25 1952


Uimhir 25 de 1952.


AN tACHT UCHTÁLA, 1952.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRUITHE CHUN LEANAÍ D'UCHTÁIL. [13ú Nollaig, 1952.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

CUID I.

Réamhráiteach agus Ginearálta.

Gearrtheideal.

1. —Féadfar an tAcht Uchtála, 1952 , a ghairm den Acht seo.

Tosach feidhme.

2. —Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh pé lá a cheapfas an tAire le hordú.

Mínithe.

3. —San Acht seo—

ordú uchtála.

ciallaíonn “ordú uchtála” ordú faoi alt 9;

an Bord

ciallaíonn “an Bord” an comhlucht a bunaítear le halt 8;

leanbh.

ciallaíonn “leanbh” (ach amháin mar a n'éilíonn an comh. théacs a mhalairt) aon duine faoi bhun bliain agus fiche d'aois;

caomhnóir.

ciallaíonn “caomhnóir”, maidir le leanbh, duine a ceapadh, do réir dlí, chun bheith ina chaomhnóir ar phearsa an linbh, le gníomhas nó le huacht nó le hordú ó chúirt dlínse inniúla;

ordú eatraimh,

ciallaíonn “ordú eatraimh” ordú faoi alt 17;

an tAire.

ciallaíonn “an tAire” an tAire Dlí agus Cirt;

dílleachta.

ciallaíonn “dílleachta” leanbh a bhfuil a thuismitheoirí marbh;

tuismitheoir.

ní fholaíonn “tuismitheoir” athair nádúrtha linbh neamhdhlisteanaigh;

ordú.

ciallaíonn an briathar “ordú” ordú le rialacha faoi alt 5;

cumann uchtála cláraithe.

ciallaíonn “cumann uchtála cláraithe” comhlucht daoine atá taifeadta sa Chlár de Chumainn Uchtála;

gaol.

ciallaíonn “gaol” seanathair nó seanmháthair, deartháir, deirfiúr, uncal nó aintín, lánfhola nó leathfhola nó ó chleamhnas, agus is de thaobh na máthar amháin a déanfar gaolmhaireacht le leanbh neamhdhlisteanach a chomhaireamh.

Comhshocraíochta a dhéanamh chun leanbh d'uchtáil.

4. —San Acht seo forléireofar tagairtí do chomhshocraíochta a dhéanamh chun leanbh d'uchtáil mar thagairtí a fholaíos tagairtí do na nithe seo a leanas:—

(a) aon chomhaontú nó comhshocraíocht a dhéanamh chun, nó mar éascú chun, an leanbh dá uchtáil nó dá chothabháil ag aon duine, agus

(b) aon iomairle a thionscnamh, nó páirt a ghlacadh in aon iomairle, arb é is críoch nó éifeacht di aon chomh aontú nó comhshocraíocht den tsórt sin a dhéanamh, agus

(c) a thabhairt ar dhuine eile aon iomairle den tsórt sin a thionscnamh nó páirt a ghlacadh inti.

Rialacha.

5. —Féadfaidh an Bord, le toiliú an Aire, rialacha a dhéanamh chun a nós imeachta a rialú nó i dtaobh aon ní dá dtagartar san Acht seo mar ní ordaithe.

Cionta ag comhluchta corpraithe.

6. —Má dhéanann comhlucht corpraithe aon chion faoin Acht seo agus go gcruthófar gur héascaíodh é a dhéanamh trí aon fhaillí ag aon duine ba stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí nó oifigeach eile don chomhlucht corpraithe, beidh an duine sin freisin ciontach sa chion agus féadfar imeachta a bhunú ina choinne agus é a phionósú dá réir.

Caiteachais.

7. —Na caiteachais faoina raghaidh Aire Stáit nó an Bord ag riaradh an Achta seo, déanfar, a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais, iad d'íoc as airgead a sholáthrós an tOireachtas.

CUID II.

Orduithe Uchtála.

An Bord Uchtála.

8. —(1) Beidh comhlucht ann dá ngairmfear an Bord Uchtála (ar a dtugtar an Bord san Acht seo) chun na feidhmeanna a ceaptar dó leis an Acht seo a chomhlíonadh.

(2) Cathaoirleach agus seisear gnáthchomhaltaí a bheas ar an mBord.

(3) Is é an Rialtas a cheapfas an Cathaoirleach agus na gnáthchomhaltaí.

(4) Ní ceapfar aon duine ina Chathaoirleach mura bhfuil nó mura raibh sé ina Bhreitheamh den Chúirt Uachtarach, den Ard-Chúirt, den Chúirt Chuarda nó den Chúirt Dúiche nó murab abhcóide nó aturnae é le deich mbliana ar a laghad.

(5) Féadfaidh an Bord gníomhú d'ainneoin folúntas amháin a bheith ina chomhaltas.

(6) Bainfidh forála an Chéad Sceidil leis an mBord.

Cumhacht chun ordú uchtála a dhéanamh.

9. —(1) Féadfaidh an Bord, ar iarratas ó dhuine ar mian leis leanbh d'uchtáil, ordú a dhéanamh chun an duine sin d'uchtáil an linbh.

(2) Más lánú phósta na hiarratasóirí is ordú chun iad d'uchtáil an linbh i gcomhpháirt a déanfar.

Leanaí a féadfar d'uchtáil.

10. —Ní déanfar ordú uchtála mura rud é—

(a) gur sa Stát atá cónaí ar leanbh, agus

(b) go bhfuil an leanbh, ar dháta an iarratais, sé mhí ar a laghad agus gan bheith thar seacht mbliana d'aois, agus

(c) gur leanbh neamhdhlisteanach nó dílleachta an leanbh.

Daoine a fhéadfas ordú uchtála d'iarraidh.

11. —(1) Ní déanfar ordú uchtála mura rud é—

(a) gur lánú phósta atá ina gcónaí le chéile na hiarratasóirí, nó

(b) gurb í máthair an linbh nó gurb é a athair nádúrtha nó gur gaol dó an t-iarratasóir, nó

(c) gur baintreach an t-iarratasóir.

