11 1952


Uimhir 11 de 1952.


AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH, 1952.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO BHUNÚ CÓRAIS CHOMHOIRDNITHE ÁRACHAIS SHÓISIALAIGH AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE LE hAGHAIDH NA SOCHAR FAOIN gCÓRAS SIN, DO DHÉANAMH ATHGHAIRME, LEASUITHE NÓ LEATHNUITHE AR NA hACHTACHÁIN ATÁ ANN MAIDIR LE hÁRACHAS SLÁINTE NÁISIÚNTA, ÁRACHAS DÍFHOSTAÍOCHTA, PINSIN SEAN-AOISE, PINSIN BHAINTREACH AGUS DÍLLEACHTAÍ, CÚNAMH DÍFHOSTAÍOCHTA AGUS ÁRACHAS BREAC-DHÍFHOSTAÍOCHTA, AGUS CHUN CRÍOCHA A BHAINEAS LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [14ú Meitheamh, 1952.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

CUID I.

Reamhraiteach agus Ginearálta.

Gearrtheideal.

1. —Féadfar an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1952, a ghairm den Acht seo.

Léiriú.

2. —(1) San Acht seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

folaíonn “talmhaíocht” feirmeoireacht déiríochta agus úsáid talún mar thalamh féaraigh, móinéir nó innír nó mar thalamh úllghoirt nó talamh sailí nó talamh coille nó le haghaidh garraí mhargaidh nó garraí altran;

ciallaíonn “oifigeach achomairc” duine a shealbhaíos oifig mar oifigeach achomhairc faoi alt 43;

tá leis an abairt “an lá ceaptha” an bhrí a bheirtear di in alt 72;

ciallaíonn “tairbhí” duine atá i dteideal sochair;

ciallaíonn “sochar” sochar faoin Acht seo;

ciallaíonn “bliain sochair”, maidir le duine ar bith, pé tréimhse chaoga agus dhá sheachtain ranníoca nó chaoga agus trí seachtaine ranníoca a hordófar;

ciallaíonn “seachtain ranníoca” tréimhse sheacht lá ag tosnú meán oíche an Domhnaigh, agus ciallaíonn “bliain ranníoca”, maidir le duine ar bith, pé tréimhse chaoga agus dhá sheachtain ranníoca nó chaoga agus trí seachtaine ranníoca a hordófar;

ciallaíonn “oifigeach breithiúnachta” duine a shealbhaíos oifig mar oifigeach breithiúnachta faoi alt 41;

ní fholaíonn “seirbhís tís” seirbhís a bheirtear ar shlí seachas maidir le teaghlach agus áit chónaithe an fhostóra;

tá leis an abairt “ranníocóir fostaithe” an bhrí a bheirtear di i bhfo-alt (1) d'alt 4;

tá leis an abairt “ranníoc fostóra” an bhrí a bheirtear di in alt 5;

tá leis an abairt “ranníoca fostaíochta” an bhrí a bheirtear di in alt 5;

ciallaíonn “teacht faoi árachas”, maidir le duine ar bith, dáta a theachta chun bheith ina dhuine árachaithe;

tá leis an abairt “an Ciste” an bhrí a bheirtear di i bhfo-alt (1) d'alt 39;

ciallaíonn duine a bheith “éagumasach chun oibre” é a bheith éagumasach chun oibre de dheasca galair shonraigh nó míchumais shonraigh choirp nó mheabhrach nó é a bheith arna mheas, do réir rialachán, a bheith éagumasach amhlaidh;

ciallaíonn “méadú”, maidir le haon tsochar, méadú faoi alt 26 nó alt 27;

ciallaíonn “cigire” duine a shealbhaíos oifig mar chigire faoi alt 49;

tá leis an abairt “cártaí árachais” an bhrí a bheirtear di i bhfo-alt (1) d'alt 8;

tá leis an abairt “stampaí árachais” an bhrí a bheirtear di i bhfo-alt (1) d'alt 8;

ciallaíonn “fostaíocht inárachuithe” fostaíocht de shaghas go mba ranníocóir fostaithe duine, os cionn sé bliana déag d'aois agus faoi bhun aoise inphinsin, a bheadh fostaithe léi;

ciallaíonn “duine árachaithe” duine atá árachaithe faoin Acht seo;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Leasa Shóisialaigh;

ciallaíonn “dílleachta”—

(a) leanbh cáilithe is leanbh dlisteanach, a bhfuil a thuismitheoirí marbh agus, má tá leas-thuismitheoir aige, nach gcónaíonn go rialta leis an leas-thuismitheoir ná le duine atá pósta, agus a chónaíos, leis an leas-thuismitheoir, nó

(b) leanbh cáilithe, is leanbh neamhdhlisteanach, a bhfuil a mháthair marbh agus a bhfuil a athair marbh nó nach fios cé hé a athair agus, má mhaireann fear céile a mháthar, nach gcónaíonn go rialta leis an bhfear céile sin ná le bean atá pósta, agus a chónaíos, leis an bhfear céile sin;

ciallaíonn “aois inphinsin” seachtó bliain d'aois;

ciallaíonn an briathar “ordú” ordú le rialacháin;

ciallaíonn “leanbh cáilithe” duine—

(a) atá faoi bhun sé bliana déag d'aois,

(b) a bhfuil gnáth-chónaí air sa Stát, agus

(c) nach bhfuil ar coinneáil i scoil cheartúcháin ná i scoil saothair;

ciallaíonn “rialacháin” rialacháin arna ndéanamh ag an Aire faoin Acht seo;

ciallaíonn “coinníollacha ranníoca iomchuí”, maidir le sochar d'aon chineál, na coinníollacha ranníoca le haghaidh sochair den chineál sin;

tá leis an abairt “ranníoca saorálacha” an bhrí a bheirtear di in alt 5;

tá leis an abairt “ranníocóir saorálach” an bhrí a bheirtear di in alt 4.

(2) Chun críocha an Achta seo—

(a) measfar duine a bheith os cionn aon aoise a luaitear ann má tá an aois sin slán aige agus measfar é a bheith faoi bhun aon aoise a luaitear ann mura bhfuil an aois sin slán aige;

(b) measfar duine a bheith idir dhá aois a luaitear ann má tá an chéad aois a luaitear slán aige agus mura bhfuil an dara haois a luaitear slán aige;

(c) measfar nach bhfuil sé bliana déag d'aois slán ag duine go dtí tosach an lae atá cothrom sé bliana déag ón lá a rugadh é, agus mar sin d'aon aois eile;

(d) féadfar, chun a chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil ranníoc iníoctha i leith aon duine áirithe, nó cad é an ráta ar a bhfuil ranníoc iníoctha, a fhoráil le rialacháin go measfar gur shlánaigh an duine sin i dtús seachtaine ranníoca, nó nár shlánaigh sé go dtí deireadh seachtaine ranníoca, aon aois a shlánaigh sé i rith na seachtaine sin.

(3) Aon tagairt atá san Acht seo do ranníoca, déanfar, má tá an tagairt gan cáiliú, í d'fhorléiriú, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, mar thagairt a fholaíos tagairt do ranníoca fostaíochta agus tagairt do ranníoca saorálacha.

(4) Féadfar a shonrú le rialacháin, maidir le haon aicme nó cineál fostaíochta inárachuithe, cé hiad na daoine a háireofar chun críocha an Achta seo mar fhostóirí ranníocóirí fostaithe atá ar fostú sa bhfostaíocht sin.

(5) Ní déanfar tagairtí san Acht seo d'fhostóir ranníocóra fhostaithe d'fhorléiriú mar thagairtí a fholaíos tagairtí d'fhostóir an ranníocóra sin in aon fhostaíocht nach fostaíocht inárachuithe.

(6) Déanfar aon cheist a bhainfeas le cónaí rialta linbh cháilithe a chinneadh, chun críocha an Achta seo, do réir fo-ailt (2) d'alt 5 den Acht Liúntas Leanaí (Leasú), 1946 (Uimh. 8 de 1946) , agus na rialacha faoin bhfo-alt sin.

(7) I gcás leanbh cáilithe d'uchtáil faoi aon Acht a dhéanas socrú i dtaobh leanaí d'uchtáil (pé acu roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin a rithfear é), ansin, chun críocha an Achta seo—

(a) áireofar an leanbh feasta amhail is dá mba é leanbh an uchtóra nó na n-uchtóirí é a rugadh dó, di nó dóibh de phósadh dleathach agus nár leanbh dhuine ar bith eile é agus, má ba dhílleachta é díreach sarar huchtaíodh é, amhail is nár dhílleachta feasta é, agus

(b) i gcás gan ach an t-aon uchtóir amháin a bheith ann, má bhíonn, tar éis na huchtála, aon fheidhm á tabhairt maidir leis an leanbh don mhíniú ar “dílleachta” atá i bhfo-alt (1) den alt seo, cuirfear “a bhfuil a thuismitheoir marbh” i mír (a) den mhíniú sin in ionad “a bhfuil a thuismitheoirí marbh”.

(8) Déanfar tagairtí san Acht seo d'aon achtachán d'fhorléiriú mar thagairtí don achtachán sin arna leasú nó arna leathnú le haon achtachán ina dhiaidh sin.

Forála ginearálta maidir le rialacháin.

3. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh—

(a) chun aon chríche a bhforáltar le haon cheann d'fhorála an Achta seo go bhféadfar rialacháin a dhéanamh ina taobh, agus

(b) chun aon ní nó rud d'ordú dá dtagartar san Acht seo mar ní nó rud atá ordaithe nó le hordú.

(2) Ach amháin sa mhéid go bhforálann an tAcht seo a mhalairt, féadfar aon chumhacht d'fheidhmiú dá dtugtar leis an Acht seo chun rialacháin a dhéanamh—

(a) maidir leis na cásanna go léir lena mbaineann an chumacht, nó maidir leis na cásanna sin go léir faoi réir eisceachtaí sonraithe, nó maidir le haon chásanna sonraithe nó aon aicmí sonraithe cásanna, agus

(b) ionas go ndéanfar, maidir leis na cásanna a bhfeidhmeofar ina leith í—

(i) an socrú iomlán a bhfuil cumhacht chuige nó aon tsocrú is lú ná sin (pé acu trí eisceacht nó eile é).

(ii) an socrú céanna maidir leis na cásanna go léir a bhfeidhmeofar an chumhacht ina leith nó socrú éagsúil do chásanna éagsúla nó d'aicmí éagsúla cásanna nó socrú éagsúil maidir leis an gcás céanna nó leis an aicme chéanna cásanna chun críocha éagsúla den Acht seo,

(iii) aon tsocrú den tsórt sin gan choinníoll nó faoi réir aon choinníll shonraithe.

(3) Gan dochar d'aon fhoráil shonrach san Acht seo, is cead go mbeadh in aon rialacháin pé forála fo-ghabhálacha nó forlíontacha a chífear don Aire a bheith oiriúnach chun críocha na rialachán.

(4) Beidh na nithe seo a leanas faoi réir a gceaduithe ag an Aire Airgeadais:—

(a) rialacháin chun críocha ailt 12, ailt 28, fo-ailt (2) d'alt 37, ailt 60, ailt 66 nó fo-ailt (1) d'alt 69 den Acht seo,

(b) rialacháin chun críocha ailt 8 den Acht seo a mhéid a bhaineas na rialacháin leis na taillí dá dtagartar i bhfo-alt (2) den alt sin,

(c) ordú chun críocha ailt 64, ailt 71, ailt 72 nó ailt 83 den Acht seo,

(d) dréacht de rialacháin faoi fho-alt (6) d'alt 4, fo-alt (9) d'alt 6 nó fo-alt (4) d'alt 14.

(5) Déanfar rialacháin (nach rialacháin a gceanglann an tAcht seo dréacht díobh a cheadú trí rún ó gach Teach den Oireachtas) a leagadh faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a ndéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis na rialacháin a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na rialachán, beidh na rialacháin ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoi na rialacháin.

CUID II.

Daoine Árachaithe agus Rannóoca.

Daoine árachaithe.

4. —(1) Faoi réir forál an Achta seo—

(a) is ranníocóir fostaithe chun críocha an Achta seo gach duine os cionn sé bliana déag d'aois agus faoi bhun aoise inphinsin a bheas, ar an lá ceaptha nó dá éis, ar fostú in aon cheann de na fostaíochtaí a sonraítear i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, nach fostaíocht a sonraítear i gCuid II den Sceideal sin, agus

(b) gach duine a thiocfas chun bheith ina ranníocóir fostaithe den chéad uair, beidh sé dá chionn sin árachaithe faoin Acht seo agus leanfaidh dá éis sin ar feadh a shaoil de bheith árachaithe amhlaidh.

(2) Faoi réir forál an Achta seo, má scoireann duine de bheith ina ranníocóir fostaithe ar shlí seachas trí aois inphinsin a shlánú agus go mbeidh ar a laghad céad, caoga agus sé ranníoca fostaíochta íoctha ina leith, beidh teideal aige, ar é dá iarraidh sin sa tslí ordaithe agus laistigh den tréimhse ordaithe, bheith ina dhuine árachaithe ag íoc ranníoc faoin Acht seo go saorálach (dá ngairmtear ranníocóir saorálach san Acht seo).

(3) Scoirfidh ranníocóir saorálach de bheith ina ranníocóir saorálach má thagann sé chun bheith ina ranníocóir fostaithe.

(4) Féadfar a fhoráil le rialacháin go n-áireofar mar ranníocóirí fostaithe daoine a bheas ar fostú in aon cheann de na fostaíochtaí a sonraítear i gCuid II den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo.

(5) Féadfar a fhoráil le rialacháin—

(a) go ndéanfar fostaíochtaí áirithe nó aon aicmí fostaíochta d'eisiamh ó na fostaíochtaí a sonraítear i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, nó

(b) go gcuirfear leis na fostaíochtaí a sonraítear amhlaidh fostaíochtaí áirithe nó aon aicmí fostaíochta,

agus, más dóigh leis an Aire gurb iomchuí aon mhodhnuithe a dhéanamh ar an Acht seo ag féachaint chun na críche dá ndéantar na rialacháin, féadfaidh na rialacháin na modhnuithe sin a dhéanamh.

(6) Má beartaítear rialacháin a dhéanamh chun críocha fo-ailt (4) nó fo-ailt (5) den alt seo, leagfar dréacht díobh faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní déanfar na rialacháin nó go rithfidh gach Teach acu sin rún ag ceadú an dréachta.

Foráil ghinearálta maidir le hairgead le haghaidh sochar, etc.

5. —Chun airgead a sholáthar faoi chomhar an chaiteachais ar shochar agus chun aon íocaíochtaí eile d'íoc a bheas le n-íoc faoin Acht seo as an gCiste, déanfar—

(a) ranníoca (dá ngairmtear ranníoca fostaíochta san Acht seo) i leith ranníocóirí fostaithe, arb é a bheas i ngach ranníoc acu ranníoc ón ranníocóir fostaithe agus ranníoc (dá ngairmtear an ranníoc fostóra san Acht seo) ó fhostóir an ranníocóra fhostaithe,

(b) ranníoca (dá ngairmtear ranníoca saorálacha san Acht seo) i leith ranníocóirí saorálacha, agus

(c) íocaíochtaí as airgead a sholáthrós an tOireachtas.

Ranníoca i gcoitinne.

6. —(1) Is ranníoca seachtainiúla na ranníoca fostaíochta agus beid le n-íoc ag ranníocóirí fostaithe agus ag fostóirí ranníocóirí fostaithe do réir na rátaí a sonraítear sa Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo.

(2) Is ranníoca seachtainiúla na ranníoca saorálacha agus beid le n-íoc ag ranníocóirí saorálacha, atá faoi bhun aoise inphinsin, do réir scilling agus sé pingne in aghaidh seachtaine ranníoca, pé acu fir nó mná na ranníocóirí saorálacha.

(3) Déanfar ranníoca fostaíochta agus ranníoca saorálacha d'íoc isteach sa Chiste.

(4) Beidh ranníoc fostaíochta iníoctha in aghaidh gach seachtaine ranníoca a raibh ranníocóir fostaithe ar fostú ag fostóir ar a feadh nó ar feadh coda dhi, ach—

(a) má bhíonn ranníoc amháin íoctha i leith ranníocóra fhostaithe in aghaidh aon tseachtaine den tsórt sin, ní bheidh aon ranníoc eile iníoctha ina leith in aghaidh na seachtaine sin, agus

(b) mura bhfuarthas aon luach saothair in aghaidh aon tseachtaine den tsórt sin, agus murar thug ranníocóir fostaithe aon tseirbhísí lena linn, nó murar thug ranníocóir fostaithe aon tseirbhísí i rith aon tseachtaine den tsórt sin agus go bhfuair an ranníocóir fostaithe sochar míchumais nó liúntas máithreachais in aghaidh na seachtaine sin go léir nó in aghaidh coda dhi, ní dhlífidh an fostóir aon ranníoc d'íoc thar a cheann féin ná thar ceann an ranníocóra fhostaithe in aghaidh na seachtaine sin.

(5) Beidh an fostóir, maidir le haon ranníoc fostaíochta, faoi dhliteanas, ar an gcéad ásc, an ranníoc fostóra a háirítear ann agus fós, thar ceann agus d'eisiamh an ranníocóra fhostaithe, an ranníoc a háirítear ann agus atá iníoctha ag an ranníocóir sin d'íoc.

(6) Beidh teideal, faoi réim agus do réir rialachán, ag fostóir méid aon ranníoca a ghnóthú ó ranníocóir fostaithe a bheas íoctha nó le n-íoc aige thar ceann an ranníocóra sin agus, d'ainneoin aon ní in aon achtachán, féadfar a údarú, le rialacháin chun críocha an fho-ailt seo, é a ghnóthú trína bhaint as luach saothair an ranníocóra fhostaithe, ach forálfar le haon rialacháin den tsórt sin—

(a) mura bhfaigheann an ranníocóir fostaithe aon luach saothair in airgead ón bhfostóir ná ó aon duine eile, nach mbeidh teideal ag an bhfostóir méid aon ranníoca den tsórt sin a ghnóthú uaidh, agus

(b) má gheibheann an ranníocóir fostaithe aon luach saothair in airgead ón bhfostóir, nach mbeidh teideal ag an bhfostóir aon ranníoc den tsórt sin a ghnóthú uaidh ar shlí seachas trí asbhaintí.

(7) D'ainneoin aon chonartha contrártha dhó sin, ní bheidh teideal ag fostóir an ranníoc fostóra i leith duine ar fostú aige a bhaint as luach saothair an duine sin ná a ghnóthú uaidh ar aon tslí eile.

(8) Measfar aon tsuim a bhainfeas fostóir as luach saothair faoi rialacháin chun críocha an ailt seo a bheith curtha ar a iontaoibh chun an ranníoc ar ina leith a baineadh í d'íoc.

(9) Féadfar le rialacháin athrú a dhéanamh ar rátaí na ranníoc fostaíochta nó na ranníoc saorálacha, ach, má beartaítear rialacháin den tsórt sin a dhéanamh, leagfar dréacht díobh faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní déanfar na rialacháin nó go rithfidh gach Teach acu sin rún ag ceadú an dréachta.

Eisceadh ó dhliteanas i leith ranníoc, agus creidiúnú ranníoc.

7. —Féadfar a fhoráil le rialacháin—

(a) go ndéanfar eisceachtaí ón dliteanas chun ranníoca d'íoc in aghaidh aon tréimhsí sonraithe, agus

(b) go gcreidiúnófar ranníoca do dhaoine árachaithe in aghaidh aon tréimhsí sonraithe, lena n-áirítear go go háirithe—

(i) tréimhsí dá ndéantar eisceacht, de bhuaidh mire (a) den alt seo, ón dliteanas chun ranníoca d'íoc, agus

(ii) an tréimhse ó thosach na bliana ranníoca deiridh roimh bhliain a dteachta chun bheith ina ndaoine árachaithe go dtí a dteacht faoi árachas.

Rialacháin maidir le ranníoca d'íoc.

8. —(1) Faoi réir forál an Achta seo, féadfar foráil a dhéanamh le rialacháin maidir le haon nithe a bhaineas le híoc agus bailiú ranníoc agus go háirithe maidir leis na nithe seo a leanas—

(a) ranníoca d'íoc trí stampaí greamaitheacha (dá ngairmtear stampaí árachais san Acht seo) a ghreamú de chártaí (dá ngairmtear cártaí árachais san Acht seo) nó ar shlí eile, agus rialú a dhéanamh i dtaobh an mhodha, na dtráth, agus na gcoinníollacha chun stampaí árachais a ghreamú nó íocaíochtaí a dhéanamh ar shlí eile;

(b) cártaí árachais d'eisiúint, a choimeád, a thabhairt ar aird, agus a thabhairt suas, agus cártaí árachais a sholáthar in ionad cinn a cailleadh, a díthíodh, nó a haghloiteadh;

(c) ranníoca a híocfar tar éis na ndátaí dlite d'áireamh, chun críche aon chirt chun sochair, mar ranníoca a híocadh ar na dátaí sin nó ar pé dátaí a hordófar, agus is déanaí ná iad sin, nó mar ranníoca nár híocadh;

(d) ranníoca a ghnóthú (gan dochar d'aon leigheas eile) trí inchúisimh a tionscnófar faoin Acht seo nó dá bhuaidh,

(2) Aon rialacháin chun críocha an ailt seo a dhéanfas foráil maidir le ranníoca d'íoc, de roghain na ndaoine a dhlífeas iad d'íoc,—

(a) trí stampaí árachais, nó

(b) ar mhodh éigin eile, a bhéarfas níos mó caitheachais riaracháin ar na ranna Stáit iomchuí ná mar bheadh orthu dá mba trí stampaí árachais a híocfaí na ranníoca, féadfaidh foráil a bheith iontu go mbeidh na táillí ordaithe le n-íoc leis an Aire ag aon duine a ghlacfas aon mhodh eile den tsórt sin agus go mbeid inghnóthuithe ag an Aire.

(3) Ní bheidh feidhm ag an Public Offices Fees Act, 1879, maidir leis na táillí dá dtagartar i bhfo-alt (2) den alt seo agus baileofar agus glacfar gach táille den tsórt sin i pé slí a threorós an tAire Airgeadais ó am go ham agus íocfar isteach sa Stát-Chiste nó cuirfear chun tairbhe don Stát-Chiste í do réir treoracha an Aire sin.

Suimeanna a híocadh de dhearmad mar ranníoca d'aischur.

9. —Forálfar le rialacháin go ndéanfar aon tsuimeanna a híocadh de dhearmad mar ranníoca d'aischur, faoi réir aon choinníollacha, srianta, agus asbhaintí a sonrófar sna rialacháin.

Ullmhú agus eisiúint stampaí árachais, etc.

10. —(1) Faoi réir fo-ailt (2) den alt seo déanfar stampaí árachais d'ullmhú agus d'eisiúint i pé slí a threoros na Coimisinéirí Ioncaim, le toiliú an Aire Airgeadais, agus féadfaidh na Coimisinéirí sin, le rialacháin a dhéanfaid, a fhoráil go mbeidh feidhm, faoi réir an oiriúnuithe is gá, maidir le stampaí árachais, ag gach ceann nó aon cheann de na forála, lena n-áirítear forála pionósacha, atá sna hachtacháin seo a leanas, is é sin le rá, ailt 21, 35 agus 36 den Inland Revenue Regulation Act, 1890, an Stamp Duties Management Act, 1891, alt 9 den Stamp Act, 1891, agus alt 65 den Post Office Act, 1908, agus féadfaid, le toiliú an Aire Poist agus Telegrafa, socrú a dhéanamh chun stampaí Arachais a dhíol trí Oifig an Phoist.

(2) Féadfaidh an Rialtas a fhoráil le hordú gurb é an tAire Poist agus Telegrafa, d'eisiamh na gCoimisinéirí Ioncaim nó i gcomhar leis na Coimisinéirí Ioncaim, a fheidhmeos agus a chomhlíonfas aon chumhachta agus dualgais de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim maidir le stampaí árachais, agus féadfaidh aon fhorála a bheith in aon ordú den tsórt sin a chífear don Rialtas a bheith riachtanach nó oiriúnach chun lán-éifeacht a thabhairt d'fheidhmiú agus do chomhlíonadh na ndualgas lena mbainfidh an t-ordú sin sa tslí a forálfar leis an ordú sin.

Daoine ar fostú ag níos mó ná fostóir amháin, etc.

11. —(1) Maidir le daoine—

(a) atá ar fostú ag níos mó ná fostóir amháin in aon tseachtain ranníoca, nó

(b) a oibríos faoi rialú nó bainistí ginearálta duine éigin seachas a ngar-fhostóir,

agus maidir le haon chásanna eile ar dóigh leis an Aire gur gá socrú speisialta ina dtaobh, féadfar a fhoráil le rialacháin go n-áireofar, chun críocha an Achta seo, gurb é duine a hordófar a bhfostóir.

(2) Féadfaidh na rialacháin a déanfar de bhuaidh míre (b) d'fho-alt (1) den alt seo foráil a dhéanamh i dtaobh cearta an duine a n-ordófar gurb é an fostóir é, cearta an ghar-fhostóra agus cearta na ndaoine ar fostú a choigeartú idir na daoine sin.

Modhnuithe i gcás daoine i bhfostaíochtaí áirithe.

12. —(1) Féadfar le rialacháin forála an Achta seo a mhodhnú maidir lena bhfeidhm i gcás—

(a) daoine ar fostú in aon cheann de na fostaíochtaí a sonraítear i míreanna 2, 3, 4, 5, 6 agus 7 i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, nó

(b) daoine ar fostú i ngnóthas iompair reachtúil,

(c) daoine ar fostú mar mhúinteoirí i scoileanna náisiúnta faoi na Rialacha agus na Rialacháin do Scoileanna Náisiúnta, nó

(d) daoine ar fostú mar mhúinteoirí i meán-scoileanna atá aitheanta ag an Aire Oideachais faoi na Rialacha agus an Clár do Mheán-Scoileanna, nó

(e) daoine ar fostú mar chomhaltaí de Sheirbhís Altranais an Airm.

(2) Is forála gan dochar do ghinearáltacht aon fhorála eile den Acht seo i dtaobh rialachán forála an ailt seo.

Modhnuithe i gcás daoine árachaithe lasmuigh den Stát.

13. —(1) Féadfar le rialacháin forála an Achta seo a mhodhnú maidir lena bhfeidhm i gcás daoine atá nó a bhí lasmuigh den Stát le linn bheith árachaithe faoin Acht seo.

(2) Na modhnuithe a féadfar a dhéanamh le rialacháin chun críocha an ailt seo folóid, go háirithe, na focail “sa Stát” a scrios as mír 1 de Chuid I den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo.

(3) Is forála gan dochar do ghinearáltacht aon fhorála eile den Acht seo i dtaobh rialachán forála an ailt seo.

CUID III.

Sochar.

Réamhráiteach.

Cineálacha agus rátaí sochair agus coinníollacha ranníoca.

14. —(1) Is iad seo a leanas na cineálacha sochair:—

(a) sochar míchumais,

(b) sochar dífhostaíochta,

(c) sochar pósta, arb é a bheas ann deontas pósta,

(d) sochar máithreachais, a mbeidh deontas máithreachais agus liúntas máithreachais ann,

(e) pinsean (ranníocach) baintrí,

(f) liúntas (ranníocach) dílleachta.

(2) Faoi réir ailt 25 den Acht seo agus faid a fhanfas an t-alt sin i bhfeidm, folóidh sochar, i dteannta na sochar dá dtagartar i bhfo-alt (1) den alt seo, sochar cóireála.

(3) Faoi réir forál an Achta seo—

(a) is mar atá leagtha amach sa dara colún de Chuid I den Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo a bheas rátaí seachtainiúla na gcineálacha éagsúla sochair atá leagtha amach sa chéad cholún den Chuid sin I agus is mar atá leagtha amach i gCuid II den Sceideal sin a bheas méid deontais phósta nó deontais mháithreachais,

(b) is mar atá leagtha amach sa Cheathrú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo a bheas na coinníollacha ranníoca do na cineálacha éagsúla sochair (seachas sochar cóireála).

(4) Féadfar a fhoráil le rialacháin go ndéanfar modhnuithe ar aon cheann de na coinníollacha ranníoca atá leagtha amach sa Cheathrú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, ach, má beartaítear rialacháin den tsórt sin a dhéanamh, leagfar dréacht díobh faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní déanfar na rialacháin nó go rithfidh gach Teach acu sin rún ag ceadú an dréachta.

(5) Is as an gCiste a híocfar sochar nó a déanfar soláthar lena aghaidh.

Sochar Míchumais agus Dífhostaíochta.

Ceart chun sochair mhíchumais agus dífhostaíochta.

