18 1953


Uimhir 18 de 1953.


AN tACHT TALÚN, 1953.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHT TALAMH-CHEANNAIGH. [7ú Iúil, 1953.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Gearrtheideal, forléiriú agus lua.

1. —(1) Féadfar an tAcht Talún, 1953 , a ghairm den Acht seo.

(2) Forléireofar an tAcht seo agus na hAchta Talamh-Cheannaigh mar aon ní amháin agus féadfar é a lua i dteannta na nAcht sin.

Rialacha agus rialacháin.

2. —(1) Beidh réim ag an gcumhacht déanta rialacha a bheirtear le fo-ailt (1) agus (2) d'alt 3 den Acht Talún, 1933, agus beidh sí infheidhmithe, maidir le rialacha a dhéanamh chun éifeacht a thabhairt d'fhorála an Achta seo (ach amháin forála a bhaineasle hairgeadas talamh-cheannaigh).

(2) Féadfaidh an tAire Airgeadais rialacha agus rialacha agus rialacháin a dhéanamh chun éifeacht a thabhairt do na forála den Acht seo a bhaineas le hairgeadas talamh-cheannaigh, agus féadfaidh, leis na rialacha nó na rialacháin sin, aon fhorála a bhaineas le hairgeadas talamh-cheannaigh agus atá in aon Acht a ritheadh roimh an Acht seo a chur in oiriúint do riachtanais an Achta seo.

Iocaíochtaí agus caiteachais.

3. —Íocfar as airgead a sholáthrós an tOireachtas, a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais é, na híocaíochtaí a dhéanfas agus na caiteachais faoina raghaidh an tAire Tailte agus Coimisiún na Talún chun éifeacht a thabhairt don Acht seo agus é a riaradh.

Bannaí talún— deireadh a chur le srianta le ráta úis, etc.

4. —(1) Leasaítear leis seo alt 4 d'Acht na mBannaí Talún, 1934—

(a) trí “(nach lú ná trí per cent. agus nach mó ná ceathair per cent. per annum)” a scrios as fo-alt (1), agus

(b) trí “(laistigh de na tóranta forchuirtear leis an alt seo)” a scrios as fo-alt (3).

(2) Maidir le haon chás ina ndéanfar airleacan nó ina n-íocfar airgead ceannaigh trí bhannaí talún d'eisiúint a cruthnófar tar éis an tAcht seo a rith, forléireofar gach tagairt do rátaí dá sonraítear i gCuid I den Sceideal a ghabhas leis an Acht seo mar thagairt don ráta a bheas ceaptha, faoi fho-alt (6) d'alt 4 d'Acht na mBannaí Talún, 1934, don bhlianacht cheannaigh nó don tsuim bhliantúil eile chun an t-airleacan nó an t-airgead ceannaigh sin d'aisíoc.

(3) Maidir le haon chás ina ndéanfar airleacan nó ina n-íocfar airgead ceannaigh trí bhannaí talún d'eisiúint a cruthnaíodh faoi alt 4 d'Acht na mBannaí Talún, 1934, nó faoin alt sin arna leasú leis an Acht seo—

(a) forléireofar gach tagairt do rátaí dá sonraítear i gCuid IIden Sceideal a ghabhas leis an Acht seo mar thagairt do ráta an úis ar na bannaí talún sin, agus

(b) forléireofar gach tagairt do rátaí dá sonraítear i gCuid III den Sceideal a ghabhas leis an Acht seo mar thagairt do ráta an chiste fhiachmhúchta a bheas ceaptha faoi fho-alt (5) den alt sin 4 i leith na mbannaí talún sin.

(4) Measfar fo-alt (3) den alt seo a theacht i ngníomh ar Acht na mBannaí Talún, 1934, a rith.

(5) I gcás aon talamh, nach bhfuil faoi réir blianachta ceannaigh ná suime bliantúla is ionann agus blianacht cheannaigh, a dhílsiú i gCoimisiún na Talún faoi alt 28 nó alt 30 den Acht Talún, 1950 , aisíocfar aon airleacan a dhéanfas Coimisiún na Talún chun ceannaitheora na talún sin nó aon choda dhi trí bhlianacht cheannaigh a ríomhfar do réir pé ráta a threorós an tAire Airgeadais.

(6) Más rud é, tar éis an tAcht seo a rith, go n-eiseofar bannaí talún breise toisc méadú a theacht ar aon riail-bhlianacht cheannaigh nó go dtaiscfear bannaí talún de bhun míre (a) d'fho-alt (2) d'alt 15 den Acht Talún, 1931, beidh na bannaí talún sin ina mbannaí talún faoin ráta céanna úis a bhí ar na bannaí talún a heisíodh an chéad uair chun creidiúna an eastáit iomchuí.

Iocaíocht i gcásanna áirithe i mbannai talún den chéad shreath a cruthnófar tar éis an tAcht seo a rith.

