12 1956


Uimhir 12 de 1956.


AN tACHT PRÍOMH-CHISTE, 1956.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT CHUN SUIMEANNA ÁIRITHE AS AN bPRÍOMH-CHISTE A CHUR CHUN SEIRBHÍSE NA mBLIAN DAR CRÍOCH AN tAONÚ LÁ TRÍOCHAD DE MHÁRTA MÍLE NAOI gCÉAD CAOGA A SÉ AGUS MÍLE NAOI gCÉAD CAOGA A SEACHT AGUS CHUN CISTE A BHUNÚ DÁ nGAIRMFEAR AN CISTE CAIPITIL. [28 Márta, 1956.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:

£5,504,458 d'eisiúint as an bPríomh-Chiste i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch 31 Márta, 1956.

1. —Féadfaidh an tAire Airgeadais suim Chúig Mhilliún Cúig Chéad agus Ceithre Mhíle Ceithre Chéad Caoga agus Ocht bPuint d'eisiúint as an bPríomh-Chiste agus í a chur chun slánuithe an tsoláthair a deonadh i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an t-aonú lá tríochad de Mhárta míle naoi gcéad caoga a sé.

£36,200,000 d'eisiúint as an bPríomh-Chiste i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch 31 Márta, 1957.

2. —Féadfaidh an tAire Airgeadais suim Tríocha agus Sé Mhilliún agus Dhá Chéad Míle Punt d'eisiúint as an bPríomh-Chiste agus í a chur chun slánuithe an tsoláthair a deonadh i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an t-aonú lá tríochad de Mhárta míle naoi gcéad caoga a seacht.

Cumhacht don Aire Airgeadais chun suim nach mó ná £41,704,458 d'fháil ar iasacht.

3. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais aon tsuim nó suimeanna nach mó san iomlán ná Ceathracha agus Aon Mhilliún Seacht gCéad agus Ceithre Mhíle Ceithre Chéad Caoga agus Ocht bPuint d'fháil ar iasacht ó dhuine ar bith agus féadfaidh Banc na hÉireann an céanna d'airleacan chun an Aire Airgeadais agus, chun an céanna d'fháil ar iasacht, féadfaidh an tAire Airgeadais urrúis ar bith a chruthnú agus d'eisiúint agus iad faoi pé ráta úis agus fós faoi réir pé coinníoll i dtaobh aisíoca nó fuascailte nó eile is oiriúnach leis.

(2) Is ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis a bheas muirear príomhshuime agus úis aon urrús a heiseofar faoin Acht seo agus muirear na gcostas faoina raghfar i dtaobh na hurrúis sin d'eisiúint.

(3) Aon airgead a cruinneofar trí urrúis a heiseofar faoin Acht seo, cuirfear chun creidmheasa do chuntas an Stát-Chiste é agus beidh sé ina chuid den Phríomh-Chiste agus beidh sé ar fáil in aon tslí ina mbeidh an Príomh-Chiste ar fáil.

An Ciste Caipitil.

4. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “an tAire” an tAire Airgeadais;

ciallaíonn “an Ciste” an Ciste Caipitil a bunaítear le fo-alt (2) den alt seo;

ciallaíonn “airgead poiblí” airgead a muirearaítear ar an bPríomh-Chiste nó a heisítear as an bPríomh-Chiste nó a sholáthraíos an tOireachtas.

(2) Bunaítear leis seo ciste ar a dtabharfar an Ciste Caipitil agus a bheas faoi chúram agus bainistí an Aire.

(3) Muirearófar ar an bPríomh-Chiste, agus eiseofar chun an Chiste as an bPríomh-Chiste do réir orduithe an Aire, na suimeanna a gcinnfidh an tAire ó am go ham gurb iad na suimeanna iad is ionann agus fáltais an Stát-Chiste i leith an Tobhaigh Speisialta Allmhuirithe.

(4) Féadfaidh an tAire an Ciste d'úsáid chun aon chríocha a soláthraítear airgead poiblí ina n-aghaidh nó i leith a gcostas agus a chabhraíos le hacmhainn chaipitiúil d'fhorbairt nó d'fheabhsú, agus féadfaidh an tAire pé téarmaí nó coinníollacha is cuí leis a chur le haon úsáid den tsórt sin.

(5) Cuirfear chun creidmheasa don Chiste aon chaipiteal a haisíocfar nó aon ús a híocfar de bhun téarmaí nó coinníollacha dá dtagartar i bhfo-alt (4) den alt seo.

(6) Ullmhóidh an tAire i leith gach bliana airgeadais cuntas ar na suimeanna a híocadh isteach sa Chiste agus amach as, agus cuirfear an cuntas faoi bhráid an Ard-Reachtaire Chuntas agus Ciste lena scrúdú agus le tuarascáil a thabhairt air.

(7) Leagfaidh an tAire faoi bhráid gach Tí den Oireachtas cóip de gach cuntas a hullmhófar faoi fho-alt (6) den alt seo agus cóip de gach tuarascáil air ón Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste.

Gearrtheideal.

5. —Féadfar an tAcht Príomh-Chiste, 1956 , a ghairm den Acht seo.