14 1959


Uimhir 14 de 1959.


AN tACHT IASCAIGH (COMHDHLÚTHÚ), 1959.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO CHOMHDHLÚTHÚ NA nACHTANNA IASCAIGH, 1842 GO 1958, AGUS ACHTACHÁIN ÁIRITHE EILE A BHAINEANN LE hIASCACH. [8 Iúil, 1959.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

CUID I.

Réamhráiteach agus Ginearálta.

Gearrtheideal.

1. —Féadfar an tAcht Iascaigh (Comhdhlúthú), 1959 , a ghairm den Acht seo.

Tosach feidhme.

2. —(1) Tiocfaidh an tAcht seo (ach amháin na forálacha iarchurtha) i ngníomh an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1959.

(2) Tiocfaidh na forálacha iarchurtha i ngníomh cibé lá (nach luaithe ná an 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1959) a shocrófar chuige sin le hordú ón Aire go ginearálta nó maidir le haon fhoráil áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh maidir le forálacha éagsúla den cineál sin.

(3) San alt seo ciallaíonn an abairt “na forálacha iarchurtha” na forálacha seo a leanas den Acht seo, eadhon, alt 16, fo-alt (3) d'alt 24, alt 39, alt 61, alt 72, ailt 79 go 84, ailt 185 go 191, fo-alt (1) d'alt 192, fo-alt (2) d'alt 194, ailt 195 agus 196, ailt 198 go 209, ailt 216, 218 agus 305.

Léiriú go ginearálta.

3. —(1) San Acht seo—

duánacht bradán nó breac.

forléireofar tagairtí do dhuánacht bradán nó breac mar thagairtí do dhuánacht bradán nó breac le slat agus ruaim;

séasúr coiscthe bliantúil do dhuánacht bradán.

tá leis an abairt “an séasúr coiscthe bliantúil do dhuánacht bradán” an bhrí a thugtar di le fo-alt (1) d'alt 137;

séasúr coiscthe bliantúil do dhuánacht breac.

tá leis an abairt “an séasúr coiscthe bliantúil do dhuánacht breac” an bhrí a thugtar di le fo-alt (1) d'alt 138;

séasúr coiscthe bliantúil na n-eascann.

tá leis an abairt “séasúr coiscthe bliantúil na n-eascann” an bhrí a thugtar di le halt 151;

séasúr coiscthe bliantúil na bpollán.

tá leis an abairt “séasúr coiscthe bliantúil na bpollán” an bhrí a thugtar di le halt 148;

séasúr coiscthe bliantúil na mbradán agus na mbreac.

tá leis an abairt “séasúr coiscthe bliantúil na mbradán agus na mbreac” an bhrí a thugtar di le halt 126;

cochall iascaireachta.

folaíonn an abairt “cochall iascaireachta” inneall seasmhach ar aon-déanamh le cochall iascaireachta;

bá.

folaíonn an focal “bá” aon chuan nó ród;

bád.

folaíonn an focal “bád” báirse, coite, curach nó árthach eile;

bosca.

folaíonn an focal “bosca”, maidir le cora iascaireachta nó damba muilinn iascaireachta, cruib nó cruibh;

séasúr coiscthe na n-oisrí.

tá leis an abairt “séasúr coiscthe na n-oisrí” an bhrí a thugtar di le fo-alt (1) d'alt 271;

damba.

ciallaíonn an focal “damba” (ach amháin in alt 115) damba, cora, díog, sliús, claífort nó déanmhas eile atá tógtha nó suite in aon abhainn nó i ndáil le haon abhainn chun uisce a choimeád nó i ndáil le huisce a choimeád chun críche ar bith;

trátha an lae.

ciallaíonn an abairt “trátha an lae” an tréimhse ó éirí gréine go luí gréine;

ábhar díobhálach.

ciallaíonn an abairt “ábhar díobhálach” aon substaint (lena n-áirítear ábhar pléascach) a fhéadfadh, ar í a dhul amach nó ar í a scaoileadh amach in aon uiscí, na huiscí a dhéanamh nimhiúil nó dochrach d'iasc, do leapacha sceite nó do bhia aon éisc;

Breitheamh Dúiche.

ciallaíonn an abairt “Breitheamh Dúiche” Breitheamh den Chúirt Dúiche;

líon tarraingthe.

folaíonn an abairt “líon tarraingthe” saighne;

eascann.

folaíonn an focal “eascann” liobhóga agus óg na n-eascann, ar a dtugtar mion-eascanna go coitianta;

bliain toghcháin.

ciallaíonn an abairt “bliain toghcháin” an bhliain 1961 agus gach tríú bliain as a chéile dá éis sin;

toghroinn.

ciallaíonn an abairt “toghroinn” uiscí a dhearbhaítear le fo-alt (2) d'alt 19 a bheith ina dtoghroinn chun críocha an Achta seo;

inbhear.

folaíonn an focal “inbhear” aon chuan nó ród;

iasc.

folaíonn an focal “iasc” gach crústach agus iasc sliogánach a fhaightear san fharraige, agus óg agus sceith éisc, agus forléireofar tagairtí d'iasc mar thagairtí a fholaíonn tagairtí do chuid den iasc sin;

bealach éisc.

ciallaíonn an abairt “bealach éisc” cainéal le haghaidh saorghabháil nó saor-imirce éisc i mbacainn nó thar bacainn nó i ndáil le bacainn in abhainn, loch nó sruthchúrsa agus folaíonn sí dréimire éisc nó aon deis eile a chabhraíonn le gluaiseacht éisc;

ceantar iascaigh.

ciallaíonn an abairt “ceantar iascaigh” limistéar a dhearbhaítear le fo-alt (1) d'alt 19 a bheith ina cheantar iascaigh chun críocha an Achta seo;

ráta iascaigh.

ciallaíonn an abairt “ráta iascaigh” ráta—

(a) a ghearr bord coimeádaithe agus a dhaingnigh an tAire faoi alt 55, nó

(b) a ghearr an tAire faoin alt sin;

bliain iascaigh.

ciallaíonn an abairt “bliain iascaigh” an tréimhse dhá mhí dhéag dar tosach an lú lá de Dheireadh Fómhair in aon bhliain;

inneall iascaireachta.

ciallaíonn an abairt “inneall iascaireachta” aon inneall, líon nó uirlis eile de chineál ar bith is féidir a úsáid chun iasc a thógáil;

ceadúnas iascaireachta.

nuair a úsáidtear an abairt “ceadúnas iascaireachta” gan í a cháiliú, ciallaíonn sí ceadúnas arb éard é—

(a) gnáth-cheadúnas iascaireachta, nó

(b) ceadúnas áitiúil speisialta;

damba muilinn iascaireachta.

ciallaíonn an abairt “damba muilinn iascaireachta” damba a úsáidtear nó a bheartaítear a úsáid go páirteach chun iasc a thógáil nó mar chabhair chun iasc a thógáil agus go páirteach chun uisce a choimeád le haghaidh muilleoireachta nó le haghaidh críocha eile;

cora iascaireachta.

ciallaíonn an abairt “cora iascaireachta” aon tógáil, déanmhas nó bacainn—

(a) atá greamaithe sa talamh trasna abhann nó trasna cuid d'abhainn,

(b) a úsáidtear d'aontoisc chun iasc a thógáil nó mar chabhair chun iasc a thógáil,

(c) ina bhfuil oscailt nó oscailtí inar féidir iasc a thógáil, agus

(d) nach ceann-chora é;

inneall seasmhach.

ciallaíonn an abairt “inneall seasmhach” aon inneall arb é atá ann—

(a) líon cuaillí, nó

(b) cochall iascaireachta, nó

(c) líon tarraingthe seasmhach, nó

(d) ceann-chora, nó

(e) aon líon, acra, inneall nó deis greamaithe sa talamh nó daingnithe le hancairí nó a choinnítear leis an láimh nó a choimeádtar dobhogtha in aon slí eile agus a úsáidtear d'aontoisc chun iasc a thógáil nó mar chabhair chun iasc a thógáil, ach nach cora iascaireachta ná damba muilinn iascaireachta;

saor-bhearna.

ciallaíonn an focal “saor-bhearna” saor-bhearna i gcora iascaireachta de réir alt 107;

ceann-chora.

ciallaíonn an focal “ceann-chora” an t-inneall seasmhach ar a dtugtar go coitianta ceann-chora nó cora thrá agus tuile;

heic.

ciallaíonn an focal “heic” gráta atá feistithe ag an gceann béal le sruth de bhosca i gcora iascaireachta nó i ndamba muilinn iascaireachta agus é déanta ar chuma go mbacann sé gluaiseacht éisc gan an rith uisce a chosc;

ionscálaí.

ciallaíonn an focal “ionscálaí” péire grátaí atá feistithe ag an gceann cúl le sruth de bhosca i gcora iascaireachta nó i ndamba muilinn iascaireachta agus a chomhchlaonann i leith an láir sa treo béal le sruth chun bearna ingearach a dhéanamh idir an dá cheann béal le sruth ionas gurb é éifeacht an tsocraithe sin go ligean sé don iasc dul isteach sa bhosca agus go mbacann iad ar éalú amach as;

inneall iascaireachta dleathach.

ciallaíonn an abairt “inneall iascaireachta dleathach” aon inneall iascaireachta nach dtoirmisctear leis an Acht seo ná le haon fhodhlí arna dhéanamh faoin Acht seo é a úsáid (ach amháin le linn tráthanna áirithe, in áiteanna áirithe nó ar mhodh áirithe);

dleacht cheadúnais.

ciallaíonn an abairt “dleacht cheadúnais”—

(a) maidir le gnáth-cheadúnas iascaireachta, an dleacht cheadúnais is iníoctha ar an gceadúnas sin;

(b) maidir le ceadúnas áitiúil speisialta, i leith uiscí taoide speisialta, an dleacht cheadúnais áitiúil speisialta is iníoctha ar an gceadúnas sin;

an tAire.

ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Tailte;

béal abhann.

forléireofar tagairtí do bhéal abhann mar thagairtí do bhéal na habhann sin arna mhíniú le hordú faoi alt 10;

inneall neamhsceidealta.

ciallaíonn an abairt “inneall neamhsceidealta” inneall de chineál nach sonraítear sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo;

séasúr coiscthe duánachta Dheireadh Fómhair.

ciallaíonn an abairt “séasúr coiscthe duánachta Dheireadh Fómhair” an tréimhse dar tosach an 13ú lá de Dheireadh Fómhair agus dar críoch an 31ú lá den mhí sin;

cion faoi aon fhoráil den Acht seo.

ciallaíonn an abairt “cion faoi aon fhoráil den Acht seo” cion faoi aon alt nó fo-alt den Acht seo nó faoi aon ionstraim arna déanamh faoi;

cion faoi na hachtacháin aisghairthe.

folaíonn an abairt “cion faoi na hachtacháin aisghairthe” cion in aghaidh aon ionstraime arna déanamh faoi na hachtacháin aisghairthe;

oifigeach don Aire.

folaíonn an abairt “oifigeach don Aire” seirbhíseach don Aire;

an dáta feidhme.

ciallaíonn an abairt “an dáta feidhme” an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1959;

gnáth-cheadúnas iascaireachta.

ciallaíonn an abairt “gnáth-cheadúnas iascaireachta” ceadúnas iascaireachta arna dheonú faoi Chaibidil I de Chuid VI;

dleacht ghnáthcheadúnais.

ciallaíonn an abairt “dleacht ghnáth-cheadúnais” an dleacht is iníoctha faoi Chaibidil I de Chuid VI ar ghnáth-cheadúnas iascaireachta;

úinéir.

ciallaíonn an focal “úinéir” aon duine ag a bhfuil iarbhír seilbh nó úsáid agus sealúchas aon talún nó iascaigh (de réir mar a bheidh);

ceadúnas iascaireachta oisrí.

ciallaíonn an abairt “ceadúnas iascaireachta oisrí” ceadúnas iascaireachta arna dheonú faoi Chaibidil VI de Chuid XIV;

forordú.

ciallaíonn an briathar “forordú” forordú le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire faoin Acht seo;

achtacháin aisghairthe.

ciallaíonn an abairt “na hachtacháin aisghairthe” na hachtacháin a aisghairtear leis an Acht seo;

aibhneacha.

folaíonn an focal “aibhneacha” craobhacha abhann agus gach uile shruthán agus sruthchúrsa eile;

slat agus ruaim.

ciallaíonn an abairt “slat agus ruaim” slat agus ruaim singil;

bradán.

folaíonn an focal “bradán” gach uile iasc de chineál an bhradáin, bric mhara agus a sceith agus a ngilidíní;

abhainn bradán.

ciallaíonn an abairt “abhainn bradán” aon abhainn a ghnáthaíonn bradáin;

ceadúnas slaite bradán.

ciallaíonn an abairt “ceadúnas slaite bradán” ceadúnas chun bradáin a iascaireacht le slat agus ruaim;

gnáth-cheadúnas slaite bradán.

ciallaíonn an abairt “gnáth-cheadúnas slaite bradán” gnáthcheadúnas iascaireachta chun bradáin a iascaireacht le slat agus ruaim;

gnáth-cheadúnas slaite bradán bliantúil.

ciallaíonn an abairt “gnáth-cheadúnas slaite bradán (bliantúil)” gnáth-ceadúnas slaite bradán atá bailí ar feadh tréimhse bliana agus atá ar fáil le húsáid i ngach ceantar iascaigh;

gnáth-cheadúnas slaite bradán (bliantúil) (ceantar).

ciallaíonn an abairt “gnáth-cheadúnas slaite bradán (bliantúil) (ceantar)” gnáth-ceadúnas slaite bradán atá bailí ar feadh tréimhse bliana agus atá ar fáil le húsáid i gceantar iascaigh an bhoird choimeádaithe a d'eisigh é agus sa cheantar iascaigh sin amháin;

ceadúnas slaite bradán (limistéar an Fheabhail).

ciallaíonn an abairt “ceadúnas slaite bradán (limistéar an Fheabhail)” ceadúnas slaite bradán arna eisiúint de bhun na rialachán a rinneadh faoi Acht Iascaigh an Fheabhail, 1952 (Uimh. 5 de 1952) , agus atá bailí ar feadh bliana;

gnáth-cheadúnas slaite bradán (séasúr déanach).

ciallaíonn an abairt “gnáth-ceadúnas slaite bradán (séasúr déanach)” gnáth-cheadúnas slaite bradán atá bailí ar feadh tréimhse sé mhí dar tosach an chéad lá d'Iúil agus atá ar fáil chun a úsáidte i ngach ceantar iascaigh;

gnáth-cheadúnas slaite bradán (séasúr déanach) (ceantar).

ciallaíonn an abairt “gnáth-cheadúnas slaite bradán (séasúr déanach) (ceantar)” gnáth-cheadúnas slaite bradán atá bailí ar feadh tréimhse sé mhí dar tosach an chéad lá d'Iúil agus atá ar fáil chun úsáidte i gceantar iascaigh an bhoird choimeádaithe a d'eisigh é agus sa cheantar iascaigh sin amháin;

gnáth-cheadúnas slaite bradán (seacht lá).

ciallaíonn an abairt “gnáth-cheadúnas slaite bradán (seacht lá)” gnáth-cheadúnas slaite bradán atá bailí ar feadh tréimhse seacht lá;

gnáth-cheadúnas slaite bradán (lá agus fiche).

ciallaíonn an abairt “gnáth-cheadúnas slaite bradán (lá agus fiche)” gnáth-cheadúnas slaite bradán atá bailí ar feadh tréimhse lá agus fiche;

inneall sceidealta.

ciallaíonn an abairt “inneall sceidealta” aon inneall de chineál a shonraítear sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo;

uiscí breac sceidealta.

ciallaíonn an abairt “uiscí breac sceidealta” aon abhainn nó loch nó aon chuid díobh a dhearbhaítear le hordú, arna dhéanamh faoi alt 79 agus atá i bhfeidhm de thuras na huaire, a bheith ina n-uiscí breac sceidealta chun críocha an Achta seo;

oifigeach cosanta iascaigh mhara.

ciallaíonn an abairt “oifigeach cosanta iascaigh mhara” duine a dhearbhaítear le halt 220 a bheith ina oifigeach cosanta iascaigh mhara;

iascach eisiatach.

ciallaíonn an abairt “iascach eisiatach” aon iascach atá ar sealúchas go dleathach faoi theideal ar bith, is teideal maith bailí de réir dlí, go heisiatach ar an bpobal, ag duine ar bith, cibé acu in uiscí inseolta é nó in uiscí nach inseolta, agus cibé acu sa duine sin nó in aon duine eile atá an ithir faoi na huiscí sin dílsithe;

ceadúnas áitiúil speisialta.

ciallaíonn an abairt “ceadúnas áitiúil speisialta” ceadúnas arna dheonú faoi alt 74 i leith uiscí taoide speisialta;

dleacht cheadúnais áitiúil speisialta.

ciallaíonn an abairt “dleacht cheadúnais áitiúil speisialta” an dleacht is iníoctha faoi alt 74 ar cheadúnas áitiúil speisialta arna dheonú i leith uiscí taoide speisialta;

uiscí taoide speisialta.

ciallaíonn an abairt “uiscí taoide speisialta” aon uiscí taoide a bhfuil ordú faoi alt 7 i bhfeidhm ina leith de thuras ua huaire;

líon cuaillí.

folaíonn an abairt “líon cuaillí” cora chuaillí agus aon inneall seasmhach ar aon-déanamh le líon cuaillí;

breac.

folaíonn an focal “breac”, nuair a úsáidtear é gan é a cháiliú—

(a) gach iasc de chineál an bhric rua,

(b) ach amháin i gCuid IX polláin nó scadáin fíoruisce, agus

(c) aon sceith bhric nó gilidíní bric,

ach ní fholaíonn sé breac geal;

ceadúnas slaite breac (ginearálta).

ciallaíonn an abairt “ceadúnas slaite breac (ginearálta)” ceadúnas arna eisiúint faoi fho-alt (1) d'alt 83 chun bric a iascaireacht le slat agus ruaim;

ceadúnas slaite breac (sóisear).

ciallaíonn an abairt “ceadúnas slaite breac (sóisear)” ceadúnas arna eisiúint faoi fho-alt (3) d'alt 83 chun bric a iascaireacht le slat agus ruaim;

ceadúnas slaite breac.

ciallaíonn an abairt “ceadúnas slaite breac” ceadúnas arb éard é—

(a) ceadúnas slaite breac (ginearálta), nó

(b) ceadúnas slaite breac (bruach-úinéir), nó

(c) ceadúnas slaite breac (sóisear);

ceadúnas slaite breac (bruachúinéir).

ciallaíonn an abairt “ceadúnas slaite breac (bruach-úinéir)” ceadúnas arna eisiúint faoi fho-alt (2) d'alt 83;

inneall iascaireachta neamhdhleathach.

ciallaíonn an abairt “inneall iascaireachta neamhdhleathach” inneall iascaireachta nach inneall iascaireachta dleathach é;

bradán nó breac neamhshéasúrach.

ciallaíonn an abairt “bradán nó breac neamhshéasúrach” aon bhradán nó breac atá ar tí sceitheadh, nó atá tar éis sceitheadh agus nach bhfuil téarnaithe uaidh;

iascach dílsithe (Cuid XII).

ciallaíonn an abairt “iascach dílsithe (Cuid XII)” iascach—

(a) atá dílsithe san Aire faoi Chaibidil II de Chuid XII, nó

(b) atá aistrithe chun an Aire faoi Chaibidil III de Chuid XII;

screallach.

folaíonn an focal “screallach” gach talamh neamhshaothraithe nó neamh-thairbhiúil;

uiscí.

ciallaíonn an focal “uiscí” aon abhainn, loch, sruth-chúrsa nó inbhear nó aon chuid den fharraige;

tráth coiscthe seachtainiúil.

tá leis an abairt “tráth coiscthe seachtainiúil” an bhrí a thugtar di le halt 139;

(2) San Acht seo—

(a) is ionann tagairt uimhreach do Chuid nó d'alt agus tagairt don Chuid nó den alt san Acht seo ar a bhfuil an uimhir sin mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'Acht éigin eile atá ar intinn;

(b) forléireofar tagairtí d'aon fhodhlí, ordú nó rialachán faoin Acht seo mar thagairtí a fholaíonn tagairt d'aon fhodhlí, ordú nó rialachán a mheastar de réir alt 10 nó de réir alt 334 a bheith arna dhéanamh faoin Acht seo.

(3) San Acht seo forléireofar tagairtí d'aon achtachán mar thagairtí don achtachán sin arna leasú le haon achtachán ina dhiaidh.

Rialacháin.

4. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh maidir le haon ní dá dtagraítear san Acht seo mar ní atá forordaithe.

(2) Gach rialachán a dhéanfar faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Teach den Oireachtas chomh luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán sin a leagan faoina bhráid amhlaidh, rún a rith ag neamhniú an rialacháin sin, beidh an rialachán sin ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán sin.

Aisghairm.

5. —Aisghairtear leis seo na hachtacháin a shonraítear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a mhéid a shonraítear sa tríú colún den Sceideal sin.

Caiteachas.

6. —An caiteachas go léir faoina rachaidh an tAire ag riaradh an Achta seo íocfar é, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

CUID II.

Cumhachtaí agus Dualgais Ilghnéitheacha an Aire.

Uiscí taoide speisialta.

7. —(1) Féadfaidh an tAire, le comhthoiliú an Aire Airgeadais, a dhearbhú ó am go ham le hordú gur uiscí taoide speisialta chun críocha an Achta seo aon uiscí taoide áirithe lena mbaineann an t-alt seo.

(2) Sonrófar agus míneofar i ngach ordú a dhéanfar faoin alt seo na huiscí taoide a n-airbheartaíonn an t-ordú go mbaineann sé leo agus beidh an t-ordú sin ina ordú críochnaitheach dochloíte maidir le limistéar na n-uiscí taoide sin d'ainneoin aon neamhréireachta idir limistéar na n-uiscí taoide mar a mhíneofar iad amhlaidh agus limistéar na n-uiscí taoide ina raibh iascach eisiatach ar sealúchas cheana.

(3) Féadfaidh an tAire, le comhthoiliú an Aire Airgeadais, cúlghairm nó leasú a dhéanamh tráth ar bith, le hordú, ar aon ordú a bheidh déanta roimhe sin faoin alt seo.

(4) Baineann an t-alt seo le huiscí taoide aon abhann nó inbhir áirithe ar creideadh, ar feadh fiche bliain ar a laghad roimh an lú lá d'Eanáir, 1933, go raibh iascach eisiatach iontu agus ar sealúchas mar cheart, ach ar tharla ina leith—

(a) go ndearnadh, tar éis an 1ú lá d'Eanáir, 1933 (cibé acu roimh an Acht seo a rith, nó dá éis sin é), cinneadh breithiúnach i gcúirt dlínse inniúla nach raibh aon iascach eisiatach sna huiscí taoide sin, nó

(b) nach bhfuil an duine d'fheidhmigh mar cheart, an lú lá d'Eanáir, 1933, an t-iascach eisiatach sin sna huiscí taoide sin á éileamh, ná nach bhfuil aon duine eile á éileamh, go bhfuil iascach eisiatach sna huiscí taoide aige ná ar sealúchas aige mar cheart.

Cumhacht an Aire chun fiosrúcháin a dhéanamh maidir le hiascaigh.

8. —(1) Féadfaidh an tAire ó am go ham fiosrúchán a chur á dhéanamh in aon cheantar iascaigh maidir leis na hiascaigh sa cheantar sin nó le haon cheann acu agus féachaint cad é an tslí is fearr chun an t-iascach nó na hiascaigh sin a rialú, a fheabhsú nó a chosaint, agus chuige sin féadfaidh sé oifigeach don Aire a cheapadh chun an fiosrúchán sin a dhéanamh.

(2) Cuirfidh an tAire faoi deara go ndéanfar, de réir alt 322, fógra a thabhairt faoi fhiosrúchán a bheith le déanamh faoin alt seo.

Cumhacht an Aire chun fodhlíthe a dhéanamh faoi rialú, bainistí, cosaint agus feabhsú iascach.

9. —(1) I dteannta na cumhachta chun fodhlíthe a dhéanamh a thugtar dó le haon alt eile den Acht seo, féadfaidh an tAire, faoi réir fhorálacha an Achta seo, cibé fodhlíthe a dhéanamh is dóigh leis a bheith fóirsteanach chun gur éifeachtúla a dhéanfaí iascaigh an Stáit a stiúradh, a bhainistí, a chosaint agus a fheabhsú agus, gan dochar do ghinearáltacht an méid sin roimhe seo, féadfaidh sé fodhlíthe a dhéanamh i ndáil le gach ní nó aon ní acu seo a leanas—

(a) iascaigh an Stáit a rialú agus dea-ordúlacht a choimeád i measc na ndaoine a bhíonn ag gabháil dóibh,

(b) na tráthanna agus na séasúir chun tógáil na gcineálacha éagsúla éisc a thosú agus a chríochnú,

(c) na tráthanna agus na háiteanna nó an modh a bhféadfar feidhm a bhaint as aon inneall iascaireachta a úsáidfear sna hiascaigh sin,

(d) tuairisc agus déanamh na líonta a úsáidfear sna hiascaigh sin agus méid na mogall iontu,

(e) toirmeasc ar líonta a úsáid,

(f) toirmeasc ar inneall iascaireachta a úsáid tráth ar bith más dóigh leis an Aire an t-inneall sin a bheith díobhálach do na hiascaigh,

(g) toirmeasc ar chleachtas ar bith is dóigh leis an Aire a d'fhéadfadh a bheith ina bhac ar iasc a thógáil go dleathach nó a bheith in aon slí dochrach do na hiascaigh sin,

(h) aon ní nó rud eile a bhfuil baint aige in aon slí le stiúradh agus cosaint na n-iascach sin.

(2) Nuair nach bhforáiltear aon phionós eile le haon fhoráil san Acht seo mar gheall ar fhodhlí a shárú, féadfaidh an tAire a fhoráil leis an bhfodhlí sin go mbeidh duine ar bith a sháróidh é ciontach i gcion i gcoinne an fhodhlí sin agus ar a chiontú ann go hachomair go ndlífear fíneáil nach mó ná cúig phunt a chur air agus go mbeidh gach inneall iascaireachta a úsáideadh ag déanamh an chiona ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

(3) Ní dhéanfar faoin Acht seo aon fhodhlí a bheidh in aghaidh aon dlí atá i bhfeidhm sa Stát ná a d'fhéadfadh díobháil a dhéanamh do chumas éifeachtach oibre aon mhuilinn nó aon mhonarchan.

Míniú ar bhéil aibhneacha, na teorainneacha idir an chuid taoidmhear agus an chuid fíoruisce d'aibhneacha, na pointí i mbéil aibhneacha óna dtomhaisfear faid slí, etc.

10. —(1) Féadfaidh an tAire ó am go ham le hordú—

(a) a mhíniú, trí thagairt do léarscáil nó ar mhodh eile, cad is teorainn do bhéal aon abhann,

(b) a mhíniú, trí thagairt do léarscáil nó ar mhodh eile, cad is teorainn do bhéal aon chraobhabhann mar a dtéann sí amach in aon abhainn eile,

(c) a mhíniú, trí thagairt do léarscáil nó ar mhodh eile, cad is teorainn idir an chuid taoidmhear agus an chuid fíoruisce d'aon abhainn,

(d) a mhíniú cad iad foircinn na bhfad slí dá dtagraítear in ailt 94 agus 103 agus na foircinn sin, agus an spás ina dtoirmisctear leis an alt sin modhanna áirithe iascaireachta a úsáid nó a chleachtadh, a thaispeáint le léarscáil nó ar mhodh eile,

(e) a mhíniú, trí thagairt do léarscáil nó ar mhodh eile, cad é an pointe nó na pointí i mbéal aon abhann óna dtomhaisfear faid slí faoin Acht seo.

(2) Má tá srutháin éagsúla ag rith amach san aon-bhéal amháin nó san aon-inbhear amháin, féadfaidh an tAire, le hordú, a dhearbhú gur béal ar leith an bealach amach atá ag gach sruthán acu sin.

(3) Féadfaidh an tAire, le hordú, aon ordú faoi fho-alt (1) nó (2) den alt seo a chúlghairm nó a leasú.

(4) Gach míniú a rinneadh faoi aon achtachán aisghairthe agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an dáta feidhme, leanfaidh sé i bhfeidhm ar an dáta feidhme agus dá éis agus measfar gur ordú faoi fho-alt (1) nó fo-alt (2) (cibé acu is iomchuí) den alt seo an ionstraim lena ndearnadh an míniú sin.

Forálacha maidir le fodhlíthe a fhoilsiú agus a thaisceadh, etc., agus achomhairc i gcoinne fodhlíthe etc.

11. —(1) Bainfidh na forálacha seo a leanas le haon ionstraim lena mbaineann an t-alt seo:—

(a) d'ainneoin aon achomharc a bheidh ar feitheamh, ach gan dochar d'aon ordú a dhéanfar de bharr an achomhairc sin, tiocfaidh an ionstraim sin i ngníomh an lá a shonraítear ann chuige sin, nó, mura sonraítear amhlaidh aon lá chuige sin, an t-ochtú lá is fiche tar éis lá a déanta;

(b) déanfar an ionstraim sin a fhoilsiú, chomh luath agus is féidir tar éis a déanta, san Iris Oifigiúil agus i bpáipéar nó i bpáipéir nuachta a léitear sa cheantar lena mbainfidh sí;

(c) déanfar, laistigh de mhí tar éis teacht i ngníomh di, cóip den ionstraim sin a thaisceadh—

(i) le cláraitheoir contae gach contae nó contaebhuirge a mbainfidh an ionstraim sin leis nó léi nó le cuid de nó di, agus

(ii) le Cléireach Cúirte Dúiche gach Dúiche Cúirte a mbainfidh an ionstraim sin léi nó le cuid di, agus

(iii) i ngach stáisiún Garda Síochána sa limistéar lena mbainfidh an ionstraim sin;

(d) aon duine arb ábhar éagóra leis an ionstraim sin, féadfaidh sé, laistigh d'ocht lá is fiche tar éis a foilsithe san Iris Oifigiúil, achomharc a dhéanamh chun na hArd-Chúirte i gcoinne na hionstraime sin, agus beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas maidir le haon achomharc den sórt sin—

(i) féadfaidh breitheamh amháin den Ard-Chúirt nó níos mó ná breitheamh amháin di, de réir mar is caothúil, an t-achomharc a éisteacht,

(ii) féadfaidh an Ard-Chúirt de thoradh an achomhairc an ionstraim sin a dhaingniú nó a neamhniú, ach má neamhnítear an ionstraim sin, beidh an neamhniú sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh faoi réim nó de bhun na hionstraime sin roimh an neamhniú sin,

(iii) beidh breith na hArd-Chúirte ar an achomharc ina breith chríochnaitheach dochloíte;

(iv) déanfar ordú na hArd-Chúirte de thoradh an achomhairc sin a fhoilsiú amhail mar a cheanglaítear le mír (b) den fho-alt seo an ionstraim sin a fhoilsiú agus taiscfear é amhail mar a cheanglaítear le mír (c) den fho-alt seo an ionstraim sin a thaisceadh.

(2) Baineann an t-alt seo le haon ionstraim arb éard í—

(a) fodhlí arna dhéanamh faoin Acht seo, nó

(b) ordú arna dhéanamh faoi alt 10, nó

(c) ceadúnas arna dheonú faoi alt 245 nó 281, nó

(d) ordú arna dhéanamh faoi alt 251, 256, 266 nó 275.

Rialacháin faoi iascaireacht ag sealbhóirí ceadúnas áitiúila speisialta.

12. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh i dtaobh gach ní nó aon ní seo a leanas:—

(a) na tráthanna agus na háiteanna a bhféadfaidh sealbhóirí ceadúnas áitiúil speisialta iascaireacht a dhéanamh faoi na ceadúnais sin;

(b) ord a choimeád i measc sealbhóirí ceadúnas áitiúil speisialta ag na huiscí taoide áirithe lena mbaineann na ceadúnais sin nó ar na huiscí sin.

(2) Gach duine a dhéanfaidh aon ní (cibé acu gníomh nó neamhghníomh é) is sárú ar rialachán arna dhéanamh faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air.

Tuairisceáin ó shealbhóirí ceadúnas áitiúla speisialta.

13. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh i dtaobh gach ní nó aon ní acu seo a leanas:—

(a) na tuairisceáin a bheidh le tabhairt uathu ag sealbhóirí ceadúnas áitiúla speisialta;

(b) na daoine dá dtabharfar na tuairisceáin sin;

(c) na tráthanna a bheidh na tuairisceáin sin le tabhairt;

(d) na foirmeacha ina mbeidh na tuairisceáin sin le tabhairt.

(2) Gach duine ar a mbeidh de cheangal faoi rialacháin faoin alt seo aon tuairisceán a thabhairt uaidh agus a fhailleoidh nó a dhiúltóidh an tuairisceán sin a thabhairt uaidh de réir na rialachán sin, nó a dhéanfaidh in aon tuairisceán den sórt sin aon ráiteas a bheidh bréagach nó míthreorach in aon phonc ábhartha beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air.

Cumhacht an Aire chun ceadanna díolúine a dheonú le haghaidh síolrú saorga, etc.

14. —(1) Féadfaidh an tAire, aon uair agus gach uair is oiriúnach leis é, a údarú, le cead i scríbhinn agus faoi réir cibé coinníollacha a shonróidh sé sa chead, d'aon duine a ainmneofar gach ní nó aon ní acu seo a leanas a dhéanamh aon séasúr den bhliain—

(a) aon chineál sonraithe éisc a ghabháil nó féachaint lena ngabháil agus iad a bheith ina sheilbh aige le haghaidh síolrú saorga nó athphlandú nó chun stoc a sholáthar nó a athsholáthar le haghaidh aon iascaigh nó chun é a fheabhsú nó chun aon chríche eolaíochta, agus, chun an ghabháil sin a dhéanamh amhlaidh, aon inneall iascaireachta de chineál sonraithe a bheith ina sheilbh aige, a chur suas agus a úsáid,

(b) ubháin agus gilidíní aon chineál sonraithe éisc a dhíol nó a cheannach chun stoc a sholáthar nó a athsholáthar nó chun aon chríche eolaíochta.

(2) Ní údaróidh cead faoi fho-alt (1) den alt seo aon ní a dhéanamh i ndáil le hiascach eisiatach ach amháin le toiliú úinéir an iascaigh sin.

(3) D'ainneoin aon ní san Acht seo, féadfaidh duine dá ndeonófar cead faoi fho-alt (1) den alt seo agus aon duine eile a bheidh ag gníomhú faoi ordacháin an duine chéadluaite sin, faoi réir na gcoinníollacha a shonrófar sa chead, aon ní a dhéanamh a bheidh údaraithe leis an gcead.

cumhacht an Aire chun ceadúnais liúna éisc a heonú.

15. —(1) Féadfaidh an tAire, aon uair agus gach uair is oiriúnach leis é, a údarú le ceadúnas (dá ngairtear ceadúnas éisc san alt seo), faoi réir cibé coinníollacha is oiriúnach leis agus a shonróidh sé sa cheadúnas, do dhuine a ainmneofar cibé oibríochtaí a shonrófar sa cheadúnas a dhéanamh in áit shonraithe maidir le hoiliúint éisc de chineál sonraithe.

(2) D'ainneoin aon ní san Acht seo nó in aon ionstraim arna déanamh faoi, féadfaidh duine dá ndeonófar ceadúnas oiliún éisc agus aon duine a bheidh ag gníomhú faoi ordacháin an duine chéadluaite sin, faoi réir na gcoinníollacha a shonrófar sa cheadúnas, aon ní a dhéanamh a bheidh údaraithe leis an gceadúnas.

(3) Féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, ceadúnas oiliúna éisc a leasú laistigh de dheich mbliana ón dáta a deonaíodh an ceadúnas.

(4) Féadfaidh an tAire ceadúnas oiliúna éisc a chúlghairm—

(a) má bhítear tar éis an ceadúnaí a chiontú i gcion faoi na hAchtanna aisghairthe nó i gcion faoi aon fhoráil den Acht seo, nó

(b) más deimhin leis go ndearnadh sárú ar aon choinníoll dá mbeidh sonraithe sa cheadúnas.

(5) Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas maidir le ceadúnas oiliúna éisc a leasú nó a chúlghairm faoin alt seo—

(a) ní dhéanfaidh an tAire an ceadúnas a leasú ná a chúlghairm mura mbeidh agus go dtí go mbeidh fógra coicíse ar a laghad i scríbhinn tugtha aige, leis an bpost, don cheadúnaí á rá go bhfuil leasú nó cúlghairm an cheadúnais, cibé acu é, á bhreithniú ag an Aire,

(b) luafar san fhógra freisin—

(i) más é leasú an cheadúnais a deir sé atá á bhreithniú ag an Aire—an leasú sonrach atá á bhreithniú agus na forais ar a bhfuil sé á bhreithniú amhlaidh, nó

(ii) más é cúlghairm an cheadúnais a deir sé atá á bhreithniú ag an Aire—na forais ar a bhfuil an chúlghairm sin á breithniú amhlaidh,

(c) breithneoidh an tAire aon uiríolla maidir leis an leasú nó an chúlghairm sin, cibé acu é, a chuirfidh an ceadúnaí sin faoina bhráid roimh éag don fhógra.

Cumhacht an Aire chun iascaigh a thógáil ar léas le haghaidh taighde.

16. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, aon iascach a thógáil ar léas chun críocha aon scéime taighde i dtaobh saol agus nósanna bradán nó aon éisc fíoruisce agus na ndála eacnamaíochta a bhaineann le hiascaigh a fhorbairt ó thaobh tráchtála.

(2) Beidh feidhm maidir le haon iascach a thógfaidh an tAire ar léas faoin alt seo ag na forálacha de Chaibidil V de Chuid XII a bhaineann le hiascaigh dhílsithe.

(3) Má bhíonn iascach, is iascach inaistrithe de réir bhrí Chuid XII, tógtha ar léas de thuras na huaire faoin alt seo, beidh feidhm ag forálacha Chuid XII maidir leis an iascach sin d'ainneoin an léasa sin.

Cumhacht an Aire chun allmhairiú éisc bheo a shrianadh, etc.

17. —(1) Féadfaidh an tAire, aon uair agus gach uair is oiriúnach leis é, toirmeasc a chur, le hordú (dá ngairtear san alt seo ordú chun allmhairiú (iasc) a shrianadh), le hallmhairiú aon saghas earra a shonrófar agus lena mbainfidh an t-alt seo ach amháin faoi réim agus de réir cheadúnais chuige sin arna eisiúint faoin alt seo.

(2) Féadfaidh an tAire, le hordú faoin bhfo-alt seo, aon ordú a rinne sé faoin alt seo a chúlghairm nó a leasú.

(3) Má allmhairíonn duine ar bith aon earra nó má thugann sé faoina allmhairiú agus gur earra é a bhfuil a allmhairiú toirmiscthe le hordú chun allmhairiú (iasc) a shrianadh, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó na cúig phunt is fiche a chur air.

(4) Ar dhuine ar bith dá iarraidh sin air, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, ceadúnas a eisiúint chun an duine sin chun uimhir áirithe a allmhairiú d'aon earra a mbeidh a allmhairiú toirmiscthe le hordú chun allmhairiú (iasc) a shrianadh, agus féadfaidh sé cibé coinníollacha is cuí leis agus a shonróidh sé sa cheadúnas sin a chur leis an gceadúnas sin.

(5) Baineann an t-alt seo leis na hearraí seo a leanas, is é sin le rá, iasc nó ainmhithe eile uisce atá beo, agus uibheacha nó óg éisc nó ainmhithe eile uisce.

Tuarascáil bhliantúil ón Aire.

18. —Déanfaidh an tAire, a luaithe is féidir tar éis deireadh gach bliana, tuarascáil a leagan faoi bhráid gach Teach den Oireachtas ina dtabharfar in aghaidh na bliana sin—

(a) sonraí ar imeachtaí an Aire faoin Acht seo, agus

(b) chomh fada agus is féidir é, cuntas staidreamhach ar iascaigh an Stáit, arna eagrú agus arna aicmiú faoi cibé mírchinn éagsúla is dóigh leis an Aire is oiriúnaí chuige sin.

CUID III.

Ceantair Iascaigh agus Toghranna.

Ceantair iascaigh agus toghranna.

19. —(1) Faoi réir ordú faoi alt 20, beidh gach limistéar dá luaitear i gcolún (4) den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo ag aon uimhir thagartha ina cheantar iascaigh chun críocha an Achta seo agus tabharfar air an uimhir agus an t-ainm a luaitear i gcolúin (2) agus (3) faoi seach den Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin.

(2) Faoi réir ordú faoi alt 20, beidh gach ceann de na huiscí éagsúla a luaitear i gcolún (6) den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo ag aon uimhir thagartha ina thoghroinn, chun críocha an Achta seo, den cheantar iascaigh a luaitear a ainm i gcolún (3) den Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin, agus tabharfar ar gach toghroinn díobh sin an t-ainm a luaitear os a coinne i gcolún (5) den Sceideal sin.

(3) (a) Cuirfidh an tAire faoi deara go n-ullmhófar léarscáileanna (dá ngairtear na léarscáileanna oifigiúla san fho-alt seo) a thaispeánfaidh, ar cibé modh is cuí leis an Aire agus a chuirfidh sé in iúl orthu, teorainneacha gach ceann de na ceantair iascaigh éagsúla.

(b) Cuirfear séala oifigiúil an Aire ar na léarscáileanna oifigiúla.

(c) Chun críocha aon imeachtaí faoin Acht seo, beidh na léarscáileanna oifigiúla ina bhfianaise dhochloíte ar theorainneacha (mar thaispeánfar sin orthu) gach ceantair iascaigh.

(d) Taiscfear na léarscáileanna oifigiúla in oifig an Aire i mBaile Atha Cliath agus beidh siad ar fáil ansin lena n-iniúchadh ag aon duine leasmhar in aisce cibé tráthanna a ordóidh an tAire.

(e) In aon imeachtaí faoin Acht seo, beidh léarscáil a dheimhnigh oifigeach don Aire a bheith ina cóip dhílis de na léarscáileanna oifigiúla, nó d'aon chuid díobh, ina fianaise prima facie ar na léarscáileanna oifigiúla nó ar an gcuid sin díobh (de réir mar a bheidh) agus ní gá cruthúnas ar shíniú an duine a dheimhnigh an léarscáil sin ná cruthúnas gurbh oifigeach don Aire é.

Ceantair iascaigh nua agus toghranna nua a cheapadh.

20. —(1) Féadfaidh an tAire ó am go ham, le hordú, aon ní nó nithe acu seo a leanas a dhéanamh—

(a) ceantair iascaigh nua a cheapadh (trí chónascadh, foroinnt nó eile),

(b) toghranna nua a cheapadh (trí chónascadh, fo-roinnt nó eile),

(c) an líon coimeádaithe (nach mó ná naonúr agus nach lú na triúr) a cheapadh a bheidh le toghadh d'aon toghroinn nua a cheapfar faoin alt seo.

(2) Aon uair a cheapfaidh an tAire toghroinn nua le hordú faoin alt seo, féadfaidh sé—

(a) socrú a dhéanamh leis an ordú chun daoine a thoghadh le gníomhú mar choimeádaithe don toghroinn sin go dtí an chéad toghchán tríbhliantúil eile, nó

(b) daoine a ainmniú le gníomhú mar choimeádaithe don toghroinn sin go dtí an chéad toghchán tríbhliantúil eile.

(3) Aon uair a cheapfaidh an tAire ceantar iascaigh nua le hordú faoin alt seo, ceapfaidh sé leis an ordú sin teorainneacha an cheantair iascaigh sin agus cuirfidh sé i gceangal leis an ordú sin léarscáil oiriúnach a thaispeánfaidh na teorainneacha sin.

(4) Aon uair a cheapfaidh an tAire ceantar nua iascaigh le hordú faoin alt seo, féadfaidh sé, leis an ordú céanna nó le hordú ina dhiaidh sin, a ordú go ndéanfar an t-iomlán nó aon chuid shonraithe den airgead agus de na sócmhainní eile is le bord coimeádaithe aon cheantar iascaigh lena mbainfidh an t-ordú, ar dháta an ordaithe, a dhiúscairt, faoi réir dhliteanais an bhoird sin, ar cibé cuma is cuí leis an Aire a ordú agus a shonrú san ordú sin, agus, nuair a dhéanfar aon ordú den sórt sin, déanfar an t-airgead agus na sócmhainní eile lena mbainfidh sé a dhiúscairt amhlaidh faoi réir na ndliteanas sin.

(5) Aon uair a cheapfaidh an tAire ceantar iascaigh nua le hordú faoin alt seo, féadfaidh sé, leis an ordú céanna nó le hordú ina dhiaidh sin, socrú a dhéanamh chun an chéad chruinniú den bhord coimeádaithe don cheantar iascaigh nua sin a thionól.

(6) A luaithe is féidir tar éis a dhéanta, foilseofar gach ordú a dhéanfaidh an tAire faoin alt seo (gan an léarscáil (más ann) i gceangal leis, ach le ráiteas á insint cá bhféadfar an léarscáil sin (más ann) a iniúchadh) san Iris Oifigiúil agus i nuachtán nó nuachtáin a léitear sna ceantair iascaigh lena mbainfidh an t-ordú, agus déanfar cóip den ordú sin agus den léarscáil a bheidh i gceangal léi (má bhíonn) a thaisceadh le Cláraitheoir Contae gach contae, agus le Cléireach Cúirte Dúiche gach dúiche, a mbainfidh an t-ordú leis nó léi nó le haon chuid de nó di, agus i gach stáisiún Garda Síochána sna ceantair iascaigh lena mbainfidh an t-ordú.

CUID IV.

Boird Choimeádaithe.

Comhdhéanamh bord coimeádaithe.

21. —(1) Beidh bord coimeádaithe ann do gach ceantar iascaigh chun na feidhmeanna a thugtar dó leis an Acht seo a chomhlíonadh.

(2) Ar an mbord coimeádaithe do cheantar iascaigh beidh—

(a) comhaltaí tofa, is é sin, coimeádaithe de thuras na huaire do gach ceann de na toghranna atá sa cheantar iascaigh,

(b) coimeádaithe ex officio don cheantar iascaigh sin,

(c) comhaltaí ex officio (más ann) arna gceapadh faoi ailt 36, 37 nó 38, agus

(d) an uimhir ionadaithe (más aon ionadaí é) do shealbhóirí ceadúnas slaite breac a luaitear in alt 39.

Coimeádaithe do thoghranna.

Coimeádaithe do thoghranna a thoghadh gach bliain toghcháin.

22. —Gach bliain toghcháin déanfar toghchán coimeádaithe do gach toghroinn a chur ar siúl de réir an Achta seo.

An líon coimeádaithe do thorghanna.

23. —(1) Faoi réir ordú faoi fho-alt (2) den alt seo, is é líon coimeádaithe a bheidh ann do gach toghroinn dá n-ainmnítear i gcolún (5) den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo an líon atá leagtha amach i gcolún (7) den Sceideal sin os coinne lua na toghroinne sin.

(2) (a) Féadfaidh an tAire, aon uair agus gach uair is cuí leis é, an líon coimeádaithe d'aon toghroinn a athrú, le hordú, ach ní dhéanfar le haon ordú den sórt sin an líon coimeádaithe sin a mhéadú os cionn naonúr ná a laghdú faoi bhun triúir.

(b) Gach ordú a dhéanfar faoin bhfo-alt seo i leith toghroinne tiocfaidh sé i ngníomh ag an gcéad toghchán tríbhliantiúil le haghaidh coimeádaithe don toghroinn sin a chuirfear ar siúl tar éis dáta an ordaithe.

(c) Ní bhainfidh an fo-alt seo le dhá thoghroinn taoide Cheantar Uimh. 8 nó Cheantar Luimnigh.

An toghlach do thoghchán coimeádaithe do thoghroinn agus scála na vótaí.

24. —(1) San alt seo—

ciallaíonn an abairt “ceadúnas eiscithe” aon cheadúnas arb éard é—

(a) ceadúnas iascaireachta a eisíodh i mbliain toghcháin, ach tar éis an 31ú lá d'Iúil an bhliain sin, nó

(b) ceadúnas slaite bradán atá bailí ar feadh tréimhse nach giorra ná bliain, nó

(c) gnáth-cheadúnas slaite bradán atá bailí ar feadh bliana áirithe agus a eisíodh chun duine is sealbhóir ar cheadúnas slaite bradán (Limistéar an Fheabhail) atá bailí ar feadh na bliana sin, nó

(d) ceadúnas slaite bradán ar ráta laghdaithe dleachta ceadúnais is iníoctha ina leith faoi fho-alt (5) d'alt 74, nó

(e) ceadúnas slaite breac;

ciallaíonn an abairt “dleacht cheadúnais bharúlach”, maidir le ceadúnais áitiúil speisialta á údarú inneall iascaireachta de chineál áirithe a úsáid, an tsuim dob iníoctha mar dhleacht cheadúnais i leith an cheadúnais sin dá mba ghnáth-cheadúnas iascaireachta é á údarú inneall iascaireachta den chineál céanna a úsáid.

(2) Gach duine (seachas an tAire) is sealbhóir ar ghnáthcheadúnas iascaireachta amháin nó níos mó nó ar cheadúnais iascaireachta oisrí amháin nó níos mó (nach ceadúnais eiscithe) atá bailí nó a bhfuil gach ceann díobh bailí ar feadh bliain toghcháin áirithe agus a eisíodh i dtoghroinn áirithe, beidh sé i dteideal vótáil go pearsanta sa toghchán coimeádaithe a chuirfear ar siúl an bhliain sin don toghroinn sin agus beidh vóta nó vótaí aige ann de réir an scála seo a leanas—

más lú ná trí phunt an dleacht cheadúnais i leith an cheadúnais sin (i gcás gan ach ceann amháin a bheith aige) nó suim na ndleachtanna ceadúnais i leith na gceadúnas sin go léir (i gcás níos mó ná ceann amháin a bheith aige), vóta amháin,

más lú ná sé phunt ach nach lú ná trí phunt an dleacht cheadúnais i leith an cheadúnais sin (i gcás gan ach ceann amháin a bheith aige) nó suim na ndleachtanna ceadúnais i leith na gceadúnas sin go léir (i gcás níos mó ná ceann amháin a bheith aige), dhá vóta,

más lú ná deich bpunt ach nach lú ná sé phunt an dleacht cheadúnais i leith an cheadúnais sin (i gcás gan ach ceann amháin a bheith aige) nó suim na ndleachtanna ceadúnais i leith na gceadúnas sin go léir (i gcás níos mó ná ceann amháin a bheith aige), trí vóta,

mura lú ná deich bpunt an dleacht cheadúnais i leith an cheadúnais sin (i gcás gan ach ceann amháin a bheith aige) nó suim na ndleachtanna ceadúnais i leith na gceadúnas sin go léir (i gcás níos mó ná ceann amháin a bheith aige), ceithre vóta.

(3) (a) Má tá an tAire ina shealbhóir ar ghnáth-cheadúnas iascaireachta amháin nó níos mó atá bailí nó a bhfuil gach ceann díobh bailí ar feadh bliain toghcháin áirithe agus a eisíodh i dtoghroinn áirithe, beidh sé i dteideal vótáil, trí sheachvótalaí arna cheapadh aige, i dtoghchán coimeádaithe a chuirfear ar siúl an bhliain sin don toghroinn sin agus in aghaidh gach ceadúnais den sórt sin beidh vóta nó vótaí aige ann de réir an scála seo a leanas—

más lú na trí phunt an dleacht cheadúnais ina leith, vóta amháin,

más lú ná sé phunt ach nach lú ná trí phunt an dleacht cheadúnais ina leith, dhá vóta,

más lú ná deich bpunt ach nach lú ná sé phunt an dleacht cheadúnais ina leith, trí vóta,

mura lú ná deich bpunt an dleacht ceadúnais ina leith, ceithre vóta.

(b) Ní gá stampa ar ionstraim cheaptha seachvótálaí faoi mhír (a) den fho-alt seo.

(4) Gach duine is sealbhóir ar cheadúnas áitiúil speisialta amháin nó níos mó (nach ceadúnais eiscithe) atá bailí nó a bhfuil gach ceann díobh bailí ar feadh bliain toghcháin áirithe i leith uiscí taoide speisialta i dtoghroinn áirithe, beidh sé i dteideal vótáil go pearsanta sa toghchán coimeádaithe a chuirfear ar siúl an bhliain toghcháin sin don toghroinn sin agus beidh vóta nó vótaí aige ann de réir an scála seo a leanas—

más lú ná trí phunt an dleacht cheadúnais bharúlach i leith an cheadúnais sin (i gcás gan ach ceann amháin a bheith aige) nó suim na ndleachtanna ceadúnais barúlacha i leith na gceadúnas sin go léir (i gcás níos mó ná ceann amháin a bheith aige), vóta amháin,

más lú ná sé phunt ach nach lú ná trí phunt an dleacht cheadúnais bharúlach i leith an cheadúnais sin (i gcás gan ach ceann amháin a bheith aige) nó suim na ndleachtanna ceadúnais barúlacha i leith na gceadúnas sin go léir (i gcás níos mó ná ceann amháin a bheith aige), dhá vóta,

más lú ná deich bpunt ach nach lú ná sé phunt an dleacht cheadúnais bharúlach i leith an cheadúnais sin (i gcás gan ach ceann amháin a bheith aige) nó suim na ndleachtanna ceadúnais barúlacha sin go léir (i gcás níos mó ná ceann amháin a bheith aige), trí vóta,

mura lú ná deich bpunt an dleacht cheadúnais bharúlach i leith an cheadúnais sin (i gcás gan ach ceann amháin a bheith aige, nó suim na ndleachtanna ceadúnais barúlacha sin go léir (i gcás níos mó ná ceann amháin a bheith aige), ceithre vóta.

(5) Má bhíonn duine is áititheoir rátaithe ar iascach (ar lú ná caoga punt a luacháil inrátaithe) i dtoghroinn áirithe tar éis an ráta iascaigh a íoc ar an iascach sin in aghaidh na bliana iascaigh deiridh roimh an mbliain toghcháin sin agus gur punt nó níos mó méid an ráta iascaigh sin, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas—

(a) beidh an duine sin nó a ghníomhaire a bheidh ceaptha go cuí faoi alt 328 i dteideal vótáil sa toghchán coimeádaithe a chuirfear ar siúl an bhliain toghcháin sin don toghroinn sin agus beidh sé i dteideal, i dteannta aon vóta nó vótaí chun a mbeidh teideal aige faoi fho-alt (2) den alt seo, vóta nó vótaí a bheith aige ann de réir an scála seo a leanas—

(i) más lú ná trí phunt méid an ráta iascaigh sin, vóta amháin,

(ii) más lú ná sé phunt ach nach lú ná trí phunt an méid sin, dhá vóta,

(iii) más lú ná deich bpunt ach nach lú ná sé phunt an méid sin, trí vóta,

(iv) mura lú ná deich bpunt an méid sin, ceithre vóta,

(b) is leor-fhianaise ar cheart an duine sin nó a aturnae nó a ghníomhaire chun votáil sa toghchán sin admháil ar an dara leath den ráta iascaigh sin a thabhairt ar aird.

(6) Ní bheidh aon duine i dteideal vótáil i dtoghchán coimeádaithe a chuirfear ar siúl bliain toghcháin áirithe do thoghroinn áirithe, ach amháin duine a bheidh i dteideal vótáil sa toghchán sin de bhua an ailt seo.

(7) San Acht seo, forléireofar tagairtí do thoghlach toghroinne do bhliain toghcháin mar thagairtí do na daoine a bheidh, de bhua an ailt seo, i dteideal vótáil sa toghchán coimeádaithe don toghroinn sin a chuirfear ar siúl an bhliain sin.

Cáilíocht chónaithe nó cáilíocht mhaoine coimeádaithe.

25. —Ní bheidh aon duine incheaptha chun oifig choimeádaí do thoghroinn mura bhfuil cónaí air nó maoin réadach aige sa cheantar iascaigh ina bhfuil an toghroinn sin.

Dícháiliú chun duine a thoghadh mar choimeádaí.

26. —I gcás duine a chiontú i gcion faoi na hachtacháin aisghairthe nó i gcion faoi aon fhoráil den Acht seo, beidh sé, ar a chiontú amhlaidh, dícháilithe chun a thofa ina chomhalta de bhord coimeádaithe go ceann tréimhse seacht mbliana ó dháta an chiontaithe.

Toghcháin tríbhliantúla choimeádaithe.

27. —(1) Déanfaidh gach bord coimeádaithe, gach bliain toghcháin, cibé lá i Mí Dheireadh Fómhair sa bhliain toghcháin sin agus cibé am agus áit is cuí leis, a cheapadh, i leith gach toghroinne is cuid dá cheantar iascaigh, chun cruinniú a thionól de thoghlach na toghroinne sin don bhliain toghcháin sin, agus foilseoidh sé i dhá nuachtán nó níos mó a léitear ina cheantar iascaigh fógra ceithre lá dhéag ina n-inseofar an lá, an t-am agus an áit a cheapfaidh sé amhlaidh.

(2) Mura gceapfaidh bord coimeádaithe, de réir fho-alt (1) den alt seo, lá, am agus áit chun cruinniú a thionól de thoghlach toghroinne d'aon bhliain toghcháin, féadfaidh an tAire an lá, an t-am agus an áit sin a cheapadh.

(3) An lá agus an t-am agus an áit a cheapfar faoi fho-alt (1) nó fo-alt (2) den alt seo chun cruinniú a thionól de thoghlach toghroinne d'aon bhliain toghcháin, tionólfar an cruinniú sin agus toghfar aige an líon coimeádaithe is iomchuí don toghroinn sin.

(4) Beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas maidir le gach toghchán coimeádaithe do thoghroinn a chuirfear ar siúl, de bhun an Achta seo, bliain toghcháin ag cruinniú de thoghlach na toghroinne sin don bhliain toghcháin sin:—

(a) san fho-alt seo ciallaíonn an focal “toghthóir” duine den toghlach sin agus, más toghthóir an tAire, folaíonn sé seachvótálaí don Aire,

(b) ní bheidh duine ar bith seachas an tAire i dteideal vótáil trí sheachvótálaí,

(c) toghfaidh na toghthóirí a bheidh i láthair ag an gcruinniú duine dá líon ina chathaoirleach ar an gcruinniú.

(d) beidh gach toghthóir a bheidh i láthair ag an gcruinniú i dteideal vótáil ann, de réir fhorálacha alt 24,

(e) a luaithe is féidir tar éis críochnú an toghcháin, comhairfidh an cathaoirleach na vótaí a fuarthas agus fogróidh sé toradh an toghcháin,

(f) déanfaidh an cathaoirleach ansin toghadh gach coimeádaí a dheimhniú faoina láimh agus deimhniú a thabhairt dó a bheidh ina leorfhianaise gur toghadh é,

(g) laistigh de cheithre lá tar éis an chruinnithe, cuirfidh an cathaoirleach cuntas chun an Aire ina dtaispeánfar ainm, áit chónaithe agus baile poist gach coimeádaí a toghadh,

(h) má fhaillíonn na toghthóirí freastal ar an gcruinniú sin nó mura dtoghfaidh siad coimeádaithe, féadfaidh coimeádaithe aon toghroinne nó toghranna eile sa cheantar iascaigh céanna dá dtoghfar coimeádaithe an bhliain toghcháin sin gníomhú, mar sin féin, i ngach ábhar agus ní a bhaineann leis an gceantar sin.

(5) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh ina mbeidh cibé forálacha, nach mbeidh ar neamhréir leis an Acht seo, is cuí leis maidir le toghcháin na gcoimeádaithe do thoghroinn agus déanfar gach toghchán den sórt sin de réir na rialachán sin.

Athchoimeádaithe le gníomhú mura mbíonn toghchán ann.

28. —Más rud é go mbeidh an toghlach do na toghranna go léir i gceantar iascaigh gan coimeádaithe a thoghadh aon bhliain toghcháin faoi alt 27, fanfaidh na comhaltaí tofa a bheidh roimhe sin ar an mbord coimeádaithe don cheantar iascaigh sin i seilbh oifige agus measfar gurb í an bhliain toghcháin sin a toghadh iad mar chomhaltaí tofa den sórt sin.

Téarma oifige coimeádaithe.

29. —Beidh gach coimeádaí tofa toghroinne, murab éag, éirí as nó teacht faoi dhícháilíocht roimhe sin dó, i seilbh oifige ón gcéad lá i ndiaidh dáta a thofa go dtí meán oíche an lae ar a gcuirfear an chéad toghchán eile coimeádaithe don toghroinn iomchuí ar siúl de bhun alt 27.

Comhalta tofa de bhord coimeádaithe a bheith dícháilithe ar a chiontú i gcion.

30. —I gcás duine is comhalta tofa de bhord coimeádaithe a chiontú i gcion faoi na hachtacháin aisghairthe nó i gcion faoi aon fhoráil den Acht seo, scoirfidh sé, ar a chiontú amhlaidh, de bheith ina chomhalta den bhord sin.

Coimeádaí nach bhfreastalóidh ar chruinnithe a bheith dícháilithe.

31. —(1) Aon choimeádaí do thoghroinn a fhanfaidh as láthair ar feadh tréimhse sé mhí as a chéile ó chruinnithe uile an bhoird don cheantar iascaigh ina bhfuil an toghroinn sin agus ó chruinnithe uile na gcoimeádaithe don toghroinn sin, beidh sé dícháilithe chun leanúint de bheith ina chomhalta den bhord sin agus i gceann coicíse tar éis deireadh na tréimhse sin tiocfaidh a ionad ar an mbord sin chun bheith, agus beidh sé, folamh faoi réir an ailt seo.

(2) Aon uair a bheidh comhalta de bhord coimeádaithe ar thob, nó tar éis, a dhícháilithe faoi fho-alt (1) den alt seo chun leanúint de bheith ina chomhalta den bhord sin, féadfaidh an tAire, tráth nach déanaí ná coicís tar éis deireadh na tréimhse a luaitear san fho-alt sin (1) agus más dóigh leis go mbeadh sé ceart aige mar gheall ar chúrsaí speisialta an cháis, cibé tréimhse bhreise is cuí leis a chur leis an tréimhse sin, agus air sin beidh éifeacht ag an bhfo-alt sin (1) sa chás áirithe sin ionann is dá gcuirfí an tréimhse fhadaithe sin in ionad na tréimhse sin de shé mhí as a chéile, ach ní dhéanfar aon tréimhse sé mhí as a chéile den sórt sin a fhadú níos mó ná uair amháin faoin bhfo-alt seo.

Coimeádaí toghroinne d'éirí as oifig.

32. —(1) Féadfaidh coimeádaí do thoghroinn éirí as oifig tráth ar bith trí fhógra i scríbhinn a sheachadadh do chléireach bhord coimeádaithe an cheantar iascaigh ina bhfuil an toghroinn sin agus sa chás sin measfar (mura ndéantar an fógra a tharraingt siar roimhe sin) a éirí as a theacht in éifeacht i dtosach an chéad chruinniú a bheidh ag an mbord sin tar éis an fógra sin a sheachadadh.

(2) Féadfar fógra éirí as faoin alt seo a tharraingt siar trí fhógra i scríbhinn a sheachadadh do chléireach an bhoird choimeádaithe dár comhalta coimeádaí an fhógra a thabhairt agus é a sheachadadh dó roimh thosach an chéad chruinniú den bhord sin a thionólfar tar éis an fógra éirí as a sheachadadh.

(3) Féadfar fógra faoin alt seo a sheachadadh do chléireach an bhoird choimeádaithe dár comhalta coimeádaí an fhógra a thabhairt trína fhágáil dó ina oifig nó trína chur le litir-phost réamhíoctha i gclúdach faoi sheoladh an chléirigh ag a oifig.

Corrfholuntais i measc comhaltaí tofa.

33. —(1) Aon uair le linn téarma oifige aon bhoird choimeádaithe go dtarlóidh ionad aon chomhalta thofa den bhord a bheith folamh trí bhás, éirí as oifig, éagumas, nó dícháiliú, beidh sé dleathach do na comhaltaí eile den bhord nó cibé méid acu bheidh i láthair, trí rún a rithfear go cuí ag cruinniú den bhord, duine a thoghadh chun bheith ina chomhalta den bhord ar feadh a mbeidh gan chaitheamh de théarma oifige an bhoird in ionad an chomhalta a mbeidh a ionad folamh amhlaidh, agus líonfar aon chorrfholúntas den chineál sin ag, nó roimh, an dara cruinniú a bheidh ag an mbord tar éis an folúntas sin tarlú.

(2) Nuair a tharlóidh ionad aon chomhalta de bhord coimeádaithe a bheith folamh mar a dúradh, féadfaidh na comhaltaí eile den bhord fanacht ag gníomhú, d'ainneoin an fholúntais sin, go dtí go líonfar an folúntas faoin alt seo.

Coimeádaithe ex officio.

Aititheoirí rátaithe áirithe a bheith ina gcoimeádaitheex officio.

34. —Faoi réir alt 35, is coimeádaí ex officio do cheantar iascaigh gach duine is áititheoir rátaithe ar cheart eisiatach iascaigh nó ar chearta eisiatacha iascaigh (ar caoga punt nó níos mó a luacháil inrátaithe nó iomlán a luachálacha inrátaithe) sa cheantar iascaigh sin, ach má bhíonn beirt nó níos mó ná beirt áititheoir rátaithe den chineál sin ann ní bheidh thar duine amháin acu i dteideal gníomhú aon am áirithe mar choimeádaí ex officio i leith an iascaigh nó na n-iascach sin.

Dícháiliú chun gníomhú mar choimeádaí ex officio.

35. —(1) Ní mheasfar duine ar bith a bheith ina chomhalta ex officio de bhord coimeádaithe faoi alt 34 an fad a bheidh aon dliteanas a bheidh ar an duine sin i leith ráta iascaigh is iníoctha aige leis an mbord sin gan urscaoileadh ar feadh tréimhse is faide ná ceithre lá dhéag ó dháta an ráta iascaigh sin a theacht chun bheith iníoctha.

(2) I gcás—

(a) duine a chiontú i gcion faoi na hachtacháin aisghairthe nó i gcion faoi aon fhoráil den Acht seo, agus

(b) seilbh a bheith ag an duine sin ar dháta an chiontaithe sin, nó é a theacht dá éis sin chun bheith ina áititheoir rátaithe (ina aonar nó in éineacht le daoine eile), ar iascach eisiatach nó ar iascaigh eisiatacha ar caoga punt nó níos mó a luacháil inrátaithe nó iomlán a luachálacha inrátaithe.

beidh an duine sin dícháilithe chun gníomhú mar choimeádaí ex officio faoi alt 34 go ceann tréimhse seacht mbliana ó dháta an chiontaithe sin.

Comhaltaí ex officio

Comhaltaí ex officioa cheapadh i leith iascaigh na Sionainne.

36. —(1) Ní bheidh feidhm ag alt 34 maidir le haon iascach a áirítear de thuras na huaire ar iascaigh na Sionainne (de réir bhrí Acht Iascaigh na Sionainne, 1935 (Uimh. 4 de 1935) ) agus ina ionad sin achtaítear leis seo—

(a) má bhíonn agus an fad a bheidh Bord Soláthair an Leictreachais mar úinéir, nó léasaí nó áititheoir ar aon iascach den sórt sin arbh iascach eisiatach é an lú lá d'Eanáir, 1931, agus nár lú ná caoga punt a luacháil faoi na hAchtanna Luachála ar an dáta sin, beidh an Bord sin i dteideal duine amháin a ainmniú chun bheith ina chomhalta ex officio i leith an iascaigh sin de bhord coimeádaithe an cheantair iascaigh ina bhfuil an t-iascach sin,

(b) má bhíonn agus an fad a bheidh an Bord sin mar úinéir, nó léasaí nó áititheoir ar roinnt iascach den sórt sin sa cheantar iascaigh céanna arbh iascaigh eisiatach a iad an lú lá d'Eanáir, 1931, agus a bhí ar an dáta sin ar úinéireacht nó ar sealúchas nó ar áitiú ag an duine céanna agus nár lú ná caoga punt comhiomlán a luachálacha faoi na hAchtanna Luachála ar an dáta sin, beidh an Bord sin i dteideal duine amháin a ainmniú chun bheith ina chomhalta ex officio i leith na n-iascach sin de bhord coimeádaithe an cheantair iascaigh sin.

(2) Má bhíonn Bord Soláthair an Leictreachais i dteideal faoi fho-alt (1) den alt seo dhá chomhalta ex officio nó níos mó de bhord coimeádaithe a ainmniú, féadfaidh an Bord sin, in ionad an dá chomhalta sin nó níos mó a ainmniú, gan ach comhalta amháin a ainmniú chun bheith ina chomhalta ex officio den bhord coimeádaithe sin, agus i gcásanna den sórt sin beidh ag an duine amháin sin, agus beidh infheidhmithe aige, ag cruinnithe den bhord coimeádaithe sin uimhir vótaí a bheidh comhionann leis an líon comhaltaí ex officio den bhord coimeádaithe sin a bheidh an Bord sin i dteideal de thuras na huaire a ainmniú faoin bhfo-alt sin.

Comhaltaí ex officioa cheapadh i leith iascach eile a gheobhaidh Bord Soláthair an Leictreachais.

37. —(1) Ní bheidh feidhm ag alt 34 maidir le haon iascach a thógfaidh Bord Soláthair an Leictreachais faoi Chuid III den Acht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1945 (Uimh. 12 de 1945) , agus ina ionad sin achtaítear leis seo—

(a) má bhíonn agus an fad a bheidh an Bord sin mar úinéir, léasaí nó áititheoir ar aon iascach den sórt sin arbh iascach eisiatach é an lú lá d'Eanáir, 1931, beidh feidhm agus éifeacht ag an bhforáil seo a leanas, is é sin le rá, aon uair ar an dáta ar a ngearrfaidh bord coimeádaithe an cheantair iascaigh ina bhfuil an t-iascach sin an ráta iascaigh d'aon bhliain iascaigh, nach lú ná caoga punt luacháil an iascaigh sin faoi na hAchtanna Luachála, beidh an Bord sin i dteideal duine amháin a ainmniú chun bheith, go dtí go ngearrfar amhlaidh an chéad ráta iascaigh eile, ina chomhalta ex officio, i leith an iascaigh sin, de bhord coimeádaithe an cheantair ina bhfuil an t-iascach sin, agus

(b) má bhíonn agus an fad a bheidh an Bord sin mar úinéir, léasaí nó áititheoir ar dhá iascach nó níos mó den sórt sin sa cheantar iascaigh céanna arbh iascach eisiatach gach ceann ar leith díobh an lú lá d'Eanáir, 1931, beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha seo a leanas, is é sin le rá, aon uair, ar an dáta ar a ngearrfaidh bord coimeádaithe an cheantair iascaigh sin an ráta iascaigh d'aon bhliain iascaigh, nach lú ná caoga punt comhiomlán luachálacha na n-iascach sin faoi na hAchtanna Luachála, beidh an Bord sin i dteideal duine amháin a ainmniú chun bheith, go dtí go ngearrfar amhlaidh an chéad ráta iascaigh eile, ina chomhalta ex officio, i leith na n-iascach sin, de bhord coimeádaithe an cheantair ina bhfuil na hiascaigh sin.

(2) Má bhíonn Bord Soláthair an Leictreachais i dteideal, faoi fho-alt (1) den alt seo, dhá chomhalta ex officio nó níos mó de bhord coimeádaithe a ainmniú, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:—

(a) beidh an Bord sin i dteideal cibé méid comhaltaí ex officio (cibé acu comhalta amháin nó níos mó ná sin é) den bhord coimeádaithe sin a ainmniú a mheasfaidh an Bord sin is ceart, ach gan dul thar an méid iomlán comhaltaí den sórt sin a bheidh an Bord sin i dteideal a ainmniú faoin bhfo-alt sin;

(b) gach comhalta ex officio den bhord coimeádaithe sin a ainmneoidh an Bord sin amhlaidh, ainmneofar é mar ionadaí d'aon iascach nó grúpa iascach amháin nó níos mó a shonrófar agus a mbeidh an Bord sin i dteideal, faoin bhfo-alt sin, comhaltaí ex officio den bhord coimeádaithe sin a ainmniú ina leith, ach sin i slí go mbeidh na comhaltaí ex officio sin a ainmneofar amhlaidh ina n-ionadaithe eatarthu do na hiascaigh nó na grúpaí iascach go léir a mbeidh an Bord sin i dteideal mar a dúradh comhaltaí ex officio den bhord coimeádaithe sin a ainmniú ina leith;

(c) gach comhalta ex officio den bhord coimeádaithe sin a ainmneoidh an Bord sin amhlaidh, beidh aige, agus beidh infheidhmithe aige, ag cruinnithe den bhord coimeádaithe sin uimhir vótaí is ionann agus an uimhir (cibé acu ceann amháin nó níos mó é) d'iascaigh nó de ghrúpaí iascach dá mbeidh sé ainmnithe faoi mhír (b) den fho-alt seo mar ionadaí.

Ainmniú comhaltaí ex officio ag an Aire.

38. —(1) Más rud é, ar an dáta a ngearrfaidh bord coimeádaithe an ráta iascaigh d'aon bhliain iascaigh, nach lú ná caoga punt an luacháil faoi na hAchtanna Luachála ar aon iascach dílsithe i gceantar iascaigh an bhoird sin, féadfaidh an tAire duine amháin a ainmniú mar ionadaí uaidh chun bheith, go dtí go ngearrfaidh an bord sin an chéad ráta iascaigh eile, ina chomhalta ex officio den bhord sin i leith an iascaigh sin.

(2) I gcás—

(a) dhá iascach dhílsithe nó níos mó sa cheantar iascaigh céanna a dhílsiú san Aire ar an dáta céanna, agus

(b) na hiascaigh sin a bheith díreach roimh iad a dhílsiú amhlaidh ar úinéireacht nó ar áitiú ag an duine céanna,

ansin, chun críocha fho-alt (1) den alt seo, measfar gurb aon iascach amháin na hiascaigh sin agus gurb é a luacháil inrátaithe luacháil inrátaithe chomhiomlán na n-iascach sin go léir.

(3) I gcás aon iascach dílsithe a bheith ar léas de thuras na huaire nó a bheith ina iascach neamhúsáidte de thuras na huaire, ansin, chun críocha fho-ailt (1) agus (2) den alt seo, measfar gur neamhní luacháil inrátaithe an iascaigh sin.

(4) I gcás an tAire a bheith i dteideal, faoi fho-alt (1) den alt seo, comhaltaí ex officio de dhá bhord coimeádaithe nó níos mó a ainmniú, féadfaidh sé an duine céanna a ainmniú chun bheith ina chomhalta ex officio de gach bord ar leith acu sin.

