|
||||
|
[EN] | ||
Uimhir 8 de 1954. | ||
[EN] |
AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (LUACHÁIL A LAGHDÚ GO SEALADACH), 1954. | |
[An tiontó oifigiúil.] |
ACHT DO DHÉANAMH SOCRUITHE CHUN LUACHÁIL A LAGHDÚ GO SEALADACH I gCÁSANNA ÁIRITHE AGUS DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AN ACHTA RIALTAIS ÁITIÚIL (RÁTAÍ A MHAITHEAMH), 1940, LE hÉIFEACHT CHÚLGHABHÁLACH. [10ú Márta, 1954.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
CUID I. Reamhraiteach agus Ginearalta. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Gearrtheideal. |
1. —Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúil (Luacháil a Laghdú go Sealadach), 1954 , a ghairm den Acht seo. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Comhlua. |
2. —Féadfar na hAchta Rialtais Áitiúil (Rátaí a Mhaitheamh), 1940 go 1954, a ghairm de na hAchta Rialtais Áitiúil (Rátaí a Mhaitheamh), 1940 go 1952, agus den mhéid sin den Acht seo a bhaineas le leasú agus leathnú an Achta Rialtais Áitiúil (Rátaí a Mhaitheamh), 1940 (Ulmh. 8 de 1940), le chéile. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
CUID II. Luachail a Laghdu go Sealadach chun Criocha Ratuchain. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Léiriú (Cuid II). |
3. —(1) Sa Chuid seo den Acht seo— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | ciallaíonn “an Coimisinéir” an Coimisinéir Luachála; | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | ciallaíonn “an tréimhse ordaithe” an tréimhse dár tosach an 27ú lá d'Iúil, 1953, agus dár críoch an 26ú lá d'Iúil, 1956; | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | ciallaíonn “liosta luachála athscrúdaithe” liosta luachála athscrúdaithe faoi na hAchta Luachála; | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | ciallaíonn “luacháil” luacháil faoi na hAchta Luachála. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Aon tagairt atá san Acht seo do mhéadú ar luacháil tionóntáin ina bhfuil foirgint nó cuid d'fhorgint, forléireofar í, i gcás tionóntáin ar a bhfuil luacháil a sanntar páirt di d'fhoirgintí, mar thagairt do mhéadú ar an bpáirt sin. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) Measfar nach bhfuil feidhm ag an gCuid seo den Acht seo maidir leis na nithe seo a leanas— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) tógáil foirginte i gcás inarb é atá sa bhfoirgint iostán a cuireadh ar fáil faoi Achta na Sclábhaithe, 1883 go 1952, nó teach a cuireadh ar fáil faoi Achta Tithe an Lucht Oibre, 1890 go 1952, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) tógáil, fairsingiú nó feabhsú foirginte i gcás deontas nó faoiseamh ó rátaí a thabhairt, faoi Achta na dTithe (Gaeltacht), 1929 go 1953, i leith na tógála, an fhairsingithe nó an fheabhsuithe, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (c) tógáil, fairsingiú nó feabhsú foirginte i gcás deontas nó faoiseamh ó rátaí a thabhairt, faoi Achta na dTithe (Forála Airgeadais agus Forála Ilghnéitheacha), 1932 go 1952, Acht na dTithe (Leasú), 1948 (Uimh. 1 de 1948) , Acht na dTithe (Leasú), 1950 (Uimh. 25 de 1950) , nó Acht na dTithe (Leasú), 1952 (Uimh. 16 de 1952) , i leith na tógála, an fhairsingithe nó an fheabhsuithe, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (d) fairsingiú nó feabhsú foirginte i gcás inar iostán a cuireadh ar fáil faoi Achta na Sclábhaithe, 1883 go 1952, nó teach a cuireadh ar fáil faoi Achta Tithe an Lucht Oibre, 1890 go 1952, a fhoirgint agus gur le húdarás áitiúil í, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (e) fairsingiú nó feabhsú foirginte i gcás an fhoirgint a bheith ann i dtosach na tréimhse ordaithe agus an fairsingiú nó an feabhsú a theacht d'obair athruithe, leathnuithe, deisithe nó athnuachana nach fiú d'áireamh, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (f) tógáil, fairsingiú nó feabhsú foirginte i gcás feidhm a bheith ag alt 14 den Valuation (Ireland) Act, 1852, i leith na tógála, an fhairsingithe nó an fheabhsuithe, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (g) tógáil, fairsingiú nó feabhsú foirginte i gcás faoiseamh ó rátaí a thabhairt, faoi alt 9 den Acht um Límistéirí Neamhfhorbartha, 1952 ( Uimh. 1 de 1952 ), i leith na tógála, an fhairsingithe nó an fheabhsuithe, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | agus sna hailt ina dhiaidh seo den Chuid seo den Acht seo déanfar “tógáil”, “fairsingiú” agus “feabhsú” d'fhorléiriú dá réir sin. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (4) Déanfar aon tagairt i bhfo-alt (3) den alt seo do shreath Acht nó d'Acht d'fhorléiriú mar thagairt d'aon Acht (arna rith roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin) ag leasú nó ag leathnú na sreatha Acht nó an Achta sin. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Luacháil a laghdú go sealadach chun críocha rátúcháin. |
4. —(1) I gcás tógáil, fairsingiú nó feabhsú foirginte a thosnú agus a chríochnú i rith na tréimhse ordaithe agus méadú ar luacháil tionóntáin ina bhfuil an fhoirgint nó cuid den fhoirgint a dhéanamh go hiomlán nó go páirteach mar gheall ar an tógáil, an fairsingiú nó an feabhsú sin, measfar luacháil an tionóntáin a bheith, chun críocha rátúcháin, arna laghdú dhá dtrian an mhéaduithe. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) San alt seo ciallaíonn “críocha rátúcháin” na críocha seo a leanas (agus na críocha sin amháin), is é sin le rá, measúnú agus tobhach aon ráta a chruinneos údarás áitiúil chun seirbhíse na bliana airgeadais áitiúla a thosnós díreach tar éis tógáil, fairsingiú nó feabhsú na foirginte a chríochnú nó chun seirbhíse na sé bliana airgeadais áitiúla díreach ina dhiaidh sin. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) Gan dochar do ghinearáltacht forál fo-ailt (2) den alt seo a shrianas brí “críocha rátúcháin”, achtaítear go sonrach leis seo, d'ainneoin go measfar faoin alt seo luacháil tionóntáin (dá ngairmtear an lán-luacháil sa bhfo-alt seo) a bheith arna laghdú maidir le haon bhliain airgeadais áitiúil, go ndéanfar gach ríomh chun críocha na nAcht Cánach Ioncaim, agus gach ríomh chun críche na dleachta ar aon cheadúnas máil a muirearaítear do réir luachála, amhail agus dá mbeadh an lán-luacháil i bhfeidhm chun gach críche maidir leis an mbliain airgeadais áitiúil sin. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Breitheanna ag an gCoimisinéir agus achomhairc ina gcoinne. |
5. —Beidh éifeacht ag na forála seo a leanas chun críocha ailt 4 den Acht seo: | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) cinnfidh an Coimisinéir cé acu rinneadh nó nach ndearnadh aon mhéadú ar luacháil tionóntáin go hiomlán nó go páirteach mar gheall ar thógáil, fairsingiú nó feabhsú, a tosnaíodh agus a críochnaíodh i rith na tréimhse ordaithe, i gcás foirginte atá, nó a bhfuil cuid di, sa tionóntán; | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) má chinneann an Coimisinéir go ndearnadh an méadú go hiomlán nó go páirteach mar gheall ar thógáil, fairsingiú nó feabhsú, a tosnaíodh agus a críochnaíodh i rith na tréimhse ordaithe, i gcás foirginte atá, nó a bhfuil cuid di, sa tionóntán, cuirfidh sé an cinneadh sin in iúl ar an liosta luachála athscrúdaithe iomchuí; | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (c) mura mbeidh cinneadh den tsórt sin curtha in iúl ar an liosta luachála athscrúdaithe iomchuí, measfar gur léiriú é sin ón gCoimisinéir gur chinn sé nach ndearnadh an méadú sin go hiomlán ná go páirteach mar gheall ar thógáil, fairsingniú nó feabhsú, a tosnaíodh agus a críochnaíodh i rith na tréimhse ordaithe, i gcás foirginte atá, nó a bhfuil cuid di, sa tionóntán; | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (d) más rud é, le linn aon luachála d'athscrúdú laistigh de sheacht mbliana tar éis an tógáil, an fairsingniú nó an feabhsú a chríochnú, go bhfaighfear dhá thionóntán nua nó níos mó a