15. —(1) Faoi réir forál an Achta seo, beidh teideal ag duine chun sochair mhíchumais in aghaidh aon lae éagumais chun oibre is cuid de thréimhse bhearnuithe fostaíochta agus chun sochair dífhostaíochta in aghaidh aon lae dhífhostaíochta is cuid de thréimhse den tsórt sin—

(a) má bhíonn sé faoi bhun na haoise inphinsin an lá dá n-éileofar an sochar, agus

(b) má chomhlíonann sé na coinníollacha ranníoca iomchuí.

(2) Ní beidh teideal ag duine chun sochair mhíchumais ná chun sochair dífhostaíochta in aghaidh an chéad trí lá d'aon tréimhse bhearnuithe fostaíochta.

(3) Chun críocha aon fhorála den Acht seo a bhaineas le sochar míchumais nó dífhostaíochta—

(a) ní déanfar maidir le duine árachaithe lá d'áireamh—

(i) mar lá éagumais chun oibre mura bhfuil sé éagumasach chun oibre an lá sin,

(ii) mar lá dífhóstaíochta mura bhfuil sé a lá sin gan bheith éagumasach chun oibre agus mura bhfuil sé, nó mura meastar do réir rialachán go bhfuil sé, ar fáil le haghaidh fostaíochta,

(b) ciallaíonn “lá bearnuithe fostaíochta” lá is lá éagumais chun oibre nó lá dífhostaíochta.

(c) déanfar aon trí lá bearnuithe fostaíochta, pé acu as a chéile dhóibh nó nach ea, laistigh de thréimhse sé lá as a chéile, d'áireamh mar thréimhse bhearnuithe fostaíochta agus déanfar aon dá thréimhse den tsórt sin, nach bhfuil tréimhse is mó ná trí seachtaine déag eatarthu, d'áireamh mar aon tréimhse bhearnuithe fostaíochta amháin,

(d) ní déanfar an Domhnach ná aon lá eile sa tseachtain a hordófar d'áireamh mar lá éagumais chun oibre ná mar lá dífhostaíochta agus fágfar gan áireamh é le linn aon tréimhse de laethanta as a chéile a ríomh.

(4) Féadfar le rialacháin foráil a dhéanamh (faoi réir fo-ailt (3) den alt seo) maidir leis na laethanta atá nó nach bhfuil le háireamh chun críocha sochair mhíchumais agus sochair dífhostaíochta mar laethanta éagumais chun oibre nó mar laethanta dífhostaíochta.

(5) Is é méid a bheas iníoctha mar shochar in aghaidh aon lae éagumais chun oibre nó aon lae dhífhostaíochta an séú cuid den ráta seachtainiúil iomchuí.

Idiú sochair agus athcháiliú chun sochair.

16. —(1) Más rud é i gcás duine ar bith—

(a) gur lú ná céad, caoga agus sé ranníoc fostaíochta a bheas íoctha ina leith in aghaidh na tréimhse idir é a theacht faoi árachas agus aon lá éagumais chun oibre, agus

(b) go raibh teideal aige, roimh an lá sin, in aghaidh aon tréimhse bearnuithe fostaíochta (pé acu is cuid di an lá sin nó nach ea), chun sochair mhíchumais in aghaidh trí chéad agus dhá lá dhéag,

ní bheidh teideal aige chun sochair mhíchumais in aghaidh an lae sin murar athcháiligh sé chun sochair tar éis an lae dheiridh de na trí chéad agus dhá lá dhéag sin agus roimh an lá sin.

(2) Aon duine a raibh teideal aige, in aghaidh aon tréimhse bearnuithe fostaíochta, chun sochair dífhostaíochta in aghaidh céad, caoga agus sé lá, ní bheidh teideal dá éis sin aige chun an tsochair sin in aghaidh aon lae dhífhostaíochta (pé acu sa tréimhse bhearnuithe fostaíochta chéanna nó i dtréimhse bhearnuithe fostaíochta dá éis sin é) murar athcháiligh sé chun sochair roimh an lá sin nó mura rud é, i gcás duine os cionn seasca agus cúig bliana d'aois, gur híocadh ar a laghad céad, caoga agus sé ranníoc fostaíochta in aghaidh na tréimhse idir é a theacht faoi árachas agus an lá dá n-éilítear an sochar dífhostaíochta.

(3) Má bhíonn a cheart chun ceachtar sochar acu sin ídithe ag duine—

(a) athcháileoidh sé chuige nuair a bheas trí cinn déag de ranníoca fostaíochta íoctha ina leith in aghaidh seachtainí ranníoca a thosnaigh nó a chríochnaigh tar éis an lae dheiridh dá raibh teideal aige chun an tsochair sin,

(b) ar é d'athcháiliú chuige, beidh feidhm arís ag fo-alt (1) nó (2), pé acu é, den alt seo maidir leis, ach sin, i gcás an tréimhse bhearnuithe fostaíochta inar ídigh sé a cheart chun an tsochair sin do mharthain tar éis a athcháilithe, amhail is dá mba thréimhsí bearnuithe fostaíochta ar leithligh an chuid roimh é d'athcháiliú agus an chuid ina dhiaidh sin.

(4) Féadfar a fhoráil le rialacháin go n-áireofar duine chun críocha an ailt seo mar dhuine ag a raibh teideal chun sochair in aghaidh aon lae dá mba rud é go mbeadh an teideal sin aige mura mbeadh aon mhoill nó mainneachtain aige maidir le héileamh a dhéanamh nó a thabhairt ar aghaidh nó maidir le fógra a thabhairt, faoi réir an choinníll nach ndéanfar duine d'áireamh amhlaidh má thaispeánann sé nach raibh ar intinn aige, trí gan ceart chun sochair in aghaidh an lae sin d'fháil nó a bhunú, dul ón riachtanas chun athcháiliú le haghaidh sochair faoin alt seo.

Dícháiliú agus coinníollacha speisialta.

17. —(1) Féadfar a fhoráil le rialacháin go ndícháileofar duine chun sochar míchumais d'fháil in aghaidh pé tréimhse, nach sia ná sé seachtaine, a cinnfear faoi fhorála an Achta seo—

(a) má d'éirigh dhó bheith éagumasach chun oibre trína mhí-iompar féin, nó

(b) má mhainníonn sé, gan cúis mhaith, dul, nó teacht i láthair chun dul, faoi pé scrúdú nó coireáil liachta nó eile is gá do réir na rialachán, nó aon rialacha ordaithe iompair a chomhlíonadh.

(2) Duine a chaill fostaíocht mar gheall ar shaotharstad toisc aighnis cheirde ag an monarcha, an cheardlann, an fheirm, nó an t-áitreabh nó an áit eile mar a raibh sé ar fostú, beidh sé dícháilithe chun sochar dífhostaíochta d'fháil faid a leanfas an saotharstad, ach amháin i gcás ina mbeidh sé, le linn an tsaotharstaid, tar éis dul ar fostú bona fide in áit eile sa tslí bheatha a mbíonn sé ag gabháil di de ghnáth nó tar éis gabháil go rialta le slí bheatha éigin eile.

(3) Má tharlann brainsí ar leithligh oibre is gnáth a sheoladh mar ghnóthaí ar leithligh in áitribh ar leithligh nó in áiteanna ar leithligh a bheith, in aon chás áirithe, á seoladh in ranna ar leithligh san áitreabh céanna nó san áit chéanna, measfar, chun críocha an fho-ailt deiridh roimhe seo, gur monarcha, ceardlann nó feirm ar leithligh nó áitreabh ar leithligh nó áit ar leithligh, do réir mar bheas, gach roinn acu sin.

(4) Beidh duine dícháilithe chun sochar dífhostaíochta d'fháil in aghaidh pé tréimhse, nach sia ná sé seachtaine, a cinnfear faoi fhorála an Achta seo más rud é—

(a) gur chaill sé a fhostaíocht trína mhí-iompar féin, nó gur fhág sé a fhostaíocht go saorálach gan cúis mhaith, nó

(b) gur dhiúltaigh sé tairiscint fostaíochta oiriúnaí, nó

(c) gur mhainnigh nó gur fhailligh sé glacadh le haon deis réasúnach ar fhostaíocht oiriúnach d'fháil,

agus tosnóidh an tréimhse dhícháilíochta an lá a chaill nó d'fhág sé an fhostaíocht nó a rinne sé an diúltú, an mhainneachtain nó an fhaillí (pé acu é).

(5) Féadfar a fhoráil freisin le rialacháin go bhforchuirfear, i gcás aon aicme daoine, coinníollacha breise maidir le fáil sochair mhíchumais nó sochair dífhostaíochta, agus sriantachtaí maidir lena ráta agus lena ré, más rud é, ag féachaint d'imthosca speisialta go bhfeicfear don Aire gur gá sin a dhéanamh chun éagothromais a chosc nó chun éigeartas a chosc.

(6) Chun críche an ailt seo, ní measfar fostaíocht a bheith ina fostaíocht oiriúnach i gcás duine ar bith más rud é—

(a) gur fostaíocht í i bpost atá folamh mar gheall ar shaotharstad toisc aighnis cheirde, nó

(b) gur fostaíocht í sa cheantar deiridh ina raibh sé ar gnáth-fhostú do réir ráta luach saothair is ísle, nó faoi choinníollacha is neamhfhábharaí, ná mar ba ghnás leis d'fháil ina fhostaíocht ghnáthach sa cheantar sin, nó a gheobhadh sé dá leanadh sé de bheith ar fostú amhlaidh, nó

(c) gur fostaíocht í in aon cheantar eile do réir ráta luach saothair is ísle, nó faoi choinníollacha is neamhfhábharaí, ná iad siúd lena nglactar go ginearálta sa cheantar sin trí chomhaontú idir comhlachais fostóirí agus comhlachais fostaithe nó, cheal comhaontuithe den tsórt sin, iad siúd a aithníos fostóirí maithe, go ginearálta, sa cheantar sin.

(7) San alt seo, ciallaíonn “aighneas ceirde” aon aighneas idir fostóirí agus fostaithe, nó idir fostaithe agus fostaithe, maidir le fostú nó neamhfhostú nó téarmaí fostaíochta nó coinníollacha fostaíochta aon daoine, pé acu fostaithe iad i bhfostaíocht an fhostóra lenar tharla an t-aighneas nó nach ea.

Sochar Pósta.

Sochar pósta.

18. —Faoi réir forál an Achta seo, beidh teideal chun sochair phósta ag bean ar phósadh dhi, má chomhlíonann sí na coinníollacha ranníoca iomchuí.

Sochar Máithreachais.

Deontas máithreachais.

19. —(1) Faoi réir forál an Achta seo, beidh teideal ag bean a bhí i luí seoil—

(a) má chomhlíonann sise na coinníollacha ranníoca iomchuí agus nach gcomhlíonann a fear céile iad nó má chomhlíonann a fear céile na coinníollacha ranníoca iomchuí agus nach gcomhlíonann sise iad—chun aon deontais mháithreachais amháin, agus

(b) má chomhlíonann sise na coinníollacha ranníoca iomchuí agus go gcomhlíonann a fear céile freisin iad—chun dhá dheontas mháithreachais.

(2) Chun críocha an ailt seo, folaíonn “fear céile” fear céile éagtha baintrí, má bhí sí torrach tráth a bháis agus más i leith luí seoil a lean as an toirrche sin a héilítear an sochar.

Liúntas máithreachais.

20. —(1) Faoi réir forál an Achta seo, beidh teideal ag bean chun liúntais mháithreachais—

(a) má dheimhníonn lia-chleachtóir cláraithe, nó má deimhnítear ar shlí eile chun sástachta an Aire, go bhfuil tuar lena beith i luí seoil i seachtain a sonrófar sa deimhniú (dá ngairmtear an tseachtain tuartha luí seoil ina dhiaidh seo san alt seo) agus nach mó ná an méid ordaithe seachtainí tar éis na seachtaine ina dtugtar an deimhniú, agus

(b) má chomhlíonann sí na coinníollacha ranníoca iomchuí.

(2) Faoi réir na bhforál ina dhiaidh seo den alt seo, is í an tréimhse ar ina haghaidh a bheas liúntas máithreachais iníoctha an tréimhse dhá sheachtain déag dár tosach an séú seachtain roimh dheireadh na seachtaine tuartha luí seoil, ach—

(a) má éagann an bhean ag a bhfuil teideal chun an liúntais, ní bheidh an liúntas iníoctha in aghaidh aon tseachtaine ina dhiaidh sin,

(b) más roimh an tseachtain tuartha luí seoil, nó ina dhiaidh sin, a thagann an dáta luí seoil, beidh an liúntas iníoctha, faoi réir míre (a) den fho-alt seo, go dtí deireadh na séú seachtaine i ndiaidh na seachtaine ina dtagann an dáta sin agus ní níos sia ná sin.

(3) Féadfar le rialacháin fo-ailt (1) agus (2) den alt seo a mhodhnú maidir le cásanna—

(a) ina ndeimhneoidh lia-chleachtóir cláraithe, nó ina ndeimhneofar ar shlí eile chun sástachta an Aire, go raibh bean i luí seoil, agus

(b) nár tugadh aon deimhniú den tsórt dá dtagartar i mír (a) den fho-alt sin (1) ina dtaobh.

(4) Féadfar a fhoráil le rialacháin go ndícháileofar bean chun liúntas máithreachais d'fháil—

(a) má ghabhann sí, i rith na tréimhse a bhfuil an liúntas iníoctha ina haghaidh, le haon tslí bheatha seachas dualgais tís dá líon tí féin, nó

(b) má mhainníonn sí, gan cúis mhaith, dul, nó teacht i láthair chun dul, faoi aon scrúdú liachta is gá do réir na rialachán.

(5) San alt seo, ciallaíonn “seachtain” seachtain ranníoca.

Forála forlíontacha maidir le sochar máithreachais.

21. —(1) Chun críocha na bhforál den Acht seo a bhaineas le sochar máithreachais—

(a) ciallaíonn “luí seoil” íona tuismidh dá dtagann leanbh beo a bhreith, nó íona tuismidh tar éis fiche agus ocht seachtaine toircheasa dá dtagann leanbh, beo nó marbh, a bhreith, agus forléireofar “i luí seoil” dá réir sin,

(b) aon tagairtí a déantar don dáta luí seoil, measfar, i gcás íona tuismidh a thosnú lá amháin agus leanbh a bhreith dá dtoradh lá eile, gur tagairtí iad do dháta breithe an linbh nó, má bhíonn bean i luí seoil le cúpla nó le huimhir leanaí is mó ná sin, gur tagairtí iad do dháta breithe an linbh is déanaí acu.

(2) Nuair a bheas an Breitheamh á chinneadh cé acu a dhéanfas nó nach ndéanfaidh sé ordú faoi Acht na Leanaí Tabhartha (Orduithe Athairíochta), 1930 (Uimh. 17 de 1930) , á ordú na caiteachais a bhain le breith linbh d'íoc, ní chuirfidh sé san áireamh go bhfuil máthair an linbh i dteideal sochair mháithreachais.

Pinsean (Ranníocach) Baintrí.

Pinsean (ranníocach) baintrí.

22. —(1) Faoi réir forál an Achta seo, beidh teideal ag baintreach chun pinsin (ranníocach) bhaintrí má chomhlíonann a hárachas féin nó árachas a fir chéile na coinníollacha ranníoca iomchuí, ach ní bheidh teideal aici chun an tsochair de bhuaidh a hárachais féin agus fós de bhuaidh árachais a fir chéile.

(2) Ní bheidh pinsean (ranníocach) baintrí iníoctha in aghaidh aon tréimhse tar éis athphósadh baintrí ná tar éis di aois inphinsin a shlánú.

(3) Beidh baintreach dícháilithe chun pinsean (ranníocach) baintrí d'fháil má bhíonn, agus faid a bheas, sí féin agus aon duine eile ag maireachtaint i bhfochair a chéile mar lanúin phósta.

(4) San alt seo, ní thagrann “fear céile”, maidir le bean a phós níos mó ná uair amháin, ach don fhear céile is déanaí aici.

Liúntas (Ranníocach) Dílleachta.

Liúntas (ranníocach) dílleachta.

23. —Faoi réir forál an Achta seo, beidh liúntas (ranníocach) dílleachta iníoctha i leith dílleachta má comhlíontar an coinníoll ranníoca iomchuí.

Liúntas (ranníocach) dílleachta d'íoc.

24. —(1) Faoi réir forál an ailt seo, íocfar liúntas (ranníocach) dílleachta le caomhnóir an dílleachta a bhfuil an liúntas iníoctha ina leith.

(2) Féadfar, más oiriúnach leis an Aire é, in ionad liúntas (ranníocach) dílleachta d'íoc le caomhnóir an dílleachta a bhfuil an liúntas iníoctha ina leith, é d'íoc le duine éigin eile chun tairbhe an dílleachta.

Sochar Cóireála.

Sochar cóireála.

25. —(1) Beidh teideal ag duine, faoi réir é do chomhlíonadh na gcoinníollacha ordaithe, chun pé sochair chóireála a sonrófar le rialacháin.

(2) Féadfar leis na rialacháin a déanfar chun críocha an ailt seo a shonrú go n-íocfar costas iomlán, nó aon chuid de chostas, aon ní acu seo a leanas:—

(a) cóireáil déadliachta,

(b) cóireáil ospidéil agus cóireáil tí eadarshláinte,

(c) fearais liachta agus mháinliachta,

(d) cóireáil agus fearais súil-liachta,

(e) cóireáil saineolach liachta agus cóireáil saineolach mháinliachta,

(f) aon tsochair eile d'aon-ghné le haon tsochar acu sin a luaitear sna míreanna sin roimhe seo.

(3) Ní bheidh na híocaíochtaí dá dtagartar i bhfo-alt (2) den alt seo níos mó san iomlán ná pé suimeanna (faoi réir tórann cúig céad míle punt i ngach bliain airgeadais) ar a gcomhaontóidh an tAire agus an tAire Airgeadais ó am go ham.

(4) Leanfaidh an t-alt seo i bhfeidhm go dtí an lá a ceapfar faoin bhfo-alt ina dhiaidh seo agus raghaidh in éag ansin.

(5) Féadfaidh an tAire, le hordú, lá a cheapadh chun an t-alt seo a dhul in éag air.

Cearta Breise chun Sochair.

Méadú ar shochar i leith cleithiúnaithe aosaithe.

26. —Déanfar an ráta seachtainiúil sochair mhíchumais nó sochair dífhostaíochta a mhéadú mar atá leagtha amach i gcolún (3) de Chuid I den Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo in aghaidh aon tréimhse—

(a) a bheas an tairbhí ina chónaí lena bhean chéile nó á cothabháil go hiomlán nó go formhór, nó

(b) a bheas an tairbhí ag cothabháil a fir chéile go hiomlán nó go formhór agus eisean éagumasach ar é féin a chothú mar gheall ar easláine éigin choirp nó mheabhrach, nó

(c) a bheas an tairbhí, agus é ina fhear singil nó ina bhaintreach, ag cothabháil, go hiomlán nó go formhór, baineannaí os cionn sé bliana déag d'aois atá ag tabhairt aire do leanbh nó leanaí cáilithe a chónaíos go rialta leis,

faoi réir na sriantachta nach mbeidh teideal, in aghaidh na tréimhse céanna, ag tairbhí chun méaduithe ar shochar faoin alt seo i leith níos mó ná duine amháin dá sonraítear i mír (c) den alt seo.

Méadú ar shochar i leith linbh cháilithe amháin nó i leith gach duine de bheirt leanaí cáilithe.

27. —(1) Déanfar an ráta seachtainiúil sochair mhíchumais nó sochair dífhostaíochta a mhéadú mar atá leagtha amach i gcolún (4) de Chuid I den Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo i leith linbh cháilithe nó gach duine de bheirt leanaí cháilithe a chónaíos go rialta leis an tairbhí.

(2) Déanfar ráta seachtainiúil pinsin (ranníocach) bhaintrí a mhéadú mar atá leagtha amach i gcolún (4) de Chuid I den Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo i leith linbh cháilithe nó gach duine de bheirt leanaí cháilithe a chónaíos go rialta leis an tairbhí agus—

(a) a chónaigh go rialta léi féin nó lena fear céile díreach roimh bhás an fhir chéile, nó

(b) is leanbh nó leas-leanbh, nó leanaí nó leas-leanaí, lena fear céile, agus a tháinig chun cónaí go rialta léi tar éis bás an fhir chéile.

(3) San alt seo, ní thagrann “fear céile”, maidir le bean a phós níos mó ná uair amháin, ach don fhear céile is déanaí aici.

Páirt. chomhlíonadh ar choinníollacha ranníoca.

28. —(1) Faoi réir forál an ailt seo, féadfar a fhoráil le rialacháin go mbeidh teideal chun sochair mhíchumais, sochair dífhostaíochta nó sochair phósta ag daoine a mbeadh teideal acu chucu sin mura mbeadh na coinníollacha ranníoca iomchuí a bheith gan comhlíonadh maidir leis an méid ránníoc a híocadh nó a creidiúnaíodh i mbliain ranníoca.

(2) Forálfar le rialacháin a déanfar chun críocha an ailt seo go mbeidh sochar is iníoctha dá mbuaidh iníoctha do réir ráta, nó go mbeidh sé de mhéid, is lú ná an ráta nó an méid a sonraítear sa Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, agus féadfaidh an ráta nó an méid a sonrófar leis na rialacháin athrú i gcomhréir le méid an chomhlíonta a bheas déanta ar na coinníollacha ranníoca, ach má déantar aon mhéadú ar shochar i leith linbh cháilithe déanfar é amhail is da mbeadh na coinníollacha ranníoca iomchuí comhlíonta go hiomlán.

Forála Ilghnéitheacha maidir le Sochar.

Eilithe agus fógraí.

29. —(1) Is coinníoll a ghabhas le ceart aon duine chun aon tsochair go ndéanfaidh sé éileamh ar an sochar sa tslí ordaithe.

(2) Féadfar a fhoráil le rialacháin go ndícháileofar duine—

(a) chun aon tsochar d'fháil má mhainníonn sé a éileamh ar an sochar sin a dhéanamh laistigh den tréimhse ordaithe, agus

(b) chun sochar míchumais d'fháil má mhainníonn sé, ar é d'éirí, nó ar é d'éirí athuair, éagumasach chun oibre, an fógra ordaithe á rá sin a thabhairt laistigh den tréimhse ordaithe,

ach féadfar le haon rialacháin den tsórt sin a fhoráil go bhfadófar, faoi réir aon choinníollacha ordaithe, an tréimhse chun an t-éileamh a dhéanamh nó an fógra a thabhairt.

(3) Chun críocha na Coda seo den Acht seo, measfar i gcás aon éilimh nó aon fhógra a cuireadh leis an bpost gur ar an lá a cuireadh sa phost é a rinneadh nó a tugadh é.

Dícháiliú i gcás mná ar phósadh dhi.

30. —Má phósann bean, beidh sí dícháilithe chun sochar máithreachais (de bhuaidh a hárachais féin), sochar míchumais, sochar dífhostaíochta agus sochar cóireála d'fháil nó go mbeidh fiche agus sé ranníoc fostaíochta íoctha ina leith tar éis pósadh dhi.

Duine a bheith as an Stát nó i bpríosún.

31. —(1) Ach amháin mar a bhforáltar a mhalairt le rialacháin, beidh duine dícháilithe chun aon tsochar (lena n-áirítear aon mhéadú air) d'fháil in aghaidh aon tréimhse a bheas an duine sin—

(a) as an Stát, nó

(b) faoi phian-tseirbhís, faoi phríosúnacht nó faoi choinneáil i gcoimeád dlíthiúil.

(2) Ach amháin mar a bhforáltar a mhalairt le rialacháin, má bhíonn ag gabháil le haon tsochar a bhfuil teideal ag duine chuige méadú faoi alt 26 den Acht seo i leith fir chéile nó mná céile an duine sin, ní bheidh an méadú iníoctha in aghaidh aon tréimhse a bheas an fear céile nó an bhean chéile—

(a) as an Stát, nó

(b) faoi phian-tseirbhís, faoi phríosúnacht nó faoi choinneáil i gcoimeád dlíthiúil.

(3) Féadfar a fhoráil le rialacháin go bhfionrófar íocaíocht le duine ar bith nó i leith duine ar bith in aghaidh aon tréimhse den tsórt a luaitear i bhfo-alt (1) nó (2) den alt seo a bheas eiscithe ó oibriú an fho-ailt sin nó iníoctha seachas in aghaidh na tréimhse sin.

(4) D'ainneoin duine a dhícháiliú, de bhuaidh fo-ailt (1) den alt seo, chun sochar lena ngabhann méadú d'fháil, déanfar, i pé cásanna a hordófar, an méadú d'íoc leis an duine ordaithe.

Sochair forluiteacha, etc.

32. —(1) Féadfar, maidir le cásanna ina mbeidh níos mó ná aon tsochar amháin nó ina mbeidh sochar maille le haon phinsean, liúntas nó cúnamh faoi Acht na bPinsean Sean-Aoise, 1908 go 1952, na hAchta um Chúnamh Dífhostaíochta, 1933 go 1952, na hAchta um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, 1935 go 1952, nó na hAchta Liúntas Leanaí, 1944 agus 1946, iníoctha le duine, a fhoráil le rialacháin—

(a) go gcoigeartófar aon tsochar nó aon phinsean, liúntas nó cúnamh den tsórt adúradh (lena n-áirítear a íoc a dhícheadú go hiomlán nó go páirteach) is iníoctha leis an duine sin, nó

(b) go gcúiteofar as an gCiste leis an Stát-Chiste suimeanna (nó pé cuid díobh a hordófar) a híocadh mar chúnamh dífhostaíochta in aghaidh tréimhsí nach bhfuarthas sochar.

Chun críocha an fho-ailt seo—

(i) féadfar méadú sochair d'áireamh mar shochar ar leithligh, agus

(ii) féadfar aon tsochar, pinsean, liúntas nó cúnamh is iníoctha i leith duine d'áireamh mar shochar, pinsean, liúntas nó cúnamh is iníoctha leis an duine sin.

(2) Féadfar a fhoráil le rialacháin go gcúiteofar as an gCiste le húdarás cúnamh phoiblí suimeanna (nó pé cuid díobh a hordófar) a híocadh mar chúnamh teaghlaigh in aghaidh tréimhsí nach bhfuarthas sochar.

(3) Féadfar, maidir le cásanna ina mbeidh duine faoi chóireáil liachta nó cóireáil eile, nó ina iostaí, i pé ospidéal nó teaghlach nó foras eile a hordófar, a fhoráil le rialacháin—

(a) go gcoigeartófar na coinníollacha chun sochar d'fháil,

(b) go bhfionrófar íoc sochair,

(c) go laghdófar rátaí sochair, nó

(d) go n-íocfar sochar ar shlí seachas leis an duine sin.

(4) Féadfar a fhoráil le rialacháin go gcoigeartófar aon tsochar míchumais (lena n-áirítear a íoc a dhícheadú go hiomlán nó go páirteach) is iníoctha le duine a bheas ag fáil aon phinsin nó liúntais, i leith aon mhíchumais a bhain dó i bhfórsaí armtha an Stáit nó aon Stáit eile, is pinsean sa ghrád is airde nó, i gcás liúntais, is liúntas sa ghrád is airde nó liúntas arna dheonadh do dhuine a bheas ag dul faoi chúrsa speisialta cóireála liachta in aon fhoras nó a bheas ag fáil oiliúna i bhforas teicniúil.

(5) Féadfar, maidir le cásanna ina bhfuil nó ina raibh teideal chun cúitimh faoi na hAchta um Chúiteamh do Lucht Oibre ag duine i leith aon díobhála nó galair, a fhoráil le rialacháin—

(a) go gcoigeartófar sochar míchumais (lena n-áirítear a íoc a dhícheadú go hiomlán nó go páirteach) is iníoctha leis an duine sin i leith na díobhála nó an ghalair sin, nó

(b) go ndéanfar airleacain (faoi réir pé forál a hordófar maidir lena ngnóthú uaidh) leis an duine sin go dtí go bhfaighidh sé an cúiteamh sin.

(6) I bhfo-alt (5) den alt seo—

ciallaíonn “na hAchta um Chúiteamh do Lucht Oibre” na hAchta um Chúiteamh do Lucht Oibre, 1934 agus 1948, nó na hachtacháin a hathghairmeadh leis an Acht um Chúiteamh do Lucht Oibre, 1934 (Uimh. 9 de 1934) , nó na hachtacháin a hathghairmeadh leis an Workmen's Compensation Act, 1906,

folaíonn an tagairt do dhuine a raibh teideal aige chun cúitimh tagairt do chás ina ndearnadh comhaontú nó comhréiteach (pé acu i dteannta nó d'éagmais dliteanas d'admháil) i leith éilimh ar chúiteamh.

Ní cead sochar a choimhthiú.