(5) I gcás an tAire a bheith i dteideal, faoi fho-alt (1) den alt seo, dhá chomhalta ex officio nó níos mó de bhord coimeádaithe a ainmniú, féadfaidh sé gan ach duine amháin a ainmniú, agus, sa chás sin, beidh ag an duine amháin sin agus beidh infheidhmithe aige, ag cruinnithe den bhord sin, uimhir vótaí is ionann agus an uimhir de na comhaltaí ex officio den bhord sin a bheidh an tAire i dteideal a ainmniú de thuras na huaire.

(6) San alt seo tá leis na habairtí “iascach dílsithe” agus “iascach neamhúsáidte” na bríonna chéanna atá leo faoi seach i gCuid XII.

Ionadaíocht ag duánaithe breac ar bhord coimeádaithe.

Ionadaíocht ag duánaithe breac ar bhord coimeádaithe.

39. —(1) Más rud é go mbeidh in aon cheantar iascaigh an uimhir de cheadúnais slaite breac a eiseofar aon bhliain ina mbeidh toghchán do bhord coimeádaithe don cheantar sin comhionann le caoga faoin gcéad ar a laghad den uimhir de cheadúnais slaite bradán a eisíodh sa cheantar sin i gcaitheamh na bliana sin agus ar ar íocadh dleacht cheadúnais dhá phunt, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:—

(a) i gcás nach mbeidh uimhir na gceadúnas slaite breac sin níos mó ná seachtó a cúig faoin gcéad d'uimhir na gceadúnas slaite bradán sin, féadfaidh sealbhóirí na gceadúnas slaite breac sin duine dá líon a thoghadh mar ionadaí chun suí ar an mbord coimeádaithe sin;

(b) i gcás ar bith eile, féadfaidh na sealbhóirí sin beirt dá líon a thoghadh mar ionadaithe chun suí ar an mbord coimeádaithe sin.

(2) Beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas maidir le haon duine a thoghfar faoi fho-alt (1) den alt seo aon bhliain mar ionadaí chun suí ar an mbord coimeádaithe do cheantar:—

(a) faoi réir fhorálacha an Achta seo, suífidh an duine sin agus gníomhóidh sé mar choimeádaí ar an mbord sin agus beidh sé ina dhuine breise ar an líon coimeádaithe a bheidh le toghadh don cheantar sin faoin Acht seo;

(b) beidh an duine sin i seilbh oifige, mura dtarlóidh roimhe sin é d'fháil bháis nó é d'éirí as oifig nó é d'éirí éagumasach nó a theacht faoi dhícháilíocht, ar feadh tréimhse oifige na ngnáth-choimeádaithe a thoghfar don cheantar sin an bhliain a thoghfar an duine sin;

(c) más rud é, le linn a thréimhse oifige, go bhfaighidh an duine sin bás, go n-éireoidh sé as oifig nó go n-éireoidh sé éagumasach, nó go dtiocfaidh sé faoi dhícháilíocht chun gníomhú mar choimeádaí, féadfaidh an bord sin ag an dara cruinniú tar éis é d'fháil bháis, nó d'éirí as oifig, d'éirí éagumasach nó a theacht faoi dhícháilíocht amhlaidh, nó roimh an gcruinniú sin, duine eile, is sealbhóir ar cheadúnas slaite breac a d'eisigh an bord sin, a chomhthoghadh ina ionad chun an folúntas, a tharla de dheasca é d'fháil bháis, d'éirí as oifig, d'éirí éagumasach nó a theacht faoi dhícháilíocht amhlaidh, a líonadh ar feadh a mbeidh gan chaitheamh de thréimhse oifige an bhoird sin.

(3) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, cibé forálacha a dhéanamh is cuí leis maidir le toghcháin faoi fho-alt (1) den alt seo, agus déanfar gach toghchán den sórt sin de réir na rialachán sin.

(4) In aon toghchán faoi fho-alt (1) den alt seo beidh duine is sealbhóir ar cheadúnas slaite breac i dteideal vóta amháin agus sin an méid, cibé acu is sealbhóir é ar níos mó ná ceadúnas slaite breac amháin nó nach ea.

(5) San alt seo ní fholóidh an abairt “ceadúnais slaite breac” ceadúnais slaite breac (sóisear).

Oifigigh agus Seirbhísigh.

Oifigigh bhord coimeádaithe.

40. —(1) Faoi réir fhorálacha an ailt seo féadfaidh bord coimeádaithe cléireach nó cléirigh a cheapadh agus cibé líon cigirí agus maor uisce is dóigh leis an mbord a bheith riachtanach chomh fada is a bheidh sin d'acmhainn ag na cistí a bheidh faoina réir ag an mbord, ach sin an méid, chun na hiascaigh ina gceantar a chosaint agus chun an tAcht seo a chur i bhfeidhm go ginearálta sa cheantar sin.

(2) Beidh gach ceapachán cléirigh nó oifigigh nó seirbhísigh eile a dhéanfaidh bord coimeádaithe agus tuarastal, liúntais agus seilbh oifige gach duine a cheapfar amhlaidh faoi réir fhormheas an Aire, agus ní thiocfaidh aon cheapachán den sórt sin in éifeacht mura gcuirfear agus go dtí go gcuirfear formheas an Aire air in iúl i scríbhinn don bhord.

(3) Tógfaidh bord coimeádaithe ó aon chléireach agus ó aon oifigeach nó duine eile a bheidh ag fáil airgid don bhord leor-urrús go gcomhlíonfaidh sé a dhualgais go cuí agus go dtabharfaidh sé cuntas cuí san airgead sin.

(4) Ní fhoirceannfar tréimhse oifige chléirigh ná aon oifigigh nó seirbhísigh eile do bhord coimeádaithe ar an aonchúis gur scoir comhaltaí an bhoird sin dá n-oifig nó gur cuireadh as oifig iad.

(5) Féadfaidh bord coimeádaithe ó am go ham aon oifigeach nó seirbhíseach a chur as oifig.

(6) Féadfaidh an tAire tráth ar bith trí fhógra i scríbhinn a cheangal ar bhord coimeádaithe aon chléireach nó oifigeach nó seirbhíseach eile don bhord a fhionraí ó dhualgas nó a dhífhostú agus más rud é go bhfailleoidh bord coimeádaithe ar fead tréimhse míosa fógra faoin alt seo a chomhlíonadh féadfaidh an tAire féin, le hordú, an cléireach nó an t-oifigeach nó an seirbhíseach eile a luafar sin fhógra a fhionraí ó dhualgas nó a dhífhostú.

(7) Déanfar gach ionstraim lena gceapfaidh bord coimeádaithe aon chisteoir, cléireach, cigire, maor uisce nó oifigeach eile—

(a) a ullmhú agus a chló san fhoirm fhorordaithe,

(b) a shéalú le séala an bhoird, agus

(c) a shíniú ag triúr comhaltaí ar a laghad den bhord.

(8) Beidh gach ionstraim cheapacháin ó bhord coimeádaithe a airbheartóidh a bheith séalaithe le séala an bhoird ina leorfhianaise ar an gceapachán sin.

(9) Ní bheidh aon dleacht stampa iníoctha ar ionstraim cheapacháin ó bhord coimeádaithe.

(10) Ní bheidh aon chomhalta de bhord coimeádaithe incháilithe le haghaidh aon oifig íoctha faoin mbord.

Dualgais chléireach bhord coimeádaithe.

41. —(1) Déanfaidh cléireach bhord coimeádaithe—

(a) freastal ar chruinnithe uile an bhoird,

(b) cuntas fíor a bhreacadh agus a choimeád, i leabhar nó i leabhair a sholáthrófar chuige sin, ar an airgead a fuair an bord agus ar a úsáid, agus ar ghníomhartha, imeachtaí agus idirbhearta uile an bhoird,

(c) cibé dualgais eile a chomhlíonadh a ordóidh an bord,

(d) cuntas a thabhairt don Aire gach bliain nó a mhinice a iarrfaidh an tAire é ar an airgead uile a fuarthas agus a íocadh i leith cheantar iascaigh an bhoird.

(2) Aon uair a thairgfear ag cruinniú de bhord coimeádaithe aon ghníomh, ní nó rud a dhéanamh a mbeidh íocaíocht neamhdhleathach le déanamh dá dhroim as cistí an bhoird sin, nó ar dóigh easnamh sna cistí sin nó caillteanas dóibh a theacht dá chionn, beidh de dhualgas ar chléireach an bhoird sin agóid a dhéanamh i gcoinne an gníomh, an ní nó an rud sin a dhéanamh agus forais na hagóide sin a lua, agus déanfar an agóid sin agus a forais agus, má thugtar cinneadh ar an tairiscint sin, ainmneacha na gcomhaltaí den bhord sin a bhí i láthair agus na gcomhaltaí díobh a vótáil ar thaobh an chinnte sin nó ina choinne agus na gcomhaltaí díobh nár vótáil ar an gcinneadh sin a thaifeadadh ar mhiontuairiscí an chruinnithe sin,

Forálacha Airgeadais.

Cisteoir an bhoird.

42. —Féadfaidh bord coimeádaithe banc a cheapadh chun ghíomhú mar chisteoir dó.

Dleachtanna ceadúnais, etc., a íoc leis an gcisteoir.

43. —Déanfar an t-airgead go léir a gheobhaidh bord coimeádaithe nó a gheofar thar a cheann faoin Acht seo a íoc le cisteoir an bhoird.

Iocaíochtaí ón gcisteoir.

44. —Déanfaidh cisteoir bord coimeádaithe, as airgead a bheidh de thuras na huaire i gcreidiúint don bhord, na suimeanna go léir a bheidh le híoc ag an gcisteoir a íoc ar dhréacht nó ordú arna shíniú ag an gcathaoirleach ag aon ghnáth-chruinniú den bhord agus ag dhá chomhalta eile den bhord.

Iocaíochtaí ó bhoird choimeádaithe leis an Aire i leith ceadúnas áitiúla speisialta.

45. —(1) I gcás ina n-eiseoidh bord coimeádaithe aon cheadúnais áitiúla speisialta aon mhí, íocfaidh an bord sin, tríocha lá ar a dhéanaí tar éis deireadh na míosa sin, leis an Aire, i leith gach ceadúnais áitiúil speisialta a d'eisigh an bord sin an mhí sin, suim is comhionann leis an difríocht idir—

(a) an dleacht cheadúnais a íocfaí ina leith dá mba ghnáthcheadúnas é á údarú úsáid a bhaint as inneall iascaireachta den chineál céanna leis an gceann lena mbaineann an ceadúnas áitiúil speisialta sin, agus

(b) an dleacht cheadúnais áitiúil speisialta a íocadh i leith an cheadúnais sin.

(2) Déanfar an t-airgead go léir a gheobhaidh an tAire faoin alt seo a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais.

Bord coimeádaithe le meastachán bliantúil a thabhairt.

46. —(1) Beidh de dhualgas ar gach bord coimeádaithe meastachán a thabhairt don Aire, an 30ú lá de Shamhain nó roimhe sin gach bliain iascaigh, ar an airgead go léir a bheidh le fáil aige an bhliain iascaigh sin agus ar a mbeidh beartaithe a dhéanamh leis an airgead sin agus ar chaiteachas eile a bheidh beartaithe a dhéanamh an bhliain iascaigh sin.

(2) Féadfaidh an tAire aon mheastachán ar chaiteachas a bheidh beartaithe a thabharfar dó de bhun fo-alt (1) den alt seo a cheadú gan leasú nó le cibé leasuithe (trí athrú nó breisiú nó fágáil ar lár) is oiriúnach leis.

Srian le caiteachas ag boird choimeádaithe.

47. —Ní rachaidh bord coimeádaithe aon bhliain iascaigh faoi aon chaiteachas taobh amuigh de cibé caiteachas a bheidh luaite sa mheastachán ar chaiteachas don bhliain iascaigh sin mar a cheadóidh an tAire é faoi alt 46 agus aon chaiteachas breise a cheadóidh an tAire go speisialta (má cheadaíonn).

Cuntais bhord coimeádaithe.

48. —Beidh feidhm maidir le cuntais bhord coimeádaithe agus le hiniúchadh agus le hiniúchóir na gcuntas sin ag na forálacha atá leagtha amach sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

An Ciste Caomhnaithe Bradán.

49. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “Acht 1954” an t Acht um Chiste Caomhanta Bradán, 1954 (Uimh. 4 de 1954) (a aisghaireadh le hAcht 1958);

ciallaíonn “Acht 1958” an t Acht Iascaigh (Leasú), 1958 (Uimh. 15 de 1958) (a aisghairtear leis an Acht seo);

ciallaíonn “an Ciste” an Ciste Caomhnaithe Bradán a bunaíodh le halt 5 d'Acht 1954 agus a choimeádtar ar marthain le fo-alt (2) d'alt 8 d'Acht 1958;

ní fholaíonn “bradáin” bradáin leasaithe i stáin, i mbuidéil, i searróga nó i gcoimeádáin dá samhail sin agus gan iontu ach codanna d'iasc nó táirgí éisc;

(2) Leanfaidh an tAire den Chiste a chothabháil.

(3) (a) Féadfaidh an tAire ó am go ham le hordú a fhoráil nach n-onnmhaireoidh duine ar bith bradáin mura dtugtar ar aird tráth an onnmhuirithe fianaise, i cibé foirm a fhorordófar, gur íocadh tobhach de réir an ráta fhorordaithe ar na bradáin sin.

(b) Féadfaidh an tAire le hordú, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, ordú faoi mhír (a) den fho-alt seo a chúlghairm.

(4) (a) Féadfaidh an tAire ó am go ham, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, an ráta tobhaigh a bheidh le híoc ar bhradáin a bheidh le honnmhuiriú, agus modh a íoctha, a fhorordú le rialacháin.

(b) Féadfar rátaí éagsúla tobhaigh a fhorordú do thréimhsí éagsúla.

(c) Faoi réir mhír (d) den fho-alt seo ní bheidh an ráta tobhaigh níos mó ná dhá phingin an punt meáchain.

(d) Féadfaidh an tAire ó am go ham, le hordú, a fhoráil go bhféadfar a fhorordú gur ráta sonraithe is mó ná dhá phingin an punt meáchain ráta an tobhaigh, ach ní bheidh éifeacht ag aon ordú den sórt sin mura ndaingnítear agus go dtí go ndaingneofar é le rún ó gach Teach den Oireachtas.

(5) Déanfaidh gach bord coimeádaithe agus gach duine eile a bhaileoidh tobhaigh faoin alt seo na suimeanna uile a bhaileofar amhlaidh a íoc leis an Aire a luaithe is féidir.

(6) (a) Aon uair a tharlóidh, de bhua ordú faoi mhír (b) d'fho-alt (1) d'alt 68, gur mó ná dhá phunt an dleacht ghnáth-cheadúnais is iníoctha de thuras na huaire ar ghnáth-cheadúnas slaite bradán (bliantúil) a bheidh bailí ar feadh bliana áirithe déanfaidh gach bord coimeádaithe, maidir le gach ceadúnas den sórt sin a d'eisigh sé agus a bheidh bailí ar feadh na bliana sin, méid na breise sin a íoc leis an Aire roimh dheireadh na bliana sin.

(b) Aon uair a tharlóidh, de bhua ordú faoi mhír (b) d'fho-alt (1) d'alt 68, gur mó ná punt an dleacht ghnáthcheadúnais is iníoctha de thuras na huaire ar ghnáthcheadúnas slaite bradán (seacht lá) a bheith bailí ar feadh tréimhse áirithe seacht lá, déanfaidh gach bord coimeádaithe, maidir le gach ceadúnas den sórt sin a d'eisigh sé agus a bheidh bailí ar feadh na tréimhse sin, méid na breise sin a íoc leis an Aire roimh dheireadh na bliana ina mbeidh an tréimhse sin.

(c) Aon uair a tharlóidh, de bhua ordú faoi mhír (b) d'fho-alt (1) d'alt 68, gur mó ná punt agus deich scilling an dleacht ghnáth-cheadúnais is iníoctha ar ghnáthcheadúnas slaite bradán (lá agus fiche) a bheidh bailí ar feadh tréimhse áirithe lá agus fiche, déanfaidh gach bord coimeádaithe, maidir le gach ceadúnas den sórt sin a d'eisigh sé agus a bheidh bailí ar feadh na tréimhse sin, méid na breise sin a íoc leis an Aire roimh dheireadh na bliana ina mbeidh an tréimhse sin.

(d) Aon uair a tharlóidh, de bhua ordú faoi mhír (b) d'fho-alt (1) d'alt 68, gur mó ná punt agus deich scilling an dleacht ghnáth-cheadúnais is iníoctha de thuras na huaire ar ghnáth-cheadúnas slaite bradán (séasúr déanach) a bheidh bailí ar feadh tréimhse áirithe sé mhí dar tosach an chéad lá d'Iúil, déanfaidh gach bord coimeádaithe, maidir le gach ceadúnas den sórt sin a d'eisigh sé agus a bheidh bailí ar feadh na tréimhse sin, méid na breise sin a íoc leis an Aire roimh dheireadh na bliana ina mbeidh an tréimhse sin.

(e) Aon uair a tharlóidh, de bhua ordú faoi mhír (c) d'fho-alt (2) d'alt 68, gur mó ná deich scilling an dleacht ghnáth-cheadúnais is iníoctha de thuras na huaire ar ghnáth-cheadúnas slaite bradán (bliantúil) (is ceadúnas a bheidh bailí ar feadh bliana áirithe agus a eisíodh chun duine is sealbhóir ar cheadúnas slaite bradán (Limistéar an Fheabhail) agus a bheidh bailí ar feadh na bliana sin), déanfaidh gach bord coimeádaithe maidir le gach ceadúnas den sórt sin a d'eisigh sé agus a bheidh bailí ar feadh na bliana sin, méid na breise sin a íoc leis an Aire roimh dheireadh na bliana sin.

(7) Déanfar aon airgead a gheobhaidh an tAire faoi fho-alt (5) nó (6) den alt seo a íoc isteach sa Chiste.

(8)    (a) Féadfaidh an tAire ó am go ham, le toiliú an Aire Airgeadais, cibé suimeanna is gá chun go bhféadfar íocaíochtaí a dhéanamh faoi mhír (a) d'fho-alt (9) den alt seo a íoc isteach sa Chiste as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(b) Féadfar íocaíochtaí isteach sa Chiste faoin bhfo-alt seo a dhéanamh ar mhodh deontais nó ar mhodh airleacan is inaisíoctha ar cibé téarmaí a cheadóidh an tAire Airgeadais.

(9) (a) Féadfaidh an tAire na suimeanna seo a leanas a íoc as an gCiste—

(i) cibé suimeanna a mheasfaidh sé is cuí chun cur le hioncam aon bhoird choimeádaithe ar dóigh leis nach leor a ioncam aon bhliain áirithe faoi chomhair caiteachas an bhoird choimeádaithe sin ag comhlíonadh a dhualgas.

(ii) cibé suimeanna is cuí leis an Aire i leith an chaiteachais faoina rachfar maidir le haon scéim chun iascaigh intíre a fheabhsú.

(b) Déanfaidh an tAire costas riartha an Chiste a íoc as an gCiste.

(c) Íocfaidh an tAire as an gCiste na híocaíochtaí uile a bheidh dlite i leith airleacan chun an Chiste faoi fho-alt (8) den alt seo.

(10) Ullmhófar cuntas ar an gCiste do gach bliain airgeadais i bhfoirm a cheadóidh an tAire Airgeadais agus iniúchfaidh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste an cuntas agus leagfar an cuntas, maraon le tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste air, faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(11) (a) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh á cheangal ar dhaoine ag ar iníoctha tobhach faoin alt seo, nó ar aon aicme daoine den sórt sin, clárú sa tslí, taifid a choimeád agus saoraidí a thabhairt chun a n-iniúchta, agus tuairisceáin a thabhairt mar a fhorordófar.

(b) Aon duine a sháróidh, trí ghníomh nó neamhghníomh, aon rialachán a dhéanfar faoin bhfo-alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig phunt is fiche a chur air.

(12) Déanfar an caiteachas faoina rachaidh an tAire ag riaradh an ailt seo agus nach bhfuil soláthar dó in aon áit eile, a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(13) Aon ordú nó rialachán a rinneadh faoi Acht 1954 agus a bheidh i bhfeidhm de bhua fho-alt (14) d'alt 8 d'Acht 1958, díreach roimh an dáta feidhme leanfaidh sé i bhfeidhm d'ainneoin Acht 1958 a aisghairm agus measfar gur faoin alt seo a rinneadh é.

Fiosrúcháin i dtaobh bord coimeádaithe agus díscaoileadh na mbord sin.

Fiosrúcháin i dtaobh bord coimeádaithe.

50. —(1) Féadfaidh an tAire tráth ar bith, más cuí leis é, a ordú fiosrúchán a dhéanamh i dtaobh comhlíonadh a dhualgas ag aon bhord coimeádaithe agus féadfaidh sé duine ar bith a cheapadh chun an fiosrúchán sin a dhéanamh.

(2) Nuair a cheapfar duine (nach oifigeach don Aire) chun fiosrúchán a dhéanamh faoin alt seo, íocfar leis an duine sin cibé luach saothair agus cibé liúntais i leith caiteachais a chinnfidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.

(3) Nuair a dhéanfar fiosrúchán maidir le bord coimeádaithe faoin alt seo, deimhneoidh an tAire méad an chaiteachais faoina ndeachaigh an tAire maidir leis an bhfiosrúchán sin, agus déanfaidh an tAire an méad a dheimhneofar amhlaidh a ghnóthú as ioncam an bhoird sin.

(4) Déanfar aon suim a ghnóthóidh an tAire faoi fho-alt (3) den alt seo a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais.

Cumhacht chun boird choimeádaithe a dhíscaoileadh.

51. —(1) Má tharlaíonn agus aon uair a tharlóidh—

(a) gur deimhin leis an Aire, tar éis fiosrúchán a dhéanamh faoin Acht seo i dtaobh comhlíonadh a dhualgas ag bord coimeádaithe, nach bhfuil dualgais an bhoird sin á gcomhlíonadh go cuí agus go héifeachtúil ag an mbord sin, nó

(b) go bhfailleoidh bord coimeádaithe go toiliúil déanamh de réir aon ordaithe nó treorach nó rialacháin atá dleathach ón Aire, nó go bhfailleoidh sé déanamh de réir aon bhreithiúnais, ordaithe nó fhoraithne ó aon chúirt,

féadfaidh an tAire, le hordú, an bord coimeádaithe sin a dhíscaoileadh agus toghchán nua do chomhaltaí den bhord sin a ordú (faoin gcumhacht a thugtar dó anseo ina dhiaidh seo) nó cistí, leabhair agus maoin eile agus cumhachtaí, dualgais agus dliteanais éagsúla an bhoird sin a aistriú chun aon chomhlachta nó duine is cuí leis.

(2) Aon uair a dhéanfaidh an tAire ordú faoin alt seo ag díscaoileadh boird choimeádaithe féadfaidh sé cibé daoine agus cibé líon daoine is cuí leis a cheapadh chun dualgais an bhoird choimeádaithe sin a chomhlíonadh agus féadfaidh sé ó am go ham gach duine nó aon duine díobh sin a chur as oifig agus daoine eile a cheapadh ina n-ionad, agus féadfaidh sé sealbhaíocht oifige, dualgais agus luach saothair gach duine den chineál sin agus an t-urrús (más ann) a bheidh le tabhairt aige a shocrú.

(3) Déanfar luach saothair gach duine a cheapfar faoi fho-alt (2) den alt seo chun dualgais bhoird choimeádaithe a chomhlíonadh a íoc as ioncam an bhoird choimeádaithe sin mar chuid den chaiteachas a ghabhann le comhlíonadh dhualgais an bhoird.

(4) I gcás duine atá ag fónamh sa Státseirbhís a cheapadh faoi fho-alt (2) den alt seo chun dualgais bhoird choimeádaithe a chomhlíonadh, aisíocfar as ioncam an bhoird choimeádaithe sin leis an Státchiste, i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais, tuarastal an duine sin maraon le cibé muirir a chinnfidh an tAire sin a bheith ceart i leith aoisliúntais, agus liúntais agus aiscí eile is iníoctha leis an duine sin nó ina leith faoi na hAchtanna Aoisliúntas a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire.

(5) Tráth ar bith tar éis bord coimeádaithe a dhíscaoileadh faoin alt seo, féadfaidh an tAire le hordú, más cuí agus nuair is cuí leis é, a chur faoi deara toghchán nua do chomhaltaí den bhord sin a chur ar siúl, agus ar an toghchán nua sin a bheith críochnaithe dílseoidh maoin, cumhachtaí agus dualgais uile an bhoird choimeádaithe dhíscaoilte sa chomhlacht a thoghfar amhlaidh, d'ainneoin an céanna a bheith aistrithe ag an Aire faoin alt seo chun aon chomhlachta nó duine eile.

(6) Cibé acu a dhéanfar nó nach ndéanfar toghchán nua do chomhaltaí de bhord coimeádaithe a chur ar siúl de bhun ordú faoi fho-alt (5) den alt seo, déanfar an chéad toghchán eile ina dhiaidh sin do chomhaltaí den bhord coimeádaithe sin a chur ar siúl ar an gcéad ócáid eile ar ghá de réir dlí toghchán do na comhaltaí sin a chur ar siúl dá mba rud é nár díscaoileadh an bord sin, agus air sin dílseoidh maoin, cumhachtaí agus dualgais uile an bhoird choimeádaithe dhíscaoilte sa chomhlacht a thoghfar amhlaidh.

(7) Féadfaidh an tAire ó am go ham, le hordú, gach ní agus gach rialachán a dhéanamh is dóigh leis is gá chun lán-éifeacht a thabhairt d'aon ordú a dhéanfaidh sé faoin alt seo.

Forálacha ilghnéitheacha maidir le boird choimeádaithe.

Séala boird choimeádaithe.

52. —Soláthróidh bord coimeádaithe cheantair iascaigh séala dó féin.

Imeachtaí boird choimeádaithe.

53. —(1) Déanfaidh bord coimeádaithe cheantair iascaigh ó am go ham na tráthanna agus na hionaid a shocrú agus a chinneadh do ghnáth-chruinnithe an bhoird, agus fógra ina dtaobh a fhoilsiú go cuí.

(2) Féadfaidh bord coimeádaithe cheantair iascaigh ag aon ghnáth-chruinniú an tráth agus an t-ionad a shocrú chun gnáthchruinniú den bhord a thionól agus féadfaidh sé cruinnithe atrátha a thionól.

(3) Féadfaidh aon trí chomhalta de bhord coimeádaithe cheantair iascaigh ó am go ham cruinniú speisialta den bhord a ghairm ar choinníoll—

(a) go ndéanfar fógra faoi ionad agus tráth gach cruinniú speisialta den sórt sin, arna shíniú ag trí chomhalta nó níos mó nó ag cléireach an bhoird ar iad á fhor-éileamh sin air, a chur isteach dhá uair ar a laghad i dhá nuachtán éigin a léitear sa chontae nó sna contaetha ina bhfuil an ceantar iascaigh sin, deich lá ar a laghad sula dtionólfar an cruinniú sin, nó

(b) go ndéanfaidh cléireach an bhoird, arna fhoréileamh air mar atá ráite, fógra deich lá i scríbhinn a thabhairt i dtaobh an chruinnithe sin do gach comhalta den bhord.

(4) Ag gach cruinniú den bhord coimeádaithe beidh córam ann má bhíonn trí chomhalta i láthair.

(5) Déanfar gach ceist a éireoidh ag cruinniú de bhord coimeádaithe a chinneadh le vótaí thromlach na gcomhaltaí a bheidh i láthair agus, i gcás comhionannas vótaí, beidh an dara vóta nó vóta réitigh ag cathaoirleach an chruinnithe.

(6) Féadfaidh an tAire nó oifigeach don Aire a mbeidh údarás aige ón Aire freastal ar aon chruinniú de bhord coimeádaithe agus dul i gcomhairle leis an mbord agus comhairle a thabhairt dó nó a ghlacadh uaidh faoi rialú, bainistí agus feabhsú na n-iascach, agus féadfaidh sé gach tráth réasúnach teacht a bheith aige ar na leabhair agus na cuntais a choimeádtar chun críocha aon cheantair iascaigh agus iad a bhreithniú.

Cosaint ar bhradáin ag sceitheadh i dTuaisceart Éireann.

54. —Más rud é gur uiscí taoide speisialta atá i gcuid d'abhainn agus gur i dTuaisceart Éireann atá an chuid eile (ar cuid í ina sceitheann bradáin) den abhainn sin, féadfaidh an bord coimeádaithe ar laistigh dá cheantar atá na huiscí taoide sin, le haontú an Aire, cibé comhshocraíochtaí nó comhaontuithe is fóirsteanach leis a dhéanamh chun a áirithiú go gcosnófar bradáin agus bric, agus a n-uibheacha agus a ngilidíní, sa chuid den abhainn sin atá i dTuaisceart Éireann agus chun críche na gcomhshocraíochtaí nó na gcomhaontaithe sin íocaíochtaí a dhéanamh as cistí an bhoird.

CUID V.

Rátaí ar Iascaigh.

Rátaí ar iascaigh.

55. —(1) Déanfaidh gach bord coimeádaithe, an 31ú lá de Nollaig nó roimhe sin gach bliain iascaigh lena mbaineann an t-alt seo, ráta a leagan ar gach iascach laistigh dá cheantar iascaigh (a thaispeáinfear sna Liostaí Luachála athbhreithnithe a cheanglaítear faoi na hAchtanna Luachála ar an gCoimisinéir Luachála a eisiúint um an 1ú lá de Mhárta díreach roimh thosach na bliana iascaigh sin agus nach bhfuil idirdhealaithe iontu ag an gCoimisinéir Luachála de bhun alt 2 den Valuation (Ireland) Act, 1854) de réir cibé méid faoi gcéad dá luachálacha is leor, i dteannta an mhéid a mheastar d'ioncam eile, faoi chomhair an chaiteachais a mheastar a bheidh ar an mbord an bhliain iascaigh sin.

(2) Beidh gach ráta a leagfaidh bord coimeádaithe faoin alt seo faoi réir a dhaingnithe ag an Aire agus féadfaidh seisean é a dhaingniú gan mhodhnú nó le cibé modhnú (cibé acu trí mhéadú nó laghdú é) is cuí leis.

(3) Mura ndéanfaidh bord coimeádaithe, an 31ú lá de Nollaig nó roimhe sin aon bhliain iascaigh lena mbaineann an t-alt seo, ráta a leagan don bhliain iascaigh sin, féadfaidh an tAire, más cuí leis é, ráta a leagan do cheantar an bhoird choimeádaithe sin don bhliain iascaigh sin agus sa chás sin déanfaidh an bord coimeádaithe sin an ráta a leagfaidh an tAire amhlaidh a thobhach, a bhailiú, agus a ghnóthú ionann is dá mbeadh an ráta sin leagtha ag an mbord agus daingnithe ag an Aire faoin alt seo.

(4) Más rud é in aon bhliain iascaigh go leagfaidh bord coimeádaithe ráta faoi fho-alt (1) den alt seo nó, toisc nár leag an bord coimeádaithe an ráta, go leagfaidh an tAire ráta faoi fho-alt (3) den alt seo do cheantar iascaigh an bhoird choimeádaithe, féadfaidh an bord coimeádaithe nó an tAire athrú, nach gcuirfidh as don luach, a dhéanamh ar na sonraí, maidir le hiascach sa cheantar iascaigh sin, sna liostaí luachála athbhreithnithe a cheanglaítear faoi na hAchtanna Luachála ar an gCoimisinéir Luachála a eisiúint um an 1ú lá de Mhárta díreach roimh thosach na bliana iascaigh sin, más gá an t-athrú sin, an tráth a leagfar an ráta, chun a chumasú don bhord coimeádaithe nó don Aire rátú bailí a dhéanamh.

(5) Gach ráta a leagfar faoin alt seo déanfaidh na daoine éagsúla a bheidh rátaithe ina leith é a íoc ina dhá leath an lú lá d'Aibreán agus an 1ú lá de Lúnasa an bhliain iascaigh dár leagadh an ráta, agus íocfar é amhlaidh de bhreis agus de bharr ar gach dleacht cheadúnais nó aon dleacht cheadúnais a íocfaidh na daoine sin faoin Acht seo in aghaidh na bliana iascaigh sin nó aon bhliana iascaigh eile.

(6) Gach duine a dhlitear a rátú faoin Acht seo i leith iascaigh beidh sé díolmhaithe ó dhliteanas i leith aon ráta is intoibhithe ag comhairle aon chontae, contae-bhuirge nó ceantair uirbigh i leith an iascaigh sin in aghaidh aon bhliana airgeadais áitiúil a thosóidh roimh an lú lá d'Aibreán, 1965, agus ní dhéanfaidh aon chomhairle den sórt sin aon ráta a thobhach ná a bhailiú i leith an iascaigh sin in aghaidh aon bhliana airgeadais áitiúil den sórt sin.

(7) Má dheimhníonn an tAire Rialtais Áitiúil go ndearnadh, mar gheall ar an díolúine a thugtar le fo-alt (6) den alt seo ó dhliteanas rátaí i leith iascach, méad an ráta ba ghá do chomhairle chontae nó contae-bhuirge nó ceantair uirbigh a leagan agus a thobhach, mura mbeadh an fo-alt seo, ar aon limistéar agus in aon limistéar chun seirbhíse bliana airgeadais áitiúil a thosóidh roimh an lú lá d'Aibreán, 1965, a mhéadú de shuim is mó ná pingin sa phunt, íocfaidh an tAire, as airgead a sholáthróikh an tOireachtas ó am go ham, leis an gcomhairle sin roimh dheireadh na bliana airgeadais áitiúla sin, méad is comhionann leis an tsuim a thiocfadh as ráta ar an limistéar sin agus sa limistéar sin ionann agus an méad sa phunt a bheidh an méadú sin os cionn pingin sa phunt.

(8) Baineann an t-alt seo le gach bliain iascaigh a thosóidh roimh an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1964.

Na luachálacha a leagfar rátaí iascaigh dá réir agus forálacha maidir le hachomhairc i gcoinne luachálacha ar iascaigh.

56. —Más rud é in aon bhliain iascaigh go leagfaidh bord coimeádaithe ráta faoi alt 55 nó, toisc nár leag an bord coimeádaithe an ráta, go leagfaidh an tAire ráta faoin alt sin, do cheantar iascaigh an bhoird choimeádaithe, leagfaidh an bord coimeádaithe nó an tAire an ráta de réir na luachálacha a thaispeáinfear sa Liosta Luachála athbhreithnithe a cheanglaítear faoi na hAchtanna Luachála ar an gCoimisinéir Luachála a eisiúint um an lú lá de Mhárta díreach roimh thosach na bliana iascaigh sin, agus féadfaidh an bord coimeádaithe aon suim a bheidh dlite mar gheall ar aon ráta a leagadh amhlaidh a thobhach, a bhailiú agus a ghnóthú, d'ainneoin aon achomharc nó fógra achomhairc faoi na hAchtanna Luachála a bheidh ar feitheamh i leith luachála, ach má dhéantar luacháil aon iascaigh a athrú ar achomharc ansin—

(a) má laghdaítear an luacháil, aisíocfaidh an bord coimeádaithe aon suim a íocadh i leith an ráta de bhreis ar an tsuim ab iníoctha dá mbeadh an luacháil i dtosach mar a bheidh tar éis a hathraithe ar achomharc, agus

(b) má mhéadaítear an luacháil, féadfaidh an bord coimeádaithe suim a ghnóthú, mar riaráistí ráta, is ionann agus an difríocht idir an tsuim ab iníoctha i leith a ráta a leagadh agus an tsuim ab iníoctha i leith an ráta dá mbeadh an luacháil i dtosach mar a bheidh tar éis a hathraithe ar achomharc.

Leasú ar rátaí iascaigh.

57. —(1) I gcás ráta iascaigh ar iascach a leagan faoi alt 55 bliain iascaigh áirithe, féadfaidh bord coimeádaithe an cheantair iascaigh ina bhfuil an t-iascach cibé leasuithe a dhéanamh ar an ráta is gá chun go gceartófar ainmneacha áititheoirí, míthuairiscí, agus earrádí cléireachais, áirimh agus eile ann, ach ní fhéadfaidh siad sin a dhéanamh tar éis deireadh na bliana iascaigh dá éis sin.

(2) Aon uair a bheartóidh bord coimeádaithe ráta ar iascach a leasú faoin alt seo—

(a) déanfaidh an bord coimeádaithe fógra faoin leasú a bheidh beartaithe a sheirbheáil leis an bpost ar aon duine arb é áititheoir an iascaigh é,

(b) cuirfear in iúl san fhógra go bhféadfar agóidí i scríbhinn i gcoinne an leasaithe a bheidh beartaithe a chur go dtí an bord coimeádaithe laistigh de sheacht lá tar éis an fógra a chur sa phost,

(c) sula ndéanfar an leasú a bheidh beartaithe, breithneoidh an bord coimeádaithe aon agóidí a fuarthas de thoradh an fhógra.

(3) Aisíocfaidh bord coimeádaithe suimeanna nó tabharfaidh sé creidmheasa (de réir mar is gá sa chás) i leith ráta iascaigh, agus beidh sé i dteideal rátaí iascaigh a ghnóthú de réir mar is iomchuí ó am go ham de thoradh aon leasaithe faoin alt seo.

Dliteanas i leith ráta iascaigh.

58. —Is é duine a dhlífidh ráta iascaigh a íoc i leith iascaigh an duine is áititheoir ar an iascach sin.

Ráta iascaigh a bhailiú agus a ghnóthú.

59. —(1) Déanfaidh cibé daoine a cheapfaidh an bord ó am go ham an ráta iascaigh is iníoctha le bord coimeádaithe a bhailiú, agus gheobhaidh an bord urrús leordhóthanach ó na daoine a cheapfar amhlaidh go dtabharfar cuntas go cuí sa ráta a bhaileofar, agus is cuid de chaiteachas an bhoird costas bailithe an ráta.

(2) Féadfar ráta iascaigh is iníoctha le bord coimeádaithe a ghnóthú ar agra chléireach an bhoird choimeádaithe mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(3) Má mhainníonn duine ar bith (dá ngairtear an duine rátaithe san fho-alt seo) atá rátaithe i leith iascaigh le haghaidh ráta iascaigh aon leath den ráta iascaigh sin a íoc laistigh de mhí tar éis an dáta a gceanglaítear le fo-alt (5) d'alt 55 an leath sin a íoc, beidh an leath sin inghnóthaithe (mar is rogha leis an duine atá i dteideal de réir dlí é a bhailiú agus a ghnóthú) ón duine rátaithe nó ó aon duine a raibh, tráth an ráta iascaigh sin a leagan nó tráth ar bith dá éis sin, an t-iascach sin ar sealúchas nó á úsáid nó ar áitiú aige, agus, más tionónta ag an duine rátaithe an duine deiridh sin, féadfaidh sé, mura bhforálann an conradh tionóntachta gurb é an tionónta a íocfaidh an ráta iascaigh, méid aon ráta iascaigh a ghnóthófar uaidh amhlaidh a bhaint as aon chíos is iníoctha leis an duine rátaithe.

Íocaíochtaí ón Aire in ionad ráta iascaigh.

60. —(1) Ní bheidh aon ráta iascaigh iníoctha ag an Aire i leith aon iascaigh dhílsithe (Cuid XII).

(2) Faoi réir fhorálacha an ailt seo, féadfaidh an tAire más cuí leis é, i gcás gach iascaigh dhílsithe (Cuid XII), amhail ar an gcéad lá íoca tar éis an dáta dílsithe agus uaidh sin amach, suim leathbhliantúil a íoc aon bhliain iascaigh le bord coimeádaithe an cheantair iascaigh ina bhfuil an t-iascach sin in ionad ráta iascaigh, agus ríomhfar an tsuim sin mar leath an ráta iascaigh don bhliain iascaigh reatha ar an luacháil inrátaithe a bheidh ann dáta an ráta iascaigh a leagan.

(3) I gcás iascach dílsithe (Cuid XII) a bheith de thuras na huaire ina iascach neamhúsáidte (de réir bhrí Chuid XII) ní dhéanfaidh an tAire aon íocaíocht in ionad ráta iascaigh i leith an iascaigh sin tar éis tosach na céad bhliana iascaigh i ndiaidh an dáta ar a dtabharfaidh an tAire fógra don bhord coimeádaithe ar ina gceantar iascaigh atá an t-iascach sin go bhfuil beartaithe aige gan an t-iascach sin a úsáid.

(4) I gcás ina scoirfidh an tAire d'iascach dílsithe (Cuid XII) a oibriú agus go n-oibreoidh sé é ina dhiaidh sin, féadfar íocaíocht in ionad ráta iascaigh a dhéanamh an chéad lá íoca agus ón gcéad lá íoca tar éis an dáta ar a n-oibreofar an t-iascach sin ina dhiaidh sin.

(5) I gcás ina léasóidh an tAire faoi Chuid XII iascach dílsithe (Cuid XII), ní dhéanfaidh an tAire aon íocaíocht in ionad ráta iascaigh i leith an iascaigh sin in aghaidh aon tréimhse a bheidh aon duine faoi oibleagáid ráta iascaigh a íoc i leith an iascaigh sin.

(6) Chun críocha an ailt seo is lá íoca gach dáta acu seo a leanas gach bliain—

(a) an lú lá d'Aibreán;

(b) an lú lá de Lúnasa.

Rátaí iascaigh ar iascaigh léasaithe.

61. —(1) Aon uair a dheonóidh an tAire léas ar iascach faoi Chuid XII, féadfaidh sé, más cuí leis é, a thabhairt go gcuirfear sa léas sin cúnant ón Aire sa chéill seo a leanas, eadhon, má bhíonn breis ar an méad ceaptha ag an méad a íocfaidh an léasaí mar ráta iascaigh i leith an iascaigh sin in aghaidh aon bhliana iascaigh sa téarma a dheonóidh an léas sin, go n-íocfaidh an tAire leis an léasaí suim is comhionann leis an mbreis.

(2) San alt seo ciallaíonn an abairt “an méad ceaptha”, maidir le hiascach is ábhar do léas faoi Chuid XII, suim na méideanna seo a leanas:—

(a) an méad (dá ngairtear “an méad caighdeánach” anseo feasta) is iníoctha ag an áititheoir mar ráta iascaigh nó ag an Aire in ionad ráta iascaigh i leith an iascaigh sin in aghaidh na bliana iascaigh a bheidh ag rith ar an dáta ar a ndeonófar an léas sin nó, mura ndearnadh an ráta iascaigh don bhliain iascaigh sin don cheantair iascaigh ina bhfuil an t-iascach sin a leagan roimh an data sin, in aghaidh na bliana iascaigh díreach roimhe sin, agus

(b) an fichiú cuid den mhéad caighdeánach.

(3) Más rud é—

(a) go mbeidh breithiúnas ó chúirt inniúil faighte ag bord coimeádaithe in aghaidh léasaí iascaigh, is ábhar do léas faoi Chuid XII, i leith aon ráta iascaigh a bheidh dlite i leith an iascaigh sin, agus

(b) gur deimhin leis an Aire nach bhfuil aon earraí ag an léasaí sin a d'fhéadfaí a thógáil i bhforghníomhú faoi aon phróis ón gcúirt sin,

beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:—

(i) féadfaidh an tAire, más cuí leis é, suim a íoc leis an mbord coimeádaithe sin nach mó ná méad an ráta iascaigh sin agus aon chostais agus caiteachais faoina ndeachaigh an bord coimeádaithe sin i ndáil leis an mbreithiúnas sin a fháil agus le hiarracht a dhéanamh ar é a chur i bhfeidhm,

(ii) aon suim a íocfar amhlaidh beidh sí ina fhiach a bheidh dlite don Aire ón léasaí sin agus féadfar í a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí i gcúirt dlínse inniúla.

Deontais do bhoird choimeádaithe áirithe.

62. —(1) Gach bliain iascaigh, íocfaidh an tAire as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, le gach bord coimeádaithe a mbeidh aon uiscí taoide speisialta laistigh dá cheantar i gcaitheamh na bliana sin nó coda di, méad is comhionann le cibé céatadán den tsuim ba luacháil inrátaithe iomlán ar na hiascaigh sna huiscí taoide sin, an lú lá d'Eanáir, 1933, a ceapadh chun críche an ráta ab intoibhithe in aghaidh na bliana sin ar na hiascaigh eile sa cheantar sin faoi alt 55.

(2) Más deimhin leis an Aire go dtarlóidh, aon bhliain iascaigh, nach leor na fáltais (lena n-áirítear an t-airgead is iníoctha an bhliain sin faoi fho-alt (1) den alt seo) a gheobhaidh aon bhord coimeádaithe a mbeidh aon uiscí taoide speisialta laistigh dá cheantar i gcaitheamh na bliana sin nó coda de, chun íoc as an gcaiteachas a bheidh ar an mbord sin an bhliain sin, féadfaidh sé, le toiliú an Aire Airgeadais, deontas nach mó ná an t-easnamh measta a íoc leis an mbord sin as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Forálacha ar fionraí maidir le rátaí ar iascaigh.

63. —(1) Ní bheidh éifeacht ag fo-ailt (2), (3), (4), agus (5) den alt seo i gcaitheamh aon bhliana iascaigh lena mbaineann alt 55 de bhua fho-alt (8) den alt sin.

(2) Íocfaidh an t-áititheoir ar gach iascach i gceantar iascaigh, atá taifeadtha mar oidhreachtán inrátaithe ar an Liosta Luachála a ullmhaíodh faoi na hAchtanna Luachála, gach bliain le bord coimeádaithe an cheantair iascaigh sin mar ráta bliantúil, ina dhá ghála chothroma leathbhliantúla, an lú lá d'Fheabhra agus an 1ú lá d'Iúil an bhliain sin, cibé suim, i dteannta na ndleachtanna ceadúnais is iníoctha ar innill iascaireachta a úsáidfear ag iascaireacht an iascaigh sin, a bheidh cothrom le méid na difríochta idir na suimeanna a íocfaidh sé ar na dleachtanna ceadúnais sin agus suim bhliantúil deich faoi gcéad de luacháil inrátaithe an iascaigh sin, faoi réir cibé laghdú ar an gcéadatán sin a dhéanfaidh an bord coimeádaithe sin, ó am go ham, faoi fho-alt (3) den alt seo.

(3) Féadfaidh bord coimeádaithe cheantair iascaigh, le ceadú an Aire, an céatadán a shonraítear i bhfo-alt (2) den alt seo a laghdú i leith an cheantair iascaigh sin, agus beidh éifeacht ag aon laghdú den sórt sin an lú lá d'Eanáir an bhliain dá éis sin agus uaidh sin amach.

(4) Féadfar ráta is iníoctha le bord coimeádaithe faoin alt seo a ghnóthú, ar agra chléireach an bhoird choimeádaithe, mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(5) Déanfaidh cibé daoine a cheapfaidh an bord ó am go ham ráta is iníoctha le bord comeádaithe faoin alt seo a bhailiú, agus gheobhaidh an bord urrús leordhóthanach ó na daoine a cheapfar amhlaidh go dtabharfar cuntas go cuí sa ráta a bhaileofar, agus is cuid de chaiteachas an bhoird costas bailithe an ráta.

CUID VI.

Ceadúnais chun Bradáin, Bric agus Eascanna a Iascaireacht.

Caibidil I.

Gnáth-Cheadúnais Iascaireachta.

Gan feidhm a bheith ag an gCaibidil seo i gcás uiscí taoide speisialta.

64. —Ní bheidh feidhm ag an gCaibidil seo i gcás inneall iascaireachta a úsáid in aon uiscí taoide speisialta le bradáin nó bric a thógáil.

Pionós mar gheall ar inneall sceidealta neamhcheadúnaithe, seachas slat agus ruaim, a úsáid.

65. —(1) Má dhéanann duine ar bith aon inneall sceidealta a úsáid nó a chur suas in aon cheantar iascaigh chun bradáin, bric nó eascanna a thógáil, agus gan gnáth-cheadúnas iascaireachta a bheith i bhfeidhm ina leith de thuras ua huaire á údarú an t-inneall sin a úsáid sa cheantar iascaigh sin, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar é a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil a chur air nach lú ná dhá oiread agus nach mó ná trí oiread na gnáth-dhleachta ceadúnais is iníoctha de thuras na huaire i leith gnáth-cheadúnais iascaireachta chun an t-inneall sin a úsáid.

(2) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo beidh an t-inneall a ndearnadh an cion ina leith ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

(3) Ní bhaineann an t-alt seo le slat agus ruaim a úsáid.

Pionós mar gheall ar bhradáin a iascaireacht nó a thógáil le slat agus ruaim ag duine neamhcheadúnaithe.

66. —(1) Más rud é—

(a) go ndéanfaidh duine ar bith bradáin a iascaireacht nó a thógáil nó a mharú le slat agus ruaim i gceantar iascaigh, agus

(b) nach bhfuil an duine sin ina shealbhóir ar ghnáthcheadúnas slaite bradán atá i bhfeidhm de thuras na huaire agus atá ar fáil le haghaidh úsáide sa cheantar iascaigh sin,

beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil a chur air nach lú ná dhá oiread agus nach mó ná trí oiread na gnáth-dhleachta ceadúnais is iníoctha de thuras na huaire i leith gnáth-cheadúnais slaite bradán (bliantúil) seachas gnáth-cheadúnas slaite bradán (bliantúil) lena mbaineann fo-alt (2) d'alt 68.

(2) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo beidh an tslat agus an ruaim a ndearnadh an cion ina leith ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

Forálacha maidir le gnáthcheadúnais iascaireachta.

67. —(1) Déanfaidh gach bord coimeádaithe, de réir an ailt seo, ceadúnais iascaireachta (dá ngairtear gnáth-cheadúnais iascaireachta san Acht seo) a eisiúint i leith inneall sceidealta.

(2) (a) Ní dhéanfaidh bord coimeádaithe gnáth-cheadúnais slaite bradán (séasúr déanach) (ceantar) a eisiúint mura mbeidh ordú faoi mhír (b) den fho-alt seo i bhfeidhm de thuras na huaire á údarú don bhord coimeádaithe sin ceadúnais den aicme sin a eisiúint.

(b) Féadfaidh an tAire, le hordú, (uaidh féin nó ar iarratas ón mbord coimeádaithe) a údarú do bhord coimeádaithe gnáth-cheadúnais slaite bradán (séasúr déanach) (ceantar) a eisiúint.

(c) Féadfaidh an tAire tráth ar bith, le hordú, ordú faoi mhír (b) den fho-alt seo a chúlghairm.

(3) (a) Is iad na tréimhsí a mbeidh gnáth-cheadúnais iascaireachta le heisiúint ina n-aghaidh—

(i) i gcás gnáth-cheadúnas slaite bradán—seacht lá, lá agus fiche, bliain, agus tréimhse sé mhí dar tosach an chéad lá d'Iúil,

(ii) i gcás gnáth-cheadúnas iascaireachta eile—bliain.

(b) Gnáth-cheadúnais slaite bradán (seacht lá) a thabharfar ar ghnáth-cheadúnais slaite bradán is ineisithe in aghaidh seacht lá, agus sin é a ghairtear díobh san Acht seo.

(c) Gnáth-cheadúnais slaite bradán (lá agus fiche) a thabharfar ar ghnáth-cheadúnais slaite bradán is ineisithe in aghaidh lá agus fiche, agus sin é a ghairtear díobh san Acht seo.

(d) Gnáth-cheadúnais slaite bradán (bliantúil) a thabharfar ar ghnáth-cheadúnais slaite bradán is ineisithe in aghaidh bliana agus a bheidh ar fáil le húsáid i ngach ceantar iascaigh, agus sin é a ghairtear díobh san Acht seo.

(e) Gnáth-cheadúnais slaite bradán (bliantúil) (ceantar) a thabharfar ar gnáth-cheadúnais slaite bradán is ineisithe in aghaidh bliana agus a bheidh ar fáil le húsáid i gceantar iascaigh an bhoird choimeádaithe a d'eisigh iad agus sa cheantar sin amháin, agus sin é a ghairtear díobh san Acht seo.

(f) Gnáth-cheadúnais slaite bradán (séasúr déanach) a thabharfar ar ghnáth-cheadúnais slaite bradán is ineisithe in aghaidh tréimhse sé mhí dar tosach an chéad lá d'Iúil agus a bheidh ar fáil le húsáid i ngach ceantar iascaigh, agus sin é a ghairtear díobh san Acht seo.

(g) Gnáth-cheadúnais slaite bradán (séasúr déanach) (ceantar) a thabharfar ar ghnáth-cheadúnais slaite bradán is ineisithe in aghaidh tréimhse sé mhí dar tosach an chéad lá d'Iúil agus a bheidh ar fáil le húsáid i gceantar iascaigh an bhoird choimeádaithe a d'eisigh iad agus sa cheantar sin amháin, agus sin é a ghairtear díobh san Acht seo.

(4) (a) Beidh gnáth-cheadúnas slaite bradán (seacht lá) bailí agus i bhfeidhm ar feadh na tréimhse seacht lá dar tosach an dáta a shonrófar chuige sin sa cheadúnas.

(b) Beidh gnáth-cheadúnas slaite bradán (lá agus fiche) bailí agus i bhfeidhm ar feadh na tréimhse lá agus fiche dar tosach an lá a shonrófar chuige sin sa cheadúnas.

(c) Beidh gnáth-cheadúnas slaite bradán (séasúr déanach) nó gnáth-cheadúnas slaite bradán (séasúr déanach) (ceantar) bailí agus i bhfeidhm ar feadh na tréimhse sé mhí dar tosach an dáta (ar chéad lá d'Iúil é) a shonrófar chuige sin sa cheadúnas.

(d) Beidh gnáth-cheadúnas iascaireachta (seachas gnáthcheadúnas slaite bradán (seacht lá), gnáth-cheadúnas slaite bradán (lá agus fiche), gnáth-cheadúnas slaite bradán (séasúr déanach) nó gnáth-cheadúnas slaite bradán (séasúr déanach) (ceantar)) bailí agus i bhfeidhm ar feadh na bliana a shonrófar chuige sin sa cheadúnas.

(5) Eiseofar gnáth-cheadúnas iascaireacht ar leithligh i leith gach innill iascaireachta ar leithligh.

(6) I gcás gach gnáth-cheadúnais iascaireachta a eiseoidh bord coimeádaithe cheantair iascaigh—

(a) is i cibé foirm a ordóidh an tAire ó am go ham a bheidh sé,

(b) luafar ann—

(i) an tréimhse ar ar a feadh a bheidh sé bailí agus i bhfeidhm,

(ii) uimhir nó ainm an cheantair iascaigh sin,

(iii) mura gnáth-cheadúnas slaite bradán (seacht lá) é, nó gnáth-cheadúnas slaite bradán (lá agus fiche), nó gnáth-cheadúnas slaite bradán (séasúr déanach), nó gnáth-cheadúnas slaite bradán (séasúr déanach) (ceantar), nó gnáth-cheadúnas slaite bradán (bliantúil) lena mbaineann fo-alt (2) d'alt 68 nó gnáth-cheadúnas slaite bradán (bliantúil) (ceantar) lena mbaineann fo-alt (3) den alt sin 68—ainm na toghroinne (ar toghroinn í den cheantar iascaigh sin) inar eisíodh é,

(iv) an cineál innill iascaireachta lena mbaineann sé.

(7) Má iarrtar ceadúnas slaite bradán ar bhord coimeádaithe cheantair iascaigh, eiseofar an ceadúnas sin—

(a) i gcás an t-iarratasóir a bheith ina úinéir nó ina áititheoir ar shlat-iascach bradán sa cheantar iascaigh sin, sa toghroinn den cheantar iascaigh sin ina bhfuil an t-iascach sin, nó

(b) in aon chás eile—

(i) mura bhfuil ach aon toghroinn fíoruisce amháin sa cheantar iascaigh sin, sa toghroinn fíoruisce sin, nó

(ii) má tá dhá thoghroinn fíoruisce nó níos mó sa cheantar iascaigh sin, i cibé ceann de na toghranna sin a iarrfaidh an t-iarratasóir.

(8) Má dhéantar iarratas chun bord coimeádaithe ar cheadúnas d'inneall iascaireachta (arb éard é inneall seasmhach, bosca i gcora iascaireachta nó i ndamba muilinn iascaireachta nó súil, bearna nó cliabh chun eascanna a thógáil i gcora iascaireachta nó i ndamba muilinn iascaireachta nó orthu sin), eiseofar an ceadúnas sin sa toghroinn ina bhfuil an t-inneall sin.

(9) Gach gnáth-cheadúnas a eiseofar i leith innill iascaireachta (seachas slat agus ruaim) beidh ar a aghaidh—

(a) i gcás innill a bheidh le húsaid in iascach eisiatach, ainm an duine (dá ngairtear an t-úinéir san alt seo) a bheidh de thuras na huaire i dteideal an t-inneall sin a úsáid chun a thairbhe féin nó, má iarrann an t-úinéir é trí fhógra i scríbhinn chun an bhoird choimeádaithe lena mbainfidh, ainm cibé duine eile a shonróidh an t-úinéir san fhógra, nó

(b) i ngach cás eile, ainm agus seoladh an duine a íocfaidh an dleacht cheadúnais ar an inneall sin.

(10) Séalófar gach gnáth-cheadúnas iascaireachta le séala an bhoird chiomeádaithe a eiseoidh é.

(11) Beidh gach ceann de na gnáth-cheadúnais iascaireachta seo a leanas ar fáil le húsáid i gceantar iascaigh an bhoird choimeádaithe a d'eisigh é agus sa cheantar iascaigh sin amháin—

(a) gnáth-cheadúnas iascaireachta (nach gnáth-cheadúnas slaite bradán),

(b) gnáth-cheadúnas slaite bradán (bliantúil) (ceantar),

(c) gnáth-cheadúnas slaite bradán (séasúr déanach) (ceantar).

(12) Beidh gnáth-cheadúnas slaite bradán (nach gnáthcheadúnas slaite bradán (bliantúil) (ceantar) ná gnáth-cheadúnas slaite bradán (séasúr déanach) (ceantar)) ar fáil le húsáid i ngach ceantar iascaigh.

(13) Inseofar i ngach gnáth-cheadúnas slaite bradán ainm agus seoladh an duine chun ar eisíodh é agus ní bheidh an ceadúnas sin ar fáil le húsáid ag aon duine ach amháin ag an duine a bheidh ainmnithe ann ná ní aistreofar é chun aon duine eile.

(14) Oibreoidh gach gnáth-cheadúnas iascaireachta (seachas gnáth-cheadúnas slaite bradán) chun údarás a thabhairt inneall iascaireachta den chineál a shonrófar ann a úsáid i gcaitheamh na tréimhse a shonrófar ann agus sa cheantar iascaigh a shonrófar ann, ach sin faoi réir fhorálacha an Achta seo agus aon ionstraime arna déanamh faoi.

(15) Oibreoidh gach gnáth-cheadúnas slaite bradán (nach gnáth-cheadúnas slaite bradán (bliantúil) (ceantar) ná gnáthcheadúnas slaite bradán (séasúr déanach) (ceantar)) chun a údarú don duine a ainmneofar ann, agus dósan amháin, slat bhradán a úsáid, i gcaitheamh na tréimhse a shonrófar ann agus i ngach ceantar iascaigh, ach sin faoi réir fhorálacha an Achta seo agus aon ionstraime arna déanamh faoi.

(16) Oibreoidh gach gnáth-cheadúnas slaite bradán (is gnáthcheadúnas slaite bradán (bliantúil) (ceantar) nó gnáth-cheadúnas slaite bradán (séasúr déanach) (ceantar) chun a údarú don duine a ainmneofar ann, agus dósan amháin, slat bhradán a úsáid, i gcaitheamh na tréimhse a shonrófar ann agus i gceantar iascaigh an bhoird choimeádaithe a d'eisigh é, ach sin faoi réir fhorálacha an Achta seo agus aon ionstraime arna déanamh faoi.

(17) Ní fhorléireofar gnáth-cheadúnas iascaireachta mar ní a thugann nó a bhronnann aon cheart chun iascaireacht a dhéanamh nó aon inneall a úsáid le hiasc a thógáil ar bhealach ar bith ná in áit ar bith sa chás nach mbeadh an ceart sin ag an duine a bhfuil an ceadúnas aige nó a úsáideann é dá mba nár ritheadh an tAcht seo ná mar ní a athraíonn cearta aon duine eile nó a dhéanann difir dóibh.

Dleachtanna ar ghnáthcheadúnais iascaireachta.

68. —(1) (a) Faoi réir mhíreanna (b) agus (c) den fho-alt seo, is í an dleacht ghnáth-cheadúnais i leith gnáthcheadúnas slaite bradán den aicme a shonraítear i gcolún (2), (3), (4), (5), (6), nó (7) de Chuid I den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo an tsuim atá leagtha amach i cibé colún acu sin a bhaineann le gnáth-cheadúnas slaite bradán den aicme sin.

(b) Féadfaidh an tAire ó am go ham, le hordú, an dleacht ghnáth-cheadúnais i leith gnáth-cheadúnas slaite bradán d'aicme áirithe a shonraítear i gCuid I den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a athrú, ach sin i slí nach n-athrófar an dleacht ghnáth-cheadúnais i leith ceadúnais den chineál sin ionas go mbeidh sí níos mó ná dhá oiread na suime a shocraítear ina leith le mír (a) den fho-alt seo.

(c) Ní bhaineann an fo-alt seo leis an dleacht ghnáthcheadúnais is iníoctha i leith—

(i) gnáth-cheadúnas slaite bradán (bliantúil) lena mbaineann fo-alt (2) den alt seo, nó

(ii) gnáth-cheadúnas slaite bradán (bliantúil) (ceantar) lena mbaineann fo-alt (3) den alt seo.

(2) (a) Baineann an fo-alt seo le gnáth-cheadúnas slaite bradán (bliantúil) a bheidh bailí ar feadh bliana áirithe agus a eisíodh chun duine is sealbhóir ar cheadúnas slaite bradán (Limistéar an Fheabhail) a bheidh bailí ar feadh na bliana sin.

(b) Faoi réir mhír (c) den fho-alt seo is deich scilling an dleacht ghnáth-cheadúnais is iníoctha i leith gnáth-cheadúnas slaite bradán (bliantúil) lena mbaineann an fo-alt seo.

(c) Aon uair a dhéanfaidh an tAire, faoi mhír (b) d'fho-alt (1) den alt seo, ordú ag athrú na dleachta gnáth-cheadúnais i leith gnáth-cheadúnas slaite bradán (bliantúil), féadfaidh sé, le hordú, an dleacht cheadúnais bhliantuil is iníoctha i leith gnáth-cheadúnas slaite bradán (bliantúil) lena mbainfidh an fo-alt seo a athrú.

(3) (a) Baineann an fo-alt seo le gnáth-cheadúnas slaite bradán (bliantúil) a bheidh bailí ar feadh bliana áirithe agus a eisíodh chun duine is sealbhóir ar cheadúnas slaite bradán (Limistéar an Fheabhail) a bheidh bailí ar feadh na bliana sin.

(b) Faoi réir mhír (c) den fho-alt seo, is deich scilling an dleacht ghnáth-cheadúnais is iníoctha i leith gnáth-cheadúnas slaite bradán (bliantúil) (ceantar) lena mbaineann an fo-alt seo.

(c) Aon uair a dhéanfaidh an tAire, faoi mhír (b) d'fho-alt (1) den alt seo, ordú ag athrú na dleachta gnáth-cheadúnais i leith gnáth-cheadúnas slaite bradán (bliantúil) (ceantar) féadfaidh sé, le hordú, an dleacht cheadúnais bhliantúil is iníoctha i leith gnáth-cheadúnas slaite bradán (bliantúil) (ceantar) lena mbainfidh an fo-alt seo a athrú.

(4) (a) Faoi réir mhír (b) den fho-alt seo, is í an dleacht ghnáth-cheadúnais i leith gnáth-cheadúnas iascaireachta a údaraíonn inneall iascaireachta a úsáid de chineál a shonraítear i gcolún (2) de Chuid II den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo ag aon uimhir thagartha an tsuim atá leagtha amach i gcolún (3) den Chuid sin II ag an uimhir thagartha sin.

(b) Féadfaidh an tAire ó am go ham, le hordú, an dleacht ghnáth-cheadúnais a athrú i leith gnáthcheadúnas iascaireachta a údaraíonn inneall iascaireachta a úsáid de chineál a shonraítear i gcolún (2) de Chuid II den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo ag aon uimhir thagartha, ach sin i slí nach n-athrófar a dleacht ghnáth-cheadúnais sin ionas go mbeidh sí níos mó ná dhá oiread na suime a shonraítear i gcolún (3) den Chuid sin II ag an uimhir thagartha sin.

(5) Má bhíonn an dleacht cheadúnais i leith ceadúnais chun inneall (nach inneall sceidealta) a úsáid socraithe faoi alt 69 maidir le ceantar iascaigh áirithe, ansin, i gcás an cheantar iascaigh sin, beidh éifeacht ag an forálacha seo a leanas—

(a) chun críocha an Achta seo tiocfaidh an t-inneall sin chun bheith, agus beidh sé, ina inneall sceidealta,

(b) faoi réir mhír (c) den fho-alt seo, is í an dleacht ghnáthcheadúnais is iníoctha i leith ceadúnas chun an t-inneall sin a úsáid an dleacht a bheidh socraithe amhlaidh faoin alt sin 69,

(c) féadfaidh an tAire ó am go ham, le hordú, athrú a dhéanamh ar an dleacht ghnáth-cheadúnais i leith ceadúnas chun an t-inneall sin a úsáid, ach sin i slí nach n-athrófar an dleacht ghnáth-cheadúnais i leith ceadunais den chineál sin ionas go mbeidh sí níos mó ná dhá oiread na suime a bheidh socraithe ina leith faoin alt sin 69.

(6) Má athraítear an dleacht ghnáth-cheadúnais i leith gnáthcheadúnas iascaireachta faoi aon cheann de na forálacha seo a leanas den alt seo, eadhon, mír (b) d'fho-alt (1), mír (c) d'fho-alt (2), mír (c) d'fho-alt (3), mír (b) d'fho-alt (4) agus mír (c) d'fho-alt (5), beidh an dleacht arna hathrú amhlaidh iníoctha i leith aon ghnáth-cheadúnas iascaireachta den chineál a bheidh bailí ar feadh tréimhse a thosóidh an 1ú lá, nó tar éis an 1ú lá, den chéad Eanáir eile tar éis an t-ordú a dhéanamh a d'athraigh an dleacht sin amhlaidh.

Dleachtanna ceadúnais ar innill nach sonraítear sa Cheathrú Sceideal agus srianta le húsáid na n-inneall sin.

69. (1) Má bheartaíonn duine úsáid a bhaint in aon cheantar iascaigh as inneall (nach inneall sceidealta chun bradán, bric nó eascanna a iascaireacht, agus nach bhfuil aon dleacht ghnáthcheadúnais socraithe ina leith faoin alt seo ag bord coimeádaithe an cheantair iascaigh sin, féadfaidh an duine sin a iarraidh de réir an ailt seo ar an mbord coimeádaithe sin an dleacht ghnáthcheadúnais a shocrú i leith gnáth-cheadúnas iascaireachta chun an t-inneall sin a úsáid, agus ar an iarratas sin a fháil, féadfaidh an bord coimeádaithe sin, le ceadú an Aire an dleacht cheadúnais sin a shocrú, ag tabhairt aird chomh fada agus is féidir é ar an gcumas gabhála a mheastar don inneall sin i gcomparáid le hinnill sceidealta.

(2) I ngach iarratas faoin alt seo maidir le hinneall tabharfar tuairisc ar an inneall, an cumas gabhála a mheastar dó i gcomparáid le hinnill sceidealta, agus an t-ainm atá le bheith air.

(3) Má dhéanann bord coimeádaithe cheantair iascaigh, faoi fho-alt (1) den alt seo, an dleacht ghnáth-cheadúnais a shocrú i leith gnáth-cheadúnas iascaireachta chun inneall neamhsceidealta a úsáid sa cheantar iascaigh sin, cuirfidh sé faoi deara go bhfoilseofar i nuachtán éigin a léitear sa cheantar iascaigh sin fógra faoi shocrú na dleachta ceadúnais sin.

(4) I gcás ina ndéanfaidh bord coimeádaithe cheantair iascaigh, de bhun iarratas faoi fho-alt (1) den alt seo, an dleacht cheadúnais a shocrú i leith ceadúnas chun inneall neamhsceidealta a úsáid sa cheantar iascaigh sin, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:—

(a) féadfaidh an t-iarratasóir nó aon duine eile arb éagóir leis méad na dleachta ceadúnais a shocrófar amhlaidh, má thugann sé, laistigh de dheich lá tar éis fógra a fhoilsiú faoi shocrú na dleachta ceadúnais sin, do chláraitheoir contae an chontae nó na contae-bhuirge a bhfuil sé beartaithe an t-inneall sin a úsáid ann agus don bhord coimeádaithe sin, fógra go bhfuiltear chun an t-achomharc sin a dhéanamh i gcoinne méad na dleachta sin.

(b) déanfaidh Breitheamh den Chúirt Chuarda a bheidh sannta don Chuaird ina bhfuil an contae nó an chontae-bhuirg sin, an t-achomharc sin a éisteacht,

(c) féadfaidh an Breitheamh sin, tar éis dó an t-achomharcóir agus an bord coimeádaithe sin a éisteacht, méad na dleachta sin a laghdú, a dhaingniú nó a mhéadú, de réir mar is cuí leis, agus is breith chríochnaitheach a bhreith,

(d) gabhfaidh an bhreith ar an achomharc sin siar go dtí an dáta ar ar shocraigh an bord coimeádaithe sin an dleacht sin, agus dá réir sin—

(i) má laghdaítear méad na dleachta sin de thoradh an achomhairc sin, aisíocfaidh an bord coimeádaithe sin an bhreis a íocadh,

(ii) má mhéadaítear méad na dleachta sin de thoradh an achomhairc sin, beidh an íocaíocht a rinneadh cheana ina urscaoileadh pro tanto.

(5) Má dhéanann aon duine (seachas an tAire) aon inneall neamhsceidealta a úsáid in aon cheantar iascaigh, gan fo-ailt (1) agus (2) den alt seo a chomhlíonadh roimh ré agus gan an tsuim a thaisceadh le bord coimeádaithe an cheantair iascaigh sin a éileoidh an bord sin i leith na dleachta ceadúnais a bheidh le socrú ina dhiaidh sin i leith an innill sin, ansin beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach lú ná cúig phunt a chur air agus, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil bhreise nach lú ná caoga punt in aghaidh gach lae a d'úsáid an duine sin an t-inneall sin amhlaidh.

Gníomhairí chun gnáthcheadúnais iascaireachta a eisiúint.

70. —(1) Féadfaidh bord coimeádaithe cheantair iascaigh cibé daoine agus cibé líon daoine is cuí leis a cheapadh chun bheith ina ngníomhairí don bhord le gnáth-cheadúnais iascaireachta a eisiúint, agus beidh gach duine a cheapfaidh bord coimeádaithe amhlaidh ina ghníomhaire údaraithe don bhord sin chun na críche sin.

(2) Glacfaidh an bord coimeádaithe ó gach duine is gníomhaire údaraithe don bhord sin leor-urrús go dtabharfaidh sé cuntas cuí in aon dleacht cheadúnais a íocadh leis agus go gcomhlíonfaidh sé a dhualgas go cuí, agus beidh costas aon liúntais a thabharfar i leith ceadúnas a eisiúint ina chuid de chaiteachas an bhoird choimeádaithe sin.

(3) Déanfaidh gach gníomhaire údaraithe do bhord coimeádaithe cuntas ar na dleachtanna ceadúnais go léir a fuair sé a thabhairt don bhord coimeádaithe sin gach mí nó a mhinice a iarrfaidh an bord é agus leagfaidh sé amach sa chuntas sin—

(a) na suimeanna a fuair sé i leith ceadúnas do gach inneall ar leith chun iasc a thógáil, agus

(b) ainmneacha agus áiteanna cónaithe na ndaoine ar eisíodh ceadúnais chucu, agus

(c) an toghroinn dár eisíodh gach ceadúnas díobh sin.

Ceart chun gnáthcheadúnais iascaireachta a fháil.

71. —Más rúd é—

(a) go n-iarrfaidh duine ar bhord coimeádaithe cheantair iascaigh nó ar ghníomhaire údaraithe don bhord coimeádaithe sin gnáth-cheadúnas iascaireachta a eisiúint chuige chun inneall sonraithe a úsáid chun iasc a thógáil, agus

(b) go ndéanfaidh an duine sin an dleacht ghnáth-cheadúnais is iníoctha i leith an cheadúnais sin a thairiscint don bhord coimeádaithe sin nó don ghníomhaire údaraithe sin,

déanfaidh an bord coimeádaithe sin nó an gníomhaire údaraithe sin, faoi réir fhorálacha an Achta seo, an ceadúnas sin a eisiúint chun an duine sin.

Dleachtanna gnáthcheadúnais ar líonta tarraingthe agus ar shruth-líonta a íoc ina dtráthchodanna.

72. —Más rud é—

(a) tráth nach déanaí ná an chéad lá den séasúr oscailte le haghaidh iascaireachta le hinnill seachas slat agus ruaim in aon bhliain do cheantar iascaigh, go n-iarrfar ceadúnas chun bradáin a iascaireacht le líon tarraingthe nó le sruth-líon ar bhord coimeádaithe an cheantair iascaigh sin, agus

(b) go dtairgfidh an t-iarratasóir i dteannta a iarratais leath na dleachta ceadúnais is iníoctha i leith an cheadúnais sin,

beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas—

(i) eiseoidh an bord coimeádaithe sin an ceadúnas sin chun an iarratasóra ach sin faoi réir an choinníll (a fhormhuineofar ar an gceadúnas sin) go n-íocfar iarmhéid na dleachta ceadúnais sin tráth nach déanai ná an tríochadú lá tar éis an chéad lá den séasúr oscailte sin,

(ii) mura ndéantar de réir an choinníll sin scoirfidh an ceadúnas sin de bheith i bhfeidhm an tríochadú lá sin agus uaidh sin amach.

Caibidil II.

Ceadúnais chun Iascaireacht a Dhéanamh in Uiscí Taoide Speisialta.

Pionós mar gheall ar iascaireacht ag duine neamhcheadúnaithe in uiscí taoide speisialta.

73. —(1) Ní dleathach d'aon duine úsáid a bhaint in aon uiscí taoide speisialta as aon chineál innill iascaireachta chun bradáin nó bric a thógáil, mura bhfuil an duine sin ina shealbhóir ar cheadúnas áitiúil speisialta atá i bhfeidhm de thuras na huaire á údarú don duine sin inneall iascaireachta den chineál áirithe sin a úsáid sna huiscí taoide sin.

(2) Má úsáideann duine ar bith, contrártha don alt seo, in aon uiscí taoide speisialta aon inneall iascaireachta chun bradáin nó bric a thógáil, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar chiontú ann go hachomair dlífear, i gcás inar údaraigh an tAire ceadúnais áitiúla speisialta a eisiúint chun úsáid a bhaint sna huiscí taoide sin as inneall iascaireachta chun bradáin nó bric a thógáil is inneall den chineál a d'úsáid na daoine sin amhlaidh, fíneáil a chur air nach mó ná trí oiread na dleachta ceadúnais áitiúla speisialta is cuí i leith na gceadúnas áitiúla speisialta sin agus, in aon chás eile, fíneáil nach mó ná caoga punt.