5. —I gcás praghas talún neamhthionóntaithe, nó praghas athghabhála gabháltais nó aon choda de ghabháltas, ar ar comhaontaíodh nó a ceapadh roimh an tAcht seo a rith, a bheith iníoctha i mbannaí talún nach mbeidh eisithe sara gcruthnófar an chéad shreath de bhannaí talún tar éis an tAcht seo a rith, ansin, d'ainneoin aon ní contrártha dhó sin a bheith in aon chomhaontú nó achtachán nó in aon ordú ó Choimisiún na Talún nó ón mBinse Achomhaire, íocfar an praghas nó an praghas athghabhála trí bhannaí talún den tsreath sin d'eisiúint.

Bannaí talún breise d'eisiúint i gcásanna áirithe.

6. —(1) Más rud é, sara mbeidh an chéad shreath de bhannaí talún cruthnaithe tar éis an tAcht seo a rith, go n-eiseofar bannaí talún in aon ábhar i leith praghais talún neamhthionóntaithe nó praghais athghabhála ghabháltais nó coda de ghabháltas agus—

(a) gur ghlac Coimisiún na Talún seilbh ar an talamh, ar an ngabháltas nó ar an gcuid sin tar éis an 11ú lá de Nollaig, 1952, nó gur dhílsigh nó go meastar gur dhílsigh an talamh sin nó leas an tionónta sa ghabháltas nó sa chuid sin i gCoimisiún na Talún tar éis an dáta sin, nó

(b) gur dhílsigh an talamh sin i gCoimisiún na Talún de bhun ailt 30 den Acht Talún, 1933, nó de bhun an ailt sin arna leathnú le halt 30 den Acht Talún, 1936, roimh an Acht seo a rith agus go gcomhaontófar ar a praghas nó go gceapfar a praghas tar éis an tAcht seo a rith,

déanfaidh Coimisiún na Talún airleacan breise san ábhar sin agus eiseoidh bannaí talún breise arb ionann a méid ainmniúil (go dtí an punt is gaire) agus pé céatadán den phraghas nó den phraghas athghabhála a threorós an tAire Airgeadais agus iad faoin ráta céanna úis a bhí ar na bannaí talún a heísíodh cheana.

(2) Más rud é, sara mbeidh an chéad shreath de bhannaí talún cruthnaithe tar éis an tAcht seo a rith, go n-eiseofar bannaí talún in aon ábhar i leith praghais talún neamhthionóntaithe (nach talamh lena mbaineann fo-alt (1) den alt seo) agus go méadófar an praghas sin, de bhun iarratais á iarraidh é d'athchinneadh, tar éis an tAcht seo a rith, déanfaidh Coimisiún na Talún airleacan breise san ábhar sin agus eiseoidh bannaí talún breise arb ionann a méid ainmniúil (go dtí an punt is gaire) agus pé céatadán a threorós an tAire Airgeadais den mhéid a méadaíodh an praghas agus iad faoin ráta céanna úis a bhí ar na bannaí talún a heisíodh cheana.

(3) Más rud é, de bhun fo-ailt (1) nó fo-ailt (2) den alt seo, go n-eiseofar bannaí talún breise in aon ábhar—

(a) beidh iníoctha ag Coimisiún na Talún leis an duine a bhí, díreach sarar ghlac Coimisiún na Talún seilbh uirthi, i dteideal cíosa agus brabúis na talún neamhthionóntaithe d'fháil, nó leis an duine atá i dteideal praghais athghabhála an ghabháltais nó na coda de ghabháltas, suim is ionann agus ús (lúide cáin ioncaim) ar na bannaí talún breise ón dáta a dhílsigh, nó a meastar gur dhílsigh, an talamh sin nó leas an tionónta sa ghabháltas nó sa chuid sin i gCoimisiún na Talún nó ón dáta a fuair Coimisiún na Talún seilbh ar an talamh, ar an ngabháltas nó ar an gcuid sin (pé dáta acu is déanaí) go dtí dáta eisiúna na mbannaí talún breise agus gabhfaidh an tsuim sin ionad pé úis (más ann dó) is iomchuí faoi fho-alt (1) d'alt 2 den Acht Talún, 1923, agus

(b) nuair a bheas na bannaí talún breise á ndáil san ábhar sin bhéarfar aird chuí ar leas gach duine faoi seach atá i dteideal éileamh a dhéanamh (pé acu roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin é) san ábhar sin agus roinnfidh an Coimisinéir Breithiúnais na bannaí talún sin do réir ceartais an cháis.

(4) Faoi réir a cheaduithe ag an Aire Airgeadais, íocfar le Coimisiún na Talún, as airgead a sholáthrós an tOireachtas, pé suimeanna a theastós ó am go ham chun an t-ús agus an ciste fiachmhúchta d'íoc ar na bannaí talún breise a heiseofar de bhun an ailt seo.

Bannai talún— méadú ar an tórainn lena méid iomlán.

7. —Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 6 d'Acht na mBannaí Talún, 1934, trí “chúig mhilliun déag punt” a chur in ionad “deich milliúin punt”.

Leasuithe eile ar Acht na mBannaí Talún, 1934.

