6 1957


Uimhir 6 de 1957.


REACHT NA dTRÉIMHSÍ, 1957.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO CHOMHDHLÚTHÚ, LE LEASUITHE, ACHTA CHAN ÁIRITHE A BHAINEAS LE TRÉIMHSÍ DO CHAINGIN AGUS D'EADRÁNA. [2 Bealtaine, 1957.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

CUID I.

Réamhráiteach agus Ginearálta.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

1. —(1) Féadfar Reacht na dTréimhsí, 1957 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh an 1ú lá d'Eanáir, 1959.

Forála ginearálta maidir le léiriú.

2. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1891” an Registration of Title Act, 1891;

folaíonn “caingean” aon imeacht (seachas imeacht coiriúil) i gCúirt arna bunú le dlí;

folaíonn “caingean chun talamh d'aisghabháil”—

(a) caingean ag éileamh dearbhú teidil chun talún,

(b) imeachta ag morgáistí ag lorg seilbh talún ó mhorgáisteoir,

(c) imeachta faoi alt 13 den Acht um Chlárú Teidil, 1942 ( Uimh. 26 de 1942 ), ag duine atá cláraithe faoi Acht 1891 mar únaer muirir ar thalamh cláraithe ag lorg seilbh na talún;

tá le “eadráin”, “comhaontú eadrána” agus “dámhachtáin” na bríonna atá leo san Acht Eadrána, 1954 (Uimh. 26 de 1954) ;

ciallaíonn “cíos coinbhinsiúin” cíos is iníoctha faoi léas nó conradh eile tionóntachta (pé acu i scríbhinn dó nó nach ea agus pé acu sainráite dhó nó inchiallaithe) agus folaíonn sé an cíos is iníoctha ag tionónta reachtúil do réir bhrí an Achta Shrianta Cíosa, 1946 ( Uimh. 4 de 1946 ), ach ní fholaíonn sé cíos feo-fheirme is iníoctha faoi dheontas a bhunaíos comhbhaint thiarna talún agus tionónta;

ciallaíonn “urthrá” an méid sin, síos ó líne barr láin na ngnáth-thaoidí nó na meán-taoidí, de ghrinneall agus trá na farraige agus na n-abhann taoide agus na n-inbhear taoide uile agus de ghrinneall agus trá sruthchlaisí, crompán, agus bánna uile na farraige nó aon abhann nó inbhir den tsórt sin;

ciallaíonn “morgáiste breithiúnais” mionnscríbhinn únaerachta arna clárú faoin Judgment Mortgage (Ireland) Act, 1850;

folaíonn “talamh” oidhreachtáin chorpracha agus cíos-mhuirir, agus leas i bhfáltais ó thalamh a dhíol a bhí ar iontaobhas i gcóir díola, ach ní fholaíonn sé aon oidhreachtán neamhchorprach ach amháin mar atá ráite;

folaíonn “morgáiste” morgáiste cothromais agus morgáiste breithiúnais agus forléireófar dá réir sin “morgáisteoir”, “morgáistí” agus focail ghaolmhara;

ciallaíonn “an dáta feidhme” an 1ú lá d'Eanáir, 1959;

ciallaíonn “achtachán eile i dtaobh tréimhsí tórann” aon achtachán (seachas an tAcht seo) a bhaineas le tréimhsí do chaingin;

ní fholaíonn “eastát pearsanta” airnéisí réadacha;

folaíonn “díobhála pearsanta” aon ghalar agus aon dochar do staid choirp nó mheabhrach dhuine;

ní fholaíonn “maoin phearsanta” airnéisí réadacha;

ciallaíonn “ionadaí pearsanta” seiceadóir bunaidh nó seiceadóir trí ionadaíocht, nó riarthóir, do dhuine éagtha agus, maidir le talamh lena mbaineann na hAchta Talamh-Cheannaigh, folaíonn sé duine a ceapadh, faoi na hAchta sin agus chun críocha imeachta faoi na hAchta sin, ina riarthóir ar eastát pearsanta dhuine éagtha nó a hainmníodh mar ionadaí do dhuine atá marbh, as láthair nó faoi mhíchumas;

ciallaíonn “talamh cláraithe” talamh a bhfuil an teideal chuige cláraithe faoi Acht 1891;

ciallaíonn “cíos-mhuirear” aon bhlianacht nó aon tsuim thréimhsiúil airgid atá ina mhuirear ar thalamh nó is iníoctha as, agus folaíonn sé—

(a) aon íocaíocht bhliantúil nó thréimhsiúil le Coimisiún Talún na hÉireann, lena n-áirítear blianacht ag aisíoc morgáiste thráthchoda is iníoctha isteach i gCiste Temporáltachtaí na hEaglaise, agus

(b) aon íocaíocht thréimhsiúil a bhí, díreach roimh an 6ú lá de Nollaig, 1922, inbhailithe faoi na Crown Lands Acts, 1829 to 1913, agus arb é a bhí ann—

(i) coróin-chíos, nó

(ii) cíos cúiteach, nó

(iii) cíos iomalairte, nó

(iv) aon chíos-mhuirear eile, agus

(c) cíos feo-fheirme, pé acu a bhunaíos nó nach mbunaíonn an deontas faoinarb iníoctha é comhbhaint thiarna talún agus tionónta,

ach ní fholaíonn sé—

(d) cíos coinbhinsiúin, ná

(e) ús ar mhorgáiste nó muirear ar thalamh, ná

(f) blianacht infhorceannta is iníoctha i leith iasachta faoi Achta na dTithe (Gaeltacht), 1929 agus 1934;

folaíonn “long” gach saghas árthaigh a húsáidtear chun loingseoireachta agus nach le maidí rámha a gluaistear í;

ciallaíonn “údarás Stáit” aon údarás arb é atá ann—

(a) Aire Stáit, nó

(b) Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éireann, nó

(c) Coimisiún Talún na hÉireann, nó

(d) na Coimisinéirí Ioncaim, nó

(e) an tArd-Aighne.

“Iontaobhaí.”

(2) (a) San Acht seo, ní fholaíonn “iontaobhaí”—

(i) duine ar ó fhorléiriú an dlí nó ó a bheith intuigthe ón dlí, agus uaidh sin amháin, a thig a chomhbhaint mhuiníneach agus nach meastar le haon riail dlí gur comhbhaint mhuiníneach í, ná

(ii) ionadaí pearsanta i gcáil ionadaí phearsanta.

(b) I gcás—

(i) leasa (dá ngairmtear an leas nua sa mhír seo) i dtalamh, a tíolacfar do cheannaitheóir nó a dílseofar ann faoi na hAchta Talamh-Cheannaigh, arb é atá ann nó a meastar gurb é atá ann, faoi aon fhoráil de na hAchta sin nó ar shlí eile, greamacht ar aon sean-leas sa talamh sin nó in aon talamh eile, agus

(ii) an leas nua a bheith faoi réir aon cheart nó cothromas de dhroim gur greamacht den tsórt sin é,

ní bheidh an ceannaitheoir, ná aon duine a bheas ag éileamh tríd, ina iontaobhaí chun críocha an Achta seo i leith an leasa nua, de dhroim na nithe a luaitear i bhfo-mhíreanna (i) agus (ii) den mhír seo agus dá ndroim sin amháin.

(c) I gcás—

(i) duine a bheith cláraithe faoi Acht 1891 mar únaer talún, agus

(ii) an clárú a bheith, de bhun fo-ailt (3) d'alt 29 d'Acht 1891, faoi réir na gceart nó na gcothromas dá dtagartar sa bhfo-alt sin,

ansin, ní bheidh an duine sin, ná aon duine a bheas ag éileamh tríd, ina iontaobhaí chun críocha an Achta seo i leith na talún sin de dhroim an chláruithe sin agus dá dhroim sin amháin.

(d) Ní bheidh ionadaí pearsanta, i gcáil ionadaí phearsanta dhó, ina iontaobhaí chun críocha an Achta seo de dhroim ailt 1 den Executors Act, 1830, nó ailt 86 d'Acht 1891, agus dá dhroim sin amháin.

(3) Chun críocha an Achta seo, measfar cúis chaingin chun suim a ghnóthú is inghnóthuithe ag tortóir faoi alt 4 nó 5 d'Acht na dTortóirí, 1951 (Uimh. 1 de 1951) , maidir le dliteanas an tortóra do dhuine díobhálaithe, d'fhaibhriú ar an dáta ar a bhfuair an duine díobhálaithe breithiúnas in aghaidh an tortóra.

Feidhm an Achta maidir le muirir i leith príomhshuimeanna ar thalamh cláraithe.

(4) Nuair a beifear ag tabhairt feidhme don Acht seo maidir le talamh cláraithe a ndearnadh muirear chun príomhshuim d'íoc a bhunú ina leith faoi alt 40 d'Acht 1891—

(a) forléireofar tagairtí do mhorgáisteoir mar thagairtí don únaer cláraithe a chuir an talamh faoi mhuirear,

(b) forléireofar tagairtí don mhorgáistí mar thagairtí d'únaer cláraithe an mhuirir,

(c) forléireofar tagairtí do mhorgáiste mar thagairtí d'ionstraim an mhuirir,

agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin.

Eileamh trí dhuine.

(5) (a) Chun críocha an Achta seo—

(i) measfar duine do dhéanamh éilimh trí dhuine eile más tríd an duine eile sin, nó faoi, nó trína ghníomh, a tháinig sé i dteideal an chirt a beifear a éileamh;

(ii) duine a bhféadfaí a eastát nó a leas d'urchosc ag duine i dteideal leasa shainoidhreachta i seilbh, measfar é a bheith ag éileamh tríd an duine ar leis an teideal sin.

(b) Aon duine a thiocfas i dteideal aon eastáit nó léasa de bhuaidh cumhachta ceapacháin speisialta ní measfar chun críocha an Achta seo é a bheith ag éileamh tríd an té a cheap é.

Ceart chun seilbh a ghabháil, chun tocsail, etc., a bheith ar áireamh cirt chaingin chun talamh d'aisghabháil.

(6) San Acht seo—

(a) folóidh tagairtí do cheart caingin chun talamh d'aisghabháil tagairtí do cheart chun seilbh a ghabháil ar an talamh nó, i gcás cíos-mhuirir, tocsal a dhéanamh le haghaidh riaráistí an chíos-mhuirir,

(b) folóidh tagairtí do chaingean a thionscnamh chun talamh d'aisghabháil tagairtí do sheilbh a ghabháil ar an talamh nó, i gcás cíos-mhuirir, tocsal a dhéanamh le haghaidh riaráistí an chíos-mhuirir.

Seilbh agus díshealbhú i gcás cíos-mhuirear.

(7) San Acht seo—

(a) déanfar, i gcás cíos-mhuirir, tagairtí do sheilbh talún d'fhorléiriú mar thagairtí don chíos-mhuirear d'fháil, agus

(b) déanfar, i gcás cíos-mhuirir, tagairtí do dháta an díshealbhuithe, nó do dháta an scoir de sheilbh, maidir le talamh, d'fhorléiriú mar thagairtí don dáta deiridh a fuarthas an cíos-mhuirear.

(8) San Acht seo, forléireofar tagairtí d'aon achtachán mar thagairtí don achtachán sin arna leasú nó arna leathnú le haon achtachán ina dhiaidh sin.

Feidhm maidir leis an Stát.

3. —(1) Ach amháin mar foráltar a mhalairt go sainráite san Acht seo agus gan dochar d'alt 7 den Acht seo, beidh feidhm ag an Acht seo maidir le himeachta ag údarás Stáit nó ina choinne ionann is dá mba dhuine príobháideach an t-údarás Stáit sin.

(2) Ní bheidh feidhm ag an Acht seo —

(a) maidir le haon imeachta chun aon tsuim a ghnóthú a bheas dlite i leith cánach nó dleachta a bheas de thuras na huaire faoi chúram agus bainistí na gCoimisinéirí Ioncaim nó aon úis ar an gcéanna, ná

(b) maidir le haon imeachta chun aon fhíneáil, pionós nó forghéilleadh a ghnóthú a tabhaíodh i ndáil le haon cháin nó dleacht den tsórt sin, ná

(c) maidir le haon imeachta i leith forghéilleadh faoi na hAchta Custam nó faoi na hAchta a bhaineas leis na dleachta máil agus le bainistí na ndleacht sin.

(3) Ní dhéanfaidh aon ní san Acht seo difir do cheart an Stáit chun aon mhianaigh óir nó airgid.

Gan feidhm a bheith ag an Acht seo maidir le himeachta i leith long d'fhorghéilleadh.

4. —Ní bheidh feidhm ag an Acht seo maidir le haon imeachta i leith long nó leas i loing d'fhorghéilleadh faoin Acht Loingis Thráchtála, 1955 (Uimh. 29 de 1955) .

