|
||||
|
[EN] | ||
Uimhir 25 de 1957. | ||
[EN] |
ACHT CISTE NA nIASACHT ÁITIÚLA (LEASÚ), 1957. | |
[An tiontó oifigiúil.] |
ACHT DO LEASÚ ACHT CISTE NA nIASACHT ÁITIÚLA, 1935 GO 1956. [12 Nollaig, 1957.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— | ||
[EN] |
Méadú ar an méid airgid is ineisithe as ciste na n-iasacht áitiúla. |
1. —Athghairmtear leis seo alt 1 d'Acht Ciste na nIasacht Áitiúla (Leasú), 1956 ( Uimh. 29 de 1956 ), agus ina ionad sin achtaítear leis seo nach raghaidh méid iomlán an airgid a heiseofar as ciste na n-iasacht áitiúla i leith iasacht áitiúla i rith na tréimhse a luaitear i bhfo-alt (3) d'alt 4 d'Acht Ciste na nIas acht Áitiúla, 1935 (Uimh. 16 de 1935) , thar suim chéad agus tríocha is cúig milliún punt. |
[EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
2. —(1) Féadfar Acht Ciste na nIasacht Áitiúla (Leasú), 1957 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Féadfar Achta Ciste na nIasacht Áitiúla, 1935 go 1957, a ghairm d'Achta Ciste na nIasacht Áitiúla, 1935 go 1956, agus den Acht seo le chéile. |