21 1954


Uimhir 21 de 1954.


AN tACHT TALÚN, 1954.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AILT 15 DEN ACHT TALÚN, 1950 . [13ú Iúil, 1954.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Leasú ar alt 15 den Acht Talún, 1950 .

1. —Leasaítear leis seo alt 15 den Acht Talún, 1950 (a fhorálas an aois chun Coimisinéirí Tuatha dá dtagrann an t-alt sin do scor de bheith i seilbh oifige) trí “seacht mbliana seascad d'aois” a chur in ionad “chúig bliana seascad d'aois”.

Gearrtheideal, forléiriú agus lua.

2. —(1) Féadfar an tAcht Talún, 1954 , a ghairm den Acht seo.

(2) Forléireofar an tAcht seo agus na hAchta Talamh-Cheannaigh mar aon ní amháin agus féadfar an tAcht seo a lua i dteannta na nAcht sin.