(2) Ní déanfar ordú chun níos mó ná duine amháin d'uchtáil linbh, ach amháin i gcás lánún pósta atá ina gcónaí le chéile.

(3) Ní déanfar ordú uchtála mura rud é—

(a) go bfhuil tríocha bliain d'aois slán ag an iarratasóir, agus más lánú phósta na hiarratasóirí ag an mbeirt acu, nó

(b) go bhfuil bliain agus fiche d'aois slán ag an iarratasóir agus gurb í máthair an linbh nó gurb é a athair nádúrtha nó gur gaol dó an t-iarratasóir, nó

(c) gur lánú phósta na hiarratasóirí agus gurb í an bhean chéile máthair an linbh agus go bhfuil bliain agus fiche d'aois slán aici féin nó ag a fear céile, nó

(d) gur lánú phósta na hiarratasóirí agus gurb é athair nádúrtha an linbh, nó gur gaol don leanbh, duine acu agus go bhfuil bliain agus fiche d'aois slán acu beirt.

(4) Ní déanfar ordú uchtála mura bfhuil cónaí sa Stát ar na hiarratasóirí.

(5) Ní déanfar ordú uchtála mura rud é gur saoránach Éireannach an t-iarratasóir nó, más lánú phósta na hiarratasóirí, gur saoránach Éireannach an fear céile nó go raibh gnáthchónaí sa Stát ar an iarratasóir nó ar an bhfear céile ar feadh na gcúig mblian roimh dháta an iarratais.

Creideamh.

12. —(1) Ní déanfar ordú uchtála mura gcomhlíontar coinníollacha an ailt seo maidir le creideamh.

(2) Ní foláir an t-iarratasóir nó na hiarratasóirí a bheith ar aon-chreideamh leis an leanbh agus lena thuismitheoirí nó, i gcás linbh neamhdhlisteanaigh, lena mháthair.

(3) Féadfaidh an Bord, ag féachaint d'imthosca speisialta aon cháis áirithe, ordú uchtála a dhéanamh d'ainneoin nach den aon-chreideamh na daoine go léir dá dtagartar i bhfo-alt (2), ar choinníoll gur comhalta de cheann de na haicmí creidimh seo a leanas gach duine ar leith acu, eadhon, Eaglais na hÉireann, an Eaglais Phresbitéarach in Éirinn, an Eaglais Mhetoidisteach in Éirinn, Creideamh-Chumann na gCarad in Éirinn, Aontas Baisteach na hÉireann, agus na Bráithre ar a dtugtar go coitianta Bráithre Plymouth.

(4) I gcás tuismitheora atá tar éis bháis measfar gurb é an creideamh a bhí aige i dtráth a bháis a chreideamh.

(5) I gcás linbh measfar gurb é an creideamh a bhfuiltear á thabhairt suas leis a chreideamh.

(6) Beidh de rogha ag an mBord an coinníoll maidir le creideamh tuismitheora a ligean thar ceal mura féidir leo é d'fhionnadh.

Oiriúnacht na n-uchtóirí.

13. —(1) Ní dhéanfaidh an Bord ordú uchtála mura deimhin leo gur duine dea-charachtair mhorálta an t-iarratasóir, gur leor a acmhainn chun an leanbh a chothú agus gur duine oiriúnach é chun cearta agus dualgais tuismitheora i leith an linbh a bheith aige.

(2) Más lánú phósta na hiarratasóirí, déanfaidh an Bord deimhin i dtaobh cáilíochta morálta agus oiriúnachta na beirte acu.

Toiliú le huchtáil.

14. —(1) Ní déanfar ordú uchtála gan toiliú gach duine acu seo a leanas, eadhon, máthair an linbh nó caomhnóir an linbh nó aon duine atá i gcúram nó i bhfeighil an linbh, mura ligfidh an Bord aon toiliú den tsórt sin thar ceal do réir an ailt seo.

(2) Féadfaidh an Bord toiliú aon duine a ligean thar ceal más deimhin leis an mBord nach bhfuil ar chumas an duine sin, de dheasca easláine meabhrach, a thoiliú a thabhairt nó nach féidir an duine sin d'fháil.

(3) Ní ligfear thar ceal toiliú coimircí chúirte ach amháin le ceadú na Cúirte.

(4) Féadfaidh duine toiliú le hordú uchtála a dhéanamh gan a fhios a bheith aige cé hé iarratasóir an orduithe.

(5) Is i scríbhinn sa bhfoirm ordaithe a bhéarfar toiliú.

(6) Féadfar toiliú a tharraingt siar aon tráth sara ndéanfar ordú uchtála.

Toiliú a bheith bailí.

15. —(1) Ní bheidh toiliú bailí mara dtabharfar é tar éis sé mhí d'aois a bheith slán ag an leanbh agus tráth nach luaithe ná trí mhí sara ndéanfar an t-iarratas uchtála.

(2) (a) Má athraíonn máthair linbh neamhdhlisteanaigh a creideamh laistigh de dhá mhí dhéag roimh bhreith an linbh, ní bheidh a toiliú le huchtáil an linbh bailí mura dtabharfar é tar éis bliain d'aois a bheith slán ag an leanbh.

(b) Má athraíonn sí a creideamh laistigh de dhá mhí dhéag tar éis na breithe, ní bheidh a toiliú bailí mura dtabharfar é dhá mhí dhéag ar a laghad tar éis an dáta lena nglacfaidh an Bord mar dháta athruithe a creidimh.

(3) Déanfaidh an Bord deimhin de, i dtaobh gach duine ar gá a thoiliú agus nár ligeadh a thoiliú thar ceal, gur thug sé a thoiliú agus go dtuigeann sé brí agus éifeacht an toilithe sin agus an orduithe uchtála.

Iarratais d'éisteacht.