(3) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo, beidh an t-inneall iascaireachta a ndearnadh an cion ina leith ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

Ceadúnais áitiúla speisialta agus an dleacht cheadúnais orthu.

74. —(1) Féadfaidh an tAire ó am go ham le hordú a údarú don bhord coimeádaithe a bhfuil uiscí taoide speisialta laistigh dá cheantar ceadúnais (dá ngairtear ceadúnais áitiúla speisialta san Acht seo) a eisiúint chun úsáid a bhaint sna huiscí taoide sin as aon chineál sonrach innill iascaireachta (ar inneall iascaireachta é de chineál a bhfuil gnáth-cheadúnais ineisithe ina leith) chun bradáin nó bric a thogáil, agus ní eiseofar aon cheadúnas áitiúil speisialta chun úsáid a bhaint in uiscí taoide speisialta as aon chineál innill iascaireachta chun bradáin nó bric a thógáil mura ndearnadh ordú faoin alt seo á údarú don bhord coimeádaithe ar laistigh dá cheantar atá na huiscí taoide sin ceadúnais áitiúla speisialta a eisiúint chun inneall iascaireachta den chineál sin a úsáid sna huiscí taoide sin.

(2) Aon uair a dhéanfaidh an tAire ordú á údarú ceadúnais áitiúla speisialta a eisiúint chun úsáid a bhaint in uiscí taoide speisialta as aon chineál áirithe innill iascaireachta chun bradáin nó bric a thógáil, déanfaidh sé leis an ordú céanna, le toiliú an Aire Airgeadais, an dleacht cheadúnais a shocrú a bheidh le híoc i leith na gceadúnas sin.

(3) Féadfar dleachtanna ceadúnais éagsúla a shocrú faoin alt seo i leith ceadúnais áitiúla speisialta chun úsáid a bhaint in uiscí taoide speisialta as cineálacha éagsúla inneall iascaireachta chun bradáin nó bric a thógáil, agus féadfar dleachtanna ceadúnais éagsúla a shocrú faoin alt seo i leith uiscí taoide speisialta éagsúla.

(4) Ní bheidh an dleacht cheadúnais a shocrófar faoin alt seo i leith ceadúnais áitiúla speisialta chun úsáid a bhaint as cineál áirithe innill iascaireachta chun bradáin nó bric a thógáil níos lú in aon chás ná an dleacht cheadúnais is iníoctha faoin Acht seo i leith gnáth-cheadúnais chun inneall iascaireachta den chineál céanna a úsáid.

(5) Féadfaidh aon ordú faoin alt seo a fhoráil go ndéanfar, i gcás ina ndeonófar ceadúnas áitiúil speisialta chun bradáin a iascaireacht le slat agus ruaim in aghaidh aon bhliana do dhuine dar deonaíodh gnáth-cheadúnas de chineál dá shamhail in aghaidh na bliana sin, an dleacht cheadúnais is iníoctha i leith an cheadúnais áitiúil speisialta sin a laghdú cibé suim a shonrófar san ordú le toiliú an Aire Airgeadais.

(6) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, ordú a dhéanamh faoin bhfo-alt seo ag leasú ordú ar bith a bheidh déanta aige roimhe sin faoin alt seo (lena n-áirítear an fo-alt seo) sa mhéid go mbainfidh an t-ordú sin le dleachtanna ceadúnais.

Foirm cheadúnas áitiúla speisialta agus a n-éifeacht.

75. —(1) Gach ceadúnas áitiúil speisialta a eiseofar i leith uiscí taoide speisialta—

(a) is i cibé foirm a bheidh sé, agus beidh cibé sonraí ann, a ordóidh an tAire;

(b) séalófar é le séala boird choimeádaithe an cheantair ina bhfuil na huiscí taoide sin;

(c) sonróidh sé an bhliain ar ina haghaidh a eisíodh an ceadúnas sin.

(2) Eiseofar ceadúnas áitiúil speisialta ar leith in aghaidh gach inneall iascaireachta ar leith chun bradáin nó bric a thógáil.

(3) Déarfar i ngach ceadúnas áitiúil speisialta i leith uiscí taoide speisialta go n-údaraíonn sé, agus oibreoidh sé chun a údarú, don duine a n-eiseofar an ceadúnas sin chuige úsáid a bhaint sna huiscí taoide sin, i rith na bliana ar ina haghaidh a eiseofar an ceadúnas sin, as inneall iascaireachta den chineál áirithe a shonrófar ann chun bradáin nó bric a thógáil, ach sin faoi réir fhorálacha an Achta seo agus aon ionstraime a dhéanfar faoin Acht seo.

Ceadúnais áitiúla speisialta a eisiúint.

76. —Má údaraítear do bhord coimeádaithe le hordú ón Aire faoin Acht seo ceadúnais áitiúla speisialta a eisiúint chun úsáid a bhaint, in uisci taoide speisialta i gceantar iascaigh an bhoird, as aon chineál áirithe innill iascaireachta chun bradáin nó bric a ghabháil, déanfaidh an bord, faoi réir fhorálacha an Achta seo, ar dhuine ar bith dá iarraidh ar an mbord ceadúnas áitiúil speisialta a eisiúint chuige chun úsáid a bhaint sna huiscí taoide sin as inneall iascaireachta den chineál sin chun bradáin nó bric a thógáil agus nuair a íocfaidh an duine sin leis an mbord an dleacht cheadúnais áitiúil speisialta is iomchuí, an ceadúnas áitiúil speisialta sin a eisiúint trína gcléireach chun an duine sin.

Dleacht cheadúnais áitiúil speisialta a íoc ina tráthchodanna.

77. —(1) Má údaraítear do bhord coimeádaithe le hordú ón Aire faoin Acht seo ceadúnais áitiúla speisialta a eisiúint chun úsáid a bhaint, in uiscí taoide speisialta i gceantar iascaigh an bhoird, as aon chineál áirithe innill iascaireachta chun bradáin nó bric a thógáil, féadfaidh an tAire, aon uair agus gach uair is cuí leis é, na nithe seo a leanas a dhéanamh le hordú:—

(a) a dhearbhú gur tréimhsí eisiúna chun críocha an ordaithe sin cibé trí thréimhse gach bliain is cuí leis an Aire agus shonróidh sé san ordú sin;

(b) a údarú don bhord sin ceadúnais áitiúla speisialta a eisiúint i rith na céad tréimhse eisiúna aon bhliain chun úsaid a bhaint sna huiscí taoide sin as inneall iascaireachta den chineál sin chun bradáin nó bric a thógáil ar chion sonraithe den dleacht cheadúnais áitiúil speisialta is iomchuí a íoc, ach sin faoi réir an choinníll seo a leanas (a fhormhuineofar ar gach ceadúnas den sórt sin), go n-íocfar iarmhéid na dleachta sin i dtrí thráthchuid chothroma, agus go n-íocfar, gach tráthchuid díobh tráth nach déanaí ná an dáta a shonrófar san ordú sin chun a híoctha;

(c) a údarú don bhord sin ceadúnais áitiúla speisialta a eisiúint i rith an dara tréimhse eisiúna aon bhliain chun úsáid a bhaint sna huiscí taoide sin as inneall iascaireachta den chineál sin chun bradáin nó bric a thógáil ar chion sonraithe den dleacht cheadúnais áitiúil speisialta is iomchuí a íoc, ach sin faoi réir an choinníll seo a leanas (a fhormhuineofar ar gach ceadúnas den sórt sin), go n-íocfar iarmhéid na dleachta sin i dhá thráthchuid chothroma, agus go n-íocfar gach tráthchuid díobh tráth nach déanaí ná an dáta a shonrófar san ordú sin chun a híoctha;

(d) a údarú don bhord sin ceadúnais áitiúla speisialta a eisiúint i rith an tríú tréimhse eisiúna aon bhliain chun úsáid a bhaint sna huiscí taoide sin as inneall iascaireachta den chineál sin chun bradáin nó bric a thógáil ar chion sonraithe den dleacht cheadúnais áitiúil speisialta is iomchuí a íoc, ach sin faoi réir an choinníll seo a leanas (a fhormhuineofar ar gach ceadúnas den sórt sin), go n-íocfar iarmhéid na dleachta sin tráth nach déanaí ná an dáta a bheidh sonraithe san ordú sin chun a íoctha.

(2) Féadfaidh ordú faoin alt seo baint le cineálacha éagsúla inneall iascaireachta chun bradáin nó bric a thógáil, agus sa chás sin féadfaidh forálacha éagsúla a bheith ann maidir le gach cineál ar leith innill iascaireachta chun bradán nó bric a thógáil lena mbainfidh an t-ordú.

(3) Féadfaidh an tAire le hordú aon ordú a bheidh déanta faoin alt seo (lena n-áirítear an fo-alt seo) a chúlghairm nó a leasú.

(4) Má eisíonn bord coimeádaithe ceadúnas áitiúil speisialta i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thabharfar don bhord sin le hordú faoin alt seo, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:—

(a) má sháraítear an coinníoll a bheidh formhuinithe ar an gceadúnas sin de réir an ordaithe sin, scoirfidh an ceadúnas sin de bheith i bhfeidhm láithreach ar an sárú sin a dhéanamh, agus

(b) nuair a íocfar aon tráthchuid, nó, i gcás ceadúnais áitiúil speisialta a eiseofar i rith aon tríú tréimhse eisiúna faoin ordú sin, an t-iarmhéid a bheidh fágtha, den dleacht cheadúnais áitiúil speisialta is iomchuí de réir an choinníll sin, déanfaidh cléireach an bhoird sin, ar an gceadúnas sin a thabhairt ar aird, deimhniú a fhormhuiniú ar an gceadúnas sin go ndearnadh an íocaíocht sin.

Ceadúnais áitiúla speisialta a fhorghéilleadh.

78. —(1) I gcás sealbhóir ceadúnais áitiúil speisialta a chiontú i gcion faoi na hachtacháin aisghairthe nó i gcion faoi aon fhoráil den Acht seo, féadfaidh an Chúirt a chiontaigh an duine sin a ordú, i dteannta aon phionóis eile, an ceadúnas sin a fhorghéilleadh.

(2) I gcás ina n-ordófar ceadúnas áitiúil speisialta a fhorghéilleadh faoin alt seo, scoirfidh an ceadúnas sin, air sin, de bheith i bhfeidhm.

Caibidil III.

Ceadúnais chun Bric a Iascaireacht le Slat agus Ruaim in Uiscí Áirithe.

Uiscí breac sceidealta.

79. —(1) Féadfaidh bord coimeádaithe ó am go ham, le hordú, a dhearbhú gur uiscí breac sceidealta chun críocha an Achta seo aon abhainn nó loch nó aon chuid d'abhainn nó de loch i gceantar iascaigh an bhoird sin.

(2) Féadfaidh bord coimeádaithe, le hordú, aon ordú a bheidh déanta aige faoi fho-alt (1) den alt seo a chúlghairm.

(3) Gach ordú a dhéanfar faoin alt seo is i cibé foirm a bheidh sé, agus foilseofar é i cibé slí, a ordóidh an tAire.

Pionós ar dhuine neamhcheadúnaithe mar gheall ar bhric a iascaireacht in uiscí breac sceidealta le slat agus ruaim.

80. —(1) Ní dleathach do dhuine ar bith bric a iascaireacht le slat agus ruaim in aon uiscí breac sceidealta i gceantar iascaigh, mura rud é—

(a) gur sealbhóir an duine sin ar cheadúnas slaite breac (ginearálta) atá i bhfeidhm de thuras na huaire, nó

(b) gur áititheoir an duine sin ar thalamh atá tadhlach leis an gcuid de na huiscí breac sceidealta sin ina bhfaighfear ag iascaireacht é agus go bhfuil sé i dteideal cearta iascaireachta sa chuid sin agus gur sealbhóir é ar cheadúnas slaite breac (bruach-úinéir) atá i bhfeidhm de thuras na huaire agus a d'eisigh bord coimeádaithe an cheantair iascaigh sin agus atá bailí don chuid sin, nó

(c) gur ball an duine sin de theaghlach áititheoir talún atá tadhlach leis an gcuid de na huiscí breac sceidealta sin ina bhfaighfear an duine sin ag iascaireacht agus go bhfuil an t-áititheoir sin i dteideal cearta iascaireachta sa chuid sin agus gur sealbhóir é ar cheadúnas slaite breac (bruach-úinéir) atá i bhfeidhm de thuras na huaire agus a d'eisigh bord coimeádaithe an cheantair iascaigh sin agus atá bailí don chuid sin, nó

(d) gur sealbhóir an duine sin ar cheadúnas slaite breac (sóisear) atá i bhfeidhm de thuras na huaire agus a d'eisigh an bord coimeádaithe sin, nó

(e) gur sealbhóir an duine sin ar cheadúnas slaite bradán atá i bhfeidhm de thuras na huaire agus a d'eisigh an bord coimeádaithe sin.

(2) Má dhéanann duine ar bith aon ghníomh contrártha d'fho-alt (1) den alt seo beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná punt a chur air.

Cineálacha ceadúnas slaite breac agus dleachtanna ceadúnais orthu.

81. —(1) Beidh trí chineál ceadúnas slaite breac ann, eadhon—

(a) ceadúnais slaite breac (ginearálta),

(b) ceadúnais slaite breac (bruach-úinéir), agus

(c) ceadúnais slaite breac (sóisear).

(2) Beidh dleacht mar a leanas iníoctha ar na ceadúnais sin—

(a) ceadúnas slaite breac (ginearálta), dleacht cheadúnais cúig scilling,

(b) ceadúnas slaite breac (bruach-úinéir), dleacht cheadúnais sé phingin,

(c) ceadúnas slaite breac (sóisear), dleacht cheadúnais sé phingin.

Limistéar bailíochta ceadúnas slaite breac.

82. —(1) Beidh ceadúnas slaite breac (ginearálta) bailí ar fud an Stáit.

(2) Ní bheidh ceadúnas slaite breac (bruach-úinéir) bailí ach amháin sa chuid sin d'uiscí breac sceidealta—

(a) ina bhfuil sealbhóir an cheadúnais i dteideal cearta iascaireachta, agus

(b) atá ag síneadh le talamh atá ar áitiú ag an sealbhóir.

(3) Ní bheidh ceadúnas slaite breac (sóisear) bailí ach amháin i gceantar iascaigh an bhoird choimeádaithe a d'eisigh é.

Ceart chun ceadúnais slaite breac a fhail.

83. —(1) Más rud é—

(a) go n-iarrfaidh duine an bhord coimeádaithe cheantair iascaigh nó ar ghníomhaire údaraithe don bhord sin ceadúnas slaite breac (ginearálta) a eisiúint chuige, agus

(b) go dtairgfidh an duine sin suim cúig scilling,

déanfaidh an bord sin nó an gníomhaire sin, faoi réir fhorálacha an Achta seo, ceadúnas slaite breac (ginearálta) a eisiúint chun an duine sin.

(2) Más rud é—

(a) go n-iarrfaidh duine ar bhord coimeádaithe a bhfuil aon uiscí breac sceidealta laistigh dá cheantar iascaigh nó ar ghníomhaire údaraithe don bhord sin ceadúnas slaite breac (bruach-úinéir) a eisiúint chuige, agus

(b) go ndeimhneoidh an duine sin don bhord sin nó don ghníomhaire sin gur áititheoir é ar thalamh atá tadhlach le haon chuid de na huiscí breac sceidealta sin agus go bhfuil teideal aige chun cearta iascaigh sna huiscí breac sceidealta sin, agus

(c) go dtairgfidh an duine sin suim sé phingin,

déanfaidh an bord sin nó an gníomhaire sin, faoi réir fhorálacha an Achta seo, ceadúnas slaite breac (bruach-úinéir) a eisiúint chun an duine sin.

(3) Más rud é—

(a) go n-iarrfaidh duine ar bhord coimeádaithe a bhfuil aon uiscí breac sceidealta ar leith laistigh dá cheantar iascaigh nó ar ghníomhaire údaraithe don bhord sin ceadúnas slaite breac (sóisear) a eisiúint chuige, agus

(b) go ndeimhneoidh an duine sin don bhord sin nó don ghníomhaire sin go bhfuil sé de thuras na huaire faoi bhun seacht mbliana déag d'aois, agus

(c) go dtairgfidh an duine sin suim sé phingin,

déanfaidh an bord sin nó an gníomhaire sin, faoi réir fhorálacha an Achta seo, ceadúnas slaite breac (sóisear) a eisiúint chun an duine sin.

Forálacha maidir le ceadúnais slaite breac.

84. —(1) Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas maidir le ceadúnais slaite breac:—

(a) eiseofar ceadúnas slaite breac i leith gach slaite;

(b) beidh gach ceadúnas slaite breac bailí ar feadh bliana amháin agus sin an méid agus is í bliain í sin an bhliain a eiseofar é,

(c) gach ceadúnas slaite breac a eiseofar—

(i) ullmhófar agus clófar é i cibé foirm a ordóidh an tAire,

(ii) clófar air tréimhse a bhailíochta agus cibé sonraí eile a ordóidh an tAire,

(iii) séalófar é le séala an bhoird choimeádaithe ar laistigh dá cheantar iascaigh a eiseofar é.

(d) sonróidh gach ceadúnas slaite breac ainm agus seoladh an duine chun ar eisíodh é agus ní dhéanfar é a aistriú chun aon duine eile.

(2) Ní fhorléireofar ceadúnas slaite breac mar ní a thugann nó a bhronnann ar a shealbhóir aon cheart iascaireachta in aon áit nach mbeadh ag an duine a bhfuil an ceadúnas ar seilbh nó á úsáid aige dá mba nár ritheadh an tAcht seo ná ní fhorléireofar é mar ní a athraíonn nó a bhaineann le cearta aon duine eile.

CAIBIDIL IV.

Srianta le Ceadúnais Iascaireachta a Eisiúint.

Toirmeasc ar ghnáthcheadúnais iascaireachta a eisiúint i leith uisci taoide speisialta.

85. —Ní eiseofar aon ghnáth-cheadúnas iascaireachta i leith aon uiscí taoide speisialta.

Toirmeasc ar cheadúnais a eisiúint do sciob-líonta sa chuid taoidmhear d'Abhainn na Sionainne.

86. —Ní eiseofar aon ghnáth-cheadúnas chun iascaireacht a dhéanamh le sciob-líon sa chuid taoidmhear d'Abhainn na Sionainne.

Toirmeasc ar cheadúnais a eisiúint do scioblíonta sa chuid taoidmhear d'aibhneacha (seachas Abhainn na Sionainne) ina bhfuil iascach nó ceart iascaireachta faighte ag Bord Soláthair an Leictreachais.

87. —(1) Féadfaidh an tAire, más cuí leis é ar iarratas ó Bhord Soláthair an Leictreachais, toirmeasc a chur, le hordú, le gnáthcheadúnais a eisiúint le haghaidh iascaireachta le sciob-líon sa chuid taoidmhear d'aon abhainn a bhfuil iascach nó ceart iascaireachta inti faighte ag an mBord sin faoi Chuid III den Acht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1945 (Uimh. 12 de 1945) .

(2) Aon uair a bheidh ordú déanta ag an Aire faoi fho-alt (1) den alt seo, ní eiseofar aon ghnáth-cheadúnas contrártha don ordú sin.

Toirmeasc ar cheadúnais a eisiúint do shruth-líonta agus do líonta tarraingthe i gcodanna taoidmheara d'aibhneacha ina bhfuil iascach nó cearta iascaireachta ag Bord Soláthair an Leictreachais.

88. —(1) San alt seo, ciallaíonn an abairt “an chuid taoidmhear d'abhainn lena mbaineann an t-alt seo”—

(a) an chuid taoidmhear d'Abhainn na Sionainne,

(b) an chuid taoidmhear d'aon abhainn a bhfuil iascach nó ceart iascaireachta inti faighte ag Bord Soláthair an Leictreachais faoi Chuid III d'Acht 1945 ( Uimh. 12 de 1945 ).

(2) Féadfaidh an tAire, más cuí leis é, na nithe seo a leanas a dhéanamh maidir leis an gcuid taoidmhear d'abhainn lena mbaineann an t-alt seo—

(a) rialacháin a dhéanamh a fhorordóidh an méid uasta ceadúnas le haghaidh iascaireachta le sruth-líonta ann (nach rachaidh thar seachtó ceadúnas i gcás Abhainn na Sionainne) is cead a eisiúint aon bhliain ina dtosóidh an séasúr oscailte le haghaidh na hiascaireachta sin tar éis dáta na rialachán sin;

(b) rialacháin a dhéanamh a fhorordóidh an méid uasta ceadúnas le haghaidh iascaireachta le líonta tarraingthe ann (nach rachaidh thar cúig cheadúnas is fiche i gcás Abhainn na Sionainne) is cead a eisiúint aon bhliain ina dtosóidh an séasúr oscailte le haghaidh na hiascaireachta sin tar éis dáta na rialachán sin;

(c) rialacháin a dhéanamh maidir le ceadúnais a eisiúint den sórt a luaitear i mír (a) nó (b) den fho-alt seo d'fhonn go dtabharfar do dhaoine ag a raibh ceadúnais sruth-líonta nó ceadúnais líonta tarraingthe (cibé acu é) den sórt sin sa bhliain roimh dháta na rialachán faoi mhír (a) nó (b) den fho-alt seo ceart tosaíochta chun ceadúnais sruth-líonta nó ceadúnais líonta tarraingthe (cibé acu é) den sórt sin a cheannach roimh thosach aon séasúir oscailte le haghaidh iascaireachta faoi na ceadúnais sin a gcuireann na rialacháin deiridh sin a luaitear teorainn leis an méad ceadúnas den sórt sin ina leith.

(3) Aon uair a dhéanfaidh an tAire, faoin alt seo, rialacháin a fhorordóidh an méid uasta ceadúnas d'aon chineál áirithe is cead a eisiúint maidir leis an gcuid taoidmhear d'aon abhainn áirithe in aon séasúr oscailte áirithe, ní dhéanfar níos mó de na ceadúnais sin a eisiúint maidir leis an gcuid taoidmhear sin in aon séasúr oscailte den sórt sin ná an méid uasta a fhorordófar amhlaidh.

(4) I gcás duine a chiontú i gcion faoi na hachtachain aisghairthe nó i gcion faoi aon fhoráil den Acht seo, ní bheidh an duine sin i dteideal aon chirt tosaíochta chun ceadúnas a fháil faoin alt seo.

(5)   (a) San fho-alt seo—

ciallaíonn an abairt “Acht 1935” Acht Iascaigh na Sionainne, 1935 (Uimh. 4 de 1935) ;

ciallaíonn an abairt “Acht 1956” An t Acht Iascaigh (Athscrúdú an Dlí Reachtúil), 1956 (Uimh. 28 de 1956) .

(b) Más rud é go mbeidh, díreach roimh an dáta feidhme, forálacha fho-alt (1) d'alt 23 d'Acht 1935 (a aisghaireadh le halt 1956) i bhfeidhme de bhua fo-alt (5) d'alt 11 d'Acht 1956 (a aisghairtear leis an Acht seo), ansin, d'ainneoin na haisghairme sin, fanfaidh na forálacha sin i bhfeidhm agus, chun críocha an ailt seo, measfar iad a dhéanamh le rialacháin faoi mhíreanna (a) agus (b) d'fho-alt (2) den alt seo.

(c) Más rud é go mbeidh, díreach roimh an dáta feidhme, Rialacháin Uiscí Taoide Abhann na Sionainne (Ceadúnais Iascaigh a Thabhairt Amach), 1935 (R. & O.R. Uimh. 664 de 1935), a rinneadh faoi fho-alt (2) d'alt 23 d'Acht 1935 (a aisghaireadh le hAcht 1956), i bhfeidhm de bhua fho-alt (6) d'alt 11 d'Acht 1956 (a aisghairtear leis an Acht seo), ansin, d'ainneoin na haisghairme sin, fanfaidh na Rialacháin sin i bhfeidhm agus, chun críocha an ailt seo, measfar iad a dhéanamh faoi mhír (c) d'fho-alt (2) den alt seo.

Srianta le ceadúnais a eisiúint i leith líonta le haghaidh iascaireachta in iascaigh áirithe.

89. —(1) Féadfaidh an tAire, i gcás aon iascaigh phoiblí, na nithe seo a leanas a dhéanamh le hordú:—

(a) a dhearbhú go mbeidh cibé tréimhse (nach giorra ná trí bliana agus nach faide ná deich mbliana) is cuí leis an Aire agus a shonróidh sé san ordú sin ina tréimhse cheaptha chun críocha an ordaithe sin;

(b) toirmeasc a chur le ceadúnais a eisiúint i leith aon chineál líonta le haghaidh iascaireachta san iascach sin ach amháin líonta de chineál a úsáideadh go dleathach le haghaidh iascaireachta san iascach sin i gcaitheamh na bliana caighdeánaí;

(c) maidir le líonta de gach cineál ar leith a úsáideadh go dleathach le haghaidh iascaireachta san iascach sin i gcaitheamh na bliana caighdeánaí—

(i) a shocrú cad é an uasuimhir ceadúnas i leith líonta den chineál sin a fhéadfar a eisiúint le haghaidh iascaireachta san iascach sin i gcaitheamh gach ceann de na blianta (seachas an bhliain deiridh) sa tréimhse cheaptha, agus féadfaidh sé uimhreacha éagsúla a shocrú amhlaidh in aghaidh gach bliana nó aon bhliana nó blianta díobh sin, ach sin faoi réir na teorann nach mbeidh an uimhir a shocrófar amhlaidh níos mó ná céad faoin gcéad ná níos lú ná caoga faoin gcéad den uimhir ceadúnas i leith líonta den chineál sin a eisíodh le haghaidh iascaireachta san iascach sin i gcaitheamh na bliana caighdeánaí,

(ii) a shocrú cad é an uasuimhir ceadúnas i leith líonta den chineál sin a fhéadfar a eisiúint le haghaidh iascaireachta san iascach sin i gcaitheamh na bliana deiridh den tréimhse cheaptha agus i gcaitheamh gach bliana a thosóidh tar éis n >tréimhse ceaptha, agus féadfaidh sé uimhreacha éagsúla a shocrú in aghaidh gach bliana nó aon bhliana nó blianta díobh sin, ach sin faoi réir na teorann nach mbeidh an uimhir a shocrófar amhlaidh níos mó ná ochtó faoin gcéad ná níos lú ná caoga faoin gcéad den uimhir ceadúnas i leith líonta den chineál sin a eisíodh le haghaidh iascaireachta san iascach sin i gcaitheamh na bliana caighdeánaí,

(iii) toirmeasc a chur le huimhir ceadúnas a eisiúint i leith líonta den chineál sin in aghaidh aon bhliana de bhreis ar an uas-uimhir a bheidh socraithe amhlaidh don bhliain sin,

(iv) toirmeasc a chur le níos mó ná ceadúnas amháin a eisiúint chun aon duine amháin i leith líon den chineál sin in aghaidh aon bhliana;

(d) lá a cheapadh roimh gach bliain chun bheith ina lá deiridh le ceadúnais a iarraidh do líonta le haghaidh iascaireachta san iascach sin i gcaitheamh na bliana sin.

(2) Má dhéanann an tAire ordú faoi fho-alt (1) den alt seo maidir le haon iascach poiblí, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas maidir le ceadúnais a eisiúint do gach cineál lín (ar líon é de chineál nach dtoirmisctear leis an ordú sin ceadúnas a eisiúint ina leith) le haghaidh iascaireachta san iascach sin in aghaidh gach bliana lena mbainfidh an t-ordú sin:—

(a) ní eiseofar aon cheadúnas i leith líon den chineál sin le haghaidh iascaireachta san iascach sin i gcaitheamh na bliana sin chun aon duine mura n-iarrtar an ceadúnas sin tráth nach déanaí ná an dáta (dá ngairtear an lá deiridh chun iarratais a dhéanamh san fho-alt seo) a cheapfar leis an ordú sin ina lá deiridh chun ceadúnais i leith líonta le haghaidh iascaireachta san iascach sin i gcaitheamh na bliana sin a iarraidh;

(b) ní bheidh aon duine i dteideal níos mó ná ceadúnas amháin a iarraidh i leith an chineáil sin lín le haghaidh iascaireachta san iascach sin i gcaitheamh na bliana sin, agus má iarrann aon duine níos mó ná ceadúnas amháin den chineál sin, áireofar an t-iarratas sin mar iarratas ar cheadúnas amháin den chineál sin;

(c) i gcás uimhir na n-iarratas ar cheadúnais i leith an chineáil sin lín le haghaidh iascaireachta san iascach sin i gcaitheamh na bliana sin a dhéanfaidh daoine (dá ngairtear daoine fabhraithe san fho-alt seo)—

(i) a raibh ceadúnais acu i leith líonta den chineál sin le haghaidh iascaireachta i gcaitheamh na bliana caighdeánaí agus a bhí iarbhír ag gabháil d'iascaireacht faoi na ceadúnais sin sa bhliain chaighdeánach, nó

(ii) a bhí, i gcaitheamh iomlán, nó beagnach iomlán, gach séasúir de na trí shéasúr iascaireachta díreach roimh an lá deiridh chun iarratais a dhéanamh, ar fostú go buan agus go rialta ag iascaireacht san iascach sin,

a bheith comhionann le huasuimhir na gceadúnas den chineál sin a shonrófar san ordú sin don bhliain sin, ansin ní dhéanfar aon cheadúnais den sórt sin a dheonú d'aon duine ach amháin do dhaoine fabhraithe;

(d) i gcás uimhir na n-iarratas a dhéanfaidh daoine fabhraithe go cuí ar cheadúnais i leith an chineáil sin lín le haghaidh iascaireachta san iascach sin i gcaitheamh na bliana sin a bheith níos mó ná an uasuimhir sin—

(i) ní dheonófar aon cheadúnais den sórt sin d'aon daoine ach amháin do dhaoine fabhraithe;

(ii) eiseofar na ceadúnais sin i measc na ndaoine fabhraithe sin de réir mar a chinnfear le crannchur;

(e) i gcás uimhir na n-iarratas a dhéanfaidh daoine fabhraithe go cuí ar cheadúnais i leith an chineáil sin lín le haghaidh iascaireachta san iascach sin i gcaitheamh na bliana sin a bheith níos lú ná an uasuimhir sin—

(i) eiseofar ceadúnas i leith an chineáil sin lín chun gach duine de na daoine fabhraithe sin,

(ii) má bhíonn uimhir na gceadúnas den chineál sin a bheidh fágtha tar éis na heisiúna chun daoine fabhraithe comhionann le huimhir na n-iarratas cuí-dhéanta ó dhaoine (dá ngairtear daoine neamhfhabhraithe san fho-alt seo) nach daoine fabhraithe iad nó níos mó ná uimhir na n-iarratas sin, eiseofar ceadúnas amháin den chineál sin chun gach duine de na daoine neamhfhabhraithe sin,

(iii) má bhíonn uimhir na gceadúnas den chineál sin a bheidh fágtha amhlaidh níos lú ná uimhir na n-iarratas cuí-dhéanta ó dhaoine neamh-fhabhraithe, eiseofar na ceadúnais sin i measc na ndaoine neamhfhabhraithe sin de réir mar a chinnfear le crannchur.

(3) San alt seo—

ciallaíonn an abairt “iascach poiblí” an chuid taoidmhear d'aon abhainn ina bhfuil ceart iascaireachta poiblí agus inbhear na habhann sin agus an fharraige laistigh de thrí mhíle ó bhéal an inbhir sin nó, i gcás muir-theorainn an inbhir a bheith sonraithe, muirtheorainn an inbhir sin, ach ní fholaíonn sé codanna taoidmheara Abhainn na Sionainne nó a chraobh-aibhneacha lastuas dá béal nó dá mbéil;

ciallaíonn an abairt “an bhliain chaighdeánach”—

(a) maidir le hAbhainn na hÉirne agus le hAbhainn an Fhia agus lena n-inbhir, an bhliain 1934,

(b) maidir le haon iascach poiblí eile, an bhliain 1935.

(4) I gcás duine a chiontú i gcion faoi na hachtacháin aisghairthe nó i gcion faoi aon fhoráil den Acht seo, ní bheidh an duine sin i dteideal aon chirt tosaíochta chun ceadúnas a fháil faoin alt seo.

Caibidil V.

Ceadúnais a Fhorghéilleadh.

Ceadúnais a fhorghéilleadh.

90. —(1) I gcás—

(a) duine a chiontú i gcion faoi na hachtacháin aisghairthe nó i gcion faoi aon fhoráil den Acht seo, agus

(b) an duine sin a bheith ina shealbhóir ar cheadúnas nó ceadúnais chun bradáin nó bric a iascaireacht,

féadfaidh an chúirt a chiontóidh an duine sin, i dteannta aon phionóis eile, a ordú an ceadúnas nó na ceadúnais sin a fhorghéilleadh.

(2) I gcás ina n-ordófar ceadúnas a fhorghéilleadh faoin alt seo, scoirfidh an ceadúnas sin air sin de bheith i bhfeidhm.

CUID VII.

Rialacháin i dTaobh Líonta.

Srianta le líonta a úsáid.

91. —(1) Aon duine—

(a) a úsáidfidh aon líon, nó a dhéanfaidh iascaireacht le haon líon, a mbeidh tóin bhréige ann (seachas líonta chun eascanna a thógáil), nó

(b) a chuirfidh dhá líon nó níos mó ar chúl a chéile, nó

(c) a úsáidfidh aon líonta faoi chlúdach can bháis, seithe, nó ábhair eile chun éisc róbheaga a thógáil, nó

(d) a fheisteoidh, nó a choimeádfaidh, líonta as a chéile ar síneadh trasna aon abhann,

beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpunt a chur air.

(2) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo, beidh an líon a ndearnadh an cion ina leith ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

Mogaill líonta, d'ábhar solúbtha, chun bradáin a thógáil san fharraige nó i sruthanna taoide.

92. —(1) San alt seo, ciallaíonn an abairt “líon lena mbaineann an t-alt seo” aon líon nó inneall eile nach bhfuil déanta as ábhair dolúbtha agus a úsáidtear chun bradáin a thógáil.

(2) Más rud é, ar aon chuid den chósta nó laistigh d'aon bhá, inbhear nó sruth taoide ar an gcósta, go n-úsáidfidh aon duine (seachas dílseánach iomláin iascaigh na habhann a ritheann amach sa bhá, san inbhear nó sa sruth taoide sin óna béal go dtí a foinse, agus a craobh-shrutháin a áireamh) aon líon lena mbaineann an t-alt seo a bhfuil na mogaill atá ann níos lú ná orlach agus trí cheathrú ó shnaidhm go snaidhm, arna dtomhas ar feadh taobh na cearnóige, nó seacht n-orlach, arna dtomhas mórthimpeall gach mogaill acu sin, agus an tomhas sin a dhéanamh ar an taobh istigh agus an líon fliuch, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpunt a chur air.

(3) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo, beidh an líon a ndearnadh an cion ina leith ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

(4) Féadfaidh an tAire, le fo-dhlí, athrú a dhéanamh, maidir le haon cheantar nó áit ar leith, ar an méid, a shonraítear i bhfo-alt (2) den alt seo, atá le bheith i mogall aon lín lena mbaineann an t-alt seo agus a cheadú go n-úsáidfí, sa cheantar nó san ait sin, líonta lena mbaineann an t-alt seo a mbeidh a mogaill níos lú ná mar a shonraítear san fho-alt sin (2).

(5) Má dhéanann fo-dhlí faoi fho-alt (4) den alt seo athrú, maidir le haon cheantar nó áit, ar an méid, a shonraítear i bhfo-alt (2) den alt seo, atá le bheith i mogall aon lín lena mbaineann an t-alt seo agus go gceadóidh sé úsáid a bhaint, sa cheantar nó san áit sin, as líonta lena mbaineann an t-alt seo agus a mbeidh a mogaill níos lú ná sin, beidh éifeacht ag fo-alt (2) den alt seo, ina fheidhm maidir leis an gceantar nó an áit sin, ionann is dá mba rud é, in ionad na tagartha do mhogall den mhéid a shonraítear san fho-alt sin (2), gur cuireadh tagairt do mhogall den mhéid a cheadófar a údáid leis an bhfo-dhlí sin.

Mogaill nó oscailtí inneall d'ábhar dolúbtha chun bradáin a thógáil san fharraige agus i sruthanna taoide.

93. —(1) San alt seo ciallaíonn an abairt “inneall lena mbaineann an t-alt seo” aon inneall atá déanta d'ábhar dolúbtha agus a úsáidtear chun bradáin a thógáil.

(2) Más rud é, ar aon chuid den chósta nó laistigh d'aon bhá, inbhear nó sruth taoide ar an gcósta, go n-úsáidfidh aon duine (seachas dílseánach iomláin iascaigh na habhann a ritheann amach sa bhá, san inbhear nó sa sruth taoide sin óna béal go dtí a foinse, agus a craobh-shrutháin a áireamh) aon inneall lena mbaineann an t-alt seo a bhfuil na mogaill nó na hoscailtí ann níos lú ná trí orlach ar gach taobh den chearnóg, agus, i gcás nach n-úsáidtear aon mhogaill ná aon oscailtí mogallacha, níos cúinge idir na barraí ná dhá orlach, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpunt a chur air.

(3) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo, beidh an t-inneall a ndearnadh an cion ina leith ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

Gan líonta bradán a úsáid ag béal abhann ná i bhfogas leath-mhíle chun farraige ná isteach ó bhéal abhann.

94. —(1) Ní dleathach d'aon duine (ach amháin úinéir iascaigh eisiataigh laistigh de theorainneacha an iascaigh sin) líon a theilgean, a tharraingt ná a úsáid chun bradáin a thógáil i mbéal aon abhann ná i bhfogas leathmhíle chun farraighe ná leathmhíle isteach ná ar feadh an chósta ó bhéal aon abhann.

(2) Ní dleathach d'aon duine (ach amháin úinéir iascaigh eisiataigh san abhainn ar fad agus ina craobh-aibhneacha laistigh de theorainneacha an iascaigh eisiataigh sin) líon a theilgean, a tharraingt ná a shíneadh go híomlán trasna béal abhann ná trasna aon chuid eile d'abhainn.

(3) Má sháraíonn aon duine aon fho-alt acu sin roimhe seo den alt seo, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach lú ná punt agus nach mó ná deich bpunt a chur air agus fíneáil bhreise chúig scilling i leith gach éisc a thógfar le haon líon a úsáideadh ag déanamh an chiona.

(4) Má chiontaítear duine i gcion faoin alt seo beidh gach líon ar ina leith a rinneadh an cion, ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

(5) Má shonraíonn ordú faoin Acht seo béal aon chraobhabhann, déanfar tagairtí sna hailt sin roimhe seo den alt seo do bhéal aon abhann a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí do bhéal na craobh-abhann sin.

Srian le líonta a úsáid i bhfíoruisce.

95. —(1) Ní dleathach d'aon duine aon líon a úsáid chun iasc a ghabháil sa chuid fíoruisce d'aon abhainn nó in aon loch fíoruisce, mura rud é—

(a) go n-úsáidtear an líon sin faoi réim agus de réir fhodhlíthe arna ndéanamh faoin alt seo, nó

(b) gur bradóg an líon sin agus nach n-úsáidtear é ach mar chabhair chun iascaireacht a dhéanamh go dleathach le slat agus ruaim, nó

(c) nach n-úsáidtear an líon sin ach amháin chun iasc a bhaint as gaistí i gcora, nó

(d) gur chun eascanna a ghabháil atá an líon sin déanta.

(2) Má úsáideann aon duine aon líon contrártha don alt seo beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig phunt is fiche a chur air.

(3) Féadfaidh an tAire, le fodhlí, a údarú go n-úsáidfí, faoi réir cibé coinníollacha is cuí leis, in aon limistéar sonraithe sa chuid fíoruisce d'aon abhainn nó in aon loch fíoruisce, aon chineál nó cineálacha lín a fhéadfaí a úsáid go dleathach chun iasc, seachas bradáin, bric nó eascanna, a ghabháil faoin Acht seo.

(4) (a) Más rud é—

(i) go ndéanfar iarratas chun an Aire ar chead chun líonta tarraingthe a úsáid chun bric a ghabháil i loch fíoruisce sonraithe a bhfuil a achar os cionn tríocha míle cearnach, agus

(ii) go dtabharfaidh an t-iarratasóir don Aire toiliú i scríbhinn ó úinéir gach iascaigh eisiataigh sa loch, agus

(iii) go gcruthóidh an t-iarratasóir don Aire go raibh, taobh istigh d'fhiche bliain roimh an lú lá d'Eanáir, 1948, líonta á n-úsáid de cheart sa loch chun bric a ghabháil ag daoine den phobal a bhí ag brath ar an líontóireacht sin mar shlí mhaireachtála,

féadfaidh an tAire, más cuí leis é, fodhlíthe a dhéanamh á cheadú líonta tarraingthe a úsáid chun bric a ghabháil amhlaidh, faoi réir cibé coinníollacha is cuí leis.

(b) I gcás fodhlíthe faoin alt seo a bheith i bhfeidhm de thuras na huaire maidir le huiscí atá dílsithe i mBord Soláthair an Leictreachais, ní fhorléireofar aon ní in aon achtachán mar ní a thoirmisceann ar an mBord cead a thabhairt chun líonta tarraingthe a úsáid sna huiscí sin de réir na bhfodhlíthe.

(c) Féadfaidh an tAire, más cuí leis é, a chur faoi deara fiosrúchán poiblí a dhéanamh i dtaobh a inmhianaithe a bheadh sé fodhlí áirithe a dhéanamh faoin bhfo-alt seo, agus chuige sin féadfaidh sé oifigeach don Aire a cheapadh chun an fiosrúchán sin a dhéanamh.

(d) Cuirfidh an tAire faoi deara go dtabharfar, de réir alt 322, fógra faoi fhiosrúchán a bheith le déanamh faoin bhfo-alt seo.

Srian le líonta a shealbhú, etc.

96. —(1) Má bhíonn ag aon duine ina sheilbh nó faoina urláimh n aon uiscí nó ar bhruach, nó in aice le bruach, aon uiscí—

(a) aon líon a bhfuil sé toirmiscthe le haon fhoráil (seachas alt 95) den Acht seo nó le haon fhodhlí faoin gcéanna é a úsáid sna huiscí sin chun iasc a thógáil, nó

(b) aon uirlis (seachas líon) nó mealladh nó baoite a bhfuil sé toirmiscthe, le haon fhoráil den Acht seo, nó le haon fhodhlí faoin gcéanna, é a úsáid chun iasc a thógáil sna huiscí sin,

beidh an duine sin ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo.

(2) Má bhíonn ag aon duine ina sheilbh nó faoina urláimh, i loch fíoruisce nó sa chuid fíoruisce d'aon abhainn nó ina aice sin, aon líon a bheidh déanta nó gléasta i gcaoi gur féidir é a úsáid chun iasc a ghabháil, le hintinn é a úsáid contrártha d'alt 95, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo.

(3) Duine ar bith a bheidh ciontach i gcion faoi fho-alt (1) nó (2) den alt seo, dlífear ar a chiontú ann go hachomair fíneáil nach mó ná cúig phunt is fiche a chur air nó, de rogha na Cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach sia ná sé mhí.

(4) I gcás duine a chiontú i gcion faoi fho-alt (1) nó (2) den alt seo, beidh an líon, nó an uirlis eile, nó an mealladh nó an baoite eile a ndearnadh an cion ina leith ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

(5) Más rud é—

(a) go gcúiseofar duine i gcion faoi fho-alt (2) den alt seo maidir le líon a bheith ina sheilbh nó faoina urláimh, agus

(b) go gcruthófar go bhfuarthas an líon sin ina sheilbh nó faoina urláimh i loch fíoruisce nó sa chuid fíoruisce d'aon abhainn nó in aice sin,

toimhdeofar go raibh an líon sin ina sheilbh nó faoina urláimh le hintinn é a úsáid sa loch fíoruisce sin nó sa chuid fíoruisce den abhainn sin contrártha d'alt 95, mura sásóidh sé, agus go dtí go sásóidh sé, an Chúirt gurb amhlaidh a bhí, an tráth a líomhantar a rinneadh an cion,—

(i) go raibh ar intinn aige, agus go raibh sé i dteideal, an líon sin a úsáid ar mhodh a thagann faoi réim eisceachta a luaitear, maidir le líon dá shamhail, i bhfo-alt (1) d'alt 95 nó más líon tarraingthe é, ar mhodh a cheadaítear le fodhlíthe arna ndéanamh faoi fho-alt (4) d'alt 95, nó

(ii) má fuarthas an líon sin ina sheilbh nó faoina urláimh in aice leis an teorainn idir an chuid taoidmhear agus an chuid fíoruisce den abhainn sin, gur shealbhóir é ar cheadúnas chun an líon sin a úsáid sa cheantar iascaigh ina bhfuil an abhainn sin agus go raibh ar intinn aige, agus go raibh sé i dteideal, an líon sin a úsáid sa chuid taoidmhear den abhainn sin.

CUID VIII

Innill Sheasmhacha, Coraí Iascaireachta, Dambaí Muilinn Iascaireachta agus Bacainní eile ar Ghluaiseacht Éisc.

Caibidil I.

Toirmeasc ar Innill Sheasmhacha, Coraí Iascaireachta agus Dambaí Muilinn Iascaireachta, le hEisceachtaí Áirithe

Pionós mar gheall ar inneall seasmhach a úsáid, etc., chun bradáin a ghabháil gan é a bheith deimhnithe faoin Salmon Fishery (Ireland) Act,1863.

97. —(1) Ní dhéanfaidh duine ar bith iascaireacht le haon inneall seasmhach chun bradáin a ghabháil ná ní úsáidfidh ná ní chuirfidh suas é murar deonaíodh deimhniú i leith an innill sin faoin Salmon Fishery (Ireland) Act, 1863, roimh an 31ú lá de Nollaig, 1923, agus go raibh sé ar marthain gan cúlghairm an lá sin.

(2) Gach duine a dhéanfaidh iascaireacht le haon inneall seasmhach chun bradáin a ghabháil, nó a úsáidfidh nó a chuirfidh suas é, contrártha don alt seo, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air agus fíneáil bhreise nach mó ná fiche punt in aghaidh gach lae a ndearnadh iascaireacht leis an inneall seasmhach sin, nó a úsáideadh é nó a bhí sé curtha suas.

(3) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo beidh an t-inneall seasmhach a ndearnadh an cion ina leith ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

Éifeacht na ndeimhnithe faoi alt 6 den Salmon Fishery (Ireland)Act, 1863.

98. —Beidh deimhniú faoi alt 6 den Salmon Fishery (Ireland) Act, 1863, ina fhianaise dhochloíte gurb é an duine atá ainmnithe ann an duine ag a bhfuil teideal chun an ceart a thugtar ann a fheidhmiú, ach ní dhéanfaidh sé dleathach aon inneall seasmhach a bheadh, mura mbeadh sin, neamhdhleathach, toisc é a bheith díobhálach do loingseoireacht, ina núis choiteann don cheart iascaireachta poiblí nó ar shlí eile ina sharú ar an dlí coiteann nó ar aon achtachán.

Srian le coraí iascaireachta, dambaí muilinn iascaireachta nó innill sheasmhacha a chur suas sa chuid fíoruisce d'aibhneacha.

99. —(1) Ní dleathach do dhuine ar bith aon chora iascaireachta, damba muilinn iascaireachta ná inneall seasmhach a chur suas sa chuid fíoruisce d'aon abhainn nó loch.

(2) Má dhéanann duine ar bith cora iascaireachta, damba muilinn iascaireachta nó inneall seasmhach a chur suas contrártha don alt seo, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air.

(3) Má dhéantar aon chora iascaireachta, damba muilinn iascaireachta nó inneall seasmhach a chur suas contrártha don alt seo, féadfaidh an tAire a chur faoi deara an chora iascaireachta, an damba muilinn iascaireachta nó an t-inneall seasmhach sin a scartáil, agus beidh aon chostas faoina rachaidh an tAire faoin bhfo-alt seo ina fhiach a bheidh dlite don Aire ó áititheoir na cora iascaireachta, an damba mhuilinn iascaireachta nó an innill sheasmhaigh sin agus féadfar é a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(4) Ní bhainfidh forálacha an ailt seo le doruithe fada a úsáidtear d'aontoisc chun eascanna a ghabháil ná le hinnill a úsáidtear chun iasc seachas bradáin, bric nó eascanna a ghabháil.

(5) Féadfaidh an tAire, más cuí leis é, a údarú, le hordú, do dhuine ainmnithe cineál sonraithe innill iascaireachta (arb éard é cora iascaireachta, damba muilinn iascaireachta nó inneall seasmhach) chun eascanna a ghabháil a chur suas, de réir phleananna a cheadóidh an tAire, in áit shonraithe sa chuid fíoruisce d'abhainn nó loch sonraithe.

(6) Ní bhainfidh aon ní san alt seo—

(a) le Bord Soláthair an Leictreachais—

(i) cora iascaireachta a chur suas chun eascanna a ghabháil, nó

(ii) cora iascaireachta a chur suas i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar don Bhord sin le halt 101, nó

(b) le duine a mbeidh údarás aige le hordú faoi fho-alt (5) den alt seo cineál sonraithe innill iascaireachta (arb éard é cora iascaireachta, damba muilinn iascaireachta nó inneall seasmhach) a chur suas chun eascanna a ghabháil, do chur suas an chineáil sin innill iascaireachta faoi réim agus de réir an ordaithe sin.

Srian le coraí iascaireachta, dambaí muilinn iascaireachta nó innill sheasmhacha a úsáid i bhfíoruisce.

100. —(1) Ní dleathach do dhuine ar bith úsáid a bhaint sa chuid fíoruisce d'aon abhainn ná in aon loch as aon chora iascaireachta, damba muilinn iascaireachta nó inneall seasmhach chun iasc a ghabháil mura rud é go raibh an chora iascaireachta, an damba muilinn iascaireachta nó an t-inneall seasmhach sin ann agus á úsáid go dleathach i gcaitheamh an tséasúir oscailte iascaireachta i mbliain amháin nó níos mó de na trí bliana 1936, 1937 agus 1938.

(2) Má rinneadh bosca nó boscaí i gcora iascaireachta nó i ndamba muilinn iascaireachta a úsáid go dleathach i rith an tséasúir oscailte iascaireachta i mbliain amháin nó níos mó de na trí bliana 1936, 1937 agus 1938, measfar, chun críocha fo-alt (1) den alt seo, go ndearnadh an chora iascaireachta nó an damba muilinn iascaireachta sin a úsáid go dleathach i rith an tséasúir oscailte iascaireachta sin.

(3) Má úsáideann duine ar bith aon chora iascaireachta, damba muilinn iascaireachta nó inneall seasmhach contrártha don alt seo, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air agus i gcás ciona leanúnaigh fíneáil bhreise nach mó ná caoga punt in aghaidh gach lae a leanfaidh an cion sin tar éis an duine sin a chiontú ann.

(4) Ní bhainfidh forálacha an ailt seo le doruithe fada a úsáidtear d'aontoisc chun eascanna a ghabháil ná le hinnill a úsáidtear chun iasc seachas bradáin, bric nó eascanna a ghabháil.

(5) (a) Féadfaidh an tAire, más cuí leis é, údarás (dá ngairtear údarás iascaigh eascanna san alt seo) a dheonú d'áititheoir innill iascaireachta (arb éard é cora iascaireachta, damba muilinn iascaireachta nó inneall seasmhach) chun eascanna a ghabháil á údarú dó an t-inneall iascaireachta sin a úsáid chun eascanna a ghabháil.

(b) Féadfaidh an tAire cibé coinníollacha (lena n-áirítear coinníoll ag teorannú na tréimhse a bheidh an t-údarás i bhfeidhm) is cuí leis a chur ag gabháil le húdarás iascaigh eascanna.

(c) Féadfaidh an tAire, más cuí leis é, údarás iascaigh eascanna a leasú laistigh de dheich mbliana ón dáta a deonaíodh an t-údarás.

(d) Féadfaidh an tAire údarás iascaigh eascanna a chúlghairm—

(i) má bhíonn a shealbhóir arna chiontú i gcion faoi na hachtacháin aisghairthe nó i gcion faoi aon fhoráil den Acht seo,

(ii) más deimhin leis go ndearnadh sarú ar aon choinníoll a ghabhann leis an údarás.

(6) Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas maidir le húdarás iascaigh eascanna a leasú nó a chúlghairm faoin alt seo—

(a) ní dhéanfaidh an tAire an t-údarás a leasú ná a chúlghairm mura mbeidh ná go dtí go mbeidh fógra coicíse ar a laghad i scríbhinn tugtha aige leis an bpost do shealbhóir an údaráis sin á rá go bhfuil leasú nó cúlghairm an údaráis, cibé acu é, á bhreithniú ag an Aire,

(b) luafar freisin san fhógra—

(i) má deir sé gurb é leasú an údaráis atá á bhreithniú ag an Aire—an leasú sonrach atá á bhreithniú agus na forais ar a bhfuil sé á bhreithniú amhlaidh, nó

(ii) má deir sé gurb é cúlghairm an údaráis atá á bhreithniú ag an Aire—na forais ar a bhfuil an chúlghairm sin á breithniú amhlaidh,

(c) breithneoidh an tAire aon uiríolla maidir leis an leasú nó an chúlghairm sin, cibé acu é, a chuirfidh sealbhóir an údaráis faoina bhráid sula rachaidh an fógra in éag.

(7) Ní bhainfidh aon ní san alt seo—

(a) le Bord Soláthair an Leictreachais do bhaint úsaide as—

(i) cora iascaireachta chun eascanna a ghabháil a chuir an Bord sin suas, nó

(ii) cora iascaireachta a chuir an Bord sin suas i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar don Bhord sin le halt 101, ná

(b) le hinneall iascaireachta (arb éard é cora iascaireachta, damba muilinn iascaireachta nó inneall seasmhach) a úsáid má tá údarás iascaigh eascanna i bhfeidhm ina leith de thuras na huaire agus gur de réir an údaráis sin a úsáidtear é.

Coraí iascaireachta a dhéanamh ag Bord Soláthair an Leictreachais.

101. —(1) Aon uair a gheobhaidh Bord Soláthair an Leictreachais faoi Chuid III den Acht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1945 (Uimh. 12 de 1945) gach iascach (má tá ann) agus gach ceart iascaigh (má tá ann) in abhainn, féadfaidh an Bord sin, le toiliú an Aire agus d'ainneoin aon ní san Acht seo, cora iascaireachta a dhéanamh san abhainn sin chun críocha gach ceann nó aon cheann de na hiascaigh (má tá ann) agus de na cearta iascaigh (má tá ann) a gheofar amhlaidh agus féadfaidh an Bord sin, dá éis sin, an chora iascaireachta a dhéanfar amhlaidh a choimeád i treo.

(2) Aon uair a gheobhaidh Bord Soláthair an Leictreachais, faoi réim nó de bhua an Acht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1945 , cora iascaireachta, féadfaidh an Bord sin, le toiliú an Aire agus d'ainneoin aon ní san Acht seo, ceachtar ní acu seo a leanas a dhéanamh:—

(a) an chora iascaireachta sin a choimeád i dtreo agus, chun críocha a coimeádta i dtreo, an chora iascaireachta sin a athdhéanamh nó a dheisiú, nó

(b) cora iascaireachta nua a dhéanamh ar láthair na cora iascaireachta sin nó ar láthair eile in ionad na cora iascaireachta a fuarthas amhlaidh agus an chora iascaireachta nua sin a choimeád i dtreo dá éis sin.

Caibidil II.

Srian le Láithreacha Inneall Seasmhach.

Toirmeasc ar innill sheasmhacha, etc., a shuíomh nó a úsáid i gcaol inbhir.

102. —(1) Más rud é in aon chuid d'inbhear aon abhann, nó den chuid taoidmhear d'aon abhainn, ina bhfuil leithead an chainéil le linn diathrá gnáth-rabhartaí níos lú ná trí cheathrú míle, go ndéanfaidh aon duine seachas dílseánach iascaigh eisiataigh in iomlán an inbhir agus na habhann sin iascaireacht le haon inneall seasmhach nó aon inneall seasmhach a shuíomh nó a chur suas nó a úsáid, ansin—

(a) beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear nach mó ná tríocha punt a chur air.

(b) ordóidh an Chúirt cuaillí an innill sin a leagan nó a dhíothú ar chostas an duine sin.

(2) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo beidh an t-inneall seasmhach a ndearnadh an cion ina leith ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

(3) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo—

(a) i gcás aon líonta cuaillí, agus gléasanna eile chun líonta a shuíomh a bhí bunaithe le fiche bliain nó níos mó roimh an 10ú lá de Lúnasa, 1842, ná

(b) i gcás aon líonta cuaillí, ceann-choraí agus gléasanna eile chun líonta a shuíomh nó a chur suas, a bhí bunaithe le deich mbliana nó níos mó roimh an 10ú lá de Lúnasa, 1842, laistigh de theorainneacha iascaig eisiataigh ag aon duine a raibh teideal dleathach aige chun an iascaigh eisiataigh sin trí chairt, deontas, paitinn, rúradh, nó Acht, a shonraigh na teorainneacha sin go cruinn, ná

(c) i gcás aon cheann-chora, nach ndéantar a iascaireacht le líon seasmhach.

Toirmeasc ar innill sheasmhacha, etc., a shuíomh nó a úsáid i mbéal abhann is lú ná leath-mhíle ar leithead.

103. —(1) Más rud é laistigh de mhíle chun farraige, chun cósta nó isteach ó bhéal aon abhann nó ar cheachtar taobh de bhéal aon abhann (arb abhainn í a ngnáthaíonn bradáin an chuid intíre di agus ar lú na leath-mhíle ar leithead a béal le linn diathrá gnáth-rabhartaí) go ndéanfaidh aon duine, seachas dílseánach iascaigh eisiataigh laistigh de theorainneacha na habhann sin, iascaireacht le haon inneall seasmhach, nó aon inneall seasmhach a shuíomh nó a chur suas nó a úsáid, ansin—

(a) beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná tríocha punt a chur air, agus

(b) ordóidh an Chúirt cuaillí an innill sin a leagan nó a dhíothú ar chostas an duine sin.

(2) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo, beidh an t-inneall seasmhach a ndearnadh an cion ina leith ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

(3) Má shonraíonn ordú faoin Acht seo béal aon chraobhabhann, déanfar an tagairt i bhfo-alt (1) den alt seo do bhéal aon abhann a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt do bhéal na craobh-abhann sin.

Toirmeasc ar chochaill iascaireachta in áiteanna áirithe.

104. —(1) Ní shuífear ná ní choinneofar aon chochalliascaireachta in aon abhainn ná inbhear nó laistigh de thrí mhíle ó bhéal aon abhann.

(2) Má dhéantar aon chochall iascaireachta a shuíomh nó a choinneáil contrártha don alt seo—

(a) measfar gur núis choiteann é agus féadfar seilbh a ghlacadh air nó é a dhíothú,

(b) beidh úinéir an chochaill iascaireachta sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil a chur air nach lú ná cúig phunt agus nach mó ná fiche punt in aghaidh gach lae a shuífear nó a choinneofar an cochall iascaireachta sin amhlaidh.

(3) Má chiontaítear duine i gcion faoin alt seo, beidh an cochall iascaireachta ar ina leith a rinneadh an cion agus aon bhradán a tógadh leis ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

(4) Ní bhainfidh forálacha an ailt seo le cochall iascaireachta a bhí ann go dleathach an 28ú lá d'Iúil, 1863, a shuíomh nó a choinneáil, laistigh de thrí mhíle ó bhéal abhann, má bhíonn ag úinéir an chochaill iascaireachta sin ceart eisiatach chun bradáin a ghabháil san abhainn sin ar fad agus gach craobhabhainn agus gach loch ar chúrsa na habhann sin a áireamh.

Gan líon cuaillí a shíneadh níos faide nó ó bharr láin go diathrá.

105. —(1) Duine ar bith—

(a) a shuífidh nó a chuirfidh suas aon líon cuaillí nó aon treoire, líon ar bacáin nó déanmhas eile de chineál nó tuairisc ar bith i ndáil le líon cuaillí nó ina chóngar i gcaoi go sínfidh sé níos faide ná ó mharc barr láin go marc diathrá gnáth-rabhartaí, nó

(b) a choimeádfaidh i dtreo nó a úsáidfidh aon líon cuaillí, nó aon treoire, líon ar bacáin nó déanmhas eile den sórt sin a shuífear nó a chuirfear suas amhlaidh,

beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach lú ná punt agus nach mó ná deich bpunt a chur air.

(2) Ní bhainfidh an t-alt seo le haon cheann-chora nach ndéantar a iascaireacht le líon seasmhach.

Caibidil III.

Rialacháin maidir le Déanamh Inneall Seasmhach agus lena nÚ sáid.

Rialacháin maidir le déanamh líonta cuaillí agus cochall iascaireachta agus lena n-úsáid.

106. —Duine ar bith—

(a) a dhéanfaidh, a choimeádfaidh i dtreo nó a úsáidfidh líon cuaillí a fhéadfadh iasc róbheag nó gilidíní bradán nó aon éisc eile a thógáil, nó

(b) a choimeádfaidh i dtreo nó a úsáidfidh aon líon cuaillí gan mogaill na líonta sin a bheith sínte amach an méid a osclóidh siad, nó

(c) a choimeádfaidh i dtreo nó a úsáidfidh líon cuaillí atá déanta ar chuma nach féidir glan-oscailt ceithre throigh ar leithead ar an gcuid is lú de a dhéanamh i bpócaí, gaistí agus cuasa an lín chuaillí sin óna uachtar go dtí a íochtar, nó

(d) a choimeádfaidh i dtreo nó a úsáidfidh aon chochall iascaireachta gan mogaill na líonta in aon treoire ann a bheith sínte amach an méid a osclóidh siad, nó

(e) a choimeádfaidh i dtreo nó a úsáidfidh aon chochall iascaireachta atá déanta ar chuma nach féidir a threoirí a ardú agus a choinneáil as an uisce,

beidh an duine ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach lú ná punt agus nach mó ná deich bpunt a chur air.

Caibidil IV

Rialacháin maidir le Coraí Iascaireachta agus Dambaí Muilinn Iascaireachta.

Saor-bhearnaí i gcoraí iascaireachta

107. —(1) I ngach cora iascaireachta beidh saor-bhearna nó oscailt de réir na bhforálacha seo a leanas:—

(a) is sa chuid is doimhne den sruth a bheidh an saor-bhearna,

(b) beidh taobhanna na saor-bhearna ar aonlíne, agus comhthreormhar, le treo an tsrutha ag an gcora,

(c) beidh íochtar na saor-bhearna ar aonchothrom le grinneall aiceanta an tsrutha lastuas agus laistíos den bhearna,

(d) ní bheidh leithead na saor-bhearna san áit is cúinge í níos lú ná trí throigh in aon chás agus, faoi réir na teorann sin, ní bheidh sí níos cúinge ná an deichiú cuid de leithead an tsrutha nó caoga troigh, cibé acu is lú,

(e) ní laghdófar leithead aon saor-bhearna atá ann cheana in aon chora iascaireachta ná ní chuirfear bearna is lú leithead ina hionad ná ní dhéanfar aon athrú uirthi chun an rith uisce tríd an gcora sin a laghdú.

(2) (a) Ní bhainfidh fo-alt (1) den alt seo le haon chora iascaireachta a ndearnadh ordú ina leith faoi mhír (b) den fho-alt seo.

(b) Má tá leithead na habhann, i gcás ina bhfuil cora iascaireachta cairte nó paitinne (ar cora iascaireachta í a bhí ann an 28ú lá d'Iúil, 1863) gan bheith os cionn daichead troigh agus go mb'fhéidir go mbeadh sé mífhóirsteanach a chur faoi deara saor-bhearna a dhéanamh inti, féadfaidh an tAire, más cuí leis, a ordú ina ionad sin go sínfear an tráth coiscthe seachtainiúil go dtí ceithre huaire is fiche.

(3) I gcás saor-bhearna a bheith déanta i gcora iascaireachta ach gan í a bheith á coimeád i dtreo de réir fho-alt (1) den alt seo, beidh úinéir na cora iascaireachta ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig phunt a chur air in aghaidh gach lae a dhéanfaidh sé mainneachtain amhlaidh.

Cora iascaireachta leis an Aire nó le Bord Soláthair an Leictreachais a oibriú gan saorbhearna.

108. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú a údarú cora iascaireachta shonraithe leis an Aire nó le Bord Soláthair an Leictreachais a oibriú gan saor-bhearna, faoi réir cibé coinníollacha, i dtaobh leorlíon de na héisc a thagann isteach sa chora a ligean suas an sruth, is cuí leis a fhorchur chun leorstoic de na héisc sin a chothabháil, agus féadfaidh sé, le hordú, aon ordú a rinne sé faoin alt seo a leasú nó a chúlghairm.

(2) Sula ndéanfaidh sé ordú faoin alt seo, cuirfidh an tAire faoi deara fógra, ina mbeidh dréacht den ordú beartaithe, go bhfuil sin ar intinn aige a fhoilsiú agus a scaipeadh sa cheantar lena mbainfidh an t-ordú agus breithneoidh sé aon agóidí i gcoinne an ordaithe sin a dhéanfar leis laistigh de mhí tar éis an fógra a fhoilsiú.

(3) Chun críocha an ailt seo measfar gur cora iascaireachta aon deis chun iasc a thógáil, nó chun cabhrú lena thógáil, a bhaineann le hoibreacha hidrileictreachais a rinne Bord Soláthair an Leictreachais.

(4) Beidh éifeacht ag ordú faoin alt seo d'ainneoin aon ní contrártha dó sin san Acht seo.

(5) Gach ordú a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Teach den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá agus fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

(6) Gach ordú a dhéanfar faoin alt seo foilseofar fógra i dtaobh a dhéanta a luaithe is féidir san Iris Oifigiúil agus i nuachtán nó nuachtáin a léitear sa cheantar lena mbaineann an t-ordú, agus taiscfear cóip den ordú leis an gCláraitheoir Contae do gach contae, agus le Cléireach Cúirte Dúiche gach dúiche, a mbaineann an t-ordú leis nó le haon chuid de, agus i ngach stáisiún Garda Síochána sa limistéar lena mbaineann sé.

(7) Féadfaidh an tAire, más cuí leis, a chur faoi deara fiosrúchán poiblí a dhéanamh féachaint an mbeadh sé inmhianaithe ordú áirithe a dhéanamh faoin alt seo agus chun na críche sin féadfaidh sé oifigeach don Aire a cheapadh chun an fiosrúchán sin a dhéanamh.

(8) Cuirfidh an tAire faoi deara go dtabharfar fógra de réir alt 322, go bhfuiltear chun fiosrúchán a dhéanamh faoin alt seo.

Coraí iascaireachta eascannaa oibriú gan saor-bhearna.

109. —(1) Féadfaidh an tAire, más cuí leis, a údarú, le hordú, cora iascaireachta eascanna shonraithe a oibriú gan saor-bhearna, faoi réir cibé coinníollacha (más ann) is cuí leis an Aire agus a shonróidh sé san ordú.

(2) (a) Féadfaidh an tAire tráth ar bith, le hordú, cúlghairm a dhéanamh ar ordú faoi fho-alt (1) den alt seo á údarú cora iascaireachta eascanna a oibriú, faoi réir coinníollacha, gan saor-bhearna, más rud é—

(i) má bhíonn áititheoir na cora sin arna chiontú i gcion faoi na hachtacháin aisghairthe nó i gcion faoi aon fhoráil den Acht seo, nó

(ii) gur mhainnigh áititheoir na cora sin déanamh de réir na gcoinníollacha sin.

(b) Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas maidir le cúlghairm faoi mhír (a) den fho-alt seo ar ordú faoi fho-alt (1) den alt seo á údarú cora iascaireachta eascanna a oibriú gan saor-bhearna—

(i) ní chúlghairfidh an tAire an t-ordú mura mbeidh ná go dtí go mbeidh fógra coicíse ar a laghad i scríbhinn tugtha aige leis an bpost d'áititheoir na cora sin á rá go bhfuil cúlghairm an ordaithe á bhreithniú ag an Aire agus ag insint na bhforas ar a bhfuil an chúlghairm á bhreithniú amhlaidh,

(ii) breithneoidh an tAire aon uiríolla maidir leis an gcúlghairm sin a chuirfidh an t-áititheoir faoinabhráid sula rachaidh an fógra sin in éag.

(3) Má dhéantar ordú faoi fho-alt (1) den alt seo á údarú cora iascaireachta eascanna a oibriú gan saor-bhearna, ansin, fad a fhanfaidh an t-ordú i bhfeidhm, beidh gach foráil den Acht seo a bhaineann le saor-bhearnaí i gcoraí iascaireachta gan feidhm i gcás na cora sin sa mhéid gur chun eascanna a ghabháil agus chuige sin amháin a úsáidtear í.

Saor-bhearnaí a dhéanamh i gcoraí iascaireachta.

110. —(1) Aon uair is deimhin leis an Aire, d'ainneoin aon bhreithe a thug na Coimisinéirí Speisialta faoi fhorálacha an Salmon Fishery (Ireland) Act, 1863, nó a thug aon chúirt dlínse inniúla roimh an 14ú lá d'Iúil, 1939, nach bhfuil bearna de réir alt 107 i gcora iascaireachta, féadfaidh an tAire a chur faoi deara go seirbheálfar ar áititheoir na cora iascaireachta sin fógra á cheangal ar an áititheoir sin saor-bhearna a dhéanamh sa chora iascaireachta sin, de réir an ailt sin 107 agus laistigh den tréimhse (nach giorra ná mí ó dháta an fhógra sin a sheirbheáil) a shonrófar san fhógra sin.

(2) I gcás fógra faoi fho-alt (1) den alt seo a sheirbheáil ar áititheoir cora iascaireachta, féadfaidh an t-áititheoir sin, laistigh de mhí tar éis an fógra sin a sheirbheáil, a iarraidh ar an mBreitheamh den Chúirt Chuarda ar laistigh dá dlínse atá an chora iascaireachta sin ordú a dhéanamh ag neamhniú an fhógra sin ar an bhforas go bhfuil saor-bhearna de réir alt 107 san chora iascaireachta sin cheana agus air sin beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:—

(a) tabharfaidh an t-áititheoir sin fógra don Aire i dtaobh an iarratais;

(b) beidh an t-áititheoir sin agus an tAire i dteideal láithriú nuair a bheidh an t-iarratas á éisteacht agus fianaise a thabhairt ar aird;

(c) más deimhin leis an mBreitheamh sin go bhfuil saorbhearna de réir alt 107 sa chora iascaireachta sin cheana, cuirfidh sé an t-ordú sin ar neamhní agus ordóidh sé don Aire an costas a bheidh ar an áititheoir de dhroim agus i leith an iarratais a íoc leis an áititheoir sin, agus measfar nár seirbheáladh an fógra sin;

(d) mura deimhin leis an mBreitheamh sin an méid sin diúltóidh sé don iarratas agus ordóidh sé don áititheoir sin an costas a bheidh ar an Aire de dhroim agus i leith an iarratais sin a íoc leis an Aire, agus féadfaidh sé freisin an fógra sin a leasú tríd an tréimhse a fhadú a shonraítear san fhógra sin chun déanamh dá réir;

(e) beidh breith an Bhreithimh sin ar an iarratas ina breith chríochnaiteach dochloíte nach féidir achomharc a dhéanamh ina coinne.

(3) Más rud é—

(a) gur seirbheáladh fógra faoi fho-alt (1) den alt seo ar áititheoir cora iascaireachta, agus

(b)     (i) nach ndearna an t-áititheoir sin go cuí, i leith an fhógra, iarratas faoi fho-alt (2) den alt seo, nó

(ii) go ndearna an t-áititheoir sin go cuí, i leith an fhógra, iarratas faoin bhfo-alt sin, ach gur diúltaíodh don iarratas, agus

(c) nach ndearna an t-áititheoir de réir cheanglais an fhógra,

beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:—

(I) beidh an t-áititheoir sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach lú ná caoga punt agus nach mó ná céad punt a chur air,

(II) féadfaidh an tAire (cibé acu a tionscnaíodh imeachtaí i gcoinne an áititheora sin faoi mhír (I) den fho-alt seo nó nár tionscnaíodh) dul isteach ar an gcora iascaireachta sin agus ar aon talamh i dtadhal leis an gcora iascaireachta sin agus saor-bhearna a dhéanamh sa chora sin.

(4) I gcás ina ndéanfaidh an tAire saor-bhearna i gcora iascaireachta faoin alt seo beidh sé i dteideal an costas faoina ndeachaigh sé ag déanamh na saor-bhearna sin a ghnóthú ó áititheoir na cora iascaireachta sin mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(5) Má thagann aon damáistí iarmartacha as an Aire do dhéanamh saor-bhearna i gcora iascaireachta, beidh áititheoir na cora iascaireachta sin faoi dhliteanas i leith na ndamáistí sin.

(6) Ní bhainfidh an t-alt seo le haon chora iascaireachta is ábhar d'ordú faoi fho-alt (2) d'alt 107.

Pionós mar gheall ar an rith uisce trí shaor-bhearna a laghdú toisc leaba abhann a athrú.

111. —Má dhéantar aon athrú ar leaba abhann ar chuma go laghdófar an rith uisce trí shaor-bhearna i gcora iascaireachta, beidh an duine a dhéanfaidh an t-athrú ciontach i gcion faoi alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach lú ná cúig phunt agus nach mó ná caoga punt a chur air agus fíneáil bhreise punt sa ló go dtí go gcuirfidh sé leaba na habhann ar ais ina riocht bunaidh.

Pionóis mar gheall ar iascaireacht a dhéanamh i saorbhearnaí i gcoraí iascaireachta nó ina gcóngar agus mar gheall ar bhacainn a chur i saor-bhearnaí.

112. —(1) Duine ar bith—

(a) a úsáidfidh aon inneall iascaireachta i saor-bhearna, nó

(b) a úsáidfidh aon inneall iascaireachta (nach slat agus ruaim) laistigh de chaoga slat lastuas nó laistíos d'aon chuid de chora iascaireachta, nó

(c) a chuirfidh aon bhacainn i saor-bhearna chora iascaireachta, nó

(d) a úsáidfidh aon deis nó a dhéanfaidh aon ghníomh a scanródh, a bhacfadh nó a choiscfeadh iasc in aon slí ó dhul isteach i saor-bhearna agus gabháil suas síos ann go saoráideach gach tráth den bhliain, nó

(e) a chuirfidh aon droichead, clár, éadach nó ní ar bith eile i saor-bhearna i gcora iascaireachta, nó thairsti nó trasna uirthi, ach amháin droichead nó clár sealadach le linn an trátha sin amháin a bheidh na daoine a bheidh ag iascaireacht na cora sin ag dul thar an saor-bhearna,

beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear—

(i) i gcás an chéad chion faoin alt seo, fíneáil nach lú ná cúig phunt agus nach mó ná fiche punt a chur air, agus

(ii) i gcás an dara cion nó aon chion ina dhiaidh sin faoin alt seo, fíneáil nach lú ná deich bpunt agus nach mó ná caoga punt a chur air.

