37 1956


Uimhir 37 de 1956.


AN tACHT MUC AGUS BAGÚIN (LEASÚ), 1956.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA n ACHT MUC AGUS BAGÚIN, 1935 GO 1940. [14 Samhain, 1956.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Léiriú.

1. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1937” an t Acht Muc agus Bagúin, 1937 (Uimh. 23 de 1937) ;

ciallaíonn “Acht 1939” an t Acht Muc agus Bagúin (Leasú), 1939 (Uimh. 35 de 1939) ;

ciallaíonn “conablach”, nuair a húsáidtear é maidir le muic, conablach (lena n-áirítear an cloigeann agus an teanga, na duáin, na maoth-bhléantracha, an bhlonag, an t-eireaball, an cnámh droma agus na crúba) na muice sin tar éis a marfa;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Muc agus Bagúin, 1935 (Uimh. 24 de 1935) .

(2) Forléireofar na h Achta Muc agus Bagúin, 1935 go 1940, agus an tAcht seo le chéile mar aon Acht amháin.

Tosach feidhme.

2. —Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh pé lá a cheapfas an tAire le hordú.

Orduithe um praghas íosta.

3. —(1) Féadfaidh an Coimisiún le hordú—

(a) an praghas íosta (i dtéarmaí ráta an céad meáchain) a shocrú i gcás conablach muca monarcha-cheannaithe d'aon ghrád d'aon aicme ghrádaithe a díolfar le linn don ordú a bheith i bhfeidhm;

(b) an praghas íosta (i dtéarmaí ráta an céad meáchain) a shocrú i gcás conablach muca monarcha-cheannaithe d'aon aicme neamhghrádaithe a díolfar le linn don ordú a bheith i bhfeidhm.

(2) Féadfaidh an Coimisiún, le hordú, aon ordú faoin alt seo a leasú nó a chúlghairm.

(3) Déarfar i ngach ordú faoin alt seo go dtiocfaidh an t-ordú i ngníomh, agus tiocfaidh sé i ngníomh, lá nach luaithe ná an chéad Luan i ndiaidh an lae a déanfar an t-ordú.

(4) Cúlghairmtear leis seo an tOrdú Cumhachta Práinne (Uimh. 293), 1943 (R. & O.R., Uimh. 318 de 1943), agus an tOrdú um an Ordú Cumhachta Práinne (Uimh. 293), 1943 (Leasú), 1956 (I.R. Uimh. 91 de 1956).

(5) Aon ordú a rinneadh faoi na horduithe a cúlghairmtear le fo-alt (4) den alt seo agus a bhí i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an Achta seo, leanfaidh sé i bhfeidhm agus áireofar é chun críocha an ailt seo mar ordú a rinneadh faoin alt seo.

Praghsanna íosta.

4. —(1) Má shocraíonn ordú faoi alt 3 den Acht seo a bheas i bhfeidhm de thuras na huaire praghas íosta maidir le conablaigh mhuca monarcha-cheannaithe d'aon ghrád d'aon aicme ghrádaithe, ní cheannóidh aon cheadúnaí aon mhuc mhonarchacheannaithe, a mbaineann a conablach leis an ngrád sin den aicme ghrádaithe sin, ar shuim is lú ná an tsuim seo a leanas, eadhon, suim arna ríomh do réir meáchain an chonablaigh agus an phraghais a bheas socair leis an ordú do chonablaigh mhuca monarcha-cheannaithe den ghrád sin den aicme ghrádaithe sin, lúide—

(a) suim is comhionann leis an tsuim a bheas socair de thuras na huaire mar liúntas árachais, agus

(b) más conablach damáistithe é, an liúntas iomchuí i leith damáiste, agus

(c) más é an ceadúnaí a íocfas costais fartha na muice agus go seachadfar don díoltóir nóta ina luafar méid an chostais sin, méid an chostais fartha, agus

(d) más i bhfeithicil leis an gceadúnaí a hiomprófar an mhuc go dtí áitreabh an cheadúnaí, an liúntas fartha.

(2) Má shocraíonn ordú faoi alt 3 den Acht seo a bheas i bhfeidhm de thuras na huaire praghas íosta i leith conablach muca monarcha-cheannaithe d'aon aicme neamhghrádaithe, ní cheannóidh aon cheadúnaí aon mhuc mhonarcha-cheannaithe, a mbaineann an conablach leis an aicme neamhghrádaithe sin, ar shuim is lú ná an tsuim seo a leanas, eadhon, suim arna ríomh do réir meáchain an chonablaigh agus an phraghais a bheas socair leis an ordú do chonablaigh mhuca monarcha-cheannaithe den aicme neamhghrádaithe sin, lúide—

(a) suim is comhionann leis an tsuim a bheas socair de thuras na huaire mar liúntas árachais, agus

(b) más conablach damáistithe é, an liúntas iomchuí i leith damáiste, agus

(c) más é an ceadúnaí a íocfas costas fartha na muice agus go seachadfar don díoltóir nóta ina luafar méid an chostais sin, méid an chostais fartha, agus,

(d) más i bhfeithicil leis an gceadúnaí a hiomprófar an mhuc go dtí áitreabh an cheadúnaí, an liúntas fartha.