16. —(1) Beidh na daoine seo a leanas, agus ní bheidh duine ar bith eile, i dteideal éisteacht d'fháil ar iarratas a dhéanamh ar ordú uchtála—

(a) na hiarratasóirí,

(b) máthair an linbh,

(c) caomhnóir an linbh,

(d) duine atá i gcúram nó i bhfeighil an linbh,

(e) gaol don leanbh,

(f) ionadaí do chumann uchtála cláraithe a bhfuil, nó a raibh tráth ar bith, baint aige leis an leanbh,

(g) sagart nó duine de chléir aon aicme creidimh a admhaíos an Bunreacht (nó, i gcás aon aicme creidimh den tsórt sin nach bhfuil cléir aici, ionadaí údaraithe don aicme chreidimh sin), má héilítear gur den aicme chreidimh sin an leanbh nó duine dá thuismitheoirí (pé acu beo nó marbh dó).

(h) oifigeach don Bhord,

(i) aon duine eile a gcinnfidh an Bord, dá rogha féin, éisteacht a thabhairt dó.

(2) Aon duine a mbeidh teideal aige éisteacht d'fháil, féadfaidh abhcóide nó aturnae feidhmiú ar a shon.

(3) Féadfaidh an Bord an t-iarratas go léir, nó aon chuid de, d'éisteacht go príobháideach.

(4) Má gheibheann an Bord fógra bhfuil imeachta ar feitheamh in aon chúirt bhreithiúnais maidir le coimeád linbh a bhfuil iarratas ina leith faoi bhráid an Bhoird, ní dhéanfaidh an Bord aon ordú sa chás go dtí go mbeidh breith tugtha ar na himeachta.

Orduithe eatraimh.

17. —(1) Nuair a déanfar iarratas ar ordú uchtála, féadfaidh an Bord, más dleathach an t-ordú uchtála a dhéanamh i gcúrsaí an cháis, an t-iarratas a chur ar atráth, más cuí leis é, agus ordú (dá ngairmtear san Acht seo ordú eatraimh) a dhéanamh ag tabhairt coimeád an linbh don iarratasóir go ceann tréimhse promhaidh nach sia ná dhá bhliain.

(2) Féadfaidh an Bord coinníollacha maidir le cothabháil, oideachas agus maoirsiú leasa an linbh a chur ag gabháil leis an ordú eatraimh.

(3) Féadfaidh an Bord an t-ordú eatraimh a chúlghairm, agus déanfaidh sé amhlaidh ar an duine dár tugadh coimeád an linbh, nó ar mháthair nó caomhnóir an linbh, dá iarraidh sin.

(4) Aon duine a shárós, pé acu trí ghníomh nó neamhghníomh é, coinníoll in ordú eatraimh, beidh sé ciontach i gcion agus, ar a chiontú ann go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air nó príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná dhá mhí dhéag nó an fhíneáil sin agus an phríosúntacht sin le chéile.

Athuchtáil.

18. —I gcás uchtóirí (nó uchtóir aonair) linbh a bheith tar éis bháis, féadfar ordú uchtála eile a dhéanamh do réir an Achta seo maidir leis an leanbh, agus chuige sin measfar gur leanbh dleathach leis na huchtóirí nó leis an uchtóir atá tar éis bháis an leanbh.

Uchtáil roimh dháta an Achta seo.

19. —(1) Má dhéanann duine iarratas ar ordú uchtála laistigh den tréimhse a ceaptar le fo-alt (5) agus go gcruthóidh sé chun sástachta an Bhoird go raibh an leanbh faoina chúram ó dháta roimh dháta an Achta seo a rith, beidh éifeacht ag forála an ailt seo.

(2) Féadfar an t-ordú uchtála a dhéanamh d'ainneoin an leanbh a bheith os cionn seacht mbliana d'aois ar dháta an iarratais.

(3) Má bhí an leanbh ina chónaí ar feadh trí bliana ar a laghad leis an iarratasóir agus go gcruthófar chun sástachta an Bhoird gur thoiligh máthair an linbh leis an iarratasóir d'uchtáil an linbh mar leanbh leis féin, féadfaidh an Bord toiliú na máthar faoi alt 14 a ligean thar ceal.

(4) Bhéarfaidh an Bord aird chuí ar mhianta an linbh ag féachaint dá aois agus dá thuiscint.

(5) Ní foláir iarratas faoin alt seo a dhéanamh laistigh de dhá bhliain tar éis tosach feidhme an Achta seo nó laistigh de pé tréimhse bhreise a cheadós an Bord in aon chás áirithe ar chúis réasúnach.

Cás a shonrú don Ard-Chúirt.

20. —(1) Féadfaidh an Bord (agus, má iarrann iarratasóir ar ordú uchtála, máthair nó caomhnóir an linbh, nó aon duine i gcúram nó i bhfeighil an linbh, air é, déanfaidh, an Bord, mura dóigh leo gur ar chúis suaibhreosach atáthar á iarraidh sin) aon cheist dlí a éireos as iarratas ar ordú uchtála a tharchur chun na hArd-Chúirte lena cinneadh.

(2) Faoi réir rialacha na cúirte, féadfar cás a sonraíodh faoin alt seo d'éisteacht in camera.

Ordú uchtála a cheartú.

21. —Féadfaidh an Bord ordú uchtála a leasú trí aon earráid ana sonraí ann a cheartú.

An clár d'uchtleanaí.

22. —(1) Coimeádfaidh an tArd-Chláraitheoir Clár d'Uchtleanaí.

(2) Déanfar taifead sa chlár maidir le gach uchtleanbh. Is sa bhfoirm atá leagtha amach sa Dara Sceideal a bheas an taifead agus beidh ann na sonraí is gá do réir na foirme.

(3) Mura bhfuil dáta breithe an linbh ar eolas, cinnfidh an Bord an dáta is dóigh a rugadh an leanbh agus taifeadfar an dáta sin mar dháta breithe an linbh.

(4) Taifeadfar sa chlár an tír ina rugadh an leanbh más deimhin leis an mBord cad é an tír í agus má ordaíonn sé í a thaifeadadh.

(5) Coimeádfaidh an tArd-Chláraitheoir treoir chun go bhféadfar an bhaint idir gach taifead sa chlár agus an taifead comhréire i gclár na mbreitheanna a rianú. Ní bheidh an treoir sin inscrúduithe ag an bpobal; agus ní tabharfar aon fhaisnéis aisti d'aon duine ach amháin ar ordú ó Chúirt nó ón mBord.

