7 1952


Uimhir 7 de 1952.


AN tACHT IASCAIGH MHARA, 1952.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRUITHE CHUN AN TIONSCAL IASCAIGH MHARA D'FHEABHSÚ AGUS A RIALÚ AGUS I dTAOBH NITHE (LENA nÁIRÍTEAR TÁILLÍ D'ÉILEAMH AR CHEADÚNAIS ÁIRITHE) A BHAINEAS LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [22ú Aibreán, 1952.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

CUID I.

Reamhraiteach agus Ginearalta.

Gearrtheideal.

1. —Féadfar an tAcht Iascaigh Mhara, 1952 , a ghairm den Acht seo.

Mínithe.

2. —San Acht seo—

an Comhlachas.

ciallaíonn “an Comhlachas” an comhlucht a bunaítear le halt 23;

an Bord

ciallaíonn “an Bord” an comhlucht a bunaítear le halt 14;

an trádáil imdhála éisc.

folaíonn “an trádáil imdhála éisc” an trádáil mhór-reaca éisc, an trádáil mhionreaca éisc agus gnó leasuithe, deatuithe nó cannuithe éisc, nó gnó próisithe éisc ar chuma eile, chun a dhíolta;

iasc úr.

ciallaíonn “iasc úr” iasc nár sailleadh, nár deataíodh, nár leasaíodh ná nár caomhnaíodh go saorga ar aon tslí eile, ach folaíonn sé iasc a caomhnaíodh trí chuisniú amháin;

ceadúnas.

ciallaíonn “ceadúnas” ceadúnas faoi alt 9;

máistir.

ciallaíonn “máistir,” maidir le bád iascaigh mhara, an máistir, an scibire, nó an duine eile atá i gceannas an bháid de thuras na huaire;

an tAire.

ciallaíonn “an tAire” an tAire Talmhaíochta;

ordú.

ciallaíonn an briathar “ordú” ordú le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire;

iasc mara.

ciallaíonn “iasc mara” iasc d'aon tsórt a gheibhtear sa bhfarraige, pé acu úr nó in aon staid eile dhó agus folaíonn sé blaosciasc agus molluis a gheibhtear sa bhfarraige;

iascach mara.

ciallaíonn “iascach mara” iasc mara d'iascach nó a ghabháil in uiscí taoide;

bád iascaigh mhara.

ciallaíonn “bád iascaigh mhara” aon long, bád nó árthach eile de shaghas ar bith a húsáidtear i gcóir iascaigh mhara agus folaíonn sé aon long, bád nó árthach eile a húsáidtear chun iasc a chóireáil nó a húsáidtear go hiomlán nó go formhór chun iasc d'iompar;

iascaire mara.

ciallaíonn “iascaire mara” duine a bhíos ag gabháil d'iascach mara agus nach mbíonn ag gabháil go díreach do mhór-reic ná do mhionreic éisc úir;

an trádáil mhór-reaca éisc.

folaíonn “an trádáil mhór-reaca éisc” gnó ceantála éisc.

Tosach feidhme.

3. —Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh pé lá nó laethe a socrófar chuige sin le hordú nó orduithe ón Aire go ginearálta nó maidir le haon chríoch nó foráil áirithe agus féadfar laethe éagsúla a shocrú amhlaidh chun críocha éagsúla agus le haghaidh forál éagsúla den Acht seo.

Rialacháin a leagadh faoi bhráid Tithe an Oireachtais.

4. —Gach rialachán a dhéanfas an tAire faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an rialachán a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán arna neamhniú dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

Tuarascála agus cuntais an Bhóird a leagadh faoi bhráid Tithe an Oireachtais.

5. —Leagfaidh an tAire faoi bhráid gach Tí den Oireachtas cóip de gach tuarascáil a bhéarfas an Bord dó faoin Acht seo, maraon le cóip den chuntas caipitil, den chuntas ioncaim, den chuntas sochair agus dochair agus den chlár comharduithe is déanaí ón mBord agus fós cóip de thuarascáil na n-iniúchóirí ar na cuntais agus ar an gclár comharduithe sin agus leagfaidh faoi bhráid gach Tí den Oireachtas, i dteannta gach tuarascála den tsórt sin ón mBord, cóipeanna de pé eolas, tuairisceáin agus cuntais a bhéarfar dó faoin Acht seo agus is gá chun an tuarascáil sin a thuiscint i gceart.

Inchúiseamh i leith cionta.

6. —(1) Ní déanfar imeachta i leith ciona faoin Acht seo a thionscnamh ach amháin ag an Aire nó le toiliú an Aire.

(2) Féadfaidh an tAire, nó féadfar ar agra an Aire, mar inchúisitheoir, inchúiseamh a dhéanamh i leith aon chiona faoin Acht seo.

Caiteachais.

7. —Na caiteachais go léir faoina raghfar ag forghníomhú an Achta seo, déanfar, a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais, iad d'íoc as airgead a sholáthrós an tOireachtas.

CUID II.

Iascac Mara a Rialu.

Rialacháin.

8. —(1) Féadfaidh an tAire pé rialacháin is gá nó is inmhianuithe leis a dhéanamh chun iasc mara a chalú agus a dhíol agus chun iasc mara a stóráil, a láimhsiú, d'iompar, a phróisiú agus a chóireáil.

(2) Sara ndéanfaidh an tAire rialacháin raghaidh sé i gcomhairle leis an mBord agus, mura dóigh leis nach bhfuil sin sodhéanta, leis an gComhlachas nó le Coiste an Chomhlachais.

Arthaí a cheadúnú chun iascaigh mhara.

9. —(1) Ní déanfar aon arthach is mó ná tríocha agus cúig troithe ar mórfhaid d'úsáid chun iascaigh mhara ach amháin faoi réim agus do réir ceadúnais faoin alt seo.

(2) (a) Féadfaidh an tAire ceadúnas a dheonadh i leith árthaigh ar iarratas d'fháil ó únaer, fostóir nó fruilitheoir an árthaigh nó thar a cheann.

(b) Is sa bhfoirm ordaithe an bheas an t-iarratas agus beidh pé sonraí ann a iarrfas an tAire.

(3) (a) Ní deonfar ceadúnas mura bhfuil an t-árthach cláraithe sa Stát faoi na hAchta Loingis Cheannaíochta, 1894 go 1947, agus mura le saoránach Éireannach í nó le cuideachta atá corpraithe faoi na hAchta Cuideachtan, 1908 go 1924, agus a bhfuil iomlán a scairchaipitil ar seilbh ag saoránaigh Éireannacha.

(b) Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc seo maidir leis an mBord ná le hárthach a bhí cláraithe, an 1ú lá d'Fheabhra, 1952, sa Stát faoi na hAchta Loingis Cheannaíochta, 1894 go 1947, faid a leanfas sí de bheith cláraithe amhlaidh.

(4) Féadfar ceadúnas a dheonadh gan tórainn maidir le ham nó in aghaidh tréimhse sonraithe.

(5) Féadfar ceadúnas a dheonadh faoi réir pé coinníollacha is oiriúnach leis an Aire, ar a n-áirítear srianta le hiascach mara go ginearálta nó maidir le modhanna iascaigh mhara in áiteanna áirithe agus maidir le diúscairt na dtógálacha agus féadfaidh an tAire, ó am go ham, aon choinníoll d'athrú nó coinníollacha nua d'fhorchur.

(6) I gcás—

(a) árthach a bheith ceadúnaithe faoin Acht seo, agus

(b) aon duine arb é únaer, fostóir nó fruilitheoir an árthaigh é nó, más comhlucht corpraithe an duine sin, aon chomhalta den chomhlucht corpraithe sin nó máistir an árthaigh a bheith ag gabháil go díreach do dhíol éisc úir ar mór-reic nó ar mionreic,

déanfar tógálacha an árthaigh a sheachadadh le díol don Bhord nó a dhiúscairt do réir ordachán an Bhoird.

(7) Ní bheidh ceadúnas i leith árthaigh bailí ach amháin más rud é agus an fhaid gur rud é nach aon duine, seachas duine atá ainmnithe sa cheadúnas nó a ionadaí pearsanta dlíthiúil, únaer, fostóir nó fruilitheoir an árthaigh.