33. —(1) Faoi réir forál an Achta seo, beidh gach sannadh nó muirearú sochair, agus gach comhaontú chun sochar a shannadh nó a mhuirearú, ar neamhní, agus, i gcás an tairbhí d'fhéimheadh, ní raghaidh an sochar chun aon iontaobhaí nó duine eile a bheas ag gníomhú thar ceann creidiúnaithe an tairbhí.

(2) Ní déanfar aon tsuim a fuair duine ar bith i bhfoirm sochair d'áireamh nuair a bheas a acmhainn á ríomh chun críocha ailt 6 den Debtors Act (Ireland), 1872.

Eisiamh i gcás damáistí a mheasúnú, etc.

34. —(1) Nuair a beifear ag measúnú damáistí in aon chaingean faoi na Fatal Accidents Acts, 1846 to 1908, pé acu roimh an lá ceaptha nó dá éis a tionscnadh é, ní cuirfear sa chuntas aon phinsean (ranníocach) baintrí ná aon liúntas (ranníocach) dílleachta is iníoctha faoin Acht seo.

(2) Nuair a beifear ag measúnú damáistí in aon chaingean faoin Employers' Liability Act, 1880, nó faoin dlí coiteann, i leith díobhála nó galair, nó ag ríomh méid an chúitimh faoi fho-chlásal (ii) de chlásal (a) de mhír (1) den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Workmen's Compensation Act, 1906, nó faoi Riail 2 nó 4 den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht um Chúiteamh do Lucht Oibre, 1934 (Uimh. 9 de 1934) , pé acu roimh an lá ceaptha nó dá éis a tionscnadh imeachta chun na damáistí nó an cúiteamh sin a ghnóthú, ní cuirfear aon tsochar sa chuntas.

Forlíontach.

Imeachta i leith sochair a cailleadh de dheasca mainneachtana fostóra.

35. —(1) Má mhainnigh nó má d'fhailligh fostóir—

(a) aon ranníoc fostaíochta d'íoc a dhlíos sé faoin Acht seo d'íoc i leith ranníocóra fhostaithe ina fhostaíocht, nó

(b) maidir le haon ranníocóir fostaithe den tsórt sin, aon cheanglas, san Acht seo nó i rialacháin, a chomhlíonadh a bhaineas le híoc nó bailiú ranníoc fostaíochta,

agus dá dheasca sin gur chaill an ranníocóir fostaithe nó aon duine eile, go hiomlán nó go páirteach, aon tsochar a mbeadh teideal aige chuige, beidh teideal ag an ranníocóir nó an duine eile sin chun suim is comhionann le méid an tsochair a cailleadh amhlaidh a ghnóthú ón bhfostóir mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(2) Má chaill ranníocóir fostaithe nó duine eile sochar i gcás dá dtagartar i bhfo-alt (1) den alt seo agus nár thionscain sé imeachta faoin bhfo-alt sin, féadfaidh an tAire, in ainm agus thar ceann an ranníocóra nó an duine eile sin, suim is comhionann le méid an tsochair a cailleadh a ghnóthú ón bhfostóir mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(3) Féadfar imeachta a thionscnamh faoin alt seo d'ainneoin gur tionscnadh imeachta faoi aon fhoráil eile den Acht seo i leith na faillí nó na mainneachtana céanna.

Forála maidir le cothabháil.

36. —Féadfar foráil a dhéanamh le rialacháin chun na himthosca a chinneadh ina measfar, chun críocha na Coda seo den Acht seo, duine a bheith nó gan bheith ag cothabháil duine eile go hiomlán nó go formhór.

Forála speisialta do ranníocóirí saorálacha.

37. —(1) D'ainneoin aon fhorála eile den Acht seo, ach faoi réir fo-ailt (2) den alt seo, ní bheidh teideal ag ranníocóir saorálach chun sochair mhíchumais, sochair dífhostaíochta, sochair phósta, sochair mháithreachais ná sochair chóireála.

(2) D'ainneoin fo-ailt (1) den alt seo, féadfar aon tsochar dá luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo a dheonadh do ranníocóir saorálach i pé imthosca agus faoi réir pé tórainneacha a hordófar.

Deimhnithe in aisce.

38. —(1) Féadfaidh an tAire socrú a dhéanamh chun deimhnithe liachta nó deimhnithe ar luí seoil tuartha nó luí seoil iarbhír d'eisiúint in aisce chun críocha an Achta seo.

(2) Ní bheidh na caiteachais faoina raghfar ag tabhairt éifeachta don alt seo níos mó ná pé suimeanna ar a gcomhaontóidh an tAire agus an tAire Airgeadais ó am go ham.

CUID IV.

Airgeadas, Riarachán agus Imeachta Dlíthiúla.

Airgeadas.

An Ciste Arachais Shóisialaigh.

39. —(1) Bunófar ciste (ar a dtabharfar an Ciste Arachais Shóisialaigh agus dá ngairmtear an Ciste san Acht seo) a mbeidh cuntas reatha agus cuntas infheistíochta ann.

(2) Is é an tAire a bhainisteos agus a rialós cuntas reatha an Chiste.

(3) Is é an tAire Airgeadais a bhainisteos agus a rialós cuntas ínfheistíochta an Chiste.

(4) Ach amháin mar a bhforáltar a mhalairt go sonrach—

(a) déanfar suimeanna is iníoctha isteach sa Chiste d'íoc isteach i gcuntas reatha an Chiste, agus

(b) déanfar suimeanna is iníoctha amach as an gCiste d'íoc as an gcuntas sin.

(5) Aon airgead a bheas chun creidiúnais do chuntas reatha an Chiste agus nach mbeidh ag teastáil chun caiteachas reatha d'íoc, aistreofar é chun cuntas infheistíochta an Chiste.

(6) Aon uair nach mbeidh dóthain airgid i gcuntas reatha an Chiste faoi chomhair dliteanas an chuntais sin, aistreofar chun an chuntais sin as cuntas infheistíochta an Chiste pé suimeanna is gá chun na dliteanais sin d'fhuascailt.

(7) Faoi réir fo-ailt (6) den alt seo, infheisteoidh an tAire Airgeadais aon airgead a bheas chun creidiúnais do chuntas infheistíochta an Chiste agus íocfar isteach sa chuntas sin aon ioncam a thiocfas as aon infheistiú den tsórt sin.

(8) Féadfar infheistiú de bhun fo-ailt (7) den alt seo a dhéanamh in aon urrúis a bhfuil cumhacht de thuras na huaire do réir dlí ag iontaobhaithe cistí iontaobhais d'infheistiú iontu nó in aon cheann de na stoic, na cistí agus na hurrúis atá údaraithe de thuras na huaire do réir dlí mar infheistíochtaí do chistí Bhanc Taisce an Phoist.

(9) (a) Déanfar an méid a bheas ioncam an Chiste in aghaidh aon bhliana airgeadais níos lú ná a chaiteachas d'íoc isteach sa Chiste as airgead a sholáthrós an tOireachtas.

(b) Déanfaidh an tAire ioncam agus caiteachas an Chiste in aghaidh bliana airgeadais a chinneadh chun críocha an fho-ailt seo ar pé foras ar a gcomhaontóidh sé féin agus an tAire Airgeadais.

(10) Déanfar aon tsuimeanna is iníoctha isteach sa Chiste de bhun míre (a) d'fho-alt (9) den alt seo d'íoc i pé slí agus pé trátha a chinnfeas an tAire Airgeadais.

(11) Ullmhófar cuntais an Chiste i pé foirm, i pé slí agus pé trátha a threorós an tAire Airgeadais agus scrúdóidh agus deimhneoidh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste gach cuntas den tsórt sin agus déanfar cóip de, maraon le tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste air, a leagadh faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

Caiteachais an Aire, etc.

40. —(1) Aon chaiteachais faoina raghaidh an tAire nó aon Aire eile ag cur an Achta seo in éifeacht, íocfar iad, a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthrós an tOireachtas.

(2) Íocfar leis an Aire Airgeadais amach as an gCiste, pé trátha agus i pé slí a threorós an tAire Airgeadais, pé suimeanna a measfaidh an tAire, ar pé foras ar a gcomhaontóidh sé féin agus an tAire Airgeadais, gurb iad an chuid iad de chaiteachais réamhráite an Aire nó aon Aire eile a bhaineas leis an scéim árachais shóisialaigh a bunaítear leis an Acht seo, agus déanfar aon tsuimeanna a híocfar amhlaidh a leithreasú i gcabhair ar airgead a sholáthrós an tOireachtas chun an tAcht seo a chur in cifeacht.

(3) Nuair a bheas caiteachais á meas chun críocha fo-ailt (2) den alt seo, cuirfear san áireamh pé suim is dóigh leis an Aire Airgeadais is ionann agus méid an dliteanais atá ag faibhriú i leith aon aoisliúntas nó liúntas scoir eile nó aon chnapshuimeanna nó aon aiscí atá ag faibhriú i leith fostaíochta aon oifigigh nó aon duine eile chun críocha an Achta seo.

Riarachán.

Oifigigh bhreithiúnachta.

41. —Féadfaidh an tAire pé daoine agus pé méid daoine is cuí leis dá oifigigh a cheapadh ina n-oifigigh bhreithiúnachta chun críocha an Achta seo, agus beidh gach duine a ceapfar amhlaidh i seilbh oifige mar oifigeach breithiúnachta faid is toil leis an Aire é.

Breitheanna oifigeach breithiúnachta.

42. —(1) Faoi réir forál an Achta seo agus do réir aon rialachán iomchuí, is oifigeach breithiúnachta a chinnfeas gach ceist a éireos—

(a) maidir le héileamh ar shochar,

(b) i dtaobh duine a bheith dícháilithe chun sochair,

(c) i dtaobh tréimhse aon dícháilíochta chun sochair,

(d) i dtaobh fostaíocht a bheith ina fostaíocht inárachuithe,

(e) i dtaobh an ráta ranníoca fhostaíochta is iníoctha ag fostóir i leith ranníocóra fhostaithe,

(f) i dtaobh cé hé fostóir ranníocóra fhostaithe,

(g) i dtaobh teideal a bheith ag duine bheith ina ranníocóir saorálach, nó

(h) i dtaobh aon ní eile maidir leis an Acht seo a hordófar.

(2) Aon tagairt san alt seo do cheist a éireos maidir le héileamh ar shochar, folaíonn sí tagairt do cheist i dtaobh sochar a bheith iníoctha nó gan a bheith iníoctha.

Oifigigh achomhairc.

43. —(1) Féadfaidh an tAire pé daoine agus pé méid daoine is cuí leis dá oifigigh a cheapadh ina n-oifigigh achomhairc chun críocha an Achta seo, agus beidh gach duine a ceapfar amhlaidh i seilbh oifige mar oifigeach achomhairc faid is toil leis an Aire é.

(2) Déanfaidh an tAire duine de na hoifigigh achomhairc a shonrú chun bheith ina Phríomh-Oifigeach Achomhairc agus duine eile acu a shonrú chun gníomhú mar ionadaí don Phríomh-Oifigeach Achomhairc nuair nach mbeidh an tOifigeach sin ar fáil.

(3) Beidh sé de fhreagarthacht ar an bPríomh-Oifigeach Achomhairc na ceisteanna a tarchuirfear chun na n-oifigeach achomhairc a roinnt ar na hoifigigh sin agus féachaint chuige go mbreithneofar iad gan mhoill.

Achomhairc agus ceisteanna chun oifigeach achomhairc.

44. —(1) Má bhíonn aon duine míshásta leis an mbreith a thug oifigeach breithiúnachta faoi alt 42 den Acht seo, déanfar, ar fhógra achomhairc a thabhairt don Aire laistigh den tréimhse ordaithe, an cheist a tharchur chun oifigigh achomhairc.

(2) Féadfaidh oifigeach breithiúnachta, más cuí leis é, aon cheist a bheas le cinneadh aige faoi alt 42 a tharchur sa tslí ordaithe chun oifigigh achomhairc in ionad í a chinneadh é féin.

(3) Féadfar a fhoráil le rialacháin cad é an nós imeachta a leanfar maidir le hachomhairc agus le ceisteanna a tarchuirfear faoin alt seo.

(4) Nuair a bheas oifigeach achomhairc ag cinneadh ceiste a tarchuireadh chuige faoi fho-alt (1) den alt seo, ní bheidh air cloí leis na forais ar a raibh breith an oifigigh bhreithiúnachta bunaithe, ach féadfaidh an cheist a chinneadh amhail is dá mbeadh sí dá cinneadh den chéad uair.

(5) Faoi réir fo-alt (3) agus (4) d'alt 46 den Acht seo, is breith chríochnaitheach nach mbeidh dul thairsi breith oifigigh achomhairc ar aon cheist dá sonraítear i mír (a), (b), nó (c) d'fho-alt (1) d'alt 42 den Acht seo agus a tarchuirfear chuige faoin alt seo.

(6) Beidh cumhacht ag oifigeach achomhairc, le linn dó aon ábhar a tarchuireadh chuige faoin alt seo d'éisteacht, fianaise a ghlacadh faoi mhionn agus féadfaidh chun na críche sin daoine a bheas i láthair mar fhinnéithe ag an éisteacht sin a chur faoi mhionn.

(7) Féadfaidh oifigeach achomhairc, trí fhógra chuige sin a thabhairt i scríbhinn do dhuine ar bith, a cheangal ar an duine sin teacht i láthair pé tráth agus i pé áit a sonrófar sa bhfógra chun fianaise a thabhairt i dtaobh aon ábhar a tarchuireadh chun an oifigigh achomhairc sin faoin alt seo, nó aon doiciméid atá ina sheilbh, ina choimeád nó faoina urláimh agus a bhaineas le haon ábhar den tsórt sin a thabhairt ar aird.

(8) Féadfar fógra faoi fho-alt (7) den alt seo a thabhairt trína sheachadadh don duine lena mbaineann nó trína chur leis an bpost i litir chláraithe réamhíoctha a díreofar chun an duine sin ag an seoladh ag a gcónaíonn sé de ghnáth.

(9) Aon duine dár tugadh fógra faoi fho-alt (7) den alt seo agus a dhiúltós nó a fhailleos go toiliúil teacht i láthair do réir an fhógra nó, ar bheith dhó i láthair amhlaidh, a dhiúltós fianaise a thabhairt nó a dhiúltós nó a mhainneos go toiliúil aon doiciméad lena mbaineann an fógra a thabhairt ar aird, beidh sé ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air.

(10) Féadfaidh oifigeach achomhairc, maidir le haon ábhar a tarchuireadh chuige faoin alt seo, aon chostais nó caiteachais (lena n-áirítear caiteachais i leith aimsir tuillimh a cailleadh) is réasúnach leis a dhámhadh do dhuine ar bith, agus beidh an tsuim a dámhfar iníoctha ag an Aire.

(11)   (a) Féadfaidh an tAire aon duine is oiriúnach leis a cheapadh chun suí mar mheasúnóir in éineacht le hoifigeach achomhairc nuair a bheas aon cheist á héisteacht a bhfeicfear don Aire cúnamh measúnóirí a bheith ag teastáil chuici.

(b) Féadfaidh an tAire rollaí daoine d'ullmhú, do réir ceantar nó ar aon tslí eile is iomchuí leis, chun suí mar mheasúnóirí in éineacht le hoifigigh achomhairc agus féadfar comhaltaí a roghnú sa tslí ordaithe as na rollaí sin chun suí mar adúradh nuair a bheas aon cheist á héisteacht de shaghas a mbeidh ordaithe cúnamh measúnóirí a bheith iomchuí chuige.

(c) Aon ábhar a tarchuireadh chun oifigigh achomhairc faoin alt seo agus a bheas le héisteacht ag an oifigeach achomhairc agus é ina shuí in éineacht le haon mheasúnóir den tsórt sin, féadfar, le toiliú na bpáirtithe a láithreos ag an ésteacht, ach ní féadfar gan an toiliú sin, dul ar aghaidh leis in éagmais an mheasúnóra.

(12) Féadfaidh an tAire pé suimeanna, i leith caiteachas (lena n-áirítear caiteachais i leith aimsir tuillimh a cailleadh), a chinnfeas an tAire, le ceadú an Aire Airgeadais, d'íoc le measúnóirí dá dtagartar i bhfo-alt (11) den alt seo.

Ceist nó achomharc chun na hArd-Chúirte.

45. —I gcás aon cheist seachas ceist a sonraítear i mír (a), (b) nó (c) d'fho-alt (1) d'alt 42 den Acht seo a tharchur chun oifigigh achomhairc—

(a) féadfaidh an tAire, ar an bPríomh-Oifigeach Achomhairc dá iarraidh sin, an cheist a tharchur chun na hArd-Chúirte chun breith a thabhairt uirthi, agus

(b) má thugann oifigeach achomhairc breith ar an gceist, féadfaidh aon duine a bheas míshásta leis an mbreith achomharc ina coinne a dhéanamh chun na hArd-Chúirte ar aon cheist dlí.

Breitheanna d'athscrúdú.

46. —(1) Féadfaidh oifigeach breithiúnachta, am ar bith agus ó am go ham, aon bhreith a thug oifigeach breithiúnachta d'athscrúdú má chítear dó an bhreith a bheith earráideach ag féachaint d'fhianaise nua nó d'fhíorais nua a cuireadh in iúl dó ón dáta a tugadh an bhreith nó mar gheall ar dhearmad éigin a bheith déanta maidir leis an dlí nó na fíorais, nó má chítear dó, i gcás ina raibh sochar iníoctha, aon athrú ábhartha a bheith tagtha ar na hiomthosca ó tugadh an bhreith, agus beidh feidhm maidir leis an mbreith athscrúdaithe sin ag na forála den Acht seo a bhaineas le hachomhairc amhail mar atá feidhm acu maidir le breith bhunaidh.

(2) Ní bheidh feidhm ag forála fo-ailt (1) den alt seo maidir le breith a bhaineas le hábhar atá ar achomharc nó ar tarchur faoi alt 44 den Acht seo mura rud é go mbeadh an bhreith athscrúdaithe i bhfábhar éilitheora shochair.

(3) Féadfaidh oifigeach achomhairc, am ar bith agus ó am go ham, aon bhreith a thug oifigeach achomhairc d'athscrúdú má chítear dó an bhreith a bheidh earráideach ag féachaint d'fhianaise nua nó d'fhíorais nua a cuireadh in iúl dó ón dáta a tugadh an bhreith nó má chítear dó, i gcás inar géilleadh d'éileamh ar shochar, aon athrú ábhartha a bheith tagtha ar na hiomthosca ó tugadh an bhreith.

(4) Féadfaidh an Príomh-Oifigeach Achomhairc, am ar bith agus ó am go ham, aon bhreith a thug oifigeach achomhairc d'athscrúdú má chítear dó an bhreith a bheith earráideach mar gheall ar dhearmad éigin a bheith déanta maidir leis an dlí nó na fíorais, agus, ach amháin i gcás inar ceist a sonraítear i mír (a), (b) nó (c) d'fho-alt (1) d'alt 42 den Acht seo an cheist, féadfaidh aon duine a bheas míshásta leis an mbreith athscrúdaithe achomharc ina coinne a dhéanamh chun na hArd-Chúirte ar aon cheist dlí.

(5) Beidh éifeacht mar leanas ag breith athscrúdaithe ó oifigeach breithiúnachta nó oifigeach achomhairc—

(a) i gcás ina ndéanfar, de bhuaidh na breithe athscrúdaithe, sochar a dhícheadú nó a laghdú agus inar tugadh an bhreith athscrúdaithe toisc an bhreith bhunaidh a thabhairt, nó a leanúint de bheith in éifeacht, mar gheall ar aon ráiteas nó uiríoll (scríofa nó ó bhéal) a bhí, go bhfios don duine a rinne é, bréagach nó míthreorach i bponc ábhartha nó mar gheall ar aon fhíoras ábhartha a cheilt go toiliúil, tiocfaidh sí in éifeacht amhail ón dáta a tháinig an bhreith bhunaidh in éifeacht, ach, más sochar i bhfoirm íocaíochta tréimhsiúla é, féadfaidh an bhreith bhunaidh, faoi roghain an oifigigh bhreithiúnachta nó an oifigigh achomhairc (pé acu é), leanúint d'fheidhm a bheith aici maidir le haon tréimhse lena mbaineann an bhreith bhunaidh sin agus nach mbaineann an ráiteas nó an t-uiríoll bréagach nó míthreorach sin nó an cheilt toiliúil sin ar aon fhíoras ábhartha léi,

(b) in aon chás eile, tiocfaidh sí in éifeacht amhail ón dáta is iomchuí leis an oifigeach breithiúnachta nó leis an oifigeach achomhairc (pé acu é), ach ní dhéanfaidh sin difir i gcás aon tsochar a bheith íoctha cheana féin ar dháta an athscrúduithe (gan dochar dá áireamh, do réir rialachán chun críocha míre (b) d'fho-alt (2) d'alt 48 den Acht seo, mar shochar a híocadh ar cuntas sochair eile).

(6) Aon tagairt atá san alt seo d'athscrúdú, folaíonn sí tagairt d'athscrúdú ina ndéantar freaschur.

Riaradh sochair.

47. —(1) Féadfar foráil a dhéanamh le rialacháin maidir le tráth agus modh íoctha sochair, agus maidir leis an eolas agus an fhianaise a bheas le tabhairt ag tairbhithe nuair a bheid á iarraidh go n-íocfar sochar, agus, le toiliú an Aire Poist agus Telegrafa, maidir le sochar d'íoc i gcásanna sonraithe trí Oifig an Phoist.

(2) Féadfar, le rialacháin a déanfar de bhun an ailt seo maidir le tráth íoctha sochair—

(a) a fhoráil go bhféadfaidh duine a mbeidh sochar iníoctha leis duine eile d'ainmniú chun an sochar a ghlacadh thar a cheann,

(b) maidir le pinsean (ranníocach) baintrí, nó liúntas (ranníocach) dílleachta, a fhoráil, d'ainneoin aon ní san Acht seo, go gcoigeartófar dáta tosnuithe agus críochnuithe sochair nó dáta aon athruithe ar an ráta sochair, ionas nach ndéanfar íocaíochtaí in aghaidh tréimhsí is lú ná seachtain ná íocaíochtaí do réir rátaí éagsúla in aghaidh coda éagsúla de sheachtain,

(c) a fhoráil go múchfar an ceart chun aon tsuime is iníoctha i bhfoirm shochair mura dtógtar íoc na suime sin laistigh de shé mhí, nó de pé tréimhse is giorra ná sin a hordófar, ón tráth is inghlactha an tsuim sin do réir na rialachán.

(3) Féadfar a fhoráil freisin le rialacháin—

(a) go bhféadfar duine a cheapadh chun go bhfeidhmeoidh, thar ceann éilitheora nó tairbhí atá faoi bhun sé bliana déag d'aois nó atá, nó a éireos, éagumasach de thuras na huaire ar ghníomhú, aon cheart nó cumhacht a bhfuil teideal ag an éilitheoir nó ag an tairbhí é d'fheidhmiú faoin Acht seo, agus go n-údarófar do dhuine a ceapfar amhlaidh aon tsuim is iníoctha i bhfoirm shochair a ghlacadh agus d'úsáid thar ceann an éilitheora nó an tairbhí,

(b) i ndáil le bás aon duine, go bhféadfar éileamh ar shochar a dhéanamh nó a chur ar aghaidh ina ainm.

(4) Féadfar a fhoráil freisin le rialacháin go bhféadfar probháid nó cruthúnas eile ar theideal ionadaí phearsanta aon duine mhairbh a ligean thar ceal i gcás íoc aon tsuime i leith sochair, agus go bhféadfar, in aon chás den tsórt sin, an tsuim d'íoc leis na daoine nó d'imdháil ar na daoine a dhealraíonn sa tslí a foráltar leis na rialacháin bheith i dteideal an tsuim sin nó aon chuid di d'fháil, mar dhaoine a bhfuil teideal tairbhiúil acu chuici faoi aon ionstraim tiomnach nó mar neas-ghaolta, nó mar chreidiúnaithe an duine mhairbh, nó í d'íoc le aon duine nó daoine áirithe nó d'imdháil ar aon daoine áirithe acu sin gan an chuid eile a bhac, nó, i gcás aon neamhdhlisteanas a bhaint leis an duine marbh nó le haon leanbh leis, í d'íoc le pé duine nó daoine nó d'imdháil ar pé daoine a treorófar leis na rialacháin.

Iocaíochtaí eatramhacha, riaráistí agus aisíocaíochtaí.

48. —(1) Féadfar foráil a dhéanamh le rialacháin maidir le nithe a éireos—

(a) sara dtabharfar breith faoin Acht seo (pé acu ar an gcéad chéim nó ar achomharc nó ar tarchur é, agus pé acu breith bhunaidh nó breith de dhroim athscrúduithe é) ar aon éileamh ar shochar nó aon cheist a bhaineas le ceart aon duine chun sochair, nó chun sochar a ghlacadh, nó le dliteanas aon duine maidir le ranníoca, nó

(b) as éifeacht aon achomhairc nó athscrúduithe aon bhreithe faoin Acht seo maidir le haon éileamh nó ceist den tsórt sin.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fo-ailt (1) den alt seo, féadfar a fhoráil le rialacháin a déanfar de bhun an fho-ailt sin—

(a) go bhfionrófar sochar má chítear don Aire do bhfuil, nó go bhféadfadh sé go mbeadh, ceist ann i dtaobh na coinníollacha chun sochar d'fháil, do réir breithe a tugadh, a bheith comhlíonta nó i dtaobh an bhreith a bheith le hathscrúdú,

(b) go ndéanfar aon tsochar a híocadh le duine ar bith faoi bhreith a tugadh nó de bhuaidh aon fhorál de na rialacháin, agus a gcinnfear ina dhiaidh sin nárbh iníoctha é, d'áireamh mar shochar a híocadh ar cuntas aon tsochar eile a gcinnfear gur shochar é a bhí iníoctha leis, nó, i gcás dá dtagartar i mír (a) d'fho-alt (5) d'alt 46 den Acht seo, go ndéanfar aon tsochar den tsórt sin d'aisíoc agus é a ghnóthú trína bhaint as sochar eile nó ar shlí eile.

Cigirí.

49. —(1) Féadfaidh an tAire, le ceadú an Aire Airgeadais, pé daoine agus pé méid daoine is cuí leis a cheapadh ina gcigirí chun críocha an Achta seo.

(2) Chun an tAcht seo d'fhorghníomhú beidh cumhacht ag cigire gach ní nó aon ní acu seo a leanas a dhéanamh:—

(a) dul isteach gach tráth réasúnach in aon áitreabh nó áit a féadfar d'iniúchadh faoin alt seo;

(b) pé scrúdú agus fiosrú a dhéanamh is gá chun a fháil amach an ndéantar nó an ndearnadh forála an Achta seo a chomhlíonadh in aon áitreabh nó áit den tsórt sin;

(c) scrúdú a dhéanamh, ina aonar nó i láthair aon duine eile, do réir mar is oiriúnach leis, maidir le haon nithe faoin Acht seo a dteastóidh, le réasún, eolas uaidh ina dtaobh, ar gach duine a gheobhas sé in aon áitreabh nó áit den tsórt sin, nó a mbeidh cúis réasúnach aige chun a chreidiúint go bhfuil nó go raibh sé ina dhuine árachaithe agus a cheangal go scrúdófar amhlaidh gach duine den tsórt sin agus go síneoidh gach duine den tsórt sin dearbhú ar fhírinne na nithe a scrúdofar amhlaidh é ina dtaobh;

(d) pé cumhachta eile d'fheidhmiú is gá chun an tAcht seo a chur in éifeacht.

(3) Déanfaidh áititheoir aon áitribh nó áite a féadfar d'iniúchadh faoin alt seo, agus aon duine a bhfuil nó a raibh aon duine ar fostú aige i bhfostaíocht inárachuithe, agus seirbhísigh agus gníomhairí aon áititheora nó duine eile den tsórt sin, agus aon duine árachaithe, aon éilitheoir sochair nó aon duine a bhfuil sochar á éileamh ina leith, an t-eolas sin go léir a thabhairt don chigire, agus na cláir, na cártaí, na leatháin pháighe, na taifid pháighe agus na doiciméid eile sin go léir a thabhairt ar aird chun a n-iniúchta, a theastós le réasún ón gcigire chun a fháil amach an bhfuil nó an raibh ranníoca iníoctha, nó ar híocadh ranníoca go cuí, i leith aon duine nó an bhfuil nó an raibh sochar iníoctha le haon duine nó ina leith.