8. —(1) Leasaítear leis seo fo-alt (2) d'alt 3 d'Acht na mBannaí Talún, 1934, trí “(faoi réir forál an chéad ailt eile)” a chur isteach i ndiaidh “bainfid”.

(2) Leasaítear leis seo fo-alt (2) d'alt 4 d'Acht na mBannaí Talún, 1934, trí “nó go measfar gur ceapadh a méideanna” a chur isteach roimh “i rith”.

(3) Leasaítear leis seo fo-alt (2) d'alt 4 d'Acht na mBannaí Talún, 1934, trí “ach amháin i gcás airleacan agus airgid cheannaigh is gá a dhéanamh nó d'íoc trí bhannaí talún d'eisiúint agus iad faoin ráta céanna úis a bhí ar bhannaí talún a heisíodh roimhe sin” a chur i ndeireadh an fho-ailt.

(4) Measfar fo-ailt (1) agus (3) den alt seo a theacht i ngníomh ar Acht na mBannaí Talún, 1934, a rith.

Leasú ar alt 30 den Acht Talún, 1933.

9. —(1) I gcás ina ndearbhaíonn Coimisiún na Talún, de bhun fo-ailt (1) d'alt 30 den Acht Talún, 1933, nó de bhun an fho-ailt sin arna leathnú le fo-alt (1) d'alt 30 den Acht Talún, 1936, an lá ceaptha i dtaobh tailte neamhthionóntaithe agus an praghas ar a bhfuil sé beartaithe na tailte sin a cheannach, measfar, chun an tsreath iomchuí de bhannaí talún a chinneadh, an praghas sin agus aon phraghas ar a gcomhaontófar nó a ceapfar ina dhiaidh sin, i leith na dtailte sin, a cheapadh ar dháta an dearbhuithe.

(2) Leasaítear leis seo fo-alt (3) d'alt 30 den Acht Talún, 1933 (lena n-áirítear an fo-alt sin mar bheirtear feidhm dó le fo-alt (2) d'alt 30 den Acht Talún, 1936) trí “(agus iad faoin ráta céanna úis a bhí ar na bannaí talún a heisíodh i leith an phraghais shealadaigh)” a chur isteach roimh na focail “a thabhairt amach”.

(3) Measfar fo-alt (2) den alt seo a theacht i ngníomh ar an Acht Talún, 1933, a rith.

Measfar an praghas ceannaigh a cheapadh an lá ceaptha i gcásanna áirithe.

10. —Más rud é, tar éis an tAcht seo a rith, go mbeidh gabháltas ar áireamh i liosta de ghabháltais dhílsithe a foilseofar faoi alt 9 den Acht Talún, 1931, measfar, chun an tsreath iomchuí de bhannaí talún a chinneadh, an t-airgead ceannaigh a bheas le híoc i leith an ghabháltais a cheapadh ar an lá ceaptha a bheas dearbhaithe sa liosta sin.

Talamh neamhthionóntaithe—fadú ar an tréimhse le haghaidh iarratais ar phraghas d'athchinneadh.

11. —(1) Leasaítear leís seo fo-alt (2) d'alt 5 den Acht Talún, 1950 , trí “laistigh de shé mhí tar éis an tAcht seo a rith” a scrios as mír (i) agus “roimh an lú lá de Shamhain, 1953, nó roimh an lá atá sé mhí tar éis an lae a ghlac Coimisiún na Talún seilbh ar an talamh (pé lá acu sin is déanaí)” a chur ina ionad.

(2) Féadfar iarratas a dhéanamh faoi fho-alt (2) d'alt 5 den Acht Talún, 1950 , arna leasú le fo-alt (1) den alt seo, d'ainneoin go ndearnadh iarratas faoin bhfo-alt sin sa chás áirithe, agus nár géilleadh dhó, roimh an Acht seo a rith.

Seilbh a ghlacadh agus leasa tionóntaí a dhílsiú i gcásanna athghabhála.

12. —(1) Má d'athghabh Coimisiún na Talún gabháltas roimh an Acht seo a rith, measfar leas an tionónta a dhílsiú i gCoimisiún na Talún, agus na héilimh in aghaidh an leasa sin urscaoilte, ar an dáta ar ar ghlacadar seilbh ar an ngabháltas, nó ar an dáta ar ar húdaraíodh dóibh an gabháltas d'athghabháil má ba dhéanaí an dáta sin ná an dáta ar ar ghlacadar seilbh, agus measfar deireadh a theacht, ar dháta an dílsithe, leis na héilimh sin in aghaidh an ghabháltais agus iad a dhul ón dáta sin le praghas athghabhála an ghabháltais, is é sin le rá, an cúiteamh d'íoc nó a íocfas Coimisiún na Talún as, amhail mar bhíodar ag dul leis an ngabháltas díreach roimh dháta an dílsithe,

(2) Má húdaraíodh do Choimisiún na Talún, roimh an Acht seo a rith nó dá éis, gabháltas d'athghabháil, beid i dteideal dul isteach agus seilbh a ghlacadh ar an ngabháltas agus—