(8) Iomprófar ceadúnas ar bord an árthaigh lena mbaineann sé agus déanfaidh an t-únaer, an fostóir, an fruilitheoir nó an máistir an ceadúnas a thabhairt ar aird, arna éileamh, chun a iniúchta ag aon oifigeach caomhanta iascaigh mhara faoin Acht chun Iascaigh Mhara a Chosaint, 1933, arna leasú le halt 34 den Acht Iascaigh (Athscrúdú ar an Dlí Reachtúil), 1949.

Srianta le ceadúnas a dheonadh.

10. —Faoi réir ailt 9, deonfaidh an tAire ceadúnas d'iarratasóir mura rud é—

(a) gur cúlghairmeadh ceadúnas a deonad dó roimhe sin, nó

(b) go raibh an t-iarratasóir nó aon duine eile, a mbeadh, dá ndeontaí an ceadúnas, baint aige le bainistí an árthaigh, pé acu mar únaer, fostóir, fruilitheoir nó máistir é, tar éis baint a bheith aige le bainistí árthaigh in aon cháil den tsórt sin tráth a rinneadh cion ar cúlghairmeadh dá dheasca ceadúnas i leith an árthaigh sin.

Ceadúnas chúlghairm.

11. —(1) Má ciontaítear duine mar gheall ar choinníoll i gceadúnas a shárú féadfaidh an tAire, laistigh de thrí mhí tar éis an chiontuithe sin, an ceadúnas a chúlghairm má rinneadh ciontú roimhe sin mar gheall ar chionníoll sa cheadúnas a shárú.

(2) Má bheartaíonn an tAire cúlghairm cheadúnais a bhreithniú, cuirfidh sé fógra leis an bpost cláraithe go dtí sealbhóir an cheadúnais sin á fhógairt dó go bhfuil sin ar intinn aige agus go bhféadfaidh an sealbhóir sin uiríolla a dhéanamh laistigh de pé tréimhse a sonrófar sa bhfógra agus breithneoidh an tAire aon uiríolla a déanfar amhlaidh.

Ceadúnais chúlghairmthe agus ceadúnais thar dáta a thabhairt suas.

12. —Déanfaidh an sealbhóir ar cheadúnas a bheas éagtha nó cúlghairmthe an doiciméad ceadúnais a thabhairt suas don Aire laistigh de cheithre lá déag tar éis dáta a éaga nó a chúlghairmthe.

Cionta.

13. —(1) Beidh aon duine a shárós (trí ghníomh nó neamhghníomh) aon fhorála sa Chuid seo nó in aon rialacháin faoi alt 8, agus beidh únaer, fostóir, fruilitheoir agus máistir an árthaigh áirithe, gach duine ar leith acu, ciontach i gcion i gcoinne an Achta seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air.

(2) Má ciontaítear duine i gcion i gcoinne an Achta seo, féadfaidh an chúirt a chiontós é a ordú dhó costais an inchúisimh d'íoc.

(3) Féadfaidh aon bhreitheamh den Chúirt Chuarda inchúiseamh i leith ciona i gcoinne an Achta seo d'éisteacht agus a chinneadh.

CUID III.

An Bord Iascaigh Mhara.

Bunú agus Feidhmeanna.

Bunú.

14. —(1) Beidh comhlucht ann ar a dtabharfar An Bord Iascaigh Mhara (dá ngairmtear an Bord san Acht seo) chun na feidhmeanna a chomhlíonadh a bheirtear dóibh leis an Acht seo.

(2) Beidh feidhm ag forála an Chéad Sceidil maidir leis an mBord.

Feidhmeann i gcoitinne.

15. —(1) Beidh de dhualgas ginearálta ar an mBord na feidhmeanna a chomhlíonadh a bhí, díreach roimh thosach feidhme Coda V, á bhfeidhmiú nó infheidhmithe ag Comhlachas Iascaigh Mhara na hÉireann Teoranta (The Irish Sea Fisheries Association, Limited).

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fo-ailt (1) agus i dteannta na gcumhacht a bheirtear don Bhord le haon fhoráil eile den Acht seo, beidh na cumhachta seo a leanas ag an mBord—

(a) talamh, foirgintí, margaí, áitribh, nó gléasra a thógaint chucu, a ghlacadh ar aistriú, a shealbhú, a dhíol, a mhorgáistiú, a léasú nó a ligean, agus aon fhoirgintí, margaí, áitribh, nó gléasra a thógáil, d'athrú, nó a chothabháil, a bheas ag teastáil chun a ndualgais nó a gcumhachta faoin Acht seo a chomhlíonadh nó d'fheidhmiú;

(b) báid iascaigh mhara agus a n-inneallra nó a bhfeistis a thógaint chucu, a ghlacadh ar aistriú, a dhéanamh, a bheith ar únaeracht acu, a stóráil, d'fhruiliú, d'fhostú, a dhíol nó a sholáthar, maraon le líonta agus gléasa agus riachtanais eile le haghaidh iascaigh mhara nó chun iasc nó táirgí éisc a láimhsiú, d'iompar, a reoú, d'oighriú, a chaomhnú, a leasú nó a chóireáil ar shlí eile nó chun iasc a chur ar margadh;

(c) breosla agus íle bhealála agus íleacha eile, a húsáidtear ag rith bád iascaigh mhara, a cheannach, a stóráil nó a dhíol;

(d) iasc a dheatú, a shailleadh, a channú, nó a leasú nó a chaomhnú ar aon tslí eile;

(e) gabháil le gnó déileálaithe mór-reaca nó mionreaca éisc, leasaitheoirí éisc agus mangairí éisc, agus fós le gnó déileálaithe salainn agus gnó cúipéirí;

(f) iascach mara a dhéanamh nó bheith ag gabháil dó;

(g) bhaigíní, carranna, mótar-veananna, nó córacha, coimeádáin nó meáin nó goiris eile iompartha éisc, nó aon earraí eile a gcumhachtaítear don Bhord a gceannach nó a soláthar nó a ndíol, a thógaint chucu, a ghlacadh ar aistriú, a bheith ar únaeracht acu, d'fhruiliú, a bhainistí, a sheirbhísiú, a sholáthar, nó a dhíol;

(h) deisiú a dhéanamh ar bháid iascaigh mhara agus ar a n-inneallra agus a bpáirteanna agus a dtrealamh eile, lena n-áirítear líonta nó gléasa eile le haghaidh iascaigh mhara;

(i) obair thurgnaimh agus triaileach a ghabháil de láimh d'fhonn cineálacha nua feabhsaithe bád iascaigh mhara, inneall agus trealaimh i gcoitinne a chur ar fáil don tionscal iascaigh mhara;

(j) an tionscal iascaigh mhara d'fhorbairt agus d'fheabhsú trí mhodhanna agus dála níos fearr a thabhairt i réim maidir le hiasc a ghabháil, a ghrádú, a leasú, a phacáil, d'iompar agus a chur ar margadh, agus trí stáisiúin fuar-stórais agus leasuithe, agus pónaí nó locháin nó saoráidí eile bailithe agus stórála gliomach agus éisc eile a chur ar fáil;

(k) bheith ina gceadúnaí i leith beirtreacha oisrí agus síol oisrí a chur ar bheirtreacha oisrí agus oisrí a chur ar síolrú;

(l) margaí nua d'fhorbairt le haghaidh éisc úir, éisc leasaithe agus éisc chaomhnaithe;

(m) comhar-ghnóthaíocht d'fhorbairt agus a chur chun cinn agus go mór mór maidir le hiasc agus táirgí éisc a bhailiú, d'iompar, d'imdháil agus a dhíol;

(n) pé conradh nó conartha a measfar a bheith oiriúnach chun na gcríocha réamhráite d'ullmhú, a dhéanamh, a chothabháil, agus d'athrú ó am go ham;

(o) socrú a dhéanamh i gcóir feasachán, tréimhseachán, paimfléidí agus litríochta eile agus scannán cinematagrafaca agus gnéithe eile poiblíochta, agus iad a chlóbhualadh agus d'imdháil, do réir mar mheasfas an Bord is inmhianuithe ar mhaithe leis an tionscal iascaigh mhara;

