5 1953


Uimhir 5 de 1953.


ACHT NA bPINSEAN SEIRBHÍSE MÍLEATA (LEASÚ), 1953.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ ACHT NA bPINSEAN SEIRBHÍSE MÍLEATA, 1924 GO 1949. [18ú Márta, 1953.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS :—

Mínithe.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “ Acht 1924 ” Acht na bPinsean Seirbhíse Míleata, 1924 (Uimh. 48 de 1924) ;

ciallaíonn “ Acht 1934 ” Acht na bPinsean Seirbhíse Míleata, 1934 (Uimh. 43 de 1934) ;

ciallaíonn “ Acht 1949 ” Acht na bPinsean Seirbhíse Míleata Leasú), 1949 (Uimh. 29 de 1949) ;

ciallaíonn “ an tAire ” an tAire Cosanta.

Méadú ar phinsin.

2. —(1) Déanfar pinsean faoi Acht 1924 nó faoi Acht 1934 a mhéadú an tsuim iomchuí.

(2) Tosnóidh méaduithe faoin alt seo mar leanas :

(a) i gcás pinsin arb é an lú lá d'Eanáir, 1953, nó aon lá roimhe sin, lá a thosnuithe, tosnóidh an méadú amhail ón lú lá d'Eanáir, 1953, agus

(b) i gcás pinsin ar lá tar éis an lú lá d'Eanáir 1953, lá a thosnuithe, tosnóidh an méadú amhail ó lá tosnuithe an phinsin.

(3) Nuair a beifear ag tabhairt feidhme d'fho-alt (1) den alt seo i gcás an pinsean a dheonadh lá an Achta seo a rith nó i ndiaidh an lae sin, déanfar ar dtúis méid an phinsin a chinneadh gan aird a thabhairt ar an alt seo agus ansin méadófar an méid sin.

(4) Chun críocha an ailt seo, is í an tsuim iomchuí maidir le pinsean—

(a) mura mó ná £100 sa bhliain méid an phinsin, 50 faoin gcéad de mhéid an phinsin,

(b) más mó ná £100 sa bhliain ach nach mó ná £125 sa bhliain méid an phinsin, £50 sa bhliain,

(c) más mó ná £125 sa bhliain ach nach mó ná £150 sa bhliain méid an phinsin, 40 faoin gcéad de mhéid an phinsin,

(d) más mó ná £150 sa bhliain ach nach mó ná £200 sa bhliain méid an phinsin, £60 sa bhliain,

(e) más mó ná £200 sa bhliain ach nach mó ná £346 3s. 1d. sa bhliain méid an phinsin, 30 faoin gcéad de mhéid an phinsin,

(f) más mó ná £346 3s. 1d. sa bhliain méid an phinsin, oiread agus a bhéarfadh méid an phinsin go dtí £450 sa bhliain,

Rogha maidir le pinsin áirithe.

3. —(1) Má bhíonn duine ba chomhalta den Bhuan-Fhórsa an lú lá d'Eanáir, 1953, ina shealbhóir ar dheimhniú seirbhíse míleata faoi Acht 1924, féadfaidh sé, lá nach déanaí ná trí mhí tar éis dáta an Achta seo a rith nó an deimhnithe sin a dheonadh (pé dáta acu is déanaí), fógra i scríbhinn a thabhairt don Aire go mbainfidh an t-alt seo le haon phinsean faoi Acht 1924 a deonfar dó.

(2) Beidh éifeacht ag na forála seo a leanas maidir le pinsean faoi Acht 1924 arna dheonadh do dhuine a thug fogra faoin alt seo :

(a) in ionad é do thosnú lá urscaoilte an duine sin as an mBuan-Fhórsa, tosnóidh an pinsean—

(i) más roimh an lú lá d'Eanáir, 1953, a deonadh an deimhniú seirbhíse míleata—amhail ón lú lá d'Eanáir, 1953, agus

(ii) más ar an lú lá d'Eanáir, 1953, nó dá éis sin, a deonadh an deimhniú sin—amhail ó pé lá (nach luaithe ná an lú lá d'Eanáir, 1953, ná nach déanaí ná an lá díreach roimh lá urscaoilte an duine sin as an mBuan-Fhórsa) a cheapfas an tAire,