Cosaint maidir le dlínse chothromais chun faoiseamh a dhiúltú ar fhoras toileachais nó eile.

5. —Ní dhéanfaidh aon ní san Acht seo difir d'aon dlínse chothromais chun faoiseamh a dhiúltú ar fhoras toileachais nó eile.

Forála maidir le fritháireamh agus i frithéileamh.

6. —Chun críocha an Achta seo, measfar gur caingean ar leithligh aon éileamh i modh fritháirimh nó frithéilimh a tionscnaíodh ar aon-dáta leis an gcaingean inar pléadáladh an fritháireamh nó an frithéileamh.

Cosaint d'achtacháin eile i dtaobh tréimhsí tórann i gcás caingean.

7. —Ní bheidh feidhm ag an Acht seo—

(a) maidir le haon chaingean dá bhfuil tréimhse thórann socair le haon achtachán eile i dtaobh tréimhsí tórann ná

(b) maidir le haon chaingean a bhfuil údarás Stáit ina pháirtí ann agus a mbeadh, dá mba dhuine príobháideach an t-údarás Stáit sin, tréimhse thórann socair dó le haon achtachán eile i dtaobh tréimhsí tórann.

Forála maidir le caingin faoi urchosc agus ar feitheamh ar an dáta feidhme,

8. —Ní dhéanfaidh aon ní san Acht seo—

(a) cumas a thabhairt chun aon chaingean a thionscnamh a bhí faoi urchosc, roimh an dáta feidhme, ag aon achtachán a hathghairmtear leis an Acht seo, ach amháin sa mhéid go mb'fhéidir an chúis chaingin nó an ceart caingin d'athbheochan trí admháil nó pairtíocaíocht do réir Choda III den Acht seo, ná

(b) difir d'aon chaingean a tionscnaíodh roimh an dáta feidhme ná don teideal chun aon mhaoine is ábhar d'aon chaingean den tsórt sin.

Athghairm.

9. —Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear i gcolún (2) den Sceideal a ghabhas leis an Acht seo d'athghairm a mhéid a luaitear i gcolún (3) den Sceideal sin.

CUID II.

Tréimhsí Tórann maidir le hAicmí Difriúla Caingean.

Cuid II a bheith faoi réir forál Coda III maidir le míchumas, admháil, páirt-íocaíocht, calaois agus dearmad.

10. —Beidh éifeacht ag na forála ina dhiaidh seo den Chuid seo den Acht seo faoi réir na bhforál de Chuid III den Acht seo a dhéanas foráil chun na tréimhsí tórann i gcás míchumais, admhála, páirt-íocaíochta, calaoise agus dearmaid a fhadú.

Caingin chonartha agus toirt agus caingin áirithe eile.

Tréimhsí tórann do chaingin chonartha agus toirt agus do chaingin áirithe eile

11. —(1) Ní tionscnófar na caingin seo a leanas tar éis sé bliana a bheith caite ón dáta d'fhaibhrigh an chúis chaingin—

(a) caingin ar conradh simplí is bonn dóibh;

(b) caingin ar samhail-chonradh is bonn dóibh;

(c) caingin chun cúirt-bhanna a chur i bhfeidhm;

(d) caingin chun dámhachtain a chur i bhfeidhm, i gcás gan an comhaontú eadrána a bheith faoi shéala nó i gcás eadrána faoi aon Acht seachas an t Acht Eadrána, 1954 (Uimh. 26 de 1954) ;

(e) caingin chun aon tsuim a ghnóthú is inghnóthuithe de bhuaidh aon achtacháin, seachas

(i)   pionós nó forghéilleadh nó suim i modh pionóis nó forghéilleadh, nó

(ii)  fiach a bunaíodh le fo-alt (2) d'alt 14 nó le halt 125 den Companies (Consolidation) Act, 1908, nó

(iii) suim is inghnóthuithe ag tortóir faoi alt 4 nó 5 d'Acht na dTortóirí, 1951 (Uimh. 1 de 1951) .

(2) (a) Faoi réir míreanna (b) agus (c) den fho-alt seo, ní déanfar caingean ar tort is bonn dó a thionscnamh tar éis sé bliana a bheith caite ón dáta d'fhaibhrigh an chúis chaingin.

(b) Aon chaingean ag éileamh damáistí mar gheall ar fhaillí, núis nó sárú dualgais (pé acu is dualgas é de bhuaidh conartha nó de bhuaidh forála arna déanamh le reacht, nó faoi reacht, nó ar leithligh ó aon chonradh nó ó aon fhoráil den tsórt sin) i gcás inarb é a bheas sna damáistí, nó ina bhfolóidh na damáistí, a bheas á n-éileamh ag an ngearánaí mar gheall ar an bhfaillí, an núis nó an sárú dualgais, damáistí i leith díobhála pearsanta d'aon duine, ní tionscnófar é tar éis trí bliana a bheith caite ón dáta d'fhaibhrigh an chúis chaingin.

(c) Ní déanfar caingean ag éileamh damáistí mar gheall ar bhéad-chaint a thionscnamh tar éis trí bliana a bheith caite ón dáta d'fhaibhrigh an chúis chaingin.

(3) Ní déanfar caingean chun suim a ghnóthú is inghnóthuithe ag tortóir faoi alt 4 nó 5 d'Acht na dTortóirí, 1951 (Uimh. 1 de 1951) , i leith dliteanas an tortóra do dhuine díobhálaithe, a thionscnamh tar éis dhá bhliain a bheith caite ón dáta d'fhaibhrigh an chúis chaingin.

(4) Ní déanfar caingean i leith cuntais a thionscnamh maidir le haon ní a tharla níos mó ná sé bliana sarar tionscnaíodh an caingean.

(5) Ní déanfar na caingin seo a leanas a thionscnamh tar éis dhá bhliain déag a bheith caite ón dáta d'fhaibhrigh an chúis chaingin:—

(a) caingean ar ionstraim faoi shéala, seachas caingean ar ionstraim faoi shéala chun aon ní acu seo a leanas a ghnóthú—

(i)  riaráistí cíos-mhuirir nó cíosa choinbhinsiúin, nó

(ii) aon phríomhshuim airgid atá urraithe le morgáiste nó le muirear eile, nó

(iii) riaráistí úis i leith aon tsuime airgid atá urraithe le morgáiste nó le muirear eile, nó

(iv) riaráistí blianachta atá de mhuirear ar mhaoin phearsanta;

(b) caingean chun dámhachtain a chur i bhfeidhm, nuair is comhaontú faoi shéala an comhaontú eadrána;

(c) caingean chun fiach a ghnóthú a bunaíodh le fo-alt (2) d'alt 14 nó le halt 125 den Companies (Consolidation) Act, 1908.

(6) (a) Ní tionscnófar caingean iar bhreithiúnas tar éis dhá bhliain déag a bheith caite ón dáta a tháinig an breithiúnas chun bheith infheidhmithe.

(b) Ní gnóthófar aon riaráistí úis i leith aon fhéich bhreithiúnais tar éis sé bliana a bheith caite ón dáta a tháinig an t-ús chun a bheith dlite.

(7) (a) Sa bhfo-alt seo, ní fholaíonn “pionós” fíneáil a dlífear a chur ar aon duine arna chiontú i gcion coiriúil.

(b) Ní déanfar caingean chun aon phionós nó forghéilleadh nó suim i modh pionóis nó forghéilleadh a ghnóthú, is inghnóthuithe de bhuaidh aon achtacháin, a thionscnamh tar éis dhá bhliain a bheith caite ón dáta d'fhaibhrigh an chúis chaingin.

(8) (a) Bainfidh fo-alt (1) den alt seo le caingean chun páigh mairnéalach a ghnóthú.

(b) Ach amháin mar foráltar le mír (a) den fho-alt seo, ní bhainfidh an t-alt seo le haon chúis chaingin laistigh de dhlínse Aimiréalachta na hArd-Chúirte is inchurtha i bhfeidhm in rem.

(9) (a) Ní bhainfidh an t-alt seo le haon éileamh ar shainchomhlíonadh conartha nó ar urghaire nó ar fhaoiseamh cothromais eile.

(b) Ní forléireófar mír (a) den fho-alt seo mar ní a choisceas ar Chúirt aon fhoráil den alt seo a chur i bhfeidhm trí analach díreach mar cuirtí i bhfeidhm go dtí seo an t-achtachán comhréire a cúlghairmtear leis an Acht seo.

Tréimhse thórann i gcás comhshóití comhleanúnacha, agus teideal únaera earraí comhshóite a bheith múchta.

12. —(1) I gcás—

(a) ina mbeidh aon chúis chaingin maidir le comhshó airnéise nó coinneáil éagórach airnéise tar éis faibhriú chun aon duine, agus

(b) go dtarlóidh comhshó nó coinneáil éagórach eile sara n-aisghabhfaidh sé seilbh ar an airnéis,

ansin, faoi réir ailt 26, ní déanfar aon chaingean i leith an chomhshóite nó na coinneála éagóraí eile a thionscnamh tar éis sé bliana a bheith caite ón dáta d'fhaibhrigh an chúis chaingin i leith an chomhshóite nó na coinneála éagóraí bunaidh.

(2) I gcás—

(a) ina mbeidh aon chúis chaingin maidir le comhshó nó coinneáil éagórach airnéise tar éis faibhriú chun aon duine, agus

(b) go mbeidh an tréimhse caite atá socair chun an caingean sin a thionscnamh agus chun aon chaingean a thionscnamh maidir le comhshó nó coinneáil éagórach eile den tsórt a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo, agus

(c) nár aisghabh sé seilbh ar an airnéis in imeacht na tréimhse sin,

ansin, faoi réir ailt 26, beidh teideal an duine sin chun na hairnéise múchta.

Caingin chun talamh d'aisghabháil.

Tréimhse thórann i gcás caingean chun talamh d'aisghabháil.

13. —(1) (a) Faoi réir míreanna (b) agus (c) den fho-alt seo. ní thionscnóidh údarás Stáit aon chaingean chun aon talamh d'aisghabháil tar éis tríocha bliain a bheith caite ón dáta d'fhaibhrigh an ceart caingin chun údaráis Stáit nó, más chun duine éigin trína mbeidh an t-údarás Stáit ag éileamh d'fhaibhrigh sé ar dtús, chun an duine sin.

(b) Féadfaidh údarás Stáit caingean chun urthrá d'aisghabháil a thionscnamh tráth ar bith sara mbeidh seasca bliain caite ón dáta d'fhaibhrigh an ceart caingin chun údaráis Stáit.

(c) I gcás aon cheart caingin, chun talamh d'aisghabháil nach urthrá feasta ach atá fós ar únaeracht ag an Stát, d'fhaibhrigh nuair dob urthrá an talamh, féadfar an caingean a thionscnamh tráth ar bith sara mbeidh seasca bliain caite ó dháta faibhrithe an chirt chaingin, nó daichead bliain ón dáta a scoir an talamh de bheith ina urthrá, pé tréimhse acu is túisce a bheas caite.

(2) Beidh feidhm ag na forála seo a leanas maidir le caingean ag duine (seachas údarás Stáit) chun talamh d'aisghabháil—

(a) faoi réir míre (b) den fho-alt seo, ní déanfar aon chaingean den tsórt sin a thionscnamh tar éis dhá bhliain déag a bheith caite ón dáta d'fhaibhrigh an ceart caingin chun an duine a thionscnós é nó, más chun duine éigin trína mbeidh sé ag éileamh d'fhaibhrigh sé ar dtús, chun an duine sin;

(b) más chun údaráis Stáit d'fhaibhrigh an ceart caingin ar dtús, féadfar an caingean a thionscnamh tráth ar bith roimh dheireadh na tréimhse ina bhféadfadh údarás Stáit an caingean a thionscnamh, nó sara mbeidh dhá bhliain déag caite ón dáta d'fhaibhrigh an ceart caingin chun duine éigin seachas údarás Stáit, pé tréimhse acu is túisce a bheas caite.

(3) Chun críocha an Achta seo—

(a) i gcás ceart caingin chun aon talamh d'aisghabháil d'fhaibhrigh chun na Corónach roimh an 6ú lá de Nollaig, 1922, measfar an ceart caingin d'fhaibhriú chun údaráis Stáit ar an dáta d'fhaibhrigh an ceart caingin chun na Corónach ar dtús;

(b) i gcás ceart caingin chun aon talamh d'aisghabháil d'fhaibhrigh chun Saorstát Éireann roimh an 29ú lá de Nollaig, 1937, measfar an ceart caingin d'fhaibhriú chun údaráis Stáit ar an dáta d'fhaibhrigh an ceart caingin chun Saorstát Éireann ar dtús;

(c) i gcás ceart caingin chun aon talamh d'aisghabháil d'fhaibhrigh chun an Stáit roimh an dáta feidhme, measfar an ceart caingin d'fhaibhriú chun údaráis Stáit ar an dáta d'fhaibhrigh an ceart caingin chun an Stáit ar dtús.