(p) lucht oibre d'fhruiliú nó a sholáthar chun iascach, nó obair eile a bhaineas nó a ghabhas le hiascach, a dhéanamh;

(q) comhshochraíochta a dhéanamh le daoine nó gnóluchta atá ag gabháil d'aon trádáil, gnó nó gairm beatha chun aon chearta, pribhléidí agus buntáistí speisialta a ligean le hiascairí mara nó daoine eile, go háirithe maidir le hearraí a sholáthar agus d'iompar;

(r) aon chuid de chaipiteal nó d'airgead eile an Bhoird de thuras na huaire a thabhairt ar airleacan nó ar iasacht ar urrús sásúil d'iascairí mara nó do dhaoine eile de bhun cumhacht an Bhoird;

(s) árachú ag iascairí mara a chur ar aghaidh agus a mholadh agus na bearta a dhéanamh is gá chun slánaíocht d'urrú dhóibh i gcoinne caillteanas maoine de dheasca tóiteáin nó tionóisce eile agus i gcoinne dliteanais airgid i leith éileamh faoi na hAchta um Chúiteamh do Lucht Oibre, nó faoi reachtaíocht eile, nó ar shlí eile, i leith tionóiscí nó díobhála, mailíseach nó tionóisceach, a tharlós d'fhostaithe nó do mhaoin leis na daoine sin nó leis an mBord;

(t) feidhmiú agus comhlíonadh a dhéanamh ar aon fheidhmeanna, cumhachta agus dualgais a bheas aistrithe do réir dlí ón Aire chun an Bhoird maidir le caomhaint agus forbairt an tionscail iascaigh mhara;

(u) gabháil go ginearálta le haon ghnó nó eadarbheart na aon chomhshocraíochta, bearta nó eadarbhearta a chur ar aghaidh nó d'urasú is dóigh leis an mBord a chabhródh, go díreach nó go neamhdhíreach, le forbairt an tionscail iascaigh mhara nó le leasa nó áis iascairí mara nó a chuirfeadh an céanna chun cinn agus pé feidhmeanna eile a ghabháil de láimh agus gach ní a dhéanamh is gá nó is fóirstineach ó am go ham chun na cumhachta sin nó aon cheann acu d'fheidhmiú.

(3) Féadfaidh an Bord, le toiliú an Aire, rialacha a dhéanamh maidir le feidhmiú a bhfeidhmeanna faoin alt seo.

(4) Ní forléireofar forála fo-ailt (2) mar fhorála thórainníos aon chumhacht de chuid an Bhoird a bheirtear le fo-alt (1) nó le haon fhoráil eile den Acht seo, pé acu a tagartar nó nach dtagartar i bhfo-alt (2) do chumhacht dá samhail.

(5) Maidir le tíolacas nó aistrú faoina dtiocfaidh an Bord i dteideal aon leasa thairbhiúil, beidh éifeacht ag alt 13 (a athraíos na dleachta stampa ar thíolacais agus aistrithe talún) den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1947 (Uimh. 33 de 1947) , arna leasú le hachtacháin iardain, amhail is go mbeadh sa tíolacas, nó san aistriú, ráiteas den tsórt dá dtagartar i bhfo-alt (4) den alt sin agus go mb'amhlaidh do na fíorais gur ráiteas cóir é.

(6) Maidir le léas faoina dtiocfaidh an Bord i dteideal aon leasa thairbhiúil, beidh éifeacht ag alt 24 (a athraíos na dleachta stampa ar léasanna) den Acht Airgeadais, 1949 (Uimh. 13 de 1949) , arna leasú le hachtacháin iardain, amhail is go mbeadh sa léas ráiteas den tsórt dá dtagartar i bhfo-alt (4) den alt sin agus go mb'amhlaidh do na fíorais gur ráiteas cóir é.

Forála Airgeadais.

Meastachán bliantúil ar riachtanais an Bhoird.

16. —Cuirfidh an Bord faoi bhráid an Aire i ngach bliain airgeadais meastachán ar an méid airgid a bheas ag teastáil uathu i bhfoirm deontais agus i bhfoirm airleacan inaisíoctha don bhliain airgeadais ina dhiaidh sin.

Deontais.

17. —I ngach bliain airgeadais, féadfar deontas de pé méid a cheadós an tAire, le comhthoil an Aire Airgeadais, d'íoc, as airgead a sholáthrós an tOireachtas, leis an mBord i leith caiteachas an Bhoird.

Airleacain chun an Bhoird as an bPríomh-Chiste.

18. —(1) Chun a chumasú don Bhord a bhfeidhmeanna d'fheidhmiú nó a chomhlíonadh, féadfaidh an tAire Airgeadais, ar mholadh an Aire, pé suimeanna (nach mó san iomlán ná cúig chéad míle punt) a iarrfas an Bord ó am go ham d'airleacan ó am go ham chun an Bhoird as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis.

(2) Beidh na suimeanna hairleacfar faoin alt seo inaisíoctha le hús do réir na bhforál ina dhiaidh seo den Acht seo.

Airgead a sholáthar as an bPríomh-Chiste le haghaidh airleacan chun an Bhoird.

19. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais, d'fhonn socrú a dhéanamh le haghaidh suimeanna d'airleacan as an bPríomh-Chiste faoi alt 18, pé suimeanna a bheas ag teastáil chun na críche sin a thógaint ar iasacht ar urrús an Phríomh-Chiste nó a thoradh fáis, agus féadfaidh an tAire sin, chun críocha na hiasachta sin, urrúis a chruthnú agus d'eisiúint agus iad faoi pé ráta úis agus faoi réir pé coinníoll i dtaobh aisíoca, fuascailte, nó eile, is oiriúnach leis, agus íocfaidh sé isteach sa Stát-Chiste an t-airgead go léir a tógfar ar iasacht amhlaidh.

(2) Déanfar príomhshuim agus ús na n-urrús go léir a heiseofar faoin alt seo a mhuirearú ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis agus beid iníoctha as an gcéanna.

Us d'íoc ar airleacain inaisíoctha.

20. —(1) Gach suim a hairleacfar chun an Bhoird as an bPríomh-Chiste faoi alt 18 agus a bheas inaisíoctha, íocfaidh an Bord ús uirthi leis an Aire Airgeadais, ó dháta na suime sin d'airleacan go dtí go n-aisíocfar í, do réir pé ráta a cheapfas an tAire Airgeadais ó am go ham i leith na suime sin, agus íocfar an t-ús sin ina íocaíochta leathbhliantúla pé laethanta gach bliain a cheapfas an tAire Airgeadais ó am go ham.

(2) Má mhainníonn an Bord aon ús is iníoctha acu faoin alt seo d'íoc leis an Aire Airgeadais an tráth a bheas ceaptha chuige sin faoin alt seo, íocfaidh an Bord ús leis an Aire sin do réir an ráta a cheapfas an tAire sin ar an ús a bheas gan íoc amhlaidh ón tráth a bheas ceaptha mar adúradh go dtí go n-íocfar an céanna iarbhír.

(3) Íocfar isteach sa Stát-Chiste nó cuirfear chun tairbhe don Stát-Chiste, i pé slí a ordós an tAire Airgeadais, an t-ús go léir a íocfas an Bord leis an Aire Airgeadais faoin alt seo.

Airleacain inaisíoctha d'aisíoc.

21. —(1) D'fhonn socrú a dhéanamh chun an Bord d'aisíoc na n-airleacan inaisíoctha a bhéarfar dóibh as an bPríomh-Chiste faoi alt 18, íocfaidh an Bord íocaíochta leathbhliantúla leis an Aire Airgeadais, a thosnós ar pé dáta, agus a leanfas ar feadh pé uimhreach blian agus a mbeidh pé méid iontu agus a bheas iníoctha pé trátha, a cheapfas an tAire sin, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire, agus féadfar dátaí, uimhreacha blian, méideanna agus trátha éagsúla a cheapadh amhlaidh i leith coda éagsúla de na hairleacain sin.