(a) bainfidh forála ailt 19 den Acht Talún, 1927, arna leasú leis an Acht seo, leis an ngabháltas mar bhainid leis na tailte a dílsíodh i gCoimisiún na Talún agus dá dtagartar san alt sin, agus

(b) dílseoidh leas an tíonónta i gCoimisiún na Talún, agus na héilimh in aghaidh an leasa sin urscaoilte, ar an dáta ar a nglacfaid seilbh ar an ngabháltas, nó ar an dáta ar ar húdaraíodh dóibh an gabháltas d'athghabháil más déanaí an dáta sin ná an dáta ar a nglacfaid seilbh, agus tiocfaidh deireadh, ar dháta an dílsithe, leis na héilimh sin in aghaidh an ghabháltais agus raghaid ón dáta sin le praghas athghabhála an ghabháltais, is é sin le rá, an cúiteamh a íocfas Coimisiún na Talún as, amhail mar bhíodar ag dul leis an ngabháltas díreach roimh dháta an dílsithe.

(3) Is fianaise prima facie ar an bhfíoras a deimhneofar ann deimhniú faoi ghnáthshéala Choimisiún na Talún á dheimhniú gur dhílsigh nó go meastar gur dhílsigh leas tionónta i ngabháltas sonraithe i gCoimisiún na Talún ar dháta sonraithe (is é sin, an dáta ar ar ghlac Coimisiún na Talún seilbh ar an ngabháltas, nó an dáta ar ar húdaraíodh do Choimisiún na Talún an gabháltas d'athghabháil má ba dhéanaí an dáta sin ná an dáta ar ar ghlacadar seilbh).

(4) Féadfar gach cumhacht is infheidhmithe faoi na hAchta Talamh-Cheannaigh maidir le huasleas d'fheidhmiú maidir le héileamh do réir bhrí an ailt seo.

(5) San alt seo—

folaíonn “gabháltas” cuid de ghabháltas agus, nuair a húsáidtear é sna habairtí “in aghaidh an ghabháltais” agus “ag dul leis an ngabháltas”, folaíonn sé leas an tionónta ;

folaíonn “leas an tionónta” leasa nasc-thionóntaí agus leasa tionóntaí i gcoiteannas ;

folaíonn “éilimh” éileamh aon duine leasmhair i leith aon eire, blianachta, cíosa, cíosmhuirir nó ní ar bith eile, ach amháin nach bhfolaíonn sé aon cheart poiblí, leas aon fho-thionónta ná leas aon duine a bhfuil éileamh aige ar an leas sin ná éileamh i leith aon éasúna, cirt nó comhghabhálais dá luaitear in alt 34 den Land Law (Ireland) Act, 1896 ;

ciallaíonn “praghas athghabhála” praghas athghabhála, pé acu ceaptha nó le ceapadh dhó, agus, sa chás deiridh sin, folaíonn sé ús is iníoctha de bhuaidh fo-ailt (4) d'alt 39 den Acht Talún, 1939.

(6) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo difir—

(a) do chearta spóirt mar mínítear iad i bhfo-alt (2) d'alt 13 den Irish Land Act, 1903, do chearta iascaigh atá comhghabhálach le gabháltas do réir bhrí fo-ailt (1) d'alt 3 den Acht Talún, 1929, ná do chearta uisce, i gcás gan na cearta spóirt, na cearta iascaigh nó na cearta uisce sin a bheith ina sheilbh ná ina shealúchas ag an tionónta ar an dáta ar ar ghlac Coimisiún na Talún seilbh ar an ngabháltas, ná

(b) d'aon cheart chun uisce-chumhachta a bhí á úsáid iarbhír ag an tionónta ar an dáta ar ar ghlac Coimisiún na Talún seilbh ar an ngabháltas, ach amháin má scoir an úsáid sin ar an dáta sin, ná

(c) d'aon mhianach ná coiréal a bhí á oibriú nó á fhorbairt ag an tionónta nó ag léasaí an tionónta ar an dáta ar ar ghlac Coimisiún na Tálún seilbh ar an ngabháltas, ná

(d) le haon cheart chun mianadóireachta nó chun mianraí a thógaint nó chun mianraí a thochailt nó a chuardach ar ghabháltas nó faoi ghabháltas,

ar choinníoll nach mbainfidh an fo-alt seo le haon chloch, gairbhéal, gaineamh ná cré.

Leasú ar alt 13 den Acht Talún, 1939.

13. —(1) Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 13 den Acht Talún, 1939—

(i) trí “nó ó dháta dílsithe na talún, na tionóntachta, na héasúna nó an chirt sin (más luaithe an dáta sin ná dáta na lóisteála sin) i gCoimisiún na Talún” a chur isteach i mír (b) roimh “go dtí dáta”, agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh míre (c):

“agus

(d) an t-ús uile d'íoc Coimisiún na Talún chun creidiúna an ábhair iomchuí roimh an dáiliú sin in aghaidh aon tréimhse sara bhfuair nó sara bhfaighidh Coimisiún na Talún seilbh nó úsáid na talún, na tionóntachta na héasúna nó an chirt sin.”