(6) Má leasaítear ordú uchtála leasófar dá réir an taifead a bhaineas leis.

(7) Má cuirtear ordú uchtála ar ceal cealófar an taifead.

(8) Cuirfidh an Bord chun an Ard-Chláraitheora na sonraí is gá chun a chur ar a chumas déanamh dó réir an ailt seo.

(9) Coimeádfaidh an tArd-Chláraitheoir ina oifig treoir don chlár; agus beidh daoine i dteideal an treoir sin a chuardach agus cóip dheimhnithe d'fháil de thaifead sa chlár nó de shonraí an taifid ar na téarmaí agus na coinníolacha céanna ar gach slí, maidir le táillí agus eile, ag a bhfuil feidhm faoi na hAchta um Chlárú Breitheanna agus Bása, 1863 go 1952, nó faoi aon achtachán eile maidir le breitheanna a chlárú, agus déanfar na táillí sin a bhailiú agus a dhiúscairt amhail mar déantar le táillí is iníoctha faoi na hAchta sin adúradh.

(10) Féadfar foráil a dhéanamh le rialacháin faoi alt 6 den Acht um Staidreamh Beatha agus um Chlárú Breitheanna, Bása agus Póstaí, 1952 ( Uimh. 8 de 1952 ), (a bhaineas le heisiúint gearr-dheimhnithe), chun go n-eiseofar, maidir le haon taifead sa Chlár d'Uchtleanaí, deimhniú ar pé cinn de na sonraí sa taifead a sonrófar sna rialacháin.

(11) Déanfar cóip dheimhnithe de thaifead sa Chlár d'Uchtleanaí, má airbheartaíonn sí a bheith arna heisiúint faoi shéala Oifige an Ard-Chláraitheora, a ghlacadh, gan a thuilleadh cruthúnais, mar fhianaise ar na fíorais a bheas luaite inti agus is leor an chóip dheimhnithe sin a thabhairt ar aird mar chomhlíonadh ar aon cheanglas dlí i dtaobh deimhniú breithe a thabhairt ar aird.

Ranníoc ó údarás cúnaimh phoiblí i leith caiteachas uchtála.

23. —Féadfaidh údarás cúnaimh phoiblí, dá rogha féin, ranníoc a dhéanamh i leith na gcaiteachas faoina raghaidh duine ar bith i dtaobh iarratais ar ordú uchtála maidir le leanbh a bhfuil an t-údarás sin i dteideal ranníoc a dhéanamh i leith a chothuithe.

CUID III.

Éifeacht Orduithe Uchtála.

Cearta agus dualgais tuismitheora.

24. —Ar ordú uchtála a dhéanamh—

(a) measfar, maidir le cearta agus dualgais tuismitheoirí agus leanaí i leith a chéile, an leanbh a bheith ina leanbh leis an uchtóir nó leis na huchtóirí, a rugadh dó, di nó dóibh de phósadh dleathach;

(b) caillfidh an mháthair nó an caomhnóir gach ceart tuismitheora agus saorfar í nó é ó gach dualgas tuismitheora maidir leis an leanbh.

Saoránacht.

25. —Ar ordú uchtála a dhéanamh i gcás inar saoránach Éireannach an t-uchtóir (nó an fear céile más lánú phósta a dhéanfas an uchtáil), beidh an leanbh, mura saoránach Éireannach é cheana, ina shaoránach Éireannach.

Cearta maoine.

26. —(1) Más rud é, aon tráth tar éis ordú uchtála a dhéanamh, go n-éagfaidh uchtóir nó an duine uchtaithe nó aon duine eile gan tiomna a dhéanamh i leith aon mhaoine, réadach nó pearsanta (seachas maoin faoi réir leasa shainoidhrithe faoi dhiúscairt a rinneadh roimh dháta an orduithe uchtála), cineachfaidh an mhaoin sin ar gach slí amhail is dá mba leanbh leis an uchtóir, a rugadh de phósadh dleathach, an duine uchtaithe agus nárbh é leanbh aon duine eile é.

(2) In aon diúscairt mhaoine, réadach nó pearsanta, a déanfar, pé acu trí ionstraim inter vivos nó trí uacht (lena n-áirítear codaisíl) é, tar éis dáta orduithe uchtála—

(a) déanfar aon tagairt (sainráite nó intuigthe) do leanbh nó leanaí an uchtóra d'fhorléiriú, mura léir a mhalairt d'intinn, mar thagairt, nó mar thagairt a fholaíos tagairt, don duine uchtaithe;

(b) déanfar aon tagairt (sainráite nó intuigthe) do leanbh nó leanaí tuismitheoirí nádúrtha an duine uchtaithe, nó ceachtar acu, d'fhorléiriú, mura léir a mhalairt d'intinn, mar thagairt nach tagairt, nó nach bhfolaíonn tagairt, don duine uchtaithe; agus

(c) déanfar aon tagairt (sainráite nó intuigthe) do dhuine ag a bhfuil aon chol gaoil leis an duine uchtaithe d'fhorléiriú, mura léir a mhalairt d'intinn, mar thagairt don duine ag a mbeadh an col gaoil sin leis dá mba leanbh leis an uchtóir é, a rugadh de phósadh dleathach, agus nárbh é leanbh aon duine eile é.

(3) Maidir le cineachadh aon mhaoine do réir an ailt seo agus le forléiriú aon diúscartha lena mbaineann fo-alt (2), measfar gaol a bheith ag duine uchtaithe le haon duine eile is leanbh nó leanbh uchtaithe leis an uchtóir nó, más lánú phósta na huchtóirí, le ceachtar acu—

(a) i gcás inar lánú phósta na huchtóirí agus inar leanbh nó leanbh uchtaithe leis an mbeirt nuachar an duine eile—mar dheartháir nó deirfiúr lánfhola;

(b) in aon chás eile—mar dheartháir nó deirfiúir leathfhola.

(4) D'ainneoin aon rialach dlí, ní measfar chun críocha an ailt seo aon diúscairt a rinneadh trí uacht nó codaisíl a forghníomhaíodh roimh dháta orduithe uchtála a bheith arna déanamh tar éis an dáta sin de dhroim amháin gur daingníodh an uacht nó an codaisíl trí chodaisíl d'fhorghníomhú tar éis an dáta sin.