(2) Déanfaidh an tAire Airgeadais na híocaíochta leathbhliantúla ar leithligh a bheas le déanamh leis an Aire sin ag an mBord faoin alt seo d'úsáid mar chistí fiachmhúchta chun aisíoctha na gcoda ar leithligh de na hairleacain ar ina leith a déanfar na híocaíochta leathbliantúla sin agus nuair a íocfas an Bord leis an Aire sin an méid iomlán íocaíochtaí leathbhliantúla a bheas ceaptha faoin alt seo i leith aon choda de na hairleacain sin (maraon le haon ús a bheas iníoctha faoin alt seo i leith aon cheann de na híocaíochta leathbhliantúla sin) measfar an chuid sin de na hairleacain sin a bheith aisíoctha go hiomlán ag an mBord, gan dochar do dhliteanas an Bhoird maidir le haon ús a bheas gan íoc an uair sin i leith na Coda sin de na hairleacain sin.

(3) Mura n-íocfaidh an Bord leis an Aire Airgeadais aon íocaíocht leathbhliantúil nó aon chuid d'íocaíocht leathbhliantúil is iníoctha acu leis an Aire sin faoin alt seo an tráth a bheas ceaptha chuige sin faoin alt seo, íocfaidh an Bord ús leis an Aire sin ar an íocaíocht leathbhliantúil sin nó ar an gcuid sin d'íocaíocht leathbhliantúil do réir pé ráta a cheapfas an tAire sin ó am go ham ina leith ón tráth a bheas ceaptha mar adúradh go dtí go n-íocfar an céanna iarbhír.

(4) Íocfar isteach sa Stát-Chiste an t-airgead go léir a íocfas an Bord leis an Aire Airgeadais faoin alt seo in aisíoc airleacan.

(5) Íocfar isteach sa Stát-Chiste nó cuirfear chun tairbhe don Stát-Chiste, mar ordós an tAire Airgeadais, na suimeanna go léir a íocfas an Bord leis an Aire sin faoin alt seo ar scór úis.

Cumhacht an Bhoird chun airgead a thógaint ar iasacht go sealadach.

22. —Féadfaidh an Bord, le toiliú an Aire, arna thabhairt tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, pé suimeanna a bheas ag teastáil uathu chun socrú a dhéanamh le haghaidh caiteachais reatha a thógáil ar iasacht go sealadach trí chomhshocraíocht le bancaerí.

CUID IV.

An Comhlachas Iascaigh Mhara.

Bunú.

23. —(1) Beidh comhlucht ann ar a dtabharfar An Comhlachas Iascaigh Mhara (dá ngairmtear an Comhlachas san Acht seo).

(2) Aon duine a bhíos ag gabháil d'iascach mara nó ag seoladh gnótha sa trádáil imdhala éisc, beidh sé i dteideal bheith ina chomhalta den Chomhlachas.

(3) Na daoine a bhí, díreach roimh thosach feidhme na Coda seo, ina gcomhaltaí den chomhlucht díscaoilte (mar mínítear sin le halt 25) agus a bhí tuairiscithe ina scair-chlár mar iascairí, beid ina gcomhaltaí den Chomhlachas ar é a bhunú.

(4) Bainfidh forála an Dara Sceidil leis an gComhlacas.

Feidhmeanna.

24. —Is iad feidhmeanna an Chomhlachais leasa a chomhaltaí agus an tionscail iascaigh mhara i gcoitinne a chur ar aghaidh agus pé uiríolla is cuí leis a dhéanamh leis an mBord ina leith sin.

CUID V.

Comhlachas Iascaigh Mhara na hÉireann, Teoranta, a Dhiscaoileadh.

Comhlachas Iascaigh Mhara na hÉireann, Teoranta, a dhíscaoileadh.

25. —Déantar leis seo Comhlachas Iascaigh Mhara na hÉireann, Teoranta (The Irish Sea Fisheries Association, Limited) (dá ngairmtear an comhlucht díscaoilte anseo feasta) a dhíscaoileadh.

Maoin an chomhluchta dhíscaoilte d'aistriú chun an Bhoird.

26. —(1) Faoi réir forál an ailt seo, an mhaoin uile, réadach nó pearsanta (lena n-áirítear ábhair i gcaingean), a bhí, díreach roimh thosach feidhme na Coda seo, dílsithe sa chomhlucht díscaoilte nó dá chuid féin aige nó ar teachtadh ar iontaobhas dó, agus gach ceart, cumhacht agus pribhléid a bhaineas nó a ghabhas le haon mhaoin den tsórt sin, tiocfaid chun bheith agus beid, ar an tosach feidhme sin, agus gan tíolacadh ná sannadh ar bith eile ach faoi réir a n-aistrithe, más gá sin, i leabhair aon bhainc nó corparáide nó cuideachtan nó údaráis, dílsithe sa Bhord nó dá gcuid féin acu nó ar teachtadh ar iontabhas dóibh (do réir mar is gá sa chás) chun an eastáit, an iontaobhais nó an leasa uile chun a raibh an céanna, díreach roimh an tosach feidhme sin, dílsithe sa chomhlucht díscaoilte nó dá chuid féin aige nó ar teachtadh ar iontaobhas dó.

(2) An mhaoin uile a haistrítear leis an alt seo agus a bhí, díreach roimh thosach feidhme na Coda seo, ar seasamh i leabhair aon bhainc nó cláraithe i leabhair aon bhainc, corparáide, cuideachtan nó údaráis, déanfaidh an banc, an chorparáid, an chuideachta nó an t-údarás sin, ar an mBord dá iarraidh sin ar an tosach feidhme sin nó dá éis, í d'aistriú sna leabhair sin chun ainme an Bhoird.

(3) Gach ábhar i gcaingean a haistrítear leis an alt seo chun an Bhoird, féadfaidh an Bord, ar thosach feidhme na Coda seo agus dá éis, agra a dhéanamh ina leith, é a ghnóthú nó a chur i bhfeidhm ina n-ainm féin, agus ní gá don Bhord fógra a thabhairt don duine atá faoi cheangal ag an ábhar i gcaingean sin i dtaobh an aistrithe a déantar leis an alt seo.

Dliteanais an chomhluchta dhíscaoilte d'aistriú.

27. —Gach fiach agus gach dliteanas eile (lena n-áirítear dliteanais neamhleachtaithe as torta nó as sáruithe conartha) a bhí, díreach roimh thosach feidhme na Coda seo, dlite ón gcomhlucht díscaoilte agus gan íoc aige, nó tabhaithe agus gan fuascailt aige, tiocfaidh sé chun bheith agus beidh sé, ar an tosach feidhme sin, ina fhiach nó ina dhliteanas ar an mBord agus íocfaidh nó fuasclóidh an Bord é agus féadfar é a ghnóthú ón mBord nó é a chur i bhfeidhm ina gcoinne dá réir sin.

Conartha leanúnacha an chomhluchta dhíscaoilte a choimeád i bhfeidhm.

28. —Gach banna, ráthaíocht, morgáiste nó urrús eile de chineál leanúnach a bhí déanta nó a bhí tugtha ag an gcomhlucht díscaoilte do dhuine ar bith, nó ag duine ar bith don chomhlucht díscaoilte sin, agus a bhí i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme na Coda seo, agus gach conradh nó comhaontú i scríbhinn a rinneadh idir an comhlucht díscaoilte agus duine eile agus nach raibh forghníomhaithe agus comhlánaithe go hiomlán roimh an tosach feidhme sin, leanfaidh sé, d'ainneoin an comhlucht díscaoilte a dhíscaoileadh, de bheith i bhfeidhm ar an tosach feidhme sin agus dá éis, ach forléireofar é agus beidh éifeacht aige amhail is dá gcuirtí ainm an Bhoird ann in ionad ainme an chomhluchta dhíscaoilte, agus beidh an t-urrús, an conradh nó an comhaontú sin inchurtha i bhfeidhm dá réir sin ag an mBord nó ina gcoinne.

Leanúint d'imeachta dlí a bheas ar feitheamh.

29. —Gach caingean, agra nó imeacht a bheas ar feitheamh ar thosach feidhme na Coda seo in aon chúirt nó binse agus a mbeidh an comhlucht díscaoilte ina pháirtí ann, tiocfaidh an Bord chun bheith agus beid, ar an tosach feidhme sin, ina pháirtí iontu, in ionad an chomhluchta dhíscaoilte agus leanfar de na himeachta sin idir an Bord agus na páirtithe eile iontu dá réir sin agus ní thitfidh aon imeachta den tsórt sin ar lár ná ní thiocfaidh deireadh leo ná ní déanfar dochar dóibh de dhroim an comhlucht díscaoilte a dhíscaoileadh.