Ceart caingin (leasa láithreacha i dtalamh) d'fhaibhriú.

14. —(1) I gcás an duine a thionscnós caingean chun talamh d'aisghabháil nó duine éigin trína mbeidh sé ag éileamh a bheith i seilbh na talún sin agus, le linn dó teideal a bheith aige chun na talún sin, gur díshealbhaíodh é nó gur scoir sé dá sheilbh, measfar an ceart caingin d'fhaibhriú ar dháta an díshealbhuithe nó an scoir.

(i) ar dhíshealbhú nó ar scor.

(2) I gcás—

(a) ina dtionscnóidh aon duine caingean chun aon talamh le duine éagtha d'aisghabháil, pé acu faoi uacht nó ar dhíthiomnacht é, agus

(b) maidir leis an duine éagtha—

(ii) má mainnítear seilbh a ghlacadh ar bhás duine.

(i) go raibh sé, ar dháta a bháis, i seilbh na talún nó, i gcás cíos-mhuirir a bunaíodh le huacht nó a ghlacfadh éifeacht ar é d'fháil bháis, i seilbh na talún faoi mhuirear, agus

(ii) gurb é an duine deiridh é agus teideal aige chun na talún a bhí i seilbh na talún,

measfar an ceart caingin d'fhaibhriú ar dháta a bháis.

(3) I gcás—

(iii) má mainnítear seilbh a ghlacadh faoi fhorcinntiú.

(a) ina dtionscnóidh aon duine caingean chun talamh d'aisghabháil is eastát nó leas i seilbh arna fhorcinntiú, ar shlí seachas trí uacht, dó féin nó do dhuine éigin trína mbeidh sé ag éileamh, ag duine a bhí, ar an dáta a ghlac an forcinntiú éifeacht,—

(i) i seilbh na talún, nó

(ii) i gcás cíos-mhuirir a bunaíodh leis an bhforcinntiú, i seilbh na talún faoi mhuirear, agus

(b) nach raibh duine ar bith i seilbh na talún de bhuaidh an fhorcinntithe,

measfar an ceart caingin d'fhaibhriú ar an dáta a ghlac an forcinntiú éifeacht.

Ceart caingin (leasa todhchaí i dtalamh) d'fhaibhríú.

15. —(1) Faoi réir a bhforáltar anseo ina dhiaidh seo san alt seo, measfar, maidir leis an gceart caingin chun aon talamh d'aisghabháil—

(i) ar leas todhchaí a theacht i seilbh dhuine.

(a) i gcás inarbh eastát nó leas frithdhílse nó fuíll, nó aon eastát nó leas todhchaí, an t-eastát nó an leas a beifear a éileamh, agus

(b) nár ghlac aon duine seilbh ar an talamh de bhuaidh an eastáit nó an leasa a beifear a éileamh,

gur ar an dáta a thit an t-eastát nó an leas chun seilbhe, trí fhorceannadh an eastáit nó an leasa roimhe, d'fhaibhrigh an ceart caingin.

(ii) i gcás únaer roimhe sin a bheith as seilbh.

(2) (a) Mura raibh an duine ag a raibh teideal chun an eastáit nó an leasa roimhe sin, nár théarma blianta iomlán, i seilbh na talún ar dháta a fhorceannta, ní dhéanfaidh an duine ag a mbeidh teideal chun an eastáit nó an leasa ina dhiaidh sin caingean a thionscnamh tar éis dhá bhliain déag a bheith caite ón dáta d'fhaibhrigh an ceart caingin chun an duine ag a raibh teideal chun an eastait nó an leasa roimhe sin nó sé bliana ón dáta d'fhaibhrigh an ceart caingin chun an duine ag a mbeidh teideal chun an eastáit nó an leasa ina dhiaidh sin, pé tréimhse acu is deireannaí a bheas caite.

(b) Más ag an Stát a bheas teideal chun an eastáit nó an leasa ina dhiaidh sin, beidh éifeacht ag mír (a) den fho-alt seo ach tagairt do thríocha bliain a chur in ionad na tagairte do dhá bhliain déag agus tagairt do dhá bhliain déag a chur in ionad na tagairte de shé bliana.

(iii) cosaint do leasa sainoidhreachta.

(3) Ní bhainfidh na forála roimhe seo den alt seo le haon eastát ná leas a thitfeas chun seilbhe ar leas sainoidhreachta d'fhorceannadh agus d'fhéadfadh an duine i dteideal an leasa shainoidhreachta d'urchosc.

(iv) coimhthiú agus an t-am ag rith.

(4) Ní thionscnóidh duine ar bith caingean chun go n-aisghabhfaidh aon eastáit nó leas i dtalamh faoi fhorcinntiú a ghlacfadh éifeacht tar éis an ceart caingin d'fhaibhriú chun an duine a rinne an forcinntiú nó chun duine éigin trínar éiligh sé nó chun duine éigin ag a raibh teideal chun eastáit nó leasa roimhe sin, mura bhféadfadh an duine a rinne an forcinntiú caingean den tsórt sin a thionscnamh.

(v) urchosc le leas todhchaí má bhíonn urchosc le leas láithreach an duine chéanna.

(5) I gcás—

(a) teideal a bheith ag aon duine chun aon eastáit nó leas i dtalamh i seilbh, agus

(b) le linn dó an teideal sin a bheith aige, teideal a bheith freisin ag an duine sin chun aon eastáit nó leasa thodhchaí sa talamh sin, agus

(c) a cheart chun an eastáit nó an leasa i seilbh d'aisghabháil a bheith urchosctha faoin Acht seo,

ní dhéanfaidh an duine sin ná aon duine a bheas ag éileamh tríd aon chaingean a thionscnamh i leith an eastáit nó an leasa thodhchaí mura mbeidh duine i dteideal eastáit nó leasa idirmheánaigh tar éis seilbh na talún d'aisghabháil idir dhá linn.

Ceart caingin (forghéilleadh nó sárú coinníll) d'fhaibhriú.

16. —(1) Measfar ceart chun talamh d'aisghabháil de bhuaidh forghéilleadh nó sárú coinníll d'fhaibhriú ar an dáta a tabhaíodh an forghéilleadh nó a sáraíodh an coinníoll.

(2) I gcás—

(a) ceart caingin chun talamh d'aisghabháil de bhuaidh forghéilleadh nó sárú coinníll a bheith faibhrithe chun duine ag a raibh teideal chun eastáit nó leasa frithdhílse nó fuíll, agus

(b) nár haisghabhadh an talamh dá bhuaidh sin,

ní measfar an ceart caingin chun an talamh d'aisghabháil a bheith faibhrithe chun an duine sin go dtí gur thit a eastát nó a leas chun seilbhe amhail is nár tharla aon fhorghéilleadh ná sárú coinníll den tsórt sin.

Ceart caingin (tionóntachtaí áirithe) d'fhaibhriú.

17. —(1)  (a) Chun críocha an Achta seo, measfar tionóntacht ar thoil d'fhorceannadh ar bhliain a bheith caite ó dháta tosnuithe na tionóntachta sin, mura mbeifear tar éis é d'fhorceannadh roimhe sin.

(i) tionóntacht ar thoil.

(b) Measfar ceart caingin dhuine ag a bhfuil teideal chun talún atá faoi thionóntacht ar thoil d'fhaibhriú ar dháta na tionóntachta d'fhorceannadh.

(c) Ní measfar, chun críocha an fho-ailt seo, morgáisteoir ná tairbhí ar bith a bheith ina thionónta ar thoil ag a mhorgáistí nó a iontaobhaí.

(ii) tionóntacht, gan léas i scríbhinn, ó bhliain go bliain, nó ar feadh tréimhse eile.

(2) (a) Measfar, chun críocha an Achta seo, tionóntacht ó bhliain go bliain nó ar feadh tréimhse eile, gan léas i scríbhinn, a bheith forceannta ag deireadh na céad bhliana nó na tréimhse eile.

(b) Measfar ceart caingin dhuine ag a bhfuil teideal chun talún faoi thionóntacht ó bhliain go bliain nó ar feadh tréimhse eile, gan léas i scríbhinn, d'fhaibhriú ar dháta na tionóntachta d'fhorceannadh, mura mbeifear tar éis aon chíos nó íocaíocht tréimhsiúil eile d'fháil ina dhiaidh sin i leith na tionóntachta, agus sa chás sin measfar an ceart caingin d'fhaibhriú ar an dáta deiridh a fuarthas cíos nó íocaíocht tréimhsiúil eile.

(iii) cíos coinbhinsiúin faoi léas i scríbhinn d'fháil go héagórach.

(3) I gcás—

(a) aon duine a bheith i seilbh talún de bhuaidh léasa i scríbhinn trína bhforcoiméadtar cíos coinbhinsiúin bliantúil nach lú ná fiche scilling, agus

(b) an cíos a bheith á fháil ag duine éigin (dá ngairmtear an fáltóir éagórach sa bhfo-alt seo) adeir go héagórach go bhfuil teideal aige chun na talún i bhfrithdílse agus sin ar feitheamh díreach ar an léas d'fhorceannadh, agus

(c) gan an duine ag a bhfuil an teideal ceart chuige d'fháil aon chíosa ina dhiaidh sin,

measfar gur ar an dáta a fuair fáltóir éagórach an cíos den chéad uair, agus nach ar dháta an léasa d'fhorceannadh, d'fhaibhrigh ceart caingin an duine dheiridh sin a luaitear chun an talamh d'aisghabháil.

(4) Ní bhainfidh fo-alt (1) den alt seo le tionóntacht ar thoil a dheoin údarás Stáit, agus ní bhainfidh fo-alt (3) den alt seo le léas a dheoin údarás Stáit ná le léas a bhfuil leas an léasóra faoi dílsithe in úharás Stáit.

Gan ceart caingin d'fhaibhriú ach i gcás seilbhe codarsna.

18. —(1) Ní measfar aon cheart caingin chun talamh d'aisghabháil d'fhaibhriú muran i seilbh (dá ngairmtear seilbh chodarsna san alt seo) dhuine éigin ar féidir don tréimhse thórann rith ina fhábhar atá an talamh.

(2) I gcás—

(a) ina measfar faoi na forála roimhe seo den Acht seo ceart caingin chun talamh d'aisghabháil d'fhaibhriú ar dháta áirithe, agus

(b) nach bhfuil seilbh chodarsna ag aon duine ar an talamh ar an dáta sin,

ní measfar ceart caingin d'fhaibhriú mura nglacfar ná go dtí go nglacfar seilbh chodarsna ar an talamh.

(3) I gcás ina mbeidh ceart caingin chun talamh d'aisghabháil tar éis faibhriú agus, ina dhiaidh sin, sara mbeidh urchosc ar an gceart caingin, go scoirfidh an talamh de bheith i seilbh chodarsna, ní measfar a thuilleadh an ceart caingin a bheith tar éis faibhriú agus ní measfar aon cheart caingin nua d'fhaibhriú mura nglacfar ná go dtí go nglacfar seilbh chodarsna arís ar an talamh.

(4) Chun críocha an ailt seo—

(a) measfar gur seilbh chodarsna ar an gcíos-mhuirear seilbh aon talún faoi chíos-mhuirear ag duine (seachas an duine ag a bhfuil teideal chun an chíos-mhuirir) nach n-íocann an cíos-mhuirear, agus

(b) measfar gur seilbh chodarsna ar an talamh an cíos coinbhinsiúin faoi léas d'fháil ag duine adeir go héagórach go bhfuil teideal aige chun na talún i bhfrithdhílse agus sin ag feitheamh díreach ar an léas d'fhorceannadh.

Leigheas i gcás forcinntiú díshaoinoidhreach atá lochtach.

19. —I gcás—

(a) duine atá i dteideal an fhuíll faoi shocraíocht i gcás eastáit shainoidhrithe in aon talamh a bheith tar éis forcinntiú a dhéanamh air a fhágas gan urchosc an sliocht sainoidhreach nó na heastáit a ghlacas éifeacht ar an eastát sainoidhrithe d'fhorceannadh nó a fhágas gan urchosc na heastáit sin amháin, agus

(b) aon duine (seachas duine éigin ag a bhfuil teideal chun seilbhe de bhuaidh na socraíochta) a bheith i seilbh na talún le dhá bhliain déag ó thosach an ama óna mbeadh an forcinntiú, dá ndéanadh an duine ag a raibh teideal chun an eastáit shainoidhrithe é d'fhorghníomhiú an uair sin, ag oibriú, gan toiliú aon duine eile, chun an sliocht sainoidhreach agus na heastáit sin, d'urchosc,

ansin, ar an tréimhse sin a bheith caite, oibreoidh an forcinntiú, agus measfar gur oibrigh sé riamh, chun an sliocht sainoidhreach agus na heastáit sin d'urchosc.

