|
||||
|
[EN] | ||
Uimhir 16 de 1957. | ||
[EN] |
AN tACHT SLÁINTE AGUS CÓIREÁLA MEABHAIR-GHALAR, 1957. | |
[An tiontó oifigiúil.] |
ACHT DO LEASÚ AN ACHTA SHLÁINTE, 1953, AGUS AN ACHTA CHÓIREÁLA MEABHAIR-GHALAR, 1945. | ||
[18 Iúil, 1957.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— | ||
[EN] |
An tAcht Sláinte, 1953 , a leasú. |
1. —(1) Leasaítear leis seo alt 15 den Acht Sláinte, 1953 ( Uimh. 26 de 1953 )— |
[EN] | (a) trí “deich scillinge” a chur in ionad “sé scillinge” i bhfo-alt (4), agus | |
[EN] | (b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fo-ailt (5): | |
[EN] | “(5) (a) Cuirfear seirbhísí sainliachta faoi fho-alt (1) den alt seo ar fáil in aisce do na daoine a sonraítear i bhfo-alt (2) d'alt 14 den Acht seo. | |
[EN] | (b) Nuair a cuirfear seirbhísí sainliachta ar fáil faoi fho-alt (1) den alt seo do dhuine nach duine a sonraítear i bhfo-alt (2) d'alt 14 den Acht seo agus nach othar cónaithe i bhforas, gearrfar, gach ócáid a cuirfear na seirbhísí ar fáil, pé táille a sonrófar le hordú arna dhéanamh ó am go ham ag an Aire, ach nach mó ná seacht scillinge agus sé pingne i gcás scrúduithe X-ruithne agus trí scillinge in aon chás eile, agus baileofar an táille sin i pé slí a ordós an tAire ó am go ham.” | |
[EN] | (2) Leasaítear leis seo alt 25 den Acht Sláinte, 1953 , trí “deich scillinge” a chur in ionad “sé scillinge” i ngach ceann de na fo-ailt (2) go (6). | |
[EN] |
An tAcht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945 , a leasú. |
2. —Leasaítear leis seo Alt 231A den Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945 (Uimh. 19 de 1945) , is é sin, an t-alt a cuireadh isteach ann le fo-alt (8) d'alt 71 den Acht Sláinte, 1953 , trí “deich scillinge” a chur in ionad “sé scillinge” i bhfo-alt (3). |
[EN] |
Gearrtheideal, comhlua agus tosach feidhme. |
3. —(1) Féadfar an tAcht Sláinte agus Cóireála Meabhair-Ghalar, 1957, a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Féadfar na h Achta Sláinte, 1947 go 1957, a ghairm de na h Achta Sláinte, 1947 go 1954, agus d'alt 1 den Acht seo le chéile. | |
[EN] | (3) Féadfar na h Achta Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945 go 1957, a ghairm den Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945 (Uimh. 19 de 1945) , d'alt 71 den Acht Sláinte, 1953 ( Uimh. 26 de 1953 ), den Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1953 (Uimh. 35 de 1953) , agus d'alt 2 den Acht seo le chéile. | |
[EN] | (4) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh pé lá a cheapfas an tAire Sláinte le hordú. |