Díolúine ó dhleacht stampa.

30. —Ní bheidh feidhm ag alt 12 den Finance Act, 1895, maidir le maoin an chomhluchta dhíscaoilte a dhílsiú sa Bhord.

Iocaíocht i leith scaireanna sa chomhlucht díscaoilte.

31. —(1) Ar thosach feidhme na Coda seo nó a luaithe is féidir dá éis sin, íocfaidh an Bord le gach duine a bhí, an lá roimh an tosach feidhme sin, ina shealbhóir cláraithe ar aon scair nó scaireanna sa chomhlucht díscaoilte (dá ngairmtear scair-shealbhóir san alt seo), agus a iarrfas íocaíocht ar an mBord, an tsuim d'íoc sé leis an gcomhlucht díscaoilte ar gach scair a bhí aige.

(2) Má bhíonn an scair-shealbhóir i bhfiacha leis an mBord mar chomharba an chomhluchta dhíscaoilte, déanfaidh an Bord an tsuim d'íoc sé ar scaireanna d'fhritháireamh i gcoinne an fhéich agus ní bheidh inaisíoctha faoi fho-alt (1) ach amháin an iarmhéid, más ann.

(3) An tsuim a híocfar le scair-shealbhóir do réir an ailt seo glacfaidh sé í in ionad agus do shásamh gach cirt agus éilimh i leith na scaireanna a bhí aige sa chomhlucht díscaoilte.

CUID VI.

Ceadunais chun Iasc Ur a Dhiol.

Ceantar lena mbainfidh an Chuid seo den Acht seo.

32. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, a dhearbhú go mbeidh aon límistéir sonraithe sa Stát ina cheantar lena mbainfidh an Chuid seo amhail ar an dáta agus ón dáta adéarfar chuige sin san ordú agus, air sin, beidh an límistéir sin ina cheantar lena mbainfidh an Chuid seo amhail ar an lá sin agus ón lá sin agus faid a leanfas an t-ordú i bhfeidhm.

(2) Féadfaidh an tAire tráth ar bith, le hordú, aon ordú a rinneadh faoin alt seo a chúlghairm nó a leasú.

(3) Gach ordú a déanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an t-ordú a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an orduithe, beidh an t-ordú arna neamhniú dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

Ceadúnais díolacháin éisc.

33. —(1) Féadfaidh an tAire ceadúnas (dá ngairmtear ceadúnas díolacháin éisc sa Chuid seo) chun iasc úr a dhíol ar ceant, nó chun gníomhú mar ghníomhaire chun iasc úr a dhíol ar mórreic, nó chun an dá rud sin a dhéanamh, a dheonadh d'aon duine—

(a) a dhéanfas iarratas sa bhfoirm agus sa tslí ordaithe, agus

(b) a chruthós chun sástachta an Aire gur duine oiriúnach cuí é chun ceadúnas díolacháin éisc a bheith aige, agus

(c) nach féimheach neamh-urscaoilte.

(2) Gach ceadúnas díolacháin éisc a deonfar—

(a) beidh sé sa bhfoirm ordaithe, agus

(b) beidh sainráite ann go gceadúnaíonn sé, agus oibreoidh chun go gceadúnóidh, don duine dár deonadh é iasc úr a dhíol ar ceant agus gníomhú mar ghníomhaire chun iasc úr a dhíol ar mór-reic, agus

(c) beidh sé faoi réir pé coinníoll is oiriúnach leis an Aire agus a bheas sainráite ann.

Ré cheadúnas.

34. —Mura gcúlghairmtear roimhe sin é faoin gCuid seo, leanfaidh gach ceadúnas díolacháin éisc i bhfeidhm go ceann bliana ón dáta a bheas air agus éagfaidh sé ansin.

Táillí ar cheadúnais.

35. —(1) Déanfar pé táille a shocrós an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, d'íoc ar gach ceadúnas díolacháin éisc a dheonadh, agus beidh íoc na táille ina choinníoll nach foláir a chomhlíonadh sara ndeonfar ceadúnas.

(2) Ní bhainfidh an t-alt seo le haon duine a shealbhós ceadúnas de bhuaidh forál an Achta um Cheantálaithe agus Gníomhairí Tithe, 1947 .

Ceadúnais a chúlghairm.

36. —(1) Má déantar duine ar bith is sealbhóir ar cheadúnas díolacháin éisc a chiontú i gcion faoi na hAchta Iascaigh, 1842 go 1949, nó faoin Acht seo, nó a chiontú i gcion lena ngabhfaidh calaois, mímhacántacht nó sárú iontaobhais, féadfaidh an tAire an ceadúnas a chúlghairm laistigh de thrí mhí ó dháta an chiontuithe sin.

(2) Má bheartaíonn an tAire cúlghairm cheadúnais diolacháin éisc a bhreithniú, cuirfidh sé fógra leis an bpost cláraithe go dtí sealbhóir an cheadúnais sin á fhógairt dó go bhfuil sin ar intinn aige agus go bhféadfaidh an sealbhóir sin uiríolla a dhéanamh laistigh de pé tréimhse a sonrófar sa bhfógra agus breithneoidh an tAire aon uiríolla a déanfar amhlaidh.

Toirmeasc le hiasc úr a dhíol gan ceadúnas.

37. —(1) Faoi réir forál an ailt seo, ní dleathach do dhuine ar bith in aon cheantar lena mbainfidh an Chuid seo aon iasc úr a dhíol ar ceant ná gníomhú mar ghníomhaire chun aon iasc úr a dhíol ar mór-reic mura bhfuil ceadúnas díolacháin éisc aige atá i bhfeidhm de thuras na huaire.

(2) Aon duine a ghníomhós contrártha don alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus, ar a chiontú ann go hachomair, dlífear, más, é an chéad chion aige é, fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur air agus, más é an dara cion nó aon chion ina dhiaidh sin aige é, fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air.

(3) Ní bhainfidh an t-alt seo le haon duine a dhíolfas iasc úr ar ceant nó a ghníomhós mar ghníomhaire chun iasc úr a dhíol ar mór-reic, ar cladach nó ar céibh, tar éis an t-iasc sin a chalú i gcéadóir ná le duine ar bith is gníomhaire nó ionadaí cuí-údaraithe de thuras na huaire don Bhord.

Clar na gceadúnas.

38. —(1) Bhéarfaidh an tAire go gcoimeádfar clár, dá ngairmfear agus ar a dtabharfar clár na gceadúnas díolacháin éisc, ina n-iontrálfar sonraí na gceadúnas díolacháin éisc go léir a deonfar faoin gCuid seo.

(2) Féadfaidh duine ar bith clár na gceadúnas díolacháin éisc d'iniúchadh ar é d'íoc pé táille a hordófar agus nach mó ná scilling.

Fianaise nach raibh ceadúnas ag duine.

39. —Aon deimhniú a airbheartós a bheith faoi láimh oifigigh don Aire a bheas údaraithe chuige sin ag an Aire agus a dheimhneos nach raibh duine a bheas ainmnithe sa deimhniú ina shealbhóir ar cheadúnas díolacháin éisc ar dháta sonraithe nó i gcaitheamh tréimhse sonraithe, beidh sé, go dtí go gcruthófar a mhalairt, ina fhianaise ar na fíorais a deimhneofar amhlaidh agus ní gá síniú an oifigigh sin a chruthú ná a chruthú gurbh é an t-oifigeach sin é ná go raibh sé údaraithe amhlaidh.

Táillí a dhiúscairt.

40. —(1) Déanfar na táillí go léir is iníoctha faoin gCuid seo a bhailiú agus a ghlacadh i pé slí a ordós an tAire Airgeadais ó am go ham agus íocfar isteach sa Stát-Chiste nó cuirfear chun tairbhe don Stát-Chiste iad do réir ordachán an Aire sin.

(2) Ní bheidh feidhm ag an Public Offices Fees Act, 1879, maidir le haon táillí is iníoctha faoin gCuid seo.