(4) Duine ar bith—

(a) a mhoilleos nó a bhacfas cigire go toiliúil agus é ag feidhmiú aon chumhachta faoin alt seo, nó

(b) a dhiúltós nó a fhailleos aon cheist d'fhreagairt nó aon eolas a thabhairt nó aon doiciméad a thabhairt ar aird nuair a ceanglófar air sin a dhéanamh faoin alt seo, nó

(c) a dhéanfas aon duine a cheilt nó a chosc, nó a bhéarfas faoi aon duine a cheilt nó a chosc, ar theacht i láthair duine a ceapadh faoin alt seo, nó ar dhul faoi scrúdú aige,

beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fineáil nach mó ná deich bpuint a chur air, ach ní bheidh ceangal faoin alt seo ar duine ar bith aon cheisteanna d'fhreagairt ná aon fhianaise a thabhairt d'inchoireodh é féin.

(5) Bhéarfar deimhniú a cheaptha do gach cigire, agus aon uair a iarrfas sé cead isteach in aon áitreabh nó áit chun críocha an Achta seo bhéarfaidh sé an deimhniú sin ar aird má hiarrtar sin air.

(6) Is iad áitribh agus áiteanna a féadfar d'iniúchadh faoin alt seo aon áitribh nó áiteanna a bhfuil cúiseanna réasúnacha ag cigire chun a chreidiúint go bhfuil nó go raibh aon daoine ar fostú i bhfostaíocht inárachuithe iontu.

(7) I gcás aon áitreabh nó áit a bheith le hiniúchadh ag cigire nó oifigeach a bheas ceaptha nó ar fostú ag Aire éigin eile, nó a bheith faoi urláimh Aire éigin eile, féadfaidh an tAire comhsocraíochtaí a dhéanamh leis an Aire eile sin chun cigire nó oifigeach atá ar fostú ag an Aire eile sin d'fheidhmiú aon cheann de chumhachta nó de dhualgais chigirí a ceapfar faoin alt seo, agus, má déantar comhsocraíocht den tsórt sin, beidh ag na cigirí nó na hoifigigh sin cumhachta uile cigire a bheadh ceaptha faoin alt seo.

Deimhnithe breithe, pósta agus báis.

50. —(1) I gcás inar gá, chun críocha an Achta seo, aois, pósadh nó bás duine ar bith a chruthú trí dheimhniú breithe, pósta nó báis a thabhairt ar aird, beidh teideal ag duine ar bith, ar iarratas i scríbhinn a thíolacadh i pé foirm agus pé sonraí ann a threorós an tAire Sláinte, agus ar an táille ordaithe d'íoc, cóip dheimhnithe d'fháil de thaifead breithe, pósta nó báis (pé acu é) an duine sin i gclár na mbreitheanna, na bpóstaí, nó na mbás (pé acu é) agus í faoi láimh an chláraitheora nó an chláraitheora mhaoirseachta nó an duine eile a bhfuil an clár sin faoina choimeád, agus déanfaidh gach cláraitheoir breitheanna agus bás, agus gach cláraitheoir maoirseachta nó duine eile a bhfuil an clár faoina choimeád foirmeacha i gcóir an iarratais sin a sholáthar in aisce má hiarrtar iad.

(2) Féadfaidh an tAire Sláinte, le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais, táillí a cheapadh, le rialacháin, chun críocha an ailt seo agus féadfar táillí éagsúla a cheapadh do dheimhnithe éagsúla.

Díolúine ó dhleacht stampa.

51. —Ní bheidh aon dleacht stampa inmhuirir ar aon tseic, ordú íoca ná doiciméad eile trína n-íocfar aon tsochar nó a déanfar aon aisíocaíocht nó aischur de bhun an Achta seo, ná ar aon admháil a bhéarfar ar aon íocaíocht den tsórt sin.

Imeachta Dlíthiúla.

Forála ginearálta maidir le cionta.

52. —(1) Duine ar bith—

(a) a cheannós, a dhíolfas nó a thairgfeas le díol, a ghlacfas nó a bhéarfas ar malairt, nó a gheallearbfas nó a ghlacfas ar geallearbadh, aon chárta árachais nó aon stampa árachais usáidte, nó

(b) a ghreamós aon stampa árachais usáidte d'aon chárta árachais, nó

(c) chun aon tsochar nó íocaíocht eile d'fháil faoin Acht seo, dó féin nó d'aon duine eile, nó chun aon chríche a bhaineas leis an Acht seo—

(i) a dhéanfas, go feasach, aon ráiteas bréagach nó uiríoll bréagach nó a cheilfeas, go feasach, aon fhíoras ábhartha, nó

(ii) a bhéarfas ar aird nó a sholáthrós, nó a chuirfeas faoi ndear nó a cheadós go feasach go dtabharfar ar aird nó go soláthrófar, aon doiciméad nó eolas is eol dó a bheith bréagach i bponc ábhartha,

beidh sé ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air nó, de roghain na Cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach sia ná trí mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile.

(2) Má chabhraíonn nó má neartaíonn duine ar bith le fostaí leis, nó má chomhairlíonn dó nó má thugann air, aon chion dá dtagartar i mír (c) d'fho-alt (1) den alt seo a dhéanamh, nó má chomhcheilgeann sé leis an bhfostaí chun an fostaí do dhéanamh aon chiona den tsórt sin, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air nó, de roghain na Cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach sia ná trí mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile.

(3) Má mhainníonn fostóir ar bith aon ranníoc fostaíochta d'íoc a dhlíos sé faoin Acht seo d'íoc nó má dhéanann nó má thriaileann sé iomlán aon ranníoca fhostóra, nó aon chuid d'aon ranníoc fostóra, i leith duine a bhaint as luach saothair an duine sin, beidh an fostóir sin ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur air.

(4) Féadfar foráil a dhéanamh le rialacháin i dtaobh ciontaí ina ndéantar sárú nó neamhchomhlíonadh ar rialacháin agus chun go ngnóthófar, ar dhaoine a chiontú go hachomair sna ciontaí sin, fíneála nach mó ná suimeanna sonraithe nach raghaidh thar deich bpuint agus fós, i gcás ciontaí leanúnacha, fíneála breise den tsórt sin in aghaidh gach lae a leanfar de na ciontaí.

(5) In aon imeachta faoi fho-alt (1) den alt seo maidir le stampaí árachais úsáidte, measfar go ndearnadh stampa árachais d'úsáid má greamaíodh de chárta árachais é nó má cealaíodh nó má haghloiteadh in aon tslí ar aon chor é agus pé acu a húsáideach é iarbhír chun ranníoc d'íoc nó nár húsáideadh.

(6) Ní déanfar aon ní san alt seo ná in aon rialacháin dá bhun d'fhorléiriú mar ní a choisceas an tAire ó shuimeanna atá dlite don Chiste a ghnóthú trí imeachta sibhialta.

Forála ginearálta maidir le hinchúisimh.

53. —(1) Ní déanfar imeachta i leith ciona faoin Acht seo, nó faoi rialacháin, a thionscnamh ach amháin ag an Aire nó le toiliú an Aire nó ag oifigeach a bheas údaraithe chuige sin le treoracha speisialta nó ginearálta ón Aire.

(2) Féadfar inchúiseamh i gcion faoin Acht seo nó faoi rialacháin a thionscnamh ar agra an Aire.

(3) D'ainneoin aon fhorála in aon Acht ag sonrú na tréimhse inar féidir imeachta achomaire a thosnú, féadfar imeachta i leith ciona faoin Acht seo nó faoi rialacháin a thosnú aon tráth laistigh den tréimhse trí mhí ón dáta a fuair an tAire amach fianaise a bheith ann ba leor dar leis chun inchúiseamh a dhéanamh sa chion nó laistigh den tréimhse dhá mhí dhéag tar éis an cion a dhéanamh, pé tréimhse acu sin is déanaí a mbeidh deireadh léi.

(4) Chun críocha fo-ailt (3) den alt seo, is fianaise do-chloíte ar an dáta a fuair an tAire amach an fhianaise sin adúradh a bheith ann deimhniú ón Aire faoina shéala oifigiúil ag lua an dáta sin.

(5) In aon imeachta i leith ciona faoin Acht seo nó faoi rialacháin, beidh bean chéile nó fear céile an duine a cúisíodh sa chion inniúil, d'ainneoin aon Achta eile, ar fhianaise a thabhairt, pé acu ar son nó i gcoinne an duine sin é, ach ní bheidh inorduithe don bhean chéile ná don fhear céile fianaise a thabhairt ná, le linn fianaise a thabhairt, aon eolas a nochtadh a thug an duine sin di nó dó le linn iad a bheith pósta.

Suimeanna a bheas dlite don Chiste a ghnóthú trí imeachta sibhialta.

54. —Féadfar na suimeanna go léir a bheas dlite don Chiste a ghnóthú mar fhiacha atá dlite don Stát agus, gan dochar d'aon leigheas eile, féadfaidh an tAire iad a ghnóthú mar fhiach faoi reacht in aon chúirt dlínse inniúla.

Feidhm an Probation of Offenders Act, 1907.

55. —I gcás—

(a) ina gcúiseofar fostóir ranníocóra fhostaithe i gcion maidir le híoc ranníoc fostaíochta i leith an ranníocóra sin, agus

(b) ina mbeartóidh an Chúirt ordú a dhéanamh faoi fho-alt (1) d'alt 1 den Probation of Offenders Act, 1907,

ní dhéanfaidh an Chúirt an t-ordú sin go dtí gur deimhin léi na riaráistí go léir i leith na ranníoc sin a bheith íoctha ag an bhfostóir sin.

Deimhniú ar bhreith a thug oifigeach breithiúnachta nó oifigeach achomhairc.

56. —Aon doiciméad a airbheartós a bheith ina dheimhniú ar bhreith a thug oifigeach breithiúnachta nó oifigeach achomhairc de bhun an Achta seo nó de bhun rialachán, agus a bheith sínithe aige, beidh sé ina fhianaise prima facie gur tugadh an bhreith sin, agus ar a téarmaí, gan cruthúnas ar shíniú an oifigigh sin ná ar a fheidhmeannas oifigiúil.

An éifeacht a bheas ag breith faoin Acht.

57. —In aon imeachta i leith ciona faoin Acht seo nó faoi rialacháin nó in aon imeachta ina mbeidh aon tsaincheist maidir le híoc ranníoc nó in aon imeachta chun aon tsuimeanna a ghnóthú a bheas dlite don Chiste, beidh breith a tugadh do réir an Achta seo ar aon cheist a bhaineas le hábhar na n-imeacht ina breith chríochnaitheach chun críocha na n-imeacht sin, mura rud é go bhfuil achomharc nó tarchur ar feitheamh i leith na breithe nó nár caitheadh an tréimhse chun achomharc a dhéanamh i gcoinne na breithe, agus—

(a) mura bhfuarthas aon bhreith den tsórt sin d'fhéadfaí a thabhairt amhlaidh agus gur gá an bhreith chun na himeachta a chinneadh, cuirfear an cheist faoi bhreith do réir an Achta seo, agus

(b) má bhíonn aon achomharc nó tarchur den tsórt sin ar feitheamh nó murar caitheadh an tréimhse chun achomharc a dhéanamh amhlaidh nó má cuireadh aon cheist faoi bhreith faoin mír sin roimhe seo, cuirfidh an chúirt a bheas ag breithniú an cháis na himeachta ar atráth go dtí go bhfaighfear breith chríochnaitheach ar an gceist.

Tosaíocht ag ranníoca fostaíochta i gcás cuideachta d'fhorceannadh agus i gcás féimheachta.

58. —(1) Aireofar ar na fiacha a bheas, faoi alt 209 den Companies (Consolidation) Act, 1908, le n-íoc i dtosach ar gach fiach eile, nuair a beifear ag imdháil sócmhainní cuideachtan a bheas á forceannadh, na ranníoca fostaíochta go léir dob iníoctha ag an gcuideachta i gcaitheamh na gceithre mí sarar thosnaigh an forceannadh nó an t-ordú forceannta, agus beidh éifeacht dá réir sin ag an Acht sin, agus ní gá cruthúnas foirmiúil ar na fiacha dá dtugtar tosaíocht faoin bhfo-alt seo ach amháin i gcásanna a bhforáltar a mhalairt le rialacha faoin Acht sin.

(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo i gcás cuideachta d'fhorceannadh go toilteanach d'aon-toisc chun críocha athchóirithe nó cónasctha le cuideachta eile.

(3) Aireofar ar na fiacha a bheas, faoi alt 4 den Preferential Payments in Bankruptcy (Ireland) Act, 1889, le n-íoc i dtosach ar gach fiach eile, nuair a beifear ag imdháil maoine féimhigh nó féichiúnaí chomhshocraíochta, na ranníoca fostaíochta go léir dob iníoctha ag an bhféimheach nó an féichiúnaí comhshocraíochta i gcaitheamh na gceithre mí roimh dháta an orduithe bhreithnithe i gcás féimhigh nó roimh dháta comhaduithe na hachaine comhshocraíochta i gcás féichiúnaí chomhshocraíochta, agus beidh éifeacht dá réir sin ag an Acht sin, agus ní gá cruthúnas foirmiúil ar na fiacha dá dtugtar tosaíocht faoin bhfo-alt seo ach amháin i gcásanna a bhforáltar a mhalairt le horduithe ginearálta faoin Acht sin,

Bean phósta.

59. —Maidir le ranníoca fostaíochta, beidh bean phósta—

(a) inniúil ar agra a dhéanamh agus ar bheith inagartha (lena n-áirítear agra a dhéanamh agus bheith inagartha faoi alt 35 den Acht seo), agus

(b) faoi réir an dlí a bhaineas le féimheacht agus le breithiúnais agus orduithe a chur i bhfeidhm,

ar gach slí amhail is nach mbeadh sí pósta.

CUID V.

Ilghnéitheach.

Deontais do chistí scéimeanna aoisliúntais.

60. —(1) Féadfar a fhoráil le rialacháin go bhféadfaidh an tAire más rud é, i gcás aon ghrúpa de dhaoine fostaithe—

(a) go bhfuil na daoine sin ar fostú ag an duine céanna nó ina gcomhaltaí de cheardchumann do réir brí na nAcht Ceardchumann, 1871 go 1949,

(b) go bhfuil na daoine sin ina ndaoine árachaithe nó go mbeidís ina ndaoine árachaithe mura mbeadh rialacháin a rinneadh chun críocha míre (a) d'fho-alt (5) d'alt 4 den Acht seo, agus

(c) go bhfuil scéim aoisliúntais i bhfoirm a cheadaigh an tAire curtha ar bun ar mhaithe leis an ngrúpa sin,

deontais d'íoc le cistí na scéime aoisliúntais.

(2) Déanfar deontais a híocfar de bhun rialachán chun críocha an ailt seo, agus aon chaiteachais faoina raghaidh an tAire ag cur na rialachán sin in éifeacht, d'íoc as airgead a sholáthrós an tOireachtas agus ní bheidh feidhm ag alt 40 den Acht seo maidir leis na deontais ná na caiteachais sin.

Pinsin (neamhranníocach) bhaintreach agus dílleachtaí.

61. —(1) Déanfar íocaíochtaí a híocfar an lá ceaptha nó dá éis i leith pinsin (neamhranníocach) bhaintrí nó pinsin (neamhranníocach) dílleachta faoi na hAchta um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, 1935 go 1952, d'íoc as airgead a sholáthrós an tOireachtas.

(2) Más rud é, maidir le pinsean (neamhranníocach) baintrí is iníoctha faoi na hAchta um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, 1935 go 1952, agus a bhfuil liúntas i leith leanaí ar áireamh ann, gurb é an lá ceaptha nó aon lá dá éis an lá ónarb iníoctha an pinsean, ní bheidh ráta an phinsin níos mó ná tríocha agus dhá scilling sa tseachtain.

(3) Nuair a bheas feidhm á tabhairt d'alt 55 den Acht um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, 1935 ( Uimh. 29 de 1935 ), maidir le haon tréimhse a thosnós an lá ceaptha nó dá éis, déanfar an tagairt i bhfo-alt (1) den alt sin do Chiste Pinsean na mBaintreach agus na nDílleachtaí d'fhorléiriú mar thagairt d'airgead arna sholáthar ag an Oireachtas.

(4) Nuair a bheas feidhm á tabhairt d'fho-alt (1) d'alt 56 den Acht um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, 1935 , maidir le haon tréimhse a thosnós an lá ceaptha nó dá éis, forléireofar an fo-alt sin amhail is dá bhfágtaí ar lár na focail “agus sa chás san, íocfaidh leis an Aire Tionscail agus Tráchtála, amach as Ciste Pinsean na mBaintreach agus na nDílleachtaí, suim is comhionann leis an méid a laghdófar an riaráiste amhlaidh”.

(5) Nuair a bheas feidhm á tabhairt d'fho-alt (3) d'alt 57 den Acht um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, 1935 , maidir le haon tsuim a haisíocfar nó a gnóthófar faoin alt sin i leith aon tréimhse a thosnós an lá ceaptha nó dá éis, forléireofar an fo-alt sin amhail is dá gcuirtí na focail “sa Stát-Chiste nó cuirfear chun tairbhe don Stát-Chiste i pé slí a threorós an tAire Airgeadais” in ionad na bhfocal “i gCiste Pinsean na mBaintreach agus na nDílleachtaí”.

Forála maidir le cúnamh teaghlaigh do thairbhithe.

62. —Nuair a bheas cúnamh teaghlaigh á dheonadh do dhuine atá ag fáil, nó a bhfuil teideal aige chun, aon tsochair is íocaíocht tréimhsiúil, ní chuirfidh údarás cúnaimh phoiblí san áireamh aon tsochar den tsórt sin is iníoctha, ach amháin sa mhéid gur mó ná deich scillinge sa tseachtain an sochar sin.

Feidhm Achta na Leabhar Pinsean (Toirmeasc ar Aistriú), 1932 .

63. —Gach leabhar, cárta, ordú, deimhniú nó doiciméad eile a heiseofar chun duine ar bith agus a mbeidh aon tsochar faoin Acht seo iníoctha leis an duine sin as é dá sheachadadh nó dá thabhairt ar aird nó dá shealbhú ar dháta nó i ndiaidh dáta a bheas curtha in iúl, go sainráite nó go hintuigthe, ar an doiciméad sin agus is dáta i ndiaidh dáta an doiciméid sin d'eisiúint, measfar, chun críocha Achta na Leabhar Pinsean (Toirmeasc ar Aistriú), 1932 (Uimh. 1 de 1932) , gur doiciméad é lena mbaineann an tAcht deiridh sin agus forléireofar an tAcht deiridh sin agus beidh éifeacht aige dá réir sin,

Comharshocraíochtaí.

64. —Féadfaidh an tAire pé orduithe is gá a dhéanamh chun aon chomhar-shocraíochtaí nó socraíochtaí eile d'oibriú, a rinneadh leis an údarás cuí faoi aon Rialtas eile, maidir le nithe a bhaineas le hárachas faoin Acht seo, agus féadfaidh, le haon ordú den tsórt sin, pé oiriúnuithe agus modhnuithe is dóigh leis is gá a dhéanamh ar an Acht seo.

Bord Ionchorpraithe Arachais Díomhaointis Ghnótha an Arachais.

65. —(1) Déantar feis seo Ordú Scéime Arachais Díomhaointis Ghnótha an Arachais (Bord Bainistí), 1923, agus Ordú Scéime Arachais Díomhaointis Ghnótha an Arachais (Ciste Arachais), 1923, a chúlghairm amhail ar an lá ceaptha agus ón lá sin amach.

(2) Féadfaidh an tAire gach ní a dhéanamh is dóigh leis is gá nó is oiriúnach chun cúrsaí Bhord Ionchorpraithe Arachais Díomhaointis Ghnótha an Arachais d'fhorceannadh.

Córais árachais láithreacha d'fhorceannadh agus d'athghairm agus árachas agus sochar do leanúint ar marthain.

66. —(1) Ar an lá ceaptha agus dá éis, ní bheidh duine ar bith, ná ní measfar ná ní háireofar é a bheith, árachaithe—

(a) faoin National Insurance Act, 1911, ná

(b) faoin Unemployment Insurance Act, 1920, nó aon scéim faoin Acht sin, ná

(c) faoin Acht um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, 1935 (Uimh. 29 de 1935) ,

agus, dá réir sin, déantar leis seo, faoi réir na bhforál ina dhiaidh seo den Acht seo, na hachtacháin atá leagtha amach sa Chúigiú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo d'athghairm amhail ón lá sin a mhéid a luaitear sa tríú colún den Sceideal sin.

(2) Faoi réir a ndúradh, beidh ag na forála sin roimhe seo den Acht seo, i gcás—

(a) daoine (dá ngairmtear ranníocóirí láithreacha ina dhiaidh seo san Acht seo) a bheas, nó a measfar nó a háireofar a bheith, laistigh den tréimhse ordaithe roimh an lá ceaptha, árachaithe amhlaidh, agus

(b) daoine (dá ngairmtear tairbhithe láithreacha ina dhiaidh seo san Acht seo)—

(i) a mbeidh, nó a mbeadh mura mbeadh aon dícháilíocht, aon tsochar nó pinsean nó liúntas iníoctha leo nó ina leith díreach roimh an lá sin faoi réim nó de bhuaidh na n-achtachán a hathghairmtear leis an Acht seo, nó

(ii) a mbeidh acu an uair sin, ar shlí seachas mar ranníocóirí láithreacha nó i leith árachais ranníocóirí láithreacha, aon cheart ionchasach chun go bhfaighdís, nó aon choinne go bhfaighdís, aon tsochar nó pinsean nó liúntas faoi réim nó de bhuaidh na n-achtachán sin,

éifeacht le pé modhnuithe, breisithe agus eisceachtaí a hordófar chun comhleanúnachas an Achta seo agus na n-achtachán sin d'áirithiú nó chun cearta a bheirtear faoi réim nó de bhuaidh na n-achtachán sin a bhuanchoimeád ar shlí eile.

(3) Forálfar, go sonrach, le rialacháin faoi fho-alt (2) den alt seo—

(a) maidir le ranníocóirí láithreacha, go ndéanfar modhnú ar na coinníollacha chun sochar d'fháil faoin Acht seo, pé acu ag ranníocóir láithreach é nó i leith a árachais sin ag duine eile, ionas go gcuirfear i gcuntas, chun pé críocha (lena n-áirítear críocha na sochar go léir faoin Acht seo nó críocha coda acu) agus i é slí agus faoi réir pé coinníoll a hordófar, ranníoca a bheas, nó a measfar nó a háireofar a bheith, íoctha faoi na hachtacháin sin agus tréimhsí árachais faoi na hachtacháin sin,

(b) maidir le tairbhithe láithreacha—

(i) go gcuirfear in ionad aon chirt chun sochair, pinsin nó liúntais is iníoctha faoi réim nó de bhuaidh na n-achtachán sin ceart chun pé sochair faoin Acht seo a hordófar a bheith ar comhréir leis sin, nó

(ii) go ndéanfar aon cheart den tsórt sin a bhuanchoimeád agus éifeacht a thabhairt dó (pé acu faoin Acht seo é nó trí oibriú na n-achtachán sin maidir leis an gceart sin a bhuanú go hiomlán nó go páirteach),

ach in aon chás faoi réir pé modhnuithe, eisceachtaí agus breisithe (más ann) is iomchuí leis an Aire.

Aistriú chun an Chiste i gcásanna áirithe.

67. —(1) Ar an lá ceaptha, tiocfaidh sócmhainní uile aon chiste lena mbaineann an t-alt seo chun bheith ina sócmhainní ag an gCiste agus tiocfaidh dliteanais uile an chiste sin chun bheith ina ndliteanais ar an gCiste.

(2) Chun críocha fo-ailt (1) den alt seo, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas—

(a) na sócmhainní go léir atá ag aon chiste lena mbaineann an t-alt seo agus is infheistíochtaí (lena n-áirítear airgead in aon chuntas infheistíochta) atá ar seilbh thar ceann an chiste sin, tiocfaid, an lá ceaptha, chun bheith aistrithe, de bhuaidh an ailt seo, chun cuntas infheistíochta an Chiste,

(b) na sócmhainní go léir atá ag aon chiste lena mbaineann an t-alt seo (seachas na sócmhainní a haistrítear leis an mír sin roimhe seo) agus is féidir d'aistriú chun cuntais reatha an Chiste, tiocfaid, an lá ceaptha, chun bheith aistrithe amhlaidh,

(c) na sócmhainní eile go léir atá ag aon chiste lena mbaineann an t-alt seo, sealbhóidh an tAire iad thar ceann an Chiste an lá ceaptha agus dá éis,

(d) aon infheistíocht a haistrítear le mír (a) den fho-alt seo agus atá i leabhair aon bhainc, corpráide nó cuideachtan, in ainm aon duine seachas an tAire Airgeadais, déanfar, ar an Aire sin dá iarraidh sin, iad d'aistriú sna leabhair sin chun ainme an Aire sin,

(e) aon tsócmhainn a haistrítear le mír (b) den fho-alt seo agus atá in ainm aon duine seachas an tAire i leabhair aon bhainc, corpráide nó cuideachtan, déanfar, ar an Aire dá iarraidh sin, iad d'aistriú sna leabhair sin chun ainme an Aire,

(f) má thagann aon ábhar i gcaingean chun bheith, faoin alt seo, ina shócmhainn ag an gCiste, ní gá fógra i dtaobh aon ní a déantar leis an alt seo a thabhairt don duine atá faoi cheangal ag an ábhar i gcaingean sin.

(3) San alt seo—

folaíonn “sócmhainní” gach maoin, réadach nó pearsanta (lena n-áirítear ábhair i gcaingean);

ciallaíonn “ciste lena mbaineann an t-alt seo”—

(a) aon chiste a bunaíodh faoi aon achtachán a hathghairmtear leis an Acht seo, nó

(b) an Cuntas Suncála Pinsean faoin Acht um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, 1935 (Uimh. 29 de 1935) , nó

(c) an Ciste Arachais faoi Ordú Scéime Arachais Díomhaointis Ghnótha an Arachais (Ciste Arachais), 1923.

(4) Go sonrach agus gan dochar do ghinearáltacht fo-ailt (3) den alt seo, folaíonn aon tagairt san alt seo do shócmhainní ciste tagairt d'aon tsuim (pé acu bheas a méid fionnta roimh an lá ceaptha nó nach mbeidh) a bheas iníoctha faoi aon achtachán a hathghairmtear leis an Acht seo leis an gciste sin díreach roimh an lá ceaptha, nó a thiocfadh, mura mbeadh an athghairm sin, chun bheith iníoctha dá éis sin leis an gciste sin, maidir le haon tréimhse a chríochnaigh díreach roimh an lá ceaptha nó níos luaithe ná sin, agus, más gá agus a mhéid is gá sin chun aon tsuim den tsórt sin d'fhionnadh an lá ceaptha nó dá éis agus chun í d'aistriú isteach sa Chiste de bhun an ailt seo, measfar nár hathghairmeadh an t-achtachán sin.

(5) Na dliteanais aisfhillteacha a thiocfas tar éis an lae cheaptha, de dhroim an dílsithe a rinneadh le fo-alt (2) d'alt 8 den Acht Leasa Shóisialaigh, 1950 ( Uimh. 14 de 1950 ), ar an Aire chun an Aire Airgeadais, féadfar iad d'fhuascailt trí íocaíocht amháin i bhfoirm imshocraíochta agus is é a bheas san íocaíocht amháin sin pé suim ar a gcomhaontóidh an tAire agus an tAire Airgeadais.

Achta áirithe a leasú.

68. —(1) Amhail ón lá ceaptha—

(a) déanfar na leasuithe a sonraítear i gCuid I den Séú Sceideal ar an Acht um Chúnamh Dhíomhaointis, 1933 (Uimh. 46 de 1933) ,

(b) déanfar an leasú a sonraítear i gCuid II den Sceideal sin ar an Acht um Chúnamh Dhíomhaointis (Leasú), 1935 (Uimh. 38 de 1935) ,

(c) déanfar na leasuithe a sonraítear i gCuid III den Sceideal sin ar an Acht Arachais (Breac Dhíomhaointeas), 1942 (Uimh. 7 de 1942) .

(2) I gcás aon ábhair a tarchuireadh nó a tuairisciodh, roimh an lá ceaptha, chun aon mholtóra nó cúirte réiteoirí agus a bhfuil foráil ina ionad á déanamh de bhuaidh an ailt seo, ní dhéanfaidh aon leasú a déantar leis an alt seo difir d'aon imeachta maidir leis an ábhar sin, ach amháin go ndéanfar, faoi réir forál aon rialachán, aon leanúint ar na himeachta sin, agus aon imeachta eile maidir leis an ábhar sin, a sheoladh chun críche amhail is dá mba do réir an Achta iomchuí arna leasú leis an alt seo a tarchuireadh nó a tuairiscíodh an t-ábhar.

(3) An duine a bhí, díreach roimh an lá ceaptha, ceaptha mar Mholtóir chun críocha an Unemployment Insurance Act, 1920, measfar é a cheapadh an lá ceaptha faoi fho-alt (1), arna leasú leis an alt seo, d'alt 21 den Acht um Chúnamh Dhíomhaointis, 1933, ina Mholtóir chun críocha an Achta dheiridh sin.