(3) (a) Roimh thosach feidhme an chéad orduithe faoi alt 3 den Acht seo, déanfaidh an Coimisiún ordú, agus aon uair is oiriúnach leo é ina dhiaidh sin féadfaid ordú a dhéanamh—

(i) ag roinnt an Stáit i pé límistéirí, agus i pé méid límistéirí (dá ngairmtear límistéirí díola sa bhfo-alt seo), is oiriúnach leis an gCoimisiún; agus

(ii) ag socrú, maidir le gach límistéir díola, na suime a bheas ina liúntas fartha i leith gach muice monarcha-cheannaithe a díolfar sa límistéir sin;

agus féadfar suimeanna éagsúla a shocrú i leith límistéirí díola éagsúla.

(b) Féadfaidh an Coimisiún tráth ar bith ordú faoin alt seo a chúlghairm.

(c) I bhfo-ailt (1) agus (2) den alt seo ciallaíonn “an liúntas fartha”, maidir le muic mhonarcha-cheannaithe a díolfar i límistéir díola áirithe, an tsuim a bheas socair de thuras na huaire le hordú faoin bhfo-alt seo mar liúntas fartha maidir le haon mhuic den tsórt sin a díolfar sa límistéir sin.

(4) Chun críocha an ailt seo, gheofar meáchan conablaigh mhuice tríd an gconablach a mheá, agus é dí-innithe, tráth nach déanaí ná leathuair a chloig i ndiaidh an mharfa.

(5) Má cheannaíonn aon cheadúnaí aon mhuca contrártha don alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur air in aghaidh gach muice a ndearnadh an cion maidir léi.

(6) Féadfaidh an Coimisiún nó féadfar ar agra an Choimisiúin mar inchúisitheoir inchúiseamh a dhéanamh i leith aon chiona faoin alt seo.

(7) Ní tionscnófar imeachta i leith aon chiona faoin alt seo ach amháin ag an gCoimisiún nó le toiliú an Choimisiúin.

(8) Measfar chun críocha ailt 30 den Phríomh-Acht sárú ar an alt seo ag ceadúnaí a bheith ina shárú ar fhoráil den Phríomh-Acht agus beidh feidhm agus éifeacht dá réir sin ag an alt sin 30.

(9) (a) Fionraítear leis seo oibriú ailt 60 d'Acht 1937.

(b) Féadfaidh an tAire le hordú an fhionraí a forchuirtear le mír (a) den alt seo a chur ar ceal.

(c) Aon uair a bheas an t-alt sin 60 i bhfeidhm, féadfaidh an tAire, le hordú, oibriú an ailt sin d'fhionraí agus féadfaidh, le hordú ina dhiaidh sin, an fhionraí sin a chur ar ceal.

(d) Déanfaidh ordú faoi mhír (c) den fho-alt seo foráil maidir le cúlghairm an orduithe díreach roimhe sin faoin bhfo-alt seo.

Iocaíochtaí leis an gCiste Cobhsaíochta.

5. —(1) D'ainneoin aon ní in Acht 1939, más dóigh leis an gCoimisiún go bhfuil airgead sa Chiste Ginearálta nach bhfuil ag teastáil chun críocha an chiste sin agus go bhfuil an t-airgead sin ag teastáil chun críocha an Chiste Chobhsaíochta, íocfaidh an Coimisiún an t-airgead sin as an gCiste Ginearálta agus íocfaid isteach sa Chiste Cobhsaíochta é.

(2) Íocfaidh an Coimisiún isteach sa Chiste Cobhsaíochta aon airgead a sholáthrós an tOireachtas chun cúnamh airgid d'íoc faoi alt 40 d'Acht 1939 ar bhagún a honnmhuireofar.

Toirmeasc ar mhuca ar dhath seachas bán uile.

6. —(1) Ní húsáidfear chun síolrúcháin muca ar dhath seachas bán uile.

(2) Ní déanfar muca ar dhath seachas bán uile a choimeád, a dhiúscairt (lena n-áirítear a ndíol) ná d'fháil (lena n-áirítear a gceannach).