Acht 1931 a chúlghairm.

41. —Cúlghairmtear leis seo an tAcht Iascaigh Mhara, 1931 (Uimh. 4 de 1931) .

AN CHEAD SCEIDEAL.

An Bord Iascaigh Mhara

Alt 14.

Corprú.

1. Beidh an Bord ina gcomhlucht corpraithe le comharbas suthain agus gnáth-shéala agus cumhacht agartha agus chun bheith inagartha faoina n-ainm chorpraithe agus cumhacht chun talamh a shealbhú.

Comhaltas.

2. (1) Beidh an Bord comhdhéanta de sheisear comhaltaí a mbeidh duine acu ina Chathaoirleach. Ní bheidh ar na comhaltaí sin níos mó ná triúr is comhaltaí nó ba comhaltaí den Stát-Sheirbhís.

(2) Is é an tAire a cheapfas an Cathaoirleach agus na comhaltaí eile.

(3) Faoi réir fo-mhíre (4), ceapfar gach comhalta in aghaidh tréimhse dhá bhlian.

(4) Má tharlaíonn folúntas í measc na gcomhaltaí, beidh an duine a ceapfar chun an folúntas a líonadh i seilbh oifige ar feadh na coda eile den tréimhse dár ceapadh a réamhtheachtaí.

(5) Féadfar comhalta a bheas ag scor d'athcheapadh.

(6) Sealbhóidh gach comhalta a oifig ar pé téarmaí a shocrós an tAire nuair a cheapfas sé é agus gheobhaidh sé pé táillí agus liúntais a chinnfeas an tAire ó am go ham le toiliú an Aire Airgeadais.

(7) Féad aidh an tAire comhalta a chur as oifig.

(8) Féadfaidh comhalta éirí as a oifig.

Nós imeachta.

3. (1) Beirt is córam ag cruinniú den Bhord.

(2) Féadfaidh an Bord gníomhú d'ainneoin folúntas ina gcomhaltas.

(3) Nuair a bheas an Cathaoirleach as láthair ó chruinniú den Bhord nó má bhíonn oifig an Chathaoirligh folamh, déanfaidh na comhaltaí a bheas i láthair duine dá líon a roghnú chun gníomhú mar Chathaoirleach ar an gcruinniú.

(4) Gach ceist a éireos ag cruinniú den Bhord cinnfear í le tromlach vótaí na gcomhaltaí a bheas i láthair agus a vótálfas ar an gceist agus, i gcás comhionannas vótaí, beidh an dara vóta nó vóta réitigh ag cathaoirleach an chruinnithe.

Séala an Bhoird.

4. (1) Déanfar séala an Bhoird, nuair a cuirfear ar dhoiciméad é, d'fhianú le síniú aon bheirt chomhaltaí.

(2) Bhéarfaidh gach cúirt bhreithiúnais aird bhreithiúnach ar shéala an Bhoird agus glacfar i bhfianaise gach doiciméad a airbheartós a bheith ina ionstraim arna déanamh ag an mBord agus a bheith séalaithe le séala an Bhoird agus a bheith fianaithe do réir na míre seo, agus measfar, gan a thuilleadh cruthúnais, gurb í an ionstraim sin í, mura gcruthaítear a mhalairt.

Comhlíonadh feidhmeanna.

5. (1) Féadfaith an Bord aon cheann dá bhfeidhmeanna d'fheidhmiú agus a chomhlíonadh trí aon chomhalta nó fochoiste comhaltaí a bheas údaraithe ag an mBord chuige sin.

(2) Aon chonradh nó ionstraim nár ghá a bheith faoi shéala dá mba phearsa a dhéanfadh nó d'fhorghníomhódh é, féadfaidh aon duine a bheas údaraithe go ginearálta nó go speisialta ag an mBord chuige sin é a dhéanamh nó d'fhorghníomhú thar ceann an Bhoird.

Comhaltaí den Bhord do nochtadh leasa i gconradh a beartófar a dhéanamh.

6.  Aon chomhalta den Bhord ag a mbeidh—

(a) leas ar bith in aon chuideachta nó gnólucht a mbeartóidh an Bord aon chonradh a dhéanamh leis, nó

(b) leas ar bith in aon chonradh a bheartós an Bord a dhéanamh,

nochtfaidh sé don Bhord an leas sin a bheith aige agus nochtfaidh cineál an leasa agus ní bheidh sé i láthair le linn aon díospóireachta ag an mBord maidir leis an gconradh sin, agus taifeadfar i miontuairiscí an Bhoird go ndearnadh an nochtadh sin.

Oifigigh agus seirbhísigh an Bhoird.

7.  (1) Ceapfaidh an Bord pé oifigigh agus seirbhísigh agus pé méid díobh is cuí leis an mBord ó am go ham.

(2) Féadfaidh an Bord tráth ar bith aon oifigeach nó seirbhíseach don Bhord a chur as bheith ina oifigeach nó ina sheirbhíseach den tsórt sin.

(3) Íocfaidh an Bord lena n-oifigigh agus a seirbhísigh, as cistí a bheas faoina réir, pé luach saothair agus liúntais a chinnfeas an Bord.

(4) Féadfaidh bainisteoir, a mbeidh a cheapadh agus a théarmaí oifige faoi réir a gceaduithe ag an Aire, a bheith ar oifigigh an Bhoird, má thoilíonn an tAire leis sin.

(5) Féadfaidh an Bord más oiriúnach leo, chun duine a cheapadh le post a líonadh i seirbhís an Bhoird, a iarraidh ar na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla duine a mholadh dhóibh chun a cheaptha chun an phoist sin, agus ar na Coimisinéirí d'fháil an iarratais sin déanfaid, faoi réim agus do réir Achta na nUdarás Áitiúla (Oifigigh agus Fostaithe, 1926 ( Uimh. 39 de 1926 ), duine a roghnú agus a mholadh don Bhord chun a cheaptha chun an phoist sin agus déanfaid, más cuí leo, beirt daoine nó níos mó a roghnú agus a mholadh don Bhord le haghaidh an cheapacháin sin, agus déanfaidh an Bord, ar an moladh sin d'fháil ó na Coimisinéirí, an duine a mholfas na Coimisinéirí amhlaidh nó, má moltar amhlaidh níos mó ná duine amháin, pé duine is cuí leis an mBord de na daoine a molfar amhlaidh, a cheapadh chun an phoist sin.

(6) Íocfaidh an Bord leis na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla, as na cistí a bheas faoina réir, pé caiteachais, maidir leis an roghnú agus an moladh ag na Coimisinéirí faoin mír seo ar dhaoine chun poist i seirbhís an Bhoird a líonadh, a socrófar trí chomhaontú idir an Bord agus na Coimisinéirí le toiliú an Aire Airgeadais nó, cheal comhaontuithe den tsórt sin, a shocrós an tAire Airgeadais.

(7) Gach suim a gheobhas na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla faoi fho-mhír (6), measfar chun críocha míre (b) d'fho-alt (2) d'alt 12 d'Acht na nUdarás Áitiúla (Oifigigh agus Fostaithe), 1926, gur táille í a híocadh leis na Coimisinéirí faoin Acht sin.

(8) Gach duine a bhí, díreach roimh thosach feidhme Coda III, ar fostú ag Comhlachas Iascaigh Mhara na hÉireann, Teoranta, beidh sé, ar an tosach feidhme sin, ina chomhalta d'fhoirinn an Bhoird ar na coinníollacha céanna ar a raibh sé ar fostú amhlaidh.

Tuarascála agus eolas ón mBord.

8. (1) Bhéarfaidh an Bord gach bliain, ar pé dáta agus i pé foirm a ordós an tAire, tuarascáil don Aire ar a n-imeachta faoin Acht seo i gcaitheamh na bliana roimhe sin.

(2) Bhéarfaidh an Bord don Aire, pé trátha agus i pé foirm agus slí a ordós an tAire, pé eolas, maidir le comhlíonadh a bhfeidhmeanna, a iarrfas an tAire.

Cuntais agus iniúchadh.

