|
||||
|
[EN] | ||
Uimhir 38 de 1954. | ||
[EN] |
AN tACHT IASACHT TRÁDÁLA (RÁTHAÍOCHT) (LEASÚ), 1954. | |
[An tiontó oifigiúil.] |
ACHT DO LEASÚ NA nACHT IASACHT TRÁDÁLA (RÁTHAÍOCHT), 1939 GO 1953. [22ú Nollaig, 1954.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— | ||||||||||
[EN] |
Mínithe. |
1. —San Acht seo— | ||||||||
[EN] | ciallaíonn “An tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála; | |||||||||
[EN] | ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Ias acht Trádála (Urraíocht), 1939 (Uimh. 5 de 1939) ; | |||||||||
[EN] | ciallaíonn “Acht 1953” an tAcht Ias acht Trádála (Ráthaíocht) (Leasú), 1953 (Uimh. 2 de 1953) . | |||||||||
[EN] |
Leasú ar fho-alt (1) d'alt 7 den Phríomh-Acht. |
2. —Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 7 den Phríomh-Acht (a chuireas, arna leasú le halt 2 d'Acht 1953, tórainn mhilliúin agus cúig céad míle punt le méid caipitiúil iomlán na n-iasacht a deonfar nó a ráthófar) trí “dhá mhilliún agus cúig céad míle punt” a chur in ionad “milliún agus cúig céad míle punt”. | ||||||||
[EN] |
Athghairm. |
3. —Athghairmtear leis seo alt 2 d'Acht 1953. | ||||||||
[EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
4. —(1) Féadfar an tAcht Iasacht Trádála (Ráthaíocht) (Leasú), 1954 , a ghairm den Acht seo. | ||||||||
[EN] | (2) Féadfar na hAchta Iasacht Trádála (Ráthaíocht), 1939 go 1954, a ghairm de na hAchta Iasacht Trádála (Ráthaíocht), 1939 go 1953, agus den Acht seo le chéile. | |||||||||
|