(b) in ionad é a bhunú ar an gcéim dá dtagartar i bhfo-alt (3) d'alt 4 d'Acht 1924, bunófar an pinsean ar chéim shubstainteach an duine sin lá tosnuithe an phinsin, agus

(c) nuair a beifear ag ríomh an phinsin, déanfar na tagairtí sna rialacha atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhas le hAcht 1924 don dáta scortha d'fhorléiriú mar thagairtí do lá tosnuithe an phinsin agus ní tabharfar aird ar an mír dheiridh (dar tosach na focail “ Má b'aoirde an chéim ”) de na Rialacha sin.

(3) San alt seo, ciallaíonn an abairt “ an Buan-Fhórsa ” an fórsa a bunaíodh faoi Chuid I den Acht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1923 (Uimh. 30 de 1923) .

Roghna áirithe a tharraingt siar.

5. —(1) Más rud é, roimh an Acht seo a rith, gur ghlac duine—

(a) de roghain faoi fho-alt (2) d'alt 8 d'Acht 1924 a phinsean faoi Acht 1924 a thabhairt suas, nó

(b) de roghain faoi fho-alt (2) d'alt 20 d'Acht 1934 a phinsean faoi Acht 1934 a thabhairt suas,

féadfaidh an duine sin, lá nach déanaí ná trí mhí tar éis dáta an Achta seo a rith, fógra i scríbhinn a thabhairt don Aire gur mian leis an rogha a tharraingt siar.

(2) Má thugann duine fógra faoin alt seo—

(a) beidh an rogha lena mbainfidh an fógra arna tarraingt siar,

(b) beidh éifeacht chúlghabhálach ag an tarraingt siar amhail ón tráth a glacadh an rogha, agus

(c) aon ró-íocaíochta, as airgead a sholáthraigh an tOireachtas, a cruthnaíodh tríd an bhfógra a thabhairt gnóthófar iad trí mhéid is comhionann leis na ró-íocaíochta sin d'fhágaint gan íoc de phinsin an duine sin.

(3) I mír (c) d'fho-alt (2) den alt seo, ciallaíonn “ pinsin ”, maidir le duine, pé ceann acu seo a leanas is iomchuí—

(a)  (i) pinsean an duine sin faoi Acht 1924, agus

(ii) an t-aoisliúntas, an pinsean nó an liúntas don duine sin a luaitear i bhfo-alt (2) d'alt 8 d'Acht 1924 arna leasú le fo-alt (1) d'alt 4 d'Acht na bPinsean Seirbhíse Míleata, 1930 ( Uimh. 8 de 1930 ), nó

(b)  (i) pinsean an duine sin faoi Acht 1934, agus

(ii) an t-aoisliúntas, an pinsean nó an liúntas don duine sin a luaitear i bhfo-alt (2) d'alt 20 d'Acht 1934.

Leasú ar alt 4 d'Acht 1924.

5. —(1) Déanfar an tagairt do dhuine a scor atá i bhfo-alt (1) d'alt 4 d'Acht 1924 agus an tagairt chéanna atá i bhfo-alt (3) den alt sin d'fhorléiriú mar thagairtí nach bhfolaíonn tagairt do dhuine d'urscaoileadh chun é a cheapadh chun céime coimisiúnta.

(2) Más rud é, roimh dháta an Achta seo a rith, gur deonadh do dhuine faoi alt 4 d'Acht 1924 pinsean faoin Acht sin a thosnaigh amhail ar dháta a urscaoilte chun é a cheapadh chun céime coimisiúnta, beidh an pínsean arna chúlghairm amhail ón dáta a tháinig sé chun bheith iníoctha.

