|
||||
|
[EN] | ||
Uimhir 11 de 1956. | ||
[EN] |
AN tACHT UM AN ACHT SOLÁTHAIRTÍ AGUS SEIRBHÍSÍ (FORÁLA SEALADACHA), 1946 (BUANÚ), 1956. | |
[An tiontó oifigiúil.] |
ACHT D'FHAIDIÚ NA TRÉIMHSE A BHEAS AN tACHT SOLÁTHAIRTÍ AGUS SEIRBHÍSÍ (FORÁLA SEALADACHA), 1946 , I bhFHEIDHM. [28 Márta, 1956.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— | ||
[EN] |
An Príomh-Acht. |
1. —San Acht seo, ciallaíonn “an Príomh-Acht” an t Acht Soláthairtí agus Seirbhísí (Forála Sealadacha), 1946 (Uimh. 22 de 1946) . |
[EN] |
An Príomh-Acht a bhuanú. |
2. —(1) Mura bhforceanntar roimhe sin é faoi fho-alt (2) den alt seo, leanfaidh an Príomh-Acht i bhfeidhm go dtí an 31ú lá de Mhárta, 1957. |
[EN] | (2) Féadfaidh an Rialtas, le hordú, a dhearbhú go raghaidh an Príomh-Acht in éag ar dháta sonraithe, roimh an 31ú lá de Mhárta, 1957, agus sa chás sin raghaidh an Príomh-Acht in éag dá réir sin. | |
[EN] |
Athghairm. |
3. —Athghairmtear leis seo an tAcht um an Acht Soláthairtí agus Seirbhísí (Forála Sealadacha), 1946 (Buanú agus Leasú), 1955 (Uimh. 3 de 1955) . |
[EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
4. —(1) Féadfar an tAcht um an Acht Soláthairtí agus Seirbhisí (Forála Sealadacha), 1946 (Buanú), 1956, a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Féadfar na h Achta Soláthairtí agus Seirbhísí (Forála Sealadacha), 1946 go 1956, a ghairm de na h Achta Soláthairtí agus Seirbhísí (Forála Sealadacha), 1946 go 1955, agus den Acht seo le chéile. |