Ní chaomhnóidh dul isteach foirmiúil ná síor-éileamh ceart caingin.

20. —Chun críocha an Achta seo—

(a) ní measfar aon duine a bheith i seilbh aon talún de dhroim amháin go ndeachaigh sé isteach go foirmiúil ar an talamh sin,

(b) ní chaomhnóidh aon tsíor-éileamh ná aon éileamh eile, ar thalamh, ná ina aice, aon cheart caingin chun an talamh d'aisghabháil.

Gan seilbh ag comhoidhrseach amháin, etc., a bheith ina sheilbh ag daoine eile.

21. —I gcás aon duine amháin nó níos mó de dhaoine iomaí ag a raibh teideal chun aon talún mar chomhoidhrseacha, nasc thionóntaí, no tionóntaí i gcoiteannas, a bheith i seilbh na talún sin go léir, nó i seilbh níos mó ná a scair nó a scaireanna neamhroinnte den talamh sin, chun leasa dó féin nó dóibh féin nó chun leasa aon duine nó daoine seachas an duine nó na daoine ag a raibh teideal chun na scaire nó na scaireanna eile den talamh sin, ansin, chun críocha an Achta seo, ní measfar gur sheilbh ag an duine sin, nó ag na daoine sin, is déanaí a luaitear, ná ag aon duine acu an tseilbh sin.

Ní seilbh oidhre seilbh dearthár shóisir, etc.

22. —I gcás deartháir shóisir nó gaol eile leis an duine ag a bhfuil teideal mar oidhre chun aon talún do ghabháil seilbhe ar an talamh sin, ansin, chun críocha an Achta seo, ní measfar gur seilbh an duine atá i dteideal mar oidhre an tseilbh sin.

Dáta an bháis dáta an riaracháin.

23. —Chun críocha na bhforál den Acht seo a bhaineas le caingin chun talamh d'aisghabháil, measfar riarthóir eastáit dhuine éagtha a bheith ag déanamh éilimh amhail is nach raibh aon eatramh ama idir dáta báis an duine éagtha agus dáta na litreacha riaracháin a dheonadh.

Teideal chun talún a bheith múchta ar bheith caite don tréimhse thórann le haghaidh caingean chun talamh d'aisghabháil.

24. —Faoi réir ailt 25 den Acht seo agus ailt 52 d'Acht 1891, ar bheith caite don tréimhse a socraítear leis an Acht seo chun aon duine do thionscnamh caingin chun talamh d'aisghabháil, beidh teideal an duine sin chun na talún múchta.

Estáit chothramais i dtalamh agus talamh ar iontaobhas.

25. —(1) Faoi réir ailt 44 den Acht seo, bainfidh forála an Achta seo le heastáit chothramais i dtalamh, lena n-áirítear leasa sna fáltais ó thalamh a dhíol a bhí ar iontaobhas i gcóir díola, mar bhainid le heastáit dlíthiúla i dtalamh agus, dá réir sin, measfar, chun críocha an Achta seo, ach chucu sin amháin, ceart caingin chun an talamh d'aisghabháil d'fhaibhriú chun duine ag a bhfuil teideal i seilbh chun eastáit chothromais i dtalamh ar an modh céanna agus sna cúinsí céanna agus ar an dáta céanna a bhfaibhreodh sé dá mba eastát dlíthiúil sa talamh a eastát.

(2) I gcás aon talamh a bheith ar iontaobhas, lena n-áirítear iontaobhas i gcóir díola, agus an tréimhse a bheith caite a socraítear leis an Acht seo chun na hiontaobhaithe do thionscnamh caingin chun an talamh d'aisghabháil, ní bheidh eastát na n-iontaobhaithe múchta, mura mbeidh agus an fhad nach mbeidh an ceart caingin, chun an talamh d'aisghabháil, atá ag aon duine ag a bhfuil teideal chun leasa thairbhiúil sa talamh nó sna fáltais díola, faibhrithe nó gan bheith urchosctha leis an Acht seo, ach, má bhíonn agus an uair a bheas gach ceart caingin den tsórt sin urchosctha amhlaidh, beidh eastát na n-iontaobhaithe múchta.

(3) I gcás aon talamh a bheith ar iontaobhas, lena n-áirítear iontaobhas i gcóir díola, féadfaidh na hiontaobhaithe caingean chun an talamh d'aisghabháil a thionscnamh thar ceann aon duine ag a bhfuil teideal chun leasa thairbhiúil i seilbh sa talamh nó sna fáltais dhíola agus nach bhfuil a cheart caingin urchosctha leis an Acht seo, d'ainneoin go mbeadh ceart caingin na n-iontaobhaithe urchosctha leis an Acht seo ar leith ón bhforáil seo.

(4) I gcás aon talamh socraithe, do réir bhrí na Settled Land Acts, 1882 to 1890, nó aon talamh ar iontaobhas i gcóir díola, a bheith i seilbh dhuine ag a bhfuil teideal chun leasa thairbhiúil sa talamh nó sna fáltais dhíola, nach duine ag a bhfuil an teideal aonair iomlán chun na talún sin, ní measfar, chun críocha an Achta seo, aon cheart caingin chun an talamh d'aisghabháil d'fhaibhriú le linn na seilbhe sin chun aon duine ina bhfuil an talamh dílsithe mar iontaobhaí ná chun aon duine eile ag a bhfuil teideal chun leasa thairbhiúil sa talamh nó sna fáltais dhíola.

Caingin chun airnéisí socraithe d'aisghabháil.

Caingin chun airnéisí socraithe d'aisghabháil.

26. —(1) I gcás aon airnéisí a bheith ar iontaobhas, lena n-áirítear iontaobhas i gcóir díola, agus an tréimhse a bheith caite a socraítear leis an Acht seo chun na híontaobhaithe do thionscnamh caingin chun na hairnéisí d'aisghabháil, ní bheidh teideal na n-iontaobhaithe múchta má bhíonn agus an fhad a bheas ceart caingin aon duine ag a bhfuil teideal tairbhiúil chun na n-airnéisí gan faibhriú nó gan bheith urchosctha leis an Acht seo, ach, má bhíonn agus an uair a bheas an ceart caingin sin urchosctha amhlaidh, beidh teideal na n-iontaobhaithe múchta.

(2) I gcás aon airnéisí a bheith ar iontaobhas, lena n-áirítear iontaobhas i gcóir díola, féadfaidh na hiontaobhaithe caingean chun na hairnéisí d'aisghabháil a thionscnamh thar ceann duine ar bith ag a bhfuil teideal tairbhiúil i seilbh chun na n-airnéisí nó na fáltais dhíola agus nach bhfuil a cheart caingin urchosctha leis an Acht seo, d'ainneoin go mbeadh ceart caingin na n-iontaobhaithe urchosctha leis an Acht seo ar leith ón bhforáil seo.

(3) I gcás aon airnéisí ar iontaobhas, lena n-áirítear iontaobhas i gcóir díola, a bheith i seilbh dhuine ag a bhfuil teideal chun leasa thairbhiúil sna hairnéisí nó sna faltais dhíola, nach duine ag a bhfuil an teideal aonair iomlán chucu sin, ní measfar, chun críocha an Achta seo, aon cheart caingin chun na hairnéisí d'aisghabháil d'fhaibhriú le linn na seilbhe sin chun aon duine ina bhfuil na hairnéisí dílsithe mar iontaobhaí ná chun aon duine eile ag a bhfuil teideal chun leasa thairbhiúil sna hairnéisí nó sna fáltais dhíola.

Caingin chun riaráistí cíos-mhuirear, cíosa choinbhinsiúin, duair agus blianachtaí atá ina muirir ar mhaoin phearsanta a ghnóthú.

Tréimhse thórann i gcás caingean chun riaráistí cíos-mhuirir a ghnóthú.

27. —(1) Ní tionscnófar caingean, ná ní déanfar tocsal, chun riaráistí cíos-mhuirir ná damáistí ina leith a ghnóthú, tar éis sé bliana a bheith caite ón dáta a tháinig na riaráistí chun bheith dlite.

(2) I bhfo-alt (1) den alt seo, ní fholaíonn an focal “caingean” imeachta faoi alt 37 den Acht Talún, 1927 (Uimh. 19 de 1927) .

Tréimhse thórann i gcás caingean chun riaráistí cíosa choinbhinsiúin a ghnóthú.

28. —Ní tionscnófar aon chaingean nó ní déanfar tocsal, chun riaráistí cíosa choinbhinsiúin ná damáistí ina leith a ghnóthú, tar éis sé bliana a bheith caite ón dáta a tháinig na riaráistí chun bheith dlite.

Barántais faoi alt 28 den Acht Talún, 1933.

29. —(1) Ní eiseoidh Coimisiún Talún na hÉireann aon bharántas faoi alt 28 den Acht Talún, 1933 (Uimh. 38 de 1933) , i leith aon airgid a tháinig chun bheith dlite dhóibh agus iníoctha leo níos mó ná sé bliana roimh dháta an bharántais.

(2) Leanfaidh barántas faoi alt 28 den Acht Talún, 1933, i bhfeidhm go ceann tréimhse sé bliana ón dáta a bheas air, agus ní níos sia ná sin, agus ní scoirfidh de bheith i bhfeidhm toisc an duine a bheas ainmnithe ann mar mhainneachtnóir a bheith tar éis bháis nó tar éis scor ar shlí eile, i rith na tréimhse sin, de na tailte a bheas tuairiscithe ann a bheith ar áitiú aige.

Tréimhse thórann i gcás caingean chun riaráistí duair a ghnóthú.

30. —Ní tionscnófar aon chaingean, ná ní déanfar tocsal, chun riaráistí duair ná damáistí ina leith a ghnóthú, tar éis sé bliana a bheith caite ón dáta a tháinig na riaráistí chun bheith dlite.

Tréimhse thórann i gcás caingean chun riaráistí blianachta atá ina muirear ar mhaoin phearsanta a ghnóthú.

31. —Ní tionscnófar aon chaingean, chun riaráistí blianachta atá ina muirear ar mhaoin phearsanta ná damáistí ina leith a ghnóthú, tar éis sé bliana a bheith caite ón dáta a tháinig na riaráistí chun bheith dlite.

Caingin maidir le morgáistí agus muirir.

Tréimhse thórann i gcás caingean ag eireadóirí á éileamh go ndíolfar talamh.

32. —(1) Ní dhéanfaidh údarás Stáit aon chaingean á éileamh go ndíolfar talamh atá faoi mhorgáiste nó muirear, a thionscnamh tar éis tríocha bliain a bheith caite ón dáta d'fhaibhrigh an ceart caingin chun údaráis Stáit, nó, más chun duine éigin trína bhfuil údarás Stáit ag éileamh d'fhaibhrigh sé ar dtús, chun an duine sin.

(2) Bainfidh na forála seo a leanas le caingean ag duine (seachas údarás Stáit) á éileamh go ndíolfar talamh atá faoi mhorgáiste nó muirear:—

(a) faoi réir míre (b) den fho-alt seo, ní tionscnófar aon chaingean den tsórt sin tar éis dhá bhliain déag a bheith caite ón dáta d'fhaibhrigh an ceart caingin chun an duine a thionscnós é nó, más chun duine éigin trína bhfuil sé ag éileamh d'fhaibhrigh sé ar dtús, chun an duine sin;

(b) más chun údaráis Stáit d'fhaibhrigh an ceart caingin ar dtús, féadfar an caingean a thionscnamh tráth ar bith roimh dheireadh na tréimhse ina bhféadfadh údáras Stáit an caingean a thionscnamh nó sara mbeidh dhá bhliain déag caite ón dáta d'fhaibhrigh an ceart caingin chun duine éigin seachas údarás Stáit, pé tréimhse acu is túisce a bheas caite.

Múchadh teidil mhorgáistí chun talún morgáistithe ar bheith caite don tréimhse le haghaidh caingean á éileamh go ndíolfar talamh.

33. —Ar an tréimhse a bheith caite a socraítear leis an Acht seo chun morgáistí do thionscnamh caingin á éileamh go ndíolfar an talamh morgáistithe, beidh teideal an mhorgáistí chun na talún múchta.

Tréimhse thórann i gcás caingean fuascailte (talamh).

34. —(1)  (a) I gcás seilbh a bheith ag morgáistí talún ar aon chuid den talamh morgáistithe le dhá bhliain déag, ní dhéanfaidh an morgáisteoir ná aon duine a bheas ag éileamh tríd aon chaingean a thionscnamh ina dhiaidh sin chun an talamh a bhfuil an morgáistí ina sheilbh amhlaidh d'fhuascailt.

(b) Níl feidhm ag mír (a) den fho-alt seo maidir le morgáiste Breathnach.