(4) Amhail ón lá ceaptha, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas maidir le fo-alt (3) d'alt 5 den Acht um Chúnamh Dhíomhaointis (Leasú), 1938 (Uimh. 2 de 1938) :—

(a) más é an chéad lá d'Aibreán an lá ceaptha, ní bheidh feidhm ag an bhfo-alt sin maidir leis an mbliain airgeadais ina dtitfidh an lá ceaptha ná le haon bhliain airgeadais iardain,

(b) murab é an chéad lá d'Aibreán an lá ceaptha—

(i) ní bheidh feidhm ag an bhfo-alt sin maidir leis an mbliain airgeadais díreach i ndiaidh na bliana airgeadais ina dtitfidh an lá ceaptha ná le haon bhliain airgeadais iardain,

(ii) déanfar, maidir leis an mblíain airgeadais ina dtitfidh an lá ceaptha, an fo-alt sin d'fhorléiriú amhail is dá mba rud é, in ionad a cheangal trí chéad míle punt d'aistriú chun an Aire sa bhliain sin, gur cheangail sé suim d'aistriú chun an Aire sa chuid den bhliain sin roimh an lá ceaptha a mbeidh idir í agus trí chéad míle punt an coibhneas céanna a bheas idir an chuid sin agus bliain.

(5) Amhail ón lá ceaptha, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas maidir leis an Acht Leasa Shóisialaigh, 1950 (Uimh. 14 de 1950) :—

(a) más é an chéad lá d'Aibreán an lá ceaptha, ní bheidh feidhm ag alt 15 ná ag alt 16 den Acht sin maidir leis an mbliain airgeadais ina dtitfidh an lá ceaptha ná le haon bhliain airgeadais iardain,

(b) murab é an chéad lá d'Aibreán an lá ceaptha—

(i) ní bheidh feidhm ag alt 15 ná ag alt 16 den Acht sin maidir leis an mbliain airgeadais díreach i ndiaidh na bliana airgeadais ina dtitfidh an lá ceaptha ná le haon bhliain airgeadais iardain,

(ii) déanfar, maidir leis an mbliain airgeadais ina dtitfidh an lá ceaptha, alt 15 den Acht sin d'fhorléiriú amhail is dá mba rud é, in ionad a mheas gurb é méid a caitheadh ar riarachán sa bhliain sin comhshuim dhá chéad agus cúig mhíle dhéag punt agus na suime a híocadh as an gCiste Lia-Dheimhniúcháin sa bhliain sin, gurb é a mheas sé a bheith sa mhéid a caitheadh amhlaidh sa chuid den bhliain sin roimh an lá ceaptha comhshuim méide a mbeidh idir é agus dhá chéad agus cúig mhíle dhéag punt an coibhneas céanna a bheas idir an chuid sin agus bliain agus na suime a híocadh as an gCiste Lia-Dheimhniúcháin i leith na coda sin,

(iii) déanfar, maidir leis an mbliain airgeadais ina dtitfidh an lá ceaptha, alt 16 den Acht sin d'fhorléiriú amhail is dá mba rud é, in ionad a cheangal dhá chéad agus cúig mhíle dhéag punt d'íoc sa bhliain sin, gurb é a cheangail sé suim d'íoc in aghaidh na coda den bhliain sin roimh an lá ceaptha a mbeidh idir í agus dhá chéad agus cúig mhíle dhéag punt an coibhneas céanna a bheas idir an chuid sin agus bliain,

(c) más é an chéad lá d'Eanáir an lá ceaptha—

(i) ní bheidh feidhm ag alt 17 den Acht sin maidir leis an mbliain airgeadais díreach ina dhiaidh sin ná le haon bhliain airgeadais iardain,

(ii) ní bheidh feidhm ag alt 26 den Acht sin maidir leis an mbliain chaileandair ina dtitfidh an lá ceaptha ná le haon bhliain chaileandair iardain,

(d) murab é an chéad lá d'Eanáir an lá ceaptha—

(i) déanfar, maidir leis an mbliain airgeadais díreach i ndiaidh tosach na bliana caileandair ina dtitfidh an lá ceaptha, alt 17 den Acht sin d'fhorléiriú amhail is dá mba rud é gur cheangail sé suim d'íoc a mbeidh idir í agus cúig mhíle dhéag punt an coibhneas céanna a bheas idir an chuid den bhliain chaileandair sin roimh an lá ceaptha agus bliain, agus ní bheidh feidhm aige maidir le haon bhliain airgeadais iardain,

(ii) ní bheidh feidhm ag alt 26 den Acht sin maidir leis an mbliain chaileandair díreach i ndiaidh na bliana caileandair ina dtitfidh an lá ceaptha ná le haon bhliain chaileandair iardain,

(iii) déanfar, maidir leis an mbliain chaileandair ina dtitfidh an lá ceaptha, alt 26 den Acht sin d'fhorléiriú amhail is dá mba rud é, in ionad a cheangal ceathracha agus ceithre mhíle punt d'íoc in aghaidh na bliana sin, gurb é a cheangail sé suim d'íoc in aghaidh na coda den bhliain sin roimh an lá ceaptha a mbeidh idir í agus ceathracha agus ceithre mhíle punt an coibhneas céanna a bheas idir an chuid sin agus bliain.

(e) forléireofar “Ciste” in alt 21 den Acht sin mar thagairt don Chiste Arachais Shóisialaigh faoin Acht seo ach amháin, i gcás na céad áite agus na tríú háite ina bhfuil an focal sin i bhfo-alt (3) maidir le híocaíochtaí a rinneadh faoin alt sin roimh an lá ceaptha,

(f) scoirfidh an dara mír (a thosnaíos leis na focail “Chun críocha an fho-ailt seo”) d'fho-alt (3) d'alt 21 den Acht sin d'éifeacht a bheith aici.

(6) I bhfo-alt (5) den alt seo, forléireofar tagairt do bhliain chaileandair mar thagairt d'aon bhliain dár críoch an 31ú lá de Nollaig.

Cumhacht chun forála iarmartacha agus forála idirlinne breise a dhéanamh.

69. —(1) Gan dochar d'aon chumacht shonrach a bheirtear le haon cheann de na trí hailt deiridh roimhe seo, féadfar rialacháin a dhéanamh chun go mb'fhusaide iad d'oibriú nó an córas árachais a bunaítear leis an Acht seo a thabhairt i bhfeidhm, lena n-áirítear, go háirithe, rialacháin á fhoráil —

(a) go ndéanfar modhnú maidir leis an tréimhse roimh an lá ceaptha, ar aon fhorála atá in aon achtachán, nó a rinneadh faoi aon achtachán, a hathghairmtear nó a leasaítear leis na forála sin roimhe seo den Chuid seo den Acht seo, nó

(b) go ndéanfar aon chosaint nó aon chosaint bhreise a thabhairt in aghaidh éifeachta aon athghairme nó leasuithe a déantar leis an Acht seo.

(2) Féadfar aon scéim chun pinsin nó sochair eile a sholáthar (gan áireamh a dhéanamh ar aon scéim a bunaíodh le haon achtachán a hathghairmtear leis an Acht seo ach áireamh a dhéanamh ar aon scéim eile a bunaíodh le haon achtachán nó faoi, nó ag a bhfuil feidhm reachtúil de bhuaidh aon achtacháin, agus ar aon scéim atá i dtaobh le polasaí nó polasaithe árachais dá fianú) a mhodhnú nó d'fhorceannadh i ndáil leis an Acht seo a rith—

(a) trí chomhaontú idir na páirtithe éagsúla lena mbaineann an scéim sin, nó

(b) do réir rialachán arna ndéanamh, tar éis aon uiríolla a bhreithniú a dhéanfas na páirtithe éagsúla lena mbaineann an scéim, ag pé Aire a gcinnfidh an tAire Airgeadais gurb é an tAire iomchuí é maidir leis an scéim nó, má chinneann an tAire Airgeadais nach bhfuil aon Aire iomchuí ann, ag an Aire Tionscail agus Tráchtála.

Foráil speisialta do dhaoine a bhí árachaithe go saorálach.

70. —I gcás duine a bheith, díreach roimh an lá ceaptha, árachaite go saorálach faoin National Insurance Act, 1911, beidh ag an duine sin, ar iarratas a dhéanamh sa tslí ordaithe agus laistigh den tréimhse ordaithe dár tosach an lá ceaptha agus ar choinníoll nach bhfuil sé tar éis teacht chun bheith ina ranníocóir fostaithe, teideal chun bheith ina ranníocóir saorálach.

Cumhacht chun deacrachtaí a réiteach.

71. —(1) Má éiríonn aon deacracht in aon tslí maidir leis an Acht seo a thabhairt i bhfeidhm, féadfaidh an tAire, le hordú, aon ní a dhéanamh a chífear dó a bheith riachtanach nó oiriúnach chun an tAcht seo a thabhairt i bhfeidhm, agus féadfaidh, le haon ordú den tsórt sin, modhnú a dhéanamh ar fhorála an Achta seo sa mhéid a chífear dó é a bheith riachtanach nó oiriúnach chun an t-ordú a chur in éifeacht.

(2) Gach ordú a dhéanfas an tAire faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, agus má dhéanann ceachtar Teach den Oireachtas, laistigh den lá is fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an t-ordú a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an orduithe sin, beidh an t-ordú sin ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú sin.

(3) Ní féadfar aon ordú a dhéanamh faoin alt seo tar éis bliana in ndiaidh an lae cheaptha.

An lá ceaptha.

72. —(1) San Acht seo, ciallaíonn “an lá ceaptha”, faoi réir na bhfórál ina dhiaidh seo den alt seo, pé lá a cheapfas an tAire le hordú agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh chun críocha éagsúla den Acht seo nó chun na críche céanna maidir le cásanna éagsúla nó aicmí éagsúla cásanna.

(2) Aon ordú a déanfar faoi fho-alt (1) den alt seo, más amhlaidh nach ndéanfar an lá a ceaptar leis a cheapadh ach chun cuid de chríocha an Achta seo nó maidir le cásanna airithe nó aicmí áirithe cásanna, féadfaidh pé forála teagmhasacha nó forlíontacha a bheith ann a chífear don Aire a bheith riachtanach nó oiriúnach maidir leis an tréimhse nach mbeidh ach feidhm pháirteach ag an Acht seo, nó maidir leis an athrú ón tréimhse sin go dtí an tréimhse ina mbeidh feidhm iomlán ag an tAcht seo.

(3) Gan dochar do ghinearáltacht fo-ailt (2) den alt seo, is cead, go sonrach, go mbeadh sna forála a féadfar a dhéanamh faoin bhfo-alt sin foráil chun modhnú agus forlíonadh a dhéanamh, maidir leis an tréimhse lena mbaineann an t-ordú sin, ar fhorála an Achta seo agus (mura bhfuil an athghairm nó an leasú tagtha in éifeacht fós) ar fhorála aon Achta a hathghairmtear nó a leasaítear leis an Acht seo; agus áiritear ar na modhnuithe a féadfar a dhéanamh ar an Acht seo leis an ordú sin forála ag cur tórainn leis na daoine a bheas le hárachú i gcaitheamh aon tréimhse nach mbeidh feidhm ag an Acht seo ach amháin maidir le cuid de na sochair a bheirtear leis agus forála ag laghdú rátaí aon ranníoc is iníoctha in aghaidh aon tréimhse den tsórt sin.

(4) Féadfar aon ordú den tsórt a luaitear san alt seo d'athrú nó a chúlghairm le hordú ina dhiaidh sin ag ceapadh lae nó ag ceapadh lae eile chun críocha an Achta seo.

CUID VI.

Forála Breise.

Caibidil I.

Ginearálta.

Acht 1948.

73. —Sa Chuid seo den Acht seo, ciallaíonn “Acht 1948” an t Acht Leasa Shóisialaigh, 1948 (Uimh. 17 de 1948) .

Comhlua.

74. —(1) Féadfar Achta na bPinsean Sean-Aoise, 1908 go 1952, a ghairm d'Achta na bPinsean Sean-Aoise, 1908 go 1951, agus de Chaibidil II den Chuid seo den Acht seo le chéile.

(2) Féadfar na hAcht um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1911 go 1952, a ghairm de na hAchta um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1911 go 1950, agus de Chaibidil III den Chuid seo den Acht seo le chéile.

(3) Féadfar na hAchta Arachais Dífhostaíochta, 1920 go 1952, a ghairm de na hAchta um Arachais Dífhostaíochta, 1920 go 1948, agus de Chaibidil IV den Chuid seo den Acht seo le chéile.

(4) Féadfar na hAchta um Chúnamh Dífhostaíochta, 1933 go 1952, a ghairm de na hAchta um Chúnamh Dífhostaíochta, 1933 go 1948, agus de Chaibidil V den Chuid seo den Acht seo le chéile.

(5) Féadfar na hAchta um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, 1935 go 1952, a ghairm de na hAchta um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe 1935 go 1948, agus de Chaibidil VI den Chuid seo den Acht seo le chéile.

Pinsin forluiteacha, etc.

75. —(1) Féadfar, maidir le cásanna ina mbeidh dhá cheann nó níos mó acu seo a leanas iníoctha le duine, is é sin lé rá, aon tsochar, pinsean, liúntas nó cúnamh faoi Achta na bPinsean Sean-Aoise, 1908 go 1952, na hAchta um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1911 go 1952, na hAchta Arachais Dífhostaíochta, 1920 go 1952, na hAchta um Chúnamh Dífhostaíochta, 1933 go 1952, na hAchta um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, 1935 go 1952, nó na hAchta Liúntas Leanaí 1944 agus 1946, a fhoráil le rialacháin go gcoigeartófar aon tsochar, pinsean, liúntas nó cúnamh den tsórt adúradh (lena n-áirítear a íoc a dhícheadú go hiomlán nó go páirteach) is iníoctha leis an duine sin.

Chun críocha an fho-ailt seo—

(i) féadfar méadú sochair d'áireamh mar shochar ar leithligh, agus

(ii) féadfar aon tsochar, pinsean, liúntas nó cúnamh is iníochta i leith duine d'áireamh mar shochar, pinsean, liúntas nó cúnamh is iníoctha leis an duine sin.

(2) Féadfar a fhoráil le rialacháin go gcúiteofar, as airgead a sholáthrós an tOireachtas, le húdarás cúnaimh phoiblí suimeanna (nó pé cuid díobh a hordófar) a híocadh mar chúnamh teaghlaigh in aghaidh tréimhsí nach bhfuarthas aon phinsean, liúntas ná cúnamh faoi Achta na bPinsean Sean-Aoise, 1908 go 1952, na hAchta um Chúnamh Dífhostaíochta, 1933 go 1952, ná na hAchta Liúntas Leanaí, 1944 agus 1946.

Caibidil II.

Leasuithe ar Achta na bPinsean Sean-Aoise, 1908 go 1951.

Léiriú (Caibidil II. Cuid V)

76. —(1) Sa Chaibidil seo—

ciallaíonn “Acht 1924” Acht na bPinsean Sean-Aoise, 1924 (Uimh. 19 de 1924) ;

ciallaíonn “Acht 1932” Acht na bPinsean Sean-Aoise, 1932 (Uimh. 18 de 1932) ;

ciallaíonn “Acht 1951” an t Acht Leasa Shóisialaigh, 1951 (Uimh. 16 de 1951) ;

ciallaíonn “na hAchta” Achta na bPinsean Sean-Aoise, 1908 go 1951;

ciallaíonn “pinsean” pinsean faoi na hAchta.

(2) Forléireofar an Chaibidil seo agus na hAchta mar aon ní amháin.

Rátaí pinsean.

77. —(1) Amhail ón 4ú lá d'Iúil, 1952, déanfar gach ceann de na rátaí 20 scilling, 15 scillinge, 10 scillinge agus 5 scillinge atá leagtha amach sa Táible a ghabhas le fo-alt (1) d'alt 4 d'Acht 1951 a mhéadú scilling agus sé pingne.

(2) Faoi réir ailt 13 d'Acht 1948 arna leasú leis an alt seo, is do réir an ráta atá leagtha amach sa Táible a ghabhas leis an bhfo-alt seo a bheas pinsean iníoctha amhail ón 2ú lá d'Eanáir, 1953, in ionad an ráta a ceaptar le halt 4 d'Acht 1951 arna leasú le fo-alt (1) den alt seo.

AN TAIBLE.

An Ráta Pinsin.

Acmhainn an Eilitheora nó an Phinsinéara

An ráta pinsin sa tseachtain

s. 

d.

Má tá acmhainn bhliantúil an éilitheora nó an phinsinéara arna ríomh go cuí—

gan bheith níos mó ná £52 10s. 0d.     ...     ...     ...     ...

21

6

 níos mó ná

£52 10s. 0d.  

gan bheith níos mó ná

£65 10s. 0d.

16

6

,,   ,,   ,,

£65 10s. 0d.

,,     ,,      ,,   ,,   ,,

£78 10s. 0d.

11

6

,,   ,,   ,,

£78 10s. 0d.

,,     ,,      ,,   ,,   ,,

£104 15s. 0d.

6

6

,,   ,,   ,,

£104 15s. 0d.

     ...     ...     ...     ...     ...

Neamhní

(3) Amhail ón 2ú lá d'Eanáir, 1953, déanfar acmhainn éilitheora nó pinsinéara a ríomh do réir na rialacha atá sa Seachtú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo in ionad í a ríomh do réir na bhforál ag a raibh feidhm go dtí sin.

(4) Amhail ón 2ú lá d'Eanáir, 1953—

(a) cuirfear “céad agus ceithre puint, cúig scillinge déag” in ionad “seasca agus cúig punt cúig scillinge” i bhfo-alt (1) d'alt 8 d'Acht 1924, arna leasú le halt 4 d'Acht 1951;

(b) déanfar an tagairt i mír (a) d'fho-alt (2) d'alt 13 d'Acht 1948 do Chaibidil II de Chuid II den Acht sin d'fhorléiriú mar thagairt a fholaíos tagairt d'fho-alt (2) den alt seo.

Athbhreithniú agus coigeartú ior chasach ar phinsin.

78. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “pinsean láithreach” pinsean—

(a) is iníoctha ar dháta an Achta seo a rith, nó

(b) a thosnós ar fhaibhriú roimh an 2ú lá d'Eanáir, 1953;

ciallaíonn “an nua-ráta seachtainiúil iomchuí”, maidir le pinsean láithreach, ráta seachtainiúil ag a mbeidh feidhm, ag féachaint d'fho-alt (2) d'alt 77 den Acht seo, maidir leis an bpinsean sin má leanann an pinsean sin de bheith iníoctha tar éis an lú lá d'Eanáir, 1953.

(2) A luaithe is féidir tar éis an tAcht seo a rith, raghaidh gach oifigeach pinsin i gceann gach pinsean láithreach ina cheantar d'athbhreithniú agus, faoi réir fo-ailt (3) den alt seo, coigeartóidh sé, le héifeacht amhail ón 2ú lá d'Eanáir, 1953, an pinsean sin ar an nua-ráta seachtainiúil iomchuí agus, má leanann an pinsean sin de bheith iníoctha tar éis an lú lá d'Eanáir, 1953, beidh sé, faoi réir forál na nAcht agus na Caibidle seo den Chuid seo den Acht seo, iníoctha, amhail ar an 2ú lá d'Eanáir, 1953, agus ón lá sin amach, do réir an ráta sheachtainiúil ar ar coigeartaíodh amhlaidh é.

(3) (a) Chun críocha an athbhreithnithe agus an choigeartuithe ar phinsean láithreach faoin alt seo, déanfar an tagairt d'acmhainn bhliantúil an phinsinéara, atá sa Táible a ghabhas le fo-alt (2) d'alt 77 den Acht seo, d'fhorléiriú mar thagairt d'acmhainn bliantúil an phinsinéara mar bhí sin arna cinneadh ar dháta an athbhreithnithe agus an choigeartuithe.

(b) Má bhíonn pinsean láithreach iníoctha, de bhuaidh ailt 13 d'Acht 1948, do réir ráta is ionann agus an nua-ráta seachtainiúil iomchuí nó is mó ná é, ní déanfar an pinsean a choigeartú faoin alt seo.

An pinsean uasta do bhaintreacha áirithe.

79. —(1) Más rud é—

(a) go mbeidh teideal faoi Chuid III den Acht seo ag bean chun pinsin (ranníocach) bhaintrí díreach roimh an dáta a shlánós sí seachtó bliain d'aois, nó

(b) go mbeadh bean, agus í os cionn seachtó bliain d'aois ar dháta báis a fir chéile, tar éis teacht, dá mbeadh sí faoi bhun na haoise sin ar an dáta sin, chun teideal a bheith aici chun pinsin (ranníocach) bhaintrí faoi Chuid III den Acht seo,

beidh teideal ag an mbean sin chun pinsin do réir an ráta uasta a bheas i bhfeidhm de thuras na huaire d'ainneoin aon cheann de na coinníollacha reachtúla iomchuí maidir le hacmhainn agus cónaí a bheith gan comhlíonadh ina cás.

(2) I gcás ina mbeadh, de bhuaidh an ailt seo, pinsean iníoctha le bean mura mbeadh forála ailt (5) den Old Age Pensions Act, 1911, arna leasú le halt 4 d'Acht na bPinsean Sean-Aoise, 1932 ( Uimh. 18 de 1932 ), beidh an pinsean sin iníoctha, d'ainneoin na bhforál sin, leis an mbean sin má bhíonn cónaí uirthi in aon cheann de na tíortha a cheadós an tAire chun críocha an ailt seo.

Leasú ar an gcoinníoll reachtúil maidir le cónaí.

80. —(1) Leasaítear leis seo Acht 1932—

(i) trí na focail “eúig bliana déag” a chur in ionad na bhfocal “tríocha bliain” i bhfo-alt (1) d'alt 2 agus na focail “cúig bliana ar a laghad den tréimhse sin” a chur ann in ionad na bhfocal “sé bliana ar a laghad den tréimhse sin” agus na focail “nó gur thréimhse leanúnach a chríochnaigh díreach roimh dháta an iarratais d'iarraidh pinsin shean-aoise cúig bliana” a chur ann in ionad na bhfocal “nó sé bliana déag ar a laghad”,

(ii) trí na focail “de chúig bliana” agus “de chúig bliana déag” a chur in ionad na bhfocal “de shé bliana” agus “de shé bliana déag” faoi seach i mír (c) d'alt 6.

(2) I gcás mná ag a raibh, díreach sarar shlánaigh sí seachtó bliain d'aois, teideal chun pinsin (neamhranníocach) bhaintrí faoi na hAchta um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, 1935 go 1952, ní gá an coinníoll reachtúil a forchuirtear le fo-alt (1) d'alt 2 d'Acht 1932, arna leasú leis an alt seo, a bheith comhlíonta ina cás.

(3) Tiocfaidh fo-ailt (1) agus (2) den alt seo i ngníomh an 2ú lá d'Eanáir, 1953.

Aois a shlánú.

81. —(1) Chun críocha Acht na bPinsean Sean-Aoise, 1908 go 1952, measfar nach bhfuil seachtó bliain d'aois slán ag duine go dtí tosach an lae atá cothrom seachtó bliana ón lá a rugadh é, agus mar sin d'aon aois eile.

(2) Athghairmtear leis seo alt (1) den Old Age Pensions Act, 1911.

(3) Tiocfaidh fo-ailt (1) agus (2) den alt seo i ngníomh an 2ú lá d'Eanáir, 1953.

Cosaint.

82. —Aon duine ag a raibh teideal chun pinsin díreach roimh an 2ú lá d'Eanáir, 1953, ní lú a gheobhaidh, an 2ú lá d'Eanáir, 1953, nó dá éis, i bhfoirm pinsin den tsórt sin, ná mar gheobhadh dá mba nár hachtaíodh fo-ailt (2) agus (3) d'alt 77 den Acht seo.

Comharshocraíochtaí.

83. —Féadfaidh an tAire pé orduithe a dhéanamh is gá chun aon chomhar-shocraíochtaí nó socraíochtaí eile d'oibriú, a rinneadh leis an údaras cuí faoi aon Rialtais eile, maidir le nithe a bhaineas le pinsin, agus féadfaidh, le haon ordú den tsórt sin, pé oriúnuithe agus modhnuithe is dóigh leis is gá a dhéanamh ar Achta na bPinsean Sean-Aoise, 1908 go 1952.

Feidhm forál áirithe den Acht seo.

84. —Féadfar le rialacháin, feidhm maidir le pinsin a thabhairt d'aon chuid d'fhorála alt 29 agus 43 go 48 den Acht seo nó d'fhorála a rinneadh faoi na hailt sin, agus féadfaidh aon feidhm den tsórt sin bheith ina feidhm mhodhnaithe nó ina feidhm gan modhnú agus bheith i dteannta nó in ionad forál atá sna hAchta.

Caibidil III.

Leasuithe ar na hAchta um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1911 go 1950.

Léiriú (Caibidil III, Cuid VI).

85. —(1) Sa Chaibidil seo, ciallaíonn “an Príomh-Acht” an National Insurance Act, 1911.

(2) Forléireofar an Chaibidil seo agus na hAchta um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1911 go 1950, mar aon ní amháin.

Rátaí sochar breoiteachta agus míchumais.

86. —(1) Is é an gnáth-ráta sochair bhreoiteachta, ar feadh iomláine na tréimhse fiche agus sé seachtaine, agus an ráta sochair mhíchumais—

(a) suim fiche agus ceithre scillinge sa tseachtain i gcás fir, mná singile nó baintrí nó i gcás mná pósta atá ina cónaí ar leithligh óna fear céile agus nach bhféadann aon chúnamh airgid d'fháil óna fear céile nó i gcás mná pósta a bhfuil teideal aici chun méaduithe i leith linbh cháilithe nó i leith gach duine de bheirt leanaí cáilithe nó i leith fir chéile, agus

(b) suim ocht scillinge déag sa tseachtain i gcás aon mhná pósta eile.

(2) I bhfo-alt (1) d'alt 12 den National Health Insurance Act, 1918 (arna leasú le fo-alt (3) d'alt 18 d'Acht 1948), cuirfear na focail “eighteen shillings” in ionad na bhfocal “sixteen shillings and sixpence” agus na bhfocal “thirteen shillings and sixpence”.

(3) Déanfar an ráta seachtainiúil sochair bhreoiteachta nó sochair mhíchumais a mhéadú dhá scilling déag i gcás duine lena mbaineann mír (a) d'fho-alt (1) nó fo-alt (2) den alt seo i leith aon tréimhse—

(a) a bheas an duine sin ina chónaí lena bhean chéile nó á cothabháil go hiomlán nó go formhór, nó

(b) a bheas an duine sin ag cothabháil a fir chéile go hiomlán nó go formhór agus eisean éagumasach ar é féin a chothabháil mar gheall ar easláine éigin choirp nó mheabhrach, nó

(c) a bheas an duine sin, agus é ina fhear singil nó ina bhaintreach, ag cothabháil, go hiomlán nó go formhór, baineannaí os cionn sé bliana déag d'aois atá ag tabhairt aire do leanbh nó leanaí cáilithe a chónaíos go rialta leis,

faoi réir na sriantachta nach mbeidh teideal in aghaidh na tréimhse céanna ag an duine sin chun méaduithe ar shochar faoin bhfo-alt seo i leith níos mó ná duine amháin dá sonraítear i mír (c) den fho-alt seo.

(4) Déanfar an ráta seachtainiúil sochair bhreoiteachta nó sochair mhíchumais i gcás duine dá dtagartar i mír (a) d'fho-alt (1) nó i bhfo-alt (2) den alt seo a mhéadú seacht scillinge i leith linbh cháilithe nó gach duine de bheirt leanaí cáilithe a chónaíos go rialta leis an tairbhí.

(5) Athghairmtear leis seo alt 18 d'Acht 1948.

(6) Aon duine a raibh teideal aige, díreach roimh an 7ú lá d'Iúil, 1952, chun sochair bhreoiteachta nó sochair mhíchumais, ní lú a gheobhas sé i bhfoirm shochair bhreoiteachta nó shochair mhíchumais ná mar gheobhadh sé dá mba nár hachtaíodh an t-alt seo.

(7) Féadfar a fhoráil le rialacháin go gcoigeartófar aon tsochar breoiteachta nó míchumais (lena n-áirítear a íoc a dhícheadú go hiomlán nó go páirteach) is iníoctha le duine a bheas ag fáil aon phinsin nó liúntais, i leith aon mhíchumais a bhain dó i bhfórsaí armtha an Stáit nó aon Stáit eile, is pinsean sa ghrád is airde nó, i gcás liúntais, is liúntas sa ghrád is airde nó liúntas arna dheonadh do dhuine a bheas faoi chúrsa speisialta cóireála liachta in aon fhoras nó a bheas ag fáil oiliúna i bhforas teicniúil.

