16 1954


Uimhir 16 de 1954.


ACHT NA dTITHE (LEASÚ), 1954.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRUITHE BHREISE AGUS FHEABHSAITHE MAIDIR LE TITHE, DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ ACHT NA dTITHE (FORÁLA AIRGEADAIS AGUS FORÁLA ILGHNÉITHEACHA), 1932 GO 1952, ACHT TITHE AN LUCHT OIBRE, 1890 GO 1952, ACHT NA SCLÁBHAITHE, 1883 GO 1952, AGUS NA nACHT UM THITHE BEAGA CÓNAITHE d'FHÁIL, 1899 GO 1952, AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE MAIDIR LE NITHE EILE A BHAINEAS LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [27ú Aibreán, 1954.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

CUID I.

Reamhraiteach agus Ginearalta.

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

1. —(1) Féadfar Acht na dTithe (Leasú), 1954 , a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar an tAcht seo, a mhéid a leasaíos sé Achta Tithe an Lucht Oibre, 1890 go 1952, Achta na Sclábhaithe, 1883 go 1952, na hAchta um Thithe Beaga Cónaithe d'Fháil, 1899 go 1952, agus Achta na dTithe (Forála Airgeadais agus Forála Ilghnéitheacha), 1932 go 1952, a léamh agus d'fhorléiriú mar aon ní amháin leis na hAchta sin faoi seach agus féadfar Achta Tithe an Lucht Oibre, 1890 go 1954, Achta na Sclábhaithe, 1883 go 1954, na hAchta um Thithe Beaga Cónaithe d'Fháil, 1899 go 1954, agus Achta na dTithe (Forála Airgeadais agus Forála Ilghnéitheacha), 1932 go 1954, a ghairm den Acht seo agus de na hAchta sin le chéile.

Mínithe.

2. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1932” Acht na dTithe (Forála Airgeadais agus Forála Ilghnéitheacha), 1932 (Uimh. 19 de 1932) ;

ciallaíonn “Acht 1948” Acht na dTithe (Leasú), 1948 (Uimh. 1 de 1948) ;

ciallaíonn “Acht 1950” Acht na dTithe (Leasú), 1950 (Uimh. 25 de 1950) ;

ciallaíonn “Acht 1952” Acht na dTithe (Leasú), 1952 (Uimh. 16 de 1952) ;

ciallaíonn “údarás tithe”—

(a) i gcás ceantair shláinte chontae, comhairle na contae ina bhfuil an ceantar sláinte contae sin,

(b) i gcás contae-bhuirge nó buirge eile, bardas na contaebhuirge nó na buirge eile sin, agus

(c) i gcás ceantair uirbigh, comhairle an cheantair uirbigh sin;

ciallaíonn “Achta Tithe an Lucht Oibre” Achta Tithe an Lucht Oibre, 1890 go 1952, arna leasú leis an Acht seo;

ciallaíonn “Achta na Sclábhaithe” Achta na Sclábhaithe, 1883 go 1952, arna leasú leis an Acht seo;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúil.

Rialacháin.

3. —(1) Gach rialachán a dhéanfas an tAire faoin Acht seo, leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an rialachán a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neambní dá réir sin, ach sin gan dochar d'aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán sin.

(2) Ní dhéanfaidh an tAire aon rialachán faoin Acht seo a mbeidh foráil ann maidir le híocaíocht a bheas le déanamh ag an Aire gan an tAire Airgeadais do thoiliú leis an bhforáil sin.

Caiteachais.

4. —Na caiteachais faoina raghaidh an tAire ag riaradh an Achta seo, déanfar, a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais, iad d'íoc as airgead a sholáthrós an tOireachtas.

Athghairm.

5. —Déantar leis seo gach achtachán a luaitear sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo d'athghairm a mhéid a sonraítear sa tríú colún den Sceideal sin.

CUID II.

Forala Airgeadais.

Ailt áirithe do leanúint i bhfeidhm.

6. —(1) Déanfar an tagairt don lú lá d'Aibreán, 1954, atá (de bhuaidh ailt 6 d'Acht 1952) i bhfo-alt (1) d'alt 16, i bhfo-alt (2) d'alt 19 agus i bhfo-alt (1) d'alt 20 d'Acht 1948, agus i bhfo-alt (1) d'alt 6 d'Acht 1950, d'fhorléiriú mar thagairt don 1ú lá d'Aibreán, 1956.