(3) I gcás—

(a) pinsean a deonadh faoi alt 4 d'Acht 1924 do dhuine a bheith arna chúlghairm de bhuaidh fo-ailt (2) den alt seo, agus

(b) pinsean nua faoi Acht 1924, a thosnaigh amhail ar lá roimh dháta an Achta seo a rith, a dheonadh don duine sin faoi alt 4 den Acht sin tar éis dáta an Achta seo a rith,

beidh éifeacht ag na forála seo a leanas :

(i) má bhíonn breis ag iomlán na n-íocaíocht a rinneadh i leith an phinsin chúlghairmthe ar iomlán riaráistí an phinsin nua, ní híocfar na riaráistí agus gnóthófar an bhreis trí mhéid is comhionann leis an mbreis d'fhágaint gan íoc den phinsean nua,

(ii) má bhíonn iomlán na n-íocaíocht a rinneadh i leith an phinsin chúlghairmthe comhionann le hiomlán riaráistí an phinsin nua, ní híocfar na riaráistí,

(iii) má bhíonn iomlán na n-íocaíocht a rinneadh i leith an phinsin chúlghairmthe faoi bhun iomláin riaráistí an phinsin nua, ní híocfar ach an méid sin de na riaráistí is comhionann leis an méid atá iomlán na n-íocaíocht a rinneadh i leith an phinsin chúlghairmthe faoi bhun iomláin riaráistí an phinsin nua.

Fadú na tréimhse chun achainí a dhéanamh faoi Acht 1949.

6. —Déanfar an tagairt d'ocht mí dhéag tar éis dáta Achta 1949 a rith atá i mír (c) d'fho-alt (1) d'alt 6 den Acht sin agus an tagairt chéanna atá i mír (c) d'fho-alt (1) d'alt 11 den Acht sin d'fhorléiriú mar thagairt de shé mhí tar éis dáta an Achta seo a rith.

Deireadh le fionraíochta is feidir a dhéanamh i bpinsin nó i leith pinsean.

7. —(1) Athghairmtear leis seo fo-alt (1) d'alt 8 d'Acht 1924 agus fo-alt (1) d'alt 20 d'Acht 1934.

(2) (a) Ní tabharfar aird ar phinsean faoi Acht 1924 nó faoi Acht 1934—

(i) nuair a beifear á chinneadh an bhfuil feidhm maidir leis an bpinsinéir ag foráil fhionraitheach, agus

(ii) má cinntear go bhfuil feidhm maidir leis an bpinsinéir ag an bhforáil fhionraitheach sin, i gcás na feidhme sin.

(b) I mír (a) den fho-alt seo ciallaíonn “ foráil fhionraitheach ” foráil arna déanamh le reacht nó faoi reacht agus faoina ndéanann fáil phinsin faoi Acht 1924 nó faoi Acht 1934 difir, chun dochair an phinsinéara, dá cháilíocht le haghaidh íocaíochta eile, nó difir chun dochair dó maidir le fáil íocaíochta eile nó maidir lena méid.

(c) Ní dhéanfaidh aon ní sa bhfo-alt seo difir—

(i) d'alt 7 den Acht Arm-Phinsean, 1943 ( Uimh. 14 de 1943 ), ná d'aon chomhordacháin faoi fho-alt (9) den alt sin, ná

(ii) d'alt 77, d'alt 105, ná d'alt 106 den Acht Leasa Shóisialaigh, 1952 (Uimh. 11 de 1952) , ná don Seachtú Sceideal a ghabhas leis an Acht sin, ná

(iii) d'aon fhoráil arna déanamh le reacht nó faoi reacht á thoirmeasc an tréimhse chéanna d'áireamh chun críocha pinsin faoi Acht 1924 nó faoi Acht 1934 agus fós chun críocha aon phinsin eile nó aon aoisliúntais, páighe scoir, aisce, cnapshuime nó íocaíochta aoisliúntais eile.

(3) Beidh éifeacht ag an alt seo amhail ar an lú lá d'Eanáir, 1953, agus ón lá sin amach.

Gearrtheideal agus comhlua.

8. —(1) Féadfar Acht na bPinsean Seirbhíse Míleata (Leasú), 1953 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar Achta na bPinsean Seirbhíse Míleata, 1924 go 1953, a ghairm d' Achta na bPinsean Seirbhíse Míleata, 1924 go 1949, agus den Acht seo le chéile.