(2) Más rud é—

(a) go gcúiseofar úinéir nó áititheoir cora iascaireachta faoi fho-alt (1) den alt seo sa chion sin bacainn a chur sa tsaor-bhearna sa chora iascaireachta sin, agus

(b) go gcruthófar gur cuireadh an bhacainn sin sa tsaorbhearna sin,

toimhdeofar, go dtí go gcruthófar a mhalairt, gurb eisean a chuir an bhacainn sin sa tsaor-bhearna sin.

(3) I gcás duine a chiontú sa chion sin bacainn a chur sa tsaorbhearna i gcora iascaireachta, féadfaidh an tAire a chur faoi deara an bhacainn sin a aistriú agus beidh aon chostas faoina rachaidh an tAire faoin bhfo-alt seo ina fhiach a bheidh dlite ón duine sin don Aire agus féadfar é a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

Rialacha maidir le boscaí i gcoraí iascaireachta bradán agus i ndambaí muilinn iascaireachta.

113. —(1) San alt seo ciallaíonn an abairt “cora bradán” aon chora is—

(a) cora iascaireachta a úsáidtear chun bradáin a thógáil, nó

(b) damba muilinn iascaireachta a úsáidtear chun bradáin a thógáil.

(2) Comhlíonfar na rialacha seo a leanas maidir le boscaí a dhéanamh agus a úsáid i gcóraí bradán—

(a) beidh foréadan urláir an bhosca ar aonchothrom le leaba aiceanta na habhann,

(b) beidh ionscálaí agus heic an bhosca inaistrithe agus inoscailte,

(c) is go hingearach a bheidh barraí heice an bhosca,

(d) beidh ionscálaí agus heic an bhosca déanta ar chuma nach mbeidh aon bharra ná aon chuid de bharra níos cóngaraí ná dhá orlach d'aon bharra eile nó d'aon chuid de bharra eile,

(e) ní chuirfear aon ní os cionn an bhosca ná ní chuirfear i bhfolach é in aon slí eile ó amharc an phobail.

(3) Más deimhin leis an Aire gur bric mhara formhór an éisc a ghabhtar i gcora bradán, féadfaidh sé, más cuí leis, a dhearbhú, le hordú, go mbeidh éifeacht ag mír (d) d'fho-alt (2) den alt seo, maidir leis an gcora bradán sin, ionann is dá gcuirtí na focail “orlach agus ceathrú” in ionad “dhá orlach”.

(4) Má úsáideann nó má dhéanann duine ar bith aon bhosca i gcora bradán contrártha d'fho-alt (2) den alt seo, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air.

(5) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo i leith aon bhosca i gcora bradán, féadfaidh an tAire a chur faoi deara codanna an bhosca sin a ndearnadh an cion ina leith a aistriú agus féadfaidh sé an costas faoina ndeachthas á n-aistriú a ghnóthú ón duine sin mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

Déanamh treoirbhallaí a ghabhann le coraí iascaireachta agus le dambaí muilinn iascaireachta.

114. —(1) San alt seo, ciallaíonn an abairt “treoir-bhalla” aon spor nó sál-bhalla, treoire, nó scothchlár.

(2) (a) Ní chuirfear le haon chora iascaireachta ná damba muilinn iascaireachta in abhainn aon treoir-bhalla (ach amháin ceann ó bhoscaí na cora iascaireachta nó an damba muilinn iascaireachta sin go bruach na habhann) is faide ná fiche troigh arna thomhas ó éadan aghaidh-le-sruth nó cúl-le-sruth na cora iascaireachta nó an damba mhuilinn iascaireachta sin ar feadh lárlíne an treoir-bhalla sin.

(b) Ní chuirfear le haon chora iascaireachta aon treoirbhalla a chúngódh nó a choiscfeadh teacht agus imeacht an uisce isteach is amach an saor-bhearna sa chora iascaireachta sin.

(c) Má bhíonn aon treoir-bhalla curtha le haon chora iascaireachta nó damba muilinn iascaireachta contrártha do mhír (a) den fho-alt seo nó aon treoirbhalla curtha le haon chora iascaireachta contrártha do mhír (b) den fho-alt seo, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas—

(i) beidh áititheoir an chéanna ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air agus fós fíneáil bhreise nach mó ná cúig phunt in aghaidh gach lae a fhágfar an treoir-bhalla sin ann;

(ii) féadfaidh an tAire a chur faoi deara an treoirbhalla sin a athrú nó a aistriú agus, má dhéanann sé amhlaidh, féadfar an costas faoina rachaidh sé á dhéanamh sin a ghnóthú ón áititheoir sin mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(3) Má dhéanann áititheoir cora iascaireachta nó damba mhuilinn iascaireachta in abhainn aon oileán nó bacainn aiceanta san abhainn a úsáid ar chuma a thabharfaidh dó an buntáiste a bheadh aige as treoir-bhalla a chur leis an gcora iascaireacht nó leis an damba muilinn iascaireachta sin contrártha do mhír (a) d'fho-alt (2) den alt seo, beidh sé ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air agus fíneáil bhreise nach mó ná cúig phunt in aghaidh gach lae a dhéanfaidh sé úsáid den oileán nó den bhacainn aiceanta sin.

(4) Má úsáidtear aon damba muilinn iascaireachta go páirteach chun uisce a choinneáil le haghaidh muilinn nó monarchan nó le haghaidh loingseoireachta, ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a bhaineann leis an damba muilinn iascaireachta sin i slí a dhéanfadh dochar don soláthar uisce atá riachtanach don mhuileann, don mhonarcha nó don loingseoireacht sin.

Caibidil V.

Dambaí agus Bacainní Aiceanta.

Déanamh iascbhealaí i ndambaí chun uisce a choinneáil le haghaidh muilleoireachta, loingseoireachta, uisciúcháin, etc., in aibhneacha bradán.

115. —(1) San alt seo, ciallaíonn an focal “damba” aon damba, cora, díog nó déanmhas eile atá curtha in abhainn bradán, nó trasna abhann bradán, chun uisce na habhann sin a choinneáil le haghaidh muilleoireachta, loingseoireachta, uisciúcháin nó cuspóirí eile.

(2) Gach damba a rinneadh an 10ú lá de Lúnasa, 1842, nó dá éis, in aon abhainn bradán nó trasna aon abhann bradán, ní foláir é a bheith foirgnithe nó déanta ar chuma a bhéarfaidh agus a fhágfaidh, i gcuid amháin nó níos mó den damba sin, go bhféadfaidh gach iasc gluaiseacht nó imirce a dhéanamh go saoráideach gach tráth den bhliain agus is ar chostas an duine a rinne an damba sin agus i cibé slí a cheadóidh an tAire a dhéanfar an socrú sin le haghaidh gluaiseacht shaoráideach éisc tríd an damba sin.

(3) I gcás aon damba a rinneadh roimh an 10ú lá de Lúnasa, 1842, in aon abhainn bradán nó trasna aon abhann bradán, féadfaidh an tAire más dóigh leis gur gá é ar mhaithe le hiascaigh na habhann sin, ar iarratas ó dhuine amháin nó níos mó de na daoine ag a bhfuil leas in iascach na habhann sin agus ar chostas agus muirir chuí na ndaoine ag a bhfuil leas san iascach sin, a chur faoi deara suirbhéireacht a dhéanamh ar an damba sin agus a ordú cibé athruithe a dhéanamh ann nó cibé obair bhreise a chur leis is dóigh leis an Aire is gá agus is inmhianaithe chun go mbeadh gluaiseacht shaoráideach gan chose ag an iasc a ghnáthaíonn an abhainn sin gan dochar don loingseoireacht nó gan díth gan dochar do chumhacht éifeachtach oibrithe an mhuilinn nó na monarchan lena mbaineann an damba sin.

(4) Féadfaidh an bord coimeádaithe do cheantar iascaigh ó am go ham feidhm a bhaint as aon chuid is cuí leis dá chistí chun bealaí a dhéanamh i ndambaí nó thar dambaí in aon abhainn ina cheantar iascaigh faoi réir cheadú an Aire, faoi fho-alt (3) den alt seo, agus, ar a gceadú sin a fháil, féadfaidh an bord sin cibé suim airgid a chur chun creidiúna don Aire a bheidh an tAire tar éis a fhormheas agus a cheadú chuige sin agus air sin is dleathach don Aire a ordú agus a chur faoi deara de bhun chumhachtaí agus fhorálacha fho-alt (3) den alt seo cibé athruithe a dhéanamh in aon damba a bheidh curtha suas in aon abhainn bradán nó trasna aon abhann bradán chun gluaiseacht shaoráideach gan chosc a bheith ag iasc.

Iasc-bhealaí i ndambaí agus deisiú dambaí.

116. —(1) Aon uair is deimhin leis an Aire aon damba a rinneadh nó a cuireadh (cibé acu roimh an dáta feidhme nó dá éis sin é) in aon abhainn bradán nó trasna aon abhann a bheith déanta nó á choimeád i dtreo ar chuma nach dtugann sé agus nach bhfágann sé, i gcuid nó i gcodanna de, go bhféadfaidh gach iasc gluaiseacht nó imirce a dhéanamh go saoráideach gach tráth den bhliain, féadfaidh an tAire a chur faoi deara fógra a sheirbheáil ar áititheoir an damba sin á cheangal ar an áititheoir sin cibé deisiú (lena n-áirítear athruithe nó breisithe) a dhéanamh ar an damba sin laistigh den tréimhse (nach lú ná mí ó dháta an fhógra sin a sheirbheáil) a shonrófar san fhógra sin, is dóigh leis an Aire is gá nó is inmhianaithe chun go mbeadh gluaiseacht shaoráideach gan chosc ag an iasc a ghnáthaíonn an abhainn sin.

(2) I gcás ina mbeifear tar éis fógra a sheirbheáil faoi fho-alt (1) den alt seo ar áititheoir damba a úsáidtear i ndáil le muileann nó monarcha agus go gcuirfidh an t-áititheoir sin, laistigh de mhí ó dháta na seirbheála sin, uiríoll i scríbhinn chun an Aire go dtiocfadh den fhógra sin a chomhlíonadh go ndéanfaí dochar d'oibriú an mhuilinn nó na monarcha sin, cuirfidh an tAire faoi deara go ndéanfaidh duine ceart cuí fiosrúchán i dtaobh na huiríolla sin agus go dtabharfaidh sé tuarascáil don Aire ina taobh agus ar an tuarascáil a thabhairt beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:—

(a) má léiríonn an tuarascáil go dtiocfadh den deisiú a sonraíodh san fhógra sin laghdú ba mhó ná cúig faoin gcéad san each-chumhacht oibrithe a bhí ar fáil don mhuileann nó don mhonarcha sin anuas go dtí dáta an fhógra sin a sheirbheáil (arna thomhas le linn cothrom an uisce ag an damba sin a bheith ar meán-chothrom chíor an damba sin), tarraingeoidh an tAire an fógra sin siar agus cuirfidh sé sin in iúl don áititheoir sin,

(b) má léiríonn an tuarascáil nach dtiocfadh laghdú mar sin den deisiú sin, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:—

(i) seirbheálfaidh an tAire cóip den tuarascáil sin ar an áititheoir sin,

(ii) féadfaidh an t-áititheoir sin, laistigh de cheithre lá déag ó dháta na cóipe sin a sheirbheáil, ráiteas i scríbhinn a chur chuig an Aire ag déanamh agóide i gcoinne na tuarascála agus ag lua forais a agóide,

(iii) má chuirtear agóid chun an Aire amhlaidh, ansin—

(I) cuirfidh an tAire an scéal faoi bhráid Uachtarán Institiúid Innealtóirí Sibhialta na hÉireann nó faoi bhráid duine éigin a cheapfaidh an tUachtarán sin, agus féadfaidh seisean, tar éis an scéal a fhiosrú, aontú nó easaontú leis an tuarascáil de réir mar is cuí leis,

(II) má aontaíonn an duine a fhiosróidh an scéal leis an tuarascáil, seirbheálfaidh an tAire ráiteas ar an áititheoir sin á chur sin in iúl dó, agus beidh éifeacht ag an bhfógra sin ionann is dá gcuirfí ann tréimhse míosa, dar tosach lá an ráitis sin a sheirbheáil, in ionad na tréimhse a sonraíodh ann chun a chomhlíonta,

(III) má easaontaíonn an duine a fhiosróidh an scéal leis an tuarascáil, tarraingeoidh an tAire an fógra sin siar,

(IV) íocfar leis an duine a fhiosróidh an scéal cibé táille a shocróidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais, agus, i gcás an duine sin d'aontú leis an tuarascáil, íocfaidh an t-áititheoir sin leis an Aire suim is comhionann leis an táille sin agus féadfaidh an tAire an tsuim sin a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí i gcúirt dlínse inniúla, agus ar í a íoc leis an Aire, nó ar a gnóthú aige amhlaidh, íocfar isteach sa Státchiste nó cuirfear chun tairbhe don Státchiste í i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais,

(iv) mura gcuirfear agóid chun an Aire amhlaidh, beidh éifeacht ag an bhfógra sin ionann is dá gcuirtí ann tréimhse sé sheachtain, dar tosach an dáta a seirbheáladh cóip den tuarascáil ar an áititheoir sin, in ionad na tréimhse a sonraíodh ann chun a chomhlíonta.

(3) Aon uair is deimhin leis an Aire aon damba a rinneadh nó a suíodh (cibé acu roimh an dáta feidhme, ar an dáta feidhme nó dá éis sin é) in aon abhainn a bheith déanta nó á choimeád i dtreo ar chuma go bhfuil uisce, a bheadh ar fáil le haghaidh gluaiseacht agus imirce éisc go saoráideach thar an damba sin nó thart leis, ag sileadh nó ag éalú amach tríd an damba sin nó thar an damba sin (ar shlí seachas trína úsáid chun na críche dá gcoinníonn an damba sin é) agus, dá dheasca sin, nach bhfuil sé ar fáil le haghaidh na gluaiseachta agus na himirce saoráidí sin, féadfaidh an tAire a chur faoi deara fógra a sheirbheáil ar áititheoir an damba sin á cheangal ar an áititheoir sin cibé deisiú (lena n-áirítear athnuachain agus athchóiriú) a fheictear don Aire is gá agus a shonrófar san fhógra sin a dhéanamh ar an damba sin laistigh den tréimhse (nach lú ná mí ó dháta an fhógra sin a sheirbheáil) a shonrófar san fhógra sin.

(4) I gcás fógra a seirbheáladh faoi fho-alt (1) den alt seo a tharraingt siar faoi fho-alt (2) den alt seo, measfar nár seirbheáladh an fógra sin.

(5) I gcás inar seirbheáladh fógra faoi fho-alt (1) nó fo-alt (3) den alt seo ar áititheoir damba, agus nach ndearna an t-áititheoir sin de réir cheanglas an fhógra sin, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas, is é sin le rá—

(a) beidh an t-áititheoir sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach lú ná caoga punt agus nach mó ná céad punt a chur air,

(b) féadfaidh an tAire (cibé acu a tionscnaíodh imeachtaí in aghaidh an áititheora sin faoi mhír (a) den fho-alt seo nó nár tionscnaíodh) dul isteach ar an damba sin agus ar aon talamh i dtadhal leis agus an deisiú a sonraíodh san fhógra sin a dhéanamh ar an damba sin.

(6) I gcás ina ndéanfaidh an tAire aon deisiú ar dhamba faoin alt seo, beidh sé i dteideal an costas faoina rachaidh sé á dheisiú amhlaidh a ghnóthú ó áititheoir an damba sin mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(7) Ní bheidh an tAire faoi dhliteanas i leith aon damáistí iarmartacha d'aon mhaoin nó d'aon duine a thiocfaidh as é do dhéanamh aon deisithe ar dhamba faoin alt seo.

(8) Aon uair a bheidh an tAire i dteideal faoin alt seo fógra a sheirbheáil á cheangal deisiú a dhéanamh ar dhamba, féadfaidh an tAire, sula seirbheálfaidh sé an fógra sin, a chur faoi deara an damba sin a iniúchadh agus a scrúdú, agus beidh aon oifigeach don Aire nó aon duine eile a cheapfaidh an tAire chun an t-iniúchadh agus an scrúdú sin a dhéanamh i dteideal dul isteach chun na críche sin gach tráth réasúnach ar an damba sin agus ar aon talamh i dtadhal leis.

(9) Na cumhachtaí a thugtar don Aire leis an alt seo is cumhachtaí iad i dteannta cumhachtaí an Aire faoi alt 115 agus ní cumhachtaí ina n-ionad sin iad.

Dambaí tréigthe agus dambaí díomhaoine a athrú.

117. —(1) Aon uair is deimhin leis an Aire aon damba a rinneadh nó a suíodh in aon abhainn a bheith tréigthe nó díomhaoin ar feadh tréimhse nach lú ná cúig bliana nó nár úsáideadh go héifeachtúil é i gcaitheamh na tréimhse sin chun na críche chun a ndearnadh é agus go bhfuil sé go díreach nó go neamhdhíreach ag cur cosc, nó ag cabhrú chun cosc a chur, le gluaiseacht agus imirce saoráideach éisc nó ag tabhairt áiseanna chun iasc a dhíothú go neamhdhleathach, féadfaidh an tAire a chur faoi deara fógra a sheirbheáil ar aon duine a bhfeictear dó gurb é úinéir nó áititheoir an damba sin é á cheangal ar an duine sin go ndéanfaidh sé, laistigh den tréimhse (nach lú ná mí ó dháta an fhógra sin a sheirbheáil) a shonrófar san fhógra sin, cibé athruithe (lena n-áirítear breisithe agus lán-aistriú nó páirtaistriú) ar an damba sin a fheicfear don Aire a bheith riachtanach chun go bhféadfaidh iasc gluaiseacht agus imirce a dhéanamh go saoráideach nó chun deireadh a chur leis na háiseanna chun iasc a dhíthiú go neamhdhleathach (cibé acu é) agus a shonrófar san fhógra sin.

(2) I gcás ina mbeifear tar éis fógra a sheirbheáil faoi fho-alt (1) den alt seo agus nach mbeidh na hathruithe a sonraíodh san fhógra sin déanta laistigh den tréimhse a sonraíodh chuige sin san fógra sin, féadfaidh an tAire dul isteach ar an damba lena mbaineann an fógra sin agus ar aon talamh i dtadhal leis an damba sin agus na hathruithe sin a dhéanamh ar an damba sin.

(3) I gcás ina ndéanfaidh an tAire aon athruithe ar dhamba faoin alt seo agus gur deimhin leis gur tharla na hathruithe sin a bheith riachtanach de dheasca faillí thoiliúil úinéir nó áititheoir an damba sin, féadfaidh an tAire an costas faoina rachaidh an tAire ag déanamh na n-athruithe sin a ghnóthú ón úinéir nó ón áititheoir sin mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(4) Aon uair a bheidh an tAire i dteideal faoin alt seo fógra a sheirbheáil á cheangal athruithe a dhéanamh ar dhamba, féadfaidh an tAire, sula seirbheálfaidh sé an fógra sin, a chur faoi deara an damba sin a iniúchadh agus a scrúdú, agus beidh aon oifigeach don Aire nó aon duine eile a cheapfaidh an tAire chun an t-iniúchadh agus an scrúdú sin a dhéanamh i dteideal chun na críche sin dul isteach, gach tráth réasúnach ar an damba sin agus ar aon talamh dtadhal leis.

(5) Ní bheidh an tAire faoi dhliteanas i leith aon mhuirir chun aon damba a choimeád i dtreo a cheanglóidh sé a athrú nó a athróidh sé faoin alt seo, ná i leith aon damáistí iarmartacha d'aon mhaoin nó d'aon duine de dheasca an athraithe sin nó de dheasca é a dhéanamh.

(6) Aon uair a bheartóidh an tAire, maidir le haon damba tréigthe nó díomhaoin a rinneadh nó a suíodh in abhainn chun uisce a choinneáil, nó i ndáil le huisce a choinneáil, le haghaidh loingseoireachta, fógra a sheirbheáil nó aon athruithe a dhéanamh faoin alt seo, rachaidh sé i gcomhairle leis an Aire Tionscail agus Tráchtála sula seirbheálfaidh sé an fógra sin nó sula ndéanfaidh sé na hathruithe sin.

Bacainní aiceanta in aibhneacha a athrú nó a aistriú ionas go bhféadfaidh iasc imirce a dhéanamh go saoráideach.

118. —(1) Más rud é go gcuireann sceireacha, scarbha, oitreacha nó bacainní aiceanta eile stop nó cosc, in aon abhainn, le gluaiseacht agus imirce shaoráideach éisc, agus go mbacann sé iasc ar dhul suas go dtí na codanna uachtaracha den abhainn sin nó go dtí aon lochanna a bhfuil bealach chucu ón abhainn sin agus a scéith a chur ann, féadfaidh an tAire, más cuí leis é, ar iarratas ó aon duine a bhfuil leas aige in iascach na habhann nó an locha sin agus a thaiscfidh nó a uróidh suim airgid is leor chuige sin, oibreacha agus athruithe a dhéanamh nó a údarú, nó dul i gconradh le haon duine ag a bhfuil leas in iascaigh na habhann sin chun a ndéanta, i leaba na habhann sin de chineál a áiritheoidh gluaiseacht shaoráideach gan bhac a bheith ag iasc gach séasúr den bhliain.

(2) Beidh na pleananna, na léaráidí trasghearrtha, na sonraíochtaí agus na conarthaí do na hoibreacha nó na hathruithe go léir a údarófar faoin alt seo faoi réir a gceadaithe roimh ré ag an Aire.

(3) Chun aon obair a dhéanamh faoin alt seo agus chun an cúiteamh uile i leith damáiste agus nithe eile i ndáil leis a chinneadh, beidh ag an Aire agus ag a oifigigh agus a sheirbhísigh na cumhachtaí agus na húdaráis atá dílsithe i gCoimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn faoi réim agus de bhua na reachtanna a rinneadh agus a foráladh chuige sin.

(4) Ní dhéanfar aon obair ná athrú faoin alt seo ar leaba aon abhann ar chuma a dhéanfadh díobháil do chumhacht éifeachtach aon mhuilinn nó monarchan ná a choiscfeadh ná a bhacfadh in aon slí draenáil tailte atá tadhlach leis an abhainn sin.

(5) Déanfaidh na páirtithe arb ar a n-iarratas a údarófar aon oibreacha faoin alt seo cúiteamh réasúnach a thabhairt in aon damáiste nó díobháil a rinneadh nó a dhéanfar nó a thiocfaidh go hiarmartach nó ar dhóigh eile i ndéanamh na n-oibreacha sin.

(6) Féadfaidh bord coimeádaithe cheantar iascaigh ó am go ham aon chuid is cuí leis dá chistí a úsáid chun bacainní aiceanta in aon abhainn ina cheantar iascaigh a chur as nó bealaí a dhéanamh sna bacainní sin nó tharstu, faoi réir cheadú an Aire, faoi na fo-ailt roimhe seo den alt seo, agus ar cheadú an Aire a fháil féadfaidh an bord sin cibé suim airgid a bheidh aontaithe agus ceadaithe ag an Aire chun na críche sin a chur chun creidiúna don Aire agus air sin is dleathach don Aire cibé oibreacha agus cibé athruithe a dhéanamh ar leaba aon abhann a áiritheoidh gluaiseacht shaoráideach gan bhac a bheith ag iasc, de bhun cumhachtaí agus forálacha na bhfo-alt roimhe sin den alt seo.

Cionta i leith iasc-bhealaí a rinneadh faoi alt 62 nó 63 den Fisheries(Ireland) Act,1842, nó faoi alt 115 nó 118.

119. —(1) San alt seo ciallaíonn “iasc-bhealach” iasc-bhealach a rinneadh faoi alt 62 nó 63 den Fisheries (Ireland) Act, 1842, nó faoi alt 115 nó 118.

(2) Duine ar bith—

(a) a thógfaidh, a mharóidh, nó a dhíothóidh aon iasc in iasc-bhealach, nó

(b) a chrochfaidh, a fheisteoidh, a úsáidfidh nó a chuirfidh aon inneall iascaireachta in iasc-bhealach, nó

(c) a chuirfidh aon bhacainn, a úsáidfidh aon deis nó a dhéanfaidh aon ghníomh lena bhféadfaí iasc a scanrú, nó drogall a chur orthu nó iad a chosc in aon slí ó ghluaiseacht go saoráideach suas agus síos trí iascbhealach gach tráth den bhliain.

(d) nach gcoinneoidh iasc-bhealach glan ó gach bacainn,

beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air, agus, más é a bheidh sa chion aon bhacainn nó deis a chur in iascbhealach, ordóidh an Chúirt í a aistriú as ar chostas an chiontóra.

(3) Más rud é—

(a) go líomhnófar i ngearán agus go gcruthófar go ndearnadh cion faoin alt seo in imthoscaí a thugann forais réasúnacha chun a chreidiúnt—

(i) gur duine éigin i bhfostaíocht nó faoi rialú úinéir nó áititheoir muilinn nó monarcha a rinne an cion, nó

(ii) gur le fios nó le cúlcheadú an úinéara nó an áititheora sin nó an duine i bhfeighil an mhuilinn nó na monarchan sin a rinneadh an cion, nó

(iii) gur de dheasca gur mhainnigh an t-úinéir nó an t-áititheoir sin cúram réasúnach a ghlacadh chun an cion sin a chosc a rinneadh an cion sin, agus

(b) go líomhnófar sa ghearán agus go gcruthófar go ndearnadh an cion, ach nach fios cé hé an duine a rinne an cion nó nach féidir teacht air, agus

(c) go gcúiseofar úinéir nó áititheoir an mhuilinn nó na monarchan sa chion sin,

measfar an t-úinéir nó an t-áititheoir sin a bheith ciontach sa chion sin agus féadfar pionós a ghearradh air dá réir.

Pionós mar gheall ar inneall iascaireachta a úsáid laistigh de dhá chéad slat ó dhambaí áirithe.

120. —(1) Má úsáideann duine ar bith aon inneall iascaireachta (seachas slat agus ruaim) chun iasc a thógáil laistigh de dhá chéad slat lastuas nó laistíos d'aon damba a úsáidtear chun uisce a sholáthar do mhuilte nó monarchana nó le haghaidh loingseoireacht a beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach lú ná dhá phunt agus nach mó ná deich bpunt a chur air.

(2) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo, beidh an t-inneall iascaireachta a ndearnadh an cion ina leith ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

(3) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo maidir le haon inneall iascaireachta a úsáid in aon áit laistigh de dhá chéad slat ó aon damba den chineál a luaitear san fho-alt sin, i gcás ina raibh an ceart chun úsáid a bhaint as an inneall iascaireachta sin á fheidhmiú san áit sin ar feadh fiche bliain díreach roimh an 14ú lá de Lúnasa, 1850, ag aon duine ag a raibh seilbh dleathach ar iascach eisiatach ann.

Pionós mar gheall ar inneall iascaireachta a úsáid ag damba muilinn nach ngabhann iascbhealach leis nó laistigh de chaoga slat ó dhamba den sórt sin.

121. —(1) D'ainneoin aon ní in alt 120, ní dleathach do dhuine ar bith, bíodh go bhfuil seilbh aige ar iascach eisiatach a raibh ceart chun inneall iascaireachta a úsáid ina leith aon áit laistigh de dhá chéad slat ó dhamba muilinn á fheidhmiú ar feadh fiche bliain díreach roimh an 14ú lá de Lúnasa, 1850, aon inneall iascaireachta (seachas slat agus ruaim) a úsáid caoga slat, ná laistigh de chaoga slat lastuas nó laistíos den damba muilinn sin mura rud é—

(a) go bhfuil ag gabháil leis an damba muilinn sin iascbhealach de cibé saghas agus tomhais a bheidh ceadaithe ag an Aire, agus

(b) go bhfuil an oiread sin uisce ag rith i gcónaí tríd an iascbhealach sin gur féidir le bradáin gluaiseacht síos suas ann.

(2) Má sháraíonn duine ar bith fo-alt (1) den alt seo, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach lú ná cúig phunt agus nach mo ná fiche punt a chur air.

Forálacha maidir le roth-chomhlaí, etc., i muilte, etc., a fhaigheann uisce ó aibhneacha bradán.

122. —(1) San alt seo—

folaíonn an focal “muileann” aon mhonarcha, meaisín, foirgneamh nó obair eile a dhéanann nó dá ndéantar uisce a thógáil nó a úsáid chun aon chríche, ach ní fholaíonn sé aon obair chun leictreachas a ghiniúint, trí chumhacht hiodrálach, lena dháileadh agus lena sholáthar don phobal;

ciallaíonn an focal “roth-shliúsanna”, maidir le muileann, na sliúsanna a ligeann uisce chun rothaí an mhuilinn sin.

(2) Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas maidir le gach muileann a fhaigheann a sholáthar uisce ó abhainn bradán—

(a) má tá iasc-bhealach sa damba a bhaineann leis an muileann, coimeádfar na roth-shliúsanna agus na scéith-gheataí nó na brúcht-bhealaí dúnta—

(i) ar feadh ceithre huaire is fiche as a chéile gach seachtain idir a 6 a chlog p.m. ar an Satharn agus a 6 a chlog a.m. ar an Luan dá éis sin, agus

(ii) ar feadh aon tréimhse eile nach mbeidh an muileann á oibriú;

(b) mura bhfuil iasc-bhealach sa damba a bhaineann leis an muileann agus má tá an scéith-gheata ar an taobh aghaidh le sruth de na roth-shliúsanna curtha suas i gcainéal atá oiriúnach do ghluaiseacht éisc, coimeádfar na roth-shliúsanna dúnta agus an scéith-gheata sin oscailte—

(i) ar feadh ceithre uaire is fiche as a chéile gach seachtain idir a 6 a chlog p.m. ar an Satharn agus a 6 a chlog a.m. ar an Luan dá éis sin, agus

(ii) ar feadh aon tréimhse eile nach mbeidh an muileann á oibriú;

(c) mura gcomhlíonfar forálacha mhír (a) nó mhír (b) den fho-alt seo, beidh áititheoir an mhuilinn ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach lú ná trí phunt agus nach mó ná deich bpunt a chur air.

(3) I gcás ina gcúiseofar áititheoir muilinn i gcion faoin alt seo, is cosaint mhaith a chruthú go dtiocfadh de mhír (a) nó mír (b) (cibé acu is iomchuí) d'fho-alt (2) den alt seo a chomhlíonadh go gcuirfí as go dochrach in aon slí d'innealra nó d'uisce-chumhacht an mhuilinn.

Grátaí i sruthchúrsaí as aibhneacha ionas nach rachaidh bradáin ná bric isteach iontu.

123. —(1) Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas maidir le gach sruthchúrsa, clais, cainéal nó sliús a chun uisce a thabhairt ó aon abhainn bradán, lena sholáthar do bhailte nó talamh a uisciú nó mar chumhacht tiomána innealra nó chun aon chríche eile, seachas uisce a sholáthar le haghaidh loingseoireachta nó linnte éisc:—

(a) ní foláir gráta (nach mó ná dhá orlach in áit ar bith an spás idir a bharraí) a shínfidh trasna leithead iomlán an sruthchúrsa, na claise, an chainéil nó an tsliúis sin agus ó íochtar a leaba nó a urláir go dtí cothrom na n-uiscí is airde sa gheimhreadh nó le linn tuile, a bheith feistithe ag na pointí mar a scarann agus mar a n-athcheanglaíonn an sruthchúrsa, an chlais an cainéal nó an sliús sin leis an abhainn sin agus laistíos agus laistuas den sliús sin,

(b) i gcaitheamh mí Márta, Aibreáin agus Bealtaine agus na dtréimhsí eile den bhliain a mbeidh álach bradán nó breac ag dul síos an abhainn sin, ní foláir cliathrach nó líonra sreangach de cibé tomhais a choiscfidh go héifeachtúil gilidíní bradán nó mion-éisc eile ó dhul isteach sa sruthchúrsa, sa chlais, sa chainéal nó sa sliús sin, a bheith feistithe nó sínte trasna dhromchla iomlán gach gráta acu sin,

(c) ní foláir gach gráta, cliathrach nó líonta den tsórt sin a bheith daingnithe agus socraithe ar chuma nach féidir é a aistriú ná é a oscailt agus coimeádfar i ndeisriocht é i gcónaí.

(2) Más rud é, maidir le haon sruthchúrsa, clais, cainéal nó sliús lena mbaineann fo-alt (1) den alt seo, nach gcomhlíonfar forálacha an fho-ailt sin, beidh úinéir, léasaí nó áititheoir aon áitribh chun a dtéann an sruthchúrsa, an chlais, an cainéal nó an sliús sin nó aon duine eile a dhéanfaidh nó a úsáidfidh an sruthchúrsa, an chlais, an cainéal nó an sliús sin, nó a mbeidh a chúram agus a chnthabháil air, ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpunt a chur air.

(3) Más rud é, maidir le haon sruthchúrsa, clais, cainéal nó sliús lena mbaineann fo-alt (1) den alt seo agus a rinneadh chun uisce a thabhairt mar chomhacht tiomána d'innealra, go gcruthófar chun sástachta an Aire gur gá díolúine a thabhairt ar feadh aon tréimhse ó na hoibleagáidí a fhorchuirtear ina leith leis an bhfo-alt sin (1) chun an t-innealra sin a oibriú go héifeachtúil, féadfaidh an tAire an díolúine sin a dheonú.

(4) Féadfaidh an tAire díolúine a deonaíodh faoi alt 4 den Salmon Fishery (Ireland) Act, 1869, nó faoi fho-alt (3) den alt seo a chúlghairm.

Oibleagáidí úinéirí meaisíní hiodrálacha a fhaigheann soláthar ó aibhneacha bradán.

124. —(1) Más ó abhainn bradán a fhaigheann tuirbín nó meaisín hiodrálach dá shamhail, a d'fhéadfadh a bheith díobhálach do bhradáin ar a mbealach síos chun na farraige, soláthar uisce ó abhainn bradán, beidh sé de dhualgas ar an duine a bhfuil an meaisín sin ar úinéireacht nó ar úsáid aige gráta nó cóir éifeachtach eile a chur ar fáil, le linn na tréimhse a bheidh bradáin ar a mbealach síos chun na farraige amhlaidh, chun na bradáin sin a chosc ó dhul isteach sa mheaisín sin.

(2) Má fhaillíonn aon duine ar a gcuirtear dualgas le fo-alt (1) den alt seo an dualgas sin a dhéanamh, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó na caoga punt a chur air agus fíneáil bhreise nach mó ná cúig phunt in aghaidh gach lae a mhairfidh an fhaillí sin.

Pionós mar gheall ar iasc a thógáil, etc., in oibreacha nó i sruthchúrsaí atá ag gabháil le muilte nó monarchana.

125. —(1) Má dhéanann duine ar bith aon séasúr den bhliain, in aon linn muilinn nó damba muilinn nó in aon oibreacha atá ag gabháil le haon mhuileann nó monarcha nó in aon cheann de na sruthchúrsaí a thugann an t-uisce isteach i aon mhuileann nó monarcha nó amach as, aon inneall iascaireachta a úsáid (seachas slat agus ruaim a úsáidfear go dleathach) nó deis ar bith a úsáid chun aon bhradán nó iasc eile a thógáil, a dhíothú nó a bhac, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpunt a chur air.

(2) Nuair a chiontófar duine i gcion faoin alt seo beidh an t-inneall iascaireachta a ndearnadh an cion ina leith ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

(3) Más rud é—

(a) go líomhnófar i ngearán agus go gcruthófar go ndearnadh cion faoin alt seo trí aon sliús-gheata atá faoi chumhacht eisiatach áititheoir muilinn nó monarchan a dhúnadh anuas nó a dhruid, agus

(b) go líomhnófar sa ghearán agus go gcruthófar go ndearnadh an cion ach nach fios cé hé an duine a rinne an cion nó nach féidir teacht air, agus

(c) go gcúiseofar áititheoir an mhuilinn nó na monarchan sin sa chion sin.

measfar an t-áititheoir sin a bheith ciontach sa chion sin agus féadfar píonós a ghearradh air dá réir.

(4) Más rud é—

(a) go líomhnófar i ngearán agus go gcruthófar go ndearnadh cion faoin alt seo in imthoscaí a thugann forais réasúnacha chun a chreidiúint—

(i) gur duine éigin i bhfostaíocht nó faoi rialú úinéir nó áititheoir muilinn nó monarchan a rinne an cion, nó

(ii) gur le fios nó le cúlcheadú an úinéara nó an áititheora sin nó an duine i bhfeighil an mhuilinn nó na monarchan sin a rinneadh an cion, nó

(iii) gur de dheasca gur mhainnigh an t-úinéir nó an t-áititheoir sin cúram réasúnach a ghlacadh chun an cion sin a chosc a rinneadh an cion sin, agus

(b) go líomhnófar sa ghearán agus go gcruthófar go ndearnadh an cion, ach nach fios cé hé an duine a rinne an cion agus nach féidir teacht air, agus

(c) go gcúiseofar úinéir nó áititheoir an mhuilinn nó na monarchan sa chion sin faoin alt seo,

measfar an t-úinéir nó an t-áititheoir sin a bheith ciontach sa chion sin agus féadfar pionós a ghearradh air dá réir.

CUID IX.

Srianta maidir le Tráthanna Iascaireachta Bradán, Breac, Pollán, agus Eascann, agus Forálacha Foghabhálacha.

Caibidil I.

Bradáin agus Bric.

Roinn I.

Séasúr Coiscthe bliantúil do bhradáin agus bric.

Séasúr coiscthe bliantúil do bhradáin agus bric.

126. —(1) San Acht seo, ciallaíonn an abairt “an séasúr coiscthe bliantúil do bhradáin agus bric”, maidir le háit ar bith, an tréimhse a mbeidh sé dearbhaithe le fodhlí, a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire agus a bhainfidh leis an áit sin, arna dhéanamh faoin Acht seo, é a bheith neamhdhleathach lena linn bradáin nó bric a thógáil nó a iascaireacht le hinnill seachas slat agus ruaim.

(2) Beidh feidhm maidir le fodhlíthe a athróidh an séasúr coiscthe bliantúil do bhradáin agus bric ag na forálacha atá leagtha amach sa Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

Pionóis mar gheall ar iascaireacht a dhéanamh, ar shlí seachas le slat agus ruaim, le haghaidh bradán nó breac le linn an tséasúir choiscthe bhliantúil do bhradáin agus bric.

127. —(1) Má dhéanann duine ar bith go toiliúil aon bhradán nó breac a iascaireacht nó a thógáil nó cabhair nó cuidiú a thabhairt le haon bhrádán nó breac a thógáil nó a iascaireacht le linn an tséasúir choiscthe bhliantúil do bhradáin agus bric, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach lú ná dhá phunt agus nach mó ná cúig phunt is fiche a chur air, maraon le fíneáil bhreise dhá phunt in aghaidh gach bradán nó breac a thóg sé amhlaidh.

(2) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo, beidh gach bradán agus breac a thóg sé agus gach inneall iascaireachta a ndearnadh an cion ina leith ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

(3) Ní bhainfidh an t-alt seo le bradáin nó bric a iascaireacht nó a thógáil go dleathach le slat agus ruaim.

Innill sheasmhacha a dhíchóimeáil le linn an tséasúir choiscthe bhliantúil do bhradáin agus brio.

128. —(1) Sa séasúr coiscthe bliantúil do bhradáin agus bric—

(a) bainfear gach cochall iascaireachta agus líon cuaille de na cleitheanna nó na daingneáin ar a bhfuil siad ceangailte agus tabharfar chun bealaigh iad,

(b) déanfar agus coimeádfar i ngach inneall seasmhach (seachas cochall iascaireachta nó líon cuaille) oscailt ghlan ceithre throigh ar leithead sna foircinn, sna gaistí, sna súile nó sna bearnaí óna mbarr go dtína mbun ionas go bhféadfaidh gach iasc gluaiseacht go saoráideach tríothu agus go gcoiscfear go héifeachtúil iasc a thógáil iontu.

(2) Más rud é, maidir le haon inneall seasmhach nach gcomhlíonfar forálacha fho-alt (1) den alt seo, beidh a áititheoir ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air agus, más cion leanúnach é, fíneáil bhreise nach mó ná cúig phunt in aghaidh gach lae a leanfar den chion.

(3) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo, beidh an t-inneall seasmhach a ndearnadh an cion ina leith ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

(4) Ní fhorléireofar aon ní i bhfo-alt (2) den alt seo mar ní a thugann go ndlífear aon phionós a chur ar aon duine ar choisc tuilte, stoirm nó drochaimsir é ó na nithe a luaitear i mír (a) d'fho-alt (1) den alt seo a aistriú fad a bhí sé faoi chosc amhlaidh.

(5) I gcás réamhtheachtaí-i-dteideal aon duine a bheith, an 10ú lá de Lúnasa, 1842, i dteideal go dleathach, ó chairt nó ó cheart rúrach, aon inneall seasmhach a úsáid i sruth taoide abhann chun iasc geal mara a ghabháil, ní bheidh feidhm ag forálacha fho-alt (1) den alt seo maidir leis an inneall seasmhach sin más chuige sin amháin a úsáidtear é.

Coraí iascaireachta bradán agus dambaí muilinn iascaireachta a dhíchóimeáil le linn an tséasúir choiscthe bhliantúil do bhradáin agus bric.

129. —(1) San alt seo—

ciallaíonn an abairt “cora bradán” aon chora is—

(a) cora iascaireachta chun bradáin a thógáil, nó

(b) damba muilinn iascaireachta chun bradáin a thógáil;

ciallaíonn an abairt “codanna inaistrithe”, maidir le cora bradán,—

(a) ionscálaí agus heic gach bosca sa chora bradán sin, agus

(b) gach feisteas agus earra eile a úsáidtear i ndáil leis na boscaí sa chora bradán sin agus is féidir a aistriú;

ciallaíonn an abairt “an séasúr coiscthe bliantúil” an séasúr coiscthe bliantúil do bhradáin agus bric.

(2) Laistigh de shé huaire is tríocha ó thosach an tséasúir choiscthe bhliantúil, déanfar na codanna inaistrithe go léir de chora bradán a aistriú agus a thabhairt chun bealaigh aisti.

(3) Ní dhéanfar na codanna inaistrithe de chora bradán a chur sa chora sin ná uirthi tráth is luaithe ná sé huaire is tríocha roimh dheireadh an tséasúir choiscthe bhliantúil.

(4) I gcaitheamh an tséasúir choiscthe bhliantúil (ach amháin na sé huaire is tríocha ina thosach agus ina dheireadh) ní cheadófar na codanna inaistrithe de chora bradán a fhágáil inti ná uirthi.

(5) Más rud é, maidir le haon chora bradán, go sárófar forálacha fho-alt (2), (3) nó (4) den alt seo (trí ghníomh nó neamhghníomh) beidh a háititheoir ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air agus, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil bhreise nach mó na cúig phunt in aghaidh gach lae a leanfar den chion.

(6) I gcás áititheoir cora bradán a chiontú i gcion faoin alt seo, beidh gach cuid inaistrithe a ndearnadh an cion ina leith ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

(7) Ní fhorléireofar aon ní i bhfo-alt (5) den alt seo mar ní a thugann go ndlífear aon phionós a chur ar aon áititheoir cora bradán ar choisc tuilte, stoirm nó drochaimsir é ó fho-alt (2) den alt seo a chomhlíonadh fad a bhí sé faoi chosc amhlaidh.

(8) I gcás áititheoir cora bradán a chiontú i gcion faoin alt seo—

(a) féadfaidh an tAire a chur faoi deara na codanna inaistrithe a ndearnadh an cion sin ina leith a aistriú ón gcora bradán sin,

(b) ná aistríonn an tAire na codanna inaistrithe sin beidh sé i dteideal an costas faoina ndeachaigh sé á dhéanamh sin a ghnóthú ón áititheoir sin mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(9) I gcás—

(a) réamhtheachtaí-i-dteideal úinéara chora bradán a bheith, an 10ú lá de Lúnasa, 1842, i dteideal, ó phaitinn nó ó chairt nó eile, ceart iascaireachta eascann a bheith aige sa chora sin, agus

(b) an ceart sin a bheith á fheidhmiú ag an réamhtheachtaí sin roimh an dáta sin,

ní dhlífear aon phionós faoi fho-alt (5) den alt seo a chur ar úinéir na cora bradán sin mar gheall ar líonta eascann, nó innill eile chun eascanna a thógáil, a chur nó a chrochadh nó a úsáid i súile nó i mbearnaí na cora bradán sin, más rud é gur amháin i gcomhréir leis na hAchtanna a úsáidtear na líonta eascann nó na hinnill sin agus nach gcrochtar iad ach amháin i gceithre chúigiú den uimhir súl nó bearnaí atá sa chora bradán sin, agus go ndéantar an cúigiú eile de na súile nó de na bearnaí sin sa chora bradán sin, maraon leis an tsaor-bhearna inti (má tá ann), a choimeád saor gan bhac le haghaidh gluaiseacht shaoráideach éisc, ach ní dhíolmhóidh an fhoráil seo an t-úinéir sin ó dhliteanas faoi alt 127 má thógtar aon bhradán nó breac sa chora bradán sin le linn an tséasúir choiscthe bhliantúil.

Líonta a aistriú ó bhruacha abhann le linn an tséasúir choiscthe bhliantúil do bhradáin agus bric.

130. —(1) Má dhéanann aon duine a bheidh ag gabháil d'iascaireacht bradán le líonta d'aon chineál nó tuairisc faillí nó mainneachtain sna líonta sin a aistriú agus a thabhairt chun bealaigh ó aon trá nó ó bhruacha aon abhann nó óna gcóngar le linn an tséasúir choiscthe bhliantúil do bhradáin agus bric, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach lú ná dhá phunt agus nach mó ná deich bpunt a chur air.

(2) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo, beidh na líonta a ndearnadh an cion ina leith ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

Pionós mar gheall ar chosc nó treampán a chur ar bhradáin nó bric le linn an tséasúir choiscthe bhliantúil do bhradáin agus bric.

131. —Gach duine a choiscfidh gluaiseacht bradán nó breac nó a ngealóg nó a ngilidíní nó a dhéanfaidh díobháil nó treampán d'aon bhradán nó breac, nó d'aon scéith nó gilidíní nó gealóga bradáin nó á dhéanfaidh díobháil nó treampán d'aon leaba sceite nó bruach nó tanalacht a bhféadfadh an scéith nó na gilidíní nó na gealóga sin a bheith ann, go toiliúil le linn an tséasúir choiscthe bhliantúil do bhradáin agus bric, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach lú ná dhá phunt agus nach mó ná cúig phunt is fiche a chur air, nó, de rogha na Cúirte, príosúnacht ar feadh aon tréimhse nach lú ná mí agus nach mó ná dhá mhí dhéag.

Pionós mar gheall ar líonta a úsáid le linn an tséasúir choiscthe bhliantúil do bhradáin agus bric.

132. —(1) Má dhéanann duine ar bith, le linn an tséasúir choiscthe bhliantúil do bhradáin agus bric, aon ní acu seo a leanas—

(a) aon líon a shuíomh, a fheistiú nó a cheangal d'aon chuaille, droichead, sliús nó sliús-gheataí canála nó d'aon tógálacha seasmhacha eile den sórt sin, nó

(b) líon ar bith a leagan nó a tharraingt, nó iascaireacht a dhéanamh le líon ar bith, ach amháin líon a úsáidfear go dleathach chun eascanna a thógáil,

beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomhair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpunt a chur air.

(2) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo, beidh an líon a ndearnadh an cion ina leith ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

Pionós mar gheall ar bhád a úsáid chun bradáin nó bric a ghabháil le linn an tséasúir choiscthe bhliantúil do bhradáin agus bric.

133. —(1) Má úsáideann duine ar bith aon bhád chun bradáin nó bric a ghabháil le linn an tséasúir choiscthe bhliantúil do bhradáin agus bric—

(a) beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig phunt a chur air,

(b) más é an dara cion nó aon chion ina dhiaidh sin é ag an duine sin, ansin—

(i) murab é an duine sin úinéir an bháid, agus

(ii) mura gcruthóidh an t-úinéir gur úsáideadh an bád gan fhios dó nó gan a thoiliú,

féadfaidh an Chúirt a ordú an bád a fhorghéilleadh.

(2) Ní bhainfidh an t-alt seo le húsáid báid ag aon duine a bheidh ag duánacht go dleathach le slat agus ruaim.

Pionóis mar gheall ar bhradáin nó bric a cheannach, etc., le linn an tséasúir choiscthe bhliantúil do bhradáin agus bric.

134. —(1) Aon duine a cheannóidh, a dhíolfaidh, a thaispeánfaidh chun a dhíolta, nó a mbeidh ina choimeád nó ina sheilbh aige, aon bhradán nó breac a tógadh as aon uiscí i rith le linn na tréimhse arb í, maidir leis na huiscí sin, an séasúr coiscthe bliantúil do bhradáin agus bric, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach lú ná dhá phunt agus nach mó ná cúig phunt is fiche a chur air, maraon le fíneáil bhreise dhá phunt in aghaidh gach bradán nó breac den sórt sin a cheannóidh nó a dhíolfaidh sé nó a thaispeánfaidh sé chun a dhíolta nó a bheidh ina choimeád nó ina sheilbh aige amhlaidh.

(2) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo, beidh gach bradán nó breac a ndearnadh an cion ina leith ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

(3) In aon imeachtaí faoi fho-alt (1) den alt seo, beidh cruthúnas gur channaigh nó gur dhíol duine, nó gur thaispeáin sé chun a dhíolta nó go raibh ina choimeád nó ina sheilbh aige, aon bhradán nó breac le linn na tréimhse arb í, maidir le haon uiscí, an séasúr coiscthe bliantúil do bhradáin agus bric í ina fhianaise prima facie gur tógadh an bradán nó an breac sin le linn na tréimhse arb í an séasúr coiscthe bliantúil do bhradáin agus bric í sna huiscí as ar tógadh nó inar tógadh an bradán nó an breac sin.

(4) Más rud é—

(a) go gcúiseofar duine i gcion faoin alt seo maidir le bradán nó breac, agus

(b) go gcruthóidh an duine sin gur gabhadh an bradán nó an breac sin le slat agus ruaim in áit áirithe agus am áirithe, agus

(c) go raibh sé dleathach bradáin nó bric a ghabháil le slat agus ruaim san áit sin agus san am sin,

déanfar an cúiseamh in aghaidh an duine sin a dhíbhe.

Roinn II.

Cosc le bradáin gabhadh tráthanna áirithe a onnmhairiú.

Cosc le bradáin a gabhadh tráthanna áirithe a onnmhairiú.

135. —(1) Aon duine a onnmhaireoidh aon bhradán a gabhadh le linn an ama a dtoirmisctear le dlí bradáin a ghabháil sna huiscí inar gabhadh an bradán céadluaite sin, nó a dhéanfaidh iarracht é a onnmhairiú, beidh sé ciontach i gcion faoin alt se agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig phunt a chur air in aghaidh gach bradáin a onnmhaireofar nó a ndéanfar iarracht é a onnmhairiú amhlaidh.

(2) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo, beidh aon bhradán a ndearnadh an cion ina leith ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

Roinn III.

Cosc le bric a ghabháil i mí Eanáir agus i gcuid de mhí Feabhra.

Cosc le bric a ghabháil, a dhíol, etc., i mí Eanáir agus i gcuid de mhí Feabhra.

136. —(1) Ní dleathach do dhuine ar bith aon bhreac a thógáil, a mharú, a dhíothú, a cheannach, a dhíol, a chur ar díol ná a bheith ina sheilbh aige sa tréimhse dar tosach an 1ú lá d'Eanáir agus dar críoch an 14ú lá d'Fheabhra aon bhliain.

(2) Aon duine a thógfaidh, a mharóidh, a dhíothóidh, a cheannóidh, a dhíolfaidh, a chuirfidh ar díol nó a mbeidh ina sheilbh aige aon bhreac contrártha don alt seo, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach lú ná dhá phunt agus nach mó ná cúig phunt is fiche a chur air, maraon le fíneáil bhreise nach mó ná dhá phunt in aghaidh gach bric a thógfaidh sé, a mharóidh sé, a dhíothóidh sé, a cheannóidh sé, a dhíolfaidh sé, a chuirfidh sé ar díol nó a gheofar ina sheilbh.

Roinn IV.

An séasúr coiscthe bliantúil do dhuánacht bradán.

Séasúr coiscthe bliantúil do dhuánacht bradán agus pionóis mar gheall ar dhuánacht bradán lena linn.

137. —(1) (a) Faoi réir mhíreanna (b) agus (c) de fho-alt seo, is é a bheidh sa séasúr coiscthe bliantúil do dhuánacht bradán, chun críocha an Achta seo, an tréimhse dar tosach an 13ú lá de Dheireadh Fómhair gach bliain agus dar críoch an 31ú lá d'Eanáir an bhliain dá éis sin;

(b) Más rud é—

(i) maidir le haon áit, go bhfuil fodhlí (cibé acu ar le duánacht bradán agus breac nó le duánacht bradán amháin a bhaineann sé) i bhfeidhm, a mheasfar a bheith arna dhéanamh faoin Acht seo, lena socraítear tréimhse a ndearbhaítear leis an bhfodhlí sin é a bheith neamhdhleathach duánacht bradán a dhéanamh lena linn, agus

(ii) go n-áirítear san fhodhlí sin mar chuid den tréimhse sin an tréimhse choiscthe duánachta i nDeireadh Fómhair,

ansin, chun críocha an Achta seo, is í an tréimhse a shocraítear leis an bhfodhlí sin an séasúr coiscthe bliantúil do dhuánacht bradán san áit sin, fad a bheidh an fodhlí sin i bhfeidhm.

(c) Más rud é—

(i) maidir le haon áit, go bhfuil fodhlí (cibé acu ar le duánacht bradán agus breac nó le duánacht bradán amháin a bhaineann sé) i bhfeidhm, a mheasfar a bheith arna dhéanamh faoin Acht seo, lena socraítear tréimhse a ndearbhaítear leis an bhfodhlí sin é a bheith neamhdhleathach duánacht bradán a dhéanamh lena linn, agus

(ii) nach n-áirítear san fhodhlí sin mar chuid den tréimhse sin an tréimhse choiscthe duánachta i nDeireadh Fómhair,

ansin, chun críocha an Achta seo, is é an séasúr coiscthe bliantúil do dhuánacht bradán san áit sin, fad a bheidh an fodhlí sin i bhfeidhm—

(I) an tréimhse choiscthe duánachta i nDeireadh Fómhair, agus

(II) an tréimhse a shocraítear leis an bhfodhlí sin.

(d) Beidh feidhm ag na forálacha atá leagtha amach sa Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo maidir le fodhlíthe a athróidh an séasúr coiscthe bliantúil do dhuánacht bradán.

(2) (a) Má tharlaíonn, le linn an tséasúir choiscthe bhliantúil do dhuánacht bradán, go ndéanfaidh duine ar bith go toiliúil bradán a iascaireacht nó a thógáil le slat agus ruaim nó go gcabhróidh nó go gcuideoidh sé le bradán a thógáil nó a iascaireacht le slat agus ruaim, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach lú ná dhá phunt agus nach mó ná cúig phunt is fiche a chur air maraon le fíneáil bhreise dhá phunt in aghaidh gach bradáin a thógfaidh sé amhlaidh.

(b) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo, beidh gach bradán a thóg sé, agus an tslat agus an ruaim a úsáideadh ag déanamh an chiona, ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

Roinn V.

An séasúr coiscthe bliantúil do dhuánacht breac.

An séasúr coiscthe bliantúil do dhuánacht breac agus pionóis mar gheall ar dhuánacht breac lena linn.

138. —(1) (a) Faoi réir mhíreanna (b) agus (c) den fho-alt seo, is é a bheidh sa séasúr coiscthe bliantúil do dhuánacht breac in áit áirithe, chun críocha an Achta seo, an tréimhse a ndearbhófar, le fodhlí (cibé ar le duánacht bradán agus breac nó le duánacht breac amháin a bhaineann sé) a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire agus a bhainfidh leis an áit sin, agus a rinneadh faoin Acht seo, é a bheith neamhdhleathach duánacht breac a dhéanamh lena linn.

(b) Más rud é—

(i) maidir le haon áit, go bhfuil fodhlí (cibé ar le duánacht bradán agus breac nó le duánacht breac amháin a bhaineann sé) i bhfeidhm, a mheasfar a bheith arna dhéanamh faoin Acht seo, lena socraítear tréimhse a ndearbhaítear leis an bhfodhlí sin é a bheith neamhdhleathach duánacht breac a dhéanamh lena linn, agus

(ii) go n-áirítear san fhodhlí sin mar chuid den tréimhse sin an tréimhse choiscthe duánachta i nDeireadh Fómhair,

ansin, chun críocha an Achta seo, is í an tréimhse a shocraítear leis an bhfodhlí sin an séasúr coiscthe bliantúil do dhuánacht breac san áit sin, fad a bheidh an fodhlí sin i bhfeidhm.

(c) Más rud é—

(i) maidir le haon áit, go bhfuil fodhlí (cibé ar le duánacht bradán agus breac nó le duánacht breac amháin a bhaineann sé) i bhfeidhm, a mheasfar a bheith arna dhéanamh faoin Acht seo, lena socraítear tréimhse a ndearbhaítear leis an bhfodhlí sin é a bheith neamhdhleathach duánacht breac a dhéanamh lena linn, agus

(ii) nach n-áirítear san fhodhlí sin mar chuid den tréimhse sin an tréimhse choiscthe duánachta i nDeireadh Fómhair,

ansin, chun críocha an Acht seo, is séasúr coiscthe bliantúil do dhuánacht breac san áit sin, fad a bheidh an fodhlí sin i bhfeidhm—

(I) an tréimhse choiscthe duánachta i nDeireadh Fómhair, agus

(II) an tréimhse a shocraítear leis an bhfodhlí sin.

(d) Beidh feidhm ag na forálacha atá leagtha amach sa Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo maidir le fodhlíthe a athróidh an séasúr coiscthe bliantúil do dhuánacht breac.

(2) (a) Má tharlaionn, le linn an tséasúir choiscthe bhliantúil do dhuánacht breac, go ndéanfaidh aon duine go toiliúil breac a iascaireacht nó a thógáil le slat agus ruaim nó go gcabhróidh nó go gcuideoidh sé le breac a thógáil nó a iascaireacht le slat agus ruaim, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach lú ná dhá phunt agus nach mó ná cúig phunt is fiche a chur air, maraon le fíneáil bhreise dhá phunt in aghaidh gach bric a thógfaidh sé amhlaidh.

(b) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo, beidh gach breac a thóg sé, agus an tslat agus an ruaim a úsáideadh ag déanamh an chiona, ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

Roinn VI.

An tráth coiscthe seachtainiúil.

An tráth coiscthe seachtainiúil.

139. —(1) Faoi réir fho-ailt (2) agus (3) den alt seo, san Acht seo, ciallaíonn an abairt “an tráth coiscthe seachtainiúil” an tréimhse dar tosach 6 a.m. ar an Satharn agus dar críoch 6 a chlog a.m. ar an Luan dá éis sin.

(2) (a) Baineann an fo-alt seo le haon abhainn ina bhfuil iascach nó ceart iascaigh ag Bord Soláthair an Leictreachais.

(b) San Acht seo, ciallaíonn an abairt “an tráth coiscthe seachtainiúil” maidir le haon abhainn lena mbaineann an fo-alt seo, faoi réir mhír (c) den fho-alt seo, an tréimhse dar tosach 6 a chlog a.m. ar an Satharn agus dar críoch 6 a chlog a.m. ar an Luan dá éis sin.

(c) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, athrú mar is cuí leis a dhéanamh ar an tráth coiscthe seachtainiúil a shocraítear le mír (b) den fho-alt seo i gcás aon abhann lena mbaineann an fo-alt seo, ach ní dhéanfaidh sé, le haon rialacháin den sórt sin, an tráth coiscthe seachtainiúil sin a mhéadú thar dhá uair chloig is seachtó ná é a laghdú faoi bhun ocht n-uaire a chloig is daichead.

(3) San Acht seo, ciallaíonn an abairt “an tráth coiscthe seachtainiúil” maidir le haon chora iascaireachta is ábhar d'ordú faoi fho-alt (2) d'alt 107, an tréimhse dar tosach 6 a chlog a.m. ar an Satharn agus dar críoch 6 a chlog a.m. ar an Luan dá éis sin maille le tréimhse cheithre huaire a chloig is fiche d'fhaidiú faoi mar a ordóidh an t-ordú sin.

Pionóis mar gheall ar iascaireacht le haghaidh bradán nó breac, ar mhodh seachas le slat agus ruaim, le linn an trátha choiscthe sheachtainiúil.

140. —(1) Aon duine a dhéanfaidh aon bhradán nó breac a iascaireacht nó a thógáil le linn an trátha choiscthe sheachtainiúil, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach lú ná deich bpunt agus nach mó ná caoga punt a chur air.

(2) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo, beidh an t-inneall iascaireachta a ndearnadh an cion ina leith ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

(3) Ní bhainfidh an t-alt seo le bradáin nó bric a iascaireacht nó a thógáil go dleathach le slat agus ruaim.

Pionós mar gheall ar iasc a chosc ó ghluaiseacht trí bhoscaí le linn an trátha choiscthe sheachtainiúil.

141. —Má dhéanann duine ar bith, le linn an trátha choiscthe sheachtainiúil,—

(a) aon chóir nó deis a úsáid chun cosc a chur ar ghluaiseacht shaoráideach éisc trí aon bhosca, bearna, nó sliúsgheata i gcora iascaireachta nó i ndamba muilinn iascaireachta nó trí aon inneall seasmhach, nó

(b) eagla nó scanradh, nó iarracht ar eagla nó scanradh, a chur, go toiliúil, ar aon iasc, dul tríd an mbosca, an bhearna nó an sliús-gheata sin, nó trí ghaistí nó súile an innill sheasmhaigh sin,

beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach lú ná deich bpunt agus nach mó ná caoga punt a chur air.

Forálacha maidir le cionta faoi ailt 140 agus 141.

142. —(1) I gcás cion faoi alt 140 nó 141 a dhéanamh maidir le haon hiascach, ansin—

(a) más duine i bhfostaíocht nó faoi rialú úinéir nó áititheoir an iascaigh sin a rinne an cion sin, nó

(b) más duine (seachas an t-úinéir nó an t-áititheoir sin nó duine i bhfostaíocht nó faoi rialú an úinéara nó an áititheora sin) a rinne an cion sin agus gur urasaíodh a dhéanamh de dheasca gur mhainnigh an t-úinéir nó an t-áititheoir sin cúram réasúnach a ghlacadh chun nach ndéanfaí an cion sin,

measfar an t-úinéir nó an t-áititheoir sin a bheith ciontach sa chion sin agus dlífear imeachtaí a thionscnamh ina chionne agus pionós a ghearradh air dá réir.

(2) I gcás—

(a) duine i bhfostaíocht nó faoi rialú úinéir nó áititheoir an iascaigh sin a bheith tar éis cion faoi alt 140 nó 141 a dhéanamh maidir le haon iascach, agus

(b) go gcúiseofar an t-úinéir nó an t-áititheoir sin sa chion sin, de bhua fho-alt (1) den alt seo,

is cosaint mhaith don úinéir nó don áititheoir sin a chruthú—

(i) go ndearna sé dícheall cuí chun déanamh an chiona sin amhlaidh a chosc, agus go ndearnadh an cion gan toiliú, ná cúlcheadú ná mainneachtain thoiliúil, uaidhsean, agus

(ii) ar é a chúiseamh sa chion gur thug sé don duine a chúisigh é an t-eolas go léir a bhí ar a chumas i dtaobh an duine a rinne an cion.

Forálacha atá le comhlíonadh maidir le hinnill sheasmhacha áirithe le linn an trátha choiscthe sheactainiúil.

143. —(1) Le linn an trátha choiscthe sheachtainiúil—

(a) ní foláir glan-oscailt, ar a laghad ceithre throigh ar leithead a bheith déanta, agus coinnithe saor ó bhacainn, i ngaistí nó cinn gach líon cuaillí a úsáidfear chun bradáin a ghabháil agus i súile nó i mbearnaí gach ceann-cbora a úsáidfear chun bradáin a ghabháil, ó uachtar go híochtar, ionas go bhféadfaidh iasc gluaiseacht go saoráideach tríothu agus go mbeidh cosc éifeachtúil le hiasc a thógáil iontu,

(b) ní foláir líonra treoire gach cochall iascaireachta a úsáidfear chun bradáin a ghabháil a bheith ardaithe agus coinnithe as an uisce.

(2) Más rud é, maidir le haon líon cuaillí, ceann-chora nó cochall iascaireachta, nach gcomhlíonfar forálacha fho-alt (1) den alt seo, beidh a áititheoir ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach lú ná deich bpunt agus nach mó ná caoga punt a chur air.

(3) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo, beidh an t-inneall seasmhach a ndearnadh an cion ina leith ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

(4) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a thugann go ndlífear aon phionós a chur ar aon duine ar choisc tuilte, stoirm nó drochaimsir é ó fho-alt (1) den alt seo a chomhlíonadh fad a bhí sé faoi chosc amhlaidh.

Forálacha atá le comhlíonadh maidir le coraí iascaireachta bradán agus dambaí muilinn iascaireachta le linn an trátha choiscthe sheachtainiúil

144. —(1) San alt seo, ciallaíonn an abairt “cora bradán” aon chora—

(a) is cora iascaireachta chun bradáin a thógáil, nó

(b) is damba muilinn iascaireachta chun bradáin a thógáil.

(2) I gcaitheamh an trátha choiscthe sheachtainiúil ní foláir ionscálaí agus heic gach bosca i gcora bradán a bheith—

(a) aistrithe amach as, nó

(b) oscailte amach sa chaoi go mbeidh glan-oscailt nach lú ná ceithre throigh ar leithead fágtha ar oscailt ann ó uachtar an bhosca go dtí a íochtar agus go mbeidh spás den leithead sin agus é saor, díreach agus gan bhac curtha in áirithe go héifeachtúil le haghaidh gluaiseacht gach uile iasc, suas agus síos, tríd an mbosca.

(3) Más rud é, maidir le haon chora bradán, nach gcomhlíonfar forálacha fho-alt (2) den alt seo, beidh áititheoir na cora sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach lú ná deich bpunt agus nach mó ná caoga punt a chur air i leith gach bosca sa chora bradán sin nach mbeidh a ionscálaí agus a heic aistrithe nó oscailte amach faoi mar a cheanglaítear leis an bhfo-alt sin (2).

(4) I gcás áititheoir cora bradán a chiontú i gcion faoin alt seo, beidh ionscálaí agus heic gach bosca a ndearnadh an cion ina leith ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

(5) Ní fhorléireofar aon ní i bhfo-alt (4) den alt seo mar ní a thugann go ndlífear aon phionós a chur ar aon duine ar choisc tuilte, stoirm nó drochaimsir é ó fho-alt (2) den alt seo a chomhlíonadh fad a bhí sé faoi chosc amhlaidh.

Pionós mar gheall ar bhradáin nó bric a scanrú nó iad a chosc ó ghluasiseacht go saoráideach le linn an trátha choiscthe sheachtainiúil.

145. —(1) Duine ar bith a scanróidh bradáin nó bric nó a chuirfidh cosc nó bac ar ghluaiseacht shaoráideach bradán nó breac le linn an trátha choiscthe sheachtainiúil, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach lú ná dhá phunt agus nach mó ná deich bpunt a chur air.

(2) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo, beidh aon líon nó gléas a d'úsáid sé ag déanamh an chiona agus aon iasc a thóg sé leis ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

(3) Ní bhainfidh an t-alt seo le duine ar bith a thógfaidh iasc go dleathach le slat agus ruaim le linn an trátha choiscthe sheachtainiúil.

Pionós mar gheall ar líonta a úsáid le linn an trátha choiscthe sheachtainiúil.

146. —(1) Má dhéanann duine ar bith, le linn an trátha choiscthe sheachtainiúil, aon ní acu seo a leanas—

(a) aon líon a shuíomh, a fheistiú nó a cheangal d'aon chuaille, droichead, sliús nó sliús-gheataí canála nó d'aon tógálacha seasmhacha eile den sórt sin, nó

(b) líon ar bith a leagan nó a tharraingt, nó iascaireachta a dhéanamh le líon ar bith ach amháin líon a úsáidfear go dleathach chun eascanna a thógáil,

beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpunt a chur air.

(2) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo beidh an líon a ndearnadh an cion ina leith ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

Pionós mar gheall ar bhád a úsáid chun bradáin nó bric a ghabháil le linn an trátha choiscthe sheachtainiúil.

147. —(1) Má úsáideann duine ar bith aon bhád chun bradáin nó bric a ghabháil le linn an trátha choiscthe sheachtainiúil—

(a) beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig phunt a chur air,

(b) más é an dara cion nó aon chion ina dhiaidh sin ag an duine sin é, ansin—

(i) murab é an duine sin úinéir an bháid, agus

(ii) mura gcruthóidh an t-úinéir gur úsáideadh an bád gan fhios dó nó gan a thoiliú,

féadfaidh an Chúirt a ordú an bád a fhorghéilleadh.

(2) Ní bhainfidh an t-alt seo le húsáid báid ag aon duine a bheidh ag duánacht go dleathach le slat agus ruaim.

Caibidil II.

Polláin.

An séasúr coiscthe bliantúil do pholláin.

148. —(1) San Acht seo, ciallaíonn an abairt “an séasúr coiscthe bliantúil do pholláin” maidir le háit ar bith,

(a) i gcás aon fhodhlí faoin Acht seo a bheith i bhfeidhm de thuras na huaire ag socrú na tréimhse ar neamhdhleathach polláin a thógáil lena linn san áit sin, an tréimhse a bheidh socraithe amhlaidh,

(b) in aon chás eile, an tréimhse dar tosach an lú lá de Shamhain in aon bhliain agus dar críoch an 31ú lá d'Eanáir an bhliain dá éis sin.

(2) Beidh feidhm maidir le fodhlithe a athróidh an séasúr coiscthe bliantúil do pholláin ag na forálacha atá leagtha amach sa Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

Pionóis mar gheall ar iascaireacht, etc., pollán le linn an tséasúir choiscthe bhliantúil do pholláin.

149. —(1) Má dhéanann duine ar bith go toiliúil aon phollán a iascaireacht nó a thógáil nó cabhair nó cuidiú a thabhairt chun aon phollán a thógáil nó a iascaireacht le linn an tséasúir choiscthe bhliantúil do pholláin, beidh an duine sin cicntach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach lú ná dhá phunt agus nach mó ná cúig phunt is fiche a chur air, maraon le fíneáil bhreise dhá phunt in aghaidh gach pollán a thóg sé amhlaidh.

(2) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo, beidh gach pollán a thóg sé agus an t-inneall iascaireachta a d'úsáid sé ag déanamh an chiona ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

Pionóis mar gheall ar pholláin a cheannach, etc., le linn an tséasúir choiscthe bhliantúil do pholláin.

150. —(1) Aon duine a cheannóidh, a dhíolfaidh, a thaispeánfaidh chun a dhíolta, nó a mbeidh ina choimeád nó ina sheilbh aige, aon phollán a tógadh as aon uiscí le linn na tréimhse arb í, maidir leis na huiscí sin, an séasúr coiscthe bliantúil do pholláin í, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach lú ná dhá phunt agus nach mó ná cúig phunt is fiche a chur air, maraon le fíneáil bhreise dhá phunt in aghaidh gach polláin den sórt sin a cheannóidh nó a dhíolfaidh sé, nó a thaispeánfaidh sé chun a dhíolta nó a bheidh ina choimeád nó ina sheilbh aige amhlaidh.

(2) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo, beidh gach pollán a ndearnadh an cion ina leith ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

(3) In aon imeachtaí faoi fho-alt (1) den alt seo, beidh cruthúnas gur cheannaigh nó gur dhíol duine, nó gur thaispeáin sé chun a dhíolta nó go raibh ina choimeád nó ina sheilbh aige, aon phollán le linn na tréimhse arb í, maidir le haon uiscí, an séasúr coiscthe bliantúil do pholláin í, beidh an cruthúnas sin ina fhianaise prima facie gur tógadh an pollán sin le linn na tréimhse arb í an séasúr coiscthe bliantúil do pholláin í sna huiscí as ar tógadh nó inar tógadh an pollán sin.

(4) San alt seo folaíonn an focal “uiscí” aon abhainn, loch nó inbhear nó aon chuid den fharraige in aice an chósta.

Caibidil III.

Eascanna.

An séasúr coiscthe bliantúil d'eascanna.

151. —(1) San Acht seo, ciallaíonn an abairt “an séasúr coiscthe bliantúil d'eascanna”, maidir le háit ar bith,

(a) i gcás aon fhodhlí faoin Acht seo a bheith i bhfeidhm de thuras na huaire ag socrú na tréimhse ar neamhdhleathach eascanna a iascaireacht lena linn san áit sin ar shlí seachas le slat agus ruaim, an tréimhse a bheidh socraithe amhlaidh,

(b) in aon chás eile, an tréimhse dar tosach an 11ú lá d'Eanáir in aon bhliain agus dar críoch an 30ú lá de Mheitheamh dá éis sin.

(2) Beidh feidhm maidir le fohdlíthe a athróidh an séasúr coiscthe bliantúil d'eascanna ag na forálacha atá leagtha amach sa Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

Srianta le hiascaireacht eascann le linn an tséasúir choiscthe bhliantúil d'eascanna.

152. —(1) Gach duine a dhéanfaidh, go toiliúil le linn an tséasúir choiscthe bhliantúil d'eascanna, eascanna a thógáil nó a iascaireacht nó cabhair nó cuidiú a thabhairt chun eascanna a thógáil nó a iascaireacht ar shlí seachas le slat agus ruaim, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air.

(2) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo beidh aon eascann a thóg sé amhlaidh ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

Pionós mar gheall ar innill iascaireachta chun eascanna a thógáil a shuíomh, etc., i súile, etc., cora iascaireachta nó damba muilinn iascaireachta le linn an tséasúir choiscthe bhliantúil d'eascanna nó i dtrátha an lae.

153. —Má chuireann nó má chrochann duine ar bith aon inneall iascaireachta chun eascanna a thógáil i súil nó i mbearna nó i sliús-gheata aon chora iascaireachta nó damba muilinn iascaireachta—

(a) le linn an tséasúir choiscthe bhliantúil d'eascanna, nó

(b) i trátha an lae laistigh d'aon tréimhse nach é an séasúr coiscthe bliantúil d'eascanna é,

ansin, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach lú ná deich scilling agus nach mó ná cúig phunt a chur air in aghaidh gach innill den sórt sin a shuífear nó a chrochfar amhlaidh.

