3 1956


Uimhir 3 de 1956.


AN tACHT DÍOBHÁLA MARFACHA, 1956.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRUITHE FEABHSAITHE CHUN CÚITEAMH A DHÉANAMH LE COMHALTAÍ TEAGHLAIGH AON DUINE A MARAÍTEAR LE GNÍOMH ÉAGÓRACH NÓ LE MAINNEACHTAIN DUINE EILE. [14 Feabhra, 1956.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Tosach feidhme.

1. —(1) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh an chéad lá d'Aibreán, 1956.

(2) Ní bheidh feidhm ag an Acht seo maidir le bás aon duine roimh thosach feidhme an Achta seo.

Minithe.

2. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “cleithiúnaí”, maidir le duine ar gníomh éagórach, faillí nó mainneachtain ba chúis lena bhás, aon chomhalta de theaghlach an éagaigh ar bhain cailliúint dó;

ciallaíonn “comhalta den teaghlach” bean chéile, fear céile, athair, máthair, seanathair, seanmháthair, leasathair, leasmháthair, mac, iníon, ua, banua, leasmhac, leasiníon, deartháir, deirfiúr, deartháir leasghaolmhar, deirfiúr leasghaolmhar;

folaíonn “gníomh éagórach, fáillí nó mainneachtain” coir.

(2) Nuair a bheas aon ghaolmhaireacht á rianú chun críocha an Achta seo—

(a) measfar gur sliocht dlisteaneach an uchtóra nó na n-uchtóirí duine a huchtaíodh faoin Acht Uchtála, 1952 (Uimh. 25 de 1952) ;

(b) faoi réir míre (a), measfar gur sliocht dlisteanach a mháthar agus a athar thoimhdean duine mídhlisteanach;

(c) duine atá in loco parentis do dhuine eile, measfar gurb é tuismitheoir an duine eile sin é.

Caingean más gníomh éagórach, faillí nó mainneachtain ba chúis le bás duine.

3. —(1) Más é ba chúis le bás duine gníomh éagórach, faillí nó mainneachtain duine eile de shaghas a bhéarfadh teideal don pháirtí a díobháladh, mura mbeadh a bhás, caingean a shuíomh agus damáistí a ghnóthú ina leith, dlífear caingean i leith damáistí a thionscnamh i gcoinne an duine a bheadh faoi dhliteanas amhlaidh ar mhaithe le cleithiúnaithe an éagaigh.

(2) Ní féidir ach an t-aon chaingean amháin a thionscnamh i leith an bháis.

(3) Féadfaidh ionadaí pearsanta an éagaigh an caingean a thionscnamh nó más rud é, i gceann sé mhí tar éis an bháis, nach mbeidh aon ionadaí pearsanta ann nó nach mbeidh an t-ionadaí pearsanta tar éis aon chaingean a thionscnamh, féadfaidh gach duine nó aon duine de na cleithiúnaithe é a thionscnamh.

(4) Is caingean ar mhaithe leis na cleithiúnaithe uile an caingean, pé duine a thionscnós é.

(5) Bhéarfaidh an gearánaí don chosantóir sonraí an duine nó na ndaoine a bhfuil an caingean á thionscnamh dó nó dóibh agus thar a cheann nó thar a gceann, agus sonraí an chineál éilimh a bhfuiltear ag iarraidh damáistí a ghnóthú ina leith.

(6) Tosnófar an caingean laistigh de thrí bliana tar éis an bháis.

Damáistí.

4. —(1) Is é a bheas sna damáistí faoi alt 3 méid iomlán pé suimeanna is dóigh leis an ngiúiré nó leis an mbreitheamh, do réir mar bheas, a bheith i gcomhréir leis an díobháil a bhain de dheasca an bháis do gach duine de na cleithiúnaithe, faoi seach, ar tionscnadh an caingean dó nó thar a cheann, agus luafar ar leithligh sa dámhachtain gach suim acu sin.

(2) Ina theannta sin, féadfar damáistí a dhámhachtain i leith costas adhlaicthe agus costas eile faoina ndeachaigh an t-éagach, na cleithiúnaithe nó an t-ionadaí pearsanta, iarbhír, mar gheall ar an ngníomh éagórach, an fhaillí nó an mhainneachtain.

(3) Nuair a bheas cosantóir ag íoc airgid isteach sa chúirt i leith an chaingin, is leor dó é d'íoc in aon tsuim amháin mar chúiteamh do na cleithiúnaithe uile gan é a chionroinnt eatorthu.