(2) I gcás morgáistí talún faoi mhorgáiste Breathnach a fhorálas go bhfuil na cíosa agus na brabúis le húsáid chun na príomhshuimeanna agus an t-ús a laghdú a bheith i seilbh na talún le dhá bhliain déag dar tosach an dáta a glanadh na príomhshuimeanna agus an t-ús uile, ní dhéanfaidh an morgáisteoir ná aon duine a bheas ag éileamh tríd aon chaingean chun an talamh d'fhuascailt a thionscnamh ina dhiaidh sin.

Teidoal morgáisteora chun talún morgáistithe a bheith múchta ar bheith caite don tréimhse le baghaidh caingean chun talamh d'fhuascailt.

35. —Faoi réir ailt 52 d'Acht 1891, ar an tréimhse a bheith caite a socraítear leis an Acht seo chun morgáisteoir do thionscnamh caingin chun talamh faoi mhorgáiste d'fhuascailt, beidh teideal an mhorgáisteora chun na talún múchta.

Tréimhse thórann i gcás caingean chun príomhshuim a ghnóthú atá urraithe le muirear ar thalamh nó ar mhaoin phearsanta.

36. —(1) (a) Ní déanfar aon chaingean chun aon phríomhshuim a ghnóthú atá urraithe le morgáiste nó muirear ar thalamh nó ar mhaoin phearsanta (seachas long) a thionscnamh tar éis dhá bhliain déag a bheith caite ón dáta d'fhaibhrigh an ceart chun an t-airgead d'fháil.

(b) Maidir le na feidhm—

(i) i leith morgáiste, a bhfuil ús air iníoctha isteach i gCiste Temporáltachtaí na hEaglaise, nó

(ii) i leith muirir ar thalamh faoi alt 31 den Land Law (Ireland) Act, 1881, nó

(iii) i leith muirir ar thalamh faoi Acht na dTithe (Gaeltacht), 1929 agus 1934,

beidh éifeacht ag mír (a) den fho-alt seo amhail is dá gcuirtí “tríocha bliain” in ionad na bhfocal “dhá bhliain déag.”

(2) Measfar, chun críocha an ailt seo, an ceart chun aon phríomhshuim d'fháil atá urraithe le morgáiste nó muirear eile a bheith gan faibhriú an fhad is cuid den mhaoin ar a bhfuil an morgáiste nó an muirear aon leas todhchaí nó aon pholasaí árachais saoil atá gan aibiú nó gan forceannadh.

Tréimhse thórann i gcás caingean chun riaráistí úis ar mhorgáiste nó ar mhuirear a ghnóthú.

37. —(1) Ní déanfar aon chaingean, chun riaráistí úis is iníoctha i leith aon phríomhshuime a ghnóthú atá urraithe le morgáiste nó muirear ar thalamh nó ar mhaoin phearsanta (seachas long), nó dámáistí a ghnóthú i leith riaráistí den tsórt sin, a thionscnamh tar éis sé bliana a bheith caite ón dáta a tháinig an t-ús chun bheith dlite.

(2) I gcás—

(a) morgáistí tosaíochta nó eireadóir tosaíochta eile a bheith i seilbh na maoine faoi mhuirear, agus

(b) go ndéanfaidh eireadóir ina dhiaidh sin caingean a thionscnamh laistigh de bhliain tar éis scor den tseilbh sin,

féadfaidh sé, leis an gcaingean sin, na riaráistí úis uile a tháinig chun bheith dlite i rith na tréimhse a bhí an t-eireadóir tosaíochta i seilbh, nó damáistí ina leith sin, a ghnóthú d'ainneoin an tréimhse a bheith níos sia ná sé bliana.

(3) I gcás—

(a) inar cuid de mhaoin faoi mhorgáiste nó muirear aon leas todhchaí nó polasaí arachais saoil, agus

(b) gur téarma den mhorgáiste nó den mhuirear go ndéileálfar le riaráistí úis mar chuid den phríomhshuim a hurraíodh leis an morgáiste nó an muirear,

ní measfar ús a theacht chun bheith dlite roimh an tráth d'fhaibhrigh, nó a measfar d'fhaibhrigh, an ceart chun an phríomhshuim d'fháil.

Ceart morgáistí nó muirearóra chun féich mhorgáiste a bheith múcha ar bheith caite don tréimhse le haghaidh caingean chun talamh d'aisghabháil nó chun a éileamh go ndíolfar talamh.

38. —Ar bheith caite don tréimhse a socraítear leis an Acht seo chun morgáistí talún do thionscnamh caingin chun an talamh d'aisghabháil, nó chun duine a bheas ag éileamh mar mhorgáistí nó muirearóir do thionscnamh caingin go ndíolfar an talamh, beidh ceart an mhorgáistí nó an duine sin chun na príomhshuime agus an úis a hurraíodh leis an morgáiste nó an muirear múchta.

Ceart morgáistí nó muirearóra chun príomhshuime a hurraíodh le morgáiste nó muirear ar mhaoin phearsanta a bheith múchta ar bheith caite don tréimhse le haghaidh caingean chun príomhshuim a ghnóthú.

39. —Ar bheith caite don tréimhse a socraítear leis an Acht seo chun morgáistí nó muirearóir do thionscnamh caingin chun príomhshuim a hurraíodh le morgáiste nó muirear ar mhaoin phearsanta (seachas long) a ghnóthú, beidh ceart an mhorgáistí nó an mhuirearóra chun na príomhshuime agus an úis múchta.

Tréimhse thórann i gcás caingean maidir le cearta pearsanta áirithe i dtalamh nó ina leith, mar shampla, ceart cothabhála, etc.

40. —Ní déanfar caingean i leith cirt de chineál liain ar luach airgid i dtalamh nó i leith talún ar feadh tréimhse tóranta nach sia ná saol, mar shampla, ceart cothabhála nó ceart cónaithe, nach ceart cónaithe eisiach i gcuid nó ar chuid shonraithe den talamh, a thionscnamh tar éis dhá bhliain déag a bheith caite ón dáta d'fhaibhrigh an ceart caingin.

Ceart pearsanta i dtalamh nó i leith talún, mar shampla, ceart cothabhála, etc., a bheith múchta ar bheith caite don tréimhse le haghaidh caingean i leith an chirt sin.

41. —Ar bheith caite don tréimhse a socraítear leis an Acht seo chun aon duine do thionscnamh caingin i leith cirt de chineál liain ar luach airgid i dtalamh nó i leith talún ar feadh tréimhse tóranta nach sia ná saol, mar shampla, ceart cothabhála nó ceart cónaithe, nach ceart cónaithe eiseach i gcuid nó ar chuid shonraithe den talamh, beidh an ceart sin múchta.

Srian le hús ar airnéismhorgáistí a ghnóthú faoi alt 26 den Acht Cairde Thalmhaíochta, 1947 .

42. —An tsuim i leith úis a bheas dlite ar scór airnéis-mhorgáiste (do réir bhrí an Achta Chairde Thalmhaíochta, 1947 ( Uimh. 14 de 1947 ) ), a deimhneofar in ordú faoi alt 26 den Acht sin, ní fholóidh sí aon ús d'fhaibhrigh chun bheith dlite níos mó ná sé bliana roimh dháta an orduithe.

Caingin maidir le maoin iontaobhais.

Tréimhse thórann i gcás caingean i gcoinne iontaobhaithe.

43. —(1) (a) Faoi réir ailt 44 den Acht seo, ní déanfar caingean, chun airgead nó maoin eile a ghnóthú nó d'aisghabháil nó mar gheall ar aon tsárú iontaobhais, caingean dá socraítear tréimhse thórann le haon fhoráil eile den Acht seo, a thionscnamh i gcoinne iontaobhaí, ná i gcoinne aon duine a bheas ag éileamh tríd, tar éis sé bliana a bheith caite ón dáta d'fhaibhrigh an ceart caingin.

(b) Chun críocha míre (a) den fho-alt seo, ní measfar ceart caingin d'fhaibhriú chun tairbhí ag a bhfuil teideal chun leasa thodhchaí i maoin iontaobhais go dtí go dtitfidh an leas chun seilbhe.

(2) Aon tairbhí a mbeadh cosaint mhaith ina choinne de bhuaidh an ailt seo, ní bhfaighidh sé ó bhreithiúnas nó ordú a fuair tairbhí eile aon tairbhe is mó ná mar d'fhéadfadh sé d'fháil ná thar mar d'fhéadfadh sé d'fháil dá mba é féin a thionscain an caingean agus gur pléideáladh an tAcht seo mar chosaint.

Ní háirítear caingin i gcoinne iontaobhaithe i gcásanna calaoise nó coinneála maoine iontaobhais.

44. —Ní bheidh feidhm ag aon tréimhse thórann a socraítear leis an Acht seo maidir le caingean i gcoinne iontaobhaí nó aon duine a bheas ag éileamh tríd i gcás—

(a) ina mbeidh an t-éileamh bunaithe ar aon chalaois nó sárú calaoiseach iontaobhais a raibh an t-iontaobhaí páirteach nó inpháirteach ann, nó

(b) gurb é atá san éileamh éileamh chun maoin iontaobhais d'aisghabháil atá á choimeád, nó na fáltais uaidh atá á gcoimeád, ag an iontaobhaí, nó a fuair an t-iontaobhaí roimhe sin agus a chomhshóigh sé chun a úsáide féin.

Caingin maidir le heastáit dhaoine éagtha.

Tréimhse thórann i gcás caingean chun eastát pearsanta dhao ne éagtha d'aisghabháil.

45. —(1) Faoi réir ailt 46 den Acht seo, ní déanfar aon chaingean i leith aon éilimh chun eastáit phearsanta dhuine éagtha nó chun aon scaire nó leasa san eastát sin, pé acu faoi uacht nó ar dhíthiomnacht é, a thionscnamh tar éis dhá bhliain déag a bheith caite ón dáta d'fhaibhrigh an ceart chun an scair nó an leas d'fháil.

(2) Faoi réir ailt 46 den Acht seo, ní déanfar aon chaingean chun riaráistí úis, nó damáistí i leith na riaráistí sin, a ghnóthú i leith aon leagáide a thionscnamh tar éis sé bliana a bheith caite ón dáta a tháinig an t-ús chun bheith dlite.

Ní háirítear caingin i gcoinne ionadaithe pearsanta i gcásanna calaoisc.

46. —Ní bheidh feidhm ag aon tréimhse thórann a socraítear leis an Acht seo maidir le caingean i gcoinne ionadaí phearsanta, ná aon duine a bheas ag éileamh tríd, i gcás an t-éileamh a bheith bunaithe ar aon chalaois a raibh an t-ionadaí pearsanta páirteach nó inpháirteach ann.

CUID III.

Fadú na dTréimhsí Tórann i gCás Míchumais, Admhála, Páirt-íocaíochta, Calaoise agus Dearmaid.

Caibidil I.

Léiriú.

Léiriú (Cuid III).

