|
||||
|
| [EN] | ||
Uimhir 18 de 1958. | ||
| [EN] |
AN tACHT FORBARTHA MÓNA, 1958. | |
[An tiontó oifigiúil.] |
ACHT DÁ CHUMASÚ DO BHORD NA MÓNA CATHAOIREACHA AGUS LÉACHTÓIREACHTAÍ A BHUNÚ AGUS A MHAOINIÚ, INA nAONAR NÓ I gCOMHAR LE hAON DUINE, IN AON OLLSCOIL NÓ COLÁISTE SA STÁT CHUN TAIGHDE A SHEOLADH D'FHONN FEABHSÚ AGUS MÉADÚ A THABHAIRT AR THÁIRGEADH NÓ ÚSÁID MÓNA AGUS TÁIRGÍ MÓNA AGUS A SEACHTHÁIRGÍ-SEAN, AGUS OIDEACHAS AGUS EOLAS I nDÁIL LEIS AN TÁIRGEADH NÓ AN ÚSÁID SIN A CHUR AR AGHAIDH. [16 Iúil, 1958.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— | ||
| [EN] |
Alt 20 den Acht Forbartha Móna, 1946 , a leasú. |
1. —Déantar leis seo alt 20 den Acht Forbartha Móna, 1946 ( Uimh. 10 de 1946 ) (a bhaineas le cumhachta ginearálta áirithe de chuid an Bhoird) a leasú tríd an mír seo a leanas a chur le fo-alt (1): |
| [EN] | “(g) cathaoireacha agus léachtóireachtaí a bhunú agus a mhaoiniú, ina n-aonar nó i gcomhar le haon duine, in aon ollscoil nó coláiste sa Stát chun taighde a sheoladh d'fhonn feabhsú agus méadú a thabhairt ar tháirgeadh nó úsáid móna agus táirgí móna agus a seachtháirgí-sean, agus oideachas agus eolas i ndáil leis an táirgeadh nó an úsáid sin a chur ar aghaidh.” | |
| [EN] |
Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua. |
2. —(1) Féadfar an tAcht Forbartha Móna, 1958 , a ghairm den Acht seo. |
| [EN] | (2) Déanfar na h Achta Forbartha Móna, 1946 go 1957, agus an tAcht seo d'fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin agus féadfar na h Achta Forbartha Móna, 1946 go 1958, a ghairm díobh le chéile. |