9. (1) Coimeádfaidh an Bord, i pé foirm a cheadós an tAire tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, gach cuntas is cuí agus is gnáth ar an airgead go léir a gheobhas nó a chaithfeas an Bord, ar a n-áirítear cuntas caipitil, cuntas ioncaim, cuntas sochair agus dochair, agus clár comharduithe, agus go háirithe coimeádfaidh sa bhfoirm adúradh gach cuntas speisialta a ordós an tAire ó am go ham, as a threoir féin nó ar iarratas an Aire Airgeadais.

(2) Déanfar cuntais an Bhoird do gach bliain d'iniúchadh laistigh de nócha lá, nó pé tréimhse is sia ná sin a cheadós an tAire in aon chás áirithe, tar éis deireadh na bliana sin agus beid ina n-ábhar tuarascála ag iniúchóirí cuí-cháilithe a cheapfas an tAire go bliantúil chuige sin, le toiliú an Aire Airgeadais, agus íocfaidh an Bord táillí na n-iniúchóirí sin agus caiteachais ghinearálta an iniúchta sin.

(3) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, am agus áit agus modh stiúrtha an iniúchta ar chuntais an Bhoird faoin mír seo a cheapadh, agus féadfaidh freisin na cuntais a shonrú a mbeidh cóipeanna dhíobh le tabhairt don Aire faoin mír seo agus fós na cuntais a bheas le foilsiú agus le cur ar díol faoin mír seo maraon le ham agus modh an fhoilsithe agus an díola sin.

(4) Díreach tar éis gach iniúchta faoin mír seo ar chuntais an Bhoird, cuirfidh an Bord chun an Aire cóip den chuntas caipitil, den chuntas ioncaim, den chuntas sochair agus dochair agus den chlár comharduithe amhail mar bheid deimhnithe ag na hiniúchóirí, cóip de thuarascáil na n-iniúchóirí, agus cóipeanna de pé méid a ceapfar chuige sin faoin mír seo nó a iarrfas an tAire go speisialta de na cuntais a cuireadh faoi bhráid na n-iniúchóirí, agus foilseoidh an Bord agus cuirfidh ar díol pé méid a cheapfas an tAire chuige sin de na cuntais a cuireadh faoi bhráid na n-iniúchóirí.

AN DARA SCEIDEAL.

An Comhlachas Iascaigh Mhara.

Alt 23.

Coiste.

1.  Déanfar an Comhlachas a bhainistí ag Coiste a bheas comhdhéanta mar leanas—

(a) ceathrar ionadaithe d'iascairí mara,

(b) ionadaí amháin don trádáil mhionreaca éisc,

(c) ionadaí amháin don trádáil mhór-reaca éisc úir, agus

(d) beirt ionadaí don trádáil imdhála éisc, seachas an trádáil mhionreaca éisc agus an trádáil mhór-reaca éisc úir.

Coiste Sealadach.

2.  (1) Go dtí go dtoghfar comhaltaí an Choiste do réir míre 8 déanfar an Comhlachas a bhainistí ag Coiste sealadach a bheas comhdhéanta mar leanas—

(a) na daoine ba stiúrthóirí tofa ar an gcomhlucht díscaoilte díreach roimh é a dhíscaoileadh, agus

(b) ceathrar eile a cheapfas an tAire tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord, ar comhalta den trádáil mhionreaca éisc duine acu, ar comhalta den trádáil mhórreaca éisc úir duine acu, agus ar comhaltaí den trádáil imdhála éisc, seachas an trádáil mhionreaca éisc agus an trádáil mhór-reaca éisc úir, an bheirt eile.

(2) Ainmneoidh an tAire duine de chomhaltaí an Choiste Shealadaigh chun bheith ina Chathaoirleach ar an gComhlachar.

(3) Beidh an Coiste sealadach i seilbh oifige go ceann tréimhse nach sia ná dhá mhí dhéag.

(4) Déanfaidh an Coiste sealadach na socruithe go léir is gá chun comhaltaí an Choiste a thoghadh do réir míre 8.

(5) Féadfaidh an Coiste agus an Coiste sealadach gníomhú d'ainneoin folúntas ina gcomhaltas.

(6) Má tharlaíonn folúntas i gcomhaltas an Choiste shealadaigh féadfaidh an tAire duine a cheapadh chun an folúntas a líonadh.

(7) Sna míreanna ina dhiaidh seo, déanfar, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, tagairtí don Choiste a léamh mar thagairtí don Choiste sealadach.

haoirleach.

3. (1) Ag gach cruinniú ginearálta bliantúil toghfaidh an Comhlachas duine de chomhaltaí an Choiste ina Chathaoirleach ar an gComhlachas.

(2) Raghaidh an Cathaoirleach as oifig nuair a toghfar a chomharba.

(3) Féadfar Cathaoirleach a bheas ag dul as oifig d'atoghadh.

(4) Má bhíonn an Cathaoirleach éagumasach go sealadach ar ghníomhú, féadfaidh an Coiste duine a cheapadh chun gníomhú ina ionad agus measfar, chun críocha an Achta seo, gurb é an duine a ghníomhós amhlaidh Cathaoirleach an Chomhlachais.

Rúnaí.

4. (1) Féadfaidh Coiste an Chomhlachais, más oiriúnach leis, Rúnaí a cheapadh ar pé téarmaí agus coinníollacha a cheadós an Bord.

(2) Déanfar luach saothair agus caiteachais an Rúnaí d'íoc as airgead a bheas ar teachtadh ar iontaobhas ag an mBord don Chomhlachas.

An nós imeachta ag cruinnithe an Choiste.

5. (1) Ag cruinniú den Choiste is é Cathaoirleach an Chomhlachais a bheas ina chathaoirleach ar an gcruinniú.

(2) Gach ceist a éireos ag cruinniú den Choiste cinnfear í le tromlach vótaí na gcomhaltaí a bheas i láthair agus a vótálfas ar an gceist agus, i gcás comhionannas vótaí, beidh an dara vóta nó vóta réitigh ag cathaoirleach an chruinnithe.

(3) Ceathrar is córam do chruinniú den Choiste.

(4) Faoi réir forál an Achta seo, déanfaidh an Coiste, le buanorduithe nó ar shlí eile, a nós imeachta agus a ghnó a rialáil.

Caiteachais taistil agus cothabhála.

6. Déanfar caiteachais taistil agus cothabhála d'íoc, a mhéid a chinnfeas an Bord ó am go ham, le comhaltaí an Choiste, as airgead a sholáthrós an Bord, i leith freastail ag cruinnithe den Chomhaltas nó den Choiste.

Comhaltas.

7.  (1) Coimeádfaidh an Coiste na cláir seo a leanas de chomhaltaí—

(a) clár d'iascairí mara,

(b) clár de dhaoine a sheolas gnó sa trádáil mhionreaca éisc,

(c) clár de dhaoine a sheolas gnó sa trádáil mhór-reaca éisc úir,

(d) clár de dhaoine a sheolas gnó sa trádáil imdhála éisc, seachas an trádáil mhionreaca éisc agus an trádáil mhór-reaca éisc úir.

(2)  Déanfar iarratais ar chomhaltas sa Chomhlachas chun an Choiste i pé slí a fhorálfas an Coiste.

(3) Má éiríonn aon cheist i dtaobh duine a bheith i dteideal teacht chun bheith, nó leanúint de bheith, ina chomhalta den Chomhlachas nó i dtaobh an chláir inar ceart é a chlárú, cinnfidh an Coiste an cheist.

(4) Féadfaidh an Coiste tráth ar bith comhaltas aon duine d'fhorceannadh nach bhfuil teideal aige feasta, dar leo, chun bheith ina chomhalta den chomhlachas.

(5) Má bhíonn aon duine míshásta le cinneadh an Choiste, féadfaidh sé a iarraidh ar an mBord an cheist a chinneadh agus is cinneadh críochnaitheach cinneadh an Bhoird.

(6) I gcás comhalta is comhlucht corpraithe nó comhlucht neamhchorpraithe daoine is é an t-aon tslí amháin a bhféadfaidh sé a fheidhmeanna mar chomhalta d'fheidhmiú ná trí phearsa a ainmneos sé go cuí ó am go ham mar ionadaí dhó agus measfar, chun críocha an Achta seo, an t-ionadaí a bheith ina chomhalta den Chomhlachas agus a bheith iontráilte sa chlár in ionad an chomhalta darb ionadaí é.