(2) Forléireofar aon tagairt d'airgead ceannaigh in alt 13 den Acht Talún, 1939, nó san alt sin arna leasú leis an alt seo, mar thagairt a fholaíos tagairt d'airgead ceannaigh a taisceadh—

(a) i leith an phraghais shealadaigh dá dtagartar in alt 30 den Acht Talún, 1933, nó san alt sin arna leathnú le halt 30 den Acht Talún, 1936, seachas aon chuid de is inchurtha i leith bannaí talún d'fhuascail Coimisiún na Talún, agus

(b) i leith an airleacain bhreise (más ann dó) a rinneadh de bhun ailt 30 den Acht Talún, 1933, nó de bhun an ailt sin arna leathnú le halt 30 den Acht Talún, 1936, nó arna leasú leis an Acht seo.

(3) Measfar fo-alt (2) den alt seo a theacht i ngníomh ar an Acht Talún, 1939, a rith.

(4) Aon airgead is iníoctha le Coimisiún na Talún faoi alt 13 den Acht Talún, 1939, nó faoin alt sin arna leasú leis an alt seo, gheofar é, d'ainneoin aon ní dá bhfuil san alt sin, trí dóthain de na bannaí talún a taisceadh (roimh an Acht seo a rith nó dá éis) chun creidiúna an ábhair iomchuí a dhíol chun suim a chur ar fáil is ionann agus an t-airgead sin.

Iocaíochta le Coimisiún na Talún ar dháiliú nuair atá moill ar an tseilbh d'fháil i gcásanna áirithe athghabhála.

14. —(1) I gcás praghas athghabhála gabháltais nó coda de ghabháltas a thaisceadh (roimh an Acht seo a rith nó dá éis) in airgead chun creidiúna an ábhair iomchuí sara bhfuair nó sara bhfaighidh Coimisiún na Talún seilbh ar an ngabháltas nó ar an gcuid, beidh teideal ag Coimisiún na Talún chun go n-íocfar leo na nithe seo a leanas as an bpraghas athghabhála (lena n-áirítear aon ús air) ar é a dháiliú—

(a) na costais agus na caiteachais uile faoina ndeachaigh Coimisiún na Talún chun seilbh d'fháil (roimh dháta an taiscthe nó dá éis) ar an ngabháltas nó ar an gcuid, agus

(b) ús do réir pé ráta, nach mó ná sé faoin gcéad sa bhliain, a threorós an tAire Airgeadais, ar an bpraghas athghabhála ó dháta an taiscthe go dtí an dáta ar a bhfuair nó ar a bhfaighidh Coimisiún na Talún seilbh ar an ngabháltas nó ar an gcuid.

(2) Beidh an t-airgead go léir is iníoctha le Coimisiún na Talún faoin alt seo iníoctha amhlaidh i dtosaíocht ar gach éileamh eile ach amháin íocaíochtaí le húdarás áitiúil faoi alt 18 den Acht Talún, 1927, arna leathnú leis an Acht seo, de bhun riaráistí rátaí i leith an ghabháltais iomchuí nó na coda iomchuí de ghabháltas.

Alt 18 den Acht Talún, 1927, agus alt 41 den Acht Talún, 1931, a leathnú.

15. —(1) Má bhíonn praghas athghabhála gabháltais nó coda de ghabháltas d'athghabh Coimisiún na Talún (roimh an Acht seo a rith nó dá éis) iníoctha in airgead, féadfar an íocaíocht dá dtagartar i bhfo-alt (4) d'alt 18 den Acht Talún, 1927, d'íoc, más rud é nach bhfuil ús ar an bpraghas athghabhála ar fáil le haghaidh na híocaíochta sin, i dtosaíocht ar gach éileamh eile as an bpraghas athghabhála ar é a dháiliú.

(2) Má rinne Coimisiún na Talún nó má dhéanann feasta gabháltas nó cuid de ghabháltas d'athghabháil agus go raibh nó go mbeidh an uair sin an gabháltas nó an chuid sin rátaithe i dteannta talún eile, beidh feidhm maidir leis an ngabháltas nó leis an gcuid sin ag forála ailt 41 den Acht Talún, 1931, mar atá feidhm ag na forála sin maidir le talamh neamhthionóntaithe ach “an lá a ghabhfas Coimisiún na Talún ar áitiú” agus “an lae a ghabhfas Coimisiún na Talún ar áitiú” a chur in ionad “an lá ceaptha” agus “an lae cheaptha” faoi seach.

Gabháltais cheantar cúng nach bhfuil liostaithe faoi alt 23 den Acht Talún, 1931.