47. —Sa Chuid seo den Acht seo—

(a) folaíonn “fiach” aon leacht éileamh airgid;

ciallaíonn “fiach faoi urchosc reachta” fiach a bhfuil an tréimhse caite a socraítear leis an Acht seo chun caingean a thionscnamh lena ghnóthú;

ciallaíonn “comharba”—

(i) maidir le morgáistí—a ionadaithe pearsanta agus aon duine eile chun a gcineachfaidh cearta faoin morgáiste, pé acu ar bhás é nó ar fhéimheacht nó ar an maoin a dhiúscairt nó ar eastát nó leas tóranta i maoin shocraithe d'fhorceannadh nó ar shlí eile,

(ii) maidir le duine faoi dhliteanas i leith féich—a ionadaithe pearsanta agus aon duine eile chun a gcineachfaidh an dliteanas maidir leis an bhfiach, pé acu ar bhás é nó ar fhéimheacht nó ar an maoin a dhiúscairt nó ar eastát nó leas tóranta i maoin shocraithe d'fhorceannadh nó ar shlí eile;

(b) folóidh tagairtí do cheart caingin tagairtí—

(i) do chúis chaingin,

(ii) do cheart chun airgead d'fháil a hurraíodh trí mhorgáiste nó trí mhuirear ar aon mhaoin nó chun fáltais ó dhíol talún a ghnóthú,

(iii) do cheart chun scair nó leas in eastát pearsanta dhuine éagtha d'fháil;

(c) déanfar tagairtí do dháta faibhrithe cirt chaingin—

(i) i gcás caingean i leith cuntais—d'fhorléiriú mar thagairtí don dáta a tharla an t-ábhar ar ina leith a beifear ag éileamh cuntais,

(ii) i gcás caingean iar bhreithiúnas—d'fhorléiriú mar thagairtí don dáta a tháinig an breithiúnas chun bheith infheidhmithe,

(iii) i gcás caingean iar mhorgáiste breithiúnais— d'fhorléiriú mar thagairtí don dáta a tháinig an breithiúnas chun bheith infheidhmithe, agus ní don dáta a cláraíodh é mar mhorgáiste,

(iv) i gcás caingean chun riaráistí cíos-mhuirir, cíosa choinbhinsiúin, duair nó úis nó damáistí ina leith sin a ghnóthú—d'fhorléiriú mar thagairtí don dáta a tháinig na riaráistí chun bheith dlite;

(d) déanfar tagairtí do dhuine i seilbh talún—

(i) i gcás cíos-mhuirir, d'fhorléiriú mar thagairtí a fholaíos tagairtí do dhuine atá i seilbh na talún faoin muirear, ach nach n-íocann an cíos-mhuirear, agus

(ii) i gcás talamh (lena n-áirítear cíos-mhuirear) atá ar teachtadh faoi léas i scríbhinn a fhorcoimeádas cíos coinbhinsiúin bliantúil nach lú ná fiche scilling, d'fhorléiriú mar thagairtí a fholaíos tagairtí do dhuine adeir go héagórach go bhfuil teideal aige chun na talún i bhfrithdhílse agus sin ar feitheamh díreach ar an léas d'fhorceannadh agus a gheibh an cíos conbhinsiúin;

(e) déanfar tagairtí d'fhiach—

(i) i gcás cíos-mhuirir nó cíosa choinbhinsiúin, d'fhorléiriú mar thagairtí do ghála den chíosmhuirear nó den chíos coinbhinsiúin,

(ii) i gcás úis, d'fhorléiriú mar thagairtí do thráthchuid den ús;

(f) folóidh tagairtí do mhorgáistí atá, de bhuaidh an mhorgáiste, i seilbh aon talún morgáistithe, tagairtí do mhorgáistí a fuair seilbh ar an talamh morgáistithe do bhuaidh orduithe Chúirte.

Caibidil II.

Míchumas.

Duine faoi mhíchumas.

48. —(1) Chun críocha an Achta seo, beidh duine faoi mhíchumas an fhad—

(a) is naíon é, nó

(b) is duine mímheabhrach é, nó

(c) is pianseirbhí é faoi réir oibriú an Forfeiture Act, 1870, agus nár ceapadh aon riarthóir ná cúramaí ina chás faoin Acht sin.

(2) Chun críocha fo-ailt (1) den alt seo ach gan dochar dá ghinearáltacht, is toimhde dochloíte gur duine mímheabhrach duine atá á choinneáil de bhun aon achtacháin á údaraíos daoine mímheabhracha nó geilt choiriúla a choinneáil.

An tréimhse thórann d'fhadú i gcás míchumais.

49. —(1) (a) Más rud é, ar an dáta d'fhaibhrigh aon cheart caingin dá socraítear tréimhse thórann leis an Acht seo, go raibh an duine chun ar fhaibhrigh sé faoi mhíchumas, féadfar, faoi réir na bhforál ina dhiaidh seo den alt seo, an caingean a thionscnamh tráth ar bith sara mbeidh sé bliana caite ón dáta a scoir an duine de bheith faoi mhíchumas nó d'éag sé, pé acu is túisce a tharla, d'ainneoin an tréimhse thórann a bheith caite.

(b) Ní bhainfidh mír (a) den fho-alt seo le haon chás inar chun duine éigin (nár dhuine faoi mhíchumas) trína mbeidh an duine faoi mhíchumas ag éileamh d'fhaibhrigh an ceart caingin ar dtús.

(c) Más rud é, maidir le ceart caingin a bheas tar éis faibhriú chun dhuine faoi mhíchumas, go bhfaibhreoidh an ceart caingin sin, ar éag don duine sin agus é fós faoi mhíchumas, chun dhuine eile faoi mhíchumas, ní ceadófar aon fhadú eile ama de dhroim míchumais an dara duine.

(d) Ní dhéanfaidh duine ar bith aon chaingean acu seo a leanas—

(i) caingean chun talamh d'aisghabháil nó airgead a muirearaíodh ar thalamh a ghnóthú,

(ii) caingean ag eireadóir á éileamh go ndíolfar talamh,

(iii) caingean i leith cirt de chineál liain ar luach airgid i dtalamh nó i leith talún ar feadh tréimhse tóranta nach sia ná saol, mar shampla, ceart cothabhála nó ceart cónaithe, nach ceart cónaithe eisiach i gcuid nó ar chuid shonraithe den talamh,

a thionscnamh de bhuaidh míre (a) den fho-alt seo tar éis tríocha bliain a bheith caite ón dáta d'fhaibhrigh an ceart caingin chun an duine sin nó chun duine éigin trína mbeidh sé ag éileamh.

(e) Ní bhainfidh an t-alt seo le caingean chun pionós nó forghéilleadh, nó suim i modh pionóis nó forghéilleadh, is inghnóthuithe de bhuaidh aon achtacháin, a ghnóthú ach amháin nuair is é an páirtí eagóraithe a thionscnós an caingean.

(2) (a) I gcás caingin ag lorg damáistí mar gheall ar fhaillí, núis nó sárú dualgais (pé acu is dualgas é de bhuaidh conartha nó de bhuaidh forála arna déanamh le reacht, nó faoi reacht, nó ar leithligh ó aon chonradh nó aon fhoráil den tsórt sin) i gcás inarb é a bheas sna damáistí, nó ina bhfolóidh na damáistí, a bheas á n-éileamh ag an ngearánaí mar gheall ar an bhfaillí, an núis nó an sárú dualgais, damáistí i leith díobhála pearsanta d'aon duine—

(i) beidh éifeacht ag fo-alt (1) den alt seo amhail is dá gcuirtí na focail “trí bliana” in ionad na bhfocal “sé bliana”, agus

(ii) ní bheidh feidhm ag an alt seo mura gcruthaí an gearánaí nach raibh an duine faoin míchumas i gcoimeád tuiste nuair d'fhaibhrigh an ceart caingin chuige.

(b) Chun críocha míre (a) den fho-alt seo, ciallaíonn “tuiste”, maidir le duine faoi mhíchumas, a athair, a mháthair, a sheanathair, a sheanmháthair, a leasathair nó a leasmháthair, fiú más gaol neamhdhlisteanach nó gaol de dhroim uchtála faoin Acht Uchtála, 1952 (Uimh. 25 de 1952) , an gaol.

(3) I gcás caingean i leith damáistí mar gheall ar bhéadchaint, beidh éifeacht ag fo-alt (1) den alt seo amhail is dá gcuirtí na focail “trí bliana” in ionad na bhfocal “sé bliana”.

(4) I gcás—

(a) caingean chun suim a ghnóthú is inghnóthuithe ag tortóir faoi alt 4 nó 5 d'Acht na dTortóirí, 1951 (Uimh. 1 de 1951) , nó

(b) caingean chun pionós nó forghéilleadh, nó suim i modh pionóis nó forghéilleadh, a ghnóthú is inghnóthuithe de bhuaidh aon achtacháin agus gurb é an pairtí éagóraithe a thionscnós an caingean,

beidh “éifeacht ag fo-alt (1) den alt seo amhail is dá gcuirtí na focail dhá bhliain” in ionad na bhfocal “sé bliana”.

Caibidil III.

Admháil.

An bhrí atá le “admháil.”

50. —Sa Chaibidil seo, ciallaíonn “admháil” admháil faoi alt 51, 52, 53, 54, 55, 56 nó 57 den Acht seo arna déanamh do réir ailt 58 den Acht seo.

Athfhaibhriú cirt chaingin ar admháil (caingean chun talamh d'aisghabháil).

51. —(1) I gcás—

(a) ina mbeidh aon cheart caingin chun talamh d'aisghabháil tar éis faibhriú chun aon duine (seachas morgáistí) agus

(b) go n-admhóidh an duine i seilbh na talún teideal an duine chun a mbeidh an ceart caingin tar éis faibhriú,

measfar gur ar dháta na hadmhála agus nach roimhe sin d'fhaibhrigh an ceart caingin.

(2) Beidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo maidir le ceart caingin atá tar éis faibhriú chun duine agus teideal aige chun eastáit nó leasa a ghlacfas éifeacht ar eastát shainoidhrithe d'fhorceannadh agus an t-am ag rith air faoi alt 19 den Acht seo, agus ar an admháil a bheith déanta scoirfidh an t-alt sín d'fheidhm a bheith aige maidir leis an talamh.

Athfhaibhriú cirt chaingin ar admháil (caingean ag morgáistí chun talamh d'aisghabháil).

52. —I gcás—

(a) ina mbeidh ceart morgáistí thalún chun caingean a thionscnamh chun an talamh d'aisghabháil tar éis faibhriú, agus

(b) (i) go n-admhóidh an duine i seilbh na talún teideal an mhorgáistí chun na talún, nó

(ii) go n-admhóidh an duine i seilbh na talún, nó an duine faoi dhliteanas an fhéich mhorgáiste, an fiach,

measfar gur ar dháta na hadmhála agus nach roimhe sin d'fhaibhrigh an ceart caingin.

Athfhaibhriú cirt chaingin ar admháil (caingean ag eireadóir á éiléamh go ndíolfar talamh).

53. —I gcás

(a) ina mbeidh ceart eireadóra thalún chun caingean a thionscnamh á éileamh go ndíolfar an talamh tar éis faibhriú, agus

(b) go n-admhóidh an duine i seilbh na talún, nó an duine faoi dhliteanas an fhéich a hurraíodh leis an eire, an fiach.

measfar gur ar dháta na hadmhála agus nach roimhe sin d'fhaibhrigh an ceart caingin.

Eifeacht admhála ar cheart caingin chun talamh morgáistithe i seilbh an mhorgáistí d'fhuascailt.

54. —I gcás—

(a) ina mbeidh seilbh ag morgáistí, de bhuaidh an mhorgáiste, ar aon talamh morgáistithe, agus

(b) go n-admhóidh an morgáistí teideal an mhorgáisteora nó a chothromas fuascailte,

féadfar caingean chun an talamh i seilbh an mhorgáistí d'fhuascailt a thionscnamh tráth ar bith sara mbeidh dhá bhliain déag caite ó dháta na hadmhála.

Athfhaibhriú cirt chaingin ar admháil (caingean i leith cirt phearsanta i dtalamh nó i leith talún, mar shampla, ceart cothabhála, etc.).

55. —I gcás—

(a) ina mbeidh ceart caingin tar éis faibhriú maidir le ceart de chineál liain ar luach airgid i dtalamh nó i leith talún ar feadh tréimhse tóranta, nach sia ná saol, mar shampla, ceart cothabhála nó ceart cónaithe, nach ceart cónaithe eisiach i gcuid nó ar chuid shonraithe den talamh, agus

(b) go n-admhóidh an duine i seilbh na talún an ceart a luaitear sa dara háit anseo roimhe seo,

measfar gur ar dháta na hadmhála agus nach roimhe sin d'fhaibhrigh an ceart caingin.

Athfhaibhriú cirt chaingin ar admháil (caingean chun fiach a ghnóthú).

56. —(1) I gcás—

(a) ina mbeidh aon cheart caingin chun aon fhiach a ghnóthú tar éis faibhriú, agus

(b) go n-admhóidh an duine faoi dhliteanas ina leith an fiach,

measfar gur ar dháta na hadmhála agus nach roimhe sin d'fhaibhrigh an ceart caingin.

(2) I gcás—

(a) ina mbeidh ceart caingin mhorgáistí thalún chun an fiach morgáiste a ghnóthú tar éis faibhriú, agus

(b) go n-admhóidh an duine i seilbh na talún teideal an mhorgáisteora chun na talún,

measfar gur ar dháta na hadmhála agus nach roimhe sin d'fhaibhrigh an ceart caingin.

Athfhaibhriú cirt chaingin ar admháil (caingean ag éileamh éastáit phearsanta dhuine éagtha).

57. —I gcás—

(a) ina mbeidh aon cheart caingin tar éis faibhriú chun aon éileamh ar eastát pearsanta dhuine éagtha nó aon scair nó leas ann a ghnóthú, agus

(b) go n-admhóidh an duine a dhlíos cuntas a thabhairt ann an t-éileamh,

measfar gur ar dháta na hadmhála agus nach roimhe sin d'fhaibhrigh an ceart caingin.

Forála foirmiúla maidir le hadmháil.

58. —(1) Is i scríbhinn a bheas gach admháil agus ní foláir í a bheith sínithe ag an duine a dhéanfas an admháil.

(2) Aon admháil faoi alt 51, 52, 53, 54, 55, 56 nó 57 den Acht seo—

(a) féadfar í a thabhairt ag gníomhaire an duine ar a bhfuil de cheangal í a thabhairt faoi pé ceann de na hailt sin is infheidhme, agus

(b) bhéarfar í don duine nó do ghníomhaire an duine a bhfuil a theideal, a cheart, a chothromas fuascailte nó a éileamh (pé acu é) á admháil.