(7) Bhéarfaidh an Coiste don Bhord pé eolas i dtaobh comhaltais an Chomhlachais a iarrfas an Bord ó am go ham.

Toghadh comhaltaí an Choiste.

8. (1) Toghfar comhaltaí Choiste an Chomhlachais do réir na míre seo.

(2) (a) Chun críche toghcháin an cheathrar ionadaithe d'iascairí mara beidh cheithre toghranna ann, eadhon:

(i) Toghroinn A, ina n-áirítear contaethe Bhaile Atha Cliath, Lughbhaidh, na Midhe, Phortláirge, Loch Garmain agus Chill Mantan,

(ii) Toghroinn B, ina n-áirítear contaethe Chorcaighe, Chiarraighe agus Luimnigh,

(iii) Toghroinn C, ina n-áirítear contaethe an Chláir, na Gaillimhe agus Mhuigheo,

(iv) Toghroinn D, ina n-áirítear Contaethe Dhún na nGall, Liatroma agus Shligigh.

(b) Toghfaidh gach toghroinn ionadaí amháin.

(c) Is é a bheas sa toghlucht do gach toghroinn gach duine a bheas iontráilte sa chlár d'iascairí mara agus ar laistigh den toghroinn sin dá sheoladh do réir an chláir.

(d) Aon duine nach bhfuil a sheoladh, do réir an chláir, in aon cheann de na contaethe a luaitear i gclásal (a), beidh sé ina chomhalta den toghlucht do pé toghroinn is rogha leis.

(3) Is é a bheas sa toghlucht do thoghcháin ar leithligh na n-ionadaithe trádála dá dtagartar i gclásail (b), (c) agus (d) de mhír 1, na daoine a bheas iontráilte sa chlár iomchuí faoi mhír 7.

(4) Mura ndéantar ionadaí a thoghadh faoi fho-mhír (2) nó fo-mhír (3), féadfaidh an tAire pearsa ar bith a cheapadh ina ionadaí.

(5) Comórfar toghchán do chomhaltaí an Choiste sa bhliain 1953 agus i ngach tríú bliain as a chéile ina dhiaidh sin.

(6) (a) Déanfar an vótaíocht don toghchán a comórfar in aon bhliain áirithe a chríochnú seacht lá ar a laghad roimh an dáta dá dtionólfar cruinniú ginearálta bliantúil na bliana sin.

(b) Beidh comhaltaí an Choiste a bheas in oifig de thuras na huaire i seilbh oifige nó go ndearbhófar toradh an toghcháin ag an gcruinniú ginearálta bliantúil, agus air sin raghaidh na daoine a toghfar amhlaidh i seilbh oifige.

(7) Ní bheidh aon duine i dteideal bheith ina iarrthóir le haghaidh toghadh ionadaí ach amháin pearsa is comhalta den toghlucht don toghchán sin.

(8) Féadfaidh an tAire rialacha a dhéanamh i dtaobh toghcháin faoin alt seo a stiúrú.

Corrfholúntais sa Choiste.

9. (1) Má tharlaíonn corrfholúntas i measc ionadaithe na n-iascairí mara ar an gCoiste, féadfaidh an Coiste, chun an folúntas a líonadh, pearsa a chomhthoghadh a bheas iontráilte de thuras na huaire sa chlár de chomhaltaí is iascairí mara agus a mbeidh a sheoladh, do réir an chláir, laistigh den toghroinn arbh ionadaí dhi an comhalta a chuaigh as oifig.

(2) Má tharlaíonn corrfholúntas i measc comhaltaí an Choiste, seachas ionadaithe na n-iascairí mara, féadfaidh an Coiste, chun an folúntas a líonadh, pearsa a chomhthoghadh a bheas iontráilte de thuras na huaire sa chlár céanna leis an gcomhalta a chuaigh as oifig.

Cruinnithe ginearálta an Chomhlachais.

10. (1) Tionólfaidh an Coiste cruinniú ginearálta bliantúil den Chomhlachas sa bhliain 1953 agus i ngach blíain ina dhiaidh sin.

(2) Is é Cathaoirleach an Chomhlachais a bheas i gceannas ag gach cruinniú ginearálta.

(3) Dáréag is córam ag cruinniú ginearálta.

(4) Faoi réir forál an Achta seo, rialóidh an Bord, le buanorduithe nó ar shlí eile. nós imeachta agus gnó cruinnithe ginearálta an Chomhlachais.

An Bord do chur saoráidí ar fáil don Chomhlachas.

11. (1) Cuirfidh an Bord ar fáil, gach bliain, cóiríocht chun go ndéanfar ceithre cruinnithe den Choiste a thionól i mBaile Atha Cliath nó i pé áit eile ar a gcomhaontóidh an Bord agus an Coiste agus cruinniú ginearálta amháin den Chomhlachas a thionól.

(2) Féadfaidh an Bord, ar an gCoiste dá iarraidh sin, seirbhísí comhaltaí dá bhfoirinn a chur ar fáil chun gníomhú mar Rúnaí ag na cruinnithe den Choiste agus den Chomhlachas dá gcuirfear cóiríocht ar fáil faoin mír seo agus chun toghcháin a stiúrú agus chun obair chléireachais ghinearálta an Chomhlachais a dhéanamh.

(3) (a) Ar feadh an dá mhí dhéag ó dháta an Chomhlachais a bhunú, ní dhéanfaidh an Bord aon éileamh i leith na seirbhísí a cuirfear ar fáil amhlaidh ná i leith aon eisíocaíochta ina dtaobh.

(b) Ina dhiaidh sin, íocfaidh an Comhlachas leis an mBord i leith na seirbhísí agus na heisíocaíochta sin, pé suimeanna ar a gcomhaontófar ó am go ham idir an Coiste agus an Bord nó, cheal comhaontuithe, a shocrós an tAire, agus féadfaidh an Bord méid na suimeanna sin a chúiteamh leo féin as airgead a bheas ar teachtadh acu don Chomhlachas.

Airgeadas an Chomhlachais.

12. (1) Beidh táille iontrála iníoctha ag gach duine a bheas ina chomhalta den Chomhlachas, ach amháin duine a bheas ina chomhalta de bhuaidh fo-ailt (3) d'alt 23.

(2) Is é an táille iontrála—

(a) d'iascaire mara, scilling;

(b) d'aon duine eile, cúig scillinge.

(3) Íocfaidh gach comhalta síntiús bliantúil de chúig scillinge, a bheas dlite agus iníoctha an lú lá d'Iúil.

(4) D'ainneoin aon ní contrártha dhó sin in alt 23 nó sa Sceideal seo, ní bheidh teideal ag comhalta ná ag ionadaí uaidh beith i láthair ag cruinniú den Choiste ná den Chomhlachas ná é d'áireamh chun críocha córam ná bheith ina chomhalta de thoghlucht faoi mhír 8 faid a bheas aon tsuim a bheas dlite uaidh agus iníoctha aige i leith táille iontrála nó síntiúis gan íoc.

(5) Is é an Coiste a ghlacfas agus a bhaileos táillí iontrála agus síntiúis agus cuirfid an t-airgead go léir a gheobhaid amhlaidh chun an Bhoird lena theachtadh thar ceann an Chomhlachais.

(6) Gníomhóidh an Bord mar iontaobhaithe don Chomhlachas i leith an airgid go léir a gheobhaid thar a cheann agus déanfaid pé íocaíochta as a iarrfas Coiste an Chomhlachais go cuí.

(7) Coimeádfaidh an Bord gach cuntas is gnáth agus is cuí ar an airgead go léir a gheobhaid nó a chaithfid thar ceann an Chomhlachais agus, a luaithe is féidir tar éis deireadh gach bliana, bhéarfaid do Choiste an Chomhlachais ráiteas cuntas don bhliain sin arna iniúchadh ag iniúchóirí cuí-cháilithe a cheapfas an tAire go bliantúil chuige sin, le toiliú an Aire Airgeadais, agus déanfar táillí na n-iniúchóirí sin agus caiteachais ghinearálta an iniúchta sin d'íoc as airgead an Chomhlachais.