(5) Má déantar ordú uchtála i leith duine a huchtaíodh roimhe sin, ní tabharfar aon aird chun críocha an ailt seo ar an uchtáil sin roimhe sin maidir le cineachadh aon mhaoine ar bhás duine a éagfas gan tiomna a dhéanamh tar éis dáta an orduithe uchtala sin ina dhiaidh sin ná maidir le haon diúscairt mhaoine tar éis an dáta sin.

Dleacht chomharbais, dleacht leagáide, dleacht chustam agus dleacht stampa ar thalamh.

27. —Chun críocha na nithe seo a leanas—

(a) dleacht chomharbais agus dleacht leagáide,

(b) na dleachta stampa is inmhuirir ar thalamh a thíolacadh nó d'aistriú, agus

(c) an díolúine ó dhleacht chustam faoi mhír (b) d'alt 18 den Acht Airgeadais, 1936 (Uimh. 31 de 1936) (a bhaineas le hallmhuiriú earraí oidhreachta),

measfar gur leanbh leis an uchtóir nó leis na huchtóirí, a rugadh dó, di nó dóibh de phósadh dleathach, duine uchtaithe, agus nach é leanbh aon duine eile é.

Na Fatal Accidents Acts agus na hAchta um Chúiteamh do Lucht Oibre.

28. —Chun críocha na nAcht seo a leanas—

(a) na Fatal Accidents Acts, 1846 to 1908, agus

(b) na hAchta um Chúiteamh do Lucht Oibre, 1934 agus 1948,

measfar gur leanbh leis an uchtóir nó leis na huchtóirí, a rugadh dó, di nó dóibh de phósadh dleathach, duine uchtaithe, agus nach é leanbh aon duine eile é.

Na tuismitheoirí nádúrtha do phósadh ina dhiaidh sin.

29. —(1) Faoi réir fo-ailt (2), ní dhéanfaidh sé difir ar bith do bhailíocht orduithe uchtála i leith linbh neamhdhlisteanaigh, ná d'fhorála an Achta seo maidir le héifeacht an orduithe, tuismitheoirí nádúrtha an linbh do phósadh ina dhiaidh sin agus ní bhainfidh an t Acht Dlisteanais, 1931 (Uimh. 13 de 1931) , leis an leanbh mura gcuirfear an t-ordú ar ceal.

(2) (a) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) más duine dá thuismitheoirí nádúrtha d'uchtaigh an leanbh agus go ndéanfadh a bpósadh sin ina dhiaidh sin dlisteanú ar an leanbh, d'éagmais an fho-ailt sin.

(b) Sa chás sin beidh feidhm ag an Acht Dlisteanais, 1931 , agus scoirfidh an t-ordú uchtála de bheith i bhfeidhm.

(c) Ar bhreith an linbh d'athchlárú faoin Acht sin, déanfaidh an tArd-Chláraitheoir an taifead sa Chlár d'Uchtleanaí a chealú agus bhéarfaidh fógra dá réir sin don Bhord.

Arachas ar shaol uchtlinbh faoi bhun deich mbliana d'aois.

30. —(1) Chun críocha na n-achtachán atá de thuras na huaire i bhfeidhm maidir le cara-chumainn agus le cuideachtana árachais tionscail, a chumasaíos do na cumainn agus na cuideachtana sin a árachú go n-íocfar airgead i leith costas sochraide agus a chuireas tórainn leis na daoine lena bhféadtar airgead d'íoc ar bhás linbh faoi bhun deich mbliana d'aois, measfar gur leanbh leis an uchtóir nó leis na huchtóirí, a rugadh dó, di nó dóibh de phósadh dleathach, uchtleanbh, agus nach é leanbh aon duine eile é.

(2) Más rud é, roimh ordú uchtála a dhéanamh, go ndearna duine a thoiligh, de bhun an Achta seo, leis an ordú a dhéanamh aon árachú den tsórt sin, beidh na cearta agus na dliteanais faoin bpolasaí arna n-aistriú, de bhuaidh an orduithe uchtála, chun an uchtóra (nó, más lánú phósta na huchtóirí, chun an fhir chéile), agus chun críche na n-achtachán sin measfar gurb eisean a thóg amach an polasaí.

Orduithe atharthachta, etc.

31. —(1) Má déantar ordú uchtála i leith linbh neamhdhlisteanaigh, ansin, murab uchtóir an mháthair, scoirfidh aon ordú atharthachta atá i bhfeidhm i leith an linbh, agus aon chomhaontú trínar ghabh athair nádúrtha an linbh air féin íocaíochta a dhéanamh go sonrach chun sochair an linbh, d'éifeacht a bheith acu, ach sin gan dochar do ghnóthú aon riaráistí atá dlite faoin ordú nó faoin gcomhaontú ar dháta an orduithe uchtála.

(2) Má déantar ordú uchtála i leith linbh a cuireadh faoi chúram duine oiriúnaigh le hordú atá i bhfeidhm faoin Children Act, 1908, scoirfidh an t-ordú á chur faoi chúram amhlaidh d'éifeacht a bheith aige.

Srian le Cuid I den Children Act, 1908.

32. —Ní bheidh feidhm ag Cuid I den Children Act, 1908, arna leasú le hAcht na Leanaí, 1934 (Uimh. 15 de 1934) (a bhaineas le haltramadh agus cothabháil leanaí ar luaíocht), i gcás linbh is ábhar d'ordú uchtála nó d'ordú eatraimh, maidir le huchtóir ná le duine a ndearnadh an t-ordú eatraimh ina fhábhar.

Forceannadh ar an údarás tuismitheora atá ag údarás cúnaimh phoiblí.

33. —Ar ordú uchtála a dhéanamh, má tá rún i bhfeidhm maidir leis an leanbh faoi alt 45 den Acht um Chúnamh Poiblí, 1939 (Uimh. 27 de 1939) , beidh an rún sin forceannta.

CUID IV.

Clárú Cumann Uchtála.

Srian le comhshocraíochta a dhéanamh chun leanaí d'uchtáil.

