáid an Ospidéil do bhliain toghcháin áirithe d'fhorléiriú mar thagairtí do na daoine a bheas cáilithe de bhuaidh an ailt seo chun vótáil ag toghchán comhaltaí ó Chorparáid an Ospidéil a bheas le comóradh sa bhliain toghcháin sin.

Toghadh agus téarma oifige comhaltaí ó Chorparáid an Ospidéil.

11. —(1) San alt seo—

ciallaíonn an abairt “comhalta” comhalta ó Chorparáid an Ospidéil;

ciallaíonn an abairt “an toghlucht” toghlucht na gcomhaltaí ó Chorparáid an Ospidéil.

(2) Déanfaidh an toghlucht don chéad bhliain toghcháin ceathrar comhaltaí as a líon féin a thoghadh an lá ceaptha, agus na daoine a toghfar amhlaidh tosnóidh a dtéarma oifige an lá díreach i ndiaidh an lae cheaptha.

(3) Déanfaidh an toghlucht d'aon bhliain toghcháin (seachas an chéad bhliain toghcháin) ceathrar comhaltaí as a líon féin a thoghadh an chéad Luan i mí Aibreáin sa bhliain toghcháin sin, agus gach duine a toghfar amhlaidh tosnóidh a théarma oifige an lá i ndiaidh lae a thofa.

(4) Gach comhalta a toghfar ag toghchán a comórfar faoi fho alt (2) nó (3) den alt seo, beidh sé, mura dtarlaí roimhe sin é d'éag nó d'éirí as, i seilbh oifige go dtí deireadh an lae a comórfar an chéad toghchán eile comhaltaí do réir fo-ailt (3) den alt seo.

(5) Déanfar na comhaltaí ó Chorparáid an Ospidéil a thoghadh ar mhodh na hionadaíochta cionúire trí phost-vótáil ag na daoine a bheas cáilithe chun vótáil sa toghchán; sa chéad bhliain toghcháin déanfar an toghchán a stiúrú agus a sheoladh ag duine a cheapfas Bainisteoir Cathrach Bhaile Atha Cliath chuige sin do réir rialacha a dhéanfas Bainisteoir Cathrach Bhaile Atha Cliath; in aon bhliain toghcháin (seachas an chéad bhliain toghcháin) déanfar an toghchán a stiúrú agus a sheoladh ag duine a cheapfas an comhchoiste chuige sin do réir rialacha a dhéanfas an comhchoiste.

(6) Aon uair a éagfas comhalta nó a éireos sé as oifig, déanfaidh na comhaltaí leantacha, a luaithe is caothúil, duine (is rialtóir saoil nó ban-rialtóir saoil de thuras na huaire ar an Ospidéal) a thoghadh chun an folúntas a líonadh agus beidh an duine a toghfar amhlaidh i seilbh oifige don tréimhse dá mbeadh an comhalta d'éag nó d'éirigh as oifig amhlaidh i seilbh oifige dá mba nár éag sé nó nár éirigh sé as oifig.

(7) Aon chaiteachais faoina raghfar maidir le haon toghchán faoi fho-alt (2) nó (3) den alt seo, íocfar iad as cistí ginearálta an Ospidéil.

Toghadh cathaoirligh nó leaschathaoirligh an chomhchoiste.

12. —(1) Déanfaidh an comhchoiste, ag an gcéad chruinniú a bheas acu tar éis gach toghcháin, duine dá chomhaltaí a thoghadh chun bheith ina chathaoirleach ar an gcomhchoiste agus duine eile dá chomhaltaí a thoghadh chun bheith ina leaschathaoirleach ar an gcomhchoiste.

(2) Gach duine a toghfar chun bheith ina chathaoirleach nó ina leas-chathaoirleach ar an gcomhchoiste, beidh sé, mura dtarlaí roimhe sin é d'éag, é d'éirí as nó é a theacht faoi dhícháilíocht, i seilbh oifige mar chathaoirleach nó leas-chathaoirleach go dtí go dtoghfar a chomharba.

(3) Aon uair a tharlós oifig an chathaoirligh nó an leaschathaoirligh a bheith folamh de dhroim an cathaoirleach nó an leas-chathaoirleach d'éag, d'éiri as nó a theacht faoi dhícháilíocht, déanfaidh an comhchoiste, ag an gcéad chruinniú tar éis an folúntas sin a tharlachtaint, duine dá chomhaltaí a thoghadh chun bheith ina chathaoirleach nó ina leas-chathaoirleach.

Cruinniú bliantúil de rialtóirí agus de bhan-rialtóirí an Ospidéil.

13. —Déanfar cruinniú bliantúil de rialtóirí agus de bhanrialtóirí an Ospidéil agus de chomhaltaí an chomhchoiste a thionól san Ospidéal ar dháta a cheapfas an comhchoiste; ag an gcruinniú bliantúil bhéarfaidh cathaoirleach an chomhchoiste tuarascáil ghinearálta ar an Ospidéal agus déanfar pé gnó eile a údarós an comhchoiste.

Cumhacht an chomhchoiste chun daoine a chur as oifig.

14. —(1) San alt seo—

ciallaíonn an focal “oifig” aon oifig nó ceapachán, lán-aimsire nó páirt-aimsire, san Ospidéal nó i ndáil leis an Ospidéal.

(2) I gcás duine a cheapadh tar éis an 6ú lá de Nollaig, 1950, agus ar an lá ceaptha nó roimhe sin, chun aon oifige, ansin, d'ainneoin na dtéarmaí agus na gcoinníoll ar ar ceapadh é, féadfaidh an comhchoiste, gan aon chúis chuige sin a lua, é a dhíbhe nó a chur as an oifig sin.

(3) Tiocfaidh fo-ailt (1) agus (2) den alt seo i ngníomh an lá ceaptha.

Acht 1815 a leasú.

15. —(1) In alt 2 d'Acht 1815, déantar leis seo na focail “not exceeding the annual value of one thousand pounds” d'athghairm.

(2) In alt 7 d'Acht 1815, déantar leis seo na focail “that all such elections shall be from the Members or Licentiates of the King's and Queen's College of Physicians and Royal College of Surgeons in Ireland and” d'athghairm.

(3) Déantar leis seo ailt 3 go 6, go huile, agus ailt 18 agus 19 d'Acht 1815 d'athghairm.

Athghairm.

16. —Déantar leis seo Clásal II den Acht a ritheadh i bParlaimint na hÉireann sa 15ú agus sa 16ú bliain de réimeas Sheoirse III Caibidil XXXI d'athghairm.

Cumhacht an chomhchoiste chun fo-dhlithe a dhéanamh.

17. —Cumhachtaítear leis seo don chomhchoiste fo-dhlithe, rialacha nó rialacháin a dhéanamh i dtaobh othair a ghlacadh agus chun rialú an Ospidéil d'fheabhsú nó i dtaobh aon ní a bhaineas leis sin.

Gearrtheideal.

18. —Féadfar Acht Ospidéal na Midhe, 1951 , a ghairm den Acht seo.