|
||||
|
| [EN] | ||
Uimhir 33 de 1958. | ||
| [EN] |
AN tACHT UM AN ACHT CHUN ONNMHAIRE A RIALÚ (FORÁLACHA SEALADACHA), 1956 (BUANÚ), 1958. | |
[An tíontó oifigiúil.] |
ACHT A LEATHNÚ NA TRÉIMHSE A MHAIRFIDH AN tACHT CHUN ONNMHAIRE A RIALÚ (FORÁLACHA SEALADACHA), 1956, I bhFEIDHM. [17 Nollaig, 1958.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— | ||
| [EN] |
An tAcht chun Onnmhaire a Rialú (Forálacha Sealadacha), 1956, a bhuanú. |
1. —(1) Mairfidh an tAcht chun Onnmhaire a Rialú (Forálacha Sealadacha), 1956, i bhfeidhm go dtí an 31ú lá de Mhárta, 1962, agus éagfaidh sé ansin. |
| [EN] | (2) Athghairmtear leis seo fo-alt (2) d'alt 7 den Acht chun Onnmhaire a Rialú (Forálacha Sealadacha), 1956. | |
| [EN] |
Gearrtheideal. |
2. —Féadfar an tAcht um an Acht chun Onnmhaire a Rialú (Forálacha Sealadacha), 1956 (Buanú), 1958, a ghairm den Acht seo. |