(8) Íocfar isteach sa Chiste Arachais Sláinte Náisiúnta, as airgead a sholáthrós an tOireachtas, pé suim is dóigh leis an Aire agus leis an Aire Airgeadais is gá faoi chomhair an chaiteachais bhreise a leanfas as an alt seo i gcaitheamh na tréimhse dár tosach an 7ú lá d'Iúil, 1952, agus dár críoch an 5ú lá de Dheireadh Fómhair, 1952, agus íocfar amhlaidh an tsuim sin i pé slí agus pé trátha a chinnfeas an tAire Airgeadais.

(9) Tiocfaidh fo-ailt (1) go (8) den alt seo i ngníomh an 7ú lá d'Iúil, 1952.

Rátaí ranníoca.

87. —(1) Na ranníoca is iníoctha faoin bPríomh-Acht i leith ranníocóirí fostaithe, beid do réir na rátaí atá leagtha amach sa Táible a ghabhas leis an bhfo-alt seo in ionad na rátaí a sonraítear in alt 16 d'Acht 1948, agus forléireofar tagairtí in aon achtachán do Chuid II den Dara Sceideal a ghabhas leis an bPríomh-Acht mar thagairtí don Táible a ghabhas leis an bhfo-alt seo.

AN TAIBLE.

Na Rátaí Ranníoca i Leith Ranníocóirí Fostaithe.

I gcás fear agus ban

..

..

1s. 2d. sa tseachtain.

Ranníoca ó Fhostóirí agus ó Ranníocóirí Fostaithe.

Le n-íoc ag an bhfostóir

..

..

7d. sa tseachtain.

Le n-íoc ag an ranníocóir fostaithe (fear nó bean)

7d. sa tseachtain.

(2) Athghairmtear leis seo fo-alt (1) d'alt 16 d'Acht 1948.

(3) Tiocfaidh fo-ailt (1) agus (2) den alt seo i ngníomh an 6ú lá de Dheireadh Fómhair, 1952.

Caibidil IV.

Leasuithe ar na hAchta um Arachas Dífhostaíochta, 1920 go 1948.

Léiriú (Caibidil IV, Cuid VI).

88. —(1) Sa Chaibidil seo—

ciallaíonn “na hAchta” na hAchta um Arachas Dífhostaíochta, 1920 go 1948;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an Unemployment Insurance Act, 1920;

ciallaíonn “an Scéim” Scéim Arachais Dífhostaíochta Ghnótha an Arachais a bunaíodh faoi na hAchta.

(2) Forléireofar an Chaibidil seo agus na hAchta mar aon ní amháin.

Leasú ar mhír 1 den Dara Sceideal a ghabhas leis an bPríomh-Acht.

89. —(1) Sa Dara Sceideal a ghabhas leis an bPríomh-Acht, cuirfear an mhír seo a leanas in ionad míre l (a cuireadh isteach le halt 26 d'Acht 1948):—

“1. Unemployment benefit shall be payable in respect of each week of any continuous period of unemployment after the first week of unemployment and shall, in the case of recipients of any class set out in column (2) of the Table to this paragraph at any reference number, be at the weekly rate set out in column (3) of the said Table at that reference number.

TABLE.

Ref. No.

Class of recipient.

Weekly rate of benefit.

(1)

(2)

(3)

s.   d.

1

Person aged eighteen years or over who is a man, single woman or widow, married woman living apart from and unable to obtain any financial assistance from her husband or married woman entitled by virtue of the Unemployment Insurance Act, 1922, to an increase for a child or each of two children or for a husband     ...

24   0

2

Any other married woman or any person under the age of eighteen     ...     ...     ...     ...     ...     ...

18   0

(2) Íocfar isteach sa Chiste Dífhostaíochta, as airgead a sholáthrós an tOireachtas, pé suim is dóigh leis an Aire agus leis an Aire Airgeadais is gá faoi chomhair an chaiteachais bhreise a leanfas as an alt seo i gcaitheamh na tréimhse dár tosach an 3ú lá d'Iúil, 1952, agus dár críoch an 5ú lá de Dheireadh Fómhair, 1952, agus íocfar amhlaidh an tsuim sin i pé slí agus pé trátha a chinnfeas an tAire Airgeadais.

(3) Tiocfaidh fo-ailt (1) agus (2) den alt seo i ngníomh an 3ú lá d'Iúil, 1952.

Leasú ar alt l den Unemployment Insurance Act, 1922, agus ar mhír 4 den Dara Sceideal a ghabhas leis an Scéim.

90. —(1) Déanfar fo-alt (1) d'alt 1 den Unemployment Insurance Act, 1922, d'fhorléiriú agus beidh éifeacht aige—

(a) amhail is dá gcuirtí na focail “twelve shillings” in ionad na bhfocal “seven shillings and sixpence” (a cuireadh isteach le halt 29 d'Acht 1948), mar a bhfuil na focail sin, agus

(b) amhail is dá ndéantaí na focail “seven shillings” a chur in ionad na bhfocal “two shillings and sixpence” (a cuireadh isteach le halt 29 d'Acht 1948) agus na focail “subject to a maximum of two children” a chur isteach i ndiaidh na bhfocal “in respect of each such child”.

(2) Déanfar mír 4 den Dara Sceideal a ghabhas leis an Scéim d'fhorléiriú agus beidh éifeacht aige—

(a) amhail is dá gcuirtí na focail “twelve shillings” in ionad na bhfocal “seven shillings and sixpence” (a cuireadh isteach le halt 29 d'Acht 1948), mar a bhfuil na focail sin, agus

(b) amhail is dá ndéantaí na focail “seven shillings” a chur in ionad na bhfocal “two shillings and sixpence” (a cuireadh isteach le halt 29 d'Acht 1948) agus na focail “subject to a maximum of two children” a chur isteach i ndiaidh na bhfocal “in respect of each such child”.

(3) Íocfar isteach sa Chiste Dífhostaíochta, as airgead a sholáthrós an tOireachtas, pé suim is dóigh leis an Aire agus leis an Aire Airgeadais is gá faoi chomhair an chaiteachais bhreise a leanfas as fo-alt (1) den alt seo i gcaitheamh na tréimhse dár tosach an 3ú lá d'Iúil, 1952, agus dár críoch an 5ú lá de Dheireadh Fómhair, 1952, agus íocfar amhlaidh an tsuim sin i pé slí agus pé trátha a chinnfeas an tAire Airgeadais.

(4) Tiocfaidh fo-ailt (1), (2) agus (3) den alt seo i ngníomh an 3ú lá d'Iúil, 1952.

Athrú ar na rátai ranníoca.

91. —(1) Na ranníoca is iníoctha faoi na hAchta i leith daoine fostaithe ag na daoine sin agus ag a bhfostóirí faoi seach, beid do réir na rátaí faoi seach atá leagtha amach i gcolúin (3) agus (4) den Táible a ghabhas leis an bhfo-alt seo in ionad na rátaí a ceapadh le fo-alt (1) d'alt 28 d'Acht 1948:—

AN TAIBLE.

NA Rátaí Seachtainiúla Ranníoca is Iníoctha ag Daoine Fostaithe agus ag Fostóirí.

Uimh. Thag.

An aicme dhuine fostaithe.

An ráta seachtainiúil ranníoca.

Ag an bhfostóir

Ag an duine fostaithe

(1)

(2)

(3)

(4)

s.

 d.

s.

 d.

1

Fireannach

...

...

...

...

...

1

1

2

Baineannach

...

...

...

...

...

9

7

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an 6ú lá de Dheireadh Fómhair, 1952.

Scor.

92. —Scoirfidh alt 3 den Phríomh-Acht agus mír (b) de Chuid II den Chéad Sceideal a ghabhas leis, sa mhéid go mbaineann an mhír sin le fireannaigh, d'éifeacht a bheith acu amhail ar an 6ú lá de Dheireadh Fómhair, 1952, agus ón lá sin amach.

Caibidil V.

Leasuithe ar na hAchta um Chúnamh Dífhostaíochta, 1933 go 1948.

Léiriú (Caibidil V, Cuid VI).

93. —(1) Sa Chaibidil seo—

ciallaíonn “na hAchta” na hAchta um Chúnamh Dífhostaíochta 1933 go 1948;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Chúnamh Dhíomhaointis, 1933 (Uimh. 46 de 1933) ;

ciallaíonn “Acht 1935” an t Acht um Chúnamh Dhíomhaointis (Leasú), 1935 (Uimh. 38 de 1935) ;

ciallaíonn “Acht 1940” an t Acht um Chúnamh Dhíomhaointis (Leasú), 1940 (Uimh. 4 de 1940) .

(2) Forléireofar an Chaibidil seo agus na hAchta mar aon ní amháin.

Leasú ar alt 10 den Phríomh-Acht.

94. —(1) I bhfo-alt (3) d'alt 10 den Phríomh-Acht—

(I) cuirfear an mhír seo a leanas in ionad míre (a):—

“(a) go bhfuil sé, ar dháta an iarratais, ina chónaí sa Stát agus go raibh sé, tráth ar bith, ina chónaí sa Stát ar feadh tréimhse leanúnaí de shé mhí ar a laghad;”

(II) cuirfear an mhír seo a leanas in ionad míre (c):—

“(c) nach bhfuil a acmhainn, arna ríomh do réir an Achta seo, níos mó, más i mbaile-líomatáiste atá cónaí air, ná nócha agus ocht bpuint agus sé scillinge déag nó, más in áit eile sa Stát atá cónaí air, seachtó agus dhá phunt agus sé scillinge déag sa bhliain;”.

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an 25ú lá de Mheitheamh, 1952.

Leasú ar alt 15 den Phríomh-Acht.

95. —(1) I mír (e) d'fho-alt (1) d'alt 15 den Phríomh-Acht (an mhír a cuireadh isteach le fo-alt (1) d'alt 7 d'Acht 1940), cuirfear na focail “in aon bhaile-líomatáiste” in ionad na bhfocal “sa bhaile-líomatáiste sin” i bhfo-mhíreanna (i), (ii) agus (iii).

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an 25ú lá de Mheitheamh, 1952.

Leasú ar alt 19 den Phríomh-Acht.

96. —(1) I mír (a) d'alt 19 den Phríomh-Acht cuirfear an focal “trí” in ionad an fhocail “sé”.

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an lá ceaptha.

Athrú ar na rátaí cúnaimh dhífhostaíochta.

97. —(1) Sa Phríomh-Acht, cuirfear isteach an méid seo a leanas mar Sceideal an Achta sin in ionad an Sceidil a cuireadh isteach le fo-alt (2) d'alt 32 d'Acht 1948:—

“AN SCEIDEAL.

Na Rátaí Cúnaimh Dhífhostaíochta.

Na haicmí daoine lena mbaineann na rátaí cúnaimh dhífhostaíochta atá leagtha amach sa Sceideal seo

An ráta cúnaimh dhífhostaíochta a bhaineas le daoine atá ina gcónaí in aon líomatáiste uirbeach

An ráta cúnaimh dhífhostaíochta a bhaineas le daoine atá ina gcónaí in aon áit eile

sa tseachtain

sa tseachtain

s.   d.

s.   d.

Duine gan cleithiúnaí     ...

18   0

12   0

Duine ag a bhfuil cleithiúnaí aosaithe     ...     ...

28   0

20   0

Duine ag a bhfuil cleithiúnaí aosaithe agus aon leanbh cleithiúnach amháin     ...

33   0

24   0

Duine ag a bhfuil cleithiúnaí aosaithe agus beirt leanaí cleithiúnacha nó níos mó

38   0

28   0

Duine ag a bhfuil aon leanbh cleithiúnach amháin     ...

23   0

16   0

Duine ag a bhfuil beirt leanaí cleithiúnacha nó níos mó     ...     ...     ...

28   0

20   0

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an 25ú lá de Mheitheamh, 1952.

Leasú ar alt 4 d'Acht 1935.

98. —(1) Cuirfear na fo-ailt seo a leanas in ionad fo-ailt (1 d'alt 4 d'Acht 1935:—

“(1) I gcaitheamh na tréimhse dár tosach an 25ú lá de Mheitheamh, 1952, agus dár críoch an lá roimh an lá a bheas sonraithe le hordú faoi fho-alt (1A) den alt seo, chun críocha na nAcht um Chúnamh Dífhostaíochta, 1933 go 1952—

ciallaíonn an abairt “cleithiúnaí aosaithe”—

(a) i gcás fir phósta, a bhean chéile, má tá sí ina cónaí leis nó á cothabháil go hiomlán nó go formhór aige agus nach bhfuil sochar dífhostaíochta faoi na hAchta Arachais Dífhostaíochta, 1920 go 1952, ná sochar easpa oibre faoi Scéim Arachais Dífhostaíochta Ghnótha an Arachais a bunaíodh faoi na hAchta um Arachas Dífhostaíochta, 1920 go 1948, á fháil aici, agus nach bhfuil sí i bhfostaíocht rialta ar pháigh seachas chun aire a thabhairt dá leanaí cleithiúnacha sin ná ag gabháil d'aon ghnó is ghnáth a dhéanamh le haghaidh brabúis,

(b) i gcás mná pósta, a fear céile mura féidir leis mar gheall ar easláine choirp nó mheabhrach é féin a chothú agus go bhfuil sé á chothabháil go hiomlán nó go formhór aicise, agus,

(c) i gcás baintreach fir nó fir neamhphósta, aon bhaineannach atá ina cónaí leis chun aire a thabhairt dá leanaí cleithiúnacha sin agus atá á cothabháil aige agus nach bhfuil sochar dífhostaíochta faoi na hAchta Arachais Dífhostaíochta, 1920 go 1952, ná sochar easpa oibre faoi scéim Arachais Dífhostaíochta Ghnótha an Arachais adúradh á fháil aici agus nach bhfuil i bhfostaíocht rialta ar pháigh seachas chun aire a thabhairt dá leanaí cleithiúnacha sin ná ag gabháil d'aon ghnó is gnáth a dhéanamh le haghaidh brabúis;

ciallaíonn an abairt ‘ leanbh cleithiúnach, ’ maidir le duine, aon leanbh nach bhfuil ceithre bliana déag d'aois slán aige agus atá á chothabháil go hiomlán nó go formhór ar chostas an duine sin nó leanbh a bhfuil ceithre bliana déag d'aois slán aige agus nach bhfuil sé bliana déag d'aois slán aige agus atá á chothabháil amhlaidh agus atá ag fáil teagaisc lán-aimsire i scoil lae;

forléireofar tagairtí do chleithiúnaithe mar thagairtí do chleithiúnaithe aosaithe nó do leanaí cleithiúnacha, do réir mar is gá sa chás.

(1A) Ar pé lá agus tar éis pé lae a shonrós an tAire le hordú faoin bhfo-alt seo, chun críocha na nAcht um Chúnamh Dífhostaíochta, 1933 go 1952—

ciallaíonn an abairt ‘ cleithiúnaí aosaithe ’—

(a) i gcás fir phósta, a bhean chéile má tá sí ina cónaí leis nó á cothabháil go hiomlán nó go formhór aige,

(b) i gcás mná pósta, a fear céile mura féidir leis, mar gheall ar easláine éigin choirp nó mheabhrach, é féin a chothú agus go bhfuil sé á chothabháil go hiomlán nó go formhór aicise, agus

(c) i gcás baintreach fir nó fir neamhphósta, aon bhaineannach (a bhfuil sé bliana déag d'aois slán aici) atá ag tabhairt aire dá leanaí cleithiúnacha sin agus atá á cothabháil go hiomlán nó go formhór aige;

ciallaíonn an abairt ‘ leanbh cleithiúnach ’, maidir le duine, aon leanbh nach bhfuil sé bliana déag d'aois slán aige agus a bhfuil gnáth-chónaí air sa Stát agus nach bhfuil ar coinneáil i scoil cheartúcháin ná i scoil saothair agus a chónaíos go rialta leis an duine sin;

forléireofar tagairtí do chleithiúnaithe mar thagairtí do chleithiúnaithe aosaithe nó do leanaí cleithiúnacha, do réir mar is gá sa chás;

aon leanbh a huchtófar faoi aon Acht a dhéanas socrú i dtaobh leanaí d'uchtáil (pé acu roimh thosach feidhme an fho-ailt seo nó dá éis sin a rithfear é), áireofar é feasta amhail is dá mba é leanbh an uchtóra nó na n-uchtóirí é a rugadh dó, di nó dóibh de phósadh dleathach agus nár leanbh dhuine ar bith eile é;

chun críocha na nAcht um Chúnamh Dífhostaíochta, 1933 go 1952, déanfar aon cheist i dtaobh cónaí rialta linbh a chinneadh do réir fo-ailt (2) d'alt 5 den Acht Liúntas Leanaí (Leasú), 1946 (Uimh. 8 de 1946) , agus na rialacha faoin bhfo-alt sin.”

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an 25ú lá de Mheitheamh, 1952.

Aois a shlánú.

99. —(1) Chun críocha na nAcht um Chúnamh Dífhostaíochta 1933 go 1952, measfar nach bhfuil ocht mbliana déag d'aois slán ag duine go dtí tosach an lae atá cothrom ocht mbliana déag ón lá a rugadh é, agus mar sin d'aon aois eile.

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an lá ceaptha.

Cónaí.

100. —(1) I gcás teach le bardas nó comhairle líomatáiste uirbigh a bheith lasmuigh den líomatáiste sin, measfar, chun críocha na nAcht um Chúnamh Dífhostaíochta, 1933 go 1952, duine atá ina chónaí nó ina ghnáth-chónaí sa tigh sin a bheith ina chónaí nó ina ghnáth-chónaí sa líomatáiste uirbeach sin.

(2) Athghairmtear leis seo iad seo a leanas:—

(i) mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 17 den Phríomh-Acht arna leasú le fo-alt (1) d'alt 32 d'Acht 1948,

(ii) ailt 33 agus 34 d'Acht 1948.

(3) Tiocfaidh fo-ailt (1) agus (2) den alt seo i ngníomh an 25ú lá de Mheitheamh, 1952.

Feidhm forál áirithe den Acht seo.

101. —Féadfar, le rialacháin, feidhm maidir le cúnamh dífhostaíochta a thabhairt d'aon chuid d'fhorála alt 29 agus 41 go 48 den Acht seo nó d'fhorála a rinneadh faoi na hailt sin, agus féadfaidh aon fheidhm den tsórt sin a bheith ina feidhm mhodhnaithe nó ina feidhm gan modhnú agus a bheith i dteannta nó in ionad forál atá sna hAchta.

Caibidil VI.

Leasuithe ar na hAchta um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, 1935 go 1948.

Léiriú (Caibidil VI, Cuid VI).

102. —(1) Sa Chaibidil seo—

ciallaíonn “na hAchta” na h Achta um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, 1935 go 1948;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, 1935 (Uimh. 29 de 1935) .

(2) Forléireofar an Chaibidil seo agus na hAchta mar aon ní amháin.

Comhdhéanamh agus rátaí pinsean (ranníocach) baintreach.

103. —(1) Cuirfear an t-alt seo a leanas sa Phríomh-Acht in ionad ailt 10 (a cuireadh isteach le halt 41 d'Acht 1948):—

“10.—(1) Faoi réir forál an Achta seo, is do réir an ráta atá leagtha amach sa Táible a ghabhas leis an bhfo-alt seo a bheas pinsean (ranníocach) baintrí is iníoctha le baintreach dhuine árachaithe:—

AN TAIBLE.

Rátaí Seachtainiúla Pinsean (Ranníocach) Baintreach.

Baintreach, gan aon leanbh cáilithe

Baintreach, leanbh cáilithe amháin

Baintreach, beirt leanaí cáilithe nó níos mó

(1)

(2)

(3)

24 scillinge

31 scillinge

38 scillinge

(2) Nuair a bheas feidhm á tabhairt don Táible a ghabhas le fo-alt (1) den alt seo—

(a) beidh éifeacht ag colún (2) i gcás ina bhfuil leanbh cáilithe amháin (agus gan níos mó ná sin) a chónaíos go rialta leis an mbaintreach agus—

(i) a chónaíodh go rialta léi sin nó leis an bhfear céile díreach róimh bhás an fhir chéile, nó

(ii) is leanbh nó leas-leanbh leis an bhfear céile agus a tháinig chun cónaí go rialta léi sin tar éis bháis an fhir chéile,

(b) beidh éifeacht ag colún (3) i gcás ina bhfuil beirt leanaí cáilithe nó níos mó a chónaíos go rialta leis an mbaintreach agus—

(i) a chónaíodh go rialta léi sin nó leis an bhfear céile díreach roimh bhás an fhir chéile, nó

(ii) is leanaí nó leas-leanaí leis an bhfear céile agus a tháinig chun cónaí go rialta léi sin tar éis bháis an fhir chéile.

(c) beidh éifeacht ag colún (1) in aon chás eile.

(3) San Acht seo—

forléireofar tagairtí do liúntas (ranníocach) linbh—

(a) i gcás ina bhfuil éifeacht ag colún (2) den Táible a ghabhas le fo-alt (1) den alt seo—mar thagairtí don mhéid sin den phinsean (ranníocach) baintrí arb é an bhreis é atá ag an méid a sonraítear i gcolún (2) ar an méid a sonraítear i gcolún (1);

(b) i gcás ina bhfuil éifeacht ag colún (3) den Táible a ghabhas le fo-alt (1) den alt seo—mar thagairtí do gach leath den mhéid sin de phinsean (ranníocach) baintrí arb é an bhreis é atá ag an méid a sonraítear i gcolún (3) ar an méid a sonraítear i gcolún (1);

forléireofar tagairtí do liúntas (ranníocach) baintrí—

(a) i gcás ina bhfuil éifeacht ag colún (1) den Táible a ghabhas le fo-alt (1) den alt seo—mar thagairtí d'iomlán an phinsin (ranníocach) bhaintrí,

(b) in aon chás eile—mar thagairtí don mhéid sin den phinsean (ranníocach) baintrí nach bhfuil aon liúntas (ranníocach) linbh ar áireamh ann.”

(2) Íocfar isteach i gCiste Pinsean na mBaintreach agus na nDílleachtaí, as airgead a sholáthrós an tOireachtas, pé suim is dóigh leis an Aire agus leis an Aire Airgeadais is gá faoi chomhair an chaiteachais bhreise a leanfas as an alt seo i gcaitheamh na tréimhse dár tosach an 4ú lá d'Iúil, 1952, agus dár críoch an 5ú lá de Dheireadh Fómhair, 1952, agus íocfar amhlaidh an tsuim sin i pé slí agus pé trátha a chinnfeas an tAire Airgeadais.

(3) Tiocfaidh fo-ailt (1) agus (2) den alt seo i ngníomh an 4ú lá d'Iúil, 1952.

Rátaí pinsean (ranníocach) dílleachtaí.

104. —(1) Cuirfear an t-alt seo a leanas sa Phríomh-Acht in ionad ailt 12 (a cuireadh isteach le halt 42 d'Acht 1948):—

“12. Is do réir deich scillinge sa tseachtain a bheas pinsean (ranníocach) dílleachta.”

(2) Íocfar isteach i gCiste Pinsean na mBaintreach agus na nDílleachtaí, as airgead a sholáthrós an tOireachtas, pé suim is dóigh leis an Aire agus leis an Aire Airgeadais is gá faoi chomhair an chaiteachais bhreise a leanfas as an alt seo i gcaitheamh na tréimhse dár tosach an 4ú lá d'Iúil, 1952, agus dár críoch an 5ú lá de Dheireadh Fómhair, 1952, agus íocfar amhlaidh an tsuim sin i pé slí agus pé trátha a chinnfeas an tAire Airgeadais.

(3) Tiocfaidh fo-ailt (1) agus (2) den alt seo i ngníomh an 4ú lá d'Iúil, 1952.

Comhdhéanamh agus rátaí pinsean (neamhranníocach) baintreach.

105. —(1) Cuirfear an t-alt seo a leanas sa Phríomh-Acht in ionad ailt 20 (a cuireadh isteach le halt 48 d'Acht 1948):—

“20.—(1) Faoi réir forál an Achta seo, is é an ráta ar dá réir a bheas pinsean (neamhranníocach) baintrí iníoctha—

(a) maidir leis an tréimhse dár tosach an 4ú lá d'Iúil, 1952, agus dár críoch an lú lá d'Eanáir, 1953—an ráta atá leagtha amach i dTáible A a ghabhas leis an bhfo-alt seo, agus

(b) amhail ar an 2ú lá d'Eánair, 1953, agus ón lá sin amach —an ráta atá leagtha amach i dTáible B a ghabhas leis an bhfo-alt seo.

TAIBLE A.

Rátaí Seachtainiúla Pinsean (Neamhranníocach) Baintreach.

Baintreach, gan aon leanbh cáilithe

Baintreach, leanbh cáilithe amháin

Baintreach, beirt leanaí cáilithe nó níos mó

(1)

(2)

(3)

20 scilling

26 scillinge

32 scilling

TAIBLE B.

Rátaí Seachtainiúla Pinsean (Neamhranníocach) Baintreach.

Acmhainn na Baintrí

Rátai seachtainiúla

Baintreach, gan aon leanbh cáilithe

Baintreach, leanbh cáilithe amháin

Baintreach, beirt leanal cáilithe nó níos mó

(1)

(2)

(3)

(4)

Scillinge

Scillinge

Scillinge

Má bhíonn acmhainn bhliantúil na baintrí, arna ríomh go cuí—

gan bheith níos mó ná £52 10s. 0d.      ...     ...     ...

20

26

32

níos mó ná  £52 10s. 0d. gan bheith níos mó ná  £65 10s. 0d.

15

21

27

 ,,   ,,   ,,    £65 10s. 0d.  ,,     ,,      ,,   ,,   ,,    £78 10s. 0d.

10

16

22

 ,,   ,,   ,,    £78 10s. 0d.  ,,     ,,      ,,   ,,   ,,  £104 15s. 0d.  

 5

11

17

 ,,   ,,   ,,  £104 15s. 0d.  ,,     ,,      ,,   ,,   ,, £117 15s. 0d. 

Neamhní

 6

12

 ,,   ,,   ,,  £117 15s. 0d.  ,,     ,,      ,,   ,,   ,, £130 15s. 0d. 

Neamhní

Neamhní

 6

 ,,   ,,   ,,  £130 15s. 0d.      ...     ...     ...     ...     ...

Neamhní

Neamhní

Neamhní

(2) Ar an 2ú lá d'Eanáir, 1953, agus dá éis, déanfar acmhainn bhaintrí a ríomh do réir na rialacha atá sa Seachtú Sceideal a ghabhas leis an Acht Leasa Shóisialaigh, 1952.

(3) Nuair a bheas feidhm á tabhairt do Tháible A a ghabhas le fo-alt (1) den alt seo—

(a) beidh éifeacht ag colún (2) i gcás ina bhfuil leanbh cáilithe amháin (gan níos mó ná sin) a chónaíos go rialta leis an mbaintreach agus—

(i) a chónaíodh go rialta léi sin nó leis an bhfear céile díreach roimh bhás an fhir chéile, nó

(ii) is leanbh nó leas-leanbh leis an bhfear céile agus a tháinig chun cónaí go crialta léi sin tar éis bháis an fhir chéile,

(b) beidh éifeacht ag colún (3) i gcás ina bhfuil beirt leanaí cáilithe nó níos mó a chónaíos go rialta leis an mbaintreach agus—

(i) a chónaíodh go rialta léi sin nó leis an bhfear céile díreach roimh bhás an fhir chéile, nó

(ii) is leanaí nó leas-leanaí leis an bhfear céile agus a tháinig chun cónaí go rialta léi sin tar éis bháis an fhir chéile.

(c) beidh éifeacht ag colún (1) in aon chás eile.

(4) Nuair a bheas feidhm á tabhairt do Tháible B a ghabhas le fo-alt (1) den alt seo—

(a) beidh éifeacht ag colúin (1) agus (3) i gcás ina bhfuil leanbh cáilithe amháin (agus gan níos mó ná sin) a chónaíos go rialta leis an mbaintreach agus—

(i) a chónaíodh go rialta léi sin nó leis an bhfear céile díreach roimh bhás an fhir chéile, nó

(ii) is leanbh nó leas-leanbh leis an bhfear céile agus a tháinig chun cónaí go rialta léi sin tar éis bháis an fhir chéile,

(b) beidh éifeacht ag colúin (1) agus (4) i gcás ina bhfuil beirt leanaí cáilithe nó níos mó a chónaíos go rialta leis an mbaintreach agus—

(i) a chónaíodh go rialta léi sin nó leis an bhfear céile díreach roimh bhás an fhir chéile, nó

(ii) is leanaí nó leas-leanaí leis an bhfear céile agus a tháinig chun cónaí go rialta léi sin tar éis bháis an fhir chéile,

(c) beidh éifeacht ag colúin (1) agus (2) in aon chás eile.