(4) Déanfar an tsuim a gnóthófar sa chaingean a roinnt, tar éis na costais nár gnóthaíodh ón gcosantóir a bhaint di, ar na daoine a bheas ina teideal, i pé scaireanna a bheas cinnte ag an ngiúiré nó ag an mbreitheamh, do réir mar bheas.

Suimeanna nach gcuirfear san áireamh le linn damáistí a mheasúnú.

5. —Nuair a beifear ag measúnú damáistí faoin Acht seo, ní cuirfear san áireamh—

(a) aon tsuim dob iníoctha ar bhás an éagaigh faoi aon chonradh árachais,

(b) aon phinsean, aisce ná sochar eile dá samhail dob iníoctha faoi reacht nó eile de bhíthin báis an éagaigh.

An chúis chaingin do mharthain i ndiaidh báis.

6. —(1) Ní dliteanas air féin amháin dliteanas aon duine faoin Acht seo, ná ní chuirfidh a bhás deireadh leis an dliteanas ach leanfaidh sé tar éis a bháis agus beidh ina dhliteanas ar a eastát réadach agus pearsanta amhail mar bheadh, agus leis an tosaíocht chéanna lena mbeadh, fiach nó dliteanas eile faoi chonradh simplí, agus féadfar imeachta faoin Acht seo a thionscnamh i gcoinne a ionadaí phearsanta ina leith.

(2) Ní raghaidh imeachta a tionscnófar i gcoinne aon duine faoin Acht seo ar ceal ar é d'fháil bháis, ach féadfar leanúint díobh i gcoinne a ionadaí phearsanta.

Bás de dheasca feithicil Stáit a bheith á tiomáint go faillíoch.

7. —(1) Más é ba chúis le bás duine feithicil inneallghluaiste leis an Stát a bheith á tiomáint, á hionramháil nó á rialú go faillíoch, dlífear caingean i leith damáistí faoin Acht seo ar mhaithe le cleithiúnaithe an éagaigh a thionscnamh i gcoinne an Aire Airgeadais.

(2) D'ainneoin aon ní in aon achtachán eile, féadfar na himeachta a thionscnamh i gcoinne an Aire Airgeadais, gan fiat an Ard-Aighne d'fháil.

(3) Gach pléadáil i gcosaint a bheadh inúsáidte ag máistir ar a n-agrófaí damáistí i leith faillí a sheirbhísigh (lena n-áirítear pléadáil go ndearnadh faillí rannpháirteach agus, freisin, pléadála á aighniú nach i gcúrsa a fhostaíochta a bhí an duine ag gníomhú a bhfuiltear ag éileamh na ndamáistí i leith a fhaillí), beidh sí inúsáidte ag an Aire Airgeadais agus, má cruthaítear í, is cosaint mhaith í amhail is dá mba é an tAire máistir an duine sin iarbhír.

(4) Ní oibreoidh aon ní san alt seo chun aon duine a shaoradh ó dhliteanas i leith cailliúna a bhain dó de dheasca a fhaillí féin.

Oiriúnú tagairtí d'Achta athghairmthe.

8. —Forléireofar mar thagairt don Acht seo tagairt in aon achtachán do na Fatal Accidents Acts, 1846 to 1908, nó d'aon cheann acu.

Athghairm.

9. —Athghairmtear leis seo na hachtacháin dá dtagartar sa Sceideal a ghabhas leis an Acht seo a mhéid a sonraítear i gcolún (3).

Gearrtheideal.

10. —Féadfar an tAcht Díobhála Marfacha, 1956 , a ghairm den Acht seo.

AN SCEIDEAL.

Achtacháin a hAthghairmtear.

Alt 9:

Siosón agus Caibidil nó Uimhir agus Bliain.

Gearrtheideal.

Méid na hAthghairme.

(1)

(2)

(3)

9 & 10 Vic., c. 93.

Fatal Accidents Act, 1846.

An tAcht iomlán.

27 & 28 Vic., c. 95.

Fatal Accidents Act, 1864.

An tAcht iomlán.

8 Edw. 7, c. 7.

Fatal Accidents (Damages) Act, 1908.

An tAcht iomlán.

Uimh. 48 de 1936 .

An tAcht Cúirteanna Breithiúnais, 1936 .

Alt 83.

Uimh. 25 de 1952 .

An tAcht Uchtála, 1952 .

Mír (a) d'alt 28.