(3) Gach duine a shárós an t-alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur air in aghaidh gach muice a ndearnadh an cion maidir léi.

(4) Féadfaidh an tAire nó féadfar ar agra an Aire mar inchúisitheoir inchúiseamh a dhéanamh i leith aon chiona faoin alt seo.

(5) Ní tionscnófar imeachta i leith ciona faoin alt seo ach amháin ag an Aire nó le toiliú an Aire.

Tréimhsí cuntasaíochta chun críocha ailt 15 den Príomh-Acht.

7. —(1) Má thagann an tAcht seo i ngníomh lá i dtréimhse dar tosach aon 1ú lá d'Aibreán agus dar críoch an 30ú lá de Mheán Fómhair dá éis sin, is iad na tréimhsí seo a leanas (agus iad sin amháin) a bheas, ar an gcéad 1ú lá de Dheireadh Fómhair ina dhiaidh sin agus ón lá sin amach ina dtréimhsí cuntasaíochta chun críocha ailt 15 den Phríomh-Acht maidir le feidhm an ailt sin i gcás daoine atá cláraithe sa chlár de bhúistéirí muiceola—

(a) an tréimhse sé mhí dar tosach an 1ú lá sin de Dheireadh Fómhair, agus

(b) gach tréimhse sé mhí ina dhiaidh sin dar tosach aon 1ú lá d'Aibreán nó aon 1ú lá de Dheireadh Fómhair.

(2) Má thagann an tAcht seo i ngníomh lá i dtréimhse dar tosach aon 1ú lá de Dheireadh Fómhair agus dar críoch an 31ú lá de Mhárta dá éis sin, is iad na tréimhsí seo a leanas (agus iad sin amháin) a bheas, ar an 1ú lá d'Aibreán ina dhiaidh sin agus ón lá sin amach, ina dtréimhsí cuntasaíochta chun críocha ailt 15 den Phríomh-Acht maidir le feidhm an ailt sin i gcás daoine atá cláraithe sa chlár de bhúistéirí muiceola—

(a) an tréimhse sé mhí dar tosach an 1ú lá sin d'Aibreán,

(b) gach tréimhse sé mhí ina dhiaidh sin dar tosach aon 1ú lá de Dheireadh Fómhair nó aon 1ú lá d'Aibreán.

Alt 19 den Phríomh-Acht a leasú.

8. —Leasaítear leis seo alt 19 den Phríomh-Acht tríd na fo-ailt seo a leanas a chur isteach ann i ndiaidh fo-ailt (3):

“(4) I gcás duine dá iarraidh ar an Aire a chlárú sa chlár de bhúistéirí muiceola i leith aon áitribh áirithe a chealú, féadfaidh an tAire clárú an duine sin sa chlár sin i leith an áitribh sin a chealú.

(5) (a) Más dóigh leis an Aire nach ndearna duine atá cláraithe sa chlár de bhúistéirí muiceola i leith aon áitribh áirithe gnó búistéara mhuiceola a sheoladh san áitreabh sin ar feadh dhá mhí dhéag nó níos sia, féadfaidh an tAire clárú an duine sin sa chlár sin i leith an áitribh sin a chealú.

(b) Má bheartaíonn an Aire clárú duine a chealú faoin mír sin roimhe seo, déanfaidh sé fógra go bhfuil sin beartaithe aige a sheirbheáil ar an duine sin agus féadfaidh an duine sin, laistigh de pé tréimhse a bheas luaite sa bhfógra, uiríolla i dtaobh an scéil a dhéanamh i scríbhinn chun an Aire agus breithneoidh an tAire aon uiríolla a déanfar amhlaidh.”

Cuótanna eachtar-dhíola.

9. —Cuirtear an t-alt seo a leanas in ionad ailt 30 d'Acht 1937:

“30.—Féadfaidh an Coimisiún, aon uair agus a mhinice is cuí leo é, le hordú (dá ngairmtear ordú eachtar-dhíola sa Chuid seo den Acht seo)—

(a) tréimhse a sonrófar a cheapadh ina tréimhse eachtar-dhíola chun críocha an orduithe sin, agus

(b) (i) cainníocht bhagúin a sonrófar a cheapadh ina cuóta eachtar-dhíola in aghaidh na tréimhse sin, nó

(ii) cuóta eachtar-dhíola bagúin a cheapadh in aghaidh na tréimhse sin, a bheas i gcoibhneas, ar pé modh is oiriúnach leis an gCoimisiún agus a shonróid san ordú, leis an gcainníocht bhagúin nó leis an gcáinníocht bhagúin de chineál áirithe, arna míniú i pé slí is oiriúnach leis an gCoimisiún agus a shonróid san ordú, a táirgfear in áitreabh ceadúnaithe i dtréimhse áirithe, nó

