|
||||
|
[EN] | ||
Uimhir 3 de 1955. | ||
[EN] |
AN tACHT UM AN ACHT SOLÁTHAIRTÍ AGUS SEIRBHÍSÍ (FORÁLA SEALADACHA), 1946 (BUANÚ AGUS LEASÚ), 1955 | |
[An tiontó oifigiúil.] |
ACHT DO LEASÚ AN ACHTA SHOLÁTHAIRTÍ AGUS SEIRBHÍSÍ (FORÁLA SEALADACHA), 1946, AGUS D'FHAIDIÚ NA TRÉIMHSE A BHEAS AN tACHT SIN I bhFEIDHM. [16 Márta, 1955.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— | ||
[EN] |
An Príomh-Acht. |
1. —San Acht seo, ciallaíonn “an Príomh-Acht” an t Acht Soláthairtí agus Seirbhísí (Forála Sealadacha), 1946 (Uimh. 22 de 1946) . |
[EN] |
An Príomh-Acht a leasú. |
2. —Athghairmtear leis seo mír (f) d'fho-alt (1) d'alt 2 den Phríomh-Acht (a bhaineas leis an Stát do ráthú iasachtaí a gheobhas comhluchta a chuireas soláthairtí agus seirbhísí riachtanacha ar fáil). |
[EN] |
An Príomh-Acht a bhuanú. |
3. —(1) Mura bhforceanntar roimhe sin é faoi fho-alt (2) den alt seo, leanfaidh an Príomh-Acht i bhfeidhm go dtí an 31ú lá de Mhárta, 1956. |
[EN] | (2) Féadfaidh an Rialtas, le hordú, a dhearbhú go raghaidh an Príomh-Acht in éag ar dháta sonraithe, roimh an 31ú lá de Mhárta, 1956, agus sa chás sin raghaidh an Príomh-Acht in éag dá réir sin. | |
[EN] |
Athghairm. |
4. —Athghairmtear leis seo an tAcht um an Acht Soláthairtí agus Seirbhísí (Forála Sealadacha), 1946 (Buanú), 1953 (Uimh. 31 de 1953) . |
[EN] |
Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua. |
5. —(1) Féadfar an tAcht um an Acht Soláthairtí agus Seirbhísí (Forála Sealadacha), 1946 (Buanú agus Leasú), 1955, a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Déanfar an Príomh-Acht, an tAcht um an Acht Soláthairtí agus Seirbhísí (Forála Sealadacha), 1946 (Buanú agus Leasú), 1950 (Uimh. 34 de 1950) , agus an tAcht seo d'fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin agus féadfar na h Achta Soláthairtí agus Seirbhísí (Forála Sealadacha), 1946 go 1955, a ghairm díobh le chéile. |