(2) Déanfar an tagairt don 1ú lá d'Aibreán, 1954, atá i mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 7 agus i mír (a) d'fho-alt (1) d'alt 24 d'Acht 1952, d'fhorléiriú mar thagairt don 1ú lá d'Aibreán, 1956.

(3) Déanfar an tagairt don 1ú lá d'Aibreán, 1954, atá (de bhuaidh fo-alt (1) agus (2) d'alt 13 d'Acht 1952) i mír (j) d'fho-alt (1) d'alt 5 d'Acht 1932, d'fhorléiriú mar thagairt don 1ú lá d'Aibreán, 1956.

(4) Beidh éifeacht ag an alt seo agus measfar éifeacht a bheith aige amhail ar an 1ú lá d'Aibreán, 1954, agus ón lá sin amach.

Leasú ar alt 16 d'Acht 1948 agus ar alt 6 d'Acht 1950.

7. —Leasaítear leis seo alt 16 d'Acht 1948 agus alt 6 d'Acht 1950 trí “mar ghnáth-áit chónaithe” a chur isteach i ndiaidh “ar áitiú” gach áit a bhfuil na focail deiridh sin sa dá alt sin agus i ndiadh “go n-áiteofar é” san áit a bhfuil na focail deiridh sin san alt sin 6.

Leasú ar alt 19 (1) d'Acht 1948.

8. —Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 19 d'Acht 1948 trí “(lena n-áirítear údarás áitiúil a thógfas teach nó tithe chun críche seachas chun críocha Acht Tithe an Lucht Oibre nó Acht na Sclábhaithe)” a chur isteach i ndiaidh “duine a thógfas teach nó tithe”.

Leasú ar alt 9 (1) d'Acht 1952.

9. —Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 9 d'Acht 1952, le héifeacht amhail ó dháta an Achta sin a rith, trí “nach raghaidh” a chur in ionad “is comhionann” agus trí “thar” a chur in ionad “le” i ngach áit a bhfuil an focal deiridh sin.

Leasú ar alt 10 (1) d'Acht 1952.

10. —(1) Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 10 d'Acht 1952, le héifeacht amhail ó dháta an Achta sin a rith, trí “nach raghaidh” a chur in ionad “is comhionann” agus trí “thar” a chur in ionad “le” i ngach áit a bhfuil an focal deiridh sin sa bhfo-alt sin.

(2) Beidh éifeacht ag fo-alt (1) d'alt 10 d'Acht 1952 maidir le tigh i gcontae-bhuirg, i mbuirg Dhún Laoghaire, i gcontae Bhaile Atha Cliath nó i dtoghranna ceantair Naomh Muire, Bhaile an Easpaig, Bhaile Mhachain agus Dhubhghlaise i gContae Chorcaighe amhail is dá mba—

(a) tagairtí do £260 na tagairtí i míreanna (i) agus (ii) do £208,

(b) tagairtí do £377 na tagairtí i míreanna (ii) agus (iii) do £312,

(c) tagairtí do £442 na tagairtí i míreanna (iii) agus (iv) do £365, agus

(d) tagairt do £520 an tagairt i mír (iv) do £416.

Leasú ar alt 11 d'Acht 1952.

11. —Leasaítear leis seo alt 11 d'Acht 1952, le héifeacht amhail ó dháta an Achta sin a rith—

(a) trí “(pé acu laistigh nó lasmuigh de límistéir feidhme an údaráis dó)” a chur isteach i ndiaidh “tí”, agus

(b) trí “nach raghaidh thar” a chur in ionad “is comhionann le”.

Deontas i leith oibreacha a déanfar ar thigh.

12. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais agus faoi réir rialachán a déanfar faoin alt seo, deontas nach raghaidh thar pé suim acu seo a leanas is lú a thabhairt, as airgead a sholáthrós an tOireachtas, do dhuine a dhéanfas oibreacha deisiúcháin nó oibreacha feabhsúcháin ar thigh:—

(a) £80 i leith gach teaghais ar leithligh is cuid den tigh tar éis na hoibreacha sin a dhéanamh,

(b) trian de chostas na n-oibreacha, gan áireamh a dhéanamh ar chostas aon mhaisiúcháin ná ar chostas aon oibreacha a n-íoctar deontas ina leith faoi alt 7 d'Acht 1952.