(5) Má dhéanann baintreach a bhfuair a fear céile bás roimh an 4ú lá d'Iúil, 1952, éileamh ar phinsean (neamhranníocach) baintrí i rith na tréimhse dár tosach an 5ú lá d'Iúil, 1952, agus dár críoch an 4ú lá de Dheireadh Fómhair, 1952, agus go ndéanfar an t-éileamh tar éis trí mhí i ndiaidh bás an fhir chéile, tosnóidh an pinsean, má deontar é, ar fhaibhriú an 4ú lá d'Iúil, 1952.

(6) Má dhéanann baintreach a bhfuair a fear céile bás roimh an 2ú lá d'Eanáir, 1953, éileamh ar phinsean (neamhranníocach) baintrí i rith na tréimhse dár tosach an 3ú lá d'Eanáir, 1953, agus dár críoch an 2ú lá d'Aibreán, 1953, agus go ndéanfar an t-éileamh tar éis trí mhí i ndiaidh bás an fhir chéile, tosnóidh an pinsean, má deontar é, ar fhaibhriú an 2ú lá d'Eanáir, 1953.

(7) San Acht seo—

forléireofar tagairtí do liúntas (neamhranníocach) linbh—

(a) i gcás ina bhfuil éifeacht ag colún (2) de Tháible A a ghabhas le fo-alt (1) den alt seo—mar thagairtí don mhéid sin den phinsean (neamhranníocach) baintrí arb é an bhreis é atá ag an méid a sonraítear i gcolún (2) ar an méid a sonraítear i gcolún (1),

(b) i gcás ina bhfuil éifeacht ag colún (3) de Tháible A a ghabhas le fo-alt (1) den alt seo—mar thagairtí do gach leath den mhéid sin den phinsean (neamhranníocach) baintrí arb é an bhreis é atá ag an méid a sonraítear i gcolún (3) ar an méid a sonraítear i gcolún (1),

(c) i gcás ina bhfuil éifeacht ag colúin (1) agus (3) de Tháible B a ghabhas le fo-alt (1) den alt seo—mar thagairtí don mhéid sin den phinsean (neamhranníocach) baintrí arb é an bhreis é atá ag an méid iomchuí a sonraítear i gcolún (3) ar an méid comhréire (fiú más neamhní é) a sonraítear i gcolún (1),

(d) i gcás ina bhfuil éifeacht ag colúin (1) agus (4) de Tháible B a ghabhas le fo-alt (1) den alt seo—mar thagairtí do gach leath den mhéid sin den phinsean (neamhranníocach) baintrí arb é an bhreis é atá ag an méid iomchuí a sonraítear i gcolún (4) ar an méid comhréire (fiú más neamhní é) a sonraítear i gcolún (2);

forléireofar tagairtí do liúntas (neamhranníocach) baintrí—

(a) i gcás ina bhfuil éifeacht ag colún (1) de Tháible A nó ag colúin (1) agus (2) de Tháible B a ghabhas le fo-alt (1) den alt seo—mar thagairtí d'iomlán an phinsin (neamhranníocach) bhaintrí,

(b) in aon chás eile—mar thagairtí don mhéid sin (más ann) den phinsean (neamhranníocach) baintrí nach bhfuil aon liúntas (neamhranníocach) linbh ar áireamh ann.”

(2) Íocfar isteach i gCiste Pinsean na mBaintreach agus na nDílleachtaí, as airgead a sholáthrós an tOireachtas, pé suim is dóigh leis an Aire agus leis an Aire Airgeadais is gá faoi chomhair an chaiteachais bhreise a leanfas as an alt seo i gcaitheamh na tréimhse dár tosach an 4ú lá d'Iúil, 1952, agus dár críoch an lú lá d'Eanáir, 1953, agus íocfar amhlaidh an tsuim sin i pé slí agus pé trátha a chinnfeas an tAire Airgeadais.

(3) Tiocfaidh fo-ailt (1) agus (2) den alt seo i ngníomh an 4ú lá d'Iúil, 1952.

Rátaí pinsean (neamhranníocach) dílleachtaí.

106. —(1) Cuirfear an t-alt seo a leanas sa Phríomh-Acht in ionad ailt 25 (a cuireadh isteach le halt 53 d'Acht 1948):—

“25. (1) Faoi réir forál an Achta seo, is do réir an ráta atá leagtha amach sa Táible a ghabhas leis an bhfo-alt seo a bheas pinsean (neamhranníocach) dílleachta:

AN TAIBLE.

Rátaí Seachtainiúla Pinsean (Neamhranníocach) Dílleachtaí.

Acmhainn an Dílleachta

Na rátaí seachtainiúla

s.   d.

Má bhíonn acmhainn bhliantúil an dílleachta, arna ríomh go cuí—

gan bheith níos mó ná £6 12s. 6d.     ...     ...     ...           ...

10   0

níos mó ná £6 12s. 6d. gan bheith níos mó ná £13  2s. 6d.     ...

  7   6

 ,,   ,,   ,,  £13  2s. 6d.  ,,     ,,     ,,    ,,        £19 12s. 6d.    ...

  5   2

 ,,   ,,   ,,  £19 12s. 6d.  ,,     ,,      ,,   ,,       £26  5s. 0d.     ...

  2   6

 ,,   ,,   ,,  £26  5s. 0d.     ...     ...     ...     ...     ...             ...

Neamhní

(2) Déanfar acmhainn dílleachta a ríomh do réir na rialacha atá sa Seachtú Sceideal a ghabhas leis an Acht Leasa Shóisialaigh, 1952.

(3) Íocfar isteach i gCiste Pinsean na mBaintreach agus na nDílleachtaí, as airgead a sholáthrós an tOireachtas, pé suim is dóigh leis an Aire agus leis an Aire Airgeadais is gá faoi chomhair an chaiteachais bhreise a leanfas as an alt seo i gcaitheamh na tréimhse dár tosach an 4ú lá d'Iúil, 1952, agus dár críoch an lú lá d'Eanáir, 1953, agus íocfar amhlaidh an tsuim sin i pé slí agus pé trátha a chinnfeas an tAire Airgeadais.

(4) Tiocfaidh fo-ailt (1), (2) agus (3) den alt seo i ngníomh an 4ú lá d'Iúil, 1952.

Leasú ar alt 38 den Phríomh-Acht agus ar an Dara Sceideal a ghabhas leis.

107. —(1) Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 38 den Phríomh-Acht—

(i) trí na focail “fé réir forálacha míre (b) den fho-alt so” a scrios,

(ii) tríd an bhfocal “sa” a chur in ionad na bhfocal “i gCuid I den” i mír (a),

(iii) tríd an bhfocal “agus” ag deireadh míre (a) a scrios, agus

(iv) trí mhír (b) a scrios.

(2) Leasaítear leis seo fo-alt (3) d'alt 38 den Phríomh-Acht—

(i) trí na focail “nó go hiomlán ag an bhfostóir” a scrios,

(ii) trí na focail “Chuid a bhaineann leis an gcás den” a scrios.

(3) Cuirfear isteach sa Phríomh-Acht, in ionad an Dara Sceidil a ghabhas leis (a cuireadh isteach le halt 45 d'Acht 1948), an méid seo a leanas:—

“AN DARA SCEIDEAL.

Na Rátaí Ranníoca.

Ráta Ranníoca sa tseachtain

Iníoctha i gcás daoine fostaithe

Ag an bhfostóir

Ag an duine fostaithe

s.   d.

s.   d.

s.   d.

Ranníoca i gcás fear

...

...

1   4

0   8

0   8

Ranníoca i gcás ban

...

...

0  10

0   8

0   2

(4) Tiocfaidh fo-ailt (1), (2) agus (3) den alt seo i ngníomh an 6ú 1á de Dheireadh Fómhair, 1952.

Leasú ar alt 40 den Phríomh-Acht.

108. —(1) I bhfo-alt (1) d'alt 40 den Phríomh-Acht, cuirfear na focail “scilling agus ceithre pingne” in ionad na bhfocal “aon phingin déag agus leathphingin” (a cuireadh isteach le halt 46 d'Acht 1948).

(2) I bhfo-alt (3) d'alt 40 den Phríomh-Acht, cuirfear na focail “ocht bpingne” in ionad na bhfocal “sé pingne” (a cuireadh isteach le halt 46 d'Acht 1948).

(3) Tiocfaidh fo-ailt (1) agus (2) den alt seo i ngníomh an 6ú lá de Dheireadh Fómhair, 1952.

Leasú ar alt 3 den Phríomh-Acht.

109. —(1) Cuirfear an t-alt seo a leanas sa Phríomh-Acht in ionad ailt 3:—

“3. (1) San Acht seo agus sa Seachtú Sceideal a ghabhas leis an Acht Leasa Shóisialaigh, 1952, mar bheirtear feidhm dó leis an Acht—

ciallaíonn ‘ dílleachta ’—

(a) leanbh cáilithe is leanbh dlisteanach, a bhfuil a thuismitheoirí marbh agus, má tá leas-thuismitheoir aige, nach gcónaíonn go rialta leis an leas-thuismitheoir ná le duine atá pósta, agus a chónaíos, leis an leas thuismitheoir, nó

(b) leanbh cáilithe, is leanbh neamh-dhlisteanach, a bhfuil a mháthair marbh agus a bhfuil a athair marbh nó nach fios cé hé a athair agus, má mhaireann fear céile a mháthar, nach gcónaíonn go rialta leis an bhfear céile sin ná le bean atá pósta, agus a chónaíos, leis an bhfear céile sin;

ciallaíonn ‘ leanbh cáilithe ’ duine—

(a) atá faoi bhun sé bliana déag d'aois,

(b) a bhfuil gnáth-chónaí air sa Stát, agus

(c) nach bhfuil ar coinneáil i scoil cheartúcháin ná i scoil saothair;

ní thagrann ‘fear céile’, maidir le bean a phós níos mó ná uair amháin, ach don fhear céile is déanaí aici.

(2) I gcás leanbh cáilithe d'uchtáil faoi aon Acht a dhéanas socrú i dtaobh leanaí d'uchtáil (pé acu roimh thosach feidhme an ailt seo nó dá éis sin a rithfear é), ansin, chun críocha an Achta seo—

(a) áireofar an leanbh feasta amhail is dá mba é leanbh an uchtóra nó na n-uchtóirí é a rugadh dó, di nó dóibh de phósadh dleathach agus nár leanbh dhuine ar bith eile é agus, má ba dhílleachta é díreach sarar huchtaíodh é, amhail is nár dhílleachta feasta é, agus

(b) i gcás gan ach an t-aon uchtóir amháin a bheith ann, má bhíonn, tar éis na huchtála, aon fheidhm á tabhairt maidir leis an leanbh don mhíniú ar ‘ dílleachta ’ atá i bhfo-alt (1) den alt seo, cuirfear ‘ a bhfuil a thuismitheoir marbh ’ i mír (a) den mhíniú sin in ionead ‘ a bhfuil a thuismitheoirí marbh ’.

(3) Chun críocha an Achta seo agus an tSeachtú Sceidil a ghabhas leis an Acht Leasa Shóisialaigh, 1952, mar bheirtear feidhm dó leis an Acht seo, déanfar aon cheist i dtaobh cónaí rialta linbh cháilithe a chinneadh do réir fo-ailt (2) d'alt 5 den Acht Liúntas Leanaí (Leasú), 1946 (Uimh. 8 de 1946) , agus na rialacha faoin bhfo-alt sin, ach ní measfar na ceanglais maidir le cónaí rialta a bheith gan comhlíonadh ag aon leanbh a raibh liúntas iníoctha ina leith faoin Acht seo an 3ú lá d'Iúil, 1952.

(4) Aon leanbh ba leanbh cáilithe mura mbeadh gnáthchónaí a bheith air i dtír cheaptha, áireofar é, chun críocha Coda II den Acht seo, amhail is dá mba leanbh cáilithe é.”

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an 4ú lá d'Iúil, 1952.

Leasú ar alt 11 den Phríomh-Acht.

110. —(1) Leasaítear leis seo alt 11 den Phríomh-Acht trí mhír (b) a scrios.

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an 4ú lá d'Iúil, 1952.

Leasú ar alt 14 den Phríomh-Acht.

111. —(1) Déantar leis seo alt 14 den Phríomh-Acht, arna leasú le halt 10 den Acht um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, 1937 ( Uimh. 11 de 1937 ), a leasú tuilleadh—

(a) trí na focail “aon phinsean (ranníocach) baintrí is iníoctha le baintreach” a chur in ionad na bhfocal “an méid sin (más aon mhéid é) de phinsean (síntiúsach) bhaintrighe is iníoctha le baintrigh, gurb é a bheidh ann ná liúntas (síntiúsach) na baintrighe” agus na focail “an pinsean sin” a chur in ionad na bhfocal “liúntas (síntiúsach) san na baintrí”, i bhfo-alt (1), agus

(b) trí fho-alt (2) a scrios.

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an 4ú lá d'Iúil, 1952.

Leasú ar alt 21 den Phríomh-Acht.

112. —(1) Leasaítear leis seo alt 21 den Phríomh-Acht (a cuireadh isteach le halt 49 d'Acht 1948) trí na focail “leis an bhfear sin” a scrios agus na focail “is leanbh cáilithe a chónaíos go rialta léi sin agus a chónaíodh go rialta léi nó leis an bhfear céile díreach roimh bhás an fhir chéile nó is leanbh nó leasleanbh leis an bhfear chéile agus a tháinig chun cónaí go rialta léi sin tar éis bháis an fhir chéile” a chur in ionad na bhfocal “faoi bhun na haoise ceaptha”.

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an 4ú lá d'Iúil, 1952.

Leasú ar alt 23 den Phríomh-Acht.

113. —(1) Déantar leis seo alt 23 den Phríomh-Acht, arna leasú le halt 15 den Acht um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, 1937 ( Uimh. 11 de 1937 ), agus alt 51 d'Acht 1948, a leasú tuilleadh—

(a) trí fho-ailt (1) agus (2) a scrios, agus

(b) trí na focail “ghlan sheachtainiúl” a scrios as fo-alt (4) agus na focail “ailt 20 den Acht seo (a cuireadh isteach le halt 105 den Acht leasa Shóisialaigh, 1952)” a chur sa bhfo-alt sin in ionad na bhfocal “an ailt seo”.

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an 2ú lá d'Eanáir, 1953.

Leasú ar alt 24 den Phríomh-Acht.

114. —(1) Leasaítear leis seo alt 24 den Phríomh-Acht (a cuireadh isteach le halt 52 d'Acht 1948) trí na focail “atá, de thuras na huaire, faoi bhun na haoise ceaptha” a scrios.

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an 4ú lá d'Iúil, 1952.

Leasú ar alt 26 den Phríomh-Acht.

115. —(1) Déantar leis seo alt 26 den Phríomh-Acht, arna leasú le halt 17 den Acht um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, 1937 ( Uimh. 11 de 1937 ), agus alt 54 d'Acht 1948, a leasú tuilleadh—

(a) trí fho-ailt (1) agus (2) a scrios, agus

(b) trí na focail “ghlan sheachtainiúil” a scrios as fo-alt (5) agus na focail “ailt 25 den Acht seo (a cuireadh isteach le halt 106 den Acht Leasa Shóisialaigh, 1952)” a chur sa bhfo-alt sin in ionad na bhfocal “an ailt seo”.

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an 4ú lá d'Iúil, 1952.

Alt 28 den Phríomh Acht a scor.

116. —Scoirfidh alt 28 den Phríomh-Acht d'éifeacht a bheith aige amhail ar an 4ú lá d'Iúil, 1952, agus ón lá sin amach.

Leasú ar alt 30 den Phríomh-Acht.

117. —(1) Leasaítear leis seo alt 30 den Phríomh-Acht—

(a) trí na focail “an méid sin de phinsean (ranníocach) baintrí arb é an liúntas (ranníocach) baintrí nó an liúntas (neamhranníocach) baintrí é” a chur in ionad na bhfocal “pinsin bhaintrí” agus an focal “méid” a chur in ionad an fhocail “phinsin” i bhfo-alt (1), agus

(b) trí na focail i ndiaidh “ag an mbaintrigh sin” a scrios as fo-alt (2) agus na focail “chun pinsin bhaintrí agus beidh sí dícháilithe chun sin d'íoc léi” a chur ina n-ionad.

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an 4ú lá d'Iúil, 1952.

Leasú ar alt 33 den Phríomh-Acht.

118. —(1) Leasaítear leis seo alt 33 den Phríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (3) i ndiaidh míre (a):—

“(aa) i gcás pinsin (neamhranníocach) bhaintrí nach mbeidh an liúntas (neamhranníocach) baintrí ar áireamh ann, go ndéanfar aon liúntas (neamhranníocach) linbh a bheas ar áireamh sa phinsean sin d'íoc, in ionad é d'íoc leis an bpinsinéir, le duine éigin eile chun tairbhe don leanbh ar ina leith a bheas an liúntas (neamhranníocach) linbh sin iníoctha, nó”.

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an 4ú lá d'Iúil, 1952.

Cosaint.

119. —(1) Aon duine ag a raibh teideal, díreach roimh an 4ú lá d'Iúil, 1952, chun pinsin (ranníocach) bhaintrí, pinsin (ranníocach) dílleachta, pinsin (neamhranníocach) bhaintrí nó pinsin (neamhranníocach) dílleachta, ní lú a gheobhas, i bhfoirm pinsin den tsórt sin, ar an 4ú lá d'Iúil, 1952, nó dá éis, ná mar gheobhadh dá mba nár hachtaíodh ailt 103, 104, 105, 106, 109, 110, 111, 112, 114, agus 117 den Acht seo.

(2) Aon duine ag a raibh teideal chun pinsin (neamhranníocach) bhaintrí díreach roimh an 2ú lá d'Eanáir, 1953, ní lú a gheobhaidh, i bhfoirm pinsin den tsórt sin, ar an 2ú lá d'Eanáir, 1953, nó dá éis, ná mar gheobhadh dá mba nár hachtaíodh alt 105 den Acht seo.

Aois a shlánú.

120. —(1) Chun críocha na nAcht um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, 1935 go 1952, measfar nach bhfuil sé bliana déag d'aois slán ag duine go dtí tosach an lae atá cothrom sé bliana déag ón lá a rugadh é, agus mar sin d'aon aois eile.

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an 2ú lá d'Eanáir, 1953.

Feidhm forál Arithe den ácht seo.

121. —Féadfar, le rialacháin, feidhm maidir le pinsin (neamhranníocach) bhaintreach agus dílleachtaí a thabhairt d'aon chuid d'fhorála ailt 29, 31 agus 41 go 48 den Acht seo nó d'fhorála a rinneadh faoi na hailt sin, agus féadfaidh aon fheidhm den tsórt sin bheith ina feidhm mhodhnaithe nó ina feidhm gan modhnú agus bheith i dteannta nó in ionad forál atá sna hAchta.

Caibidil VII.

Leasú ar an Acht Arachais (Breac-Dhíomhaointeas), 1942.

Leasú ar an Acht Arachais (Breac-Dhíomhaointeas), 1942.

122. —(1) Leasaítear leis seo mar leanas an tAcht Arachais (Breac-Dhíomhaointeas), 1942 (Uimh. 7 de 1942) :—

(i) cuirfear an mhír seo a leanas in ionad míre (a) d'alt 24:—

“(a) ranníoca seachtainiúla d'íoc trí stampaí greamaitheacha (dá ngairmtear stampaí arachais fhorlíontaigh san Acht seo) a greamófar de leabhair nó de chártaí (dá ngairmtear faoi seach san Acht seo leabhair dífhostaíochta forlíontacha agus cártaí dífhostaíochta forlíontacha) nó ar shlí eile, agus i dtaobh na slí ina mbeidh, na dtráth a bheas, agus na gcoinnioll faoina mbeidh stampaí árachais fhorlíontaigh le greamú nó íocaíochtaí le déanamh ar shlí eile”;

(ii) cuirfear an fhoráil seo a leanas isteach ag deireadh ailt 24:—

“Aon rialacháin faoin alt seo a fhorálfas go mbeidh ranníoca seachtainiúla le n-íoc, de roghain na ndaoine a dhlífeas iad d'íoc—

(a) trí stampaí árachais fhorlíontaigh, nó

(b) ar shlí éigin eile a tharraingeodh níos mó caiteachais riaracháin ar na Ranna Stáit iomchuí ná mar tarraingeofaí dá mba trí stampaí árachais fhorlíontaigh a híocfaí na ranníoca,

féadfaidh, le toiliú an Aire Airgeadais, foráil a bheith iontu go mbeidh na táillí ordaithe iníoctha leis an Aire ag aon duine a ghlacfas aon tslí eile den tsórt sin agus go mbeid inghnóthuithe uaidh ag an Aire. Ní bheidh feidhm ag an Public Offices Fees Act, 1879, maidir leis na táillí sin agus baileofar agus glacfar gach táille den tsórt sin i pé slí a threorós an tAire Airgeadais ó am go ham agus íocfar isteach sa Stát-Chiste nó cuirfear chun tairbhe don Stát-Chiste iad do réir treoracha an Aire sin.”

(iii) i bhfo-alt (3) d'alt 43 cuirfear na focail “nó ar shlí eile” isteach i ndiaidh na bhfocal “dá leabhar díomhaointis fhorlíontaigh” ,

(iv) i mír (a) d'fho-alt (3) d'alt 52 cuirfear na focail “eolas a bheith curtha” in ionad na bhfocal “seilbh nó fáil do bheith” agus cuirfear na focail “leis an Aire” isteach i ndiaidh an fhocail “leor”.

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an lá ceaptha.

Feidhm forál áirithe den Acht seo.

123. —Féadfar, le rialacháin, feidhm maidir le hárachas i gcoinne breac-dhífhostaíochta faoin Acht Arachais (Breac-Dhíomhaointeas), 1942 (Uimh. 7 de 1942) , a thabhairt d'aon chuid d'fhorála alt 29 agus 41 go 48 den Acht seo nó d'fhorála a rinneadh faoi na hailt sin, agus féadfaidh aon fheidhm den tsórt sin a bheith ina feidhm mhodhnaithe nó ina feidhm gan modhnú agus a bheith i dteannta nó in ionad forál atá san Acht Arachais (Breac-Dhíomhaointeas), 1942 .

AN CHEAD SCEIDEAL.

Fostaíochtaí agus Fostaíochtaí Eiscithe.

Alt 4.

Cuid I.

Fostaíochtaí.

1. Fostaíocht sa Stát faoi aon chonradh seirbhíse nó printíseachta, i scríbhinn nó ó bhéal, sainráite nó intuigthe, agus pé acu an fostóir nó duine éigin eile a íocas an duine fostaithe, agus pé acu faoi fhostóir amháin nó níos mó dhó, agus pé acu do réir ama nó do réir taisc nó go páirteach do réir ama agus go páirteach do réir taisc, nó ar shlí eile, a híoctar é, nó gan aon ocaíocht airgid.

2. Fostaíocht faoi chonradh den tsórt adúradh—

(i) mar mháistir nó duine d'fhoirinn—

(I) aon loinge atá cláraithe sa Stát, nó

(II) aon loinge nó árthaigh eile a bhfuil a húnaer nó má tá níos mó ná únaer amháin uirthi, a bhfuil a húnaer bainistí nó a bainisteoir, ina chónaí, nó a bhfuil a phríomh-áit ghnótha aige, sa Stát, nó

(ii) mar chaptaen nó duine d'fhoirinn—

(I) aon aerárthaigh atá cláraithe sa Stát, nó

(II) aon aerárthaigh eile a bhfuil a húnaer nó, má tá níos mó ná únaer amháin uirthi, a bhfuil a húnaer bainistí nó a bainisteoir, ina chónaí, nó a bhfuil a phríomh-áit ghnótha aige, sa Stát.

3. (a) Fostaíocht i Stát-Sheirbhís an Rialtais.

(b) Fostaíocht de shórt go meastar nó gurb inmheasta, faoi alt 24 den Acht Aoisliúntas, 1936 (Uimh. 39 de 1936) , gur seirbhís i Stát-Seirbhís an Rialtais seirbhís an duine fhostaithe inti.

4. Fostaíocht mar chomhalta de na Fórsaí Cosanta.

5. Fostaíocht faoi aon údarás áitiúil nó údarás poiblí eile.

6. Fostaíocht mar dhuine d'fhoirinn bháid iascaigh i gcás, inarb é amháin is luach saothair don duine fostaithe cion de na brabúis nó den mhór-thuilleamh as an árthach d'oibriú.

7. Fostaíocht mar eachtar-oibrí, is é sin le rá, duine a dtugtar earraí nó ábhair dó le déanamh suas, le glanadh, le ní, le hathrú, le hórnáidiú, le críochnú, le deisiú, nó le hoiriúnú chun a ndíolta ina bhaile féin nó in áitreabh eile nach bhfuil faoi rialú ná faoi bhainistí an duine a thug amach na hearraí nó na hábhair chun críocha trádála nó gnótha an duine dheiridh sin.

Cuid II.

Fostaíochtaí Eiscithe.

1. Fostaíocht do réir ráta luach saothair is fiú níos mó ná sé chéad punt sa bhliain nó, i gcásanna nach ngabhann ach seirbhís pháirt-aimsire leis an bhfostaíocht sin do réir ráta luach saothair is comhionann le ráta luach saothair is mó ná sé chéad punt sa bhliain do sheirbhís lán-aimsire.

2. Fostaíocht i seirbhís fir chéile nó mná céile an duine fhostaithe.

3. Fostaíocht ócáideach seachas chun críocha trádála nó gnótha an fhostóra, agus seachas chun críocha aon chluiche nó siamsa ina ndéantar na daoine a fostaítear d'fhruiliú nó d'íoc trí chlub.

4. Fostaíocht ag gaol a bhfuil comhgas a hordófar aige leis an duine fostaithe, agus is fostaíocht i gcomhbhaile an fhostóra agus an duine fhostaithe nó fostaíocht a bheas sonraithe le rialacháin a bheith ar comhréir le fostaíocht i gcomhbhaile an fhostóra agus an duine fhostaithe.

5. Fostaíocht a bheas sonraithe le rialacháin a bheith de shaghas gur mar fho-fhostaíocht amháin agus nach mar phríomhshlí bheatha a gabhtar léi.

6. Fostaíocht a bheas sonraithe le rialachán a bheith ina mionfhostaíocht.

AN DARA SCEIDEAL.

Rátaí Ranníoca Fostaíochta.

Alt 6.

1. Ach amháin sna cásanna dá dtagartar i míreanna 2 agus 3 den Sceideal seo, beidh ranníoca fostaíochta gnáth-ráta ann mar leanas:

(a) iníoctha ag an ranníocóir 2s. fostaithe:

4d. i gcás ranníocóra fhostaithe fhireann agus 1s. 4d. i gcás ranníocóra fhostaithe bhaineann.

(b) iníoctha ag an bhfostóir: 2s.

4d. i gcás ranníocóra fhostaithe fhireann agus 2s. 0d. i gcás ranníocóra fhostaithe bhaineann.

2. Más fostaíocht ranníocóra fhostaithe fhireann í agus gur fostaíocht le talmhaíocht í go formhór, beidh ranníoca fostaíochta ráta speisialta ann mar leanas:

(a) iníoctha ag an ranníocóir fostaithe:

1s.  3d

(b) iníoctha ag an bhfostóir:

1s.  3d

3. Más fostaíocht ranníocóra fhostaithe bhaineann í agus gur fostaíocht le talmhaíocht nó le seirbhís tís í go formhór, beidh ranníoca fostaíochta ráta speisialta ann mar leanas:

(a) iníoctha ag an ranníocóir fostaithe:

9d.

(b) iníoctha ag an bhfostóir:

1s  3d

AN TRIU SCEIDEAL.

An Ráta nó an Méid Sochair.

Ailt 14 , 26 , 27

Cuid I.

Rátaí sochar tréimhsiúla agus rátaí na méaduithe orthu.

An Cineál Sochair

Ráta seachtainiúil

Méadú i leith cleithiúnaí aosaithe (má tá iníoctha)

Méadú i leith linbh cháilithe nó i leith gach duine de bheirt leanaí cáilithe (má tá iníoctha)

(1)

(2)

(3)

(4)

Scillinge

Scillinge

Scillinge

1. Sochar Míchumais agus Sochar Dífhostaíochta:

 (a) i gcás daoine os cionn ocht mbliana déag d'aois—

(i) d'fhear, bean singil nó baintreach, bean phósta atá ina cónaí ar leithligh óna fear céile agus nach bhféadann aon chúnamh airgid d'fháil óna fear céile, nó bean phósta a bhfuil teideal aici chun méaduithe i leith linbh cháilithe nó i leith gach duine de bheirt leanaí cáilithe nó i leith fir chéile     ...     ...