(2) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo beidh an t-inneall iascaireachta a ndearnadh an cion ina leith ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

(3) I gcás—

(a) ina gciontófar duine i gcion faoin alt seo, agus

(b) go gcruthófar go raibh inneall iascaireachta chun eascanna a thógáil suite nó crochta i súil nó i mbearna nó i sliús-gheata chora iascaireachta nó dhamba mhuilinn iascaireachta am áirithe, agus

(c) go gcruthófar gurbh é an duine sin áititheoir na cora iascaireachta nó an damba mhuilinn iascaireachta an t-am sin.

toimhdeofar, go dtí go gcruthófar a mhalairt, go raibh an t-inneall iascaireachta suite nó crochta aige amhlaidh.

CUID X.

Srianta le Bradáin agus Bric a Dhíol agus a Onnmhairiú lena nDíol.

Mínithe chun críocha Chuid X.

154. —Sa Chuid seo—

deimnniú oiriúnachta.

ciallaionn an abairt “deimhniú oiriúnachta” deimhniú arna dheonú faoi alt 158;

cigire.

ciallaíonn an focal “cigire” aon duine arb éard é—

(a) duine arna cheapadh ag an Aire le bheith ina chigire chun críocha na Coda seo, nó

(b) comhalta den Gharda Síochána, nó

(c) aon duine arna údarú ag an Aire faoi alt 22 den Acht Iascaigh, 1925 ( Uimh. 32 de 1925 ) nó alt 44 den Acht Iascaigh, 1939 ( Uimh. 17 de 1939 );

ceadúnas faoi Chuid X.

ciallaíonn an abairt “ceadúnas faoi Chuid X” ceadúnas arb éard é—

(a) ceadúnas mangaire bradán, nó

(b) ceadúnas onnmhaireora bradán;

ceadúnas mangaire bradán.

ciallaíonn an abairt “ceadúnas mangaire bradán” ceadúnas arna eisiúint faoi fho-alt (1) d'alt 159;

ceadúnas onnmhaireora bradán.

ciallaíonn an abairt “ceadúnas onnmhaireora bradán” ceadúnas arna eisiúint faoi fho-alt (2) d'alt 159.

breac.

folaíonn an focal “breac” iasc ar a dtugtar nó dá ngairtear de ghnáth breac bogha ceatha.

Bradáin agus bric leasaithe a eisceadh.

155. —Ní bhainfidh an Chuid seo le bradáin nó bric leasaithe a dhíoltar i stáin, i mbuidéil, i searróga nó i gcoimeádáin dá samhail agus gan iontu ach codanna d'iasc nó táirgí éisc.

Srianta le bradáin agus bric a dhíol, etc.

156. —(1) Ní dleathach do dhuine ar bith (seachas an tAire nó Bord Soláthair an Leictreachais) bradáin ná bric a dhíol, a thaispeáint chun a ndíolta ná a choimeád lena ndíol in aon áit mura rud é—

(a) gur sealbhóir an duine sin ar cheadúnas mangaire bradán atá i bhfeidhm de thuras na huaire, agus

(b) gurb áit a n-údaraítear dó leis an gceadúnas sin bradáin agus bric a dhíol ann an áit sin.

(2) Aon duine a sháróidh fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpunt a chur air agus, i gcás an dara cion nó aon chion ina dhiaidh sin, fíneáil nach mó ná cúig phunt is fiche nó, de rogha na Cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná trí mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile.

(3) Má cheannaíonn duine ar bith aon bhradán nó breac ó dhuine arb eol dó nó a bhfuil cúis aige chun a chreidiúint go bhfuil sé á dhíol contrártha d'fho-alt (1) den alt seo, beidh an duine céadluaite sin ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpunt a chur air.

(4) Ní bhainfidh an t-alt seo le hiascaire a dhíolfaidh iasc a ghabh sé féin go dleathach.

Srianta le bradáin agus bric a onnmhairiú lena ndíol.

157. —(1) Ní dleathach do dhuine ar bith (seachas an tAire nó Bord Soláthair an Leictreachais) bradáin nó bric a onnmhairiú lena ndíol ná tabhairt faoi iad a onnmhairiú lena ndíol as aon áit mura rud é—

(a) (i) gur sealbhóir an duine sin ar cheadúnas mangaire bradán atá i bhfeidhm de thuras na huaire, agus

(ii) gurb áit a n-údaraítear dó leis an gceadúnas sin bradáin agus bric a dhíol ann an áit sin, nó

(b) (i) gur sealbhóir an duine sin ar cheadúnas onnmhaireora bradán atá i bhfeidhm de thuras na huaire, agus

(ii) gurb áit a n-údaraítear dó leis an gceadúnas sin bradáin agus bric a onnmhairiú as an áit sin.

(2) Aon duine a sharóidh fo-alt (1) den alt seo, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpunt a chur air agus, i gcás an dara cion nó aon chion ina dhiaidh sin, fíneáil nach mó ná cúig phunt is fiche nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná trí mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile.

(3) Ní bhainfidh an t-alt seo le sealbhóir ar cheadúnas slaite a onnmhaireoidh iasc a ghabh sé féin go dleathach.

Deimhniú oiriúnachta chun ceadúnas faoi Chuid X a shealbhú.

158. —Más rud é go bhfuil díol bradán agus breac nó onnmhairiú bradán agus breac lena ndíol ar siúl, nó go bhfuil beartaithe é a bheith ar siúl, ag duine mar ghnó, i nDúiche Cúirte áirithe, agus go n-iarrfaidh sé deimhniú faoin alt seo ar Bhreitheamh Cúirte Dúiche a bheidh sannta de thuras na huaire don Dúiche Cúirte sin, déanfaidh an Breitheamh Dúiche sin, más deimhin leis gur duine ceart oiriúnach é an duine sin chun ceadúnas faoi Chuid X a bheith aige, deimhniú i scríbhinn chuige sin a dheonú don duine sin.

Ceadúnais mhangairí bradán agus ceadúnais onnmhaireoirí bradán.

159. —(1) Más rud é—

(a) go n-iarrfaidh duine dár deonaíodh deimhniú oiriúnachta, laistigh d'ocht lá is fiche tar éis an deimhniú sin a dheonú dó, ar bhord coimeádaithe cheantair iascaigh ceadúnas a eisiúint chuige á údarú dó díol bradán agus breac a bheith ar siúl aige mar ghnó in aon áit nó áiteanna a shonrófar laistigh den cheantar iascaigh sin, agus

(b) go gcuirfear i dteannta an iarratais sin—

(i) an deimhniú oiriúnachta sin, agus

(ii) suim puint, is é sin, an dleacht mháil a fhorchuirtear le halt 42 den Acht Airgid, 1925 ( Uimh. 28 de 1925 ), ar cheadúnas mangaire bradán,

ansin, faoi réir alt 43 den Acht sin, féadfaidh an bord coimeádaithe sin, trína chléireach, an ceadúnas sin a eisiúint chun an duine sin.

(2) Más rud é—

(a) go n-iarrfaidh duine dár deonaíodh deimhniú oiriúnachta, laistigh d'ocht lá is fiche tar éis an deimhniú sin a dheonú dó, ar bhord comeádaithe cheantair iascaigh ceadúnas a eisiúint chuige á údarú dó onnmhairiú bradán agus breac lena ndíol a bheith ar siúl aige mar ghnó as aon áit nó áiteanna a shonrófar laistigh den cheantar iascaigh sin, agus

(b) go gcuirfear i dteannta an iarratais sin—

(i) an deimhniú oiriúnachta sin, agus

(ii) suim puint, is é sin, an dleacht mháil a fhorchuirtear le fo-alt (1) d'alt 12 den Acht Airgeadais, 1940 ( Uimh. 14 de 1940 ), ar cheadúnas onnmhaireora bradán,

ansin, faoi réir fho-alt (4) den alt sin 12, féadfaidh an bord coimeádaithe sin, trína chléireach, an ceadúnas sin a eisiúint chun an duine sin.

(3) Gach iarratas a dhéanfar chun bord coimeádaithe ar cheadúnas faoi Chuid X—

(a) déanfar é i scríbhinn chun cléireach an bhoird sin,

(b) déanfar é san fhoirm fhorordaithe agus tabharfar na sonraí forordaithe ann.

(4) Is san fhoirm fhorordaithe a bheidh gach ceadúnas faoi Chuid X.

(5) Fanfaidh gach ceadúnas faoi Chuid X i bhfeidhm, mura bhfoirceanntar é roimhe sin, go dtí an 31ú lá de Nollaig na bliana a eisíodh é agus rachaidh sé in éag ansin.

Ceadúnais faoi Chuid X a athnuachan.

160. —(1) Más rud é—

(a)  (i) go ndéanfaidh sealbhóir ar cheadúnas faoi Chuid X atá i bhfeidhm he thuras na huaire (de bhua na bun-eisiúna nó de bhun a athnuachana) iarratas, laistigh de cheithre lá dhéag roimh é a dhul in éag, chun an bhoird choimeádaithe a d'eisigh an ceadúnas á iarraidh an ceadúnas a athnuachan, nó

(ii) go ndéanfaidh sealbhóir ar cheadúnas faoi Chuid X a bhí i bhfeidhm (de bhua na bun-eisiúna nó de bhun a athnuachana) an 31ú lá de Nollaig in aon bhliain iarratas, laistigh de mhí tar éis a éagtha, chun an bhoird choimeádaithe a d'eisigh an ceadúnas á iarraidh an ceadúnas a athnuachan, agus

(b) go gcuirfear i dteannta an iarratais suim puint (is é sin, an dleacht mháil a fhorchuirtear, más ceadúnas mangaire bradán an ceadúnas, le halt 42 den Acht Airgid, 1925 , nó, más ceadúnas onnmhaireora bradán an ceadúnas, le halt 12 den Acht Airgeadais, 1940 ),

ansin, faoi réir alt 43 den Acht Airgid, 1925 , nó alt 12 den Acht Airgeadais, 1940 (cibé alt acu sin is infheidhmithe), féadfaidh an bord coimeádaithe sin an ceadúnas sin a athnuachan.

(2) Gach iarratas a dhéanfar chun bord coimeádaithe chun ceadúnas faoi Chuid X a athnuachan—

(a) déanfar é i scríbhinn chun cléireach an bhoird sin,

(b) déanfar é san fhoirm fhorordaithe agus tabharfar na sonraí forordaithe ann.

(3) Is san fhoirm fhorordaithe a bheidh gach athnuachan ar cheadúnas faoi Chuid X.

(4) Fanfaidh gach athnuachan ar cheadúnas faoi Chuid X (mura bhfoirceanntar an ceadúnas roimhe sin) i bhfeidhm go dtí deireadh na bliana féilire dár athnuadh an ceadúnas go deireannach agus ansin rachaidh sé in éag.

Deireadh a bheith le ceadúnais faoi Chuid X.

161. —(1) Beidh deireadh le gach ceadúnas faoi Chuid X ar a shealbhóir d'fháil bháis agus ar é a chúlghairm ag an Aire agus féadfaidh a shealbhóir deireadh a chur leis trína thabhairt suas.

(2)  (a)  Má bhíonn sealbhóir ar cheadúnas faoi Chuid X arna chiontú i gcion faoi na hachtacháin aisghairthe nó i gcion faoi aon fhoráil den Acht seo, féadfaidh an tAire, laistigh de thrí mhí tar éis an chiontaithe sin an ceadúnas a chúlghairm.

(b) Sula ndéanfaidh sé ceadúnas faoi Chuid X a chúlghairm faoi mhír (a) den fho-alt seo, cuirfidh an tAire leis an bpost cláraithe chuig sealbhóir an cheadúnais sin agus chuig an mbord coimeádaithe a d'eisigh é, fógra ceithre lá dhéag faoina bheith ar intinn aige cúlghairm an cheadúnais a bhreithniú agus breithneoidh sé aon uiríolla a chuirfidh an sealbhóir nó an bord sin faoina bhráid roimh dhul in éag don fhógra.

(3) Forléireofar tagairtí san alt seo do cheadúnas faoi Chuid X mar thagairtí a fholaíonn tagairtí d'athnuachan an cheadúnais sin.

Ceadúnais faoi Chuid X a fhoilsiú.

162. —(1) (a) Gach duine is sealbhóir ar cheadúnas faoi Chuid X nó ar aon athnuachan air cuirfidh sé faoi deara an ceadúnas nó an athnuachan sin a thaispeáint go feiceálach san áit nó i gceann de na háiteanna lena mbaineann an ceadúnas sin le linn uaireanta gnó, agus má bhaineann an ceadúnas nó an athnuachan sin le níos mó ná áit amháin cuirfidh sé faoi deara cóip den cheadúnas nó den athnuachan sin a thaispeáint amhlaidh i ngach áit acu sin seachas an áit ina bhfuil an ceadúnas nó an athnuachan sin ar taispeáint amhlaidh.

(b) Má mhainníonn sealbhóir ar cheadúnas faoi Chuid X mír (a) den fho-alt seo a chomhlíonadh beidh an sealbhóir sin ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig phunt a chur air.

(2) Déanfar liostaí de na daoine a bhfuil ceadúnais faoi Chuid X acu a fhoilsiú cibé tráthanna agus i cibé áiteanna agus i cibé slí agus foirm a ordóidh an tAire ó am go ham.

Cláir atá le coinneáil ag sealbhóirí ar cheadúnais faoi Chuid X.

163. —(1) Beidh de dhualgas ar gach duine is sealbhóir ar cheadúnas mangaire bradán—

(a) clár san fhoirm fhorordaithe a choinneáil, nó a chur faoi deara é a choinneáil, i ngach áit lena mbaineann an ceadúnas, i dtaobh na mbradán agus na mbreac go léir a cheannófar agus a gheofar san áit sin nó le díol san áit sin agus i dtaobh na mbradán agus na mbreac go léir a dhíolfar, a onnmhaireofar, a dhiúscrófar agus a aistreofar san áit sin nó as an áit sin, agus

(b) laistigh de shé huaire a chloig tar éis aon bhradáin nó bric a cheannach nó a fháil amhlaidh, agus laistigh de thrí huaire a chloig tar éis aon bhradáin nó bric a dhíol, a onnmhairiú, a dhiúscairt nó a aistriú amhlaidh, na sonraí forordaithe (gan an praghas a áireamh a thug an sealbhóir sin ar aon bhradán nó breac a cheannaigh sé, a fuair sé nó a dhíol sé) faoi na bradáin nó na bric a cheannaigh, a fuair, a dhíol, a d'onnmhairigh, a dhiúscairt nó a d'aistrigh sé amhlaidh (cibé acu é) agus faoin duine ónar ceannaíodh nó óna bhfuarthas na bradáin nó na bric sin nó a ndearnadh na bradáin nó na bric sin a dhíol leis, a onnmhairiú nó a dhiúscairt chuige nó an áit chun ar aistríodh na bradáin nó na bric sin (de réir mar is gá sa chás) a thaifeadadh sa chlár sin.

(2) Beidh de dhualgas ar gach duine is sealbhóir ar cheadúnas onnmhaireora bradán—

(a) clár san fhoirm fhorordaithe a choinneáil, nó a chur faoi deara é a choinneáil, i ngach áit lena mbaineann an ceadúnas, i dtaobh na mbradán agus na mbreac go léir a onnmhaireofar as an áit sin, agus

(b) laistigh de thrí huaire an chloig tar éis gach onnmhairiú den sórt sin, na sonraí forordaithe a thaifeadadh sa chlár sin (gan an praghas a thug sé ar aon bhradán nó breac a d'onnmhairigh sé a áireamh) faoin onnmhairiú sin agus faoi ainm an duine chun a ndearnadh é.

(3) Féadfaidh cigire ar bith gach clár a choinneofar de bhun an ailt seo a scrúdú aon uair a bheidh an t-áitreabh lena mbainnean an clár ar oscailt le haghaidh gnó, agus beidh de dhualgas ar shealbhóir an cheadúnais agus ar gach duine a bheidh ag coinneáil an chláir sin an clár sin a thabhairt ar aird lena scrúdú ag an gcigire sin, ar é á éileamh sin, maraon le gach forchuntas, nóta coinsíneachta, admháil agus doiciméad eile (lena n-áirítear cóipeanna díobh mura bhfuil na cinn bhunaidh ar fáil) a éileoidh an cigire sin go réasúnach chun aon taifead sa chlár sin a fhíorú nó aon easnamh ann a mhíniú.

(4) Aon sealbhóir ar cheadúnas faoi Chuid X—

(a) a mhainneoidh clár a choinneáil, nó a chur faoi deara é a choinneáil, mar cheanglaítear leis an alt seo, nó

(b) a mhainneoidh aon ní a thaifeadadh, nó a chur faoi deara é a thaifeadadh, sa chlár sin laistigh den tréimhse atá luaite anseo roimhe seo, agus a gceanglaítear leis an alt seo é a thaifeadadh ann, nó

(c) a mhainneoidh aon chlár, doiciméad nó cóip de dhoiciméad a thabhairt ar aird, nó a chur faoi deara é a thabhairt ar aird, ar sin a éileamh air, lena scrúdú ag aon chigire, agus a gceanglaítear air leis an alt seo é a thabhairt ar aird amhlaidh, nó a bhacfaidh aon chigire agus an cigire ag déanamh an scrúdú sin, nó

(d) a dhéanfaidh nó a chuirfidh faoi deara go toiliúil nó go faillíoch aon ní atá bréagach nó míthreorach in aon sonra ábhartha a thaifeadadh sa chlár sin,

beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair, dlífear, i gcás an chéad chion faoin alt seo, fíneáil nach mó ná deich bpunt a chur air nó, i gcás an dara cion nó aon chion ina dhiaidh sin faoin alt seo, fíneáil nach mó ná cúig phunt is fiche a chur air.

(5) Chun críocha an ailt seo—

(a) folóidh scrúdú cláir nó doiciméid cóipeanna a dhéanamh de nó sleachta a bhaint as, agus

(b) measfar go ndearnadh clár nó doiciméad eile a éileamh go cuí ar shealbhóir an cheadúnais lena scrúdú má rinneadh an t-éileamh sin de bhriathra béil in áitreabh shealbhóir an cheadúnais ar aon duine ina fhostaíocht, agus

(c) más in áitreabh shealbhóir an cheadúnais agus ag duine ina fhostaíocht a dhiúltófar nó a mhainneofar clár nó doiciméad eile a thabhairt ar aird lena scrúdú, measfar gurb é sealbhóir an cheadúnais a rinne an diúltú nó an fhaillí sin;

(d) forléireofar tagairtí do cheadúnas mangaire bradán, do cheadúnas onnmhaireora bradán nó do cheadúnas faoi Chuid X mar thagairtí a fholaíonn tagairtí d'aon athnuachan orthu.

CUID XI.

Forálacha Ilghnéitheacha Maidir le hIascaigh Bhradán agus le hIascaigh Fíoruisce.

Caibidil I.

Toirmeasc ar Mhodhanna Áirithe Iascaireachta Bradán agus Éisc eile agus ar Chleachtais a d'Fhéadfadh iad a dhíothú.

Pionós mar gheall ar ábhar dochrach a úsáid chun iasc a ghabháil, etc., nó ábhar díobhálach a bheith ar seilbh ag duine lena úsáid chun iasc a ghabháil, etc.

164. —(1) Duine ar bith—

(a) a úsáidfidh in aon uiscí aon ábhar dochrach chun iasc a ghabháil nó a dhíothú nó díobháil a dhéanamh d'iasc, nó

(b) a mbeidh ina sheilbh nó faoina urlámhas aige ar bhruach aon uiscí nó ina n-aice aon ábhar docharach le hintinn é a úsáid chun iasc a ghabháil nó a dhíothú nó díobháil a dhéanamh d'iasc,

beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig phunt is fiche a chur air nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile.

(2) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo, beidh aon ábhar docharach a fuarthas ina sheilbh nó faoina urlámhas, agus a ndearnadh an cion ina leith, ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

Pionóis mar gheall ar sholas nó tine a úsáid, etc., chun iasc a thógáil.

165. —(1) Más rud é, chun aon iasc a thógáil, go n-úsáidfidh aon duine, nó go mbeidh ina sheilbh nó faoina urlámhas aige, in aon loch, abhainn nó inbhear, nó ar a bhruach nó in aice le bruach an chéanna, aon solas nó tine de chineál ar bith, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig phunt is fiche a chur air, nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná dhá mhí dhéag.

(2) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo, beidh an gléas nó an hábhair lena ndearnadh an solas nó an tine ar ina leith a rinneadh an cion ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

Pionós mar gheall ar ionstraimí áirithe a úsáid, etc., chun iasc a thógáil.

166. —(1) San alt seo ciallaíonn an abairt “uirlis lena mbaineann an t-alt seo” aon chlár dúán, ga, ilchromán, cromán nó uirlis eile dá samhail.

(2) Más rud é, chun aon iasc a thógáil, go n-úsáidfidh duine ar bith nó go mbeidh ina sheilbh nó faoina urlámhas aige in aon loch, abhainn nó inbhear, nó ar bhruach nó in aice le bruach an chéanna, aon uirlis lena mbaineann an t-alt seo beidh an duine sin, faoi réir fho-alt (3) den alt seo, ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig phunt is fiche a chur air nó, de rogha an cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná dhá mhí dhéag.

(3) Ní bhainfidh fo-alt (2) den alt seo le húsáid, seilbh nó urlámhas aon cheann acu seo—

(a) cromán a úsáideadh nó a bheidh le húsáid d'aontoisc mar chabhair chun duánacht dhleathach a dhéanamh idir éirí gréine agus uair a chloig tar éis luí gréine, nó

(b) cromán a d'úsáid sealbhóir ceadúnais iascaireachta, nó atá le húsáid aige, i leith aon bhosca i gcora iascaireachta nó i ndamba muilinn iascaireachta d'aontoisc chun iasc a thógáil go dleathach as, nó

(c) ga eascann a úsáidtear chun eascanna a thógáil.

(4) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo beidh aon uirlis (is uirlis lena mbaineann an t-alt seo) a ndearnadh an cion ina leith ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

Pionós mar gheall ar iascaireacht bradán nó breac le téada in abhainn.

167. —Aon duine a thógfaidh nó a ghabhfaidh bradán nó breac nó a dhéanfaidh iascaireacht ar aon bhradán nó breac le téada in aon abhainn, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig phunt a chur air.

Pionós mar gheall ar bhradán nó breac a thógáil i gcora eascann.

168. —Má thógann úinéir nó áititheoir aon chora eascann aon bhradán nó breac sa chora sin nó má ligeann sé d'aon duine eile é a thógáil, beidh an t-úinéir nó an t-áititheoir sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpunt a chur air.

Pionós mar gheall ar abhainn nó traoth mhuilinn a dhambáil, etc., chun bradán nó breac a thógáil.

169. —Aon duine a dhéanfaidh aon abhainn nó traoth mhuilinn a dhambáil, a thaomadh nó a fholmhú chun aon bhradán nó breac a thógáil nó a dhíothú, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpunt a chur air.

Pionóis mar gheall ar iasc a maraíodh go mídhleathach nó a fuarthas marbh a thógáil.

170. —(1) Gach duine a aistreoidh nó a chuirfidh faoi deara go n-aistreofar in aon tslí as aon abhainn nó loch—

(a) aon bhradán nó breac nár maraíodh go dleathach, nó

(b) aon bhradán nó breac a fuair an duine sin agus é marbh ó chúis ar bith,

beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach lú ná deich bpunt agus nach mó ná cúig phunt is fiche a chur air nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach giorra ná sé mhí agus nach faide ná dhá mhí dhéag.

(2) Ní bhainfidh an t-alt seo—

(a) le haon duine a bheidh ag gníomhú faoi údarás an Aire, ná

(b) le haon oifigeach do bhord coimeádaithe a bheidh ag gníomhú faoi ordaithe an bhoird sin, ná

(c) le haon úinéir iascaigh ná le gníomhaire dó a bheidh ag gníomhú faoi údarási scríbhinn ó bhord coimeádaithe, ná

(d) chomh fada is a bhaineann le haon bhradán nó breac galraithe, nó aon bhradán nó breac a fuarthas marbh ó chúis ar bith, a aistriú nó a chur faoi deara é a aistriú, le haon chomhalta den Gharda Síochána ná le haon Oifigeach Sláintíochta.

Caibidil II.

Uiscí Iascaireachta a chosaint ar Nimhiú agus ar Thruailliú.

Pionós mar gheall ar líon nó cnáib a chur ar maos in uiscí nó ábhar dochrach a chaitheamh, etc., in uiscí.

171. —(1) Duine ar bith—

(a) a chuirfidh aon líon nó cnáib ar maos in uiscí ar bith, nó

(b) a chaithfidh nó a dhoirtfidh aon ábhar docharach, nó a ligfidh nó a chuirfidh faoi deara dó titim, isteach in aon uiscí,

beidh sé, mura faoi réim agus de réir cheadúnais ón Aire faoin alt seo a rinneadh an gníomh sin, ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig phunt is fiche a chur air nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí nó an fhíneáil agus an phríosúnacht sin le chéile.

(2) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo, beidh aon líon nó cnáib a fuarthas in uiscí a ndearnadh an cion ina leith ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

(3) Féadfaidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Tionscail agus Tráchtála nó (i gcás ceadúnas atá le deonú d'údarás sláintíochta i leith scéim shéarachais) leis an Aire Rialtais Áitiúil, ceadúnais a dheonú chun críocha an ailt seo, coinníollacha a chur le haon cheadúnas agus, tar éis dó dul i gcomhairle amhlaidh, aon cheadúnas a chúlghairm.

Uiscí a chosaint ar thruailliú.

172. —(1) San alt seo, ciallaíonn an abairt “leacht docharach” aon leacht docharach nó nimhiúil nó díneach nó sileadh as aon ábar díobhálach.

(2) I gcás aon ghabdán a úsáidtear chun ábhar docharach a choimeád nó a iompar a bheith laistigh de thríocha slat ó aon uiscí—

(a) déanfaidh úinéir an ghabhdáin sin córacha (dá ngairtear córacha oiriúnacha san fho-alt seo) a sholáthar agus a chothabháil a choiscfidh go héifeachtúil aon leacht docharach as an ngabhdán sin ó dhul isteach sna huiscí sin,

(b) má mhainníonn úinéir an ghabhdáin sin an dualgas a chuirtear air le mír (a) den fho-alt seo a chomhlíonadh, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig phunt a chur air in aghaidh gach lae a mhairfidh an mhainneachtain sin,

(c) más deimhin leis an Aire gur soláthraíodh córacha oiriúnacha maidir leis an ngabhdán sin, féadfaidh sé, ar úinéir an ghabhdáin sin á iarraidh sin, deimhniú (a fhanfaidh i bhfeidhm ar feadh cibé tréimhse a shonrófar ann) a eisiúint chuige agus sonróidh an deimhniú sin na córacha oiriúnacha agus modh a n-úsáidte,

(d) más rud é—

(i) go gcúiseofar úinéir an ghabhdáin sin i gcion faoin alt seo maidir leis an ngabhdán sin, agus

(ii) go gcruthóidh sé gur eisíodh deimhniú i leith an ghabhdáin sin faoi mhír (c) den fho-alt seo agus, ó eisíodh an deimhniú sin, go raibh na córacha oiriúnacha a sonraíodh ann ar fáil agus gur úsáideadh iad ar an modh a sonraíodh ann, agus

(iii) go raibh an deimhniú i bhfeidhm ar an dáta a líomhnaítear a rinneadh an cion,

ansin déanfar an chúis a dhíbhe.

Caibidil III.

Iasc Óg agus Iasc Póraithe a Chosaint.

Pionós mar gheall ar scéith, gealóga nó gilidíní bradán, breac nó eascann a thógáil, etc.

173. —Duine ar bith—

(a) a dhéanfaidh go toiliúil scéith, gealóga nó gilidíní bradán, breac nó eascann a thógáil, a dhíol nó a cheannach nó a mbeidh siad ina sheilbh aige, nó

(b) a chuirfidh cosc go toiliúil ar ghluaiseacht gealóga nó gilidíní bradán, breac nó eascann,

(c) a dhéanfaidh díobháil, nó a chuirfidh as, do scéith nó gilidíní bradán, breac nó eascann, nó

(d) a dhéanfaidh díobháil, nó a chuirfidh as, d'aon leaba sceite, bruach nó tanalacht a mb'fhéidir scéith nó gilidíní bradán, breac nó eascann a bheith ann,

beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpunt a chur air.

(2) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo, beidh aon inneall iascaireacht nó deis a úsáideadh ag déanamh an chiona ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

Pionós mar gheall ar iasc a bheidh ag scéitheadh a sheilg, etc.

174. —(1) Aon duine a dhéanfaidh seilg ar iasc a bheidh ag scéitheadh nó ar iasc ar na leapacha sceite, a dhéanfaidh díobháil dóibh nó a chuirfidh as dóibh nó a fhéachfaidh (ach amháin trí dhuánacht dhleathach le slat agus ruaim) le hiasc a ghabháil ar na leapacha sceite, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpunt a chur air.

(2) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo, beidh aon inneall a úsáideadh ag déanamh an chiona ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

Pionós mar gheall ar pholláin róbheaga a thógáil, etc.

175. —(1) San alt seo, ciallaíonn an abairt “polláin róbheaga” polláin is lú ná ocht n-orlach ar fhad, arna dtomhas ón ngob go dtí an pointe is faide siar ar an eireaball.

(2) Duine ar bith a thógfaidh, a mharóidh, a dhíothóidh, a cheannóidh, a dhíolfaidh, a thaispéanfaidh chun a ndíolta nó a sheolfaidh aon pholláin róbheaga nó a mbeidh siad ina sheilbh nó faoina urlámhas aige, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná scilling a chur air in aghaidh gach polláin róbheag a ndearnadh an cion ina leith.

(3) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo, beidh gach pollán róbheag a ndearnadh an cion ina leith ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

Pionóis mar gheall ar bhradáin nó bric neamhshéasúracha a thógáil, etc.

176. —(1) Duine ar bith a thógfaidh, a mharóidh nó a dhíothóidh aon bhradán nó breac neamhshéasurach, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig phunt is fiche a chur air agus fíneáil bhreise nach mó ná dhá phunt in aghaidh gach bradáin nó bric den sórt sin a thóg nó a mharaigh nó a dhíothaigh sé nó, de rogha na Cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná sé mhí.

(2) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo, beidh aon bhradán nó breac a ndearnadh an cion ina leith ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

(3) Má chúisítear duine faoi bhradán nó breac a thógáil contrártha don alt seo, is cosaint mhaith a chruthú gur go tionóisceach a tógadh an bradán nó an breac sin agus gur cuireadh ar ais san uisce é, gan aon díobháil inseachanta a dhéanamh dó, díreach tar éis é a thógáil.

Toirmeasc ar bhradáin neamhshéasúracha a onnmhairiú.

177. —(1) Duine ar bith a dhéanfaidh, nó a dhéanfaidh iarracht, bradáin neamhshéasúracha a onnmhairiú, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig phunt a chur air in aghaidh gach bradáin a ndearnadh, nó a ndearnadh iarracht, é a onnmhairiú.

(2) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo, beidh aon bhradán a ndearnadh an cion ina leith ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

Caibidil IV.

Iascaigh Phríobháideacha a Chosaint.

Pionós mar gheall ar dhul isteach gan údarás in iascach eisiatach.

178. —Duine ar bith (nach bhfuil údarás aige ó úinéir nó áititheoir iascaigh eisiataigh) a rachaidh isteach san iascach eisiatach sin nó air chun, nó faoi scáth, iasc a mharú ann nó iasc a thógáil as, nó a mharóidh aon iasc ann nó a thógfaidh aon iasc as, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach lú ná deich scilling agus nach mó ná cúig phunt a chur air.

Pionós mar gheall ar iascaireacht le líonta in iascach eisiatach gan ce adón úinéir.

179. —(1) Duine ar bith a úsáidfidh aon líon, nó a dhéanfaidh iascaireacht le haon líon, laistigh de theorainneacha iascaigh eisiataigh gan údarás i scríbhinn ó úinéir nó áititheoir an iascaigh sin, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpunt a chur air.

(2) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo beidh aon líon a ndearnadh an cion ina leith ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

Pionós mar gheall ar iascaireacht neamhúdaraithe i linnte príobháideacha.

180. —Duine ar bith a mharóidh, a thógfaidh nó a dhíothóidh aon iasc in aon linn, canáil phríobháideach nó taisc-umar nach bhfuil aon dílseánacht aige ann gan údarás ó úinéir na linne, na canála príobháidí nó an taisc-umair, sin, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpunt a chur air.

Pionós mar gheall ar dhul isteach gan cead ar thailte chun críocha iascaireachta

181. —Duine ar bith a rachaidh isteach ar aon talamh chun, nó faoi scáth, iascaireacht a dhéanamh in aon uisce gan údarás i scríbhinn ó úinéir nó áititheoir na talún sin, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná dhá phunt a chur air.

Caibidil V.

Forálacha eile.

Pionóis mar gheall ar bhradáin nó bric atá neamhshéasúrach nó a gabhadh go neamhdleathach a cheannach, a dhíol, etc., nó a shealbhú.

182. —(1)  (a) Duine ar bith a cheannóidh, a dhíolfaidh a thaispeánfaidh chun a dhíolta, a choimeádfaidh chun a dhíolta, nó a mbeidh ina sheilbh nó faoina urlámhas aige, aon bhradán nó breac neamhshéasúrach, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo.

(b) Má dhéantar duine, ar carraeir coiteann é, a chúiseamh faoin bhfo-alt seo i gcion faoi go raibh aon bhradán nó breac neamhshéasúrach ina sheilbh nó faoina urlámhas aige, is cosaint mhaith ar an gcúiseamh sin a chruthú gur mar charraeir coiteann, agus mar sin amháin, a bhí an bradán nó an breac sin ina sheilbh aige.

(2) (a) Duine ar bith a cheannóidh, a dhíolfaidh, a thaispeánfaidh chun a dhíolta, a choimeádfaidh chun a dhíolta, nó a mbeidh ina sheilbh nó faoina urlámhas aige, aon bhradán nó breac a gabhadh go neamhdhleathach, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo.

(b) In aon imeachtaí faoin bhfo-alt seo i gcoinne duine, is ar an duine sin a bheidh sé de dhualgas a chruthú gur go dleathach a gabhadh an bradán nó an breac is ábhar do na himeachtaí sin.

(c) Má dhéantar duine, ar carraeir coiteann é, a chúiseamh faoin bhfo-alt seo i gcion faoi go raibh aon bhradán nó breac, a gabhadh go neamhdhleathach, ina sheilbh nó faoina urlámhas aige, is cosaint mhaith ar an gcúiseamh sin é don duine sin a chruthú—

(i) gur mar charraeir coiteann, agus mar sin amháin, a bhí an bradán nó an breac sin ina sheilbh nó faoina urlámhas aige, agus

(ii) an tráth a ghlac sé an bradán nó an breac sin lena iompar, gur thug an coinsíneoir dó deimhniú i cibé foirm a bheidh ordaithe ag an Aire ó am go ham, arna shiniú ag an gcoinsíneoir sin, nó ag duine a d'údaraigh sé chuige sin, á dheimhniú gur go dleathach a gabhadh an bradán nó an breac sin.

(d) Más rud é—

(i) go gcúiseofar duine i gcion faoin bhfo-alt seo maidir le bradán, agus

(ii) go gcruthóidh sé gur gabhadh an bradán le slat agus ruaim in áit áirithe le linn tréimhse seachas an séasúr coiscthe bliantúil do dhuánacht bradán san áit sin, agus

(iii) go gcruthóidh sé gur shealbhóir ar cheadúnas chun bradáin a iascaireacht le slat agus ruaim an duine a ghabh an bradán, agus

(iv) go gcruthóidh sé gur go dleathach ar gach slí eile a gabhadh an bradán,

déanfar an cúiseamh i gcoinne an duine sin a dhíbhe.

(e) Más rud é—

(i) go gcúiseofar duine i gcion faoin bhfo-alt seo maidir le breac, agus

(ii) go gcruthóidh sé gur gabhadh an breac le slat agus ruaim in áit áirithe le linn tréimhse seachas an séasúr coiscthe bliantúil do dhuánacht breac san áit sin, agus

(iii) má bhí sé toirmiscthe an breac a ghabháil ach amháin de réir cheadúnas chun iascaireacht a dhéanamh le slat agus ruaim, go gcruthóidh sé gur shealbhóir ar cheadúnas den sórt sin an duine a ghabh an breac, agus

(iv) go gcruthóidh sé gur go dleathach ar gach slí eile a gabhadh an breac,

déanfar an cúiseamh ina choinne a dhíbhe.

(f) Más rud é—

(i) go gcúiseofar duine i gcion faoin bhfo-alt seo faoi gur cheannaigh sé nó go raibh ina sheilbh nó faoina urlámhas aige aon bhradán nó breac a gabhadh go neamhdhleathach, agus

(ii) go gcruthóidh sé gur cheannaigh sé an bradán nó an breac ó shealbhóir ar cheadúnas (bunaidh nó athnuaite) díolta bradán agus breac a eisíodh faoi fho-alt (1) d'alt 159 agus a bhí i bhfeidhm ar an dáta a cheannaigh sé é agus gur ceannaíodh amhlaidh é in áit a bhí sonraithe sa cheadúnas,

déanfar an cúiseamh i gcoinne an duine sin a dhíbhe.

(3) Duine ar bith a dhéanfaidh, i ndeimhniú faoina shíniú a sheachadfar do charraeir coiteann faoi fho-mhír (ii) de mhír (c) d'fho-alt (2) den alt seo, aon ráiteas atá bréagach, beidh sé ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo.

(4) Gach duine a bheidh ciontach i gcion faoi fho-alt (1), (2) nó (3) den alt seo, dlífear, ar a chiontú ann go hachomair, fíneáil nach mó ná cúig phunt is fiche a chur air, maraon le fíneáil bhreise nach mó ná dhá phunt in aghaidh gach bradáin nó bric a ndearnadh an cion ina leith nó, de rogha na Cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná sé mhí.

(5) I gcás duine a chiontú i gcion faoi fho-alt (1) nó (2) den alt seo, beidh aon bhradán nó breac a ndearnadh an cion ina leith ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

Marcáil pacáistí ina bhfuil bradáin nó bric.

183. —(1) Ní foláir na focail “bradáin agus bric,” nó an focal “bradáin” nó an focal “bric”, cibé acu is gá sa chás, a bheith marcáilte go sofheicthe ar an taobh amuigh de gach pácaiste in bhfuil bradáin nó bric ar bealach sa Stát, agus ainm agus seoladh an choinsíneora a bheith marcáilte air freisin nó ar an lipéad a bheidh greamaithe de.

(2) Gach duine a sheolfaidh nó a choinsíneoidh chun a iompartha sa Stát aon phacáiste bradán nó breac nach mbeidh marcáilte sa tslí a cheanglaítear leis an alt seo, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo.

(3) Gach duine a iompróidh ar luach saothair, de thalamh sa Stát nó de mhuir ó aon phort sa Stat, aon phacáiste bradán nó breac nach mbeidh marcáilte sa tslí a cheanglaítear leis an alt seo, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo mura gcruthóidh sé nach raibh a fhios aige agus nach bhféadfadh sé go réasúnach a fhios a bheith aige go raibh bradán nó breac sa phacáiste sin.

(4) Gach duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo, dlífear ar a chiontú ann go hachomair, i gcás an chéad chiona, fíneáil nach mó ná deich bpunt a chur air agus, i gcás an dara cion nó aon chion ina dhiaidh sin, fíneáil nach mó ná cúig phunt is fiche nó, de rogha na Cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná trí mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile.

(5) Chun críocha an ailt seo measfar pacáiste a bheith ar bealach sa Stát nuair a bheidh sé á iompar ar mhodh ar bith ó aon áitreabh nó áit sa Stát go dtí aon áitreabh nó áit eile laistigh nó lasmuigh den Stát nó nuair a bheidh sé in aon áit, poiblí nó príobháideach, le linn nó chun críocha a iompartha amhlaidh.

CUID XII.

Iascaigh Áirithe a Aistriú chun an Aire agus Forálacha Maidir le hIascaigh a Aistreofar amhlaidh.

Caibidil I.

Mínithe agus Fianaise i dtaobh Iascaigh Eisiatacha a bheith in Uiscí Taoide.

Mínithe chun críocha Chuid XII.

184. —(1) Sa Chuid seo—

ciallaíonn an abairt “iascach innill sheasmhaigh (uiscí taoide)” iascach bradán, breac nó eascann a sheoltar in uiscí taoide le hinneall seasmhach ar eisíodh ceadúnas ina leith faoi alt 6 den Salmon Fishery (Ireland) Act, 1863, agus gach ceart eile chun bradáin, bric agus eascanna a iascaireacht san iascach sin nó ar láthair an iascaigh sin;

ciallaíonn an abairt “iascach cora (uiscí taoide)” iascach bradán, breac nó eascann a sheoltar in uiscí taoide le cora iascaireachta, agus déanmhas na cora sin agus gach ceart eile chun bradáin, bric agus eascanna a iascaireacht san iascach sin nó ar láthair an iascaigh sin;

ciallaíonn an abairt “iascach cora (fíoruisce)” iascach bradán, breac nó eascann a sheoltar i bhfíoruisce le cora iascaireachta, agus déanmhas na cora sin agus an talamh ar a bhfuil an chora sin tógtha agus gach ceart eile chun bradáin, bric agus eascanna a iascaireacht san iascach sin nó ar láthair an iascaigh sin;

ciallaíonn an abairt “iascach damba muilinn” iascach a sheoltar leis an méid sin de dhamba muilinn iascaireachta a úsáidtear chun iasc a ghabháil nó chun gur fusa iad a ghabháil, agus an méid sin de dhéanmhas an damba muilinn iascaireachta sin a úsáidtear chun na críche sin, agus gach ceart eile chun bradáin, bric agus eascanna a iascaireacht san iascach sin nó ar láthair an iascaigh sin;

ciallaíonn an abairt “iascach inaistrithe” aon iascach is—

(a) iascach eisiatach in iascach uiscí taoide (seachas iascach innill sheasmhaigh (uiscí taoide) nó iascach cora (uiscí taoide)), agus gach ceart chun bradáin, bric agus eascanna a iascaireacht san iascach sin nó ar láthair an iascaigh sin, nó

(b) iascach innill sheasmhaigh (uiscí taoide), nó

(c) iascach cora (uiscí taoide), nó

(d) iascach cora (fíoruisce), nó

(e) iascach damba muilinn,

ach ní fholaíonn sí—

(i) aon iascach atá dílsithe san Aire, ná

(ii) aon iascach atá dílsithe i mBord Soláthair an Leictreachais, ná

(iii) aon iascach atá dílsithe i gCoimisinéirí Talún na hÉireann, ná

(iv) aon iascach atá dílsithe i gCoimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn;

ciallaíonn an abairt “iascach dílsithe” iascach—

(a) atá dílsithe san Aire faoi Chaibidil II den Chuid seo, nó

(b) atá aistrithe chun an Aire, faoi Chaibidil III den Chuid seo.

(2) I gcás an ceart chun iascaireacht a dhéanamh le slat agus ruaim nó le haon chóir eile in aon chuid d'abhainn nó de loch taobh le hiascach inaistrithe, arb iascach cora (fíoruisce) nó iascach damba muilinn é, a bheith ar aon-úinéireacht leis an iascach inaistrithe sin, measfar, chun críocha na Coda seo, go bhfolaíonn an t-iascach inaistrithe sin an ceart sin agus freisin, i gcás an ceart sin a bheith ar marthain de bhua úinéireacht ar leaba agus ithir na coda sin den abhainn nó den loch, leaba agus ithir na coda sin den abhainn sin nó den loch sin.

Fianaise go bhfuil iascaigh eisiatacha in uiscí taoide.

185. —(1) I gcás—

(a) iascach in uiscí taoide nó i gcuid d'uiscí taoide aon abhann nó inbhir a bheith, ar feadh tréimhse nár lú ná seasca bliain dar chríoch an 31ú lá de Nollaig, 1932, ar áireamh mar oidhreachtán inrátaithe sa Liosta Luachála a ullmhaíodh de bhun na nAchtanna Luachála, agus

(b) ordú a dhéanamh, faoi fho-alt (1) d'alt 186, ag ceapadh lá chun bheith ina lá ceaptha i leith an cheantair iascaigh ina bhfuil uiscí taoide na habhann nó an inbhir sin nó an chuid sin d'uiscí taoide na habhann sin nó an inbhir sin,

ansin, murar cinneadh go breithiúnach roimh an 1ú lá d'Eanáir, 1939, ag cúirt dlínse inniúla nach raibh iascach eisiatach ar marthain in uiscí taoide na habhann nó an inbhir sin nó sa chuid sin d'uiscí taoide na habhann nó an inbhir sin, ansin, amhail ar an agus ón lá a cheapfar amhlaidh, measfar, de bhua an fho-ailt seo, iascach eisiatach a bheith ar marthain in uiscí taoide na habhann nó an inbhir sin nó sa chuid sin d'uiscí taoide na habhann sin nó an inbhir sin.

(2) I gcás iascach in uiscí taoide nó i gcuid d'uiscí taoide aon abhann nó inbhir a bheith, ar feadh tréimhse nár lú ná seasca bliain dar chríoch an 31ú lá de Nollaig, 1932, ar áireamh mar oidhreachtán inrátaithe sa Liosta Luachála a ullmhaíodh de bhun na nAchtanna Luachála, féadfaidh an Coimisinéir Luachála, ar iarratas ó dhuine ar bith agus ar cibé táille a shocróidh an tAire Airgeadais a bheith íoctha, deimhniú faoina láimh a eisiúint chun an duine sin á dheimhniú go raibh an t-iascach sin ar áireamh amhlaidh, agus beidh aon deimhniú a eiseofar faoin bhfo-alt seo ina fhianaise chríochnaitheach chun gach críche ar na nithe a bheidh deimhnithe ann.

(3) Beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas maidir le gach táille is iníoctha faoin alt seo:—

(a) baileofar agus glacfar na táillí sin i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais ó am go ham agus íocfar isteach sa Státchiste iad nó cuirfear chun tairbhe don Státchiste iad de réir treoracha an Aire sin;

(b) ní bheidh feidhm ag an Public Offices Fees Act, 1879, maidir leis na táillí sin.

Caibidil II.

Iascaigh Inaistrithe a Aistriú chun an Aire.

Idirthréimhse maidir le hiascaigh inaistrithe.

186. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, lá a cheapadh chun bheith ina lá ceaptha maidir le haon cheantar iascaigh chun críocha na Coda seo, agus sa Chuid seo ciallaíonn an abairt “an lá ceaptha” maidir le ceantar iascaigh an lá a cheapfar amhlaidh chun bheith ina lá ceaptha maidir leis an gceantar sin.

(2) I gcás ordú a dhéanamh faoi fho-alt (1) den alt seo ag ceapadh lae chun bheith ina lá ceaptha maidir le ceantar iascaigh, ansin chun críocha na Coda seo, is í an idirthréimhse do gach iascach inaistrithe sa cheantar sin an tréimhse dar tosach an lá ceaptha maidir leis an gceantar sin agus dar críoch an lá díreach roimh lá cothrom deich mbliana an lae cheaptha nó, má rinneadh ordú i leith an iascaigh sin faoi fho-alt (3) nó fo-alt (4) nó fo-alt (5) den alt seo, an lá a ceapadh leis an ordú deiridh sin a luaitear mar lá deiridh na hidirthréimhse i leith an iascaigh sin, agus nuair a úsáidfear an abairt “an idirthréimhse” sa Chuid seo i leith aon iascaigh inaistrithe forléireofar í agus beidh éifeacht aici dá réir sin.

(3) Más rud é, tráth ar bith tar éis taifead suirbhéireachta iascaigh inaistrithe a chríochnú ach nach luaithe ná sé mhí is tríocha tar éis tosach na hidirthréimhse i leith an iascaigh sin, go ndéanfaidh úinéir an iascaigh sin, sé mhí ar a laghad roimh lá deireanach an tséasúir choiscthe bhliantúil is túisce ina dhiaidh sin do dhuánacht bradán agus breac san abhainn nó sa chuid den abhainn ina bhfuil an t-iascach sin, nó lá deireanach an tséasúir choiscthe bhliantúil is túisce ina dhiaidh sin do dhuánacht bradán agus breac san abhainn sin nó sa chuid sin den abhainn sin, cibé lá acu sin is túisce, iarratas chun an Aire ag iarraidh ordú faoin bhfo-alt seo, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:—

(a) faoi réir fhorálacha an fho-ailt seo, déanfaidh an tAire i leith an iascaigh sin ordú ag ceapadh cibé lá (is luaithe ná an lá díreach roimh lá cothrom deich mbliana an lae cheaptha i leith an cheantair iascaigh ina bhfuil an t-iascach sin, ach nach luaithe ná trí mhí tar éis an t-iarratas sin a dhéanamh) is cuí leis an Aire mar lá críochnaithe na hidirthréimhse i leith an iascaigh sin,

(b) féadfaidh an tAire diúltú an t-ordú sin a dhéanamh más dóigh leis go ndearna an t-úinéir sin mainneachtain in aon ní faoin gCuid seo,

(c) má tá an t-iascach sin á áitiú ag aon duine faoi léas agus nach rachaidh an léas sin in éag roimh lá cothrom deich mbliana thosach na hidirthréimhse sin nó go bhfuil ar a laghad dhá bhliain dí gan caitheamh fós ar dháta an iarratais, ní dhéanfaidh an tAire an t-ordú sin mura dtoileoidh an duine sin lena dhéanamh.

(4) Tráth ar bith tar éis taifead suirbhéireachta iascaigh inaistrithe a chríochnú, ach nach luaithe ná sé mhí is tríocha tar éis tosach na hidirthréimhse i leith an iascaigh sin, féadfaidh an tAire más cuí leis é, sé mhí ar a laghad roimh lá deireanach a tséasúir choiscthe bhliantúil is túisce ina dhiaidh sin do dhuánacht bradán agus breac san abhainn nó sa chuid den abhainn ina bhfuil an t-iascach sin nó lá deireanach an tséasúr choiscthe bhliantúil is túisce ina dhiaidh sin do bhradáin agus bric san abhainn sin nó sa chuid sin di, cibé lá acu sin is túisce, ordú a dhéanamh i leith an iascaigh sin ag ceapadh cibé lá (is luaithe ná an lá díreach roimhe lá cothrom deich mbliana an lae cheaptha i leith an cheantair iascaigh ina bhfuil an t-iascach sin, ach nach luaithe ná trí mhí tar éis an t-ordú sin a dhéanamh) is cuí leis an Aire mar lá críochnaithe na hidirthréimhse i leith an iascaigh sin.

(5) Tráth ar bith tar éis tosach na hidirthréimhse i leith iascaigh inaistrithe, féadfaidh an tAire ordú a dhéanamh i leith an iascaigh sin ag ceapadh cibé lá (nach déanaí ná an lá díreach roimh lá cothrom deich mbliana an lae cheaptha i leith an cheantair iascaigh ina bhfuil an t-iascach sin) is cuí leis mar lá críochnaithe na hidirthréimhse i leith an iascaigh sin.

(6) Gach ordú a dhéanfar faoin alt seo foilseofar é san Iris Oifigiúil a luaithe is féidir tar éis a dhéanta.

(7) Seirbheálfar cóip de gach ordú a dhéanfar faoi fho-alt (1) den alt seo i leith aon cheantair iascaigh ar úinéir gach iascaigh inaistrithe sa cheantar sin.

(8) Seirbheálfar cóip de gach ordú a dhéanfar i leith iascaigh inaistrithe faoi fho-alt (3), fo-alt (4) nó fo-alt (5) den alt seo ar úinéir an iascaigh sin.

Ceart chun teacht ar iascaigh inaistrithe.

187. —(1) Tráth ar bith tar éis an lae cheaptha maidir le ceantar iascaigh, beidh de cheart ag aon duine údaraithe teacht a bheith aige gan chosc tráth ar bith ar aon iascach inaistrithe sa cheantar sin chun aon déanmhais i ndáil leis an iascach sin a scrúdú nó chun féachaint ar an iascach sin á oibriú nó féachaint cad a dhéantar leis an iasc.

(2) Duine ar bith a bhacfaidh aon duine údaraithe agus é ag feidhmiú na gcumhachtaí a thugtar don duine údaraithe sin leis an alt seo, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air.

(3) San alt seo ciallaíonn “duine údaraithe” duine a bheidh údaraithe ag an Aire chun na cumhachtaí a thugtar do dhuine údaraithe leis an alt seo a fheidhmiú.

Taifid shuirbhéir eachta iascach inaistrithe.

188. —(1) Tráth ar bith tar éis tosach na hidirthréimhse maidir le hiasach inaistrithe, féadfaidh an tAire, de réir an ailt seo, a chur faoi deara suirbhéireacht a dhéanamh ar an iascach sin, agus taifead a ullmhú i dtaobh na nithe seo a leanas maidir leis an iascach sin:—

(a) a shuíomh;

(b) a staid;

(c) na coraí nó na déanmhais eile go léir atá air;

(d) na tailte agus na háitribh go léir a úsáidtear go dleathach i ndáil leis;

(e) na slite go léir chun teacht air;

(f) na slite agus na modhanna go léir ar a n-oibrítear é;

(g) an trealamh iascaireachta go léir a úsáidtear i ndáil leis.

(2) Beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas maidir le suirbhéireacht agus taifead iascaigh inaistrithe:—

(a) ceapfaidh an tAire duine ceart oiriúnach (dá ngairtear an t-innealtóir san fho-alt seo) chun suirbhéireacht a dhéanamh ar an iascach sin, agus, más iascach damba muilinn an t-iascach sin, féadfaidh go mbeidh ar an tsuirbhéireacht sin suirbhéireacht ar an damba go léir agus ar aon déanmhais thadhlacha, sa mhéid is gá sin chun staid an damba a chinneadh, agus an rith uisce a thomhas in aon abhainn, loch nó sruthchúrsa i ndáil leis an damba sin;

(b) ar an tsuirbhéireacht sin a bheith críochnaithe ullmhóidh agus síneoidh an t-innealtóir tuarascáil ar an tsuirbhéireacht sin i bhfoirm pleananna (ar a n-áirítear trasghearrthaí más gá) agus sceidil thuairisciúla agus cuirfidh sé an tuarascáil sin faoi bhráid an Aire;

(c) cuirfidh an tAire faoi deara cóip den tuarascáil sin a sheirbheáil ar úinéir agus ar áititheoir an iascaigh sin;

(d) féadfaidh an t-úinéir nó an t-áititheoir sin, laistigh d'ocht lá is daichead tar éis an chóip sin a sheirbheáil, ráiteas i scríbhinn a chur chuig an Aire ag déanamh agóide in aghaidh na tuarascála sin agus ag lua forais a agóide;

(e) mura gcuirtear aon agóid chuig an Aire laistigh den ocht lá is daichead sin nó má chuirtear aon agóid den sórt chuige amhlaidh ach go dtarraingeofar siar í in dhiaidh sin, cuirfidh an tAire faoi deara ionstraim a ullmhú i dtéarmaí na tuarascála sin agus cuirfidh sé faoi deara an ionstraim sin a shéalú lena shéala oifigiúil agus, chun críocha na Coda seo, is í an ionstraim sin taifead suirbhéireachta an iascaigh sin;

(f) má chuirtear agóid chuig an Aire laistigh den ocht lá is daichead sin agus nach dtarraingeofar siar an agóid sin ina dhiaidh sin, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:—

(i) féadfaidh an tAire, le toiliú an duine a rinne an agóid, an tuarascáil sin a leasú, agus sa chás sin, cuirfidh an tAire faoi deara ionstraim a ullmhú i dtéarmaí na tuarascála sin, arna leasú amhlaidh, agus cuirfidh sé faoi deara an ionstraim sin a shéalú lena shéala oifigiúil agus, chun críocha na Coda seo, is í an ionstraim sin taifead suirbhéireachta an iascaigh sin;

(ii) mura leasóidh an tAire an tuarascáil sin, le toiliú an duine a rinne an agóid, ansin—

(I) cuirfidh an tAire an scéal faoi bhráid Uachtarán Institiúid Innealtóirí Sibhialta na hÉireann nó dhuine éigin a cheapfaidh an tUachtarán sin, agus féadfaidh seisean, tar éis an scéal a fhiosrú, an tuarascáil sin a dhaingniú nó a leasú, de réir mar is cuí leis, agus air sin cuirfidh an tAire faoi deara ionstraim a ullmhú i dtéarmaí na tuarascála sin leis na leasuithe sin (más aon leasú é) uirthi a bheidh déanta uirthi faoin gclásal seo agus cuirfidh sé faoi deara an ionstraim sin a shéalú lena shéala oifigiúil, agus, chun críocha na Coda seo, is í an ionstraim sin taifead suirbhéireachta an iascaigh sin, agus

(II) íocfar leis an duine a fhiosróidh an scéal cibé táille a shocróidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, agus, má dhaingnítear an tuarascáil sin go hiomlán nó go formhór, íocfaidh an duine a rinne an agóid suim na táille sin leis an Aire, agus féadfaidh an tAire an tsuim sin a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla, agus, nuair a íocfar an tsuim sin leis an Aire nó nuair a ghnóthóidh sé í, íocfar í isteach sa Státchiste nó cuirfear chun tairbhe don Státchiste í i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais.

(3) Más rud é, le linn na hidirthréimhse i leith aon iascaigh inaistrithe, go ndéanfar, le toiliú an Aire, aon athrú ar shuíomh, déanamh nó staid an iascaigh sin tar éis taifead suirbhéireachta an iascaigh sin a dhéanamh, cuirfidh an tAire faoi deara sonraí an athraithe sin a thaifeadadh sa taifead suirbhéireachta sin agus beidh éifeacht ag an taifead suirbhéireachta sin faoi réir an athraithe sin a thaifeadfar amhlaidh.

(4) Chun críocha an Achta seo beidh taifead suirbhéireachta aon iascaigh inaistrithe ina fhianaise chríochnaitheach in aon imeachtaí faoi shuíomh, déanamh agus staid an iascaigh sin.

(5) Chun suirbhéireacht a dhéanamh ar iascach inaistrithe faoin alt seo, féadfaidh an duine (dá ngairtear an t-innealtóir san fho-alt seo) a cheapfaidh an tAire faoin alt seo chun an tsuirbhéireacht sin a dhéanamh agus aon daoine a bheidh ag gníomhú faoi threoracha an innealtóra gach ní nó aon ní acu seo a leanas a dhéanamh:—

(a) dul isteach ar an iascach sin agus ar aon talamh is gá a shuirbhéireacht nó ar gá dul tríd chun críocha na suirbhéireachta sin;

(b) aon toir nó fásra eile a ghearradh nó a chur faoi deara iad a ghearradh agus aon bhacainní eile (seachas buanfhoirgnimh) a d'fhéadfadh cur isteach ar an tsuirbhéireacht sin a aistriú nó a chur faoi deara iad a aistriú;

(c) aon mharcanna, buan nó sealadach, a chur suas nó a dhéanamh a bheidh ag teastáil chun go bhféadfar an tsuirbhéireacht sin a phromhadh nó a chur i gcomparáid leis an láthair ina dhiaidh sin;

(d) a cheangal ar aon duine (arb é úinéir nó áititheoir an iascaigh sin é nó fostaí an úinéara nó an áititheora sin) aon fhaisnéis a thabhairt a theastóidh go réasúnach, chun críocha na suirbhéireachta sin, ón innealtóir nó ó na daoine a bheidh ag gníomhú amhlaidh faoina threoracha;

(e) aon ghníomh nó ní eile a dhéanamh is gá chun aon rud a dhéanamh nó a ghabhfaidh le haon rud a dhéanamh a n-údaraíonn na forálacha sin roimhe seo den fho-alt seo don innealtóir nó do na daoine sin a bheidh ag gníomhú amhlaidh faoina threoracha é a dhéanamh.

(6) Má chuireann duine ar bith isteach ar dhuine a bheidh ceaptha ag an Aire chun suirbhéireacht a dhéanamh faoin alt seo nó ar aon daoine a bheidh ag gníomhú faoi threoracha an duine dheiridh sin a luaitear agus eisean nó iadsan ag feidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dó nó dóibh leis an alt seo, beidh an duine céadluaite sin ciontach i gcion faoin alt seo.

(7) Má dhiúltaíonn aon duine (arb é úinéir nó áititheoir iascaigh inaistrithe é nó fostaí an úinéara nó an áititheora sin) aon fhaisnéis a thabhairt do dhuine ar bith a bheidh ceaptha ag an Aire chun suirbhéireacht a dhéanamh faoin alt seo nó do dhaoine ar bith a bheidh ag gníomhú faoi threoracha an duine dheiridh sin a luaitear, agus gur faisnéis í a d'fhéadfadh sé nó siad a éileamh go dleathach faoin alt seo, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:—

(a) más é úinéir nó áititheoir an iascaigh sin an duine céadluaite sin, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo,

(b) más fostaí d'áititheoir an iascaigh sin an duine céadluaite sin, beidh an duine sin agus an t-áititheoir sin araon ciontach i gcion faoin alt seo.

(8) Gach duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo, dlífear, ar a chiontú ann go hachomair, fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air.

(9) Íocfar le duine ar bith (nach oifigeach don Aire) a cheapfar chun suirbhéireacht a dhéanamh faoin alt seo nó chun gníomhú faoi threoracha an duine a bheidh ag déanamh aon suirbhéireachta den chineál sin cibé luach saothair agus cibé liúntais le haghaidh costais a chinnfidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.

Oibleagáid ar áititheoirí iascach inaistrithe cuntais a thabhairt don Aire.

189. —(1) Tráth ar bith tar éis tosach na hidirthréimhse maidir le hiascach inaistrithe féadfaidh an tAire fógra a sheirbheáil ar áititheoir an iascaigh sin á cheangal ar an áititheoir sin na nithe seo a leanas a dhéanamh:—

(a) cuntas ar na nithe seo a leanas a choimeád san fhoirm a luafar san fhógra sin agus é a thabhairt don Aire cibé tráthanna agus in aghaidh cibé tréimhsí laistigh den idirthréimhse sin a luafar san fhógra sin—

(i) costais oibrithe an iascaigh sin (lena n-áirítear pá, árachas agus costais mhargaíochta),

(ii) an t-airgead go léir a gheofar as iasc a thógfar san iascach sin a dhíol,

(iii) an t-airgead go léir a gheofar as cearta iascaireachta a ligean chun duánaithe agus daoine eile,

(iv) cibé sonraí eile (más ann) a bhainfidh leis na nithe a luaitear sna míreanna roimhe seo den fho-alt seo agus a ordóidh an t-Aire ó am go ham;

(b) cibé mínithe a theastóidh ón Aire ó am go ham a thabhairt dó i dtaobh aon ábhar a bheidh in aon chuntas den sórt sin.

(2) Má sheirbheáltar fógra faoin alt seo ar áititheoir inaistrithe agus go mainneoidh nó go bhfailleoidh an t-áititheoir sin ceanglais an fhógra sin a chomhlíonadh beidh an t-áititheoir sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig phunt is fiche a chur air.

Seilbh a fháil ar chodanna d'aibhneacha nó de lochanna le hais iascach cora (fíoruisce) áirithe.

190. —(1) Más rud é nach bhfuil leaba agus grinneall aon choda d'abhainn nó de loch le hais iascaigh inaistrithe, arb iascach cora (fíoruisce) é, ar aon-úinéireacht leis an iascach sin, ansin, más léir gur gá sin chun an t-iascach sin a chothabháil nó a oibriú, féadfaidh an tAire, le hordú arna dhéanamh le linn na hidirthréimhse ach tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh na hidirthréimhse, a dhearbhú go measfar chun críche na Coda seo gur cuid den iascach sin cibé méid a shonróidh an tAire san ordú sin den leaba agus den ghrinneall sin, gan dul thar caoga slat lastuas nó laistíos den iascach sin ná caoga slat lastuas agus laistíos de, agus ar an ordú sin a dhéanamh measfar gur cuid den iascach sin an chuid sin de leaba agus grinneall na habhann sin nó an locha sin agus gach ceart iascaireachta sa chuid sin.

(2) Má dhéanann an tAire ordú faoin alt seo cuirfidh sé faoi deara cóip de a sheirbheáil ar úinéir leaba agus grinneall na habhann nó an locha lena mbaineann an t-ordú sin.

Cearta duánachta in iascaigh inaistrithe a fhorcoimeád.

191. —(1) Féadfaidh an t-úinéir ar na cearta eisiatacha duánachta in iascach inaistrithe, tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh na hidirthréimhse i leith an iascaigh sin, a iarraidh ar an Aire ordú (dá ngairtear ordú um chearta duánachta (forcoimeád) sa Chuid seo) a dhéanamh maidir leis an iascach sin ag forcoimeád dó na gcearta eisiatacha duánachta san iascach sin agus sa chás sin féadfaidh an tAire an t-ordú sin a dhéanamh agus oibreoidh an t-ordú sin agus beidh éifeacht aige chun na cearta duánachta sin a fhorcoimeád don úinéir sin.

(2) Má dhéanann an tAire ordú um chearta duánachta (forcoimeád) foilseoidh sé san Iris Oifigiúil fógra go ndearnadh an t-ordú sin.

Orduithe dílseacháin.

192. —(1) Dhá mhí ar a laghad roimh dheireadh na hidirthréimhse maidir le hiascach inaistrithe, déanfaidh an tAire, mura mbeidh ordú déanta cheana aige i leith an iascaigh sin faoi fho-alt (2) den alt seo, ordú (dá ngairtear gnáthordú dílseacháin sa Chuid seo) ag dílsiú an iascaigh sin san Aire an lá díreach tar éis deireadh na hidirthréimhse sin agus ón lá sin amach.

(2) (a) Féadfaidh an tAire, le toiliú an úinéara ar iascach inaistrithe lena mbaineann an fo-alt seo agus cibé acu a bheidh nó nach mbeidh lá ceaptha socair i leith an cheantair iascaigh ina bhfuil an t-iascach sin, ordú (dá ngairtear ordú dílseacháin speisialta sa Chuid seo) ag dílsiú an iascaigh sin san Aire an lá a bheidh luaite san ordú sin agus ón lá sin amach.

(b) Baineann an fo-alt seo le gach iascach inaistrithe nach ndearna an duine ab úinéir air an 1ú lá d'Eanáir, 1933, nó comharba-i-dteideal an duine sin, an t-iascach sin a úsáid gach bliain iascaigh idir an 1ú lá d'Eanáir, 1933, agus an 31ú lá de Nollaig, 1938.

(3) Luafar in ordú a dhéanfar faoin alt seo maidir le haon iascach inaistrithe an cineál iascaigh atá ann agus achar agus suíomh an iascaigh sin agus beidh léarscáil ag gabháil leis chun achar agus suíomh an iascaigh sin a thaispeáint.

(4) Oibreoidh ordú a dhéanfar faoin alt seo i leith aon iascaigh inaistrithe chun an t-iascach sin a aistriú chun an Aire, amhail ar an agus ón dáta a shonrófar chuige sin san ordú sin, i bhfeo simplí saor ó eirí agus ó gach eastát agus leas san iascach sin, ach amháin, i gcás ordú um chearta duánachta (forcoimeád) a bheith déanta i leith an iascaigh sin, na cearta duánachta a fhorcoimeádtar leis an ordú sin, agus beidh an t-ordú céadluaite sin ina fhianaise dhochloíte ar chineál agus achar an iascaigh sin faoi mar a bheidh luaite san ordú sin.

(5) Aon uair a dhéanfaidh an tAire ordú faoin alt seo i leith aon iascaigh, cuirfidh sé faoi deara go bhfoilseofar san Iris Oifigiúil fógra go ndearnadh an t-ordú sin agus seirbheálfaidh sé cóip den fhógra sin ar úinéir an iascaigh sin.

Clárú theideal an Aire chun iascach dílsithe.

193. —Ar aon iascach inaistrithe a bheith dílsithe san Aire faoin gCaibidil seo den Chuid seo, déanfaidh an tAire, a luaithe is féidir tar éis an dílsithe sin, an t-ordú dílseacháin a rinneadh i leith an iascaigh sin a chur go dtí an t-údarás cláraithe faoin Local Registration of Title (Ireland) Act, 1891, agus, ar an ordú sin a fháil, cuirfidh an t-údarás cláraithe sin faoi deara teideal an Aire chun úinéireacht an iascaigh sin i bhfeo simplí a chlárú faoin Acht deiridh sin a luaitear.

Cúiteamh i leith iascach inaistrithe.

194. —(1) Íocfaidh an tAire cúiteamh as gach iascach inaistrithe a dhílseofar san Aire faoin gCaibidil seo den Chuid seo leis an daoine éagsúla a bheidh ina theideal nó a mbeidh eastáit nó leasa acu ann, agus mura gcomhaontaítear ar an gcúiteamh sin socróidh eadránaí oifigiúil é faoi réim agus de réir an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919.

(2) Beidh éifeacht ag an forálacha seo a leanas maidir leis an gcúiteamh a shocrú faoin alt seo i leith iascaigh inaistrithe a bheidh dílsithe san Aire trí oibriú gnáth-ordaithe dhílseacháin:—

(a) tabharfaidh ar t-eadránaí aird go príomha—

(i) i gcás an t-iascach sin a úsáid i rith na hidirthréimhse, ar na brabúis as an iascach sin i rith na hidirthréimhse,

(ii) i gcás gan an t-iascach sin a úsáid i rith na hidirthréimhse, ar an tsuim is dóigh leis an eadránaí a gheofaí mar bhrabúis as an iascach sin dá n-úsáidtí an t-iascach sin i rith na hidirthréimhse;

(b) cuirfidh an t-eadránaí sin san áireamh freisin (i dteannta fianaise ó dhaoine eile) aon fhianaise a chuirfidh úinéir nó áititheoir an iascaigh sin faoina bhráid—

(i) maidir leis na brabúis as an iascach sin roimh thosach na hidirthréimhse, nó

(ii) maidir leis an aimsir neamhghnách nó toscaí eile a rinne difir don mheán-ghabháil éisc i rith ua hidirthréimhse, nó

(iii) maidir lena mhéad a fágadh áitíocht shítheoilte ag an úinéir nó ag an áititheoir i rith na hidirthréimhse, nó

(iv) maidir le haon toscaí roimh an idirthréimhse a d'fhéadfadh difir a dhéanamh do chumas tuillimh an iascaigh i rith na hidirthréimhse,

(c) féadfaidh an t-eadránaí sin aon laghdú ar luach an iascaigh sin i rith na hidirthréimhse nó ar na déanmhais nó na foirgnimh a úsáidtear i ndáil leis agus a thuairiscítear i dtaifead suirbhéireachta an iascaigh sin a chur san áireamh sa mhéid gur cúiseanna seachas gnáthchaitheamh agus gnáthchumailt is cúis leis.

(3) Nuair a bheidh an cúiteamh as iascach inaistrithe a dhílseofar san Aire le hoibriú ordaithe speisialta dhílseacháin á mheas, ríomhfar luach an iascaigh sin amhail ar an dáta is déanaí ar ar úsáideadh é.

(4) Más rud é—

(a) gurb é atá in iascach inaistrithe a dílsíodh san Aire faoin gCaibidil seo ceart eisiatach chun bradáin a ghabháil in uiscí taoide uile aon abhann, agus

(b) go raibh ag dílseánach an iascaigh sin ar an dáta dílsithe an ceart eisiatach chun bradáin a ghabháil san abhainn sin go huile lena n-áirítear gach craobhabhainn agus loch ar a cúrsa, agus

(c) go raibh an dílseánach sin i dteideal go dleathach, de bhua an choinníll atá le halt 3 den Salmon Fishery (Ireland) Act, 1863, aon chochaill iascaireachta a shuíomh laistigh de thrí mhíle ó bhéal na habhann sin,

measfar, chun críocha an ailt seo, gur cuid den iascach sin an ceart chun na cochaill iascaireachta sin a shuíomh amhlaidh, agus cuirfear san áireamh é nuair a bheidh cúiteamh á chinneadh i leith an iascaigh sin faoin alt seo.

(5) Beidh feidhm ag ailt 69 go 74 agus 76 go 80 den Lands Clauses Consolidation Act, 1845, maidir le haon chúiteamh is iníoctha ag an Aire faoin alt seo, agus chun críocha na feidhme sin measfar gurb é an tAire tionscnóir an ghnóthais.

(6) Ní bhreithneofar aon éileamh ar chúiteamh faoin alt seo i leith iascaigh inaistrithe mura ndéanfar é laistigh de cheithre mhí is fiche tar éis an dáta ar ar dílsíodh an t-iascach sin san Aire.

Cúiteamh d'fhostaithe ar iascaigh inaistrithe.