(2) Ní féadfar deontas a thabhairt faoi fho-alt (1) den alt seo ach amháin—

(I) más rud é—

(a) (i) go bhfuil an teach atá le deisiú nó le feabhsú á áitiú, nó oiriúnach chun a áitithe, ag daoine den lucht oibre nó ag sclábhaithé talmh-aíochta do réir bhrí Acht na Sclábhaithe agus go bhfuil deímhnithe ag an údarás tithe (nó, i gcás achomhairc, ag an Aire) é a bheith oiriúnach le deisiú nó le feabhsú, agus

(ii) gur deimhin leis an Aire go bhfuil an teach nó gur dócha go mbeidh sé, mar gheall ar lochta déanmhais nó sláintíochta, contúirteach nó díobhálach don tsláinte nó gur gá na hoibreacha beartaithe chun é a dhéanamh níos oiriúnaí chun daoine do chónaí ann, nó

(b) gur ceanglaíodh na hoibreacha a dhéanamh le fógra a seirbhéaladh (pé acu roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin é) faoi alt 19 d' Acht na dTithe (Forála Ilghnéitheacha), 1931 (Uimh. 50 de 1931) , agus

(II) más rud é go ndearnadh na hoibreacha go sásúil éifeachtúil agus go bhfuil an teach oiriúnach ar gach slí chun daoine do chónaí ann.

(3) I gcás ina dtabharfar deontas do dhuine faoi fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh an t-údarás tithe deontas a thabhairt don duine sin de mhéid nach mó ná an deontas a tugadh faoin bhfo-alt sin.

(4) Má dhiúltaíonn údarás tithe deimhniú a thabhairt chun críocha an ailt seo á dheimhniú teach a bheith oiriúnach le deisiú nó le feabhsú, féadfaidh an duine lena mbainfidh achomharc a dhéanamh chun an Aire agus más deimhin leis an Aire, tar éis an t-achomharc a bhreithniú, an teach a bheith oiriúnach amhlaidh, féadfaidh sé deimhniú dá réir a thabhairt.

(5) Chun críocha an ailt seo, beidh ag údarás tithe na cumhachta céanna chun iasacht d'fháil atá ag an údarás sin chun críocha Acht Tithe an Lucht Oibre nó Acht na Sclábhaithe.

(6) Má híoctar deontas faoin alt seo i leith aon oibreacha, ní híocfar aon deontas i leith na n-oibreacha sin faoi aon alt eile d'Achta na dTithe (Forála Airgeadais agus Forála Ilghnéitheacha), 1932 go 1954.

(7) I gcás ina dtabharfar deontas faoin alt seo i leith oibreacha a déanfar ar thigh, ní déanfar luacháil an tionóntáin arb é an teach é, nó ar cuid de an teach, a mhéadú, i gcás aon luacháil nó athscrúdú luachála air a theacht i bhfeidhm laistigh de sheacht mbliana tar éis na hoibreacha a chríochnú, mar gheall ar aon mhéadú ar luach an tionóntáin sin de dhroim na n-oibreacha.

(8) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun críocha an ailt seo.

(9) San alt seo—

folaíonn “lochta sláintíochta” easnamh aerspáis nó aeriúcháin, dorchadas, taise, easpa soláthair uisce nó cóiríochta sláintíochta atá leordhóthanach agus so-rochtana nó easpa áiseanna eile, agus pábháil nó siltean clósanna nó pasáistí a bheith neamhdhóthanach;

ciallaíonn “lochta déanmhais” meath ballaí, dín nó adhmaid déanmhais, nó lochta eile dá samhail sin.

(10) Tar éis an tAcht seo a rith, ní tabharfar deontais, seachas deontais ar cinneadh roimh an Acht seo a rith iad a thabhairt, faoi alt 5 d' Acht na dTithe agus na Sclábhaithe, 1937 (Uimh. 42 de 1937) , ná faoin alt sin arna leathnú le fo-alt (1) d'alt 33 d'Acht 1952 ná faoi alt 8 d'Acht 1950.

Deontas i gcás tí a soláthrófar lena ligean.

13. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais agus faoi réir rialachán a déanfar faoin alt seo, deontas nach mó ná an tsuim iomchuí a sonraítear sa Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo a thabhairt, as airgead a sholáthrós an tOireachtas, do dhuine a sholáthrós teach lena ligean, más rud é—

(a) go gcomhlíonfaidh an teach na rialacha atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhas le hAcht 1932, arna leasú le halt 14 d'Acht 1950,

(b) gur tosnaíodh ar thógáil an tí an 1ú lá d'Aibreán, 1954, nó dá éis, agus go gcríochnófar é an lú lá d'Aibreán, 1956, nó roimhe sin, agus

(c) go ngeallfaidh an duine sin don Aire nach ndéanfaidh sé, ach amháin do réir rialachán a déanfar faoin alt seo, an teach a dhíol go ceann cúig bliana déag ó dháta na geallúna agus go ligfidh sé an teach faoi réir pé coinníollacha a sonrófar sna rialacháin sin.

(2) Déantar leis seo fo-ailt (1) agus (2) d'alt 44 d'Acht 1948, arna leasú le halt 15 d'Acht 1950, a leasú tuilleadh trí “nó ina dtabharfar deontas faoi alt 13 d'Acht na dTithe (Leasú), 1954 , i leith tí a tógadh i rith na tréimhse dá dtagartar san alt sin” a chur isteach, i ngach fo-alt acu, i ndiaidh “chun teach a thógáil”.

(3) Déantar leis seo fo-alt (2) d'alt 45 d'Acht 1948, arna leasú le halt 18 d'Acht 1952, a leasú tuilleadh trí “nó faoi alt 12 nó 13 d'Acht na dTithe (Leasú), 1954 ” a chur isteach i ndiaidh “Achta na dTithe (Forála Airgeadais agus Forála Ilghnéitheacha), 1932 go 1952”.

(4) Ní thabharfaidh an tAire deontas faoin alt seo i leith tí a dtabharfar nó ar tugadh deontas ina leith faoi aon achtachán eile.

(5) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun críocha an ailt seo.

Cumhacht chun deontas breise a thabhairt.

14. —(1) Féadfaidh an tAire deontas a thabhairt i leith teach d'athfhoirgniú faoi alt 16 d'Acht 1948 d'ainneoin deontas i leith tógáil nó athfhoirgniú an tí a bheith tugtha cheana féin faoi aon achtachán—

(a) i gcás ina bhfuil an t-athfhoirgniú riachtanach mar gheall ar dhamáiste ó thóiteán, gaoth, báisteach, tuile nó ní eile nach raibh neart ag an iarratasóir air, nó

(b) murab aon ní acu sin faoi deara an t-athfhoirgniú a bheith riachtanach—

(i) i gcás cúig bliana déag ar a laghad a bheith caite ón dáta a críochnaíodh tógáil an tí nó an t-athfhoirgniú ar tugadh an deontas sin ina leith, nó

(ii) i gcás níos lú ná cúig bliana déag ach deich mbliana ar a laghad a bheith caite amhlaidh, más cuíd d'athfhoirgniú an tí díon slinne nó tíleacha a chur in ionad an tsean-dín.

(2) Leasaítear leis seo alt 25 d'Acht 1952 trí na focail “nó faoi alt 12, alt 13 nó alt 14 d'Acht na dTithe (Leasú), 1954 ” a chur isteach i ndiaidh “alt 7 den Acht seo”.

CUID III.

Rialú Áitreabh Áirithe.

Alt 8 d'Acht 1948 do leanúint i bhfeidhm.

15. —Leanfaidh alt 8 d'Acht 1948 (a thoirmisceas tithe inchónaithe áirithe a scartáil nó iad d'úsáid ach amháin mar theach cónaithe) i bhfeidhm go dtí an 31ú lá de Nollaig, 1956.

CUID IV

Tithe don Lucht Oibre.

Teaghais a measfar iad a bheith curtha ar fáil faoi Achta Tithe an Lucht Oibre.

16. —Aon teaghais atá dílsithe in údarás tithe nó i gcoimisinéirí baile agus a úsáidid sin chun críocha Acht Tithe an Lucht Oibre agus a bheadh, mura mbeadh an t-alt seo, ina dteaghais nár chuir an t-údarás nó na coimisinéirí ar fáil faoi na hAchta sin, measfar gur teaghais iad a cuireadh ar fáil amhlaidh, agus forléireofar dá réir sin tagairtí in aon achtachán (lena n-áírítear, go háirithe, alt 3 den Acht um Thiarnaí Tí agus Tionóntaithe, 1931 (Uimh. 55 de 1931) , agus alt 3 den Acht Srianta Cíosa, 1946 ( Uimh. 4 de 1946 ), do theaghais nó d'fhoirgintí a cuireadh ar fáil faoi Achta Tithe an Lucht Oibre, nó faoi aon Acht acu sin.