16. —I gcás gach gabháltais cheantar cúng do réir bhrí alt 22 agus 23 den Acht Talún, 1931—

(a) a bhfuil iomlán a airgid cheannaigh le hairleacan ag Coimisiún na Talún, agus

(b) nach bhfuil curtha i liosta de ghabháltais cheantar cúng a foilsíodh faoi alt 23 den Acht Talún, 1931, agus

(c) ar shínigh an tionónta nó an leithroinní (roimh an Acht seo a rith nó dá éis) comhaontú nó geallúint chun é a cheannach,

measfar, mura dtug Coimisiún na Talún é mar mhalairt ar ghabháltas a bhí curtha nó a meastar a bhí curtha i liosta de ghabháltais cheantar cúng a foilsíodh faoin alt sin 23, an gabháltas sin a bheith curtha i liosta den tsórt sin an chéad lá gála tar éis pé dáta díobh seo a leanas is déanaí :

(i) dáta an chomhaontuithe nó na geallúna adúradh chun é a cheannach, nó

(ii) an dáta ar ar tugadh seilbh an ghabháltais sin don tionónta nó don leithroinní, nó

(iii) dáta an Achta seo a rith,

agus beidh feidhm dá réir sin maidir leis an ngabháltas sin ag na forála de na hAchta Talamh-Cheannaigh (lena n-áirítéar an tAcht seo) a bhaineas le gabháltais atá curtha i liosta de ghabháltais cheantar cúng a foilsíodh faoin alt sin 23.

Orduithe dílseacháin i gcásanna áirithe.

17. —(1) Má choinníonn Coimisiún na Talún aon ghabháltas, roimh an Acht seo a rith nó dá éis, féadfaidh Coimisiún na Talún—

(a) i gcás an gabháltas a bheith ar áireamh, roimh an Acht seo a rith nó dá éis, i liosta de ghabháltais dhílsithe a foilsíodh faoi alt 9 den Acht Talún, 1931, ordú dílseacháin d'fhoilsiú faoi alt 12 den Acht sin i leith an ghabháltais nó aon choda dhe, agus

(b) in aon chás eile, ordú dílseacháin d'fhoilsiú faoi alt 28 den Acht Talún, 1931, i leith an ghabháltais nó aon choda dhe.

(2) I gcás talún ar bith d'athshocraigh Coimisiún na Talún, roimh an Acht seo a rith nó dá éis, nó a dtáinig Coimisiún na Talún chun bheith ina n-únaeraí cláraithe uirthi roimh an Acht seo a rith nó dá éis, féadfaidh Coimisiún na Talún ordú dílseacháin d'fhoilsiú faoi alt 28 den Acht Talún, 1931, i leith na talún sin nó aon choda dhi.

(3) Más rud é, i gcás talún ar bith a bheas ar áireamh in ordú dílseacháin de bhun an ailt seo, go ndéarfar ann go bhfuil sí á tabhairt mar mhalairt ar aon talamh eile, beidh feidhm ag forála ailt 29 den Acht Talún, 1931, mar atá feidhm acu i gcás gabháltais dhílsithe agus bun-ghabháltais agus, chuige sin, san alt sin foirléireofar na tagairtí do thionónta mar thagairtí a fholaíos tagairtí d'únaer nó d'áititheoir, forléireofar an tagairt do thabhairt suas mar thagairt a fholaíos tagairt d'aistriú agus forléireofar an tagairt do chíos mar thagairt a fholaíos tagairt d'airgead.

(4) Má bhíonn aon tsuim iníoctha le Coimisiún na Talún i leith aon talún nó aon choda dhi a bheas ar áireamh de bhun an ailt seo in ordú dílseacháin, féadfar an tsuim a chionroinnt, nó an talamh nó an chuid d'urscaoileadh uaithi, leis an ordú dílseacháin mar is cuí le Coimisiún na Talún.

(5) Forléireofar aon tagairt do ghabháltas nua in alt 8 den Acht Talún, 1936, agus in ailt 34 agus 35 den Acht Talún, 1939, mar thagairt a fholaíos tagairt do thalamh atá ar áireamh in ordú dílseacháin de bhun an ailt seo.

(6) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo dochar do chearta ná do chumhachta Choimisiún na Talún maidir le talamh ar bith nó aon leas inti d'athghabháil, a thógaint nó a cheannach.

Riarthóirí tóranta agus ionadaithe ainmnithe.

18. —(1) I dteannta na ndaoine dá dtagartar i bhfo-alt (4) d'alt 54 den Acht Talún, 1939, bainfidh an t-alt sin freisin le gach duine atá—

(a) ina thionónta ar ghabháltas a cuireadh i liosta de ghabháltais dhílsithe a foilsíodh faoi alt 9 den Acht Talún, 1931, nó a meastar a cuireadh i liosta de ghabháltais cheantar cúng de bhuaidh ailt 16 den Acht seo, nó ina thionónta ar ghabháltas coinnithe, nó

(b) ina únaer nó ina áititheoir ar dháileacht talún neamhthionóntaithe is ábhar d'iarratas faoi alt 44 den Acht Talún, 1931, nó faoi alt 37 den Acht Talún, 1936, nó faoi cheachtar de na hailt sin arna leasú nó arna leathnú le haon achtachán.