34. —(1) Ní dleathach d'aon chomhlucht daoine aon chomhshocraíochta a dhéanamh, ná féachaint le hiad a dhéanamh, chun leanbh faoi bhun seacht mbliana d'aois d'uchtáil, mura cumann uchtála cláraithe nó údarás cúnaimh phoiblí an comhlucht sin ná, chun na críche sin, leanbh a choinneáil ina gcoimeád ná a shocrú go gcoinneoidh aon duine nó comhlucht eile é.

(2) Má ghlacann aon duine páirt ar bith i mbainistí nó i rialú comhluchta daoine arb é is aon-chuspóir dó, nó ar ceann dá chuspóirí, comhshocraíochta a dhéanamh i dtaobh uchtála, agus nach cumann uchtála cláraithe ná údarás cúnaimh phoiblí, beidh an duine sin ciontach i gcion agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná dhá mhí dhéag a chur air nó fíneáil nach mó ná céad punt nó an phríosúntacht sin agus an fhíneáil sin le chéile.

(3) In aon imeachta faoin alt seo, má tugtar cruthúnas ar nithe a bheith déanta nó focail a bheith scríofa, ráite nó foilsithe (pé acu i láthair aon pháirtí sna himeachta é nó nach ea) ag duine ar bith a ghlac páirt i mbainistí nó i rialú comhluchta daoine, nó i ndéanamh comhshocraíocht i dtaobh uchtála thar ceann an chomhluchta, beidh an cruthúnas sin inghlactha mar fhianaise ar chuspóir an chomhluchta sin.

An Clár de Chumainn Uchtála.

35. —(1) Coimeádfaidh an Bord Clár de Chumainn Uchtála (ar a dtugtar an clár sa Chuid seo).

(2) Beidh an clár inscrúduithe ag an bpobal le linn gnáthuaireanta oifige.

(3) Is sa bhfoirm ordaithe a bheas na taifid sa chlár agus ní foláir na sonraí ordaithe a bheith iontu.

Cumainn uchtála a chlárú.

36. —(1) Faoi réir forál an ailt seo, taifeadfaidh an Bord sa chlár aon chomhlucht daoine a dhéanfas iarratas ar chlárú agus a bhéarfas don Bhord pé faisnéis is gá leis an mBord chun a chur ar a chumas a chinneadh an bhfuil an comhlucht sin i dteideal é a chlárú.

(2) Ní chláróidh an Bord aon chomhlucht daoine mura deimhin leis an mBord—

(a) gur comhlucht é atá ann d'aon-toisc chun cuspóirí carthanais nó daoncharadais a chur ar aghaidh, pé acu cuspóir carthanais do réir bhrí aon rialach dlí aon chuspóir acu sin nó nach ea, agus

(b) go bhfuil an comhlucht inniúil ar na hoblagáidí a chomhlíonadh a cuirtear ar chumainn uchtála chláraithe faoin Acht seo.

(3) Féadfaidh an Bord diúltú d'aon chomhlucht daoine a chlárú más dóigh leis an mBord nach duine cuí oiriúnach chun gníomhú duine ar bith a ghlacfas páirt i mbainistí nó i rialú an chomhluchta nó atá, thar ceann an chomhluchta, ag gabháil do chomhshocraíochta a dhéanamh i dtaobh uchtála.

Clárú a chealú.

37. —Féadfaidh an Bord clárú cumainn uchtála chláraithe a chealú ar aon fhoras a cheanglódh ar an mBord nó a bhéarfadh teideal don Bord iarratas ar chlárú an chumainn a dhiúltú nó más dóigh leis an mBord nach bhfuil ceanglais an Achta seo á gcomhlíonadh go sásúil ag an gcumann nó má dhéanann an cumann, nó aon duine ag gníomhú thar ceann an chumainn, cion faoin Acht seo.

Faisnéis a thabhairt agus scrúdú leabhar a cheadú.

38. —(1) Déanfaidh cumann uchtála cláraithe agus gach oifigeach don chumann nó duine ar bith eile a ghlacas páirt i mbainistí nó i rialú an chumainn—

(a) pé faisnéis a thabhairt don Bhord a iarrfas an Bord ó am go ham, trí fhógra i scríbhinn, maidir le cóiriú, comhaltas, fostaithe, eagraíocht agus gníomhachta an chumainn;

(b) cead a thabhairt, gach tráth réasúnach, do chomhalta den Bhord nó d'oifigeach údaraithe dhó na leabhair agus na doiciméid uile i dtaobh uchtála atá i seilbh nó faoi urlámhas an chumainn a scrúdú agus cóipeanna a dhéanamh díobh.

(2) Aon duine a shárós, pé acu trí ghníomh nó neamhghníomh é, foráil den alt seo, beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air.

Míniú don mháthair nó don chaomhnóir ar éifeacht uchtála.

39. —(1) Má bheartaíonn máthair nó caomhnóir linbh an leanbh a chur faoina réir ag cumann uchtála cláraithe lena uchtáil faoin Acht seo, ní foláir don chumann, sara nglacfaid an leanbh—

(a) ráiteas i scríbhinn sa bhfoirm ordaithe a thabhairt don duine sin agus míniú soiléir ann—

(i)  ar an éifeacht atá ag ordú uchtála ar chearta máthar nó caomhnóra, agus

(ii)  ar na forála den Acht seo a bhaineas le toiliú le hordú uchtála a dhéanamh; agus

(b) a áirithiú go dtuigeann an duine an ráiteas agus go síneoidh sé doiciméad á rá sin.

(2) Mura gcomhlíontar aon ceann áirithe de cheanglais fo-ailt (1), beidh an cumann agus gach duine a ghlacas páirt i mbainistí nó i rialú an chumainn, agus gach duine a raibh baint aige le glacadh an linbh thar ceann an chumainn, ciontach i gcion agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air.

CUID V.

Ilghnéitheach.

Srian le leanaí a chur amach as an Stát.

40. —(1) Ní aistreoidh aon duine, ná ní chuirfidh faoi deara ná ní cheadóidh go n-aistreofar, amach as an Stát leanbh faoi bhun seacht mbliana d'aois atá ina shaoránach Éireannach.