Eifeacht admhála ar dhaoine seachas an t-admháltóir nó an fáltóir.

59. —(1) Beidh admháil teidil chun aon talún ó aon duine i seilbh na talún sin ina ceangal ar gach duine eile i seilbh na talún sin i rith na tréimhse tórann ina dhiaidh sin.

(2) I gcás—

(a) dhá mhorgáistí talún nó níos mó a bheith i seilbh na talún de bhuaidh an mhorgáiste, agus

(b) gan ach morgáistí amháin (dá ngairmtear an t-admháltóir sa bhfo-alt seo) do thabhairt admhála ar theideal an mhorgáisteora nó ar a chothramas fuascailte,

beidh éifeacht ag na forála seo a leanas—

(i) ní bheidh an admháil ina ceangal ach ar an admháltóir agus a chomharbaí agus ní bheidh ina ceangal ar aon mhorgáistí eile ná a chomharbaí sin;

(ii) má bhíonn teideal ag an admháltóir chun cuid den talamh morgáistithe agus gan teideal aige chun aon choda fionnta den fhiach morgáiste, beidh teideal ag an morgáisteoir an chuid sin den talamh d'fhuascailt ar é d'íoc na coda den fhiach morgáiste, maraon le hús, a mbeidh an cothrom céanna idir í agus an fiach iomlán a bheas idir luach na coda sin den talamh agus luach na talún morgáistithe go léir.

(3) I gcás dhá mhorgáisteoir talún nó níos mó a bheith ann agus teideal nó ceart fuascailte morgáisteora amháin díobh a bheith admhaithe, measfar an admháil a bheith tugtha do na morgáisteoirí go léir.

(4) (a) Beidh admháil féich ina ceangal ar an admháltóir agus a chomharbaí, ach ní beidh ar aon duine eile.

(b) Ní bheidh admháil féich faoi urchosc reachta ina ceangal ar aon chomharba de chuid an admháltóra chun a gcineachfaidh an dliteanas ar fhorceannadh eastáit nó leasa roimhe sin i maoin faoi shocraíocht a ghlacfas éifeacht roimh dháta na hadmhála.

(5) In aon chás ina n-admhóidh ionadaí amháin d'ionadaithe pearsanta iomaí aon éileamh ar eastát pearsanta dhuine éagtha nó ar aon scair nó leas ann beidh an admháil sin ina ceangal ar eastát an duine éagtha.

Admháil a bheith saor ó dhleacht stampa.

60. —Ní measfar gur comhaontú do réir bhrí an Stamp Act, 1891, aon admháil.

Caibidil IV.

Páirt-íocaíocht.

An bhrí atá le “íocaíocht”.

61. —Sa Chaibidil seo, ciallaíonn “íocaíocht” íocaíocht arna déanamh, faoi alt 62, 63, 64, 65 nó 66 den Acht seo, do réir ailt 67 den Acht seo.

Athfhaibhriú cirt chaingin ar íocaíocht (caingean ag morgáistí chun talamh d'aisghabháil).

62. —I gcás—

(a) ina mbeidh ceart morgáistí thalún chun caingean a thionscnamh chun an talamh d'aisghabháil tar éis faibhriú, agus

(b) go ndéanfaidh an duine i seilbh na talún, nó an duine faoi dhliteanas an fiach morgáiste d'íoc, aon íocaíocht ina leith, pé acu íocaíocht phríomhshuime nó íocaíocht úis í,

measfar gur an dháta na híocaíochta agus nach roimhe sin d'fhaibhrigh an ceart caingin.

Athfhaibhriú cirt chaingin ar íocaíocht (caingean ag eireadóir á éileamh go ndíolfar talamh).

63. —I gcás—

(a) ina mbeidh ceart eireadóra thalún chun caingean a thionscnamh á éileamh go ndíolfar talamh tar éis faibhriú, agus

(b) go ndéanfaidh an duine i seilbh na talún, nó an duine faoi dhliteanas an fhéich a hurraíodh leis an eire, aon íocaíocht ina leith, pé acu íocaíocht phríomhshuime nó íocaíocht úis í,

measfar gur ar dháta na híocaíochta agus nach roimhe sin d'fhaibhrigh an ceart caingin.

Eifeacht íocaíochta ar cheart caingin chun talamh morgáistithe i seilbh mhorgáistí d'fhuascailt.

64. —I gcás—

(a) morgáistí a bheith i seilbh aon talún morgáistithe de bhuaidh an mhorgáiste, agus

(b) an morgáistí d'fháil aon íocaíochta ón morgáisteoir i leith príomhshuime nó úis an fhéich mhorgáiste,

féadfar caingean chun an talamh i seilbh an mhorgáistí d'aisghabháil a thionscnamh tráth ar bith sara mbeidh dhá bhliain déag caite ó dháta na híocaíochta.

Athfhaibhriú cirt chaingin ar íocaíocht (caingean chun fiach a ghnóthú).

65. —(1) I gcás—

(a) aon cheart caingin chun aon fhiach a ghnóthú a bheith tar éis faibhriú, agus

(b) an duine faoi dhliteanas ina leith do dhéanamh aon íocaíochta ina leith,

measfar gur ar dháta na híocaíochta agus nach roimhe sin d'fhaibhrigh an ceart caingin.

(2) Chun críocha na Caibidle seo, déanfar íocaíocht úis go hiomlán nó go páirteach d'áireamh mar íocaíocht i leith an phríomhfhéich.

Athfhaibhriú cirt chaingin ar íocaíocht (caingean ag éileamh eastáit phearsanta dhuine éagtha).

66. —I gcás—

(a) ina mbeidh aon cheart caingin tar éis faibhriú chun aon éileamh ar eastát pearsanta dhuine éagtha nó aon scair nó leas ann a ghnóthú, agus

(b) go ndéanfaidh an duine a dhlíos cuntas a thabhairt ann aon íocaíocht ina leith,

measfar gur ar dháta na híocaíochta agus nach roimhe sin d'fhaibhrigh an ceart caingin.

Forála foirmiúla maidir le híocaíocht.

67. —Aon íocaíocht faoi alt 62, 63, 64, 65 nó 66 den Acht seo—

(a) féadfar í a dhéanamh ag an duine ar a mbeidh de cheangal í a dhéanamh faoi pé ceann de na hailt sin is infheidhme, agus

(b) déanfar í leis an duine, nó le gníomhaire an duine, ar i leith a éilimh a beifear ag déanamh na híocaíochta.

Eifeacht íocaíochta ar dhaoine seachas an t-íocóir nó an fáltóir.

68. —(1) Beidh íocaíocht i leith féich mhorgáiste ón morgáisteoir, nó ó aon duine i seilbh na maoine morgáistithe, ina ceangal, chomh fada agus bhaineas le haon cheart de chuid an mhorgáistí chun an mhaoin d'aisghabháil, ar na daoine uile a bheas i seilbh na maoine morgáistithe i rith na tréimhse tórann ina dhiaidh sin.

(2) I gcás—

(a) dhá mhorgáistí talún nó níos mó a bheith i seilbh na talún de abhudih an mhorgáiste, agus

(b) gan ach morgáistí amháin díobh (dá ngairmtear an fáltóir sa bhfo-alt seo) d'fháil aon íocaíochta i leith príomhshuime nó úis an fhéich mhorgáiste,

beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:—

(i) ní bheidh an íocaíocht ina ceangal ach amháin ar an bhfáltóir agus a chomharbaí agus ní bheidh sí ina ceangal ar aon mhorgáistí eile ná a chomharbaí sin;

(ii) má bhíonn teideal ag an bhfáltóir chun coda den talamh morgáistithe agus gan teideal aige chun aon choda fionnta den fhiach morgáiste, beidh teideal ag an morgáisteoir an chuid sin den talamh d'fhuascailt ar é d'íoc na coda den fhiach morgáiste, maraon le hús, a raibh idir í agus an fiach iomlán, díreach sara bhfuair an fáltóir an íocaíocht dá dtagartar i mír (b) den fho-alt seo, an cothrom céanna a bhí idir luach na coda sin den talamh agus luach iomlán na talún, lúide méid na híocaíochta.

(3) I gcás ina mbeidh dhá mhorgáisteoir talún nó níos mó ann agus go n-íocfaidh morgáisteoir díobh leis an morgáistí, agus é i seilbh na talún, aon tsuim i leith príomhshuime nó úis an fhéich mhorgáiste, measfar an íocaíocht a bheith arna déanamh ag na morgáisteoirí uile.

(4) (a) Faoi réir míre (b) den fho-alt seo, beidh íocaíocht a déanfar i leith aon fhéich ina ceangal ar gach duine a bhí faoi dhliteanas ina leith.

(b) Ní bheidh íocaíocht i leith féich faoi urchosc reachta ina ceangal—

(i) ar aon duine seachas an duine a dhéanfas an íocaíocht agus a chomharbaí, ná

(ii) ar aon chomharba chun a gcineachfaidh an dliteanas ar fhorceannadh eastáit nó leasa roimhe sin i maoin faoi shocraíocht a ghlacfas éifeacht roimh dháta na híocaíochta.

(5) In aon chás ina ndéanfaidh ionadaí pearsanta amháin d'ionadaithe pearsanta iomaí íocaíocht i leith aon éilimh ar eastát pearsanta dhuine éagtha, beidh an íocaíocht sin ina ceangal ar eastát an duine éagtha.

Leithreasú íocaíochta i leith fiach.

69. —(1) Más rud é—

(a) go mbeidh uimhir fiach ann, agus

(b) go ndéanfaidh an duine faoi dhliteanas ina leith (dá ngairmtear an féichiúnaí san alt seo) aon íocaíocht, pé acu ar cuntas é nó go ginearálta, leis an duine ag a bhfuil sé faoi dhliteanas (dá ngairmtear an creidiúnaí san alt seo), agus

(c) nach ndéanfaidh an féichiúnaí ná an creidiúnaí an tsuim a híocadh a leithreasú chun aon fhéich nó fiach áirithe,

beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:—

(i) más fiacha nach bhfuil faoi urchosc reachta cuid de na fiacha nó iad go léir, ansin, chun críocha na Caibidle seo, measfar, mura dtugann na himthosca faoina ndearnadh í a mhalairt le fios, an íocaíocht a bheith arna leithreasú pari passu i leith gach ceann de na fiacha nach fiacha faoi urchosc reachta;

(ii) más fiacha faoi urchosc reachta na fiacha go léir, ansin, chun críocha na Caibidle seo, measfar, mura dtuga na himthosca faoina ndearnadh í a mhalairt le fios, an íocaíocht a bheith arna leithreasú pari passu i leith gach ceann de na fiacha.

(2) Ní oibreoidh aon ní i bhfo-alt (1) den alt seo, i gcás nach ndéanfaidh an féichiúnaí leithreasú, chun an creidiúnaí a chosc ó íocaíocht a rinneadh ar cuntas nó go ginearálta a leithreasú chun féich nó fiach áirithe nó chun na bhfiach uile (pé acu is fiacha urchosc reachta iad nó nach ea), ach ní oibreoidh an leithreasú sin, de bhrí amháin gurb é an creidiúnaí a rinne é, le híocaíocht chun críocha na Caibidle seo, i leith an fhéich nó na bhfiach sin, a dhéanamh den íocaíocht, mura dtuga na himthosca ina ndearna an féichiúnaí an íocaíocht é sin le fios.

(3) Má tharlaíonn, faoi alt 16 den Land Law (Ireland) Act, 1896, go n-íocfaidh tionónta a mbeifear tar éis eisiachtaint a thionscnamh ina choinne cíos dhá bhliain, ansin, chun críocha na Caibidle seo, measfar, mura dtuga na himthosca faoina ndearnadh an íocaíocht a mhalairt le fios, gur íocaíocht í i leith na riaráistí go léir nach fiacha faoi urchosc reachta ar dháta na n-imeacht san eisiachtaint a thionscnamh.

Gan formhuiniú íocaíochta ag creidiúnaí a bheith ina fhianaise ar íocaíocht.

70. —Ní measfar aon fhormhuiniú nó meabhrán i dtaobh aon íocaíochta, a scríobh an páirtí lena ndearnadh an íocaíocht sin nó a scríobhadh thar a cheann ar aon bhille malairte nó nóta geallúna, a bheith ina fhianaise ar an íocaíocht sin chun críocha na Caibidle seo.

Caibidil V.

Calaois agus dearmad.

An tréimhse thórann a chur siar i gcás calaoise.

