|
||||
|
[EN] | ||
Uimhir 10 de 1957. | ||
[EN] |
AN tACHT FORBARTHA MÓNA, 1957. | |
[An tiontó oifigiúil.] |
ACHT DO THABHAIRT TUILLEADH CUMHACHT DO BHORD NA MÓNA CHUN AIRGEAD D'FHÁIL AR IASACHT AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEAS LEIS SIN. [12 Meitheamh, 1957.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— | ||
[EN] |
Cumhachta an Bhoird chun airgead d'fháil ar iasacht lena fheidhmeanna a chomhlíonadh. |
1. —(1) Féadfaidh an Bord, le toiliú an Aire Airgeadais agus an Aire, chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh, airgead d'fháil ar iasacht trí stoc nó urrúis de chineálacha eile a chruthú a heiseofar, a haistreofar, a riarfar agus a fuasclófar i pé slí agus ar pé téarmaí agus coinníollacha a chinnfeas an Bord leis an toiliú adúradh. |
[EN] | (2) Is cead go mbeadh ar na téarmaí ar a bhféadfar airgead d'fháil ar iasacht faoin alt seo forála ag muirearú an airgid agus an úis air ar an maoin uile, pé cineál í, a bheas dílsithe sa Bhord de thuras na huaire nó ar aon mhaoin áirithe leis an mBord agus forála ag leagadh síos tosaíochta na muirear sin ar a chéile agus a dtosaíochta i leith muirear in aghaidh airleacan a rinneadh chun an Bhoird, roimh an Acht seo a rith nó dá éis, as an bPríomh-Chiste, agus féadfaidh na téarmaí sin a fhoráil, d'ainneoin aon ní contrártha dhó sin in aon achtachán, go bhféadfaidh aon mhuirear i leith airgid a gheofar ar iasacht faoin alt seo tosach a bheith aige ar mhuirir i leith airleacan den tsórt sin nó a bheith ar aon-chéim leo. | |
[EN] | (3) Ní raghaidh an méid iomlán a gheofar ar iasacht faoin alt seo thar dhá mhilliún punt. | |
[EN] | (4) Ní raghaidh iomlán na suimeanna a hairleacfar chun an Bhoird faoi alt 53 den Acht Forbartha Móna, 1946 ( Uimh. 10 de 1946 ), agus aon airgid a gheofar ar iasacht faoin alt seo thar cheithre mhilliún déag punt. | |
[EN] |
An tAire Airgeadais do thabhairt frithgheallúna i leith eisiúna stoic. |
2. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais, ar pé coinníollacha is cuí leis, a chomhaontú leis an mBord, má bhíonn aon stoc leis an mBord, a beifear ar tí a thairiscint aon tráth áirithe lena shuibscríobh, gan glacadh ag an bpobal i gceann tréimhse sonraithe, go nglacfaidh sé an stoc sin nó cion sonraithe éigin de agus go n-íocfaidh as. |
[EN] | (2) Is ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis a bheas muirear agus íoc an airgid go léir a theastós ó am go ham faoi chomhair íocaíochtaí is gá don Aire Airgeadais a dhéanamh leis an mBord i leith aon stoic a ghlacfas sé faoin Acht seo. | |
[EN] |
Urrúis a ráthú. |
3. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais a ráthú, i pé slí agus foirm agus ar pé téarmaí agus coinníollacha is cuí leis, go n-aisíocfaidh an Bord go cuí aon airgead a gheobhas an Bord ar iasacht faoi alt 1 den Acht seo agus féadfaidh feidhm a bheith, freisin, ag an ráthaíocht sin le hús ar an airgead sin d'íoc. |
[EN] | (2) Is as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis a hairleacfar an t-airgead go léir a theastós ón Aire Airgeadais ó am go ham chun suimeanna d'íoc a bheas iníoctha faoi aon ráthaíocht a thug sé faoin alt seo. | |
[EN] | (3) Aisíocfaidh an Bord leis an bPríomh-Chiste, laistigh de dhá mhí dhéag ó dháta an airleacain, aon airleacain as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis chun críche an ailt seo (maraon le hús orthu do réir pé rátaí a cheapfas an tAire Airgeadais). | |
[EN] | (4) Má bhíonn iomlán na n-airleacan as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis chun críche an ailt seo, nó aon chuid díobh, gan aisíoc ag an mBord leis an bPríomh-Chiste do réir fo-ailt (3) den alt seo, aisíocfar leis an bPríomh-Chiste as airgead a sholáthrós an tOireachtas an méid a bheas gan aisíoc amhlaidh. | |
[EN] | (5) Má sholáthraíonn an tOireachtas airgead faoi fho-alt (4) den alt seo, ní dhíolmhóidh sin an Bord ó bheith faoi dhliteanas méid iomlán aon airleacain a rinneadh faoi fho-alt (2) den alt seo, maraon le hús air do réir an ráta a cheap an tAire Airgeadais, d'aisíoc leis an bPríomh-Chiste, agus déanfaidh an Bord an t-aisíoc sin pé trátha agus i pé tráthchoda a cheapfas an tAire Airgeadais. | |
[EN] |
Ráiteas bliantúil i dtaobh ráthaíochtaí. |
4. —Leagfaidh an tAire Airgeadais faoi bhráid gach Tí den Oireachtas, a luaithe is féidir tar éis deireadh gach bliana airgeadais, ráiteas ina luafar i gcás gach ráthaíochta a tugadh faoi alt 3 den Acht seo i rith na bliana sin nó a tugadh aon uair roimh thosach na bliana sin agus a bhí i bhfeidhm ina tosach— |
[EN] | (a) sonraí na ráthaíochta, | |
