17 1957


Uimhir 17 de 1957.


AN tACHT UM NA CONNAUGHT RANGERS (PINSIN), 1957.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH MÉADUITHE, LE hÉIFEACHT CHÚLGHABHÁLACH, AR PHINSIN SEIRBHÍSE AGUS PINSIN MHÍCHUMAIS IS INÍOCTHA FAOI NA hACHTA UM NA CONNAUGHT RANGERS (PINSIN), 1936 GO 1953. [18 Iúil, 1957.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Pinsin seirbhíse agus pinsin mhíchumais a mhéadú.

1. —(1) Déanfar pinsean lena mbaineann an t-alt seo a mhéadú cúig déag faoin gcéad.

(2) Baineann an t-alt seo—

(a) le pinsean seirbhíse is iníoctha faoi na hAchta um na Connaught Rangers (Pinsin), 1936 go 1953, agus

(b) le pinsean míchumais is iníoctha amhlaidh.

(3) Measfar an t-alt seo a theacht i ngníomh an lú lá de Lúnasa, 1956, agus beidh éifeacht ón dáta sin ag méadú faoin alt seo.

Gearrtheideal agus comhlua.

2. —(1) Féadfar an tAcht um na Connaught Rangers (Pinsin), 1957, a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchta um na Connaught Rangers (Pinsin), 1936 go 1957, a ghairm de na hAchta um na Connaught Rangers (Pinsin), 1936 go 1953, agus den Acht seo le chéile.