71. —(1) Más rud é, i gcás caingin dá socaírtear tréimhse thórann leis an Acht seo—

(a) go mbeidh an caingean bunaithe ar chalaois an chosantóra nó a ghníomhaire nó ar chalaois aon duine trína mbeidh sé ag éileamh nó ar chalaois ghníomhaire an duine sin, nó

(b) go gceilfear an ceart caingin trí chalaois aon duine den tsórt sin,

ní thosnóidh an tréimhse thórann ar rith go dtí go bhfionna an gearánaí an chalaois nó go dtí go bhféadfadh sé ó dhúthracht réasúnach í d'fhionnadh.

(2) Ní chumasóidh aon ní i bhfo-alt (1) den alt seo caingean a thionscnamh chun aon mhaoin d'aisghabháil a ceannaíodh ar chomaoin luachmhar ag duine nár pháirtí sa chalaois agus nárbh eol dó, nó nach raibh réasún aige a chreidiúint, nuair a rinneadh an ceannach, go ndearnadh aon chalaois, nó aon mhuirear a chur i bhfeidhm i gcoinne na maoine sin nó aon idirbheart a bhaineas léi a chur ar ceal.

An tréimhsc thórann a chur siar i gcás dearmaid.

72. —(1) Más rud é, i gcás aon chaingin dá socraítear tréimhse thórann leis an Acht seo, gur caingean é d'iarraidh faoisimh ó iarmairt dearmaid, ní thosnóidh an tréimhse thórann ar rith go dtí go bhfionna an gearánaí an dearmad nó go dtí go bhféadfadh sé é ó dhúthracht réasúnach é d'fhionnadh.

(2) Ní chumasóidh aon ní i bhfo-alt (1) den alt seo caingean a thionscnamh chun aon mhaoin d'aisghabháil a ceannaíodh ar chomaoin luachmhar, tar éis an idirbhirt ina ndearnadh an dearmad, ag duine nárbh eol dó nó nach raibh réasún aige a chreidiúint go ndearnadh an dearmad, nó aon mhuirear a chur i bhfeidhm i gcoinne na maoine sin nó aon idirbheart a bhaineas léi a chur ar ceal.

CUID IV.

Feidhm an Achta seo, agus Achtachán Eile i dTaobh Tréimhsí Tórann, Maidir le hEadrána.

Léiriú (Cuid IV).

73. —Sa Chuid seo den Acht seo—

ciallaíonn “an Chúirt” an Ard-Chúirt.

Tosach eadrána.

74. —(1) Chun críocha an Achta seo agus aon achtacháin eile i dtaobh tréimhsí tórann, measfar eadráin do thosnú nuair a dhéanas páirtí amháin sa chomhaontú eadrána fógra a scríbhinn a sheirbheáil ar an bpáirtí nó ar na páirtithe eile á cheangal air nó orthu eadránaí a cheapadh nó comhthoiliú lena cheapadh nó, i gcás dá bhforálann an comhaontú eadrána gur chun eadrána ag duine a hainmnítear nó a sonraítear sa chomhaontú a cuirfear an díospóid, á cheangal air nó orthu an díospóid a chur chun eadrána ag duine a hainmnítear nó a sonraítear amhlaidh.

(2) (a) Féadfar fógra faoi fho-alt (1) den alt seo a sheirbheáil—

(i) trína sheachadadh don duine ar a bhfuil sé le seirbheáil,

(ii) trína fhágáil san áit sa Stát ina bhfuil gnáthchónaí ar an duine sin nó gnó á sheoladh aige,

(iii) trína chur leis an bpost cláraithe i gclúdach faoi sheoladh an duine sin chun na háite sa Stát ina bhfuil gnáthchónaí air nó gnó á sheoladh aige,

(iv) ar aon tslí eile dá bhforáltar sa chomhaontú eadrána.

(b) Chun críocha an fho-ailt seo, measfar gnó a bheith á sheoladh ag cuideachta atá cláraithe faoi na hAchta Cuideachtan, 1908 go 1924, ina hoifig chláraithe sa Stát agus measfar gnó a bheith á sheoladh ag gach comhlacht corpraithe eile agus ag gach comhlacht neamhchorpraithe ina phríomhoifig nó ina phríomháit ghnótha sa Stát.

Feidhm an Achta seo, agus achtachán eile i dtaobh tréimhsí tórann, maidir le headrána.

75. —Bainfidh an tAcht seo, agus aon achtacháin eile i dtaobh tréimhse tórann, le headrána mar bhainid le caingin sa Chúirt.

Faibhriú cúise caingin i gcás nach mór dámhachtain faoi chomhaontú sara dtionscnófar an caingean.

76. —D'ainneoin aon téarma i gcomhaontú eadrána darb éifeacht nach bhfaibhreoidh aon chúis chaingin maidir le haon ní is gá do réir an chomhaontuithe a chur chun eadrána go dtí go ndéanfar dámhachtain faoin gcomhaontú, measfar, chun críocha an Achta seo agus aon achtacháin eile i dtaobh tréimhsí tórann (pé acu ina bhfeidhm maidir le headrána nó le himeachta eile é), cúis chaingin d'fhaibhriú maidir le haon ní den tsórt sin an tráth d'fhaibhreodh sí mura mbeadh an téarma sin sa chomhaontú.

Cumhacht na Cúirte chun tréimhse d'fhadú má chuireann sí dámhachtain ar ceal nó má ordaíonn sí go scoirfidh eadráin d'éifeacht a bheith aici.

77. —Má ordaíonn an Chúirt dámhachtain a chur ar ceal nó má ordaíonn sí, tar éis eadráin a thosnú, go scoirfidh an eadráin d'éifeacht a bheith aici maidir leis an díospóid a cuireadh chun cadrána, féadfaidh an Chúirt a ordú ina theannta sin go bhfágfar an tréimhse idir tosnú na headrána agus dáta an orduithe ón gCúirt gan áireamh nuair a beifear ag ríomh na tréimhse a socraítear leis an Acht seo, nó le haon achtachán eile i dtaobh tréimhsí tórann chun na himeachta (ar a n-áirítear eadráin) maidir leis an díospóid a cuireadh chun eadrána a thionscnamh.

Feidhm Choda IV maidir le headrána faoi Achta eile.

78. —Bainfidh an Chuid seo den Acht seo le headráin faoi Acht i dteannta eadrána de bhun comhaontuithe eadrána, agus beidh éifeacht ag alt 74 den Acht seo, maidir le headráin faoi Acht, amhail is dá gcuirtí, in ionad na dtagairtí don chomhaontú eadrána, tagairtí do pé cinn d'fhorála an Achta, nó aon orduithe, scéime, rialacha, rialachán nó fo-dhlithe faoin Acht, a bhaineas leis an eadráin.

Cosaint d'achtacháin eile a bhaineas le tréimhsí tórann i gcásanna eadrána.

79. —Ní bhainfidh an tAcht seo—

(a) le haon eadráin dá bhfuil tréimhse thórann socair le haon achtachán eile, ná

(b) le haon eadráin ina bhfuil údarás Stáit ina pháirtí agus a mbeadh, dá mba dhuine príobháideach an t-údarás Stáit sin, tréimhse thórann socair dó le haon achtachán eile.

Eadrána ar feitheamh ar an dáta feidhme.

80. —Ní dhéanfaidh aon ní san Acht seo difir d'eadráin a tosnaíodh roimh an dáta feidhme ná don teideal chun aon mhaoine is ábhar d'aon eadráin den tsórt sin.

AN SCEIDEAL.

Achtacháin a hAthghairmtear.

Alt 9 .

Cuid I.

Achta ó Pharlaimint na hÉireann.

Siosón agus Caibidil.

Teideal.

Méid na hAthghairme.

(1)

(2)

(3)

6 Ann. c. 10 (Ir.).

An Act for the amendment of the law and the better advancement of justice. (1707).

Alt 17, sa mhéid nach bhfuil sé athghairmthe.

8 Geo. 1, c. 4 (Ir.).

An Act for the more effectual quieting of possessions, and preventing vexatious suits at law. (1721).

An tAcht iomlán, sa mhéid nach bhfuil sé athghairmthe.

Cuid II.

Achta ó Pharlaiment Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann a bhí ann roimhe seo.

Siosón agus Caibidil.

Gearrtheideal nó (mura bhfuil sin air) Teideal.

Méid na hAthghairme.

(1)

(2)

(3)

48 Geo. 3. c. 47.

The Crown Claims Limitation (Ireland) Act, 1808.

An tAcht iomlán.

9 Geo. 4. c. 14.

The Statute of Frauds Amendment Act, 1828.

Ailt 1, 3, 4, sa mhéid nach bhfuilid athghairmthe, agus alt 8.

3 & 4 Will. 4. c. 27.

The Real Property Limitation Act, 1833.

An tAcht iomlán, sa mhéid nach bhfuil sé athghairmthe.

7 Will. 4 & 1 Vic. c. 28.

The Real Property Limitation Act, 1837.

An tAcht iomlán.

3 & 4 Vic. c. 105.

The Debtors (Ireland) Act, 1840.

Ailt 32 go 36, sa mhéid nach bhfuilid athghairmthe.

5 & 6 Vic. c. 97.

The Limitation of Actions and Costs Act, 1842.

Alt 5.

6 & 7 Vic. c. 54.

The Limitation of Actions Act, 1843.

An tAcht iomlán, sa mhéid nach bhfuil sé athghairmthe.

7 & 8 Vic. c. 27.

Acht a dtosnaíonn a theideal leis na focail—” An Act to explain and amend an Act of the last Session of Parliament intituled an Act for extending to Ireland” agus a chríochnaíos leis na focail— “and to explain and amend the said Act”. (1844).

An tAcht iomlán, sa mhéid nach bhfuil sé athghairmthe.

14 & 15 Vic. c. 93.

The Petty Sessions (Ireland) Act, 1851.

Mír 4 d'alt 10, ach amháin sa mhéid go mbaineann sé le himeachta achomaire de chineál choiriúil sa Chúirt Dúiche.

16 & 17 Vic. c. 113.

The Common Law Procedure Amendment Act (Ireland), 1853.

Ailt 20 go 27.

19 & 20 Vic. c. 97.

The Mercantile Law Amendment Act, 1856.

Ailt 9 go 14.

22 Vic. c. 14.

The Manor Courts Abolition (Ireland) Act, 1859.

An tAcht iomlán.

23 & 24 Vic. c. 38.

The Law of Property Amendment Act, 1860.

Alt 13.

33 & 34 Vic. c. 46.

The Landlord and Tenant (Ireland), Act, 1870.

In alt 50, na focail “No arrears of any annuity charged on land in pursuance of this Act shall be recoverable after the expiration of two years from the date at which the sum in arrear became due;”.

37 & 38 Vic. c. 57.

The Real Property Limitation Act, 1874.

An tAcht iomlán.

39 & 40 Vic. c. 37.

The Nullum Tempus (Ireland) Act, 1876.

An tAcht iomlán.

40 & 41 Vic. c. 57.

The Supreme Court of Judicature Act (Ireland), 1877.

Fo-alt (2) d'alt 28.

47 & 48 Vic, c. 71.

The Intestates Estates Act, 1884.

In alt 3, na focail “within the same time and”.

51 & 52 Vic. c. 59.

The Trustee Act, 1888.

An tAcht iomlán, sa mhéid nach bhfuil sé athghairmthe.

6 Edw. 7 c. 28.

The Crown Lands Act, 1906.

Alt 9.

Cuid III.

Achta ó Oireachtas Shaorstáit Éireann.

Uimhir agus Bliain.

Gearrtheideal.

Méid na hAthghairme.

(1)

(2)

(3)

Uimh. 27 de 1924 .

An tAcht Airgid, 1924 .

Fo-alt (2) d'alt 38, sa mhéid go bhfuil sé ar neamhréir leis an Acht seo.

Uimh. 36 de 1933 .

Acht na nIasachtaithe Airgid, 1933 .

I mír (c) d'fho-alt (1) d'alt 19, an focal “agus” i ndeireadh na míre; mír (d) d'fho-alt (1) d'alt 19.

Cuid IV.

Achta den Oireachtas.

Uimhir agus Bliain.

Gearrtheideal.

Méid na nAthghairme.

(1)

(2)

(3)

Uimh. 26 de 1939 .

An tAcht Talún, 1939.

Alt 6, sa mhéid go bhfuil sé ar neamhréir leis an Acht seo.

Uimh. 18 de 1954 .

An tAcht Cosanta, 1954 .

Alt 311, sa mhéid go bhfuil sé ar neamhréir leis an Acht seo.

Uimh. 26 de 1954 .

An tAcht Eadrána, 1954 .

I bhfo-alt (1) d'alt 2, an míniú ar an abairt “reachta na dtréimhsí”; i bhfo-alt (1) d'alt 3 na focail “agus chun críche reacht na dtréimhsí amhail mar bhainid le headrána”; ailt 42 go 44.