[EN] | (b) má rinne an tAire aon íocaíocht faoin ráthaíocht roimh dheireadh na bliana sin, méid na híocaíochta agus an méid a haisíocadh (má haisíocadh) leis an Aire de bhun na híocaíochta, | |
[EN] | (c) an méid den phríomhshuim atá gan íoc ag deireadh na bliana sin agus atá faoi réim na ráthaíochta. | |
[EN] |
Urrúis an Bhoird a bheith ina n-urrúis iontaobhais. |
5. —Measfar aon urrús a cruthófar faoi alt 1 den Acht seo a bheith ar áireamh ar na hurrúis ina bhféadfaidh iontaobhaithe cistí iontaobhais d'infheistiú faoi chumhachta ailt 1 den Trustee Act, 1893. |
[EN] |
Ciste Fuascailte. |
6. —(1) Tar éis dó soláthar a dhéanamh le haghaidh íoc úis ar urrúis a bheas cruthaithe faoi alt 1 den Acht seo agus le haghaidh muirear seasta agus oblagáidí eile, cuirfidh an Bord de leataobh ó am go ham pé suimeanna is cuí leis chun ciste a bhunú le haon urrús d'fhuascailt is infhuascailte in airgead, go páirteach nó go hiomlán, do réir coinníollacha a eisiúna. |
[EN] | (2) Féadfaidh an Bord suimeanna ar bith a cuirfear de leataobh faoin alt seo agus an t-ioncam astu d'infheistiú— | |
[EN] | (a) i pé urrúis a mbeidh údaraithe le dlí de thuras na huaire cistí iontaobhais d'infheistiú iontu agus is cuí leis an mBord tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais; | |
[EN] | (b) i pé urrúis eile a bheas ceadaithe chuige sin de thuras na huaire ag an Aire Airgeadais agus is cuí leis an mBord. | |
[EN] | (3) (a) Úsáidfear na suimeanna go léir a cuirfear de leataobh faoin alt seo, maraon leis an ioncam astu, chun nó i leith fuascailte aon urrúis, ar bheith aibidh dó, ar cuireadh de leataobh iad lena fhuascailt nó, más cuí leis an mBord, féadfar iad d'úsáid chun aon urrús den tsórt sin a cheannach agus díscríobhfar agus cealófar aon urrús a ceannófar amhlaidh. | |
[EN] | (b) Ach amháin le haontú an Aire Airgeadais, ní cheannóidh an Bord faoin bhfo-alt seo aon urrús ar phraghas is mó ná a gcomhshuim seo a leanas— | |
[EN] | (i) praghas fuascailte an urrúis, agus | |
[EN] | (ii) aon ús a bheas dlite ar an urrús ar dháta a cheannuithe agus is iníoctha leis an gceannaitheoir. | |
[EN] |
Airgead barrachais d'infheistiú. |
7. —Féadfaidh an Bord, le toiliú an Aire Airgeadais agus an Aire, aon airgead a bheas faoina réir, agus nach mbeidh ag teastáil uaidh de thuras na huaire chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh, d'infheistiú i pé urrúis is cuí leis an Aire Airgeadais. |
[EN] |
Díbhinní, etc., d'íoc isteach sa Stát-Chiste. |
8. —Íocfar isteach sa Stát-Chiste na díbhinní, na bónais agus an t-airgead eile go léir a gheobhas an tAire Airgeadais i leith stoic leis an mBord a bheas ina sheilbh. |
[EN] |
Cumhachta an Aire Airgeadais i leith stoic ina sheilbh. |
9. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais an stoc a shuibscríobh sé faoin Acht seo a choinneáil ina sheilbh chomh fada agus is cuí leis agus féadfaidh, mar is cuí leis agus nuair is cuí leis, an stoc sin go léir nó aon chuid de a dhíol. |
[EN] | (2) Íocfar isteach sa Stát-Chiste na glan-fháltais as díol aon stoic ag an Aire Airgeadais. | |
[EN] |
Airgead a sholáthar faoi chomhair íocaíochtaí as an bPríomh-Chiste. |
10. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais, chun soláthar a dhéanamh le suimeanna d'íoc as an bPríomh-Chiste faoin Acht seo nó leis na suimeanna go léir a híocadh amhlaidh, nó aon chuid díobh, d'aisíoc leis an gCiste sin, nó le haon urrúis a heisíodh faoin alt seo a ghlanadh, a mhéid nach bhfuil soláthar déanta ar shlí eile ina leith sin, airgead d'fháil ar iasacht trí pé urrúis is cuí leis d'eisiúint, agus íocfar isteach sa Stát-Chiste na suimeanna go léir a gheofar ar iasacht amhlaidh. |
[EN] | (2) Is ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis a bheas muirear agus íoc príomhshuime agus úis na n-úrrús uile a heiseofar faoin alt seo. | |
[EN] |
Airgead d'fháil ar iasacht go sealadach. |
11. —(1) Féadfaidh an Bord pé suimeanna d'fháil ar iasacht go sealadach a theastós uaidh chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh. |
[EN] | (2) Ní fheidhmeoidh an Bord a chumhachta i slí go mbeidh a fhiachas iomlán, i leith airgead d'fháil ar iasacht go sealadach, níos mó, aon uair, ná pé suim a bheas údaraithe ag an Aire le ceadú an Aire Airgeadais. | |
[EN] | (3) Athghairmtear leis seo alt 58 den Acht Forbartha Móna, 1946 ( Uimh. 10 de 1946 ). | |
[EN] |
Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua. |
12. —(1) Féadfar an tAcht Forbartha Móna, 1957 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Forléireofar na h Achta Forbartha Móna, 1946 go 1953, agus an tAcht seo le chéile mar aon Acht amháin, agus féadfar na h Achta Forbartha Móna, 1946 go 1957, a ghairm díobh le chéile. |