(2) Ní bhainfidh fo-alt (1) le haistriú linbh neamhdhlisteanaigh faoi bhun bliana d'aois ag an máthair nó le ceadú na máthar nó, má tá an mháthair tar éis bháis, le ceadú gaoil, chun cónaí leis an máthair nó le gaol lasmuigh den Stát.

(3) Ní bhainfidh fo-alt (1) le haistriú linbh (nach leanbh neamhdhlisteanach faoi bhun bliana d'aois) ag duine de thuismitheoirí nó ag caomhnóir an linbh nó ag gaol don leanbh nó le ceadú aon duine acu sin.

(4) Aon duine a shárós an t-alt seo, beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná dhá mhí dhéag a chur air nó fíneáil nach mó ná céad punt nó an phríosúntacht sin agus an fhíneáil sin le chéile.

Fógráin áirithe a thoirmeasc.

41. —(1) Ní fhoilseoidh aon duine, ná ní chuirfidh faoi deara go bhfoilseofar, aon fhógrán á chur in iúl—

(a) gur mian le tuismitheoir nó caomhnóir linbh faoi bhun seacht mbliana d'aois go n-uchtófaí an leanbh, nó

(b) gur mian le duine leanbh den tsórt sin d'uchtáil, nó

(c) go bhfuil duine (nach cumann uchtála cláraithe ná údarás cúnaimh phoiblí) toilteanach comhshocraíochta a dhéanamh chun leanbh den tsórt sin d'uchtáil.

(2) Aon duine a shárós an t-alt seo, beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air.

Iocaíochta áirithe a thoirmeasc.

42. —(1) Ní ghlacfaidh uchtóir, tuismitheoir ná caomhnóir linbh, ná ní chomhaontóidh go nglacfaidh, aon íocaíocht ná luaíocht eile i gcomaoin an leanbh d'uchtáil faoin Acht seo.

(2) Ní dhéanfaidh ná ní thabharfaidh duine ar bith, ná ní chomhaontóidh go ndéanfaidh ná go dtabharfaidh, aon íocaíocht ná luaíocht a dtoirmeasctar le fo-alt (1) í a ghlacadh.

(3) (a) Duine a dhéanfas comhshoeraíochta chun leanbh d'uchtáil, ní ghlacfaidh ná ní dhéanfaidh ná ní thabharfaidh sé aon íocaíocht ná luaíocht eile i gcomaoin na comhshocraíochta a dhéanamh ná ní chomhaontóidh chuige sin.

(b) Ní bhaineann an fo-alt seo—

(i) le híocaíochta a déanfar chun an leanbh a chothabháil;

(ii) le luach saothair aturnaethe as seirbhísí gairmiúla.

(4) Aon duine a shárós foráil den alt seo, beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná dhá mhí dhéag a chur air nó fíneáil nach mó ná céad punt nó an phríosúntacht sin agus an fhíneáil sin le chéile.

Ráitis bhréagacha.

43. —Aon duine a dhéanfas go feasach aon ráiteas bréagach nó a bhéarfas amhlaidh aon fhaisnéis bhréagach don Bhord nó do chomhalta den Bhord nó d'oifigeach údaraithe dhó nó a chabhrós nó a neartós amhlaidh le haon duine eile chun sin a dhéanamh, beidh sé ciontach i gcion agus dlífear ar a chiontú ann go hachomair, gan dochar d'aon phionós eile a dlífear a chur air, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná dhá mhí dhéag a chur air nó fíneáil nach mó ná céad punt nó an phríosúntacht sin agus an fhíneáil sin le chéile.

AN CHÉAD SCEIDEAL

An Bord Uchtála.

Alt 8.

Comhalta.

1. Sa Sceideal seo, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, ciallaíonn “comhalta” an Cathaoirleach nó gnáthchomhalta.

Téarma oifige.

2. (1) Is go ceann tréimhse cúig bliana a ceapfar gach comhalta, mura chun corrfholúntas a líonadh a ceaptar é.

(2) Aon chomhalta a ceapfar chun corrfholúntas a líonadh, ceapfar é go ceann a mbeidh gan caitheamh den téarma a bheadh a réamhtheachtaí i seilbh oifige dá leanadh sé de bheith ina chomhalta.

(3) Féadfar comhalta a bheas ag dul as oifig d'athcheapadh.

Comhalta a chur as oifig nó d'éirí as oifig.

3. (1) Féadfaidh an Rialtas comhalta a chur as oifig de dheasca mí-iompair a sonrófar nó de dheasca éagumais nó toisc gan ó do fhreastal ar chruinnithe den Bhord.

(2) Féadfaidh comhalta éirí as a oifig.

Ionadaithe.

4. (1) Mura féidir le comhalta, go sealadach, gníomhú, féadfaidh an Rialtas duine a cheapadh chun gníomhú ina ionad.

(2) Ní ceapfar duine chun gníomhú in ionad an Chathaoirligh mura bhfuil sé cáilithe chun é a cheapadh ina Chathaoirleach.

(3) Folaíonn na tagairtí san Acht seo do chomhalta tagairtí do dhuine a bheas ag gníomhú amhlaidh.

Luach saothair.

5. Féadfar pé luach saothair a chinnfeas an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, d'íoc leis an gCathaoirleach.

Cláraitheoir agus oifigigh agus seirbhísigh.

6. (1) Ceapfaidh an tAire duine chun bheith ina chláraitheoir don Bhord agus féadfaidh sé, le toiliú an Aire Airgeadais, pé oifigigh agus seirbhísigh eile is gá leis a cheapadh don Bhord.

(2) Beidh cláraitheoir, oifigigh agus seirbhísigh an Bhoird i seilbh oifige ar pé téarmaí, agus gheobhaid pé luach saothair, chinnfeas an tAire Airgeadais.

Séala.

7. (1) Beidh ag an mBord séala oifigiúil ar a dtabharfar aird bhreithiúnach.

(2) Nuair a cuirfear an séala ar dhoiciméad, fianófar é le síniú an Chathaoirligh nó an chláraitheora nó duine a bheas údaraithe ag an mBord chun é d'fhianú.