195. —(1) Aon uair a dhílseofar iascach inaistrithe san Aire faoin gCaibidil seo, ansin, gach duine a chruthóidh gach ní acu seo a leanas chun sástachta an Aire nó an eadránaí a bheidh ceaptha chun cúiteamh a shocrú i leith an iascaigh sin:—

(a) go raibh sé, ar feadh iomlán nó bunús iomlán gach ceann de na trí shéasúr oscailte iascaireachta (dá ngairtear na séasúir cheaptha san fho-alt seo) díreach roimh an dáta ar ar dílsíodh amhlaidh an t-iascach sin, ar fostú go buan agus go rialta ag áititheoir an iascaigh sin ag oibriú nó ag cosaint, nó i ndáil le hoibriú nó cosaint, an iascaigh sin ar phá seasmhach seachtainiuil nó ar phá a ríomhadh de réir luach na gabhála éisc, agus

(b) gur ar a luach saothair as an bhfostaíocht sin a bhí a mhaireachtáil go huile nó go bunúsach fad a bhí sé ar fostú amhlaidh, agus

(c) gur le hoibriú nó le cosaint an iascaigh sin, agus leis sin amháin, a bhain an fhostaíocht sin aige, agus

(d) gur chuir dílsiú an iascaigh sin deireadh leis an bhfostaíocht sin aige, agus

(e) nach bhfuil a chothrom sin d'fhostaíocht ar fáil dó ina hionad ar feadh an tséasúir oscailte iascaireachta,

beidh sé i dteideal go n-íocfadh an tAire leis, mar gheall ar a fhostaíocht ar feadh an tséasúir oscailte iascaireachta a chailleadh, cúiteamh a ríomhfar mar a leanas:—

(i) in aghaidh gach ceann de na séasúir cheaptha, suim (dá ngairtear an tsuim cheaptha san alt seo) is ionann agus ceithre oiread an mheánmhéid sheachtainiúil a fuair an duine sin i leith na fostaíochta sin ar feadh an tríú ceann de na séasúir cheaptha, agus

(ii) in aghaidh gach séasúir oscailte iascaireachta (má ba ann) roimh na séasúir cheaptha inar comhlíonadh gach ceann de na coinníollacha seo a leanas i gcás an duine sin:—

(I) go raibh sé, ar feadh iomlán nó bunús iomlán an tséasúir sin, ar fostú go buan agus go rialta ag an áititheoir sin ag oibriú nó ag cosaint, nó i ndáil le hoibriú nó cosaint, an iascaigh sin ar phá seasmhach seachtainiúil nó ar phá a ríomhadh de réir luach na gabhála éisc, agus

(II) gur ar a luach saothair as an bhfostaíocht sin a bhí a mhaireachtáil go huile nó go bunúsach fad a bhí sé ar fostú amhlaidh, agus

(III) gur le hoibriú nó le cosaint an iascaigh sin, agus leis sin amháin, a bhain an fhostaíocht sin aige,

suim is ionann agus an tsuim cheaptha,

ach sin faoi réir an chionníll sháraithigh nach mbeidh méid an chúitimh sin níos mó ná trí oiread déag na suime ceaptha in

(2) Aon uair a dhílseofar iascach inaistrithe san Aire faoin gCaibidil seo, ansin, gach duine a chruthóidh gach ní acu seo a leanas chun sástachta an Aire nó an eadránaí a bheidh ceaptha chun cúiteamh a shocrú i leith an iascaigh sin:—

(a) go raibh sé, ar feadh iomlán na tréimhse (dá ngairtear an tréimhse cheaptha san fho-alt seo) cúig bliana dar chríoch an lá díreach roimh an dáta ar ar dílsíodh amhlaidh an t-iascach sin, ar fostú go lánaimsire nó bunús na haimsire ag áititheoir an iascaigh sin i gcáil bainisteora nó formhaoir i ndáil le hoibriú an iascaigh sin, agus go raibh sé ar fostú amhlaidh ar thuarastal seasmhach míosúil, i dteannta nó in éagmais luach saothair breise a ríomhadh de réir luach na gabhála éisc, agus

(b) gur chuir dílsiú an iascaigh sin deireadh leis an bhfostaíocht sin aige, agus

(c) nach bhfuil a chothrom d'fhostaíocht ar fáil dó ina hionad,

beidh sé i dteideal go n-íocfadh an tAire leis, mar gheall ar a fhostaíocht a chailleadh, cúiteamh de mhéid is ionann agus cibé suim acu seo a leanas is lú:—

(i) suim is ionann agus an méid iomlán (dá ngairtear a thuarastal bliantúil san fho-alt seo) a íocadh leis an duine sin mar thuarastal seasmhach míosúil ar feadh an cúigiú bliain den tréimhse cheaptha, maraon leis an gcúigiú cuid den mhéid (dá ngairtear san fho-alt seo a luach saothair breise don tréimhse cheaptha) a íocadh leis mar luach saothair breise den sórt sin (má íocadh) ar feadh na tréimhse ceaptha;

(ii) suim a ríomhfar mar a leanas, eadhon, in aghaidh gach bliana don tréimhse cheaptha agus gach bliana roimhe sin (má ba ann) a raibh sé ar fostú amhlaidh ar a feadh go léir ar an gcuma chéanna, suim is ionann agus an dóú cuid déag dá thuarastal bliantúil, maraon leis an seascadú cuid dá luach saothair breise (má bhí aige) don tréimhse cheaptha.

Luachálacha iascach inaistrithe a chionroinnt.

196. —(1) Más cuid d'iascach nó de cheart iascaigh iascach inaistrithe agus go bhfuil an t-iascach nó an ceart iascaigh sin luacháilte mar aonad amháin faoi na hAchtanna Luachála agus gur socraíodh lá ceaptha maidir leis an gceantar iascaigh ina bhfuil an t-iascach inaistrithe sin, déanfaidh an tAire, a luaithe is caothúil, sonraí an iascaigh inaistrithe sin a thabhairt don údarás rátúcháin iomchuí, agus iarrfaidh sé go ndéanfaí (trí chionroinnt nó athluacháil) luachálacha ar leithligh i leith an iascaigh inaistrithe sin agus iarmhair an iascaigh nó an chirt iascaigh atá luacháilte amhlaidh mar aonad, agus beidh éifeacht ag na luachálacha sin ar an dáta a dhílseofar an t-iascach inaistrithe sin san Aire agus uaidh sin amach.

(2) Más cuid de chuing cearta iascaireachta aon iascach inaistrithe nó má tá sé comhghabhálach nó tadhlach le diméin nó tailte príobháideacha nó teach cónaithe príobháideach agus go bhfuil sé ar úinéireacht ag an duine ar leis an chuing cearta iascaireachta sin nó an diméin, na tailte príobháideacha nó an teach cónaithe príobháideach sin, agus gur socraíodh lá ceaptha maidir leis an gceantar iascaigh ina bhfuil an t-iascach inaistrithe sin, féadfaidh an duine sin a iarraidh ar an údarás rátúcháin iomchuí don cheantar sin athluacháil a dhéanamh ar na cearta iascaireachta, an diméin, na tailte príobháideacha nó an teach cónaithe príobháideach a bheidh fágtha, ach ní bheidh éifeacht ag an athluacháil sin go dtí an dáta a dhílseofar an t-iascach inaistrithe sin san Aire.

Forálacha maidir le horduithe.

197. —Ní dhéanfaidh sé difir do bhailíocht ná d'éifeacht aon ordaithe a dhéanfaidh an tAire faoin gCaibidil seo má fhagtar gan chomhlíonadh aon fhoráil sa Chaibidil sin i dtaobh cóip den ordú sin a sheirbheáil ar dhuine áirithe nó i dtaobh an t-ordú sin nó fógra go ndearnadh é a fhoilsiú san Iris Oifigiúil.

Caibidil III.

Iascaigh Áirithe Stáit a Aistriú chun an Aire.

Iascaigh a aistriú chun an Aire ó Choimisinéirí na nOibreacha Poiblí.

198. —(1) Féadfaidh Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn, le hordú faoina séala, eastát agus leas uile na gCoimisinéirí sin in aon iascach nó ceart iascaireachta atá ar seilbh nó ar áitiú ag na Coimisinéirí sin a aistriú chun an Aire ar cibé téarmaí agus coinníollacha ar a gcomhaontóidh na Coimisinéirí sin agus an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, agus fós aon talamh, éasúint, cead slí, ceart uisce nó ceart eile atá ar seilbh nó ar áitiú ag na Coimisinéirí sin agus atá ag fo-ghabháil le haon iascach nó ceart iascaireachta den sórt sin a aistreofar amhlaidh.

(2) Aon ordú a dhéanfar faoin alt seo oibreoidh sé chun go ndílseofar san Aire, gan aon tíolacas breise ná aon tíolacas eile, gach iascach agus ceart iascaireachta agus na tailte, na héasúintí, na ceada slí, na cearta uisce agus na cearta eile go léir a airbheartófar a aistriú chun an Aire leis an ordú sin.

Iascaigh a aistriú chun an Aire ó Choimisiún Talún na hÉireann.

199. —(1) Féadfaidh Coimisiún Talún na hÉireann, le hordú faoina séala, eastát agus leas uile an Choimisiúin sin in aon iascach nó ceart iascaireachta atá ar seilbh nó ar áitiú ag an gCoimisiún sin a aistriú chun an Aire ar cibé téarmaí agus coinníollacha ar a gcomhaontóidh an Coimisiún sin agus an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, agus fós aon talamh, éasúint, cead slí, ceart uisce nó ceart eile atá ar seilbh nó ar áitiú ag an gCoimisiún sin agus atá ag fo-ghabháil le haon iascach nó ceart iascaireachta den sórt sin a aistreofar amhlaidh.

(2) Aon ordú a dhéanfar faoin alt seo oibreoidh sé chun go ndílseofar san Aire, gan aon tíolacas breise ná aon tíolacas eile, gach iascach agus ceart iascaireachta agus an talamh, na héasúintí, na ceada slí, na cearta uisce agus na cearta eile go léir a airbheartófar a aistriú chun an Aire leis an ordú sin.

Caibidil IV.

Tógáil Talún, etc., ag an Aire chun Iascaigh Dhílsithe a Bhainistí, a Oibriú agus a Chosaint.

Tógáil talún, etc., ag an Aire.

200. —(1) Féadfaidh an tAire, chun iascach dílsithe a bhainistí, a oibriú nó a chosaint, gach ní nó aon ní acu seo a leanas a dhéanamh:—

(a) aon talamh nó áitreabh (lena n-áirítear, más iascach damba muilinn an t-iascach sin, an damba muilinn iascaireachta ar le cuid de a sheoltar an t-iascach sin agus aon mhuileann nó áitreabh eile atá i gceangal leis an damba sin nó ag brath air le haghaidh soláthair uisce) a thógáil (go héigeantach nó trí chomhaontú);

(b) aon éasúint, cead slí nó ceart ar bith eile ar aon talamh nó áitreabh nó ina leith a thógáil (go héigeantach nó trí chomhaontú);

(c) aon éasúint, cead slí nó ceart ar bith eile atá ar marthain ar aon talamh nó áitreabh nó ina leith a fhoirceannadh, a shrianadh nó cur isteach air ar shlí eile (go héigeantach nó trí chomhaontú).

(2) Ní údaróidh aon ní i bhfo-alt (1) den alt seo don Aire aon ní acu seo a leanas a thógáil go héigeantach—

(a) aon talamh atá dílsíthe sa Stát nó aon cheart ar an talamh sin nó ina leith;

(b) aon áitreabh, clós, gairdín nó talamh faoi iamh atá thart ar theach cónaithe nó aon cheart ar an áitreabh, an clós, an gairdín nó an talamh sin nó ina leith.

(3) Ní údaróidh aon ní i bhfo-alt (1) den alt seo don Aire aon talamh atá faoi réir blianachta talamh-cheannaigh ná aon cheart ar an talamh sin nó ina leith a thógáil (go héigeantach ná trí chomhaontú), ach amháin le toiliú Choimisiún Talún na hÉireann.

(4) Má bheartaíonn an tAire aon talamh nó áitreabh a thógáil (go héigeantach nó trí chomhaontú) atá ar teachtadh nó ar áitiú ag údarás áitiúil nó ag aon chomhlacht corpraithe chun críocha aon iarnróid, trambhealaigh, duga, canála, uisce, gáis nó leictreachais nó aon ghnóthais phoiblí eile nó aon éasúint, cead slí nó ceart ar bith eile atá ar marthain ar aon talamh nó áitreabh den sórt sin nó ina leith a thógáil nó a fhoirceannadh nó a shrianadh nó cur isteach air ar shlí eile (go héigeantach nó trí chomhaontú), rachaidh sé i gcomhairle leis an Aire Tionscail agus Tráchtála sula ndéanfaidh sé amhlaidh.

(5) Sula ndéanfar tíolacadh nó sula ndéanfar praghas nó cúiteamh a chinneadh, ach faoi réir fógra mí ar a laghad a sheirbheáil roimh ré i scríbhinn ar áititheoir na talún nó an áitribh, nó na maoine nó an chirt eile bheidh i gceist, féadfaidh an tAire dul isteach agus seilbh a ghlacadh ar aon talamh nó áitreabh nó aon cheart a fheidhmiú a n-údaraítear don Aire leis an alt seo é a thógáil go héigeantach nó féadfaidh sé foirceannadh nó srianadh nó cur isteach ar shlí eile a dhéanamh ar aon éasúint nó maoin nó ceart eile a n-údaraítear don Aire leis an alt seo é a fhoirceannadh, a shrianadh nó cur isteach air go héigeantach.

(6) Aon uair a rachaidh an tAire isteach ar aon talamh nó áitreabh agus a ghlacfaidh sé seilbh nó a fheidhmeoidh sé aon cheart (cibé acu é) faoin alt seo sula n-íocfar an praghas nó an cúiteamh, íocfaidh an tAire le háititheoir na talún nó an áitribh nó le húinéir na héasúna nó an chirt eile (cibé acu é) a bheidh i gceist ús ar mhéid an phraghais nó an chúitimh sin arna shocrú de réir ceithre phunt faoin gcéad sa bhliain, ón dáta a chuathas isteach agus a gabhadh seilbh amhlaidh nó a feidhmíodh an ceart sin (cibé acu é) go dtí dáta an tíolactha ón áititheoir nó ón úinéir sin chun an Aire.

(7) Aon uair a thógfaidh an tAire faoin alt seo aon talamh atá, as féin nó i dteannta talún eile, faoi réir blianachta ceannaigh, íocaíochta in ionad cíosa nó íocaíochta bliantúla eile (nach é amháin atá inti cíos faoi chonradh tionóntachta) is iníoctha le Coimisiún Talún na hÉireann, tiocfaidh an tAire chun bheith, agus beidh sé, faoi dhliteanas, amhail ón dáta ar a rachaidh an tAire isteach agus a ghlacfaidh sé seilbh ar an talamh a thógfar amhlaidh, chun an bhlianacht cheannaigh sin, an íocaíocht sin in ionad cíosa nó an íocaíocht bhliantúil eile sin (nach é amháin atá inti cíos faoi chonradh tionóntachta) nó cibé cion di a chionroinnfidh Coimisiún Talún na hÉireann ar an talamh sin a íoc le Coimisiún Talún na hÉireann ionann is dá mbeadh an talamh sin aistrithe chun an Aire ag a dílseánach ar an dáta sin.

(8) Féadfar fógra faoin alt seo a sheirbhéail ar aon duine tríd an bhfógra sin a chur leis an bpost cláraithe faoi sheoladh an duine sin ag a ghnáth-sheoladh nó an seoladh is déanaí is eol a bheith aige nó, i gcás fógra d'áititheoir aon talún nó áitribh, ag an talamh nó ag an áitreabh sin.

(9) Féadfar fógra faoin alt seo d'áititheoir aon talún nó áitribh a sheoladh chun an áititheora sin faoin tuairisc “an t-áititheoir” gan a ainm a lua.

Cúiteamh i leith talún, etc., a íoc agus a chinneadh.

201. —(1) Íocfaidh an tAire cúiteamh—

(a) as talamh agus áitreabh a thógfaidh an tAire go héigeantach faoin gCaibidil seo leis an daoine éagsúla a bheidh ina theideal nó a mbeidh eastáit nó leasa acu ann, agus

(b) as éasúintí, ceada slí agus cearta eile, nó ina leith, a thógfaidh an tAire faoin gCaibidil sin, lena n-úinéir nó leis na daoine éagsúla a bheidh i dteideal eastáit nó leasa, nó a mbeidh siad acu, sa talamh agus san áitreabh a dtógfar amhlaidh na cearta sin orthu nó ina leith,

agus, cheal comhaontú, socrófar an cúiteamh sin faoi réim agus de réir an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919.

(2) Íocfaidh an tAire cúiteamh mar gheall ar aon éasúint, cead slí nó ceart eile ar aon talamh nó áitreabh, nó ina leith, a fhoirceannadh, a shrianadh nó cur isteach eile a dhéanamh ar an gcéanna faoin gCaibidil seo, le húinéir na héasúna, an cheada shlí nó an chirt eile sin agus, cheal comhaontú, socrófar an cúiteamh sin faoi réim agus de réir an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, ionann is dá mba é a bhí sa chúiteamh sin praghas talún a tógadh go héigeantach.

(3) Beidh feidhm ag ailt 69 go 83 den Lands Clauses Consolidation Act, 1845, maidir le haon chúiteamh is iníoctha ag an Aire faoin alt seo, agus le tíolacadh maoine corpraí nó neamhchorpraí, a thógfaidh an tAire faoin Acht seo, don Aire, agus chun críche na feidhme sin measfar gurb é an tAire tionscnóir an ghnóthais.

(4) Ní bhreithneofar aon éileamh ar chúiteamh faoin alt seo maidir le haon talamh, áitreabh nó ceart a tógadh go héigeantach ná maidir le haon cheart a foirceannadh nó a srianadh nó ar cuireadh isteach air ar shlí eile, mura ndéantar an t-éileamh sin laistigh de cheithre mhí is fiche tar éis an dáta ar a ndearnadh an tógáil, an foirceannadh, an srianadh nó an cur isteach sin.

Caibidil V.

Oibriú agus Diúscairt Iascach Dílsithe.

Oibriú Iascach Dilsithe ag an Aire.

Oibriú iascach dílsithe ag an Aire.

202. —Féadfaidh an tAire ó am go ham le toiliú an Aire Airgeadais aon iascach dílsithe nó aon chuid d'iascach dílsithe a oibriú.

Cumhachtaí an Aire chun iascach dílsithe a oibriú.

203. —(1) Féadfaidh an tAire, chun iascach dílsithe a oibriú, gach ní a dhéanamh is dóigh leis a bheith riachtanach chun an t-iascach sin a sheoladh mar ghnóthas tráchtála agus a d'fhéadfaidh sé a dhéanamh dá mba dhuine príobháideach é agus gurbh é úinéir an iascaigh sin é, agus gan dochar do ghinearáltacht na forála sin roimhe seo féadfaidh sé gach ní nó aon ní acu seo a leanas a dhéanamh:—

(a) iasc a cheannach agus a dhíol in áit ar bith;

(b) aon earra a cheannach nó a dhéanamh is gá i ndáil le hiasc a ghabháil, a stóráil, a iompar, a chóireáil, a cheannach nó a dhíol;

(c) aon ghnó a sheoladh a fho-ghabhann le hoibriú an iascaigh sin nó a leanann as;

(d) conarthaí a dhéanamh;

(e) cibé daoine agus cibé méid daoine is cuí leis a fhostú;

(f) ceadúnais iascaireachta a cheannach.

(2) Is le toiliú an Aire Airgeadais a chinnfear luach saothair gach duine a fhostófar i ndáil le hoibriú aon iascaigh dhílsithe ag an Aire.

(3) Ní bhainfidh Acht Choimisinéirí na Stát-Sheirbhíse, 1956 (Uimh. 45 de 1956) , ná Acht Rialaithe na Stát-Sheirbhíse, 1956 (Uimh. 46 de 1956) , le haon duine a fhostóidh nó a cheapfaidh an tAire faoin alt seo.

Talamh agus gnó a dhíol.

204. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, aon talamh nó áitreabh a thógfaidh sé faoin gCuid seo, agus fós cáilmheas agus stoc trádála agus sócmhainní eile aon ghnó (ar gnó é a fho-ghabhann le hoibriú iascaigh dhílsithe nó a leanann as) a bheidh ar siúl aige faoin gCaibidil seo, a dhíol ar cibé praghas is cuí leis.

(2) Aon airgead a gheofar as díol faoin alt seo, íocfar isteach sa Státchiste é nó cuirfear chun tairbhe don Státchiste é i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais.

Forálacha airgeadais.

205. —An t-airgead go léir a gheobhaidh an tAire as iascach dílsithe nó aon ghnó a bheidh ar siúl aige faoin gCaibidil seo a oibriú íocfar isteach sa Státchiste é nó cuirfear chun tairbhe don Státchiste é i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais.

Cuntais, iniúchadh agus tuarascáil ar imeachtaí.

206. —(1) Cuirfidh an tAire faoi deara go gcoimeádfar, maidir le gach iascach dílsithe a bheidh á oibriú aige, sraithe cuntas i cibé foirm agus in aghaidh cibé tréimhsí a ordóidh an tAire Airgeadais agus go mbeidh iontu cibé sonraí a ordóidh an tAire Airgeadais.

(2) Na cuntais a bheidh le coimeád ag an Aire de réir forálacha fo-alt (1) den alt seo, cuirfear iad i ndeireadh gach tréimhse cuntasaíochta go dtí a tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste, agus déanfaidh seisean na cuntais sin a iniúchadh agus a dheimhniú agus tuarascáil a thabhairt orthu.

(3) Ar iniúchadh faoi fhorálacha an ailt seo a bheith críochnaithe, cuirfidh an tAire faoi deara go leagfar faoi bhráid gach Teach den Oireachtas cóip de thuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar na cuntais mar a bheidh glactha aige leo, maraon le tuarascáil ghinearálta ón Aire ar a imeachtaí faoin gCaibidil seo i ndáil le hoibriú iascach dílsithe.

Léasanna i leith Iascach Dílsithe.

Léasanna i leith iascach dílsithe.

207. —(1) Más dóigh leis an Aire gurb é leas an phobail é iascach dílsithe nó cuid d'iascach dílsithe a dheonú trí léas do dhuine ar bith, féadfaidh an tAire, de réir an ailt seo, an t-iascach sin nó an chuid sin den iascach sin a fhorléasadh chuig an duine sin trí léas ar feadh cibé téarma, nach faide ná fiche bliain, is cuí leis an Aire.

(2) Gach léas a dhéanfar faoin alt seo déanfar é ar an gcoinníoll go n-íocfar leis an Aire, mar fhíneáil nó réamhíocaíocht eile nó mar chíos nó sa dá shlí sin, cibé airgead ar a gcomhaontóidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, agus an duine chun a ndéanfar an léas, agus déanfaidh an tAire an t-airgead uile den sórt sin a gheobhaidh an tAire a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais.

(3) Gach léas a dhéanfar faoin alt seo déanfar é faoi réir cibé cúnant, coinníollacha agus comhaontuithe is cuí leis an Aire agus a gcomhaontóidh sé orthu leis an duine chun a ndeonófar an léas sin agus cuirfear na cúnaint, na coinníollacha agus na comhaontuithe sin ann.

Faisnéis ó na éasaithe.

208. —(1) An duine a mbeidh teideal aige de thuras na huaire chun leas leasaí faoi léas a deonaíodh faoin gCaibidil seo, tabharfaidh sé don Aire, i cibé foirm a ordóidh an tAire laistigh d'ocht lá is fiche tar éis don Aire é sin a ordú dó, cibé faisnéis a theastóidh ón Aire maidir leis an iascach is ábhar don léas sin agus maidir le hoibriú an iascaigh sin.

(2) Má iarrann an tAire ar dhuine ar bith faoin alt seo aon fhaisnéis a thabhairt dó agus go bhfailleoidh nó go ndiúltóidh an duine sin an fhaisnéis sin a thabhairt nó go dtabharfaidh sé aisnéis a bheidh bréagach nó míthreorach in aon sonra ábhartha nó go mainneoidh sé i slí eile an t-alt seo a chomhlíonadh, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpunt a chur air agus i gcás ciona leanúnaigh fíneáil bhreise nach mó ná deich bpunt in aghaidh gach lae a leanfar den chion.

Tuarascálacha an Aire maidir le éasanna.

209. —Cuirfidh an tAire faoi deara, a luaithe is féidir tar éis gach 30ú lá de Mheitheamh agus gach 31ú lá de Nollaig i ndiaidh tosach feidhme an ailt seo, go leagfar faoi bhráid gach Teach de Oireachtas tuarascáil ina mbeidh sonraí gach léas le haghaidh téarma is faide ná dhá bhliain a rinneadh faoin gCaibidil seo i gcaitheamh na sé mhí dar críoch an 30ú lá sin de Mheitheamh agus an 31ú lá sin de Nollaig faoin seach.

Neamhúsáid Iascach Dílsithe.

Neamhúsáid iascach dílsithe.

210. —(1) Féadfaidh an tAire ó am go ham, le toiliú an Aire Airgeadais, aon iascach dílsithe nach bhfuil de thuras na huaire ina ábhar léasa faoin gCaibidil seo a fhágáil gan úsáid.

(2) Má bheartaíonn an tAire aon iascach dílsithe a fhágáil gan úsáid tabharfaidh sé fógra don bhord coimeádaithe ar laistigh dá gceantar iascaigh atá an t-iascach sin go bhfuil ar intinn aige an t-iascach sin a fhágáil gan úsáid agus, air sin, beidh an t-iascach sin, mura ndéanfaidh agus go dtí go ndéanfaidh an tAire léas i leith an iascaigh sin nó an t-iascach sin a oibriú, ina iascach neamhúsáidte chun críocha na Coda seo.

Forálacha maidir le hiascaigh neamhúsáidte.

211. —Beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas maidir le haon iascach neamhúsáidte:—

(a) más iascach cora (uiscí taoide) nó iascach cora (fíoruisce) an t-iascach sin—

(i) féadfaidh an tAire an chora atá ina cuid den iascach sin a scartáil, agus dá éis sin ní bheidh dliteanas air i leith aon iarmairtí as athruithe ar rith nó ar leibhéal an uisce is cuma cé dó a mbainfidh, ach má chuirtear bac ar bith ar imirce éisc de bhíthin na scartála sin go mbeidh air é sin a leigheas,

(ii) mura ndéantar an chora a scartáil fanfaidh sé de dhliteanas ar an Aire í a choimeád sa riocht nach gcuirfidh sí bac ar imirce éisc ná nach mbeidh sí ina cúis le haon damáiste ná caillteanas uisce thar mar ba ghnách fad a bhí sí á húsáid chun críocha an iascaigh;

(b) más iascach damba muilinn an t-iascach sin—

(i) féadfaidh an tAire aon déanmhais a fhó-ghabhann le húsáid an iascaigh a scartáil nó a aistriú, ach nuair a bheidh sin á dhéanamh aige fágfaidh sé an damba muilinn sa riocht nach ndéanfar dochar don soláthar uisce chun an mhuilinn agus nach méadófar costas cothabhála an damba muilinn.

(ii) mura ndéantar na déanmhais a fho-ghabhann le húsáid an iascaigh a scartáil, fanfaidh sé de dhliteanas ar an Aire iad a choinneáil sa riocht nach gcuirfidh siad bac ar imirce éisc ná nach mbeidh siad ina gcúis le haon damáiste ná caillteanas uisce thar mar ba ghnách fad a bhí siad á n-úsáid chun críocha an iascaigh;

(c) más iascach innill sheasmhaigh (uiscí taoide) an t-iascach sin, aistreoidh an tAire gach cuaille nó déanmhas eile a d'fhéadfaidh a bheith ina chontúirt do loingseoireacht nó do líonta dleathacha a úsáid faoi chearta an dlí choitinn.

Iascaigh neamhúsáidte a atógáil nó a atrealmhú.

212. —(1) I gcás iascach dílsithe is iascach cora (uiscí taoide) nó iascach cora (fíoruisce) nó iascach damba muilinn a theacht chun bheith ina iascach neamhúsáidte agus an tAire a bheith tar éis an déanmhas lenar seoladh an t-iascach sin a scartáil, féadfaidh an tAire, laistigh de chúig bliana ar a dhéanaí, tar éis an dáta a tháinig an t-iascach sin chun bheith ina iascach neamhúsáidte, é a atógáil ar an láthair chéanna le haghaidh iascaireachta san áit chéanna agus na tomhais chéanna ann agus, i gcás iascach cora (uiscí taoide) nó iascach cora (fíoruisce), an socrú céanna ann le haghaidh saor-bhearna a thaispeántar (má thaispeántar) i dtaifead suirbhéireachta an iascaigh.

(2) I gcás iascach dílsithe is iascach innill sheasmhaigh (uiscí taoide) a theacht chun bheith ina iascach neamhúsáidte, féadfaidh an tAire tráth ar bith é a atógáil nó a atrealmhú de réir an deimhnithe a eisíodh ina leith faoi alt 6 den Salmon Fishery (Ireland) Act, 1863.

Caibidil VI.

Forálacha Forlíontacha.

Ceart chun teacht ar iascaigh dhílsithe.

213. —(1) Beidh ag aon duine údaraithe ceart saor-theachta gach tráth ar aon iascach dílsithe agus beidh sé i dteideal, faoi réir fhorálacha an Achta seo, dul isteach le báid nó le feithiclí ar aon sruthchúrsa nó talamh chun an t-iascach a oibriú, agus féadfaidh sé (faoi réir thoiliú an Aire Tionscail agus Tráchtála, i gcás urthrá) aon bhacainn, aiceanta nó eile, a chur as a bhealach.

(2) Duine ar bith a bhacfaidh aon duine údaraithe agus é ag feidhmiú na gcumhachtaí a thugtar don duine údaraithe sin leis an alt seo, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air.

(3) San alt seo ciallaíonn an abairt “duine údaraithe” duine a bheidh údaraithe ag an Aire chun na cumhachtaí a thugtar do dhuine údaraithe leis an alt seo a fheidhmiú.

(4) I gcás an gnáth-bhealach chun teacht ar iascach inaistrithe atá dílsithe san Aire a bheith, roimh an dílsiú sin, ag gabháil trí aon áitreabh nó clós nó gairdín nó talamh faoi iamh mórthimpeall nó le hais tí chónaithe, ní bheidh an ceart saor-theachta a thugtar le fo-alt (1) den alt seo infheidhmithe tríd an áitreabh, an clós, an gairdín nó an talamh sin, ach amháin má tá siad scartha ón teach cónaithe sin agus nach raibh siad á n-úsáid roimh an dílsiú sin ach amháin i ndáil leis an iascach sin.

Ceart gabhála chun cearta duánachta a fheidhmiú.

214. —(1) I gcás iascach inaistrithe in aon uisce a ritheann trí thalamh mórthimpeall nó le hais tí chónaithe a theacht chun a bheith dílsithe san Aire agus gan na cearta duánachta san uisce sin a bheith forcoimeádta faoi ordú um chearta duánachta (forcoimeád), beidh aon duine ag a mbeidh teideal dleathach iascaireacht a dhéanamh le slat agus ruaim ar an uisce sin agus a sheirbhísigh nó a ghiollaí faoi thuarastal i dteideal gabháil feadh bruacha an uisce sin chun an iascaireacht sin a dhéanamh nó chun dul ag iascaireacht amhlaidh nó filleadh ó bheith ag iascaireacht amhlaidh, agus chuige sin amháin.

(2) Ní thabharfaidh an t-alt seo teideal do dhuine ar bith dul isteach in aon chlós nó gairdín faoi iamh ná in aon fhoirgnimh.

Dliteanas an Aire i leith damáiste ó thuilte.

215. —Ní bheidh aon ábhar éilimh in aghaidh an Aire mar gheall ar thuiliú talún nó damáiste iarmartach eile de bhíthin aon déanmhas a fhanacht ina ionad (lena n-áirítear cora iascaireachta agus damba muilinn iascaireachta a bhí ar an dáta dílsithe ina chuid d'iascach nó in ionad in iascach a dílsíodh san Aire faoi Chaibidil II den Chuid seo) mura rud é gur chuir an tAire le hairde an déanmhais sin nó gur dhún sé na hoscailtí nó na bearnaí ann oiread nárbh fhéidir go dleathach iad a bheith dúnta ar an dáta sin.

Forálacha maidir le hiascaigh dhamba mhuilinn.

216. —(1) Beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas maidir le haon iascach damba muilinn a bheidh dílsithe san Aire faoi Chaibidil II den Chuid seo agus leis an damba muilinn iascaireachta ar le cuid de a dhéantar an t-iascach sin a sheoladh:—

(a) fad a bheidh an tAire gan athrú a dhéanamh, seachas deisiú ar éislinní ócáideacha sna codanna de dhéanmhas an damba sin atá riachtanach chun an t-iascach sin a sheoladh, ní bheidh dliteanas air i leith aon chuid de chostas cothabhála an damba muilinn;

(b) beidh ceart saortheachta ar an iascach sin ag aon duine údaraithe agus, más gá é, sroichfidh an ceart sin go dtí an muileann, an teach cumhachta nó áitreabh eile in aice an damba muilinn sin nó i gceangal leis, ach má thairgeann úinéir nó áititheoir an mhuilinn, an tí chumhachta, nó an áitribh sin don Aire saoraidí chun teacht orthu ar chuma réasúnach eile, glacfaidh an tAire leis na saoráidí sin in ionad an chirt chéadluaite sin chun teacht orthu, agus déanfaidh sé cibé oibreacha is gá chun iad a dhéanamh éifeachtach;

(c) féadfaidh an tAire cibé ballaí, fálta nó déanmhais eile is dóigh leis is gá chun an t-iascach sin a chosaint ar fhoghail a chur suas i cibé ionad is gá leis, ach má bhacann aon bhallaí, fálta nó déanmhais eile den sórt sin an t-úinéir nó an t-áititheoir ar theacht ar an damba muilinn sin, cuirfidh an tAire ar fáil don úinéir nó don áititheoir sin an chóir is gá chun gabháil tríothu nó tharstu;

(d) Má tharlaíonn sé go mbeidh an muileann, an teach cumhachta nó aon t-áitreabh folamh a bhfuil sé ceaptha don damba muilinn sin fónamh dó, nó má scoirtear den uisce atá gaibhnithe ag an damba muilinn sin a úsáid go páirteach nó go hiomlán chun críocha cumhachta, leanfaidh an tAire dá ainneoin sin de bheith i dteideal an t-iascach sin a úsáid, agus beidh feidhm ag forálacha alt 117.

(2) Duine ar bith a bhacfaidh aon duine údaraithe agus é ag feidhmiú na gcumhachtaí a thugtar don duine údaraithe sin leis an alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air.

(3) San alt seo ciallaíonn an abairt “duine údáraithe” duine a bheidh údaraithe ag an Aire chun na cumhachtaí a thugtar do dhuine údaraithe leis an alt seo a fheidhmiú.

Srianta le cumhachtaí an Aire.

217. —Ní oibreoidh aon ní san Acht seo chun a údarú don Aire—

(a) aon obair nó déanmhas a thógáil ar thailte taoide (de réir bhrí an Achta Imeall Trá, 1933 ( Uimh. 12 de 1933 )), seachas inneall seasmhach chun bradáin, bric nó eascanna a ghabháil a bhí ann go dleathach, nó a raibh deimhniú arna dheonú faoi alt 6 den Salmon Fishery (Ireland) Act, 1863, ar marthain ina leith, sa bhliain 1939, gan toiliú an Aire Tionscail agus Tráchtála nó ar shlí seachas de réir téarmaí agus coinníollacha an toilithe sin;

(b) aon fhoirgnimh nó déanmhais a thógáil a chuirfeadh isteach ar thaitneamhachtaí áit chónaithe nó tailte áineasa dhuine arbh é an t-úinéir nó an t-áititheoir é ar iascach a dhílseofar san Aire faoi Chaibidil II den Chuid seo nó an t-iascach sin a oibriú i slí a chuirfeadh isteach ar na taitneamhachtaí sin.

Ceadúnais iascaireachta in iascaigh dhílsithe a bheidh á n-oibriú ag an Aire.

218. —Má bhíonn aon iascach dílsithe á oibriú ag an Aire faoin gCuid seo, is in ainm an Aire a thógfar amach na ceadúnais uile d'innill iascaireachta a úsáidfear san iascach sin.

CUID XIII.

Iascaigh Mhara.

Caibidil I.

Réamhráiteach.

Mínithe chun críocha Chuid XIII.

219. Sa Chuid seo—

teorainneacha iascaigh eisiatacha an Stáit.

ciallaíonn an abairt “teorainneacha iascaigh eisiatacha an Stáit” an chuid sin den fharraige ar laistigh di atá an ceart eisiatach iascaireachta ag saoránaigh Éireannacha de réir an dlí idirnáisiúnta agus, i gcás an chuid sin a bheith sonraithe i dtéarmaí aon choinbhinsiúin, conartha nó socraithe atá i bhfeidhm de thuras na huaire idir an Stát agus aon Stát eile, folaíonn sí, maidir le longa agus géilliúnaigh an Stáit eile sin, an chuid atá sonraithe amhlaidh;

trealamh iascaireachta.

folaíonn an abairt “trealamh iascaireachta” aon líon, gaiste, líne nó goireas eile de chineál ar bith a úsáidtear nó is féidir a úsáid chun iasc a ghabháil, agus aon rópa, téad tarraingthe, cleith nó ní eile de chineál ar bith i gceangal leis an líon, an gaiste, an líne nó an goireas eile sin nó is féidir a úsáid leis;

bád iascaireachta mara coigríche.

ciallaíonn an abairt “bád iascaireachta mara coigríche” bád iascaireachta mara nach bád iascaireachta mara Éireannach;

bad iascaireachta mara Éireannach.

ciallaíonn an abairt “bád iascaireachta mara Éireannach” bád iascaireachta mara—

(a) is bád atá cláraithe sa Stát faoi na hAchtanna Loingis Cheannaíochta, 1894 go 1947, nó

(b) is bád a bhfuil a húinéir nó, má tá níos mó ná úinéir amháin ann, a húinéir bainistí, ina chónaí sa Stát nó a bhfuil a phríomháit ghnó aige sa Stát;

máistir.

nuair a úsáidtear an focal “máistir” maidir le bád iascaireachta mara, ciallaíonn sé an máistir, an scipéir nó an duine eile atá i bhfeighil an bháid sin de thuras na huaire;

líon.

ciallaíonn an focal “líon” aon trál, saighne nó líon eile a tharraingítear nó a tharlaítear, nó atá ceaptha lena tharraingt nó a tharlú, ar ghrinneall na farraige nó cóngarach dó;

iasc mara.

ciallaíonn an abairt “iasc mara” iasc de chineál ar bith (seachas bradáin agus eascanna fíoruisce) a fhaightear san fharraige, cibé acu úr nó i staid eile dó, agus folaíonn sí crústaigh agus iasc sliogánach eile a fhaightear san fharraige;

iascaireacht mara.

ciallaíonn an abairt “iascaireacht mara” iascaireacht ar iasc mara, nó tógáil éisc mhara in uiscí taoide;

bád iascaireachta mara.

ciallaíonn an abairt “bád iascaireachta mara”—

(a) mar a bhfuil an abairt sin i gCaibidil II den Chuid seo nó in alt 232 nó in alt 233 (sa mhéid go dtugann an t-alt sin cumhachtaí d'oifigeach cosanta iascaigh mhara chun an Chaibidil sin II nó aon ionstraim arna déanamh fúithi a churi bhfeidhm)—aon long, bád nó árthach eile de chineál ar bith a úsáidtear le haghaidh iascaireacht mara,

(b) mar a bhfuil an abairt sin i gCaibidil III den Chuid seo nó in alt 233 (sa mhéid go dtugann an t-alt sin cumhachtaí d'oifigeach cosanta iascaigh mhara chun an Chaibidil sin III nó aon ordú arna dhéanamh fúithi a chur i bhfeidhm)—aon long, bád nó árthach eile de chineál ar bith a úsáidtear le haghaidh iascaireacht mara, agus folaíonn sí aon árthach nó bád a úsáidtear le haghaidh cóireáil éisc nó a úsáidtear go páirteach nó go hiomlán chun iasc a iompar.

Oifigigh Chosanta Iascaigh Mhara.

220. —Chun críocha an Achta seo, is oifigeach cosanta iascaigh mhara gach duine acu seo a leanas:—

(a) gach oifigeach don Aire a bheidh údaraithe chuige sin ag an Aire;

(b) gach comhalta d'Óglaigh na hÉireann (nach ísle céim ná sáirsint nó nach ísle aicme ná mionoifigeach) atá de thuras na huaire ag fónamh ar bord aon loinge nó árthaigh is leis an Stát nó atá ar fostú i seirbhís an Stáit;

(c) gach comhalta den Gharda Síochána;

(d) gach oifigeach Custam agus Máil a bheidh údaraithe chuige sin ag na Coimisinéirí Ioncaim;

(e) gach oifigeach don Aire Tionscail agus Tráchtála a bheidh údaraithe chuige sin ag an Aire.

Caibidil II.

Forálacha a bhaineann le teorainneacha iascaigh eisiatacha an Stáit.

Srianta le báid iascaireachta mara choigríche a theacht isteach i dteorainneacha iascaigh eisiatacha an Stáit.

221. —(1) Ní dleathach d'aon bhád iascaireachta mara coigríche teacht laistigh de theorainneacha iascaigh eisiatacha an Stáit ach amháin—

(a) chun críche a cheadaíonn an dlí idirnáisiúnta, nó

(b) chun críche a cheadaíonn aon choinbhinsiún, conradh, nó comhshocraíocht atá i bhfeidhm de thuras na huaire idir an Stát agus an tír ar léi an bád sin, nó

(c) chun aon chríche eile atá dleathach.

(2) Má thagann aon bhád iascaireachta mara coigríche laistigh de theorainneacha iascaigh eisiatacha an Stáit contrártha d'fho-alt (1) den alt seo, beidh máistir an bháid sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear, i gcás an chéad chiona faoin alt seo, fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air agus, i gcás an dara cion nó aon chion ina dhiaidh sin faoin alt seo, fíneáil nach mó ná céad punt agus (cibé acu arb é an chéad chion é nó nach ea) ordóidh an Chúirt, i gcás aon duine ar bord an bháid sin a bheith tar éis iascaireacht, nó iarracht ar iascaireacht, a dhéanamh fad a bhí an bád sin laistigh de na teorainneacha iascaigh eisiatacha sin, agus in aon chás eile féadfaidh sí a ordú, go ndéanfar aon iasc agus aon ghléas iascaireachta a gheofar ar an mbád sin a fhorghéilleadh.

Forálacha maidir le báid iascaireachta mara choigríche a theacht isteach go dleathach i dteorainneacha iascaigh eisiatacha an Stáit.

222. —(1) Má thagann aon bhád iascaireachta mara coigríche laistigh de theorainneacha iascaigh eisiatacha an Stáit—

(a) chun críche a cheadaíonn an dlí idirnáisiúnta, nó

(b) chun críche a cheadaíonn aon choinbhinsiún, conradh nó comhshocraíocht atá i bhfeidhm de thuras na huaire idir an Stát agus an tír ar léi an bád sin, nó

(c) chun aon chríche eile atá dleathach—

ansin—

(i) imeoidh an bád sin as teorainneacha iascaigh eisiatacha an Stáit a luaithe a bheidh friotháil déanta ar an gcuspóir a thug an bád sin isteach amhlaidh,

(ii) ní dhéanfaidh aon duine ar bord an bháid sin iascaireacht ná iarracht ar iascaireacht fad a bheidh an bád sin laistigh de theorainneacha iascaigh eisiatacha an Stáit,

(iii) comhlíonfar go cuí aon rialacháin faoi fho-alt (2) den alt seo a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire.

(2) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh maidir le dea-ordú a choinneáil idir báid iascaireachta mara choigríche a bheidh de thuras na huaire laistigh de theorainneacha iascaigh eisiatacha an Stáit agus idir na daoine a bheidh ar bord na mbád sin.

(3) Más rud é, maidir le haon bhád iascaireachta mara coigríche a bheidh tar éis teacht go dleatach laistigh de theorainneacha iascaigh eisiatacha an Stáit nó maidir leis na daoine a bheidh ar bord uirthi, go ndéanfar sarú (cibé acu trí ghníomh nó trí neamhghníomh é) ar fho-alt (1) den alt seo, ansin, beidh máistir an bháid sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear, i gcás an chéad chion faoin alt seo, fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air agus, i gcás an dara cion nó aon chion ina dhiaidh sin faoin alt seo, fíneáil nach mó ná céad punt agus (cibé acu arb é an chéad chion é nó nach ea), ordóidh an Chúirt, i gcás aon duine ar bord an bháid sin a bheith tar éis iascaireacht, nó iarracht ar iascaireacht, a dhéanamh fad a bhí an bád sin laistigh de na teorainneacha iascaigh eisiatacha sin, agus in aon chás eile féadfaidh sí a ordú, go ndéanfar aon iasc agus aon ghléas iascaireachta a gheofar ar an mbád sin a fhorghéilleadh.

Toirmeasc ar mhodhanna áirithe trálaeireachta laistigh de theorainneacha iascaigh eisiatacha an Stáit.

223. —(1) Féadfaidh an tAire ó am go ham, le fodhlí, toirmeasc a chur (go hiomlán nó, mura rud é go gcomhlíonfar cibé coinniollacha is cuí leis an Aire a chur san fhodhlí sin, de réir mar is rogha leis an Aire agus mar a shonrófar san fhodhlí sin) ar úsáid a bhaint laistigh d'uiscí aon limistéir shonraithe (is limistéar atá laistigh de theorainneacha iascaigh eisiatacha an Stáit), i mbád ar bith nó ó bhád ar bith, nó i mbád nó ó bhád de chineál sonraithe, de réir mar a shonrófar san fhodhlí sin, as aon mhod trálaeireachta nó saighneoireachta (lena n-áirítear iascaireacht le haon chineál lín a tharraingítear feadh grinneall na farraige, cibé acu le bád ar gluaiseacht nó le haon fhearas meicniúil i mbád ar ancaire é), agus féadfar fodhlíthe éagsúla a dhéanamh maidir le cineálacha éagsúla bád agus modhanna éagsúla iascaireachta.

(2) Gach duine a ghníomhóidh nó a thabharfaidh faoi ghníomhú contrártha d'aon fhodhlí arna dhéanamh faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear, i gcás an chéad chion faoin alt seo, fíneáil nach mó ná dhá chéad punt a chur air, agus i gcás an dara cion nó aon chion ina dhiaidh sin faoin alt seo fíneáil nach mó ná cúig chéad punt.

(3) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo, beidh aon ghléas iascaireachta lena ndearnadh an cion ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

(4) Más rud é—

(a) go ndearnadh an tríú cion nó aon chion ina dhiaidh sin faoin alt seo ar bord an bháid chéanna, cibé acu arb é an duine céanna a chiontófar ar gach ócáid díobh nó nach é, agus

(b) go raibh an bád sin, tráth an chiona sin a dhéanamh, ar úinéireacht nó ar páirt-úinéireacht ag duine arbh é úinéir nó páirt-úinéir an bháid sin é an tráth a rinneadh na cionta roimhe sin,

féadfaidh an Chúirt, i dteannta aon phionós nó pionóis eile faoin alt seo, a ordú an bád sin a fhorghéilleadh.

(5) Aon fhodhlí a rinneadh faoin Steam Trawling (Ireland) Act, 1889, agus a bheidh, de bhua alt 46 den Acht Iascaigh (Athscrúdú an Dlí Reachtúil), 1949 ( Uimh. 27 de 1949 ), i bhfeidhm díreach roimh an dáta feidhme, leanfaidh sé de bheith i bhfeidhm, d'ainneoin athghairm an Achta dheiridh sin a luaitear agus measfar gur fodhlí arna dhéanamh faoin alt seo é.

Cionta eile maidir le báid iascaireachta mara laistigh de theorainneacha iascaigh eisiatacha an Stáit.

224. —(1) Más rud é—

(a) go bhfaighfear aon bhád iascaireachta mara lena mbaineann Chuid IV den Merchant Shipping Act, 1894, laistigh de theorainneacha iascaigh eisiatacha an Stáit gan na páipéir oifigiúla a eisíodh de bhun an Achta sin i leith an bháid sin a bheith ar bord, nó

(b) go bhfaighfear aon bhád iascaireachta mara eile laistigh de theorainneacha iascaigh eisiatacha an Stáit gan páipéir oifigiúla a bheith ar bord chun náisiúntacht an bháid sin a léiriú,

beidh máistir an bháid sin ciontach i gcion faoin alt seo agus beidh sé inphionósaithe dá réir sin.

(2) Má thagann aon bhád iascaireachta mara lena mbaineann Cuid IV den Merchant Shipping Act, 1894, laistigh de theorainneacha iascaigh eisiatacha an Stáit gan litir nó litreacha agus uimhir a bheith uirthi de réir na rialachán i dtaobh litreacha agus uimhreacha a chur ar bháid iascaireachta mara, a rinneadh faoin Acht sin agus a bhaineann leis an mbád sin, beidh máistir an bháid iascaireachta mara sin ciontach i gcion faoin alt seo agus beidh sé inphionósaithe dá réir sin.

(3) Má mhainníonn aon bhád iascaireachta mara laistigh de theorainneacha iascaigh eisiatacha an Stáit déanamh de réir na bhforálacha, i leith na soilse atá le hiompar agus le taispeáint, atá sna rialacháin chun iombualadh ar muir a chosc a rinneadh faoi alt 418 den Merchant Shipping Act, 1894, agus a bhaineann leis an mbád sin, beidh máistir an bháid sin ciontach i gcion faoin alt seo agus beidh sé imphionósaithe dá réir sin.

(4) I gcás gníomh nó neamhghníomh a bheith ina chion faoin alt seo agus fós faoin Merchant Shipping Act, 1894, féadfar an ciontóir a ionchúiseamh agus a phionósú faoin alt seo nó faoin Merchant Shipping Act, 1894.

(5) Gach duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo dlífear, ar a chiontú ann go hachomair fíneáil nach mó ná céad punt a chur air.

Caibidil III.

Forálacha a bhaineann le hIasc Mara róbheag.

Iasc mara róbheag.

225. —(1) Féadfaidh an tAire, aon uair agus gach uair is cuí leis é, a dhearbhú, le hordú, gur iasc róbheag, chun críocha na Caibidle seo, aon chineál sonraithe éisc mara a bheidh, arna thomhas ar an modh a ordófar leis an ordú sin, faoi bhun na dtomhas sonraithe, agus, aon uair a dhéanfar ordú faoin alt seo maidir le haon chineál áirithe éisc mara, ansin, fad a bheidh an t-ordú sin i bhfeidhm, is iasc róbheag, chun críocha na Caibidle seo, gach iasc mara den chineál sin a bheidh faoi bhun na dtomhas sonraithe.

(2) Aon ordú a dhéanfar faoin alt seo maidir le hiasc mara de chineál áirithe féadfaidh sé faid éagsúla a shonrú maidir le hiasc mara den chineál sin a bheidh iomlán nó a mbeidh aon chodanna bainte díobh nó astu.

(3) Féadfaidh ordú faoin alt seo baint le cineálacha éagsúla éisc mara agus sa chás sin féadfaidh forálacha difriúla a bheith ann maidir le gach cineál éisc mhara lena mbaineann an t-ordú.

Srian le cineálacha áirithe líonta iascaireachta a iompar ar bháid iascaireachta mara.

226. —(1) Féadfaidh an tAire, aon uair agus gach uair is cuí leis é, a dhearbú, le hordú, go bhfuil sé neamhdhleathach aon líon le haghaidh iascaireacht mhara a iompar ar bord aon bhád iascaireachta mara Éireannach i limistéar sonraithe nó ar bord aon bháid iascaireachta mara eile sa mhéid (más an mhéid é) den limistéar sin atá laistigh de theorainneacha iascaigh eisiatacha an Stáit mura bhfuil an líon sin déanta ar an gcuma, agus mogall uirthi chomh mór ar a laghad leis an mogall, a shonrófar san ordú sin.

(2) Aon ordú a dhéanfar faoin alt seo—

(a) féadfaidh sé baint a bheith aige le níos mó ná limistéar amháin, agus sa chás sin féadfaidh forálacha éagsúla a bheith ann maidir le gach limistéar ar leith lena mbainfidh sé;

(b) féadfaidh sé modhanna éagsúla déantóireachta agus íos-mhéideanna éagsúla mogall a shonrú le haghaidh iascaireachta cineálacha éagsúla éisc mhara, le haghaidh modhanna éagsúla iascaireachta, le haghaidh iascaireachta i limistéir éagsúla agus le haghaidh iascaireachta le linn tréimhsí éagsúla;

(c) féadfaidh sé a ordú cad é an tslí ina ndéanfar na híosmhéideanna a shonrófar san ordú sin do na mogaill a thomhas chun críocha an ordaithe sin;

(d) féadfaidh sé, i gcás aon chineál líonta, íos-mhéideanna éagsúla a shonrú do mhogall na líonta agus iad tirim nó fliuch agus sula gcuirfear ábhair leasaitheacha orthu nó tar éis iad a chur orthu.

(3) Más rud é, aon uair a bheidh ordú faoin alt seo i bhfeidhm, go n-iomprófar aon líon ar bord aon bháid iascaireachta mara contrártha don ordú sin, beidh gach duine acu seo a leanas, eadhon, máistir, úinéir agus cairtfhostóir (más ann) an bháid sin, ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air.

(4) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo, beidh aon líon a ndearnadh an cion ina leith ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

Srian le deiseanna a iompar a chúngódh mogall lín.

227. —(1) Ní dleathach aon deis a iompar ar bord aon bháid iascaireachta mara Éireannaigh in áit ar bith, ná ar bord aon bháid iascaireachta mara eile laistigh de theorainneacha iascaigh eisiatacha an Stáit, is deis lena bhféadfaí an mogall in aon chuid de líon a bheidh á iompar an tráth sin ar bord an bháid sin a chúngú nó a laghdú ar shlí ar bith eile.

(2) Má iompraítear aon deis ar bord báid iascaireachta mara contrártha don alt seo, beidh gach duine acu seo a leanas, eadhon, máistir, úinéir agus cairtfhostóir (más ann) an bháid sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air.

(3) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo beidh aon deis a ndearnadh an cion ina leith ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

Toirmeasc ar iasc mara atá róbheag, a bheith ar seilbh, lena ndíol, ar aon bháid iascaireachta mara.

228. —(1) Ní dleathach aon iasc mara atá róbheag a bheith ar seilbh, lena ndíol, ar bord aon bháid iascaireachta mara Éireannaigh in áit ar bith ná ar bord aon bháid iascaireachta mara eile laistigh de theorainneacha eisiatacha iascaigh an Stáit.

(2) Má dhéantar sárú ar an alt seo ar bord aon bháid iascaireachta mara, beidh gach duine acu seo a leanas, eadhon, máistir, úinéir agus cairthfhostóir (más ann) an bháid sin, ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air.

(3) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo, ordóidh an Chúirt an t-iasc mara, arb é a sheilbh ab ábhar don chion sin, a dhíothiú, mura bhfuil an t-iasc mara sin díothaithe cheana féin.

(4) In aon imeachtaí faoin alt seo beidh seilbh aon éisc mhara ar bord báid iascaireachta mara ina fhianaise prima facie gur lena dhíol a bhí an t-iasc mara sin ar seilbh amhlaidh.

Toirmeasc ar iasc mara atá róbheag a chur i dtír, a dhíol, etc.

229. —(1) Ní dleathach do dhuine ar bith aon iasc mara atá róbheag a chur i dtír, a dhíol, a thaispeáint chun a dhíolta ná a shealbhú chun a dhíolta.

(2) Duine ar bith a ghníomhóidh contrártha don alt seo beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air.

(3) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo, ordóidh an Chúirt an t-iasc mara, arb é a sheilbh ab ábhar don chion sin, a dhíothú mura bhfuil an t-iasc mara sin díothaithe cheana féin.

(4) Chun críocha aon imeachtaí faoin alt seo—

(a) beidh seilbh éisc mhara ag duine ar bith ar aon mhargadh nó in aon siopa nó ag aon mhangaire ceadúnaithe in áit ar bith ina fhianaise prima facie gur chun a dhíolta atá an t-iasc sin ar seilbh amhlaidh.

(b) Má fhaightear aon iasc mara i seilbh duine ar bith ar chósta na mara nó ina aice measfar, mura bhfuil fianaise ar a mhalairt, gurb é an duine sin a chuir i dtír é.

Forálacha maidir le horduithe.

230. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, aon ordú arna dhéanamh aige faoin gCaibidil seo a chúlghairm nó a leasú.

(2) Gach ordú a dhéanfaidh an tAire faoin gCaibidil seo—

(a) foilseofar san Iris Oifigiúil é a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, agus

(b) sonrófar ann an dáta (nach luaithe ná ceithre lá dhéag tar éis a fhoilsithe san Iris Oifigiúil) a thiocfaidh an t-ordú sin i bhfeidhm.

Cumhachtaí chun iasc mara, etc., a iniúchadh, a scrúdú agus a choinneáil.

231. —(1) Tugtar údarás agus cumhacht leis seo do gach oifigeach cosanta iascaigh mhara gach ní nó aon ní acu seo a leanas a dhéanamh, is é sin le rá:—

(a) aon duine a bheidh, nó a chreidfear a bheith, ag iompar éisc mhara de chineál ar bith a stopadh agus a chuardach agus aon iasc mara a gheofar ar iompar ag an duine sin a iniúchadh agus chuige sin aon fheithicil nó pacáiste a mbeidh, nó a mb fhéidir go mbeadh nó a gcreidfear go bhfuil an t-iasc mara sin á iompar ann a oscailt agus a chuardach;

(b) dul isteach, agus saorchead a bheith aige istigh, gach tráth réasúnach—

(i) in aon áitreabh a ndéantar, nó a gcreidtear go ndéantar, iasc a dhíol, a choinneáil, a thaispeáint nó a stóráil chun a dhíolta ann, nó

(ii) in áitreabh aon duine a bhíonn ag gabháil do ghnó iompair earraí ar luach saothair, nó

(iii) ar aon phiara, cé, caladh, lamairne, duga nó áitreabh duga, nó

(iv) in aon long, bád, vaigín iarnróid, leoraí, cairt, nó árthach nó feithicil eile a úsáidtear chun earraí a iompar;

(c) an t-iasc mara go léir a gheofar in aon áit a n-údaraítear dó leis an alt seo dul isteach ann a scrúdú agus chuige sin aon phacáiste a oscailt a gheofar san áit sin agus a mbeidh, nó a gcreidfear go bhfuil, iasc mara ann;

(d) aon bhád a stopadh a úsáidtear, nó a chreidtear a bheith á húsáid, le haghaidh iascaireachta, nó a mbeidh, nó a mbeifear in amhras go bhfuil, iasc mara atá róbheag inti, dul isteach inti agus í a chuardach agus an t-iasc go léir agus na líonta agus na gléasanna eile go léir chun iascaireachta a gheofar inti a scrúdú, agus chuige sin aon phacáiste a oscailt a mbeidh, nó a mbeifear in amhras go bhfuil, aon iasc, líonta nó gléasanna eile mar a dúradh ann;

(e) aon iasc mara (i dteannta nó in éagmais aon phacáiste ina mbeidh siad) a gheofar nuair a bheifear ag feidhmiú aon chumhachta dá dtugtar leis an alt seo agus a mbeidh, nó a mbeifear in amhras go bhfuil, cion faoin gCaibidil seo á dhéanamh ina leith a thógáil, a aistriú, agus a choinneáil faoina choimeád;

(f) aon líon nó gléas eile le haghaidh iascaireachta, nó aon earra a ndlitear, nó a gcreidfear go ndlitear, é a fhorghéilleadh faoin gCaibidil seo, a thógáil, a aistriú, agus a choinneáil faoina choimeád;

(g) ainm agus seoladh an duine a mbeidh ina choimeád aon iasc mara nó aon earra eile a údaraítear dó faoin alt seo a scrúdú a éileamh agus a thógáil, agus fós ainm agus seoladh úinéir an éisc mhara sin nó an earra eile sin a éileamh ar an duine sin agus a thógáil uaidh.

(2) I gcás ina gcoinneoidh oifigeach cosanta iascaigh mhara aon iasc mara nó earra eile ina choimeád faoi údarás an ailt seo, déanfaidh sé, a luaithe is caothúil, cibé bearta is cuí chun go ndéileálfar de réir an dlí leis an duine a bheidh ciontach, nó a chreidfear a bheith ciontach, sa chion a rinneadh, nó a chreidfear a rinneadh, maidir leis an iasc mara sin nó leis an earra eile sin.

(3) I gcás ina gcoinneoidh oifigeach cosanta iascaigh mhara aon iasc mara ina choimeád faoi údarás an ailt seo agus gur dócha go dtiocfaidh an t-iasc mara sin chun a bheith neamhoiriúnach mar bhia do dhaoine sula mbeidh sé caothúil ag aon chúirt déileáil leis an ábhar, tabharfaidh sé an t-iasc mara sin ar aird do Fheidhmeannach Síochána, agus má údaraíonn an Feidhmeannach Síochána sin dó é díothóidh sé an t-iasc mara sin.

(4) Aon Fheidhmeannach Síochána a dtabharfar aon iasc mara ar aird dó de bhun an ailt seo, déanfaidh sé, más é a thuairim gur cheart sna himthoscaí an t-iasc mara a dhíothú, deimhniú i scríbhinn a thabhairt don oifigeach cosanta iascaigh mhara a thabharfaidh an t-iasc mara ar aird agus tabharfaidh an deimhniú sin tuairisc ar an iasc mara agus ar aon mharcanna, airíona nó sonraí eile ina thaobh a thaispeánfaidh an t-oifigeach sin dó agus údaróidh sé don oifigeach sin an t-iasc mara a dhíothú, agus beidh an deimhniú sin ina fhianaise dhochloíte i ngach cúirt ar gach ábhar fíoras den sórt a dúradh a bheidh luaite ann.

(5) Ní bheidh dliteanas ar dhuine ar bith i leith aon chaillteanais nó damáiste a thiocfaidh de dhroim nó i gcúrsa aon chumhachta a fheidhmiú dá dtugtar dó leis an alt seo murarbh é an duine sin, go hainrianta nó go mailíseach dó, ba chúis leis an gcaillteanas nó an damáiste sin.

(6) Gach duine—

(a) a choiscfidh nó a bhacfaidh aon oifigeach cosanta iascaigh mhara agus é ag feidhmiú aon chumhachta dá dtugtar don oifigeach sin leis an alt seo, nó

(b) a dhiúltóidh nó a mhainneoidh a ainm agus a sheoladh a thabhairt nuair a éileoidh oifigeach cosanta iascaigh mhara air é go dleathach faoin alt seo nó a thabharfaidh ainm nó seoladh a bheidh bréagach nó míthreorach, nó

(c) a dhiúltóidh nó a mhainneoidh ainm agus seoladh aon duine eile a thabhairt nuair a éileoidh oifigeach cosanta iascaigh mhara air é go dleathach faoin alt seo agus gurb eol dó ainm agus an seoladh an duine eile sin nó a thabharfaidh ainm nó seoladh a bheidh bréagach nó míthreorach,

beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpunt a chur air nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná dhá mhí.

(7) Aon duine a n-éileoidh oifigeach cosanta iascaigh mhara a ainm agus a sheoladh air go dleathach faoin alt seo agus a dhiúltóidh a ainm agus a sheoladh a thabhairt nó a thabharfaidh, mar ainm nó seoladh dó, ainm nó seoladh a chreidfidh an t-oifigeach sin go réasúnach a bheith bréagach nó míthreorach, féadfaidh an t-oifigeach sin, gan barántas, an duine sin a ghabháil agus, sa chás sin, tabharfaidh sé é a luaithe is féidir os comhair Breithimh Dúiche nó, mura bhfuil aon bhreitheamh den sórt sin ar fáil láithreach, os comhair Feidhmeannaigh Síochána, agus air sin déileálfaidh an Breitheamh Dúiche nó an Feidhmeannach Síochána sin leis an duine sin de réir an dlí.

Caibidil IV.

Forálacha Foghabhálacha a bhaineann le Caibidlí II agus III de Chuid XIII.

Dliteanas máistir báid i leith cionta faoi Chaibidil II de Chuid XIII.

232. —I gcás aon chion faoi aon alt i gCaibidil II den Chuid seo a bheith déanta ag duine ar bith ar bord báid iascaireachta mara, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:—

(a) measfar máistir an bháid sin, murab é an ciontóir iarbhír é, ach gan dochar do dhliteanas an chiontóra sin, a bheith ciontach sa chion sin agus féadfar an dlí a chur air dá réir;

(b) má chúisítear máistir báid amhlaidh sa chion sin a dhéanamh, is cosaint mhaith dó a chruthú—

(i) go ndearna sé a dhícheall cuí chun cosc a chur le déanamh na ngníomhartha a líomhnaítear is ábhar don chion, agus

(ii) nach é féin go pearsanta a rinne na gníomhartha a líomhnaítear is ábhar don chion sin, agus

(iii) go ndearnadh na gníomhartha sin gan a thoiliú, a chúlcheadú ná a mhainneachtain thoiliúil, agus

(iv) nuair a cúisíodh sa chion sin é gur thug sé don duine a chúisigh é gach faisnéis a bhí ar a chumas maidir leis an duine a rinne na gníomhartha sin.

Cumhachtaí speisialta ag oifigigh chosanta iascaigh mhara chun Caibidlí II agus III de Chuid XIII a chur i bhfeidhm.

233. —(1) Féadfaidh gach oifigeach cosanta iascaigh mhara, chun Caibidil II den Chuid seo nó aon ionstraim arna déanamh fúithi a chur i bhfeidhm, nó chun Caibidil III den Chuid seo nó aon ordú arna dhéanamh fúithi a chur i bhfeidhm, gach ní nó aon ní acu seo a leanas a dhéanamh maidir le haon bhád iascaireachta mara laistigh de theorainneacha iascaigh eisiatacha an Stáit agus (faoi réir rialacha an Dlí Idirnáisiúnta) lasmuigh de na teorainneacha sin:—

(a) féadfaidh sé a ordú an bád sin a stopadh lena haithint nó le ligean dó dul ar bord;

(b) féadfaidh sé dul ar bord an bháid sin;

(c) féadfaidh sé a cheangal ar úinéir, máistir nó foireann an bháid sin, nó ar aon duine acu, aon deimhnithe cláraitheachta, ceadúnais, leabhair turais, páipéir nó doiciméid eile a bhaineann leis an mbád, nó leis an bhfoireann sin nó le haon chomhalta di, agus a bheidh i seilbh nó faoi urláimh aon duine acu sin faoi seach, eadhon, an t-úinéir, an máistir agus an fhoireann sin, a thabhairt ar aird, agus féadfaidh sé aon deimhnithe, ceadúnais, leabhair turais, páipéir nó doiciméid eile den chineál sin a iniúchadh agus sleachta a bhaint astu nó cóipeanna a dhéanamh díobh;

(d) féadfaidh sé a cheangal ar mháistir an bháid sin míniú a thabhairt maidir leis an mbád sin, agus maidir leis na deimhnithe cláraitheachta, na ceadúnais, na leabhair turais, na páipéir nó na doiciméid eile sin;

(e) féadfaidh sé an bád sin a chuardach;

(f) féadfaidh sé ainm agus seoladh aon duine ar bord an bháid sin a éileamh agus a thógáil;

(g) má bhíonn amhras air go bhfuil sárú ar fhorálacha Chaibidil II nó III den Chuid seo déanta ag aon duine ar bord an bháid sin, féadfaidh sé, gan toghairm, barántas ná próis eile, an bád sin agus gach duine ar bord an bháid sin a thabhairt go dtí an port is cóngaraí nó is caothúla agus, go dtí go ndéanfaidh sé na bearta a cheanglaítear le halt 234, an bád sin agus na daoine sin a choinneáil;

(h) féadfaidh sé, chun aon chumhacht dá dtugtar dó le haon cheann de na míreanna sin roimhe seo den fho-alt seo, cibé neart is gá leis a úsáid agus go háirithe, má dhiúltaítear nó má dhéantar neamhsuim d'ordú a thabharfaidh sé don bhád sin sa tslí a bheidh ordaithe le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire faoin alt seo, féadfaidh sé, tar éis dó a chur faoi deara gunna a scaoileadh mar chomhartha, lámhach leis an mbád sin nó isteach inti.

(2) Má choisceann nó má bhacann duine ar bith aon oifigeach cosanta iascaigh mhara agus é ag feidhmiú aon chumhachta dá dtugtar don oifigeach sin leis an alt seo, nó má dhiúltaíonn nó má mhainníonn sé déanamh de réir aon fhoréilimh nó treorach a dhéanfaidh nó a thabharfaidh an t-oifigeach sin go dleathach nó aon cheist a fhreagairt a chuirfidh an t-oifigeach sin chuige go dleathach de bhun an ailt seo, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo, agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air nó príosúnacht, i dteannta nó d'éagmais daoroibre, ar feadh aon téarma nach faide ná trí mhí.

(3) Ní dhéanfar aon chaingean ná imeachtaí dlí ar bith eile, sibhialta ná coiriúil, a thionscnamh in aon Chúirt maidir le haon ní a dhéanamh a údaraítear d'oifigeach cosanta iascaigh mhara a dhéanamh faoin alt seo, cibé acu oifigeach cosanta iascaigh mhara go pearsanta a dhéanfaidh an ní sin nó duine a bheidh ag gníomhú faoi orduithe oifigigh chosanta iascaigh mhara.

(4) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh maidir le haon ní dá dtagraítear san alt seo mar ní a ordaítear le rialacháin ón Aire faoin alt seo.

Bád agus daoine a choinneáil fad atá ionchúiseamh ar feitheamh.

234. —I gcás oifigeach cosanta iascaigh mhara a bheith, i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dó le halt 233, tar éis aon bhád agus na daoine ar bord an bháid sin a thabhairt go port, déanfaidh sé, a luaithe is féidir, máistir an bháid sin agus aon duine eile ar bord an bháid sin a mbeifear tar éis, nó ar tí, imeachtaí a thionscnamh ina choinne mar gheall ar aon chion faoi aon alt i gCaibidil II nó III den Chuid seo, a thabhairt os comhair Breithimh Dúiche nó, mura mbeidh aon Bhreitheamh Dúiche ar fáil láithreach, os comhair Feidhmeannaigh Shíochána, agus air sin, más deimhin leis an mBreitheamh Dúiche sin nó an leis an bhFeidhmeanach Síochána sin (cibé acu é) go bhfuiltear tar éis, nó ar tí, na himeachtaí sin a thionscnamh in aghaidh an mháistir nó an duine eile sin ceanglóidh sé, le hordú d'oifigeach cosanta iascaigh mhara nó d'oifigigh chosanta iascaigh mhara, ar an oifigeach nó ar na hoifigigh sin an bád sin agus gach duine ar bord an bháid sin a choinneáil ag port sonraithe sa Stát go dtí go mbeidh breith tugtha ag Breitheamh Dúiche ar na himeachtaí sin, agus déanfar an bád sin agus na daoine sin a choinneáil dá réir sin.

Bád a choinneáil fad a bheidh achomharc ar feitheamh i gcoinne ciontú i gcion faoi Chaibidil II nó III de Chuid XIII.

235. —(1) I gcás ina ndéanfaidh Breitheamh Dúiche duine a chiontú i gcion faoi aon alt i gCaibidil II nó III den Chuid seo agus é a dhaoradh chun aon fhíneáíl a íoc, agus an bád lena mbaineann an duine sin a bheith faoi choinneáil faoi alt 234, ceanglóidh an Breitheamh Dúiche sin le hordú d'oifigeach cosanta iascaigh mhara nó d'oifigigh chosanta iascaigh mhara, ar an oifigeach nó ar na hoifigigh sin, i gcás achomharc a thaisceadh i gcoinne an chiontaithe sin, an bád sin a choinneáil níos faide, go dtí go gcinnfear an t-achomharc sin, ag port sonraithe sa Stát, agus déanfar, faoi réir fhorálacha fho-alt (2) den alt seo, an bád sin a choinneáil dá réir sin.

(2) Má dhéantar ordú faoi fho-alt (1) den alt seo á cheangal bád ar bith a choinneáil go dtí go gcinnfear achomharc in aghaidh ciontú, féadfaidh Breitheamh Dúiche, má thugtar urús, is dóigh leis an mBreitheamh Dúiche sin a bheith sásúil, go n-íocfar, i gcás an ciontú sin a dhaingniú ar an achomharc sin, suim a shocróidh an Breitheamh Dúiche sin agus is leor faoi chomhair méid na fíneála agus na gcostas a dhámhfar (má dhámhtar) ar an gciontú sin, agus faoi chomhair luach measta an n-earraí (más ann) a forghéilleadh agus costais an inchúisitheora ar an achomharc sin, a ordú an bád sin a scaoileadh agus scaoilfear an bád sin dá réir sin.

Fíneáil a ghnóthú i gcás ciona faoi Chaibidil II nó III de Chuid XIII agus seilbh a aisghabháil ar earraí a forghéilleadh faoin gCaibidil sin II nó III.

236. —(1) Beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas maidir le fíneáil i gcás ciona faoi aon alt i gCaibidil II nó III den Chuid seo, agus maidir leis na costais (más ann) a ordófar a bheidh le híoc ag an duine a chiontófar sa chion sin, a ghnóthú:—

(a) socróidh an Chúirt tréimhse chun na costais agus an fhíneáil sin (más ann) a íoc;

(b) i gcás an bád lena mbaineann an duine sin a bheith, tráth éisteachta na n-imeachtaí i leith an chiona sin, faoi choinneáil faoi gCaibidil seo, ceanglóidh an Chúirt, le hordú d'oifigeach cosanta iascaigh mhara nó d'oifigigh chosanta iascaigh mhara, ar an oifigeach nó na hoifigigh sin an bád sin a choinneáil níos faide go dtí go n-íocfar an fhíneáil sin agus na costais sin (más ann), ag port sonraithe sa Stát, agus coinneofar an bád sin dá réir sin;

(c) mura n-íoctar an fhíneáil sin agus na costais sin (más ann) laistigh den tréimhse sin, féadfar an fhíneáil sin agus na costais sin (más ann) a ghnóthú trí thochsal agus tríd an mbád sin a dhíol;

(d) ní chuirfidh aon ní sna míreanna sin roimhe seo den fho-alt seo cosc leis an bhfíneáil sin agus na costais sin (más ann) a ghnóthú ón duine sin trí ghnáth-oibriú an dlí.

(2) Más rud é—

(a) go n-ordóidh cúirt, faoi Chaibidil II den Chuid seo, aon earra ar bord báid a fhorghéilleadh, nó go mbeidh sé, faoi Chaibidil II nó III den Chuid seo, ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim ciontú ag cúirt, agus

(b) go gcoinneofar an bád faoin gCaibidil seo,

féadfaidh an Chúirt, ar iarratas an ionchúísitheora, a údarú d'oifigeach cosanta iascaigh mhara, le hordú chun an oifigigh sin, an bád sin a choinneáil go dtí go ngabhfar seilbh ar an earra forghéillte, agus féadfar an bád sin a choinneáil dá réir sin.

(3) (a) I gcás earra ar bord báid a fhorghéilleadh faoi Chaibidil II nó III den Chuid seo, féadfaidh oifigeach cosanta iascaigh mhara a iarraidh ar mháistir an bháid sin cibé saoráidí a chur ar fáil (lena n-áirítear an bád a aistriú ó áit go háit agus nithe a dhéanamh ar nó leis an mbád sin, a trealamh nó a hinnealra) a iarrfaidh an t-oifigeach cosanta iascaigh mhara sin go réasúnach chun go bhféadfaidh sé seilbh a ghabháil ar an earra.

(b) Má fhaillíonn nó má dhiúltaíonn máistir báid déanamh de réir iarratas faoi mhír (a) den fho-alt seo, beidh sé ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air.

(4) Aon duine a choiscfidh nó a bhacfaidh go toiliúil oifigeach cosanta iascaigh mhara le linn dó bheith ag gabháil seilbhe ar aon earra a forghéilleadh faoi Chaibidil II nó III den Chuid seo, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus, ar a chiontú ann go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná trí mhí.

Caibidil V.

Forálacha eile maidir le hIascaigh Mhara.

Pionós mar gheall ar líonta faoi chlúdach canbháis, etc., a úsáid ar chósta na farraige nó in inbhear.

237. —(1) Más rud é go n-úsáidfidh duine ar bith, ar chósta na farraige nó laistigh d'aon inbhear, ach amháin chun iasc sliogach a dhreideáil, aon inneall iascaireachta faoi chlúdach canbháis, seithe nó ábhair eile, a bhféadfaí iasc róbheag a thógáil nó a dhíothú leis beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpunt a chur air.

(2) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo beidh aon inneall iascaireachta a ndearnadh an cion ina leith ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

Forálacha maidir le líonta scadán agus líonta eile.

238. —(1) Más dhéanann duine ar bith, i dtrátha an lae—

(a) aon líon chun scadáin a ghabháil nó aon traimil a shuíomh san fharraige nó i sruth taoide aon inbhir, nó

(b) aon líon scríbe nó aon líon eile a fhágáil san uisce,

beidh an duine sin ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpunt a chur air.