(2) Beidh teideal ag Coimisiún na Talún chun go gcúlghairmfid nó go gcealóid ceapadh riarthóra, nó ainmniú aon duine mar ionadaí do dhuine atá marbh nó as láthair nó faoi mhíchumas, a rinne Coimisiún na Talún (roimh an Acht seo a rith nó dá éis) agus, ó am go ham do réir mar is gá, chun go gceapfaid nó go n-ainmneoid, faoi alt 54 den Acht Talún, 1939, duine éigin eile in ionad aon duine a cheap nó d'ainmnigh Coimisiún na Talún agus a fuair bás nó ar chúlghairm nó ar chealaigh Coimisiún na Talún a cheapadh nó a ainmniú.

(3) Ní déanfar aon ainmniúchán faoi alt 67 den Acht Talún, 1923, tar éis an tAcht seo a rith, ná ní déanfar aon cheapachán faoi fho-alt (11) d'alt 42 den Acht Talún, 1933, tar éis an tAcht seo a rith.

(4) Dearbhaítear leis seo go bhfuil agus go raibh riamh ag aon duine a cheap Coimisiún na Talún ina riarthóir nó d'ainmníodar mar ionadaí do dhuine atá marbh nó as láthair nó faoi mhíchumas (pé acu roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin a ceapadh nó a hainmníodh amhlaidh é) lán-chumhacht, chun críocha imeacht faoi na hAchta Talamh-Cheannaigh (lena n-áirítear an tAcht seo), chun aistriú a dhéanamh ar thalamh, nó déileáil ar shlí eile le talamh, atá cláraithe faoi na hAchta um Chlárú Teidil, 1891 agus 1942, d'ainneoin aon ní dá bhfuil sna hAchta sin.

Forghníomhú.

19. —(1) Beidh feidhm ag fo-alt (1) d'alt 17 den Acht Talún, 1936, maidir le forghníomhú orduithe d'eisigh na Coimisinéirí Tuatha chun aon tsuim a thobhach, amhail is dá mba bharántas, inar deimhníodh an tsuim airgid sin a bheith dlite, d'eisigh Coimisiún na Talún faoi alt 28 den Acht Talún, 1933, an t-ordú.

(2) Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 17 den Acht Talún, 1939, trí “nó aon choda dhíobh a bheas gan íoc” a chur isteach tar éis “na gcostas agus na gcaiteachas sin”.

(3) In alt 19, alt 31, alt 37 agus alt 54 den Acht Talún, 1927, agus i bhfo-alt (2) d'alt 17 den Acht Talún, 1939, cuirfear tagairtí do shirriam in ionad tagairtí d'fho-shirriam aon áit a bhfuil na tagairtí deiridh sin i gcás contae nó contae-bhuirge a bhfuil sirriam ann di de thuras na huaire agus cuirfear tagairtí do chláraitheoir contae ina n-ionad i ngach cás eile.

Leasú ar alt 25 den Acht Talún, 1931.

20. —(1) Aireofar sa chumhacht leasuithe a bheirtear le fo-alt (1) d'alt 25 den Acht Talún, 1931, cumhacht chun liostú gabháltais cheantar cúng nó gabháltais ar thalamh neamhthionóntaithe a chealú nó a scrios amach.

(2) Tá réim ag an gcumhacht leasuithe a bheirtear le fo-alt (1) d'alt 25 den Acht Talún, 1931, arna leasú le fo-alt (1) den alt seo—

(a) maidir le haon dáileacht talún neamhthionóntaithe a meastar a bheith liostaithe de bhun ailt 33 den Acht Talún, 1936, nó de bhun an ailt sin arna leasú le halt 21 den Acht Talún, 1939, agus

(b) maidir le haon ghabháltas a meastar a bheith liostaithe de bhun ailt 16 den Acht seo.

(3) Measfar fo-alt (1) den alt seo a theacht i ngníomh ar an Acht Talún, 1931, a rith.

Leasú ar alt 19 den Acht Talún, 1933.

21. —Leasaítear leis seo alt 19 den Acht Talún, 1933, trí “d'únaer tailimh chun an tailimh sin d'athcheannach ar shlí eile seachas faoi alt 11 den Acht Talún, 1927” a scrios as fo-alt (2) agus “de dhroim iarratais ar airleacan chun talamh d'athcheannach seachas faoi alt 11 den Acht Talún, 1927, agus pé acu dá iarratasóir nó d'aon duine eile a tugadh é” a chur ina ionad.

Leasú ar alt 5 den Acht Talún, 1926

22. —(1) Leasaítear leis seo alt 5 den Acht Talún, 1936, trí “as praghas atógtha an ghabháltais sin” a scrios as fo-alt (1) agus “agus déanfar an fhuascailt sin, i gcás an praghas athghabhála a bheith iníoctha in airgead, trí oiread den airgead d'íoc agus is leor chun praghas fuascailte na blianachta cistiúcháin sin d'íoc agus, i gcás an praghas athghabhála a bheith iníoctha i mbannaí talún,”.

(2) Measfar fo-alt (1) den alt seo a theacht i ngníomh ar an Acht Talún, 1936, a rith.

Leasú ar alt 24 den Acht Talún, 1939, agus ar alt 25 den Acht Talún, 1950 .