24

12

7

(ii) d'aon bhean phósta eile     ...

18

(b) i gcás daoine faoi bhun ocht mbliana déag d'aois—

má tá teideal ag an duine chun méaduithe i leith linbh cháilithe nó i leith gach duine de bheirt leanaí cáilithe nó i leith cleithiúnaí aosaithe     ...     ...     ...

24

12

7

Mura bhfuil teideal den tsórt sin ag an duine     ...

18

2. Liúntas Máithreachais     ...     ...

24

3. Pinsean (ranníocach) Baintrí     ...

24

7

4. Liúntas (ranníocach) Dílleachta

10

Cuid II.

Méid Deontas.

An Cineál deontais

An Méid

(1)

(2)

Puint

1. Deontas Pósta

...

...

...

...

...

10

2. Deontas Máithreachais

...

...

...

...

2

AN CEATHRU SCEIDEAL.

Coinníollacha Ranníoca.

Ailt 14 .

1. Sochar míchumais nó sochar dífhostaíochta.

Is iad na coinníollacha ranníoca i gcás sochair mhíchumais nó sochair dífhostaíochta:—

(a) go mbeidh ar a laghad fiche agus sé ranníoc fostaíochta íoctha i leith an éilitheora in aghaidh na tréimhse ó theacht faoi árachas don éilitheoir go dtí an lá a bhfuil an sochar á éileamh ina aghaidh, agus

(b) go mbeidh ar a laghad caoga ranníoc fostaíochta íoctha nó creidiúnaithe i leith an éilitheora in aghaidh na bliana ranníoca iomláine deiridh roimh thosach na bliana sochair ina bhfuil an lá a bhfuil an sochar á éileamh ina aghaidh,

ach, maidir le sochar dífhostaíochta, déanfar ranníoca fostaíochta, faoi mhír (3) den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, a híocadh i leith an éilitheora, d'fhágaint as an áireamh nuair a beifear á chinneadh, chun críocha gach coinníoll acu sin roimhe seo, cad é an méid ranníoc fostaíochta a híocadh i leith an éilitheora.

2. Sochar Pósta.

Is iad na coinníollacha ranníoca i gcás sochair phósta—

(a) go mbeidh ar a laghad céad caoga agus sé ranníoc fostaíochta íoctha i leith an éilitheora in aghaidh na tréimhse a thosnaigh ar í a theacht faoi árachas agus á chríochnaigh díreach roimh dháta a pósta, agus

(b) go mbeidh ar a laghad caoga ranníoc fostaíochta íoctha nó creidiúnaithe i leith an éilitheora in aghaidh na bliana ranníoca iomláine deiridh roimh dháta a pósta.

3. Sochar Máithreachais.

(a) Deontas Máithreachais.

Is iad na coinníollacha ranníoca i gcás deontais mháithreachais:—

(i) go mbeidh ar a laghad fiche agus sé ranníoc fostaíochta íoctha i leith an duine iomchuí in aghaidh na tréimhse a thosnaigh ar an duine sin a theacht faoi árachas agus a chríochnaigh díreach roimh an dáta luí seoil, agus

(ii) go mbeidh ar a laghad fiche agus sé ranníoc fostaíochta íoctha nó creidiúnaithe i leith an duine sin in aghaidh na bliana ranníoca iomláine deiridh roimh thosach na bliana sochair ina bhfuil an t-am iomchuí nó in aghaidh bliana ranníoca iomláine dá éis sin roimh an am iomchuí.

Sa bhfo-mhír seo, ciallaíonn “duine iomchuí” an duine a dhlíos na coinníollacha a chomhlíonadh agus ciallaíonn “am iomchuí” an dáta luí seoil nó, más é an fear céile an duine iomchuí agus go raibh seisean tar éis bháis nó os cionn aoise inphinsin ar an dáta sin, an dáta a shlánaigh sé aois inphinsin nó a fuair sé bás faoin aois sin.

(b) Liúntas Máithreachais.

Is iad na coinníollacha ranníoca i gcás liúntais mháithreachais—

(i) go mbeidh ar a laghad fiche agus sé ranníoc fostaíochta íoctha i leith an éilitheora roimh an am iomchuí, agus

(ii) go mbeidh ar a laghad fiche agus sé ranníoc fostaíochta íoctha nó creidiúnaithe i leith an éilitheora in aghaidh na bliana ranníoca iomláine deiridh roimh an am iomchuí.

Sa bhfo-mhír seo, ciallaíonn “am iomchuí” dáta tosnuithe na séú seachtaine roimh dheireadh na seachtaine tuartha luí seoil.

4. Pinsean (ranníocach) baintrí.

Is iad na coinníollacha ranníoca i gcás pinsin (ranníocach) bhaintrí—

(a) go mbeidh ar a laghad céad, caoga agus sé ranníoc fostaíoctha íoctha i leith an fhir chéile in aghaidh na tréimhse a thosnaigh ar a theacht faoi árachas agus a chríochnaigh díreach roimh an am iomchuí agus

(b) má bhíonn, ag an am iomchuí, ceithre bliana nó tréimhse is sia ná sin caite ó theacht faoi árachas don fhear céile, nach lú ná tríocha agus a naoi meán-uimhir na ranníoc a bheas íoctha nó creidiúnaithe ina leith in aghaidh gach ceann de na trí bliana ranníoca, nó (más cuí é do réir a thaifid árachais) de na cúig bliana ranníoca, a chríochnaigh i ndeireadh na bliana ranníoca iomláine deiridh roimh an am iomchuí,

ach, mura mbeidh na coinníollacha sin roimhe seo comhlíonta do réir taifid árachais an fhir chéile, is cead a gcomhlíonadh do réir taifid árachais na baintrí d'áireamh mar chomhlíonadh cuí (agus neamhaird a thabhairt ar thaifead árachais an fhir chéile).

Sa mhír seo ciallaíonn “am iomchuí” an dáta a shlánaigh an fear céile aois inphinsin nó a fuair sé bás faoin aois sin nó, más do réir taifid árachais na baintrí a comhlíontar na coinníollacha, an dáta a fuair an fear céile bás.

5. Liúntas (Ranníocach) dílleachta.

Is é an coinníoll ranníoca i gcás liúntais (ranníocach) dílleachta, go mbeidh ar a laghad fiche agus sé ranníoc fostaíochta íoctha i leith duine acu seo a leanas:—

(a) athair nó máthair an dílleachta,

(b) leas-athair nó leas-mháthair an dílleachta.

AN CUIGIU SCEIDEAL.

Achtacháin a hAthghairmtear.

Alt 66.

Siosón agus Caibidil nó Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Méid na hAthghairme

(1)

(2)

(3)

1 & 2 Geo. V, c. 55.

National Insurance Act, 1911.

An tAcht iomlán.

3 & 4 Geo. V, c. 37.

National Insurance Act, 1913.

An tAcht iomlán.

5 & 6 Geo. V, c. 29.

National Insurance (Part I Amendment) Act, 1915.

An tAcht iomlán.

7 & 8 Geo. V, c. 15.

National Insurance (Part I Amendment) Act, 1917.

An tAcht iomlán.

7 & 8 Geo. V, c. 62.

National Health Insurance Act, 1918.

An tAcht iomlán.

9 & 10 Geo. V, c. 36.

National Health Insurance Act, 1919.

An tAcht iomlán.

10 & 11 Geo. V, c. 10.

National Health Insurance Act, 1920.

An tAcht iomlán.

10 & 11 Geo. V, c. 30.

Unemployment Insurance Act, 1920.

An tAcht iomlán.

11 & 12 Geo. V, c. 1.

Unemployment Insurance Act, 1921.

An tAcht iomlán.

11 & 12 Geo. V, c. 15.

Unemployment Insurance (No. 2) Act, 1921.

An tAcht iomlán.

12 & 13 Geo. V, c. 7.

Unemployment Insurance Act, 1922.

An tAcht iomlán.

Uimh. 17 de 1923 .

An tAcht um Arachas Díomhaointis, 1923 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 20 de 1923 .

An tAcht um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1923 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 26 de 1924 .

An tAcht um Arachas Díomhaointis, 1924 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 30 de 1924 .

An tAcht um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1924 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 59 de 1924 .

An tAcht um Arachas Díomhaointis (Uimh. 2), 1924 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 21 de 1926 .

An tAcht um Arachas Díomhaointis, 1926 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 42 de 1929 .

An tAcht um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1929 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 33 de 1930 .

An tAcht um Arachas Díomhaointis, 1930 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 13 de 1933 .

An tAcht um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1933 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 44 de 1933 .

An tAcht um Arachas Díomhaointis, 1933 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 29 de 1935 .

An tAcht um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, 1935 .

Ailt 5, 9, 11, 38, 40 go 42 agus 66 go 75.

Uimh. 12 de 1936 .

An tAcht um Arachas Sláinte Náisiúnta agus um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, 1936 .

Cuid II.

Uimh. 3 de 1941 .

An tAcht um Arachas Díomhaointis, 1941.

An tAcht iomlán.

Uimh. 5 de 1942 .

An tAcht um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1942 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 20 de 1943 .

An tAcht um Arachas Díomhaointis, 1943 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 23 de 1945 .

An tAcht Arachais Dífhostaíochta, 1945 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 37 de 1946 .

An tAcht Arachais Dífhostaíochta, 1946 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 9 de 1947 .

An tAcht um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1947 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 17 de 1948 .

An tAcht Leasa Shóisialaigh, 1948 .

Cuid III agus Cuid IV.

AN SEU SCEIDEAL.

Leasuithe ar Achtacháin Áirithe.

Alt 68.

Cuid I.

Leasuithe ar an Acht um Chúnamh Dhíomhaointis, 1933

(Uimh. 46 de 1933).

1. Cuirfear an mhír seo a leanas in ionad míre (f) d'fho-alt (3) d'alt 10 agus míre (f) d'fho-alt (1) d'alt 15:—

“(f) i gcás baintrí nó mná singile nach bhfuil aon chleithiúnaí aici, gur híocadh caoga agus dhá ranníoc ar a laghad ina leith i gcaitheamh na tréimhse iomchuí.

Is ranníoc chun críche na míre seo gach ranníoc acu seo a leanas agus ní hea aon ranníoc eile:—

(i) ranníoc faoi na hAchta Arachais Dífhostaíochta 1920 go 1952,

(ii) ranníoc fostaíochta do réir an ghnáth-ráta faoin Acht Leasa Shóisialaigh, 1952.

Sa mhír seo, ciallaíonn ‘ an tréimhse iomchuí ’—.

(I) más sa chéad, sa dara, sa tríú nó sa cheathrú bliain ranníoca faoin Acht Leasa Shóisialaigh, 1952, do dháta an iarratais iomchuí—an tréimhse cheithre bliana a chríochnaigh díreach roimh an mbliain ranníoca sin, agus

(II) in aon chás eile—an tréimhse cheithre bliana ranníoca faoin Acht sin a chríochnaigh díreach roimh an mbliain ranníoca faoin Acht sin ina bhfuil dáta an iarratais.”

2. Cuirfear an fho-mhír seo a leanas i ndiaidh fo-mhíre (vi) de mhír (b) d'fho-alt (1) d'alt 13:—

“(vii) aon airgead a gheofar i bhfoirm shochair mhíchumais, shochair dífhostaíochta, shochair phósta nó shochair mháithreachais faoin Acht Leasa Shóisialaigh, 1952.”

3. Cuirfear na fo-ailt seo a leanas in ionad fo-alt (1) agus (2) d'alt 21:—

“(1) Is duine a cheapfas an tAire chuige sin a bheas ina Mholtóir chun críocha an Achta seo.

(2) Cinnfidh an tAire Airgeadais luach saothair an Mholtóra.

(2A) Féadfair a fhoráil le rialacháin a dhéanfas an tAire faoin Acht seo go gceapfaidh an tAire duine chun gníomhú in ionad an Mholtóra mura féidir leis an Moltóir bheith i láthair nó má bhíonn sé éagumasach.

(2B) Beidh cúirt réiteoirí chun críocha an Achta seo comhdhéanta de chomhalta amháin nó níos mó a roghnófar chun fostóirí d'ionadú, maraon leis an líon céanna de chomhaltaí a roghnófar chun daoine atá árachaithe faoin Acht Leasa Shóisialaigh, 1952, d'ionadú, agus le cathaoirleach a cheapfas an tAire.

(2C) Féadfar a fhoráil le rialacháin a dhéanfas an tAire faoin Acht seo go bhféadfar, le toiliú an iarratasóra nó an duine nó an chomhlachais a mbaineann an cheist lena chás, ach nach bhféadfar gan an toiliú sin, dul ar aghaidh le haon iarratas nó ceist a tuairiscíodh nó a tarchuireadh chun cúirte réiteoirí, d'ainneoin aon chomhalta nó comhaltaí den chúirt seachas an cathaoirleach a bheith as láthair, agus in aon chás den tsórt sin measfar, d'ainneoin aon ní san Acht seo, an Chúirt a bheith comhdhéanta go cuí, agus más réidh-uimhir líon na gcomhaltaí beidh an dara vóta nó vóta réitigh ag an gCathaoirleach.

(2D) Ceapfaidh an tAire, do pé ceantair agus do pé cearda nó grúpa ceard is oiriúnach leis, rollaí de dhaoine a roghnófar chun fostóirí agus daoine atá árachaithe faoin Acht Leasa Shóisialaigh, 1952, d'ionadú faoi seach, agus déanfar na comhaltaí de chúirt réiteoirí a bheas le roghnú chun fostóirí agus daoine atá árachaithe faoin Acht Leasa Shóisialaigh, 1952, a roghnú as na rollaí sin sa tslí ordaithe.

(2E) Faoi réir a ndúradh, cinnfear comhdhéanamh cúirteanna réiteoirí le rialacháin faoin Acht seo.

(2F) Féadfaidh an tAire pé luach saothair d'íoc le cathaoirleach agus comhaltaí eile cúirte réiteoirí, agus pé liúntais taistil agus liúntais eile (lena n-áirítear, faoi réir a bhforáltar anseo ina dhiaidh seo, cúiteamh i gcailliúint aimsire tuillimh) d'íoc le haon chathaoirleach nó comhaltaí den tsórt sin nó le haon daoine ar a gceanglófar teacht i láthair aon chúirte den tsórt sin, agus pé caiteachais eile d'íoc i ndáil le haon réiteoirí, a chinnfeas an tAire le ceadú an Aire Airgeadais:

Ar choinníoll nach n-íocfar cúiteamh i gcailliúint aimsire le haon duine in aghaidh aon aimsire a bheas sé ag fáil luach saothair faoin alt seo.”

Cuid II.

Leasú ar an Acht um Chúnamh Dhíomhaointis (Leasú), 1935

(Uimh. 38 de 1935).

Cuirfear an focal agus an mhír seo a leanas i ndiaidh fo-mhíre (iv) de mhír (d) d'fho-alt (1) d'alt 9:—

“nó

(v) aon tsochair mhíchumais, sochair dífhostaíochta, liúntais mháithreachais nó pinsin (ranníocach) bhaintrí faoin Acht Leasa Shóisialaigh, 1952.”

Cuid III.

Leasuithe ar an Acht Arachais (Breac-Dhíomhaointeas), 1942

(Uimh. 7 de 1942).

1. Cuirfear an fo-alt seo a leanas in ionad fo-ailt (4) d'alt 10:—

“(4) (a)  Féadfar foráil a dhéanamh le rialacha Cúirte chun gach achomharc agus tarchur chun na hArd-Chúirte faoin alt seo a rialáil agus déanfaidh na rialacha sin foráil chun tórainn a chur leis an tréimhse ina bhféadfar achomharc a thionscnamh agus chun aon achomharc nó tarchur den tsórt sin a chinneadh go hachomair agus chun a cheangal go dtabharfar fógra don Aire i dtaobh aon achomhairc den tsórt sin.

(b) I gcaitheamh na tréimhse idir athghairm fo-ailt (3) d'alt 10 den Unemployment Insurance Act, 1920, leis an Acht Leasa Shóisialaigh, 1952, agus déanamh rialacha de bhun míre (a) den fho-alt seo, beidh feidhm maidir le gach achomharc agus tarchur chun na hArd-Chúirte faoin alt seo ag na rialacha Cúirte a raibh, díreach roimh an athghairm sin, feidhm acu de bhuaidh an fho-ailt sin chun achomharc agus tarchur chun na hArd-Chúirte a rialáil.”

2. I bhfo-alt (2) d'alt 30 cuirfear na focail “an cárta árachais reatha a heisíodh chuige faoin Acht Leasa Shóisialaigh, 1952, in ionad na bhfocal “an leabhar díomhaointis reatha bheidh tugtha amach dó fén Unemployment Insurance Act, 1920”.

3. Cuirfear an fo-alt seo a leanas in ionad fo-ailt (4) d'alt 30:—

“(4) I gcás gan cárta árachais reatha dhuine árachaithe, a heisíodh faoin Acht Leasa Shóisialaigh, 1952, a bheith i seilbh a fhostóra lá áirithe, agus oifigeach áitiúil dá dheimhniú nár seachadadh an cárta sin in oifig áitiúil i ndáil le héileamh ar shochar dífhostaíochta faoin Acht Leasa Shóisialaigh, 1952, ná le hiarratas ar chúnamh dífhostaíochta faoin Acht um Chúnamh Dhíomhaointis, 1933 (Uimh. 46 de 1933) , in aghaidh an lae sin, measfar, chun críocha an dara coinníll reachtúil, an cárta sin a bheith i seilbh an fhostóra sin an lá sin.”

4. I bhfo-ailt (1) agus (2) d'alt 38 cuirfear na focail “an Achta um Chúnamh Dhíomhaointis, 1933” in ionad na bhfocal “an Unemployment Insurance Act, 1920”.

5. I mír (b) d'fho-alt (2) d'alt 39 cuirfear na focail “oifigeach breithiúnachta chun críocha an Achta Leasa Shóisialaigh, 1952” in ionad na bhfocal “oifigeach árachais chun crícheanna an Unemployment Insurance Act, 1920”.

6. I bhfo-alt (4) d'alt 43 cuirfear na focail “cárta árachais reatha (a heisíodh faoin Acht Leasa Shóisialaigh, 1952)” in ionad na bhfocal “leabhar díomhaointis reatha (arna thabhairt amach faoin Unemployment Insurance Act, 1920)”.

7. In alt 44 cuirfear na focail “Acht Leasa Shóisialaigh, 1952”, agus i bhfo-alt (2) d'alt 48 cuirfear na focail “Achta Leasa Shóisialaigh, 1952”, in ionad na bhfocal “Unemployment Insurance Act, 1920”.

8. I mír 1 den Chéad Sceideal cuirfear na focail “in aon oifig, post nó fostaíocht inphinsin i mbuan-fheadhmannas” in ionad na bhfocal “nó fé bhord poiblí a bheidh eiscithe de thuras na huaire ó fhorálacha an Unemployment Insurance Act, 1920, tré oibriú orduithe speisialta arna dhéanamh fé mhír (c) de Chuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht sin”.

9. Scriosfar mír 2 den Chéad Sceideal.

AN SEACHTU SCEIDEAL.

Rialacha Maidir le Ríomh Acmhainne.

Ailt 77. , 105 agus 106.

1. Nuair a bheas acmhainn duine á ríomh, cuirfear i gcuntas na nithe seo a leanas:—

(I) luach bliantúil aon mhaoine leis an duine (nach maoin a úsáideas nó a shealbhaíos an duine go pearsanta) atá infheistithe nó curtha chun úsáide tairbhiúla ar shlí eile ag an duine nó, cé go bhféadfaí í d'infheistiú nó d'úsáid go tairbhiúil, nach bhfuil infheistithe nó curtha chun úsáide tairbhiúla amhlaidh ag an duine, agus is mar leanas a ríomhfar luach bliantúil na maoine:

(a) eisiafar an chéad £25 de luach caipitiúil na maoine, agus

(b) glacfar gurb é luach bliantúil an chéad £375 eile de luach caipitiúil na maoine an fichiú cuid den luach caipitiúil, agus

(c) glacfar gurb é luach bliantúil na coda sin de luach caipitiúil na maoine is mó ná £400 an deichiú cuid den luach caipitiúil,

ach ní cuirfear i gcuntas faoi aon fhoráil eile de na Rialacha seo aon leithreasú ar an maoin chun críocha caiteachais reatha;

(II) an t-ioncam go léir in airgead (lena n-áirítear, i gcás pinsean faoi na hAchta um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, 1935 go 1952, glan-luach airgid aon tuillimh neamhairgid as saothar pearsanta) ar réasúnach don duine súil a bheith aige leis i gcaitheamh na bliana i ndiaidh dáta an ríofa, ach ní háireofar—

(a) aon ioncam i bhfoirm chúnaimh ghinearálta faoin Acht um Chúnamh Phoiblí, 1939 (Uimh. 27 de 1939) ,

(b) aon tsuimeanna as maoin a bheas infheistithe nó curtha chun úsáide tairbhiúla (nach maoin a úsáideas nó á shealbhaíos an duine go pearsanta),

(c) aon tsuimeanna i bhfoirm pinsin, liúntais, cúnaimh nó sochair faoi Achta na bPinsean Sean-Aoise, 1908 go 1952, na hAchta um Chúnamh Dífhostaíochta, 1933 go 1952, na hAchta um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, 1935 go 1952, na hAchta Liúntas Leanaí, 1944 agus 1946, nó Cuid III den Acht seo,

(d) aon ioncam as bónas faoi scéim a riaras an tAire Oideachais chun deontais speisialta a thabhairt do dhaoine a chónaíos sa Ghaeltacht nó sa Bhreac-Ghaeltacht agus is tuismitheoirí nó caomhnóirí leanaí a fhreastalas bunscoileanna,

(e) aon ioncam as íocaíochtaí saorálacha nó as aiscí sa mhéid nach mó é ná £52 5s. 0d. sa bhliain,

(f) aon ioncam i bhfoirm íocaíaochtaí faoi alt 44 den Acht Sláinte, 1947 ( Uimh. 28 de 1947 ), ó údarás sláinte leis an duine nó lena chleithiúnaithe nó ina leith,

(g) méid aon liúntais, liúntais speisialta, liúntais chleithiúnaí, pinsin mhíchumais nó pinsin chréachta faoi na h Achta Arm-Phinsean, 1923 go 1949, nó aon phinsin faoi Acht na bPinsean Seirbhíse Míleata, 1924 go 1949, nó méid aon liúntas den tsórt sin agus aon-phinsean den tsórt sin i dteannta a chéile ach amháin an oiread a ghabhas an méid sin thar £80 sa bhliain,

(h) i gcás daill, a thuilleamh (lena n-áirítear páigh agus brabús ó aon tsórt féin-fhostaíochta) mar dhall ach amháin má ríomhtar agus sa mhéid go ríomhfar méid bliantúil an tuillimh sin a dhul thar méid a comhaireofar mar leanas:

(i) más fear an duine—£52, móide £39 má tá bean chéile ina cónaí leis nó á cothabháil go hiomlán nó go formhór aige nó, más fear singil nó baintreach é, má tá baineannach os cionn sé bliana déag d'aois á cothabháil go hiomlán nó go formhór aige chun aire a thabhairt do leanbh nó leanaí cáilithe a chónaíos go rialta leis, móide £26 i leith gach linbh cháilithe a chónaíos go rialta leis,

(ii) más bean an duine—£52, móide £26 i leith gach linbh cháilithe a chónaíos go rialta léi, móide £39 má tá a fear céile á chothabháil go hiomlán nó go formhór aici agus é éagumasach ar é féin a chothú mar gheall ar easláine éigin choirp nó mheabhrach,

(i) aon ioncam as deontas nó liúntas de bhun scéime chun leasa dall, a hullmhaíodh faoi alt 2 den Blind Persons Act, 1920,

agus, in éagmais meáin eile chun é a dhéanamh amach, glacfar gurb é an t-ioncam sin an t-ioncam a fuarthas iarbhír i gcaitheamh na bliana díreach roimh dháta an ríofa;

(III) luach bliantúil aon bhuntáiste a fhaibhríos chun an duine as úsáid nó seilbh mhaoine (seachas troscán agus éifeachtaí pearsanta) a úsáideas nó a shealbhaíos an duine go pearsanta.

2. (1) Faoi réir míre (2) den Riail seo, má dhealraíonn sé duine ar bith a bheith, roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin, tar éis aon ioncam nó maoin a chur uaidh nó uaithi go díreach nó go neamhdhíreach chun é féin nó í féin a cháiliú chun an pinsean áirithe d'fháil, nó chun é d'fháil do réir ráta is airde ná an ráta a mbeadh teideal aige nó aici chuige mura mbeadh sin, glacfar chun críocha na Rialacha seo, gur cuid d'acmhainn an duine sin an t-ioncam sin nó luach bliantúil na maoine sin.

(2) (a) Faoi réir fo-mhíre (b) den mhír seo, ní bhainfidh mír (1) den Riail seo le haon tsannadh—

(i) is sannadh chun linbh nó leanaí leis an sannóir, agus

(ii) is sannadh ar mhaoin arb é atá inti feirm thalún (i dteannta nó d'éagmais an stoic agus na hairnéise uirthi) nach mó ná £30 a luach inrátuithe (lena n-áirítear na foirgintí uirthi) agus arb é an sannóir a húnaer agus a háititheoir nó arb é a haititheoir amháin é.

(b) Ní bhainfidh fo-mhír (a) den mhír seo le sannadh ag duine a bhí, aon tráth laistigh de na trí bliana a chríochnaigh an uair a rinneadh an t-éileamh iomchuí ar phinsean nó an t-iarratas iomchuí ar mhéadú pinsin, ina únaer agus ina áititheoir ar aon tailte talmhaíochta ar mó ná £30 a luach inrátuithe nó comhshuim a luach inrátuithe nó nach raibh an tráth sin ach ina áititheoir ar na tailte sin nó ina únaer agus ina áititheoir ar chuid de na tailte sin agus ina áititheoir ar an gcuid eile.

(c) Sa mhír seo folaíonn “sannadh” tíolacadh, aistriú nó idirbheart eile d'aon tsórt trína scarann duine le húnaeracht nó seilbh mhaoine.

3.  (1) I gcás pinsean faoi Achta na bPinsean Sean-Aoise, 1908 go 1952, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas nuair a beifear ag ríomh acmhainn duine de lánú phósta a chónaíos le chéile:

(a) glacfar gurb é acmhainn an duine leath acmhainne iomláine na lánúna pósta;

(b) measfar teideal a bheith ag an duine chun leath na maoine uile a bhfuil teideal chuici ag an duine sin nó ag an duine eile den lánú phósta nó a bhfuil teideal chuici i gcomhpháirt ag an duine sin agus ag an duine eile den lánú phósta;

(c) chun críocha na Rialach seo déanfar acmhainn gach duine den lánú phósta a chinneadh ar dtús do réir na Rialacha seo (agus gach duine acu á áireamh mar iarratasóir ar phinsean nó ar phinsean do réir ráta is airde) agus is í an acmhainn iomlán comhshuim acmhainne gach duine ar leith acu arna cinneadh amhlaidh;

(d) nuair a gheobhas duine de lánú phósta bás, ní déanfar aon ní a háiríodh chun críocha pinsin, nó a háireofaí amhlaidh (dá mbeadh teideal ag an duine marbh sin chun aon phinsean d'fháil), mar acmhainn leis an duine marbh, d'áireamh amhlaidh mar acmhainn leis an marthanóir d'fhonn pinsean an mharthanóra a laghdú, má rinneadh aon íocaíocht i leith an phinsin sin roimh bhás an duine mhairbh nó má bhíonn aon íocaíocht iníoctha in aghaidh tréimhse ar caitheadh a hiomlán nó cuid di roimh an mbás sin.

(2) Má bhíonn fear céile scartha óna bhean chéile, déanfar aon tsuim atá á híoc aige léi faoi ordú scarúna a bhaint as a acmhainn nuair a beifear á ríomh sin.

4. Measfar, i gcás pinsean (neamhranníocach) baintreach, go bhfuil ar áireamh in acmhainn bhaintrí—

(a) má bhíonn leanbh cáilithe amháin (agus gan níos mó ná sin) ina chónaí go rialta léi—aon acmhainn leis an leanbh (gan aon ioncam airgid as saothar pearsanta d'áireamh),

(b) má bhíonn beirt leanaí cáilithe (agus gan níos mó ná sin) ina gcónaí go rialta léi—aon acmhainn leis na leanaí (gan aon ioncam airgid as saothar pearsanta d'áireamh),

(c) má bhíonn níos mó ná beirt leanaí cáilithe ina gcónaí go rialta léi—acmhainn beirte de na leanaí, á ghlacadh chun na críche seo gurb é meán-mhéid acmhainne na leanaí go léir acmhainn gach linbh ar leith acu (gan aon ioncam airgid as saothar pearsanta d'áireamh).