(2) (a) Duine ar bith a dhéanfaidh, i rith na tréimhse idir luí gréine agus éirí gréine, aon líon den sórt a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo a shuíomh, san fharraige nó i sruth taoide aon inbhir, agus nach ndéanfaidh an líon sin a tharraingt agus a aistriú roimh éirí gréine, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig phunt a chur air.

(b) I gcás duine a ionchúiseamh i gcion faoin bhfo-alt seo, is cosaint mhaith a chruthú gur stoirm obann nó drochaimsir a choisc air an líon a ndearnadh an cion a chúiseamh ina leith a tharraingt agus a aistriú.

(3) I gcás duine a chiontú i gcion faoi fho-alt (1) nó (2) den alt seo, beidh aon líon a ndearnadh an cion ina leith ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

(4) Ní bhainfidh fo-alt (1) ná fo-alt (2) den alt seo—

(a) le haon inneall seasmhach chun bradáin a ghabháil, ná

(b) le haon líon saighne, ná

(c) le haon sruth-líon chun pilséir nó iasc seachas scadáin a ghabháil, ná

(d) le haon líon, má údaraítear agus sa mhéid go n-údaraítear é a úsáid le fodhlíthe arna ndéanamh faoi fho-alt (5) den alt seo.

(5) Féadfaidh an tAire fodhlíthe a dhéanamh á údarú aon líon a úsáid i dtrátha an lae ar aon chuid den chósta nó de na hoileáin amach ón gcuid sin, mar a bhféadfar, i dtuairim an Aire, na líonta sin a úsáid i dtrátha an lae gan dochar do na hiascaigh.

Pionós mar gheall ar thrál nó traimil a úsáid contrártha do fhodhlíthe.

239. —(1) Duine ar bith a úsáidfidh aon trál nó traimil in aon séasúr nó in aon áit, san fharraige nó laistigh de shruth taoide aon inbhir, am nó in áit a mbeidh sé coiscthe é a úsáid le haon fhodhlí arna dhéanamh faoin Acht seo, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air.

(2) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo, beidh aon líon a ndearnadh an cion ina leith ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

Usáid cladach, etc., ag iascairí le haghaidh iascaireachta mara.

240. —(1) Féadfaidh gach iascaire agus gach duine a bheidh ar fostú ag iascaire—

(a) dul isteach ar aon chladach, trá agus dramh-thailte ar bord nó le hais na farraige nó aon inbhir, de réir mar is gá, chun iascaireachta mara a dhéanamh, agus

(b) a líonta a tharraingt aníos agus a leathadh agus a chuid éisc a thabhairt i dtír ar an gcladach, ar an trá nó an dramh-thalamh sin.

(2) Má chuireann duine ar bith in aghaidh aon duine eile nó má choisceann go foréigneach é agus é ag feidhmiú aon chirt dá dtugtar le fo-alt (1) den alt seo, beidh an duine céadluaite sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig phunt a chur air.

(3) Ní fhorléireofar fo-alt (1) den alt seo mar ní a údaraíonn aon fhearais nó innill sheasmhacha a chur suas ar aon chladach, trá nó dramh-thalamh ar bord nó le hais na farraige nó aon inbhir.

Usáid talún atá tadhlach le hionaid iascaireachta ag iascairí.

241. —(1) Gach faireoir, stiúrthóir agus giolla iascairí, agus gach duine de na hiascairí sin iad féin, a bheidh ag freastal de riachtanas ar na líonta nó ar an iascaireacht na tráthanna iascaireachta éisc mhara, féadfaidh siad dul isteach ar aon tailte (nach gairdín iata ná talamh curaíochta faoi bharr) atá in aice le nó tadhlach le haon ionad iascaireachta atá oiriúnach, áisiúil agus riachtanach le hiasc a fhaire agus iad a tharraingt nó a thabhairt chun cladaigh, agus san ionad sin faire a dhéanamh ar an iasc sin agus na hiascairí sin a stiúrú agus a threorú a bheidh ar muir agus ar chóstaí na farraige chun an t-iasc sin a thógáil.

(2) Má chuireann duine ar bith in aghaidh aon duine eile nó má choisceann go foréigneach é agus é ag feidhmiú aon chirt dá dtugtar le fo-alt (1) den alt seo, beidh an duine céadluaite sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig phunt a chur air.

Leapacha baoití.

242. —(1) Is dleathach d'úinéir nó d'áititheoir aon talún atá ag críochantacht leis an bhfarraige nó le haon inbhear, le cead an Aire, nó do dhuine ar bith, le toiliú an úinéara nó an áititheora sin agus le cead an Aire, leaba baoití a dhéanamh ar bhord na farraige (ach amháin ar chuid de ar láthair í do bhanc poiblí nó leaba phoiblí a thaithítear le haghaidh baoití) in aice na talún sin.

(2) Má dhéantar, i bhfeidhmiú na cumhachta a thugtar leis an alt seo, leaba baoití a phlandáil tadhlach le haon talamh, ansin, fad a bheidh an talamh sin ar úinéireacht nó ar áitíocht ag an duine a raibh sé ar úinéireacht agus ar áitíocht aige tráth an leaba baoití a phlandáil, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:—

(a) beidh an leaba baoití ina maoin phríobháideach ag an duine a phlandáil í (dá ngairtear an dílseánach san fho-alt seo), agus beidh urlámhas eisiatach ag an dílseánach uirthi,

(b) ní thabharfaidh plandáil na leapa baoití aon cheart ná teideal eisiatach chun áitíocht an chladaigh ach amháin chun críocha na leapa baoití,

(c) faoi réir mhír (a) den fho-alt seo ní chuirfidh plandáil na leapa baoití isteach ar fheidhmiú saor iomlán aon cheart poiblí iascaireachta ná aon cheart poiblí eile ar an gcladach nó feadh an chladaigh,

(d) má dhéanann duine ar bith, gan toiliú an dílseánaigh, cur isteach ar an leaba baoití nó aon bhaoite a thabhairt leis as an leaba baoití, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig phunt a chur air.

Báid iascaireachta agus gléasanna, etc., iascaireachta a thóg far as an bhfarraige a thabhairt go dtí an stáisiún Garda Síochána is cóngaraí.

243. —(1) Aon duine a gheobhaidh nó a thógfaidh as an bhfarraige aon bhád iascaireachta nó aon rigín, gléas nó gabhálas de chuid bád iascaireachta, nó aon líon, bulla, snámhán nó acra iascaireachta, déanfaidh sé, a luaithe is féidir é, é a sheachadadh don chomhalta den Gharda Síochána a bheidh i bhfeighil an staisiún Garda Síochána is cóngaraí agus measfar an comhalta sin a bheith ina ghníomhaire don ghlacadóir raice, agus cuirfidh sé é i gcoimeád an ghlacadóra.

(2) Duine ar bith a sharóidh go toiliúil fo-alt (1) den alt seo, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpunt a chur air.

CUID XIV.

Oisrí.

Caibidil I.

Mínithe.

Mínithe chun críocha Chuid XIV.

244. —Sa Chuid seo—

ceadúnaí.

ciallaíonn an focal “ceadúnaí”, maidir le haon cheadúnas leaba oisrí, an duine atá de thuras na huaire i dteideal an cheadúnais sin;

leaba oisrí cheadúnaithe.

ciallaíonn an abairt “leaba oisrí cheadúnaithe” leaba oisrí a bhfuil ceadúnas leaba oisrí i bhfeidhm ina leith;

úinéir.

ciallaíonn an focal “úinéir”, maidir le haon talamh, aon duine atá i dteideal na cíosanna agus na brabúis as talamh a shealbhú nó a fháil le haghaidh eastáit ar feadh a shaoil féin, nó ar feadh blianta is infhoirceanta ar a shaol féin, nó le haghaidh aon eastáit is mó ná sin, gan aon duine a áireamh atá i dteideal na talún sin de bhua aon léasa ar feadh saolta nó blianta ar cíos forlán;

ceadúnas leaba oisrí.

ciallaíonn an abairt “ceadúnas leaba oisrí” ceadúnas arb é atá ann—

(a) ceadúnas leaba oisrí (Acht 1845), nó

(b) ceadúnas leaba oisrí (Acht 1850), nó

(c) ceadúnas leaba oisrí (Acht 1866), nó

(d) ceadúnas leaba oisrí (Acht 1869), nó

(e) ceadúnas leaba oisrí (Acht 1959);

ceadúnas leaba oisrí (Acht 1845).

ciallaíonn an abairt “ceadúnas leaba oisrí (Acht 1845)” ceadúnas arna dheonú faoi alt 17 den Fisheries (Ireland) Act, 1845;

ceadúnas leaba oisrí (Acht 1850).

ciallaíonn an abairt “ceadúnas leaba oisrí (Acht 1850)” ceadúnas arna dheonú faoi alt 41 den Fisheries (Ireland) Act, 1850;

ceadúnas leaba oisrí (Acht 1866).

ciallaíonn an abairt “ceadúnas leaba oisrí (Acht 1866)” ceadúnas arna dheonú faoi alt 4 den Oyster Fishery (Ireland) Amendment Act, 1866;

ceadúnas leaba oisrí (Acht 1869).

ciallaíonn an abairt “ceadúnas leaba oisrí (Acht 1869)” ceadúnas arna dheonú faoi alt 14 den Fisheries (Ireland) Act, 1869;

ceadúnas leaba oisrí (Acht 1959).

ciallaíonn an abairt “ceadúnas leaba oisrí (Acht 1959)” ceadúnas arna dheonú faoi alt 245;

ordú um iascach oisrí.

ciallaíonn an abairt “ordú um iascach oisrí” ordú arb é atá ann—

(a) ordú um iascach oisrí (Acht 1884), nó

(b) ordú um iascach oisrí (Acht 1959);

ordú um iascach oisrí (Acht 1884).

ciallaíonn an abairt “ordú um iascach oisrí (Acht 1884)” ordú arna dhéanamh faoin Oyster Cultivation (Ireland) Act, 1884;

ordú um iascach oisrí (Acht 1959).

ciallaíonn an abairt “ordú um iascach oisrí (Acht 1959)” ordú arna dhéanamh faoi Chaibidil III den Chuid seo.

Caibidil II.

Ceadúnais Leaba Oisrí.

Ceadúnais leaba oisrí.

245. —(1) Féadfaidh an tAire, faoi reir alt 11 agus forálacha na Caibidile seo—

(a) ceadúnas a dheonú d'úinéir aon iascaigh eisiataigh nó d'úinéir leaba agus grinneall aon inbhir chun leaba oisrí a dhéanamh nó a phlandáil laistigh de theorainneacha an iascaigh eisiataigh sin nó thar an leaba agus an grinneall sin taobh thíos nó taobh thuas de dhiathrá rabhartaí,

(b) ceadúnas a dheonú d'úinéir nó d'áititheoir aon talún atá ag críochantacht leis an bhfarraige nó le haon inbhear nó, le toiliú an áititheora sin, do dhuine ar bith, chun leaba oisrí a dhéanamh nó a phlandáil ar an gcladach tadhlach leis an talamh sin taobh thuas nó taobh thíos de dhiathrá rabhartaí,

(c) ceadúnas a dheonú d'aon duine chun leaba oisrí a dhéanamh nó a phlandáil taobh thíos de dhiathrá rabhartaí.

(2) Ní dheonófar aon cheadúnas leaba oisrí chun leaba oisrí a chur ná a phlandáil—

(a) in aon áit ar dóigh leis an Aire iascaireacht oisrí as a bhfuil cion maith brabúis a bheith á fheidhmiú agus ar sealúchas bona fide ag an bpobal, ná

(b) laistigh de theorainneacha aon leaba oisrí nó aon iascach oisrí le haon duine príobháideach, ná

(c) laistigh de theorainneacha aon iascaigh eisiataigh gan toiliú i scríbhinn ó úinéir an iascaigh sin.

(3) Má dheonaítear ceadúnas leaba oisrí d'aon áititheoir ar thalamh atá ag críochantacht leis an bhfarraige nó le haon inbhear, nó d'aon duine le toiliú an áititheora sin, ní fhanfaidh an ceadúnas sin i bhfeidhm ach fad a bheidh áitíocht na talún sin ag an duine a bhí á áitiú tráth an ceadúnas sin a dheonú.

(4) Má dheonaítear ceadúnas d'aon duine le toiliú aon úinéara, ní fhanfaidh an ceadúnas sin i bhfeidhm ach ar feadh na tréimhse a ainmneofar sa toiliú sin.

(5) Ní dhéanfaidh ceadúnas leaba oisrí difir, ach amháin chun leapacha oisrí a dhéanamh nó a phlandáil, d'aon chearta i gcladach nó i ngrinneall nó ar chladach nó grinneall na farraige.

Foirm cheadúnas leaba oisrí.

246. —Sonróidh gach ceadúnas leaba oisrí, trí thagairt do léarscáil nó ar mhodh eile de réir mar is dóigh leis an Aire is fearr, suíomh agus teorainneacha na leapa oisrí lena mbainfidh sé agus féadfar coinníollacha agus teorainneacha a chur leis, agus, faoi réir fhorálacha fho-ailt (3) agus (4) d'alt 245, féadfaidh sé a bheith buan nó infhoirceanta, de réir mar is cuí leis an Aire.

Fiosrúchán i dtaobh iarratais ar cheadúnas leaba oisrí.

247. —I gcás ina ndéanfar iarratas chun an Aire ar cheadúnas leaba oisrí á údarú leaba oisrí a phlandáil nó a chur i láthair áirithe—

(a) cuirfidh an tAire faoi deara fiosrúchan poiblí a dhéanamh féachaint arbh fhóirstineach géilleadh don iarratas agus socrófar an t-am i gcaoi go bhféadfar fógra a thabhairt faoin bhfiosrúchán agus faoin áit i gceantar na láithreach sin chun a fiosrúchán sin a dhéanamh,

(b) cuirfidh an tAire faoi deara go dtabharfar, de réir alt 322, fógra (ina luafar go bhfuair sé an t-iarratas) faoi am agus áit an fhiosrúcháin sin,

(c) ceapfaidh an tAire oifigeach don Aire chun an fiosrúchán sin a dhéanamh,

(d) ní thabharfaidh an tAire aon bhreith ar an iarratas go dtí go mbeidh breithniú déanta aige ar thuarascáil an oifigigh sin.

Fógra i dtaobh ceadúnas, etc., a dheonú.

248. —I gcás ina ndéanfar ceadúnas leaba oisrí (Acht 1959) a dheonú—

(a) foilseofar fógra faoina dheonú i nuachtán éigin a léitear sa cheantar ina mbeidh an ceadúnas le feidhm a bheith aige,

(b) taiscfear cóip dhílis den cheadúnas le cláraitheoir contae an chontae ina mbeidh an ceadúnas le feidhm a bheith aige,

(c) beidh cóip den cheadúnas arna dheimhniú faoi láimh an chláraitheora chontae sin ina fhianaise ar an gceadúnas.

Eifeacht ceadúnas leaba oisrí.

249. —Beidh gach ceadúnas leaba oisrí (Acht 1959), mura ndéantar achomharc ina choinne faoi alt 11 nó má dhaingnítear é ar an achomharc sin, ina cheangal ar an Stát agus ar gach uile dhuine eile agus oibreoidh sé chun cibé cearta agus pribhléidí a thabharfar leis a dhílsiú sa cheadúnaí, a oidhrí, a sheiceadóirí, a riarthóirí agus a shannaithe, de réir a bhrí, saor ó gach ceart, teideal, eastát nó leas i dtosaíocht orthu nó de chineál ar bith eile.

Ceadúnais a fhoirceannadh le deimhniú ón Aire.

250. —(1) D'ainneoin aon ní in aon cheadúnas leaba oisrí, féadfar an ceadúnas sin a fhoirceannadh le deimhniú ón Aire á dheimhniú nach bhfuil sé sásta go bhfuil an láthair oisrí, laistigh de theorainneacha an cheadúnais sin, á shaothrú i gceart ag an gceadúnaí, agus, ar aon deimhniú den sórt sin a dhéanamh, foirceannfar go hiomlán an ceart a tugadh leis an gceadúnas sin.

(2) Chun críocha an ailt seo féadfaidh an tAire, ó am go ham maidir le haon cheadúnas leaba oisrí nó aon iascach oisrí ceadúnaithe, cibé fiosrúcháin agus scrúdúcháin a dhéanamh agus a cheangal ar an gceadúnaí cibé faisnéis a thabhairt is dóigh leis an Aire is gá, agus tabharfaidh an ceadúnaí gach saoráid le haghaidh na bhfiosrúchán agus na scrúdúchán sin agus tabharfaidh sé an t-eolas sin dá réir sin.

Ceadúnais leaba oisrí a chúlghairm.

251. —(1) Má fheictear don Aire nach ndearna an ceadúnaí faoi aon cheadúnas leaba oisrí nó a shannaithe laistigh den tréimhse trí bliana ó dháta an cheadúnais na bearta is cuí leis an Aire chun an leaba oisrí a luaitear sa cheadúnas sin a dhéanamh, féadfaidh an tAire, le hordú, an ceadúnas sin a chúlghairm.

(2) Sula ndéanfaidh an tAire ordú faoin alt seo ag cúlghairm ceadúnas leaba oisrí, cuirfidh sé faoi deara go ndéanfar fógra i scríbhinn go bhfuil sé chun an t-ordú sin a dhéanamh a sheir-bheáil ar an duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal an cheadúnais sin nó, mura féidir an duine sin a aimsiú, cuirfidh sé faoi deara an fógra sin a chur isteach mar fhógrán trí huaire ar a laghad i nuachtán éigin a léitear sa cheantar ina bhfuil an leaba oisrí a luaitear sa cheadúnas sin, agus ní dhéanfar aon ordú den sórt sin go ceann míosa tar éis an fógra sin a sheirbheáil nó ó dháta an fhógráin dheiridh acu sin.

Athrú ar cheadúnais leaba oisrí chun éifeacht a thabhairt d'aon chomhaontú.

252. —Féadfaidh an tAire aon cheadúnas leaba oisrí (Acht 1845) nó aon cheadúnas leaba oisrí (Acht 1850) a athrú nó aon cheadúnas leaba oisrí (Acht 1959) a dheonú ina ionad don cheadúnaí nó dá ionadaí chun éifeacht a thabhairt d'aon chomhaontú nó gealltanas a thug aon cheadúnaí den sórt sin nó a tugadh thar a cheann, nó a rinne sé nó a rinneadh thar a cheann, le duine ar bith tar éis dáta an cheadúnais sin.

Pionós mar gheall ar dhíobháil a dhéanamh do leapacha oisrí ceadúnaithe.

253. —Má dhéanann duine ar bith (seachas an ceadúnaí nó a shannaithe, a ghníomhairí, a sheirbhísigh agus a oibrithe) go feasach, laistigh de theorainneacha leaba oisrí cheadúnaithe, aon ní acu seo a leanas:—

(a) aon acra iascaireachta a úsáid, seachas ruaim agus duán nó líon atá cóirithe d'aontoisc le hiasc saor-shnáimh a ghabháil agus a úsáidtear ar chuma nach gcorrófar ná nach ndéanfar díobháil ar dhóigh ar bith d'aon leaba oisrí ná d'aon oisrí ná don iascach oisrí,

(b) dreidireacht le haghaidh aon bhallasta nó ábhair eile ach amháin faoi údarás dleathach chun loingseoireacht a fheabhsú,

(c) aon bhallasta, truflais nó substaint eile a chur síos,

(d) aon acra nó goireas, nó aon ní a bheidh dochrach nó ar dóigh dó bheith dochrach d'aon leaba oisrí nó d'aon oisrí nó d'álmhach nó sceith oisrí, nó don iascach oisrí, ach amháin le haghaidh críoch dhleathach loingseoireachta nó ancaireachta,

(e) aon leaba oisrí nó aon oisrí nó a n-álmhach nó a sceith sin, nó an t-iascach oisrí, a chorraí nó a dhíobhálú ar dhóigh ar bith, ach amháin mar a luaitear i mír (d) den alt seo,

(f) a bhainfidh le haon oisrí sa leaba sin nó a thógfaidh aon oisrí aisti gan toiliú cheadúnaí nó úinéir nó áititheoir na leapa sin,

beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:—

(1) beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear—

(i) i gcás an chéad chiona, fíneáil nach mó ná dhá phunt a chur air,

(ii) i gcás an dara cion, fíneáil nach mó ná cúig phunt a chur air,

(iii) i gcás an tríú cion nó aon chiona ina dhiaidh sin, fíneáil nach mó ná deich bpunt a chur air;

(2) Dlífidh an duine sin, cibé acu a rinneadh nó nach ndearnadh é a ionchúiseamh nó a chiontú sa chion sin, cúiteamh iomlán a dhéanamh leis an gceadúnaí sa damáiste go léir a bhain don cheadúnaí mar gheall ar ghníomh neamhdhleathach an duine sin, agus féadfar an cúiteamh sin a ghnóthú in aon chúirt dlínse inniúla.

Éifeacht ceadúnas leaba oisrí (Acht 1845) agus ceadúnas leaba oisrí (Acht 1850).

254. —Gach ceadúnas leaba oisrí (Acht 1845) nó ceadúnas leaba oisrí (Acht 1850) a bheidh i bhfeidhm ar dháta an Achta seo a rith, measfar éifeacht a bheith aige chun an ceart eisiatach oisrí a chur agus a phlandáil agus oisrí a iascaireacht sa leaba oisrí a údaraíodh a dhéanamh leis an gceadúnas sin a dhílsiú sa cheadúnaí, ina oighrí agus ina shannaithe, de réir bhrí agus éifeacht an cheadúnais sin agus saor ó gach ceart, teideal, eastát nó leas i dtosaíocht orthu nó de chineál eile.

Pionós mar gheall ar fhoghail a dhéanamh ar leaba oisrí cheadúnaithe.

255. —Duine ar bith a dhéanfaidh go toiliúil foghail ar aon leaba oisrí cheadúnaithe (ar dámhadh ceadúnas ina leith roimh an 7ú lá de Lúnasa, 1884) beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air.

Caibidil III.

Orduithe um Iascach Oisrí.

Cumhacht an Aire chun orduithe um iascach oisrí a dhéanamh.

256. —Faoi réir alt 11 agus fhorálacha na Caibidle seo, féadfaidh an tAire orduithe a dhéanamh chun iascach oisrí a bhunú nó a fheabhsú agus chun é a chothabháil agus a rialú ar chladach agus grinneall na mara nó inbhir nó abhann taoidmhire taobh thuas nó taobh thíos nó go páirteach taobh thuas agus go páirteach taobh thíos den mharc diathrá (agus gairtear an cladach sa Chaibidil seo den chladach agus den ghrinneall sin), agus, más inmhianaithe é, forálacha a chur iontu chun bord nó comhlacht corpraithe a bhunú chun críche an ordaithe sin, ar iarratas a fháil don Aire ó aon duine ar mian leis ordú den sórt sin a fháil.

Fógraí a fhoilsiú i dtaobh iarratais.

257. —Más rud é, tar éis breithniú a dhéanamh ar iarratas ar ordú um iascach oisrí (Acht 1959), gur dóigh leis an Aire go bhfuil sé oiriúnach dul ar aghaidh leis an gcás, cuirfidh an tAire faoi deara fógraí sa chéill sin a fhoilsiú agus a leathadh sa cheantar lena mbainfidh an t-ordú agus tabharfaidh sé fógra i dtaobh an iarratais i cibé slí is cuí leis chun eolas a thabhairt do gach páirtí leasmhar agus d'úinéirí nó d'úinéirí ainmne, do léasaithe nó do léasaithe ainmne agus d'áititheoirí nó d'áititheoirí ainmne, chomh fada agus is eol cé hiad nó is féidir a chinntiú cé hiad, i dtaobh na coda den chladach lena mbainfidh an t-ordú a bheidh beartaithe nó i dtaobh na dtailte atá tadhlach leis.

Agóidí agus uiríolla maidir le hordú um iascach oisrí (Acht 1959) a bheidh beartaithe.

258. —Ar feadh míosa amháin tar éis na fógraí a luaitear in alt 257 a fhoilsiú, glacfaidh an tAire le haon agóidí nó uiríolla a dhéanfar chuige i scríbhinn maidir leis an ordú um iascach oisrí (Acht 1959) a bheidh beartaithe agus lena mbainfidh na fógraí sin.

Fiosrúchán faoi ordú um iascach oisrí (Acht 1959) a bheidh beartaithe.

259. —Tar éis mí amháin i ndiaidh na fógraí a luaitear in alt 257 a fhoilsiú, maidir le hiarratas ar ordú um iascach oisrí (Acht 1959), ceapfaidh an tAire oifigeach don Aire chun fiosrúchán (a dtabharfar fógra cuí ina thaobh) a dhéanamh faoi ábhar an ordaíthe a bheidh beartaithe agus chun na críche sin suí nó suíonna a thionól i gcomharsanacht na coda den chladach lena mbainfidh an t-ordú a bheidh beartaithe agus ag an suí nó na suíonna sin aon fhianaise agus aon eolas a thabharfar a ghlacadh agus a fháil agus fiosrúchán a dhéanamh i dtaobh aon agóidí nó uiríolla a dhéanfar maidir leis an ordú a bheidh beartaithe, agus beidh cumhacht aige ó am go ham aon suí a chur ar atráth.

Ordú um iascach oisrí (Acht 1959) a dhéanamh.

260. —A luaithe is caothúil tar éis fiosrúchan a dhéanamh faoi iarratas ar ordú um iascach oisrí (Acht 1959), déanfaidh an tAire breithniú ar na hagóidí nó na huiríolla a rinneadh maidir leis an ordú a bheidh beartaithe agus air sin diúltóidh sé don iarratas nó déanfaidh sé ordú i cibé foirm, agus le cibé forálacha ann, is fóirsteanach leis.

Ordú um iascach oisrí a leasú.

261. —Féadfaidh an tAire ó am go ham, le hordú, ordú um iascach oisrí a leasú, agus na forálacha go léir a bhain le hordú um iascach oisrí bunaidh beidh feidhm acu freisin i gcás ordaithe leasúcháin arna mhodhnú mar is gá.

Éifeacht ordaithe um iascach oisrí (Acht 1959).

262. —Nuair a bheidh ordú um iascach oisrí (Acht 1959) déanta, ansin, laistigh de theorainneacha an iascaigh oisrí a bheidh ainmnithe ann, beidh ag an deontaí, de bhua an ordaithe, an ceart eisiatach chun oisrí a chur síos, a shíolrú, a dhreideáil agus a iascaireacht agus a thógáil, agus, i bhfeidhmiú an chirt sin, féadfaidh sé, laistigh de theorainneacha an iascaigh, leapacha oisrí a dhéanamh agus a chothabháil, agus, i séasúr ar bith, oisrí a bhailiú agus iad a aistriú ó áit go háit agus iad a chur síos in aon slí agus in aon áit is cuí leis, agus gach ní eile a dhéanamh is cuí leis chun toradh an iascaigh a fháil, a stóráil agus a chur de láimh nó chun an t-iascach a rialú.

Cumhachtaí deontaithe faoi ordú um iascach oisrí chun rialacháin a dhéanamh le hiascach oisrí a bhainistí.

263. —Chun iascach oisrí arna dheonú faoi ordú um iascach oisrí a chosaint, féadfaidh an deontaí nó na deontaithe, faoi lámha aon bheirte acu, má bhíonn thar bheirt ann, agus faoi réir thoiliú an Aire, cibé rialacháin is gá leo a dhéanamh le haghaidh bainistí an iascaigh sin.

Ceapadh maor ag deontaithe faoi orduithe um iascach oisrí.

264. —Chun iascach oisrí arna dheonú faoi ordú um iascach oisrí a chosaint, féadfaidh an deontaí nó na deontaithe, faoi lámha aon bheirte acu, má bhíonn thar bheirt ann, aon mhaor is dóigh leo is gá chun an t-iascach a chosaint a cheapadh, faoi réir thoiliú an Aire, ar chostas agus ar chaiteachas na ndeontaithe, agus féadfaidh aon mhaor a cheapfar amhlaidh aon rialacháin arna ndéanamh faoi alt 263 maidir leis an iascach oisrí sin a chur i bhfeidhm agus beidh aige gach cumhacht dá tugtar do mhaoir uisce leis an Acht seo.

Pionós mar gheall ar fhoghail ar iascach oisrí nó mar gheall ar a rialacháin a shárú.

265. —(1) Más rud é, maidir le haon iascach oisrí arna dheonú faoi ordú um iascach oisrí, go ndéanfaidh duine ar bith—

(a) foghail go toiliúil ar an iascach sin, nó

(b) gan é a bheith ina dheontaí nó gan cead i scríbhinn a bheith aige ón deontaí nó ó a deontaithe, nó, má bhíonn thar bheirt ann, ó dhá thrian de na deontaithe ar a laghad, aon oisrí a dhreideáil, a iascaireacht nó a thógáil, nó

(c) ina dheontaí dó nó ina dhuine a bheidh údaraithe go cuí mar a dúradh, aon oisrí a dhreideáil, a iascaireacht nó a thógáil contrártha d'aon rialachán arna dhéanamh faoi alt 263 maidir leis an iascach sin,

beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air.

(2) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo—

(a) mura mbeidh na hoisrí a ndearnadh an cion ina leith díolta. beidh na hoisrí sin ar forghéilleadh ma iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe, agus féadfaidh an Chúirt a ordú iad a sheachadadh do dheontaithe an iascaigh as ar tógadh iad,

(b) má bhíonn na hoisrí sin díolta, féadfaidh an Chúirt a ordú don duine sin suim is comhionann lena luach a íoc leis na deontaithe sin.

Orduithe um iascach oisrí a fhoirceannadh.

266. —(1) Má fheictear don Aire nach bhfuil an deontaí in aon ordú um iascach oisrí ag cothabháil an iascaigh oisrí a deonaíodh ann, féadfaidh an tAire, más cuí leis é, le hordú, an t-ordú um iascach oisrí sin a fhoirceannadh agus air sin beidh gach ceart agus pribhléid faoin ordú sin foirceannta go hiomlán agus beidh siad ar neamhní.

(2) Chun críocha fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh an tAire ó am go ham cibé fiosrúchán agus scrúdúchán a dhéanamh agus a cheangal ar an deontaí cibé eolas a thabhairt uaidh is dóigh leis an Aire a bheith riachtanach nó cuí, agus tabharfaidh an deontaí gach saoráid le haghaidh na bhfiosrúchán agus an scrúdúcháin sin agus tabharfaidh sé an t-eolas sin dá réir sin.

Gan ceart iascaigh eisiataigh a chúngú le hordú um iascach oisrí.

267. —Faoi réir alt 270 ní dhéanfaidh aon ordú um iascach oisrí cealú ná cúngú ar aon cheart iascaigh eisiataigh ná ar aon cheart ar aon chuid, nó chun aon choda, nó thar aon chuid den chladach, i gcás an ceart sin a bheith ar sealúchas ag duine ar bith faoi aon Acht, áitiúil nó speisialta, nó faoi aon chairt, litreacha paitinne, rúradh nó gnáthamh imchian, gan toiliú an duine sin.

Cóipeanna a choimeád d'orduithe um iascach oisrí.

268. —Coimeádfaidh an deontaí faoi ordú um iascach oisrí cóipeanna den ordú i gcónaí in áit oiriúnach éigin i gcomharsanacht na coda den chladach lena mbainfidh an t-ordú, agus díolfaidh sé na cóipeanna sin leis na daoine go léir ar mian leo a gceannach ar phraghas nach mó ná scilling an chóip.

Cosaint do chearta an Stáit.

269. —Más leis an Stát aon chuid den chladach a bheartaítear a áireamh in ordú um iascach oisrí (Acht 1959), ní dhéanfaidh an tAire an t-ordú gan toiliú an Aire Tionscail agus Tráchtála,

Alt 9 d'Acht Iascaigh na Sionainne, 1938 , a oiriúnú.

270. —In alt 9 d'Acht Iascaigh na Sionainne, 1938 ( Uimh. 7 de 1938 )—

(a) forléireofar na tagairtí i bhfo-ailt (2) agus (4) don Oyster Cultivation (Ireland) Act, 1884, mar thagairtí a fholaíonn tagairtí don Chaibidil seo,

(b) forléireofar na tagairtí, i bhfo-alt (3), d'alt 17 den Ouster Cultivation (Ireland) Act, 1884, mar thagairtí a fholaíonn tagairtí d'alt 267 den Acht seo.

Caibidil IV.

An Séasúr Coiscthe d'Oisrí.

An séasúr coiscthe d'oisrí.

271. —(1) San Acht seo ciallaíonn an abairt—

“an séasúr coiscthe d'oisrí”, maidir le haon áit,—

(a) i gcás fodhlí faoin Acht seo a bheith i bhfeidhm de thuras na huaire ag socrú na tréimhse ina mbeidh sé neamhdhleathach aon oisrí a dhreideáil, a thógáil, a ghabháil nó a dhíothú, an tréimhse a bheidh socraithe amhlaidh,

(b) in aon chás eile, an tréimhse dar tosach an 1ú lá de Bhealtaine aon bhliain agus dar críoch an 31ú lá de Lúnasa an bhliain sin.

(2) Bainfidh na forálacha atá leagtha amach sa Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo le fodhlíthe a athróidh an séasúr coiscthe d'oisrí.

Fodhlíthe á thoirmeasc oisrí a dhreideáil, etc., le linn tréimhse áirithe.

272. —(1) Féadfaidh an tAire, ar iarratas aon duine a bhfuil leas aige in iascach oisrí in áit áirithe, fodhlí a dhéanamh, faoi réir an Achta seo, á thoirmeasc, le linn cibé tréimhse (nach faide ná trí bliana) is cuí leis, oisrí nó álmhach oisrí a dhreideáil, a thógáil, a ghabháil nó a dhíothú san áit sin.

(2) Bainfidh na forálacha atá leagtha amach sa Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo le fodhlíthe a dhéanamh faoin alt seo.

Pionós mar gheall ar oisrí a dhreideáil, etc., le linn an tséasúir choiscthe d'oisrí nó le linn tréimhse arna sonrú i bhfodhlí faoi alt 272.

273. —(1) Duine ar bith in aon áit a dhreideálfaidh, a thógfaidh, a ghabhfaidh, nó a dhíothóidh nó a mbeidh faoina urláimh aige, nó a dhíolfaidh nó a cheannóidh aon oisrí nó álmhach oisrí le linn na tréimhse arb é an séasúr coiscthe d'oisrí é i gcás áite ar bith nó le linn aon tréimhse a bheidh sonraithe i bhfodhlí arna dhéanamh faoi alt 272 maidir leis an áit sin, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach lú ná deich scilling agus nach mó ná cúig phunt a chur air.

(2) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo, beidh aon oisrí nó álmhach oisrí a ndearnadh an cion ina leith ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

(3) Ní fhorléireofar aon ní i bhfo-alt (1) den alt seo mar ní a thugann go bhfuil sé neamhdhleathach—

(a) do dhílseánach aon leaba oisrí nó d'aon duine a ghabhann údarás faoi álmhach oisrí a aistriú as an leaba sin le linn an tséasúir choiscthe d'oisrí, nó

(b) do dhílseánach aon leaba oisrí nó d'aon duine a ghabhann údarás faoi álmhach oisrí a chur sa leaba sin le linn an tséasúir choiscthe d'oisrí.

Údarás chun oisrí a dhreideáil le linn an tséasúir choiscthe d'oisrí.

274. —(1) Féadfaidh an tAire, chun aon leaba oisrí is maoin eisiatach le duine ar bith a athlíonadh agus soláthar a dheanamh di, a údarú oisrí a dhreideáil agus a thógáil as aon leaba aiceanta phoiblí faoi chothrom an diathrá is ísle le linn rabhartaí i rith cibé cuid den séasúr coiscthe d'oisrí is cuí leis an Aire agus a shonróidh sé san údarú.

(2) Aon duine a thabharfaidh i dtír aon oisrí a dreideáladh nó a tógadh i rith aon chuid, a bheidh sonraithe in aon údarú faoi fho-alt (1) den alt seo, den séasúr coiscthe d'oisrí, nó aon duine a dhíolfaidh nó a thairgfidh lena ndíol oisrí den sórt sin nó aon duine a bhfaighfear oisrí den sórt sin ina sheilbh ar tír, nó aon duine a úsáidfidh oisrí den sórt sin chun aon chríche seachas mar athlíonadh nó soláthar d'aon leaba shaorga nó leaba eile dá luaitear san fho-alt sin (1), beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig phunt a chur air.

(3) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo beidh aon oisrí a ndearnadh an cion ina leith ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

Ordú á cheadú oisrí coigríche a thógáil, etc., le linn cuid den séasúr coiscthe d'oisrí.

275. —(1) Féadfaidh an tAire, ar iarratas ó aon duine a mbeidh aon iascach oisrí ina sheilbh nó leas aige ann, ordú a dhéanamh á cheadú aon oisrí coigríche a thógáil nó a bheith ar seilbh i rith cibé cuid den séasúr coiscthe d'oisrí is cuí leis an Aire a cheapadh chun na críche sin in aon cheantar nó áit.

(2) I gcás ina ndéanfar iarratas ar ordú faoin alt seo—

(a) cuirfidh an tAire faoi deara fiosrúchán poiblí a dhéanamh faoin iarratas sin,

(b) cuirfidh an tAire faoi deara go dtabharfar, de réir alt 322, fógra i dtaobh am agus áit an fhiosrúcháin sin,

(c) ceapfaidh an tAire oifigeach chun an fiosrúchán sin a dhéanamh,

(d) ní dhéanfaidh an tAire cinneadh ar bith i dtaobh an iarratais go dtí go mbeidh breithniú déanta aige ar thuarascáil an oifigigh sin.

Caibidil V.

Iascaigh Oisrí a Chosaint.

Cumhacht daoine a bhfuil leas acu i leapacha oisrí chun maoir uisce a cheapadh.

276. —(1) Aon dílseánach leaba oisrí nó comhchólachas daoine ag a bhfuil leas i gcosaint nó i bhfeabhsú iascaigh oisrí féadfaidh sé, chun an t-iascach oisrí sin a chosaint agus chun forálacha an Achta seo agus aon fhodhlíthe arna ndéanamh faoi a chur i bhfeidhm go cuí, aon duine a cheapadh chun bheith ina mhaor uisce.

(2) Na forálacha d'alt 294 a bhaineann le ceapadh maor uisce beidh feidhm acu maidir le maoir uisce a cheapadh faoin alt seo.

(3) Gach maor uisce a cheapfar faoin alt seo féadfaidh sé, maidir leis an iascach oisrí dá gceapfar é, aon chumhacht dá dtugtar leis an Acht seo do mhaor uisce arna cheapadh faoi alt 294 a fheidhmiú oiread agus is gá chun an t-iascach oisrí sin a chosaint agus chun forálacha an Achta seo agus aon fhodhlíthe arna ndéanamh faoi maidir le hiascaigh oisrí a chur i bhfeidhm go cuí.

Caibidil VI.

Ceadúnais chun Oisrí a Iascaireacht.

Srianta le hoisrí a thógáil.

277. —(1) Má thógann duine i gceantar iascaigh aon oisrí as iascach oisrí ar shlí seachas le hinneall iascaireachta oisrí a mbeidh ceadúnas iascaireachta oisrí i bhfeidhm ina leith de thuras na huaire á údarú an t-inneall iascaireachta oisrí sin a úsáid sa cheantar iascaigh sin, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil a chur air nach lú ná dhá oiread agus nach mó ná trí oiread na dleachta ceadúnais is iníoctha de thuras na huaire i leith ceadúnas iascaireachta oisrí.

(2) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo agus gur úsáideadh inneall iascaireachta oisrí ag déanamh an chiona sin, beidh an t-inneall iascaireachta oisrí sin ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

Forálacha maidir le ceadúnais iascaireachta oisrí.

278. —(1) Eiseoidh boird choimeádaithe, de réir an ailt seo, ceadúnais (dá ngairtear ceadúnais iascaireachta oisrí san Acht seo) maidir le hinnill iascaireachta oisrí.

(2) Bliain an tréimhse a n-eiseofar ceadúnais iascaireachta oisrí ina haghaidh.

(3) Beidh ceadúnas iascaireachta oisrí bailí agus i bhfeidhm in aghaidh na bliana a shonrófar chuige sin sa cheadúnas.

(4) Eiseofar ceadúnas iascaireachta oisrí ar leithligh i leith gach inneall iascaireachta oisrí ar leithligh.

(5) Gach ceadúnas iascaireachta oisrí a eiseoidh bord coimeádaithe cheantar iascaigh—

(a) is i cibé foirm a ordóidh an tAire a bheidh sé,

(b) luafar ann—

(i) an bhliain a mbeidh sé bailí agus i bhfeidhm ina haghaidh,

(ii) uimhir nó ainm an cheantair iascaigh sin,

(iii) an toghroinn (ar toghroinn den cheantar iascaigh sin í) inar eisíodh é,

(iv) an t-inneall iascaireachta oisrí lena mbaineann sé,

(v) ainm an duine chun ar eisíodh é,

(c) séalófar é le séala an bhoird choimeádaithe sin.

(6) Beidh ceadúnas iascaireachta oisrí ar fáil lena úsáid i gceantar iascaigh an bhoird choimeádaithe a d'eisigh é agus sa cheantar isacaigh sin amháin.

(7) Oibreoidh gach ceadúnas iascaireachta oisrí chun údaras a thabhairt an t-inneall iascaireachta oisrí a bheidh sonraithe ann a úsáid i gcaitheamh na bliana a bheidh sonraithe ann agus sa cheantar iascaigh a bheidh sonraithe ann, ach sin faoi réir fhorálacha na nAchtanna agus aon ionstraime arna déanamh fúthu.

Dleacht cheadúnais ar cheadúnais iascaireachta oisrí.

279. —(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, dhá phunt an dleacht cheadúnais a bheidh ar gach ceadúnas iascaireachta oisrí.

(2) Féadfaidh an tAire ó am go ham, le hordú, an dleacht cheadúnais i leith ceadúnas iascaireachta oisrí a athrú, ach sin i slí nach n-athrófar an dleacht cheadúnais i leith an cheadúnais sin ionas go mbeidh sé níos mó ná ceithre phunt.

(3) Má dhéantar an dleacht cheadúnais i leith ceadúnas iascaireachta oisrí a athrú faoi fho-alt (2) den alt seo, beidh an dleacht, arna hathrú amhlaidh, iníoctha i leith aon cheadúnas iascaireachta oisrí den sórt sin a bheidh bailí in aghaidh tréimhse a thosóidh an lú lá, nó tar éis an 1ú lá, den chéad Eanáir eile tar éis déanamh an ordaithe a rinne an t-athrú.

Ceart chun ceadúnas iascaireachta oisrí a fháil.

280. —I gcás ina n-iarrfaidh duine ceadúnas iascaireachta oisrí ar bhord coimeádaithe agus go dtairgfidh sé an dleacht cheadúnais is iníoctha de thuras na huaire ina leith eiseoidh an bord sin an ceadúnas sin chun an duine sin.

CUID XV.

Iasc Sliogánach (seachas Oisrí).

Leapacha diúilicíní, leapacha faochan agus leapacha ruacan a bheith faoi réim ailt 245 go 253.

281. —(1) Sroichfidh agus folóidh alt 245 leapacha diúilicíní, leapacha faochan agus leapacha ruacan, agus tugtar cumhacht leis seo don Aire na ceadúnais a luaitear san alt sin 245 a dheonú maidir leis na leapacha sin.

(2) Sroichfidh agus folóidh ailt 246 go 253 leapacha diúilicíní agus iascaigh dhiúilicíní, leapacha faochan agus iascaigh faochan agus leapacha ruacan agus iascaigh ruacan.

Diúilicíní a bheith faoi réim ailt 256 go 269.

282. —Bainfidh ailt 256 go 269 le diúilicíní, leapacha diúilicíní agusi ascaigh dhiúilicíní sa tslí chéanna ina mbaineann siad faoi seach le hoisrí, le leapacha oisrí agus le hiascaigh oisrí.

Séasúr coiscthe d'iasc sliogánach (seachas oisrí).

283. —(1) Féadfaidh an tAire, más cuí leis, fodhlí a dhéanamh chun tréimhse nó tréimhsí a shocrú i ngach bliain nach mbeidh sé dleathach iasc sliogánach (seachas oisrí) den chineál a bheidh sonraithe san fhodhlí a thógáil nó féachaint lena thógáil as aon áit a bheidh sonraithe san fhodhlí nó nach mbeidh sé dleathach iasc sliogánach (seachas oisrí) den chineál sin a tógadh as an áit sin a bheith ar seilbh nó ar urláimh nó é a dhíol nó féachaint lena dhíol, agus an tréimhse nó na tréimhsí a cheapfar amhlaidh maidir le haon áit le haon fhodhlí den sórt sin, is í nó is iad, fad a bheidh an fodhlí sin i bhfeidhm, an séasúr coiscthe d'iasc sliogánach (seachas oisrí) den chineál a bheidh sonraithe san fhodhlí san áit sin.

(2) Bainfidh na forálacha atá leagtha amach sa Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo le haon fhodhlí faoin alt seo a dhéanamh nó a athrú.

Fodhlíthe chun cosc a chur le tógáil éisc shliogánaigh (seachas oisrí) le linn tréimhse sonraithe.

284. —(1) Féadfaidh an tAire, ar iarratas ó aon duine leasmhar nó as a chonnlán féin, fodhlí a dhéanamh chun tréimhse (nach faide ná trí bliana) a cheapadh nach mbeidh sé dleathach iasc sliogánach (seachas oisrí) den chineál a bheidh sonraithe san fhodhlí a thógáil nó féachaint lena thogáil as aon áit a bheidh sonraithe san fhodhlí.

(2) Bainfidh na forálacha atá leagtha amach sa Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo le déanamh aon fhodhlí faoin alt seo.

CUID XVI.

Portáin.

Pionós mar gheall ar phortáin inite áirithe a thógáil, etc.

285. —(1) Aon duine a thógfaidh nó a mbeidh ina sheilbh aige, nó a dhíolfaidh, a thaispeánfaidh chun a dhíolta, a choinsíneoidh chun a dhíolta nó a cheannóidh chun a dhíolta—

(a) aon phortán inite, cibé ainm faoina n-aithnítear é, a bheidh ag iompar scéithe a bheidh greamaithe d'adharc an phortáin nó do bhall seachtrach eile de, nó

(b) aon phortán inite, cibé ainm faoina a n-aithnítear é, a bheidh tar éis a bhlaosc a scoitheadh go haicearr roimhe sin,

beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair, dlífear, más é an chéad chion faoin alt seo aige é, fíneáil nach mó ná dhá phunt, agus, más é an dara cion nó cion ina dhiaidh sin faoin alt seo aige é, fíneáil nach mó ná deich bpunt, a chur air.

(2) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo beidh aon phortán a ndearnadh an cion ina leith ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

(3) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo maidir le haon phortán inite, is cosaint mhaith a chruthú gur beartaíodh an portán a úsáid mar bhaoite le haghaidh iascaireachta.

CUID XVII.

Pionóis mar gheall ar Chionta Ilghnéitheacha.

Pionós ar thriúr daoine nó níos mó a úsáidfidh foréigean, etc. ar dhaoine a bheidh ag oibriú iascaigh go dleathach.

286. —Má dhéanann triúr daoine nó níos mó, aon duine, nó má fhéachann siad le haon duine, a bheidh ag oibriú iascaigh go dleathach a bhac nó a chosc le foréigean, imeaglú nó bagairt, beidh gach duine de na ciontóirí agus gach duine a chabhraigh nó a neartaigh leo an tráth sin agus san áit sin ciontach i gcion faoin alt seo agus gach duine acu a chiontófar ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air.

Pionós mar gheall ar dhaoine a bheidh ag iascaireacht go dleathach a chosc.

287. —Má choisceann aon duine duine ar bith a bheidh ag gabháil go dleathach d'iascaireacht nó ag dul chun iascaireacht dleathach a dhéanamh nó ag filleadh uaidh, beidh an duine céadluaite sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig phunt a chur air.

Pionós mar gheall ar inneall iascaireachta a shuí d'fhonn iasc a chosc ó dhul isteach i líonta a bheidh curtha go dleathach.

288. —(1) Má dhéanann aon duine aon inneall iascaireachta a shuí go toiliúil agus go mailíseach d'fhonn iasc a chosc ó dhul isteach i líonta aon duine eile a bheidh curtha agus suite go dleathach, beidh an duine céadluaite sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig phunt a chur air.

(2) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo, beidh aon inneall iascaireachta a ndearnadh an cion ina leith ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

Pionós mar gheall ar gan ainmneacha na n-úinéirí a bheith péinteáilte ar bháid iascaireachta.

289. —(1) Beidh ainm agus seoladh áit chónaithe úineára, nó dhuine d'úinéirí má bhíonn níos mó ná úinéir amháin ann, gach báid iascaireachta péinteáilte, i gcarachtair nó litreacha soiléire, soléite nach lú ná dhá orlach ar fad, ar chuid fheiceálach éigin den bhád sin.

(2) Más rud é, i gcás aon bháid iascaireachta, nach gcomhlíonfar forálacha fho-alt (1) den alt seo, beidh an t-úinéir nó aon duine a bheidh ag úsáid an bháid sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná dhá phunt a chur air.

Pionós ar dhaoine a chaithfidh ballasta amach in áiteanna míchearta.

290. —Má dhéanann aon duine ballasta árthaigh nó aon chuid dá ballasta a chaitheamh amach nó a dhíluchtú aisti in aon inbhear, cuan nó áit, ansin, mura mbeidh an caitheamh amach nó an díluchtú sin ceadaithe ag an Aire nó le rialacháin áitiúla an chuain nó na háite sin, beidh gach duine díobh seo a leanas, eadhon, an duine sin, máistir an árthaigh sin agus úinéir an árthaigh sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpunt a chur air.

Pionós mar gheall ar rabhadh a thabhairt do dhaoine a bheidh ag iascaireacht go mídhleathach.

291. —Gach duine a thabharfaidh nó a chuirfidh faoi deara go dtabharfar aon chomhartha nó rabhadh, nó a chuideoidh nó a chabhróidh le tabhairt aon chomhartha nó rabhaidh, d'aon duine a bheidh ag iascaireacht go mídhleathach go bhfuil aon mhaor uisce, oifigeach do bhord coimeádaithe nó comhalta den Gharda Síochána ag teacht, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig phunt a chur air.

CUID XVIII.

Cumhachtaí Maor Uisce, Oifigeach agus Seirbhíseach na mBord Coimeádaithe, an Gharda Síochána agus Daoine eile chun an tAcht seo a chur i bhFeidhm.

Léiriú Chuid XVIII.

292. —Sa Chuid seo—

ciallaíonn an abairt “duine údaraithe” aon duine is—

(a) comhalta den Gharda Síochána, nó

(b) maor uisce príobháideach, nó

(c) cigire do bhord coimeádaithe, nó

(d) maor uisce coimeádaithe, nó

(e) oifigeach arna cheapadh ag an Aire;

ciallaíonn an abairt “maor uisce coimeádaithe” maor uisce arna cheapadh ag bord coimeádaithe;

ciallaíonn an abairt “maor uisce príobháideach” maor uisce arna cheapadh faoi alt 294;

ciallaíonn an abairt “maor uisce” duine is—

(a) maor uisce coimeádaithe, nó

(b) maor uisce príobháideach.

Srianta le feidhmiú na gcumhachtaí a thugtar do chomhaltaí agus d'oifigigh bhord coimeádaithe.

293. —(1) Ní bheidh na cumhachtaí a thugtar leis an gCuid seo do mhaor uisce príobháideach infheidmithe ach amháin chun na hiascaigh a bheidh sonraithe ina ionstraim cheapacháin a chosaint.

(2) Ní bheidh na cumhachtaí a thugtar leis an gCuid seo do chomhalta de bhord coimeádaithe nó do chigire nó maor uisce arna cheapadh ag bord coimeádaithe do cheantar iascaigh infheidhmithe ach amháin chun na hiascaigh i gceantar iascaigh an bhoird sin a chosaint, agus chun an tAcht seo agus aon ionstraim arna déanamh faoi a chur i bhfeidhm sa cheantar iascaigh sin.

Maoir uisce a cheapadh ag daoine a bhfuil leas acu in iascaigh.

294. —(1) Féadfaidh gach duine díobh seo a leanas—

(a) aon duine a bhfuil leas aige i gcaomhnú éisc aon abhann nó locha,

(b) aon daoine atá eagraithe acu féin i gcumann chun aon iascach in aon abhainn nó loch a chaomhnú,

(c) úinéir aon iascaigh in aon abhainn nó loch,

(d) úinéir aon iascaigh bhradán ar chósta na farraige,

ó am go ham, le hionstraim i scríbhinn san fhoirm atá leagtha amach sa Séú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, aon duine a cheapadh ina mhaor uisce chun na hiascaigh a chosaint ar an gcuid sin de chósta na farraige nó in aon loch nó abhainn den sórt sin nó in aon chraobh-abhainn den chéanna.

(2) Ní ghníomhóidh duine a cheapfar ina mhaor uisce faoin alt seo sa cháil sin go dtí go ndaingneofar a cheapachán (daingniú a dhéanfar tríd an ionstraim cheapacháin a fhormhuiniú) ag aon Bhreitheamh Dúiche ar ina dhúiche a bheidh an maor uisce sin ceaptha chun gniomhú.

(3) Féadfaidh Breitheamh Dúiche, ar ghearán a dhéanamh chuige, ceapachán duine a ceapadh faoin alt seo ina mhaor uisce chun gníomhú i gceantar an Breithimh sin a chúlghairm agus air sin beidh ceapachán an duine sin ina mhaor uisce foirceannta.

(4) Dlífear dleacht stampa cúig scilling a íoc ar ionstraim lena gceapfar duine chun bheith ina mhaor uisce faoin alt seo.

(5) Aon duine a ghníomhóidh mar mhaor uisce príobháideach gan a cheapachán a bheith daingnithe faoi fho-alt (2) den alt seo nó tar éis a cheapachán a bheith cúlghairthe faoi fho-alt (3) den alt seo, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpunt a chur air.

Ionstraim cheapacháin mhaoir uisce ina bharántas dóthaineach chun cumhachtaí a fheidhmiú.

295. —(1) Is barántas dóthaineach i leith é d'fheidhmiú na gcumhachtaí a thugtar do dhuine údaraithe leis an Acht seo maor uisce coimeádaithe nó oifigeach eile do bhord coimeádaithe do thabhairt a ionstraime ceapacháin ar aird, ach ní gá dó an ionstraim sin a thabhairt ar aird ag feidhmiú na gcumhachtaí sin dó mura gceanglófar air ar dtús í a thabhairt ar aird.

(2) Is barántas dóthaineach i leith é d'fheidhmiú na gcumhachtaí a thugtar do mhaor uisce príobháideach leis an Acht seo maor uisce príobháideach do thabhairt a ionstraime ceapacháin ar aird arna formhuiniú mar fhoráiltear le halt 294.

Cumhachtaí ginearálta daoine údaraithe.

296. —(1) Féadfaidh aon duine údaraithe, chun críocha na n-iascach a chosaint, gach ní nó aon ní acu seo a leanas a dhéanamh:—

(a) dul isteach ar nó trí bhruacha nó imill, nó ar feadh bruacha nó imeall, aon lochanna nó aibhneacha nó chraobh-aibhneacha den chéanna, a ghnáthaíonn bradáin nó bric,

(b) dul isteach ar aon lochanna nó aibhneacha den sórt sin le báid nó ar mhodh eile,

(c) dul isteach agus scrúdú a dhéanamh ar gach cora, sliús, damba muilinn, traoth mhuilinn agus sruthchúrsa a bhfuil bealach idir iad agus na lochanna nó na haibhneacha sin,

(d) dul isteach in aon bhád atá i mbun, nó ar tí dul i mbun, iascaireachta,

(e) gach uile líon, a bheidh ina sheasamh nó ar snámh, nó aon líon ar bith eile, a scrúdú,

(f) aon inneall iascaireachta mídhleathach nó aon inneall iascaireachta dleathach a bheidh á úsáid go mídhleathach a urghabháil,

(g) gach uile ghníomh agus ní eile a dhéanamh a údaraítear dó a dhéanamh leis an Acht seo nó faoin Acht seo.

(2) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a údaraíonn d'aon duine údaraithe dul isteach in aon ghairdín iata nó teach cónaithe nó i gcúirtealáiste tí chónaithe ach amháin i gcás ina dtéann an gnáth-bhóthar nó an gnáth-bhealach go dtí aon chora, damba, nó díog tríd an ngairdín nó an cúirtealáiste sin.

Cumhacht Breithimh Dúiche barántas a dheonú chun dul isteach in áiteanna áirithe.

297. —(1) Más rud é ar fhaisnéis faoi mhionn gur dóigh le haon Bhreitheamh Dúiche nó Feidhmeannach Síochána go bhfuil forais réasúnacha ann chun a chreidiúint go ndearnadh sárú ar fhorálacha an Achta seo nó aon ionstraime arna déanamh faoi laistigh d'aon ghairdín iata nó d'aon teach cónaithe nó de chúirtealáiste aon tí chónaithe, féadfaidh sé le barántas faoina láimh a údarú d'aon mhaor uisce nó d'aon oifigeach arna cheapadh ag an Aire dul isteach sa ghairdín sin, sa teach cónaithe sin nó i gcúirtealáiste an tí chónaithe sin, na tráthanna sin den lá nó den oíche a bheidh luaite sa bharántas.

(2) Ní fhanfaidh barántas faoin alt seo i bhfeidhm níos faide ná seacht lá ó dháta an bharántais sin.

Dul ar bord arárthaigh iascaireachta agus iad a scrúdú.

298. —(1) Aon oifigeach a bheidh ceaptha ag an Aire nó aon chigire nó maor uisce a bheidh ceaptha ag bord coimeádaithe, féadfaidh sé, faoi réir aon treoracha agus rialachán a thabharfaidh nó a dhéanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, gach ní nó aon ní acu seo a leanas a dhéanamh maidir le haon árthach a bheidh i mbun iascaireachta:—

(a) dul ar bord an árthaigh sin,

(b) deimhniú cláraitheachta agus innill iascaireachta an árthaigh sin a scrúdú, agus a fháil amach ar comhlíonadh forálacha an Achta seo agus ar mar a cheanglaítear leis an Acht seo a dhéanann an máistir agus na daoine eile ar bord iascaireacht,

(c) aon inneall iascaireachta mídhleathach nó aon inneall iascaireachta dleathach a úsáideadh go mídhleathach a urghabháil.

(2) Má dhiúltaíonn máistir aon árthaigh iascaireachta deimhniú cláraitheachta an árthaigh sin a thabhairt ar aird nuair a cheanglóidh oifigeach don Aire, maor uisce coimeádaithe nó cigire a bheidh ceaptha ag bord coimeádaithe air sin a dhéanamh, beidh sé ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpunt a chur air.

Ciontóirí a ghabháil.

299. —(1) San alt seo folaíonn an abairt “duine údaraithe” aon duine ag a bhfuil leas san iascach ina ndearnadh an cion ábharthach.

(2) Má fhaightear aon duine (dá ngairtear an ciontóir san alt seo) ag úsáid aon innill iascaireachta mhídhleathaigh nó ag úsáid go mídhleathach aon innill iascaireachta dhleathaigh, nó a bheidh in aon slí eile ag sarú forálacha an Achta seo nó aon ionstraime arna déanamh faoi, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:—

(a) féadfaidh aon duine údaraithe a cheangal ar an gciontóir na nithe seo a leanas a dhéanamh—

(i) scor den chion sin, agus

(ii) a ainm agus a sheoladh a insint,

(b) más rud é, tar éis sin a cheangal air, go leanfaidh an ciontóir go toiliúil den chion sin nó go ndiúltóidh sé a ainm agus a sheoladh a insint, féadfaidh an duine údaraithe agus aon daoine eile a bheidh ag gníomhú faoina ordú an ciontóir a ghabháil,

(c) nuair a ghabhfar an ciontóir faoin alt seo, seachadfaidh an duine údaraithe é láithreach i gcoimeád chomhalta den Gharda Síochána chun go ndéileálfar leis de réir an dlí.

Cumhachtaí maidir le coraí, innill sheasmhacha, etc.

300. —Má fhaigheann aon duine údaraithe—

(a) i rith an tséasúir choiscthe bhliantúil do bhradáin agus bric nó an trátha choiscthe sheachtainiúil—

(i) aon phasáiste in aon chora iascaireachta, damba muilinn iascaireachta, inneall seasmhach, líon nó gléas a bheith dúnta nó bactha, nó

(ii) aon líon nó gléas de chineál ar bith eile a bheith suite nó á úsáid contrártha don Acht seo nó d'aon ionstraim arna déanamh faoi, nó

(b) aon tráth, aon bhacainn i saorbhearna chora iascaireachta nó i mbealach éisc, nó

(c) aon tráth, aon bhacainn sa scéith-gheata atá ag gabháil le haon mhuileann nó monarcha nuair a cheanglaítear le halt 122 an scéith-gheata sin a bheith oscailte,

féadfaidh sé na pasáistí sin a oscailt agus na bacainní sin a aistriú, gan damáiste neamhriachtanach a dhéanamh, agus gach ní a gheofar amhlaidh nó a úsáideadh contrártha d'fhorálacha an Achta seo, nó aon ionstraime arna déanamh faoi, a urghabháil agus a aistriú.

Cumhachtaí iniúchta, scrúdaithe agus coimeádta.

301. —(1) San alt seo ciallaíonn an abairt “oifigeach údaraithe” aon duine is—

(a) comhalta den Gharda Síochána, nó

(b) oifigeach nó seirbhíseach de bhord coimeádaithe arna údarú i scríbhinn ag an mbord sin chun na cumhachtaí a thugtar leis an alt seo a fheidhmiú, nó

(c) oifigeach don Aire, arna údarú i scríbhinn ag an Aire chun na cumhachtaí a thugtar leis an alt seo a fheidhmiú, nó

(d) oifigeach nó seirbhíseach do Bhord Soláthair an Leictreachais arna údarú i scríbhinn ag an Aire chun na cumhachtaí a thugtar leis an alt seo a fheidhmiú.

(2) Údaraítear leis seo do gach oifigeach údaraithe gach ní nó aon ní acu seo a leanas a dhéanamh:—

(a) aon duine a stopadh agus a chuardach atá, nó a mbeidh amhras ann é a bheith, ag iompar éisc d'aon chineál nó aon ghléas nó ábhar a úsáidtear nó atá cóirithe chun iasc a thógáil go mídhleathach, agus aon iasc, gléas nó ábhar a gheofar á iompar ag an duine sin a iniúchadh, agus chuige sin aon fheithicil nó pacáiste a mbeidh nó a mb'fhéidir go mbeadh nó a gcreidfear go bhfuil an t-iasc, an gléas nó an t-ábhar sin á iompar ann a oscailt agus a chuardach;

(b) dul isteach, agus saorchead a bheith aige istigh, gach tráth réasúnach—

(i) in aon áitreabh a ndéantar nó a gcreidtear go ndéantar iasc a dhíol, a choinneáil, a thaispeáint nó a stóráil chun a dhíolta ann, nó

(ii) in aon áitreabh a mbeidh nó a gcreidfear go bhfuil nimh nó pléascán á choinneáil ann le hiasc a dhíothú, nó

(iii) in áitreabh aon duine a bhíonn ag gabháil do ghnó iompair earraí ar luach saothair, nó

(iv) in aon aeradróm, piara, cé caladh, lamairne, duga nó áitreabh duga, nó

(v) in aon long, bád, aerárthach, vaigín iarnróid, mótar-leoraí, cairt, nó árthach nó feithicil eile a úsáidtear chun earraí a iompar;

(c) an t-iasc go léir a gheofar in aon áit a n-údaraítear dó leis an alt seo dul isteach ann a scrúdú agus chuige sin aon phacáiste a oscailt a gheofar san áit sin agus a mbeidh nó a gcreidfear go bhfuil iasc ann;

(d) aon bhád a úsáidtear nó a chreidtear a úsáidtear le haghaidh iascaireachta, nó a mbeidh nó a mbeifear in amhras go bhfuil iasc inti a gabhadh go mídhleathach a stopadh, dul isteach inti agus í a chuardach ar aon abhainn, loch nó inbhear nó ar a imill sin nó ar aon chuid den fharraige nó a cladaigh agus scrúdú a dhéanamh ar an iasc go léir agus ar gach inneall iascaireachta a gheofar ansin agus chuige sin aon phacáiste a oscailt a mbeidh nó a mbeifear in amhras go bhfuil aon iasc nó inneall iascaireachta ann;

(e) aon iasc (i dteannta nó d'éagmais an phacáiste ina mbeidh sé) a gheofar nuair a bheifear ag feidhmiú aon chumhachta dá dtugtar leis an alt seo agus a mbeidh, nó a mbeifear in amhras go bhfuil, cion faoin Acht seo á dhéanamh ina leith nó a gabhadh go mídhleathach nó a mbeifear in amhras gur gabhadh go mídhleathach é, a thógáil, a aistriú agus a choinneáil ina choimeád;

(f) aon inneall iascaireachta nó aon earra a dhlitear, nó a chreidtear a dhlitear, a fhorghéilleadh faoin Acht seo a thógáil, a aistriú agus a choinneáil ina choimeád;

(g) ainm agus seoladh an duine a mbeidh ina choimeád aon iasc nó earra eile a údaraítear d'oifigeach údaraithe faoin alt seo a scrúdú a éileamh agus a thógáil agus fós ainm agus seoladh úinéir an éisc nó an earra eile sin a éileamh ar an duine sin agus a thógáil uaidh.

(3) I gcás ina gcoinneoidh oifigeach údaraithe aon iasc nó earra eile ina choimeád faoi údarás an ailt seo, déanfaidh sé, a luaithe is féidir, cibé bearta is cuí chun go ndéileálfar de réir an dlí leis an duine a bheidh ciontach, nó a chreidfear a bheith ciontach, sa chion a rinneadh, nó a chreidfear a rinneadh, maidir leis an iasc sin nó leis an earra eile sin.

(4) I gcás—

(a) ina gcoinneoidh oifigeach údaraithe aon iasc ina choimeád faoin alt seo, agus

(b) gur dócha go mbeidh an t-iasc sin neamhoiriúnach mar bhia do dhaoine sula mbeidh sé caothúil ag aon Chúirt déileáil leis an ábhar,

tabharfaidh sé an t-iasc sin ar aird d'Fheidhmeannach Síochána agus air sin beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas—

(i) más é tuairim an Fheidhmeannaigh Síochána gur cheart an t-iasc sin a dhíothú, ordóidh sé don oifigeach údaraithe sin an t-iasc sin a dhíothú agus díothófar an t-iasc sin dá réir sin,

(ii) murab é sin tuairim an Fheidhmeannaigh Síochána, ordóidh sé don oifigeach údaraithe sin an t-iasc sin a dhíol, agus díolfar an t-iasc sin dá réir sin.

(5) Aon ordú a thabharfaidh Feidhmeannach Síochána faoi fho-alt (4) den alt seo á ordú d'oifigeach údaraithe iasc a dhíothú nó a dhíol—

(a) is i scríbhinn a bheidh sé,

(b) is i cibé foirm a ordóidh an tAire, a bheidh sé,

(c) thabharfaidh sé tuairisc ar an iasc sin agus ar aon mharcanna, airíona nó sonraí eile ina thaobh a thaispeáin an t-oifigeach údaraithe sin don Fheidhmeannach Síochána sin,

(d) beidh sé ina fhianaise dhochloíte i ngach Cúirt ar na hábhair fíoras a bheidh luaite ann.

(6) Ní bheidh dliteanas ar aon oifigeach údaraithe i leith aon chaillteanais nó damáiste a thiocfaidh de dhroim nó i gcúrsa aon chumhachta a fheidhmiú dá dtugtar dó leis an alt seo murarbh é féin, go hainrianta nó go mailíseach dó, ba chúis leis an gcaillteanas nó an damáiste sin.

(7) Gach duine a choiscfidh nó a bhacfaidh oifigeach údaraithe agus é ag feidhmiú aon chumhachta dá dtugtar dó leis an alt seo nó a dhiúltóidh a ainm agus a sheoladh féin nó ainm agus seoladh aon duine eile (chomh fada agus is eol dó sin) a thabhairt nuair a éileofar sin go dleathach faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpunt a chur air nó, de rogha na Cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná dhá mhí.

Nós imeachta de dhroim innill iascaireachta mhídhleathacha agus innill iascaireachta dleathacha a úsáidtear go mídhleathach a urghabháil.

302. —Má dhéanann aon duine, i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dó leis an gCuid seo, aon inneall iascaireachta a urghabháil, tabharfaidh sé é, a luaithe is féidir, i láthair an Bhreithimh Dúiche ar ina dhúiche a urghabhadh é, agus, air sin, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas—

(a) má chinneann an Breitheamh Dúiche gur inneall iascaireachta mídhleathach an t-inneall iascaireachta, ordóidh sé é a fhorghéilleadh agus a dhíothú,

(b) má chinneann an Breitheamh Dúiche gur inneall iascaireachta dleathach an t-inneall iascaireachta ach go rabhthas tar éis é a úsáid, go rabhthas á úsáid nó ar tí é a úsáid go mídhleathach tráth a urghabhála, ordóidh sé é a fhorghéilleadh,

(c) má chinneann an Breitheamh Dúiche gur inneall iascaireachta dleathach an t-inneall iascaireachta agus nach rabhthas tar éis é a úsáid, nó nach rabhthas á úsáid nó ar tí é a úsáid go mídhleathach tráth a urghabhála, ordóidh sé é a thabhairt ar ais don duine ar dóigh leis gurb é a úinéir é.

Dliteanas ar dhaoine a bheidh ag úsáid inneall iascaireachta ceadúnas ina leith a thabhairt ar aird nuair a éileofar é.

303. —(1) San alt seo folaíonn an abairt “duine údaraithe” comhalta de bhord coimeádaithe.

(2) Aon duine a bheidh ag úsáid aon innill sceidealta, nó a mbeidh aon inneall sceidealta curtha suas aige nó a bhfaighfear inneall sceidealta ina sheilbh, in aon áit iascaireachta nó ina chóngar, nó a bheidh ag dul ag iascaireacht nó ag filleadh ó iascaireacht, tabharfaidh sé an gnáth-cheadúnas i leith an innill sin ar aird d'aon duine údaraithe nuair a éileofar é, agus, má mhainníonn sé sin a dhéanamh, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil a chur air nach lú ná an dleacht ghnáth-cheadúnais is iníoctha i leith gnáth-cheadúnais iascaireachta chun an t-inneall sin a úsáid agus nach mó ná dhá oiread na dleachta gnáthcheadúnais sin.

(3) Aon duine a n-éileofar go dleathach air faoin alt seo a ghnáth-cheadúnas a thabhairt ar aird agus nach dtabharfaidh an ceadúnas sin ar aird toisc nach sealbhóir ar gnáth-cheadúnas é, measfar gur mhainnigh sé an ceadúnas sin a thabhairt ar aird de réir bhrí an ailt seo.

(4) I gcás duine a chúiseamh i gcion faoin alt seo arb éard é gur mhainnigh sé gnáth-cheadúnas a thabhairt ar aird i leith innill sceidealta a bhí ina sheilbh, is cosaint mhaith a chruthú go raibh an t-inneall sceidealta ina sheilbh aige mar dhéantóir nó mar dhíoltóir an innill sin agus nach lena úsáid a bhí sé ina sheilbh aige.

(5) Ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le hinnill sceidealta a úsáid in uiscí taoide speisialta nó in uiscí breac sceidealta.

Ceadúnais áitiúla speisialta a thabhairt ar aird.

304. —(1) San alt seo, ní fholaíonn an abairt “duine údaraithe” maor uisce príobháideach.

(2) Féadfaidh aon duine údaraithe a éileamh ar aon duine a bheidh ag iascaireacht in uiscí taoide speisialta nó a mbeidh aon inneall iascaireachta chun bradáin nó bric a thógáil ina sheilbh aige sna huiscí taoide speisialta sin nó ina gcóngar, a cheadúnas áitiúil speisialta a thabhairt ar aird, agus, má dhiúltaíonn nó má mhainníonn an duine sin an ceadúnas sin a thabhairt ar aird san áit sin agus an tráth sin, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo.

(3) I gcás ina ndéanfaidh aon duine ar a n-éileofar go dleathach faoin alt seo a cheadúnas áitiúil speisialta a thabhairt ar aird an ceadúnas sin a thabhairt ar aird ach go ndiúltóidh sé nó g mainneoidh sé a cheadú don duine údaraithe a dhéanfaidh an t-éileamh sin an ceadúnas sin a léamh, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo.

(4) Aon uair a éileofar go dleathach faoin alt seo ar dhuine a cheadúnas áitiúil speisialta a thabhairt ar aird agus go ndiúltóidh sé nó go mainneoidh sé an ceadúnas sin a thabhairt ar aird nó go dtabharfaidh sé an ceadúnas sin ar aird ach go mainneoidh sé a cheadú don duine údaraithe a rinne an t-éileamh an ceadúnas sin a léamh, féadfaidh an duine údaraithe sin a ainm agus a sheoladh a éileamh ar an duine sin, agus má dhiúltaíonn nó má mhainníonn an duine sin a ainm nó a sheoladh a thabhairt nó má thugann sé ainm nó seoladh atá bréagach nó míthreorach beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo.

(5) Aon duine a chiontófar i gcion faoin alt seo dlífear, ar a chiontú ann go hachomair, fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air.

(6) Aon duine nach ndéanfaidh a cheadúnas áitiúil speisialta a thabhairt ar aird nuair a éileofar go dleathach air faoin alt seo an ceadúnas sin a thabhairt ar aird toisc nach sealbhóir é ar cheadúnas áitiúil speisialta, measfar gur mhainnigh sé a cheadúnas áitiúil speisialta a thabhairt ar aird de réir bhrí an ailt seo.

Dliteanas ar dhaoine a bheidh ag úsáid slata breac in uiscí breac sceidealta ceadúnas a thabhairt ar aird nuair a éileofar é.

305. —(1) San alt seo folaíonn an abairt “duine údaraithe” comhalta de bhord coimeádaithe.

(2) Aon duine a bheidh ag úsáid slaite breac in aon uiscí sceidealta tabharfaidh sé a cheadúnas slaite breac ar aird d'aon duine údaraithe nuair a éileofar é, nó, más sealbhóir ar cheadúnas slaite bradán é, an ceadúnas slaite bradán sin, agus má mhainníonn an duine sin é sin a dhéanamh beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear—

(a) I gcás—

(i) inar áititheoir an duine sin ar thalamh atá tadhlach leis an gcuid de na huiscí breac sceidealta sin ina bhfaighfear ag iascaireacht é agus go bhfuil teideal aige chun cearta iascaireachta sa chuid sin, nó

(ii) gur comhalta an duine sin de theaghlach áititheoir na talún atá tadhlach leis an gcuid de na huiscí breac sceidealta sin ina bhfaighfear ag iascaireacht é agus go bhfuil teideal ag an áititheoir sin chun cearta iascaireachta sa chuid sin, nó

(iii)gur duine faoi bhun seacht mbliana déag d'aois an duine sin,

fíneáil nach lú ná sé phingin agus nach mó ná scilling amháin a chur air, nó

(b) in aon chás eile, fíneáil nach lú ná cúig scilling agus nach mó ná deich scilling a chur air.