CUID V.

Iostain Saothraithe.

Achta na Sclábhaithe do leanúint i bhfeidhm.

17. —Leanfaidh Achta na Sclábhaithe i bhfeidhm go dtí an 31ú lá de Nollaig, 1960.

Leasú ar alt 11 den Labourers (Ireland) Act, 1906.

18. —(1) Leasaítear leis seo alt 11 den Labourers (Ireland) Act, 1906—

(a) trí “two hundred and fifty pounds” a chur in ionad “sixty pounds” gach áit a bhfuil na focail deiridh sin san alt, agus

(b) trí “six hundred pounds” a chur in ionad “one hundred pounds” i mír (8).

(2) I gcás aon fheidhm a thabhairt de bhuaidh ailt 50 d'Acht na dTithe (Forála Ilghnéitheacha), 1931 (Uimh. 52 de 1931) , d'alt 11 den Labourers (Ireland) Act, 1906, beidh feidhm ag an alt sin 11 faoi réir na leasuithe a déantar le fo-alt (1) den alt seo.

Leasú ar alt 17 (2) (d) (iii) d'Acht na Sclábhaithe, 1936 .

19. —Leasaítear leis seo fo-mhír (iii) de mhír (d) d'fho-alt 2 d'alt 17 d'Acht na Sclábhaithe, 1936 ( Uimh. 24 de 1936 ), trí “tré réad-thiomnadh nó” a chur isteach roimh “tré oibriú dlí”.

Teaghais a measfar iad a bheith curtha ar fáil faoi Achta na Sclábhaithe.

20. —Aon teaghais atá dílsithe in údarás tithe agus a úsáidid chun críocha Acht na Sclábhaithe agus a bheadh, mura mbeadh an t-alt seo, ina dteaghais nár chuir an t-údarás ar fáil faoi na hAchta sin, measfar gur teaghais iad a cuireadh ar fáil amhlaidh, agus forléireofar dá réir sin tagairtí in aon achtachán (lena n-áirítear, go háirithe, alt 3 den Acht um Thiarnaí Tí agus Tionótainthe, 1931 (Uimh. 55 de 1931) , agus alt 3 den Acht Srianta Cíosa, 1946 ( Uimh. 4 de 1946 ), do theaghais nó d'fhoirgintí a cuireadh ar fáil faoi Achta na Sclábhaithe nó faoi aon Acht acu sin.

CUID VI.

Teaghais Bheaga D'Fhail.

Díol ag Coimisiúin Talún na hÉireann i gcás feidhm a bheith ag ionstraim faoin Small Dwellings Acquisition Act, 1899.

21. —I gcás—

(a) ina dtairgfidh Coimisiún Talún na hÉireann talamh lena dhíol faoi aon chumhacht reachtúil chuige sin atá dílsithe iontu, agus

(b) ina mbeidh ionstraim faoi mhír (e) d'alt 2 den Small Dwellings Acquisition Act, 1899, i bhfeidhm de thuras na huaire maidir leis an talamh,

díolfar an talamh faoi réir na hionstraime agus faoi réir na bhforál iomchuí de na hAchta um Thithe Beaga Cónaithe d'Fháil, 1899 go 1954, i dteannta aon mhuirir, eire nó dliteanais ar gá do réir dlí, lasmuigh den alt seo, an talamh a dhíol faoina réir.

AN CHEAD SCEIDEAL.

Athghairm.

Alt 5.

Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Méid na hAthghairme

Uimh. 25 de 1950 .

Acht na dTithe (Leasú), 1950 .

Ailt 9, 10, 19 agus 31.

Uimh. 16 de 1952 .

Acht na dTithe (Leasú), 1952 .

Alt 23.

AN DARA SCEIDEAL.

Na Deontais A Bhearfas an tAire.

Alt 13.

An méid seomraí sa tigh

Mura bhfuil séarachas agus uisce píopaí ar fáil

Má tá séarachas agus uisce píopaí ar fáil

£

£

3

125

175

4

175

225

5 nó níos mó

225

275