bheith in ionad an tseantionóntáin nó na sean-tionóntán ina raibh an fhoirgint, cinnfidh an Coimisinéir i gcás gach ceann de na tionóntáin nua an méid a fhreagraíos don mhéadú luachála a rinneadh go hiomlán nó go páirteach mar gheall ar an tógáil, an fairsingiú nó an feabhsú agus cuirfidh sé an cinneadh sin in iúl ar an liosta luachála athscrúdaithe iomchuí; | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (e) féadfaidh aon duine ar cúis mhíshásaimh leis cinneadh a rinne an Coimisinéir faoin alt seo achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnte amhail mar d'fhéadfadh, agus faoi réir na dtórann faoina bhféadfadh, duine ar cúis mhíshasaimh leis luacháil tionóntáin mar bheadh sin luaite sa liosta luachála athscrúdaithe iomchuí achomharc a dhéanamh faoi na hAchta Luachála i gcoinne na luachála sin. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
CUID III. Luacháil a Laghdú go Sealadach (Bun Crannaighe). | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Léiriú (Cuid III). |
6. —Sa Chuid seo den Acht seo— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | ciallaíonn “an contae” contae Dhún na nGall; | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | ciallaíonn “an ceantar uirbeach” ceantar uirbeach Bhun Crannaighe; | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | ciallaíonn “bliain airgeadais áitiúil iomchuí” bliain airgeadais áitiúil a sonraítear sa Sceideal a ghabhas leis an Acht seo; | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | ciallaíonn “an tsuim iomchuí” maidir le bliain airgeadais áitiúil iomchuí, an tsuim a sonraítear sa Sceideal a ghabhas leis an Acht seo i leith na bliana sin. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Luacháil a laghdú go sealadach (Bun Crannaighe). |
7. —Nuair a beifear ag cur fo-ailt (6) d'alt 10 den Acht Rialtais Áitiúil, 1946 ( Uimh. 24 de 1946 ), i bhfeidhm maidir leis na caiteachais de chuid comhairle na contae a muirearaítear i mbliain airgeadais áitiúil iomchuí agus is muirir ar an gcontae go hiomlán, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas d'ainneoin fo-ailt (7) den alt sin: | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) measfar gurb ionann luacháil na contae agus an tsuim iomchuí móide iomlán na luachál, do réir na liostaí luachála a bheas i bhfeidhm de thuras na huaire faoi na hAchta Luachála, ar na hoidhreachtáin agus na tionóntáin go léir atá sa chuid den chontae nach bhfuil sa cheantar uirbeach, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) measfar gurb ionann luacháil an cheantair uirbigh agus an tsuim iomchuí. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
CUID IV. An tAcht Rialtais Áitiúil (Rátaí a Mhaitheamh), 1940, a Leasú agus a Leathnú. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Leasú agus leathnú. |
8. —(1) Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 1 den Acht Rialtais Áitiúil (Rátaí a Mhaitheamh), 1940 (Uimh. 8 de 1940) , tríd an dáta “an 31ú lá de Mhárta, 1953”, a cuireadh ann leis an Acht Rialtais Áitiúil (Rátaí a Mhaitheamh), 1952 (Uimh. 23 de 1952) , a scrios as an míniú ar an abairt “an tréimhse ordaithe” agus an dáta “an 31ú lá de Mhárta, 1954” a chur ina ionad. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Measfar fo-alt (1) den alt seo a theacht i ngníomh ar theacht i ngníomh don Acht Rialtais Áitiúil (Rátaí a Mhaitheamh), 1940. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) D'ainneoin na bhfo-alt roimhe seo den alt seo, measfar nach bhfuil feidhm ag an Acht Rialtais Áitiúil (Rátaí a Mhaitheamh), 1940, maidir le haon tógáil, fairsingiú nó feabhsú a tosnaíodh an 27ú lá d'Iúil, 1953, nó dá éis sin, agus san Acht sin déanfar “tógáil”, “fairsingiú” agus “feabhsú” d'fhorléiriú dá réir sin. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
AN SCEIDEAL. Blianta Airgeadais áitiúla Iomchuí agus Suimeanna Iomchuí. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|