(iii) cuóta eachtar-dhíola bagúin a cheapadh, in aghaidh na tréimhse sin, a bheas i gcoibhneas, ar pé modh is oiriúnach leis an gCoimisiún agus a shonróid san ordú, leis an líon muc nó leis an líon muc de chineál áirithe, arna mhíniú i pé slí is oiriúnach leis an gCoimisiún, a marófar in áitreabh ceadúnaithe i dtréimhse áirithe, agus

(c) a cheangal an bagún sin d'onnmhuiriú go dtí aon tír a sonrófar, agus

(d) ceanglais áirithe nach mór an bagún sin a bheith dá réir a shonrú, agus

(e) a cheangal ar an gceadúnaí i leith áitribh cheadúnaithe pé fianaise i scríbhinn a sonrófar san ordú a thabhairt don Choimisiún, laistigh de thréimhse a luafar, maidir le gach consíneacht bhagúin a honnmhuireofar as an áitreabh.”

Fo-chuótanna eachtar-dhíola d'áitreabhacha ceadúnaithe.

10. —Cuirfear an t-alt seo a leanas in ionad ailt 31 d'Acht 1937:

“31.—(1) Aon uair a dhéanfas an Coimisiún, ag aon chruinniú, ordú eachtar-dhíola ag ceapadh cainníochta sonraithe bagúin ina cuóta eachtar-dhíola, déanfaidh an Coimisiún ag an gcruinniú sin ordú (dá ngairmtear ordú dáiliúcháin (cuóta eachtar-dhíola) san alt seo) chun an cuóta eachtardhíola in aghaidh na tréimhse eachtar-dhíola a ceapfar leis an ordú eachtar-dhíola sin a dháiliú ar na háitreabhacha ceadúnaithe sin agus i pé cionúireachtaí is cuí leis an gCoimisiún, agus déanfar, faoi réir forál ailt 32 den Acht seo, tagairtí sa Chuid seo den Acht seo don fho-chuóta eachtardhíola d'áitreabh ceadúnaithe áirithe in aghaidh tréimhse eachtar-dhíola áirithe d'fhorléiriú mar thagairtí don chuid den chuóta eachtar-dhíola in aghaidh na tréimhse eachtardhíola sin a dáilíodh don áitreabh sin le hordú dáiliúcháin (cuóta eachtar-dhíola).

(2) Aon uair a dhéanfas an Coimisiún ordú dáiliúcháin (cuóta eachtar-dhíola) in aghaidh tréimhse eachtar-dhíola áirithe—

(a) déanfaidh an Coimisiún, i leith gach áitribh cheadúnaithe lena mbaineann an t-ordú, deimhniú (dá ngairmtear deimhniú fo-chuóta eachtardhíola sa Chuid seo den Acht seo) a dheimhneos an chainníocht bhagúin a dáilítear don áitreabh sin leis an ordú sin agus an tréimhse eachtardhíola lena mbaineann an t-ordú sin, agus beidh an deimhniú ina fhianaise dhochloíte ar na nithe a deimhneofar amhlaidh;

(b) cuirfidh an Coimisiún faoi deara, roimh thosach na tréimhse sin, cóip den deimhniú sin a sheirbheáil ar an gceadúnaí i leith an áitribh sin.

(3) Aon uair a dhéanfas an Coimisiún ordú eachtar-dhíola in aghaidh tréimhse eachtar-dhíola áirithe ina gceapfaid cuóta eachtar-dhíola faoi fho-mhír (ii) nó fo-mhír (iii) de mhír (b) d'alt 30 den Acht seo—

(a) déanfaidh an Coimisiún i leith aon áitribh cheadúnaithe deimhniú (dá ngairmtear deimhniú fo-chuóta eachtar-dhíola sa Chuid seo den Acht seo) a dheimhneos an cuóta eachtar-dhíola faoin ordú sin, a fheidhm maidir leis an áitreabh sin agus an tréimhse eachtar-dhíola lena mbaineann an t-ordú, agus beidh an deimhniú ina fhianaise dhochloíte ar na nithe a deimhneofar amhlaidh;

(b) cuirfidh an Coimisiún faoi deara, roimh thosach na tréimhse sin, cóip den deimhniú a shoirbheáil ar an gceadúnaí i leith an áitribh cheadúnaithe sin.

