6 1954


Uimhir 6 de 1954.


AN tACHT UM GHALAIR AINMHITHE, 1954.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHT UM GHALAIR AINMHITHE, 1894 GO 1949. [3ú Márta, 1954.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

An tsuim iomlán is intobhaigh faoi alt 71 den Diseases of Animals Act, 1894.

1. —An méid sin d'alt 1 den Acht um Ghalair Ainmhithe, 1949 ( Uimh. 10 de 1949 ), a shocraíos an tsuim iomlán a féadfar a thobhach faoi alt 71 den Diseases of Animals Act, 1894, scoirfidh sé d'éifeacht a bheith aige maidir le haon airgead a toibheofar amhlaidh tar éis an tAcht seo a rith, agus ina ionad sin achtaítear leis seo nach mó an tsuim iomlán a féadfar a thobhach amhlaidh tar éis an tAcht seo a rith ná suim is comhionann le puntáiste dhá phingin sa phunt ar luach bliantúil glan na maoine sna contaethe riaracháin uile sa Stát.

Leathnú ar na cumhachta chun orduithe a dhéanamh.

2. —An chumhacht chun orduithe a dhéanamh a bheirtear le halt 22 den Diseases of Animals Act, 1894, agus atá dílsithe anois san Aire Talmhaíochta, sroichfidh a réim agus folóidh sí déanamh orduithe chun onnmhuiriú colúr beo a thoirmeasc ach amháin faoi réim agus do réir ceadúnas a dheonfas an tAire sin dá rogha féin.

Gearrtheideal agus comhlua.

3. —(1) Féadfar an tAcht um Ghalair Ainmhithe, 1954 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchta um Ghalair Ainmhithe, 1894 go 1954, a ghairm de na hAchta um Ghalair Ainmhithe, 1894 go 1949, agus den Acht seo le chéile.