9 1956


Uimhir 9 de 1956.


ACHT NA bPRÍOSÚN, 1956.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRUITHE LE hAGHAIDH CÓIRÍOCHT SHEALADACH DO PHRÍOSÚNAIGH. [21 Márta, 1956.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Glaslaigh.

1. —Féadfar príosúnach a choimeád go sealadach i nglaslach a bheas ar fáil i stáisiún Garda Shíochána nó in aon áit eile, más áit é a bheas ainmnithe chuige sin ag an Aire Dlí agus Cirt,—

(a) ar an mbealach ó phríosún go cúirt chun a thriala nó ar atráthú nó athchur;

(b) le linn cás a bhfuil baint aige leis a bheith á éisteacht;

(c) ar feadh tréimhse nach sia ná ocht n-uaire ceathrachad a chloig ar bheith dhó ag feitheamh lena aistriú go príosún tar éis a chiontuithe nó a athchurtha.

Athghairm.

2. —Athghairmtear leis seo alt 23 den General Prisons (Ireland) Act, 1877.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

3. —(1) Féadfar Acht na bPríosún, 1956 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar Achta na bPríosún, 1826 go 1956, a ghairm d'Achta na bPríosún (Éirinn), 1826 go 1933, agus den Acht seo le chéile, agus foirléireofar iad mar aon ní amháin.