23. —(1) I dteannta na feidhme atá acu faoi láthair, beidh feidhm freisin ag fo-ailt (2), (3) agus (4) d'alt 24 den Acht Talún, 1939, maidir le talamh a bhfuil teideal ina leith ag beirt nó níos mó chun cirt nó ceart féaraigh nó móna nó féaraigh agus móna (pé cuma ina dteachtar nó ina sealbhaítear é nó iad), chun críche eadar-roinnte an chirt nó na gceart sin agus dá réir sin—

(a) sna fo-ailt sin folóidh aon tagairt d'únaeraí i gcoiteannas tagairt don bheirt nó níos mó sin agus folóidh aon tagairt do ghabháltas lena mbaineann an t-alt sin 24 tagairt don cheart nó do na cearta sin, agus

(b) mura páirtí aontach i scéim i leith an chirt nó na gceart sin an duine a ndealraíonn sé do Choimisiún na Talún gurb é únaer na talún sin é, seirbheálfaidh Coimisiún na Talún air, más féidir go réasúnach an duine sin d'fhionnadh, fógra ina luafar sonraí na scéime sin agus an modh ar a bhféadfaidh sé agus an tréimhse ina bhféadfaidh sé agóid a dhéanamh ina coinne agus beidh feidhm ag míreanna (b), (c), (d) agus (e) d'fho-alt (4) den alt sin 24 maidir lena agóid (más ann di), agus

(c) oibreoidh ordú a déanfar faoin alt sin 24 ag daingniú scéime i leith an chirt nó na gceart sin chun teideal a thabhairt do gach duine den bheirt nó níos mó sin chun an chirt nó na gceart sin maidir leis an gcuid sin nó na coda sin amháin den talamh a bheas sonraithe i dtaobh an duine sin sa scéim sin (faoi réir na dtéarmaí agus na gcoinníollacha a bheas sonraithe sa scéim sin).

(2) Leasaítear leis seo alt 25 den Acht Talún, 1950 , trí “an talamh sin nó aon chuid di” a chur isteach i mír (b) in ionad “sé”.

(3) Measfar fo-alt (2) den alt seo a theacht i ngníomh ar an Acht Talún, 1950 , a rith.

(4) Cuirfear cóip d'ordú a déanfar faoi alt 24 den Acht Talún, 1939, chun an údaráis chláraitheachta faoi na hAchta um Chlárú Teidil, 1891 agus 1942, má dhéanann an t-ordú difir d'aon talamh chláraithe, agus, ar sin d'fháil dó, cuirfidh an t-údarás cláraitheachta sin faoi deara na sonraí iomchuí a chlárú faoi na hAchta sin.

(5) Ní bheidh aon táille iníoctha i leith aon imeacht i gClárlann na Talún faoi fho-alt (4) den alt seo.

AN SCEIDEAL.

Tagairtí do Rátaí.

Alt 4.

Cuid I.

1. Na tagairtí don ráta 4¾ faoin gcéad—

(a) i bhfo-alt (1) d'alt 9, i bhfo-alt (3) d'alt 19, i bhfo-alt (1) d'alt 25, in alt 39 agus in alt 54 den Acht Talún, 1923,

(b) i bhfo-alt (1) d'alt 2 den Acht Talún, 1927.

2. Na tagairtí don ráta ceathair agus trí ceathrúna faoin gcéad—

(a) in alt 33 den Acht Talún, 1923.

(b) i mír (b) d'fho-alt (6) d'alt 28 den Acht Talún, 1923,

(c) i mír (b) d'alt 20 den Acht Talún, 1931,

(d) i mír (c) d'alt 20 den Acht Talún, 1931, arna leasú le fo-alt (3) d'alt 11 den Acht Talún, 1936,

(e) i mír (b) d'fho-alt (4) d'alt 21 den Acht Talún, 1931, arna leasú le fo-alt (3) d'alt 11 den Acht Talún, 1936,

(f) i bhfo-mhíreanna (iii) agus (iv) de mhír (c) d'fho-alt (5) d'alt 37 agus i bhfo-mhíreanna (iii) agus (iv) de mhír (d) d'fho-alt (3) d'alt 40 den Acht Talún, 1936.

3. An tagairt don ráta ceithre puint agus cúig scillinge déag faoin gcéad i mír (c) d'fho-alt (2) d'alt 16 den Acht Talún, 1936.

Cuid II.

1. Na tagairtí don ráta 4½ faoin gcéad in alt 27, i bhfo-alt (4) d'alt 42 agus i mír (b) d'alt 46 den Acht Talún, 1927.

2. Na tagairtí don ráta ceathair go leith faoin gcéad i míreanna (a) agus (b) d'fho-alt (1) agus i bhfo-alt (2) d'alt 18 den Acht Talún, 1931.

CUID III.

Na tagairtí don ráta ceathrú d'aon faoin gcéad in alt 27, i bhfo-alt (4) d'alt 42 agus i mír (b) d'alt 46 den Acht Talún, 1927.