|
||||
|
[EN] | ||
Uimhir 8 de 1953. | ||
[EN] |
AN tACHT GRAÍ NÁISIÚNTA, 1953. | |
[An tiontó oifigiúil.] |
ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AN ACHTA GHRAÍ NÁISIÚNTA, 1945. [25ú Márta, 1953.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS :— | ||
[EN] |
Léiriú. |
1. —(1) San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an t Acht Graí Náisiúnta, 1945 (Uimh. 31 de 1945) . |
[EN] | (2) Forléireofar an Príomh-Acht agus an tAcht seo le chéile mar aon Acht amháin. | |
[EN] |
Scair-chaipiteal na Cuideachtan a mhéadú. |
2. —Méadaítear leis seo scair-chaipiteal na Cuideachtan go dtí cúig céad míle punt, agus dá réir sin beidh éifeacht ag fo-alt (2) d'alt 11 den Phríomh-Acht ach tagairt don tsuim sin a chur in ionad na tagairte do dhá chéad agus caoga míle punt. |
[EN] |
Cuntais stoic fholaíochta. |
3. —Coimeádfaidh an Chuideachta, i pé foirm agus ar pé slí a ordós an tAire Talmhaíochta ó am go ham tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, cuntais a thaispeánfas an teacht isteach as eisiúint scair-chaipitil chun stoc folaíochta a cheannach agus na fáltais as aon stoc folaíochta a dhíol maraon leis an modh ar ar húdáideadh an t-airgead sin. |
[EN] |
Athghairm. |
4. —Athghairmtear leis seo alt 26 den Príomh-Acht. |
[EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
5. —(1) Féadfar an tAcht Graí Náisiúnta, 1953 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Féadfar na hAchta Graí Náisiúnta, 1945 agus 1953, a ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht seo le chéile. |