2 1953


Uimhir 2 de 1953.


AN tACHT IASACHT TRÁDÁLA (RÁTHAÍOCHT) (LEASÚ), 1953.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHT IASACHT TRÁDÁLA (RÁTHAÍOCHT), 1939 AGUS 1949. [3ú Márta, 1953.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS :—

Mínithe.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “ an tAire ” an tAire Tionscail agus Tráchtála ;

ciallaíonn “ an Príomh-Acht ” an tAcht Ias acht Trádála (Urraíocht), 1939 (Uimh. 5 de 1939) ;

ciallaíonn “ Acht 1949 ” an tAcht Ias acht Trádála (Ráthaíocht) (Leasú), 1949 (Uimh. 9 de 1949) .

Leasú ar fho-alt (1) d'alt 7 den Phríomh-Acht.

2. —Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 7 den Phríomh-Acht (a chuireas tórainn mhilliúin punt le méid caipitiúil iomlán na n-iasacht a deonfar nó a ráthófar) trí “ milliún agus cúig céad míle punt ” a chur in ionad “ milliún punt ”.

Dáta a cheapadh nach nglacfar iarratais dá éis.

3. —(1) Féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, fógra d'fhoilsiú san Iris Oifigiúil á rá nach nglacfaidh sé, tar éis dáta a sonrófar sa bhfógra sin, aon iarratas á iarraidh iasacht a ráthú nó a dheonadh faoin bPríomh-Acht.

(2) Nuair a bheas fógra foilsithe ag an Aire faoin alt seo, ní ghlacfaidh an tAire aon iarratas a déanfar, tar éis an dáta a sonrófar sa bhfógra sin, á iarraidh iasacht a ráthú nó a dheonadh faoin bPríomh-Acht.

Athghairm.

4. —Athghairmtear leis seo fo-alt (1) d'alt 2 d'Acht 1949 (a fhorálas nach ndeonfar ná nach ráthófar iasacht tar éis cúig bliana ó dháta an Achta sin a rith).

Gearrtheideal agus lua.

5. —(1) Féadfar an tAcht Iasacht Trádála (Ráthaíocht) (Leasú), 1953 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchta Iasacht Trádála (Ráthaíocht), 1939 go 1953, a ghairm den Phríomh-Acht, d'Acht 1949 agus den Acht seo le chéile.