(4) Féadfaidh an Coimisiún, ar chomhiarratas ó shealbhóir ceadúnais i leith áitribh áirithe agus ó shealbhóir ceadúnais i leith áitribh eile, iomlán an fho-chuóta eachtar-dhíola don áitreabh céadluaite nó aon chuid den fho-chuóta sin, in aghaidh tréimhse eachtar-dhíola áirithe, d'aistriú ón áitreabh céadluaite go dtí an t-áitreabh eile agus air sin measfar, chun críocha na Coda seo den Acht seo, an fo-chuóta eachtar-dhíola i leith an áitribh chéadluaite in aghaidh na tréimhse eachtar-dhíola sin agus an fo-chuóta eachtar-dhíola i leith an áitribh eile in aghaidh na tréimhse eachtar-dhíola sin a bheith laghdaithe agus méadaithe faoi seach dá réir sin.”

Pionóis mar gheall ar gan an fo-chuóta eachtardhíola d'onnmhuiriú agus mar gheall ar ordú eachtardhíola a shárú.

11. —Cuirfear an t-alt seo a leanas in ionad ailt 33 d'Acht 1937:

“33.—(1) I gcás—

(a) cóip de dheimhniú fo-chuóta eachtar-dhíola maidir le haon áitreabh a sheirbheáil go cuí ar an gceadúnaí i leith an áitribh sin, agus

(b) an chainníocht bhagúin a honnmhuireofar as an áitreabh sin i rith na tréimhse eachtar-dhíola a sonrófar sa deimhniú a bheith níos lú ná an fochuóta eachtar-dhíola don áitreabh sin in aghaidh na tréimhse eachtar-dhíola sin,

beidh an ceadúnaí ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil a chur air a ríomhfar do réir dhá phunt in aghaidh gach céad meáchain a bheas an méid bagúin a honnmhuireofar amhlaidh faoi bhun an fho-chuóta eachtar-dhíola don áitreabh sin in aghaidh na tréimhse eachtar-dhíola sin.

(2) Má sháraíonn ceadúnaí i leith áitribh cheadúnaithe aon fhoráil d'ordú eachtar-dhíola a cheanglós air—

(a) bagún d'onnmhuiriú go dtí aon tír shonraithe, nó

(b) bagún a bheith do réir cheanglas sonraithe,

beidh an ceadúnaí ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil a chur air a ríomhfar do réir dhá phunt in aghaidh gach céad meáchain nár honnmhuiríodh chun na tíre sonraithe sin do réir an orduithe nó in aghaidh gach céad meáchain nach raibh do réir na gceanglas sin, pé acu é.

(3) Má sháraíonn ceadúnaí i leith áitribh cheadúnaithe foráil d'ordú eachtar-dhíola a cheanglós air fianaise i scríbhinn a sholáthar do réir an orduithe, beidh an ceadúnaí ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus, ar a chiontú ann go hachomair, dlífear, más é an chéad chion aige é faoin bhfo-alt seo, fíneáil nach mó ná cúig puint fhichead a chur air, agus, más é an dara cion nó aon chion ina dhiaidh sin aige é faoin bhfo-alt seo, fíneáil nach mó ná caoga punt.

(4) Má déantar bagún a táirgeadh in áitreabh ceadúnaithe d'aistriú chun áitribh eile agus d'onnmhuiriú ina dhiaidh sin i rith aon tréimhse eachtar-dhíola, measfar, chun críocha fo-alt (1) agus (2) den alt seo, an bagún sin a bheith arna onnmhuiriú as an áitreabh céadluaite i rith na tréimhse eachtar-dhíola sin.”

Alt 34 d'Acht 1937 d'athghairm.

12. —Athghairmtear leis seo alt 34 d'Acht 1937.

Alt 40 d'Acht 1939 a leasú.

13. —D'ainneoin aon ní in alt 40 d'Acht 1939—

(a) féadfaidh ordú faoi fho-alt (2) den alt sin a fhoráil go measfar an t-ordú do theacht i bhfeidhm lá sonraithe roimh lá a dhéanta;

(b) i gcás ordú faoin bhfo-alt sin dá fhoráil go measfar an t-ordú a theacht i bhfeidhm lá sonraithe roimh lá a dhéanta—

(i) measfar é a theacht i bhfeidhm an lá sonraithe sin, agus

(ii) measfar an t-ordú deiridh roimhe sin faoin bhfo-alt sin a dhul as feidhm díreach roimh an lá sonraithe sin.

Gearrtheideal agus comhlua.

14. —(1) Féadfar an tAcht Muc agus Bagúin (Leasú), 1956 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na h Achta Muc agus Bagúin, 1935 go 1956, a ghairm de na h Achta Muc agus Bagúin, 1935 go 1940, agus den Acht seo le chéile.