(3) Glacfar i bhfianaise gach doiciméad a airbheartós a bheith ina ionstraim arna déanamh ag an mBord, a bheith séalaithe leis an séala agus a bheith fianaithe do réir na míre seo, agus measfar, gan a thuilleadh cruthúnais, gurb í an ionstraim sin í, mura gcruthaítear a mhalairt.

Nós imeachta.

8. (1) Is é is córam do chruinniú den Bhord an Cathaoirleach agus beirt ghnáthchomhaltaí.

(2) Gach ceist a éireos ag cruinniú, cinnfear í do réir tuairime an tromlaigh de na comhaltaí a bheas i láthair.

(3) I gcás na comhaltaí a bheith roinnte leath-má-leath ina dtuairim, cinnfear an cheist do réir tuairime an Chathaoirligh.

(4) Is é an Cathaoirleach nó comhalta eile a bheas údaraithe ag an gCathaoirleach a chraolfas cinneadh an Bhoird agus ní cead tuairim ar bith eile, ag aontú ná ag easaontú leis an gcinneadh sin, a chraoladh, ná ní cead a nochtadh tuairim den tsórt sin a bheith ann.

(5) Faoi réir an Achta seo, féadfaidh an Bord a nós imeachta féin a rialú.

Cumhacht chun finnéithe a thoghairm, etc.

9. (1) Féadfaidh an Bord, chun críocha aon imeacht a bheas faoina bhráid faoin Acht seo, gach ní nó aon ní acu seo a leanas a dhéanamh:—

(a) finnéithe a thoghairm chun teacht ina láthair,

(b) na finnéithe a thiocfas ina láthair a cheistiú faoi mhionn (agus údaraítear leis seo do chomhalta den Bhord nó do chláraitheoir an Bhoird iad a chur faoi mhionn),

(c) a cheangal ar aon fhinné den tsórt sin aon doiciméad faoina chumhacht nó faoina urlámhas a thabhairt ar aird don Bhord.

(2) Beidh finné i láthair an Bhoird i dteideal na saoirsí agus na bpribhléidí céanna a mbeadh sé ina dteideal dá mba fhinné i láthair na hArd-Chúirte é.

(3) Duine ar bith—

(a) a toghairmfear go cuí mar fhinné i láthair an Bhoird agus a mhainneos teacht i láthair, nó

(b) a bheas i láthair mar fhinné agus a dhiúltós mionn a ghlacadh a cheanglós an Bord air go dlíthiúil a ghlacadh nó aon doiciméad faoina chumhacht nó faoina urlámhas a thabhairt ar aird a cheanglós an Bord air go dlíthiúil a thabhairt ar aird nó aon cheist a fhreagairt a cheanglós an Bord air go dlíthiúil a fhreagairt,

beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint fhichead a chur air.

(4) I gcás finné (seachas iarratasóir ar ordú uchtála) do theacht i láthair an Bhoird de bhun toghairme d'eisigh an Bord as a threoir féin, féadfaidh an Bord, más oiriúnach leis é, suim d'íoc leis i leith na gcaiteachas faoina ndeachaigh sé i ndáil lena theacht i láthair an Bhoird do réir scála a bheas ordaithe ag an Aire, le ceadú an Aire Airgeadais.

Fianaise.

10. Féadfaidh an Bord fianaise a thógáil ó bhéal nó trí mhionnscríbhinn.

Fiosruithe.

11. (1) Féadfaidh an Bord pé fiosruithe a dhéanamh is gá leis chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh.

(2) Féadfaidh comhalta den Bhord nó oifigeach dó cuairt a thabhairt ar theaghlach an linbh, caomhnóra an linbh, na n-iarratasóirí ar ordú uchtála agus an duine dár tugadh coimeád an linbh faoi ordú eatraimh.

(3) Féadfaidh an Bord a údarú d'oifigeach do Roinn Stáit nó d'údarás áitiúil fiosruithe agus cuairteanna a dhéanamh thar ceann an Bhoird.

Doiciméid a sheirbheáil.

12. Aon toghairm, fógra nó doiciméad eile a ceanglaítear ar an mBord nó a húdaraítear dó leis an Acht seo nó faoin Acht seo d'eisiúint chun duine ar bith féadfar é a sheirbheáil leis an bpost cláraithe.

Tuarascáil bhliantúil.

13. (1) Tar éis gach bliain a bheith caite, foilseoidh an Bord tuarascáil ina mbeidh an fhaisnéis seo a leanas maidir leis an mbliain sin—

(a) uimhir na n-iarratas ar uchtáil agus cinneadh an Bhoird maidir leo,

(b) ainmneacha na gcumann cláraithe a raibh baint acu leis na hiarratais,

(c) uimhir na n-iarratas ar chumainn a chlárú agus cinneadh an Bhoird maidir leo,

(d) ainm agus seoladh gach cumainn a cláraíodh nó ar cealaíodh a chlárú i rith na bliana.

(2) Bhéarfaidh an Bord cóip den tuarascáil don Aire agus bhéarfaidh an tAire go leagfar í faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

Fógraí d'fhoilsiú san Iris Oifigiúil.

14. (1) Bhéarfaidh an Bord go bhfoilseofar san Iris Oifigiúil fógra sa bhfoirm ordaithe maidir le gach ordú uchtála a rinneadh agus maidir le gach clárú agus le gach cealú ar chlárú sa Chlár de Chumainn Uchtála.

(2) Ní déanfar in aon fhógra maidir le hordú uchtála aon tagairt do thuismitheoirí nádúrtha an linbh, dá shloinneadh roimhe sin, d'áit a bhreithe, ná tagairt ar bith dá bhunadh.

AN DARA SCEIDEAL

Foirm an Taifid sa Chlár d'Uchtleanaí.

Alt 22.

Uimh. an taifid

An dáta a rugadh agus an tír ina rugadh

An ainm baiste nó an chéad ainm

An gnéas

Ainm, seoladh agus slí bheatha an uchtóra nó na n-uchtóirí

Dáta an orduithe uchtála

Dáta an taifid agus síniú an Ard-Chláraitheora