|
||||
|
[EN] | ||
Uimhir 4 de 1953. | ||
[EN] |
AN tACHT UM NA CONNAUGHT RANGERS (PINSIN), 1953. | |
[An tiontó oifigiúil.] |
ACHT DO LEASÚ NA n ACHT UM NA CONNAUGHT RANGERS (PINSIN), 1936 AGUS 1948. [18ú Márta, 1953.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS :— | ||
[EN] |
An Príomh-Acht. |
1. —San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um na Connaught Rangers (Pinsin), 1936 ( Uimh. 37 de 1936 ). |
[EN] |
Pinsin seirbhíse agus pinsin mhíchumais a mhéadú. |
2. —(1) Déanfar pinsean lena mbaineann an t-alt seo a mhéadú caoga faoin gcéad. |
[EN] | (2) Tosnóidh méadú faoin alt seo amhail ón lú lá d'Eanáir, 1953. | |
[EN] | (3) Baineann an t-alt seo— | |
[EN] | (a) le pinsean seirbhíse is iníoctha faoin bPríomh-Acht, agus | |
[EN] | (b) le pinsean míchumais is iníoctha amhlaidh. | |
[EN] |
Fionraí d'fhorceannadh. |
3. —(1) Athghairmtear leis seo fo-alt (1) d'alt 18 den Phríomh-Acht. |
[EN] | (2) Beidh éifeacht ag an alt seo amhail ar an lú lá d'Eanáir, 1953, agus ón lá sin amach. | |
[EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
4. —(1) Féadfar an tAcht um na Connaught Rangers (Pinsin), 1953, a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Féadfar na hAchta um na Connaught Rangers (Pinsin), 1936 go 1953, a ghairm den na hAchta um na Connaught Rangers (Pinsin), 1936 agus 1948, agus den Acht seo le chéile. |