(3) Má dhéantar duine a bheidh ag úsáid slaite breac in uiscí breac sceidealta atá i gceantar iascaigh áirithe a chúiseamh i gcion faoin alt seo, is cosaint mhaith a chruthú—

(a) gur comhalta é de theaghlach áititheoir na talún atá tadhlach leis an gcuid de na huiscí breac sceidealta sin ina bhfuarthas é ag úsáid na slaite breac sin, agus

(b) go bhfuil teideal ag an áititheoir sin chun cearta iascaireachta sa chuid sin agus gur sealbhóir é ar cheadúnas slaite breac (bruach-úinéir) a bhí i bhfeidhm de thuras na huaire agus a d'éisigh bord coimeádaithe an cheantair iascaigh sin agus é bailí don chuid sin.

Dliteanas ar dhaoine a úsáideann innill iascaireachta oisrí ceadúnas ina leith a thabhairt ar aird nuair a éileofar é.

306. —(1) San alt seo, folaíonn an abairt “duine údaraithe” comhalta de bhord coimeádaithe.

(2) Aon duine a úsáidfidh inneall iascaireachta oisrí, nó a mbeidh inneall iascaireachta oisrí ina sheilbh aige, in iascach oisrí nó in aice le hiascach oisrí, nó a bheidh ag dul ag iascaireacht nó ag filleadh ó iascaireacht, déanfaidh sé má iarrtar sin air, an ceadúnas iascaireachta oisrí i leith an innill sin a thabhairt ar aird d'aon duine údaraithe, agus, mura ndéana, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil a chur air nach lú ná an dleacht cheadúnais is iníoctha de thuras na huaire i leith an cheadúnais sin agus nach mó ná dhá oiread na dleachta ceadúnais sin.

(3) Aon duine a n-éileofar go dleathach air faoin alt seo ceadúnas iascaireachta oisrí a thabhairt ar aird agus nach dtabharfaidh an ceadúnas sin ar aird mar nach bhfuil ceadúnas ar bith den sórt sin ann measfar gur mhainnigh sé an ceadúnas sin a thabhairt ar aird de réir bhrí an ailt seo.

Bealaigh éisc a iniúchadh.

307. —Beidh gach bealach éisc ar dheis a iniúchta i gcónaí ag duine údaraithe.

Pionós mar gheall ar dhaoine a bheidh ag feidhmiú a gcumhachtaí faoin gCuid seo a ionsaí nó a chosc.

308. —Má ionsaíonn nó má choisceann duine ar bith aon duine a bheidh ag feidhmiú aon chumhachta dá dtugtar dó leis an gCuid seo, beidh an duine céadluaite sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpunt a chur air.

CUID XIX.

Imeachtaí Dlí, Fíneálacha, Forghéilleadh, Fianaise, Fiosrúcháin agus Seirbheáil Doiciméad.

Imeachtaí Dlí.

Cionta a thriail.

309. —(1) D'ainneoin aon ní atá in aon achtachán eile, féadfaidh Breitheamh Dúiche, ar chomhalta den Gharda Síochána, oifigeach nó fostaí do bhord coimeádaithe nó aon duine eile do dhéanamh gearáin de bhriathra béil nó ar shlí eile, cion faoi aon fhoráil den Acht seo a éisteacht agus a chinneadh go hachomair.

(2) (a) I gcás—

(i) ina mbeidh oifigeach cosanta iascaigh mhara, i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dó le halt 233, tar éis bád agus na daoine ar bord uirthi a thabhairt go dtí port sa Stát, agus

(ii) go líomhnófar go ndearna aon duine (is duine de na daoine sin) cion faoi aon alt atá i gCaibidil II nó III de Chuid XIII,

féadfar an cion sin a thabhairt os comhair Breithimh Dúiche a bheidh sannta de thuras na huaire don Dúiche ina bhfuil an port sin, agus féadfaidh an Breitheamh sin é a éisteacht agus a chinneadh.

(b) Ní fhorléireofar mír (a) den fho-alt seo mar ní a dhéanann difir d'alt 79 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 ( Uimh. 10 de 1924 ).

(3) I gcás ina ndearnadh, nó ina líomhnófar go ndearnadh, cion faoi na hachtacháin aisghairthe nó cion faoi aon fhoráil den Acht seo in aon uiscí nó ar aon uiscí atá mar theorainn idir dhá Dhúiche nó níos mó a bunaíodh chun críocha na Cúirte Dúiche, ansin, d'ainneoin alt 79 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 ( Uimh. 10 de 1924 ), féadfar imeachtaí i leith an chiona a thionscnamh, a éisteacht agus a chinneadh os comhair agus ag aon Bhreitheamh Dúiche a bheidh sannta de thuras na huair d'aon cheann de na Dúichí sin agus féadfar a líomnadh agus a rá i bhfaisnéis nó i dtoghairm go ndearnadh an cion sin sa Dúiche ina mbeidh beartaithe na himeachtaí a thionscnamh.

Achomhairc i gcoinne cinneadh na Cúirte Dúiche.

310. —(1) I gcás ina ndíbhfear sa Chúirt Dúiche aon imeachtaí i dtaobh cion faoi aon fhoráil den Acht seo, cibé acu de bhua tuillteanais nó gan dochar é, féadfaidh an t-ionchúisitheoir achomharc a dhéanamh in aghaidh an ordaithe dhífe chun an Bhreithimh den Chúirt Chuarda ar laistigh dá Chuaird atá an Teach Cúirte ina ndearnadh an t-ordú sin.

(2) Más rud é, de bhua fho-alt (1) den alt seo, go luífidh ceart achomhairc chun Breithimh den Chúirt Chuarda in aghaidh ordú ón gCúirt Dúiche in aon imeachtaí faoin Acht seo, féadfaidh an Breitheamh sin, ar an achomharc sin, an t-ordú sin a athrú, a dhaingniú nó a fhreaschur, agus is cinneadh críochnaitheach dochlóíte gan achomharc ina aghaidh a bheidh i gcinneadh an Bhreithimh sin ar an achomharc sin.

Cionta ag comhlachtaí corpraithe.

311. —I gcás ina ndéanfaidh comhlacht corpraithe cion faoi aon fhoráil den Acht seo agus go gcruthófar go ndearnadh amhlaidh é le toiliú nó le haontú, nó gur urasaíodh a dhéanamh de dheasca faillí, aon stiúrthóra, bainisteora, rúnaí nó oifigigh eile don chomhlacht corpraithe sin, measfar an stiúrthóir, an bainisteoir, an rúnaí nó an t-oifigeach eile sin a bheith ciontach sa chion sin agus dlífear imeachtaí a bhunú ina aghaidh agus pionós a chur air dá réir.

Cionta faoin Acht seo a ionchúiseamh ag an Aire.

312. —Féadfaidh an tAire cion faoi aon fhoráil den Acht seo a ionchúiseamh.

Ní gá teorainneacha a shonrú i ndíoltálacha, etc.

313. —In aon chaingean nó ionchúiseamh in aghaidh nó i leith aon fhoghla nó núise maidir le hiascach, ní gá teorainneacha na háite ina ndearnadh an fhoghail nó an núis a mbeidh gearán déanta faoi a shonrú sa dearbhú nó sa díotáil, ach is leor a rá go ginearálta go ndearnadh an cion laistigh den cheantar iascaigh ina bhfuil an t-iascach a bheidh i dtrácht.

Fíneálacha.

Fíneálacha a dhiúscairt.

314. —(1) Baineann an t-alt seo le gach fíneáil a fhorchuirfear mar gheall ar aon chion faoi aon fhoráil den Acht seo.

(2) Ní bhainfidh alt 51 den Acht Oifigigh Cúirte, 1926 ( Uimh. 27 de 1926 ), a thuilleadh le haon fhíneáil lena mbainfidh an t-alt seo.

(3) Déanfar gach fíneáil lena mbainfidh an t-alt seo a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais.

(4) Más rud é go ndéanfar fíneáil lena mbainfidh an t-alt seo a loghadh go hiomlán nó go páirteach tar éis é a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste faoi fho-alt (3) den alt seo, déanfar an fhíneáil sin nó cibé cuid de a loghadh amhlaidh (de réir mar bheidh) a aisíoc as an Státchiste i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais.

Iocaíochtaí le boird choimeádaithe agus (i gcásanna áirithe) le Ciste Luaíochta an Gharda Síochána maidir le fíneálacha mar gheall ar chionta áirithe.

315. —(1) Baineann an t-alt seo le—

(a) cion faoi aon alt den Acht seo (ach amháin alt atá i gCuid XII, XIII, XV nó XVI nó alt 290 nó 323), nó

(b) cion in aghaidh aon fhodhlí arna dhéanamh faoi alt 9 agus a bhfuil baint aige le bradáin, bric nó eascanna.

(2) I gcás ina ndéanfar fíneáil a fhorchuirfear i leith ciona lena mbainfidh an t-alt seo a íoc nó a thobhach, ansin, mura rud é gur loghadh an fhíneáil go hiomlán, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas—

(a) má fheictear don Aire gur comhalta den Gharda Síochána faoi deara an duine a rinne an cion a thabhairt faoi réim an cheartais, déanfar—

(i) suim is comhionann le dhá thrian den fhíneáil nó, má loghadh cuid den fhíneál, leis an méid di nár loghadh, a íoc le bord coimeádaithe an cheantair iascaigh ina ndearnadh an cion, agus

(ii) suim is comhionann le trian den fhíneáil nó, má loghadh cuid den fhíneáil, leis an méid di nár loghadh a íoc isteach i gCiste Luaíochta an Gharda Síochána.

(b) In aon chás eile, déanfar suim is comhionann leis an bhfíneáil nó, má loghadh cuid den fhíneáil, leis an gcuid di nár loghadh a íoc leis an mbord coimeádaithe sin.

(3) An t-airgead go léir is iníoctha faoi fho-alt (2) den alt seo íocfaidh an tAire é, cibé tráthanna is cuí leis, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Forghéilleadh.

Gan a bheith d'oibleagáid ar an gCúirt forghéilleadh a fhógairt ná a thaifeadadh i gcás forghéilleadh a theacht mar iarmairt reachtúil de dhroim ciontaithe.

316. —I gcás—

(a) duine a chiontú ag Breitheamh Dúiche i gcion faoi aon fhoráil den Acht seo, agus

(b) ina bhforáiltear san fhoráil sin go mbeidh ní áirithe ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim ciontaithe,

ansin, d'ainneoin aon riail dlí, ní gá don Bhreitheamh sin—

(i) an forghéilleadh sin a fhógairt tráth an bhreithnithe, ná

(ii) an forghéilleadh sin a thaifeadadh i Leabhar Miontuairiscí an Bhreithimh ná i nDuilleog na gCúiseamh ná san ordú ciontaithe.

Nithe a fhorghéillfear a dhiúscairt.

317. —(1) I gcás—

(a) aon ní a fhorghéillfear faoin Acht seo nó faoi aon ionstraim faoin Acht seo mar iarmairt reachtúil de dhroim ciontaithe nó le hordú ó Chúirt Dúiche a bheith urghafa go dleathach, nó

(b) ina n-ordóidh Breitheamh Dúiche aon ní a fhorghéilleadh faoi mhír (b) d'alt 302,

féadfaidh an tAire a ordú an ní sin—

(i) a thabhairt ar ais don duine ar dóigh leis gurb é a úinéir é, nó

(ii) a dhíol nó a dhiúscairt mar is cuí leis.

(2) I gcás ina n-ordóidh an tAire de bhun fho-alt (1) den alt seo ní a dhíol, déanfar glan-fháltas an díola a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais.

(3) Ní bhainfidh fo-alt (1) den alt seo le haon ní a fhorghéillfear faoi alt 265, i gcás ina dtabharfaidh an Chúirt ordú faoin alt sin 265 maidir leis an ní sin.

Iocaíochtaí le boird choimeádaithe agus (i gcásanna áirithe) le Ciste Luaíochta an Gharda Síochána maidir le fáltais ó nithe áirithe a forghéilleadh.

318. —(1) I gcás—

(a) aon ní a fhorghéilleadh faoi aon alt den Acht seo (seachas alt atá i gCuid XIII, XV nó XVI) nó faoi aon fhodhlí arna dhéanamh faoi alt 9 agus a bhaineann le bradáin, bric nó eascanna, nó aon ní (is inneall iascaireachta chun bradáin, bric nó eascanna a ghabháil) a fhorghéilleadh faoi mhír (b) d'alt 302, agus

(b) go ndíolfar an ní sin le hordú ón Aire faoi alt 317,

beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas—

(i) má fheictear don Aire gur comhalta den Gharda Síochána a d'urghabh an ní sin nó gurb é faoi deara an duine a rinne an cion dá dtáinig an forghéilleadh sin a thabhairt faoi réim an cheartais, íocfar—

(I) le bord coimeádaithe an cheantair iascaigh ina ndearnadh an cion suim is comhionann le dhá thrian de ghlan-fháltas an díola sin, agus

(II) isteach i gCiste Luaíochta an Gharda Síochána suim is comhionann le trian den ghlanfháltas sin.

(ii) in aon chás eile íocfar leis an mbord coimeádaithe sin suim is comhionann leis an nglan-fháltas sin.

(2) An t-airgead go léir is iníoctha faoi fho-alt (1) den alt seo íocfaidh an tAire é, cibé tráthanna is cuí leis, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Usáid an fháltais nuair a dhíolfar iasc de bhun ordaithe faoi alt 301 (4).

319. —(1) Nuair a dhíolfar aon iasc de bhun ordú faoi fho-alt (4) d'alt 301, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas—

(a) i gcás—

(i) ina dtionscnófar imeachtaí go cuí in aghaidh aon duine á chúiseamh i gcion faoi aon fhoráil den Acht seo maidir leis an iasc sin, agus

(ii) go gciontófar an duine sin sa chion, agus

(iii) go mbeadh an t-iasc sin, mura mbeadh gur díoladh é, ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe sin,

déanfar glan-fháltas an díola sin a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais;

(b) in aon chás eile déanfar an glan-fháltas sin a íoc le húinéir an éisc sin ar é á éileamh;

(c) más de réir mhír (a) den fho-alt seo a dhéanfar leis an nglan-fháltas sin ansin—

(i) i gcás ina bhfeicfear don Aire go ndearna comhalta den Gharda Síochána an t-iasc sin a choinneáil faoi alt 301, íocfar—

(I) le bord coimeádaithe an cheantair iascaigh ina ndearnadh an cion suim is comhionann le dhá thrian den ghlan-fháltas sin, agus

(II) le Ciste Luaíochta an Gharda Síochána suim is comhionann le trian den ghlan-fháltas sin,

(ii) in aon chás eile, íocfar leis an mbord coimeádaithe sin suim is comhionann leis an nglan-fháltas sin.

(2) An t-airgead go léir is iníoctha faoi mhír (c) d'fho-alt (1) den alt seo íocfaidh an tAire é, cibé tráthanna is cuí leis, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Fianaise.

Fianaise i dtaobh méid an chostais faoina ndeachaigh an tAire.

320. —I gcás ina mbeidh an tAire i dteideal, faoi alt 99, 110, 112, 113, 114, 116, 117 nó 129, aon chostas a ghnóthú, beidh deimhniú a bheidh faoi shéala oifigiúil an Aire agus a dheimhneoidh méid an chostas sin ina fhianaise prima facie ar mhéid an chostas sin.

Cruthú ar fhodhlíthe, etc.

321. —(1) In aon imeachtaí faoi na hachtacháin aisghairthe nó faoin Acht seo, beidh aon doiciméad a airbheartóidh a bheith ina chóip d'aon ionstraim i scríbhinn arna déanamh nó arna heisiúint faoi na hachtacháin aisghairthe nó faoin Acht seo ina fhianaise prima facie ar an ionstraim sin má bhíonn sé deimhnithe ag oifigeach don Aire gur fíorchóip é den ionstraim sin, agus ní gá síniú an duine a chruthú a dheimhnigh an doiciméad sin ná a chruthú gur oifigeach don Aire é.

(2) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a theorannaíonn oibriú, nó a dhéanann dochar d'oibriú, alt 4 den Acht um Fhianaise Scríbhinne 1925 ( Uimh. 24 de 1925 ).

Fiosrúcháin.

Fógra i dtaobh fiosrúcháin a dhéanamh.

322. —I gcás inar gá fógra a thabhairt faoin Acht seo i dtaobh fiosrúchán a bheith le déanamh, comhlíonfar an ceanglas sin más rud é go ndéanfar na nithe seo a leanas ceithre lá dhéag ar a laghad sula ndéanfar an fiosrúchán sin—

(a) fógraí clóbhuailte a dháileadh, i cibé slí a ordóidh an tAire, ag fógairt am agus láthair an fhiosrúcháin agus na nithe a mbeifear le fiosrú a dhéanamh fúthu ann, agus

(b) fógra a fhoilsiú i gceann amháin nó níos mó de na nuachtáin a léitear sa cheantar iascaigh ina bhfuil an fiosrúchán le déanamh ag fógairt am agus láthair an fhiosrúcháin agus na nithe a mbeifear le fiosrú a dhéanamh fúthu ann.

Cumhachtaí daoine a cheapfaidh an tAire chun fiosrúcháin a dhéanamh.

323. —Féadfaidh aon duine (dá ngairtear duine údaraithe san alt seo) a cheapfaidh an tAire chun fiosrúchán a dhéanamh faoin Acht seo gach ní nó aon ní acu seo a leanas a dhéanamh—

(a) finnéithe a ghairm chun teacht ina láthair ag an bhfiosrúchán sin,

(b) finnéithe a thiocfaidh ina láthair ag an bhfiosrúchán sin a cheistiú faoi mhionn (agus údaraítear don duine údaraithe sin leis seo daoine a chur faoi mhionn),

(c) a cheangal ar aon fhinnéithe den sórt sin aon doiciméid a bheidh faoina gcumhacht nó faoina n-urláimh, agus is dóigh leis an duine údaraithe sin is gá chun críocha an fhiosrúcháin sin, a thabhairt ar aird.

(2) Beidh teideal ag finné i láthair dhuine údaraithe a bheidh ag déanamh fiosrúcháin faoin Acht seo chun na ndíolúintí agus na bpribhléidí céanna a bheadh aige dá mba fhinné é i láthair na hArd-Chúirte.

(3) Aon duine—

(a) a ghairfear go cuí chun freastal, agus a mhainneoidh freastal, mar fhinné i láthair dhuine údaraithe a bheidh ag déanamh fiosrúcháin faoin Acht seo, nó

(b) a bheidh i láthair mar fhinné amhlaidh agus a dhiúltóidh mionn a thabhairt a cheanglóidh an duine údaraithe sin go dleathach air a thabhairt, nó aon doiciméad a thabhairt ar aird a bheidh faoina chumhacht nó faoina urláimh agus a cheanglóidh an duine údaraithe sin go dleathach air a thabhairt ar aird, nó aon cheist a fhreagairt a gceanglóidh an duine údaraithe sin go bhfreagrófar í,

beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig phunt is fiche a chur air.

Seirbheáil Doiciméad.

Seirbheáil doiciméad.

324. —(1) (a) I gcás ina gceanglaítear nó ina gceadaítear leis an Acht seo (lena n-áirítear fo-alt (2) den alt seo) aon doiciméad a sheirbheáil ar aon duine, díreofar an doiciméad sin chun an duine sin agus seirbheálfar é ar an duine sin i slí éigin acu seo a leanas:—

(i) trína sheachadadh don duine sin;

(ii) trína fhágáil ag gnáth-áit chónaithe an duine sin;

(iii) trína chur tríd an bpost i litir chláraithe réamhíoctha a bheidh dírithe chun an duine sin ag a ghnáth-áit chónaithe.

(b) Chun críocha an fho-ailt seo measfar cuideachta a bheidh cláraithe faoi na hAchtanna Cuideachtan, 1908 go 1924, a bheith ina gnáth-chónaí ina hoifig chláraithe, agus measfar gach comhlacht corpraithe agus gach comhlacht neamhchorpraithe a bheith ina ghnáthchónaí ina phríomh-oifig nó ina phríomh-áit ghnó sa Stát.

(2) I gcás ina gceanglaítear nó ina gceadaítear leis an Acht seo aon doiciméad a sheirbheáil ar úinéir aon iascaigh agus nach féidir teacht ar an úinéir sin sa Stát nó nach féidir ainm nó seoladh an úinéara sin a chinntiú tar éis fiosrúcháin réasúnta, measfar gur seirbheáladh an doiciméad sin go cuí ar an úinéar sin má seirbheáladh ar áititheoir an iascaigh sin é.

CUID XX.

Forálacha Ilghnéitheacha.

Forálacha maidir le Limistéar Mhagh Bhile.

325. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “Acht 1952” Acht Iascaigh an Fheabhail, 1952 (Uimh. 5 de 1952) ;

tá le “Limistéar Mhagh Bhile” an bhrí atá le Líomatáiste Mhagh Bhile mar mhínítear sin le fo-alt (1) d'alt 2 d'Acht 1952.

(2) Ach amháin mar a fhoráiltear le fo-alt (3) den alt seo, ní bhainfidh an tAcht seo le Limistéar Mhagh Bhile.

(3) Chun deireadh a chur le hamhrais, dearbhaítear leis seo nach talamh Stáit chun críocha Chuid II den Acht Maoine Stáit, 1954 (Uimh. 25 de 1954) , aon iascach laistigh de Limistéar Mhagh Bhile a dílsíodh san Aire agus in Aireacht Tráchtála Thuaisceart Éireann faoi alt 8 d'Acht 1952.

Cosaint d'achtacháin áirithe.

326. —(1) Ní fhorléireofar aon ní san Acht seo mar ní a dhéanann difir d'oibriú alt 8 d'Acht Iascaigh na Sionainne, 1938 ( Uimh. 7 de 1938 ).

(2) Ní fhorléireofar aon ní san Acht seo mar ní a dhéanann difir d'oibriú an reachta Bhriotánaigh (1 Vic. c. lxxxix) a ritheadh sa bhliain 1837 agus dár teideal “An Act to enable Edward Joshua Cooper Esquire to establish and protect a Salmon Fishery upon the Lakes and Rivers of Owenmore and Arrow and also within the Bay of Ballisodare in the County of Sligo in Ireland”, sa mhéid a bheidh an reacht Briotánach sin i bhfeidhm díreach roimh an dáta feidhme.

Ceart úinéara chun ábhair a thógáil as srutháin.

327. —Ní dhéanfaidh aon ní san Acht seo dochar do cheart aon úinéara ábhar na hábhair sin a thógáil as aon sruthán.

Gníomhairí úinéirí iascaigh.

328. —(1) Féadfaidh aon úinéir iascaigh trí chumhacht aturnae gníomhaire a cheapadh faoina láimh chun gníomhú thar a cheann chun forálacha an Achta seo a chur i bhfeidhm.

(2) Gach ní a ordaítear leis an Acht seo a dhéanamh ag aon duine nó maidir le haon duine féadfar é a dhéanamh go dleathach ag gníomhaire nó maidir le gníomhaire a bheidh ceaptha aige faoin alt seo, agus féadfar déileáil leis an ngníomhaire sin i ngach bealach a bhféadfaí déileáil leis an duine sin féin faoin Acht seo.

(3) Beidh ag gach gníomhaire a cheapfar faoin alt seo lánchumhacht, in ainm agus thar ceann a phríomhaí, chun bheith páirteach in aon fhiosrúchán nó gníomhú air nó chun aon ghearán, achomharc, caingean, eascair, agra nó imeacht eile a thabhairt ar aghaidh, a chosaint nó cur ina aghaidh, nó chun bheith i láthair agus vótáil ag aon chruinniú agus páirt a ghlacadh ann nó chun aon ghníomh eile a dhéanamh nó a fhulaingt chun críocha an Achta seo.

(4) Gach duine a cheapfaidh gníomhaire faoin alt seo beidh sé faoi cheangal ag gníomhartha an ghníomhaire sin, de réir an údaráis a cuireadh ina chlé, chomh hiomlán céanna is dá mba é an duine sin féin a ghníomhaigh amhlaidh.

(5) Déanfar gach cumhacht aturnae faoin alt seo a thabhairt ar aird, a iniúchadh nó a chlárú agus déanfar cóipeanna agus sleachta de cibé tráth agus áit agus i cibé slí a ordóidh an tAire.

(6) Féadfaidh cumhacht aturnae faoin alt seo a bheith san fhoirm seo a leanas—

“Déanaimse, A.B. as_________________________C.D. as____________________a cheapadh leis seo le bheith mar aturnae dleathach dom chun gníomhú dom ar gach bealach ionann is dá mba mé féin a bhí i láthair agus ag gníomhú, agus déanaim an ceapachán seo faoin Acht Iascaigh (Comhdhlúthú), 1959 .

Arna dhátú an_______ lá seo de____________________ 19_____

(Sínithe) A.B.”

(7) I gcás duine a chiontú i gcion faoi na hachtacháin aisghairthe nó i gcion faoi aon fhoráil den Acht seo, ansin—

(a) más gníomhaire an duine sin do dhuine eile is coimeádaí ex officio faoi alt 34, scoirfidh sé uaidh sin amach de bheith cáilithe chun gníomhú mar ghníomhaire don duine eile sin i gcáil an duine eile sin mar choimeádaí ex officio den sórt sin go ceann seacht mbliana ó dháta an chiontaithe sin,

(b) beidh an duine sin dícháilithe uaidh sin amach chun a cheaptha mar ghníomhaire faoin alt seo go ceann seacht mbliana ó dháta an chiontaithe sin.

CUID XXI.

Forálacha Sealadacha.

Coimeádaithe láithreacha toghroinne d'fhanúint in oifig.

329. —Gach duine a bheidh i seilbh oifige mar choimeádaí do thoghroinn díreach roimh an dáta feidhme measfar é a bheith arna thoghadh faoin Acht seo agus, murab éag, éirí as nó teacht faoi dhícháilíocht roimhe sin dó, sealbhóidh sé oifig go dtí meán oíche an lae a chuirfear ar siúl an chéad toghchán eile le haghaidh coimeádaithe don toghroinn sin de bhun alt 27.

Oifigigh agus seirbhísigh láithreacha d'fhanúint in oifig nó i bhfostaíocht.

330. —Gach duine a bheidh i seilbh oifige nó fostaíochta chun ar ceapadh é faoi aon fhoráil d'aon achtachán aisghairthe leanfaidh sé air san oifig nó san fhostaíocht sin ar an dáta feidhme agus dá éis sin agus measfar é a bheith arna cheapadh chuige sin faoin bhforáil chomhréire den Acht seo.

Údaráis láithreacha d'fhanúint i bhfeidhm.

331. —Aon údaras a deonaíodh faoi aon fhoráil d'aon achtachán aisghairthe agus nach mbeidh aistarraingthe roimh an dáta feidhme, leanfaidh sé i bhfeidhm agus beidh éifeacht aige ar an dáta feidhme agus dá éis ionann is dá mba faoin bhforáil chomhréire den Acht seo a deonaíodh é.

Rátaí iascaigh arna ngearradh faoi achtacháin aisghairthe.

332. —(1) Measfar gur faoi alt 55 a gearradh gach ráta iascaigh a bheidh gearrtha ag bord coimeádaithe roimh an dáta feidhme faoi alt 13 den Acht Iascaigh, 1925 ( Uimh. 32 de 1925 ).

(2) Measfar gur faoi alt 55 a dhaingnigh an tAire gach ráta iascaigh a bheidh daingnithe ag an Aire roimh an dáta feidhme faoi alt 13 den Acht Iascaigh, 1925 .

(3) Measfar gur faoi alt 55 a ghearr an tAire gach ráta iascaigh a bheidh gearrtha ag an Aire roimh an dáta feidhme faoi alt 13 den Acht Iascaigh, 1925 .

Ceadúnais agus deimhnithe láithreacha d'fhanúint i bhfeidhm.

333. —Gach ceadúnas arna eisiúint agus gach deimhniú arna dheonú faoi aon fhoráil d'aon achtachán aisghairthe agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an dáta feidhme leanfaidh sé i bhfeidhm ar an dáta feidhme agus dá éis agus measfar gur faoin bhforáil chomhréire den Acht seo a deonaíodh é.

Fodhlíthe, orduithe agus rialacháin láithreacha d'fhanúint bhfeidhm.

334. —Gach ionstraim acu seo a leanas a bhí i bhfeidhm díreach roimh an dáta feidhme:—

(a) aon fhodhlí arna dhéanamh faoi aon achtachán aisghairthe,

(b) aon ordú nó rialachán arna dhéanamh faoi aon achtachán aisghairthe,

leanfaidh sí i bhfeidhm ar an dáta feidhme agus dá éis agus measfar gur faoin bhforáil chomhréire den Acht seo a rinneadh é.

Leasú ar fhodhlíthe áirithe a rinneadh faoi na hachtacháin aisghairthe agus a d'fhoráil forghéilleadh.

335. —I gcás aon fhodhlí (is fodhlí a bhunaigh cion) a rinneadh faoi aon achtachán aisghairthe agus a choinnítear i bhfeidhm le halt 334, dá fhoráil, mar chuid den phionós mar gheall ar an gcion agus mar iarmairt reachtúil de dhroim ciontaithe, go bhforghéillfidh an duine a chiontófar sa chion sin ní áirithe nó go bhforghéillfear ní áirithe, déanfar an fodhlí sin a fhorléiriú ionann is gur fhoráil sé, in ionad na forála sin, go mbeidh, i gcás duine a chiontú sa chion sin, an ní sin a shonraítear san fhodhlí sin mar an ní a bheidh le forghéilleadh ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim ciontaithe.

AN CHEAD SCEIDEAL.

Achtacháin a Aisghairtear.

Alt 5.

Seisiún agus Caibidil nó Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Méad na hAisghairme

(1)

(2)

(3)

5 & 6 Vic., c. 106

The Fisheries (Ireland) Act, 1842.

An tAcht iomlán

7 & 8 Vic., c. 108

The Fisheries (Ireland) Act, 1844.

An tAcht iomlán

8 & 9 Vic., c. 108

The Fisheries (Ireland) Act, 1845.

An tAcht iomlán ach amháin Ailt 7 agus 8

11 & 12 Vic., c. 92

The Fisheries (Ireland) Act, 1848.

An tAcht iomlán

13 & 14 Vic., c. 88

The Fisheries (Ireland) Act, 1850.

An tAcht iomlán

26 & 27 Vic., c. 114

The Salmon Fishery (Ireland) Act, 1863.

An tAcht iomlán

29 & 30 Vic., c. 88

The Oyster Beds (Ireland) Act, 1866.

An tAcht iomlán

29 & 30 Vic., c. 97

The Oyster Fishery (Ireland) Amendment Act, 1866.

An tAcht iomlán

32 Vic., c. 9

The Salmon Fishery (Ireland) Act, 1869.

An tAcht iomlán

32 & 33 Vic., c. 92

Fisheries (Ireland) Act, 1869.

An tAcht iomlán

40 & 41 Vic., c. 42

The Fisheries (Oyster, Crab and Lobster) Act, 1877.

An tAcht iomlán

44 & 45 Vic., c. 66

The Pollen Fishing (Ireland) Act, 1881.

An tAcht iomlán

47 & 48 Vic., c. 48

The Oyster Cultivation (Ireland) Act, 1884.

An tAcht iomlán

54 & 55 Vic., c. 20

The Pollen Fisheries (Ireland) Act, 1891.

An tAcht iomlán

61 & 62 Vic., c. 28

The Mussels, Periwinkles and Cockles (Ireland) Act, 1898.

An tAcht iomlán

9 Edw. VII, c. 25

The Fisheries (Ireland) Act, 1909.

An tAcht iomlán

Uimh. 6 de 1924

An tAcht Iascaigh, 1924 .

An tAcht iomlán

Uimh. 32 de 1925

An tAcht Iascaigh, 1925 .

An tAcht iomlán

Uimh. 53 de 1933

An tAcht chun Iascaigh Mhara a Chaomhnadh, 1933.

An tAcht iomlán

Uimh. 24 de 1934

An tAcht Iascaigh (Uiscí Taoide), 1934 .

An tAcht iomlán

Uimh. 4 de 1935

Acht Iascaigh na Sionainne, 1935 .

Ailt 11, 12, agus 24.

Uimh. 48 de 1936

An tAcht Cúirteanna Breithiúnais, 1936 .

Alt 10.

Uimh. 33 de 1937

An tAcht Iascaigh Mhara (Iasc Neamhfhásta a Chaomhaint), 1937.

An tAcht iomlán

Uimh. 17 de 1939

An tAcht Iascaigh, 1939 .

An tAcht iomlán

Uimh. 6 de 1944

An tAcht Iascaigh (Leasú), 1944 .

An tAcht iomlán

Uimh. 12 de 1945

An tAcht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1945 .

Ailt 19, 20, 24, agus 25.

Uimh. 18 de 1949

An tAcht Iascaigh (Leasú), 1949 .

An tAcht iomlán

Uimh. 27 de 1949

An tAcht Iascaigh (Athscrúdú an Dlí Reachtúil), 1949 .

An tAcht iomlán

Uimh. 16 de 1953

An tAcht Iascaigh (Leasú), 1953 .

An tAcht iomlán

Uimh. 28 de 1956

An tAcht Iascaigh (Athscrúdú an Dlí Reachtúil), 1956 .

An tAcht iomlán

Uimh. 15 de 1958

An tAcht Iascaigh (Leasú), 1958 .

An tAcht iomlán

AN DARA SCEIDEAL.

Ceantair Iascaigh, Toghranna agus an Líon Coimeádaithe do gach Toghroinn.

Ailt 3,19 agus 23.

Uimh. Thag.

Uimh. an cheantair iascaigh.

Ainm an cheantair iascaigh.

An limistéar atá sa cheantar iascaigh.

Ainmneacha toghranna cheantar iascaigh.

Na huiscí atá i ngach toghroinn.

An líon coimeádaithe do gach toghroinn.

(1)

(2)

(3)

(4)

(5)

(6)

(7)

1

Uimh. 1

Ceantar Bhaile Átha Cliath.

An límistéar arb é atá ann—

(a) iomlán na farraige agus an tsrutha thaoide feadh an chósta idir na pointí seo a leanas, eadhon, an pointe is faide soir den Rubha-Oileán, Sceire, contae Bhaile Átha Cliath agus Ceann Chill Mhantáin, contae Chill Mhantáin, agus thart faoi aon oileáin nó carraigeacha amach ón gcósta idir na pointí sin, agus,

(b) iomlán na n-aibhneacha agus na lochanna éagsúla agus a gcraobh-aibhneacha a ritheann amach sa sruth taoide idir na pointí sn, agus an talamh a shileann siad sin.

Toghroinn Thaoide “A” de Cheantar Bhaile Átha Cliah.

Na huiscí go léir (ach amháin na codanna fíoruisce díobh) atá i gCeantar Bhaile Átha Cliath.

Triúr.

Toghroinn Fhioruisce “B” de Cheantar Bhaile Átha Cliath.

Na codanna fíoruisce go léir de na huiscí atá i gCeantar Bhaile Átha Cliath.

Triúr.

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

2

Uimh. 2

Ceantar Loch Garman

An limistéar arb é atá ann—

(a) iomlán na farraige agus an tsrutha thaoide feadh an chósta idir na pointí seo a leanas, eadhon, Ceann Chill Mhantáin, contae Chill Mhantáin, agus Bá na Tiníleach, contae Loch Garman, agus thart faoi aon oileáin nó carraigeacha amach ón gcósta idir na pointí sin, agus

(b) iomlán na n-aibhneacha agus na lochanna éagsúla agus a gcraobh-aibhneacha a ritheann amach sa sruth taoide idir na pointí sin, agus an talamh a shíleann siad sin.

Toghroinn Thaoide “A” de Cheantar Loch Garman.

Na huiscí go léir (ach amháin na codanna fíoruisce díobh) atá i gCeantar Loch Garman.

Seisear.

Toghroinn Fhíoruisce “B” de Cheantar Loch Garman.

Na codanna fíoruisce go léir de na huiscí atá i gCeantar Loch Garman.

Seisear

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

3

Uimh. 3

Ceantar Phort Láirge.

An limistéar arb é atá ann—

(a) iomlán na farraige agus an tsrutha thaoide feadh an chósta idir na pointí seo a leanas, eadhon, Bá na Tiníleach, contae Loch Garman, agus Ceann Heilbhic, contae Phort Láirge, agus thart faoi aon oileáin nó carraigeacha amach ón gcósta idr na pointí sin, agus

(b) iomlán na n-aibhneacha agus na lochanna éagsúla agus a gcraobh-aibhneacha a ritheann amach sa sruth taoide idir na pointí sin, agus an talamh a shileann sad sin.

Toghroinn Thaoide“A” de Cheantar Phort Láirge.

Na huiscí go léir atá i gCeantar Phort Láirge ach amháin—

(a) na codanna fioruisce de na huisci sin, agus

(b) na huisci ata i dToghranna Taiode "B" agus "C" de Cheantar Phort Láirge

Seisear

Toghroinn Thaoide “B” de Cheantar Phort Láirge.

Na huiscí go léir arb é atá iontu—

(a) na codanna taoide éagsúla den Bhearbha agus den Fheoir,

(b) comhshruth taoide na Bearbha agus na Feoire suas ó líne dhíreach a tharraingeofaí ón bpointe is faide soir i mbaile fearainn Dhrom Domhnaigh Uachtair, contae Chill Chainnigh, trí Phointe na Síge, contae Phort Láirge, agus a shínfí chun go dteangmhódh sí le cladach Loch Garman i mbaile fearainn na hEaige, contae Loch Garman, agus

(c) na codanna taoide d'aon aibhneacha atá i gceangal leis na codanna taoide sin den Bhearbha agus den Fheoir agus leis an gcomhshruth taoide sin.

Triúr.

Toghroinn Thaoide “C” de Cheantar Phort Láirge.

Na huiscí go léir atá sna codanna taoide éagsúla den tSiúir agus a craobh-aibhneacha suas ó líne dhíreach a tharraingeofaí mar a dúradh.

Triúr.

Toghroinn Fhíoruisce “D” de Cheantar Phort Láirge.

Na huiscí go léir atá sna codanna fíoruisce—

(a) den tSiúir agus a craobh-aibhneacha,

(b) de na haibhneacha agus na lochanna go léir agus a gcraobh-aibhneacha a ritheann amach i gcomhshruth taoide na Siúire, na Feoire agus na Bearbha, agus

(c) de na haibhneacha agus na lochanna go léir agus a gcraobh aibhneacha a ritheann amach san fharraige idir Ceann Heilbhic, contae Phort Láirge agus an Gob Rua, contae Phort Láirge.

Triúr.

Toghroinn Fhíoruisce “E” de Cheantar Phort Láirge.

Na huiscí go léir atá sna codanna fíoruisce—

(a) den Bhearbha agus a craobh-aibhneacha,

(b) de na haibhneacha agus na lochanna go léir agus a gcraobh-aibhneacha a ritheann ón taobh thoir amach i gcomhshruth taoide na Bearbha agus na Feoire, agus

(c) de na haibhneacha agus na lochanna go léir agus a gcraobh-aibhneacha a ritheann amach sa sruth taoide idir Bá na Tiníleach agus Rinn Dubháin, Contae Loch Garman.

Triúr.

Toghroinn Fhíoruisce “F” de Cheantar Phort Láirge.

Na huiscí go léir sna codanna fíoruisce—

(a) den Fheoir agus a craobh-aibhneacha, agus

(b) de na haibhneacha agus na lochanna go léir agus a gcraobh-aibhneacha a ritheann ón taobh thiar amach i gcomhshruth taoide na Bearbha agus na Feoire.

Triúr.

4

Uimh. 4

Ceantar Lios Mór.

An limistéar arb é atá ann—

(a) iomlán na farraige agus an tsrutha thaoide feadh an chósta idir na pointí seo a leanas, eadhon, Ceann Heilbhic, Contae Phort Láirge, agus Piara Bhaile Choitín, Contae Chorcaí, agus thart faoi aon oileáin nó carraigeacha amach ón gcósta idir na pointí sin, agus

(b) iomlán na n-aibhneacha agus na lochanna éagsúla agus a gcraobh-aibhneacha aritheann amach sa sruth taoide idir na pointí sin, agus an talamh a shileann siad sin.

Toghroinn Thaoide “A” de Cheantar Lios Mór.

Na huiscí go léir (ach amháin na codanna fíoruisce díobh) atá i gceantar Lios Mór.

Seisear.

Toghroinn Fhíoruisce “B” de Cheantar Lios Mór.

Na codanna fíoruisce go léir de na huiscí atá i gCeantar Lios Mór.

Seisear.

5

Uimh. 5

Ceantar Chorcaí.

An limistéar arb é atá ann—

1. Limistéar Phiara Bhaile Choitín —Rinn an Bharraigh, is é sin le rá—

(a) iomlán na farraige agus an tsrutha thaoide feadh an chósta idir na pointí seo a leanas, eadhon, Piara Bhaile Choitín, contae Chorcaí, agus Rinn an Bharraigh, contae Chorcaí, agus thart faoi aon oileáin nó carraigeacha amach ón gcósta idir na pointí sin, agus

Toghroinn Thaoide “A” (ach de Cheantar Chorcaí.

Na huiscí go léir amháin na codanna fíoruisce díobh) atá i Limistéar Phiara Bhaile Choitín—Rinn an Bharraigh.

Ceathrar.

Toghroinn Thaoide “B” de Cheantar Chorcaí.

Na huiscí go léir (ach amháin na codanna fíoruisce díobh) atá i Limistéar Rinn an Bharraigh—Dún Téide.

Triúr.

(b) iomlán na n-aibhneacha agus na lochanna éagsúla agus a gcraobh-aibhneacha a ritheann amach sa sruth taoide idir na pointí sin, agus an talamh a shileann siad sin;

Toghroinn Thaoide “C” de Cheantar Chorcaí.

Na huiscí go léir (ach amháin na codanna fíoruisce díobh) atá i Limistéar Dhún Téide —Carn Uí Néid.

Triúr.

2. Limistéar Rinn an Bharraigh— Dún Téide, is é sin le rá—

(a) iomlán na farraige agus an tsrutha thaoide feadh an chósta idir na pointí seo a leanas, eadhon, Rinn an Bharraigh, contae Chorcaí, agus Dún Téide, contae Chorcaí, agus thart faoi aon oileáin agus carraigeacha amach ón gcósta idir na pointí sin, agus

Toghroinn Thaoide “D” de Cheantar Chorcaí.

Na huiscí go léir (ach amháin na codanna fíoruisce díobh) atá i Limistéar Charn Uí Néid-Corr Rubha.

Triúr.

 

 

 

 

 

 

(b) iomlán na n-aibhneacha agus na lochanna éagsúla agus a gcraobh-aibhneacha a ritheann amach sa sruth taoide idir na pointí sin agus an talamh a shileann siad sin;

Toghroinn Fhíoruisce“E” de Cheantar Chorcaí

Na codanna fíoruisce go léir de na huiscí atá i Limistéar Phiara Bhaile Choitín—Rinn an Bharraigh.

Ceathrar.

3. Limistéar Dhún Téide—Carn Uí Néid, is é sin le rá—

(a) iomlán na farraige agus an tsrutha thaoidefeadh an chósta idir na pointí seo a leanas, eadhon, Dún Téide, Contae Chorcaí, agus Carn Uí Néid, Contae Chorcaí agus thart faoi aon oileáin nó carraigeacha amach ón gcósta idir na pointí sin, agus

(b) iomlán na n-aibhneacha agus na lochanna éagsúla agus a gcraobh-aibhneacha a ritheann amach sa sruth taoide idir na pointí sin, agus an talamh a shileann siad sin, agus,

Toghroinn Fhíoruisce “F” de Cheantar Chorcaí.

Na codanna fíoruisce go léir de na huiscí atá i Limistéar Rinn an Bharraigh—Dún Téide.

Triúr

Toghroinn Fhíoruisce “G” de Cheantar Chorcaí.

Na codanna fíoruisce go léir de na huiscí atá i Limistéar Dhún Téide —Carn U Néid.

Triúr.

4. Límistéar Charn Uí Néid—Corr Rubha, is é sin le rá—

(a) iomlán na farraige agus an tsrutha thaoide feadh an chósta idir na pointí seo a leanas, eadhon, Carn Uí Néid, contae Chorcaí, agus Corr Rubha, contae Chorcaí, agus thart faoi aon oileáin nó carraigeacha amach ón gcósta idir na pointí sin, agus

(b) iomlán na n-aibhneacha agus na lochanna éagsúla agus a gcraobh aibhneacha a ritheann amach sa sruth taoide idir na pointí sin, agus an talamh a shíleann siad sin.

Toghroinn Fhíoruisce “H” de Cheantar Chorcaí.

Na codanna fíoruisce go léir de na huiscí atá i Limistéar Charn Uí Néid—Corr Rubha.

Triúr.

6

Uimh. 7

Ceantar Chiarraí.

An limistéar arb é atá ann—

1. Limistéar Chorr Rubha—Ceann an Uain, is é sin le rá—

(a) iomlán na farraige agus an tsrutha thaoide feadh an chósta idir na pointí seo a leanas, eadhon, Corr Rubha, contae Chorcaí, agus Ceann an Uain, contae Chiarraí, agus thart faoi aon oileáin nó carraigeacha amach ón gcósta idir na pointí sin, agus

Toghroinn Thaoide “A” de Cheantar Chiarraí.

Na huiscí go léir (ach amháin na codanna fíoruisce) atá i Limistéar Chorr Rubha-Ceann an Uain.

Triúr.

 

 

 

 

(b) iomlán na n-aibhneacha agus na lochanna éagsúla agus a gcraobh-aibhneacha a ritheann amach sa sruth taoide idir na pointí sin, agus an talamh a shileann siad sin;

Toghroinn Thaoide “B” de Cheantar Chiarraí.

Na huiscí go léir (ach amháin na codanna fíoruisce) atá i Limistéar Cheann an Uain—Faill Fhia.

Triúr.

2. Limistéar Cheann an Uain— Faill Fhia, is é sin le rá—

(a) iomlán na farraige agus an tsrutha thaoide feadh an chósta idir na pointí seo a leanas, eadhon, Ceann an Uain, contae Chiarraí, agus Faill Fhia, contae Chiarraí, agus thart faoi aon oileáin nó carraigeacha amach ón gcósta idir na pointí sin, agus

Toghroinn Thaoide “C” de Cheantar Chiarraí.

Na huiscí go léir (ach amháin na codanna fíoruisce díobh) atá i Limistéar Fhaill Fhia —Ceann Duimhche.

Cúigear.

 

(b) iomlán na n-aibhneacha agus na lochanna éagsúla agus a gcraobh-aibhneacha a ritheann amach sa sruth taoide idir na pointí sin, agus an talamh a shileann siad sin, agus

Toghroinn Fhíoruisce “D” de Cheantar Chiarraí.

Na codanna fíoruisce go go léir de na huiscí atá i Limistéar Chorr-Rubha — Ceann an Uain.

Triúr.

Toghroinn Fhíoruisce “E” de Cheantar Chiarraí

Na codanna fíoruisce go léir de na huiscí atá i Limistéar Cheann an Uain-Faill Fhia.

Seisear.

3. Ceantar Fhaill Fhia-Ceann Duimhche, is é sin le rá—

(a) iomlán na farraige agus an tsrutha thaoide feadh an chósta idir na pointí seo, eadhon, Faill Fhia, contae Chiarraí, agus Ceann Duimhche, contae Chiarraí, agus thart faoi aon oileáin nó carraigeacha amach ón gcósta idir na pointí sin, agus

Toghroinn Fhíoruisce “F” de Cheantar Chiarraí.

Na codanna fíoruisce de na huiscí a ritheann amach sa sruth taoide idir na pointí seo a leanas, eadhon, Faill Fhia, contae Chiarraí, agus Pointe an Chromáin i gCuan Chaisleán na Mainge, contae Chiarraí.

Triúr.

(b) iomlán na n-aibhneacha agus na lochanna éagsúla agus a gcraobh-aibhneacha a ritheann amach sa sruth taoide idir na pointí sin, agus an talamh a shileann siad sin.

Toghroinn Fhíoruisce “G” de Cheantar Chiarraí.

Na codanna fíoruisce de na huiscí a ritheann amach sa sruth taoide idir na pointí seo a leanas, eadhon, Pointe an Chromáin i gCuan Chaislean na Mainge, contae Chiarraí, agus Ceann Duimhche, contae Chiarraí.

Triúr.

7

Uimh. 8

Ceantar Luimnigh.

An limistéar arb é atá ann—

(a) iomlán na farraige, agus an tsrutha thaoide feadh an chósta idir na pointí seo a leanas, eadhon, Ceann Duimhche, contae Chiarraí, agus Ceann Caillí, contae an Chláir, agus thart faoi aon oileáin nó carraigeacha amach ón gcósta idir na pointí sin, agus

Toghroinn Thaoide “A” de Cheantar Luimnigh.

Na huiscí go léir i gCeantar Luimnigh, ach amháin—

(a) na codanna fíoruisce de na huiscí sin, agus

(b) na huiscí atá i dToghroinn Thaoide “B” de cheantar Luimnigh.

Triúr.

(b) iomlán na lochanna agus na n-aibhneacha éagsúla agus a gcraobh-aibhneacha a ritheann amach sa sruth taoide idir na pointí sin, agus an talamh a shileann siad sin.

Toghroinn Thaoide “B” de Cheantar Luimnigh.

Uiscí uile an Sionainne ó líne a tharraingeofaí idir Gob Pholl an tSalainn i bParóiste Sheana-Ghualann, contae Luimnigh, agus Rinn Fhaoláin i bParóiste Chill Feadáin, contae an Chláir, suas go dtí a hacomhal leis an bhfíoruisce, maraon le hiomlán na gcodanna taoide de na haibhneacha éagsúla agus a gcraobh-aibhneacha a ritheann amach sa chéanna.

Triúr.

Toghroinn Fhíoruisce “C” de Cheantar Luimnigh.

Na codanna fíoruisce go léir de na huiscí go léir a ritheann amach i sruth taoide na Sionainne ar an taobh theas idir Ceann Duimhche agus Cathair Luimnigh.

Triúr.

Toghroinn Fhíoruisce “D” de Cheantar Luimnigh.

Na codanna fíoruisce go léir de na huiscí go léir a ritheann amach i sruth taoide na Sionainne ar an taobh thuaidh idir Ceann Caillí agus Cathair Luimnigh.

Triúr.

Toghroinn Fhíoruisce “E” de Cheantar Luimnigh.

Na codanna fíoruisce go léir den tSionainn agus de na huiscí go léir a ritheann amach sa chéanna idir Cathair Luimnigh agus an Droichead i mBeannchar.

Triúr.

Toghroinn Fhíoruisce “F” de Cheantar Luimnigh.

Na codanna fíoruisce go léir den tSionainn agus de na huiscí go léir a ritheann amach sa chéanna ón Droichead i mBeannchar suas.

Triúr.

8

Uimh. 91

Ceantar na Gaillimhe.

An limistéar arb é atá ann—

(a) iomlán na farraige agus an tsrutha thaoide feadh an chósta idir na pointí seo a leanas, eadhon, Ceann Caillí, contae an Chláir, agus muirrinn na teorann idir baile fearainn Chaorán na gCearc Theas agus baile fearainn na Banraí Báine Theas, contae na Gaillimhe, agus thart faoi aon oileáin nó carraigeacha amach ón gcóstaidirna pointí sin, agus

(b) iomlán na n-aibhneacha agus na lochanna éagsúla agus a gcraobh-aibhneacha a ritheann amach sa sruth taoide idir na pointí sin, agus an talamh a shileann siad sin.

Toghroinn Thaoide “A” de Cheantar na Gaillimhe.

Na huiscí go lé amháin na codanna fíoruisce díobh) atá i gCeantar na Gaillimhe.

Ceathrar

 

Toghroinn Fhíoruisce “B” de Cheantar na Gaillimhe.

 

Na codanna fíoruisce go léir de na huiscí atá i gCeantar na Gaillimhe.

 

Ceathrar

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

9

Uimh. 92

Ceantar Chonamara.

An limistéar arb é atá ann—

(a) iomlán na farraige agus an tsrutha thaoide feadh an chósta idir na pointí seo a leanas, eadhon, muir-rinn na teorann idir baile fearainn Chaorán na gCearc Theas agus baile fearainn na Banraí Báine Theas, contae na Gaillimhe agus Ceann Léime, contae na Gaillimhe, agus thart faoi aon oileáin nó carraigeacha amach ón gcósta idir na pointí sin, agus

(b) iomlán na n-aibhneacha agus na lochanna éagsúla agus a gcraobh-aibhneacha a ritheann amach sa sruth taoide idir na pointí sin, agus an talamh a shileann siad sin.

Toghroinn Thaoide “A” de Cheantar Chonamara.

Na huiscí go léir (ach amháin na codanna fíoruisce díobh) atá i gCeantar Chonamara.

Ceathrar

Toghroinn Fhíoruisce “B” de Cheantar Chonamara.

Na codanna fíoruisce go léir de na huiscí atá i gCeantar Chonamara.

Ceathrar.

 

 

 

 

 

 

 

10

Uimh. 101

Ceantar Bhaile na Cille.

An limistéar arb é atá ann—

(a) iomlán na farraige agus an tsrutha thaoide feadh an chósta idir na pointí seo a leanas, eadhon, Ceann Léime, contae na Gaillimhe, agus Rinn an Choilm in aice le Cathair na Mart, contae Mhaigh Eo, agus thart faoi aon oileáin nó carraigeacha amach ón gcóstaidirna pointí sin, agus

(b) iomlán na n-aibhneacha agus na lochanna éagsúla agus a gcraobh-aibhneacha a ritheann amach sa sruth taoide idir na pointí sin, agus an talamh a shileann siad sin.

Toghroinn Thaoide “A” de Cheantar Bhaile na Cille.

Na huiscí go léi amháin na codanna fíoruisce díobh) atá i gCeantar Bhaile na Cille.

Ceathrar

 

Toghroinn Fhíoruisce “B” de Cheantar Bhaile na Cille.

 

Na codanna fíoruisce go léir de na huiscí at á i gCeantar Bhaile na Cille.

 

Triúr

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

11

Uimh. 102

Ceantar Bheannchar lorrais.

An limistéar arb é atá ann—

(a) iomlán na farraige agus an tsrutha thaoide feadh an chósta idir na pointí seo a leanas, eadhon, Rinn an Choilm in aice le Cathair na Mart, contae Mhaigh Eo, agus Beann Bhuí, contae Mhaigh Eo, agus thart faoi aon oileáin nó carraigeacha amach ón gcósta idir na pointísin, agus

(b) iomlán na n-aibhneacha agus na lochanna éagsúla agus a gcraobh-aibhneacha a ritheann amach sa sruth taoide idir na pointí sin, agus an talamh a shileann siad sin.

Toghroinn Thaoide “A” de Cheantar Bheannchar Iorrais.

Na huiscí go léi amháin na codanna fíoruisce díobh) atá i gCeantar Bheannchar Iorrais.

Triúr

Toghroinn Fhíoruisce “B” de Cheantar Bheannchar Iorrais.

Na codanna fíoruisce go léir de na huiscí atá i gCeantar Bheannchar Iorrais.

Triúr

 

 

 

 

 

 

12

Uimh. 11

Ceantar Bhéal Átha an Fheadha.

An limistéar arb é atá ann—

(a) iomlán na farraige agus an tsrutha thaoide feadh an chósta idir na pointí seo a leanas, eadhon, Beann Bhuí, contae Mhaigh Eo, agus Gob an Chuain Mhóir, contae Shligigh, agus thart faoi aon oileáin nó carraigeacha amach ón gcósta idir na pointí sin, agus

(b) iomlán na n-aibhneacha agus na lochanna éagsúla agus a gcraobh-aibhneacha a ritheann amach sa sruth taoide idir na pointí sin, agus an talamh a shileann siad sin.

Toghroinn Thaoide “A” de Cheantar Bhéal Átha an Fheadha.

Na huiscí go léir (ach amháin na codanna fíoruisce díobh) atá i gCeantar Bhéal Átha an Fheadha.

Seisear

 

Toghroinn Fhíoruisce “B” de Cheantar Bhéal Átha an Fheadha.

 

Na codanna fíoruisce go léir de na huiscí atá i gCeantar Bhéal Átha an Fheadha.

 

Seisear.

 

 

 

 

 

 

13

Uimh. 12

Ceantar Shligigh.

An limistéar arb é atá ann—

1. Limistéar Ghob an Chuain Mhóir-Rinn Chill Easpaig, is é sin le rá—

Toghroinn Thaoide “A” de Cheantar Shligigh.

Na huiscí go léir (ach amháin na codanna fíoruisce díobh) atá i Limistéar Ghob a Chuain Mhóir—Rinn Chill Easpaig.

Ceathrar

(a) iomlán na farraige agus an tsrutha thaoide feadh an chósta idir na pointí seo a leanas, eadhon, Gob an Chuain Mhóir, contae Shligigh, agus Rinn Chill Easpaig i mbaile fearainn Chill Easpaig Chróin, contae Shligigh, agus thart faoi aon oileáin nó carraigeacha amach ón gcósta idir na pointí sin, agus

Toghroinn Thaoide “B” de Cheantar Shligigh.

Na huiscí go léir (ach amháin na codanna fíoruisce díobh) atá i Limistéar Rinn Chill Easpaig—an Charraig Gharbh.

Ceathrar.

(b) iomlán na n-aibhneacha agus na lochanna éagsúla agus a gcraobh-aibhneacha a ritheann amach sa sruth taoide idir na pointí sin, agus an talamh a shileann siad sin, agus

Toghroinn Fhíoruisce “C” de Cheantar Shligigh.

Na codanna fíoruisce go léir de na huiscí atá i Limistéar Ghob an Chuain Mhóir—Rinn Chill Easpaig.

Ceathrar.

2. Limistéar Rinn Chill Easpaig— an Charraig Gharbh, is é sin le rá—

(a) iomlán na farraige agus an tsrutha thaoide feadh an chósta idir na pointí seo a leanas, eadhon, Rinn Chill Easpaig, contae Shligigh, agus an Charraig Gharbh, contae Shligigh, agus thart faoi aon oileáin nó carraigeacha amach ón gcósta idir na pointí sin, agus

(b) iomlán na n-aibhneacha agus na lochanna éagsúla agus a gcraobh-aibhneacha a ritheann amach sa sruth taoide idir na pointí sin, agus an talamh a shileann siad sin.

Toghroinn Fhíoruisce “D” de Cheantar Shligigh.

Na codanna fíoruisce go léir de na huiscí atá i Limistéar Rinn Chill Easpaig—an Charraig Gharbh.

Ceathrar.

14

Uimh. 13

Ceantar Bhéal Átha Seanaigh.

An limistéar arb é atá ann—

(a) iomlán na farraige agus an tsrutha thaoide feadh an chósta idir na pointí seo a leanas, eadhon, an Charraig Gharbh, contae Shligigh, agus Ceann Ros Eoghain, contae Dhún na nGall, agus thart faoi aon oileáin nó carraigeacha amach ón gcósta idir na pointí sin, agus

(b) na codanna, laistigh den Stát, de na haibhneacha agus na lochanna éagsúla agus a gcraobh-aibhneacha a ritheann amach sa sruth taoide idir na pointí sin, agus an talamh, laistigh den Stát, a shileann siad sin.

Toghroinn Thaoide “A” de Cheantar Bhéal Átha Seanaigh.

Na huiscí go léir (ach amháin na codanna fíoruisce díobh) atá i gCeantar Bhéal Átha Seanaigh.

Seisear.

Toghroinn Fhíoruisce “B” de Cheantar Bhéal Átha Seanaigh.

Na codanna fíoruisce go léirdenahuiscilaistigh den Stát atá i gCeantar Bhéal Átha Seanaigh.

Seisear.

 

 

 

 

 

 

15

Uimh. 141

Ceantar Leitir Ceanainn.

An limistéar arb é atá ann—

1. Limistéar Cheann Ros Eoghain —Corrán Binne, is é sin le rá—

(a) iomlán na farraige agus an tsrutha thaoide feadh an chósta idir na pointí seo a leanas, eadhon, Ceann Ros Eoghain, contae Dhún na nGall, agus Corrán Binne, contae Dhún na nGall, agus thart faoi aon oilcáin nó carraigeacha amach ón gcósta idir na pointí sin, agus

 

Toghroinn Thaoide “A” de Cheantar Leitir Ceanainn.

Na huiscí go léir (ach amháin na codanna fíoruisce díobh) atá i Limistéar Cheann Ros Eoghain — Corrán Binne.

Triúr.

Toghroinn Thaoide “B” de Cheantar Leitir Ceanainn.

Na huiscí go léir (ach amháin na codanna fícruisce díobh) atá i Limistéar Chorrán Binne—Ceann Mhálainne.

Triúr.

(b) iomlán na n-aibhneacha agus na lochanna éagsúla agus a gcraobh-aibhneacha a ritheann amach sa sruth taoide idir na pointí sin, agus an talamh a shileann siad sin, agus

Toghroinn Fhíoruisce “C” de Cheantar Leitir Ceanainn

Na codanna fíoruisce go léir de na huiscí atá i Limistéar Cheann Ros Eoghain — Corrán Binne.

Triúr.

2. Limistéar Chorrán Binne— Ceann Mhálainne, is é sin le rá—

(a) iomlán na farraige agus an tsrutha thaoide feadh an chósta idir na pointí seo a leanas, eadhon, Corrán Binne, contae Dhún na nGall, agus Ceann Mhálainne, contae Dhún na nGall, agus thart faoi aon oileáin nó carraigeacha amach ón gcósta idir na pointí sin, agus

(b) iomlán na n-aibhneacha agus na lochanna éagsúla agus a gcraobh-aibhneacha laistigh den Stát a ritheann amach sa sruth taoideidir na pointísin, agus an talamh a shileann siad sin.

Toghroinn Fhíoruisce “D” de Cheantar Leitir Ceanainn.

Na codanna fíoruisce go léirdenahuiscí laistigh den Stát atá i Limistéar Chorrán Binne— Ceann Mhálainne.

Triúr

16

Uimh. 172

Ceantar Dhún Dealgan.

An limistéar arb é atá ann—

(a) iomlán na farraige agus an tsrutha thaoide, laistigh den Stát, feadh an chósta i Loch Cairlinne agus feadh an chósta idir Ceann an Chlochair, contae Lúbhaidh, agus teorainn an Stáit agus Thuaisceart Éireann agus thart faoi aon oileáin nó carraigeacha amach ó na cóstaí sin;

(b) na codanna, laistigh den Stát, de na haibhneacha agus na lochanna éagsúla agus a gcraobh-aibhneacha aritheann amach sa sruth taoide sin agus an talamh, laistigh den Stát, a shileann siad sin, agus

Toghroinn Thaoide “A” de Cheantar Dhún Dealgan.

Na huiscí go léir (ach amháin na codanna fíoruiscedíobh) laistigh den Stát atá i gceantar Dhún Dealgan.

Seisear

Toghroinn Fhíoruisce “B” de Cheantar Dhún Dealgan.

Na codanna fíoruisce go léir den a huiscí laistigh den Stát atá i gCeantar Dhún Dealgan

Seisear.

 

 

 

 

(c) an chuid, laistigh den Stát, den Abhainn Mhór agus a craobh-aibhneacha, agus an talamh, laistigh den Stát, a shileann siad sin.

 

 

 

17

171

Ceantar Dhroichead Átha.

An limistéar arb é atá ann—

(a) iomlán na farraige agus an tsrutha thaoide feadh an chósta idir na pointí seo a leanas, eadhon, an pointe is faide soir de Rubha-Oileán, Sceire, contae Bhaile Átha Cliath, agus Ceann an Chlochair, contae Lúbhaidh, agus thart faoi aon oileáin nó carraigeacha amach ón gcósta idir na pointísin, agus

(b) iomlán na n-aibhneacha agus na lochanna éagsúla agus a gcraobh-aibhneacha a ritheann amach sa sruth taoide idir na pointí sin, agus an talamh a shileann siad sin.

Toghroinn Thaoide “A” de Cheantar Dhroichead Átha.

Na huiscí go léir (ach amháin na codanna fíoruisce díobh) atá i gCeantar Dhroichead Átha.

Seisear.

Toghroinn Fhíoruisce “B” de Cheantar Dhroichead Átha.

Na codanna fíoruisce go léir de na huiscí atá i gCeantar Dhroichead Átha.

Seisear.

 

 

 

 

AN TRIÚ SCEIDEAL

Cuntais Bhord Coimeádaithe.

48.

Mínithe.

1. Sa Sceideal seo—

ciallaíonn an focal “cuntais” cuntais ar fháltais agus íocaíochtaí;

ciallaíonn an focal “iniúchadh” iniúchadh ar chuntais bhoird de bhun mír 3 den Sceideal seo;

ciallaíonn an focal “iniúchóir”, maidir leis an iniúchadh ar chuntais bhoird, an t-iniúchóir rialtais áitiúil d'ainmnigh an tAire Rialtais Áitiúil faoi mhír 3 den Sceideal seo chun an t-iniúchadh sin a dhéanamh;

ciallaíonn an focal “bord” bord coimeádaithe;

ciallaíonn an abairt “iniúchóir rialtais áitiúil” iniúchóir rialtais áitiúil de réir bhrí Alt 68 den Acht Rialtais Áitiúil, 1941 ( Uimh. 23 de 1941 ).

Cuntais le déanamh amach gach bliain.

2. Déanfar amach cuntais gach boird gach bliain go dtí deireadh gach bliana iascaigh.

Iniúchadh bliantúil cuntas ag iniúchóir.

3. Déanfaidh iniúchóir rialtais áitiúil a bheidh ainmnithe chuige sin ag an Aire Rialtais Áitiúil iniúchadh ar chuntais bhoird in aghaidh gach bliana iascaigh.

Táillí iniúchta.

4. (1) Tráth ar bith tar éis iniúchadh a bheith críochnaithe, féadfaidh an tAire Rialtais Áitiúil, le hordú, an táille (dá ngairtear táille iniúchta sa mhír seo) a shocrú a bheidh le híoc i leith an iniúchta sin.

(2) Déanfaidh bord a socrófar táille iniúchta ina leith faoin mír seo méid na táille sin a íoc leis an Aire Rialtais Áitiúil.

(3) Mura ndéanfar íocaíocht, féadfar méid aon táille iniúctha a asbhaint go hiomlán nó go páirteach as aon airgead is iníoctha ag aon Aire Stáit chun aon chríche ar bith leis an mbord ag ar iníoctha an táille iniúchta sin.

(4) Déanfar an t-airgead go léir is iníoctha leis an Aire Rialtais Áitiúil chun táillí iniúchta a ghlanadh a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais.

(5) Measfar go bhfolóidh gach táille iniúchta gach iniúchadh urghnách a dhéanfar (má dhéantar) faoi mhír 13 den Sceideal seo ar na cuntais lena mbainfidh an táille sin.

(6) Féadfaidh an tAire Rialtais Áitiúil, le hordú, aon ordú faoin mír seo a chúlghairm.

Dualgais an iniúchóra.

5. Beidh sé de dhualgas ar an iniúchóir le linn gach iniúchta a dhéanfaidh sé ar chuntais bhoird—

(a) na cuntais sin a scrúdú,

(b) gach mír chuntais a bheidh in aghaidh an dlí nó a mheasfaidh sé a bheith gan bhunús a dhícheadú,

(c) méid aon íocaíochta a dícheadaíodh a fhormhuirearú ar an duine a rinne an íocaíocht nó a d'údaraigh í a dhéanamh,

(d) méid aon easnaimh nó caillteanais a mhuirearú ar aon duine (is comhalta, oifigeach nó seirbhíseach don bhord) arb é a fhaillí nó a mhí-iompar faoi deara an caillteanas nó an t-easnamh,

(e) aon suim nach mbeidh tugtha go cuí i gcuntas a mhuirearú ar aon duine (is oifigeach nó seirbhíseach don bhord) ar cheart dó an tsuim sin a thabhairt i gcuntas,

(f) an méid a dheimhniú a bheidh dlite ó aon duine ar a mbeidh formhuirearú nó muirearú déanta aige,

(g) ag deireadh an iniúchta ceadú na gcuntas aige, faoi réir aon dícheaduithe, formhuirearuithe nó muirearuithe a bheidh déanta aige, a dheimhniú.

Ráiteas ón iniúchóir ag insint fáth an chinnte maidir le dícheadú, formhuirearú, muirearú nó ceadú.

6. (1) Má iarrann aon pháirtí éagóirithe é, cuirfidh an t-iniúchóir a bheidh ag iniúchadh cuntais bhoird in iúl i scríbhinn, ag deireadh na gcuntas sin, na fáthanna a bhí lena chinneadh maidir le haon dícheadú, formhuirearú nó muirearú a bheidh déanta aige agus fós maidir le haon cheadú a bheidh déanta aige.

(2) Déanfar iarratas faoi fho-mhír (1) den mhír seo, i gcás ceadú, tráth nach déanaí ná ceithre lá dhéag tar éis an ceadú a dhéanamh agus, i gcás dícheadú, formhuirearú nó muirearú, tráth nach déanaí na ceithre lá dhéag tar éis é a bheith deimhnithe go bhfuil aon tsuim dlite ó aon duine maidir leis an dícheadú, an formhuirearú nó an muirearú.

Achomhairc chun na hArd-Chúirte nó chun an Aire i gcoinne cinneadh iniúchóra.

7. (1) Aon duine arb éagóir leis aon cheadú, dícheadú, formhuirearú nó muirearú a dhéanfaidh iniúchóir ag aon iniúchadh ar chuntais bhoird agus nach mbeidh leas bainte aige as fo-mhír (2) den mhír seo, féadfaidh sé ordú certiorarí a iarraidh ar an Ard-Chúirt chun an ceadú, an dícheadú, an formhuirearú nó an muirearú sin a aistriú go dtí an Ard-Chúirt agus ar an aistriú sin a bheith déanta beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas—

(a) tabharfaidh an Ard-Chúirt breith ar ábhar áirithe an ghearáin,

(b) má dhaingnítear cinneadh an iniúchóra, ansin, mura n-ordóidh an Ard-Chúirt don ionchúisitheoir costas an iniúchóra sna himeachtaí a íoc, ordóidh an Ard-Chúirt don bhord sin na costais sin a íoc,

(c) más léir don Ard-Chúirt go raibh cinneadh an iniúchóra earráideach—

(i) féadfaidh an Chúirt cibé ordú a dhéanamh is gá de réir cheartais lena n-áirítear ordú i dtaobh cibé íocaíochtaí is cuí léi,

(ii) déanfaidh an Chúirt, mura n-ordóidh sí don ionchúisitheoir a chostais féin sna himeachtaí a sheasamh, a ordú don bhord sin na costais sin a íoc agus fós, mura n-ordóidh sí don inchuisitheoir a chostais féin sna himeachtaí a sheasamh, na costais sin.

(2) Aon duine arb éagóir leis aon dícheadú, formhuirearú, muirearú nó ceadú a dhéanfaidh iniúchóir ag aon iniúchadh agus nach mbeidh leas bainte aige as fo-mhír (1) den mhír seo, féadfaidh sé a iarraidh ar an Aire fiosrú agus cinneadh a dhéanamh i dtaobh dleathacht na gcúiseanna a thug an t-iniúchóir leis an dícheadú, an formhuirearú, an muirearú nó an ceadú sin, agus, air sin, féadfaidh an tAire cibé ordú a dhéanamh is dóigh leis is oiriúnach chun an cheist a chinneadh agus ar an iarratas sin a bheith á chinneadh aige féadfaidh sé sin a dhéanamh de réir tuillteanais an cháis, agus, má chinneann sé go ndearnadh aon dícheadú, formhuirearú nó muirearú go dleathach ach go ndeachthas faoina ábhar in imthoscaí a thug gur chóir cothrom go maithfí an dícheadú, an formhuirearú nó an muirearú, féadfaidh sé a ordú go maithfear é ar na costais (más ann) a íoc faoina ndeachaigh an t-iniúchóir nó an t-údarás inniúil eile chun an dícheadú, an formhuirearú nó an muirearú a chur i bhfeidhm agus is cinneadh críochnaitheach a bheidh i gcinneadh an Aire.

(3) Gach iarratas a dhéanfar faoi fho-mhír (1) nó (2) den mhír seo de dhroim cinneadh an iniúchóra ar iniúchadh déanfar é laistigh de shé sheachtain dar tosach an lá a fuair an t-iarratasóir fáthanna an iniúchóra leis an gcinneadh sin.

Iarratas chun an Aire chun formhuirearú nó muirearú a mhaitheamh a dheimnigh an Ard-Chúirt.

8. Más rud é tar éis duine arb éagóir leis formhuirearú nó muirearú iarratas a dhéanamh chun na hArd-Chúirte faoi fho-mhír (1) de mhír 7 den Sceideal seo, go ndeimhneoidh an Chúirt an formhuirearú nó an muirearú, féadfaidh an duine sin, laistigh de cheithre sheachtain dar tosach lá an deimhnithe sin, a iarraidh ar an Aire an formhuirearú nó an muirearú a mhaitheamh, agus más rud é gur dóigh leis an Aire, ar an iarratais sin d'fháil dó, gur cóir cothrom in imthoscaí an cháis go maithfí an formhuirearú nó an muirearú, féadfaidh sé a ordú go maithfear é ar na costais a íoc faoina ndeachaigh an t-iniúchóir nó an t-údarás inniúil eile ag cur i gcoinne an iarratais chun na hArd-Chúirte agus ag cur an fhormhuirearú nó an mhuirearú i bhfeidhm ar shlí eile.

Formhuirir, etc., a ghnóthú.

9. (1) Más rud é—

(a) nuair a dhéanfar iniúchadh ar chuntais bhoird, go ndeimhneoidh an t-iniúchóir aon suim a bheith dlite ó aon duine, agus

(b) nach ndéanfar go cuí aon iarratas faoi fho-mhír (1) nó (2) de mhír 7 den Sceideal seo de dhroim cinneadh an iniúchóra,

íocfaidh an duine sin an tsuim sin leis an mbord sin ar shé sheachtain a bheith caite ó dháta an deimhnithe ón iniúchóir á dheimhniú an tsuim sin a bheith dlite ón duine sin nó, má bhíonn an t-iniúchóir, de bhun mhír 6 den Sceideal seo, tar éis na fáthanna lena chinneadh a chur in iúl, an dáta ar a bhfuair an duine sin na fáthanna sin.

(2) Más rud é—

(a) nuair a dhéanfar iniúchadh ar chuntais bhoird, go ndeimhneofar aon suim a bheith dlite ó aon duine, agus

(b) go ndéanfar iarratas go cuí faoi fho-mhír (1) nó (2) de mhír 7 den Sceideal seo de dhroim cinneadh an iniúchóra, agus

(c) go gcinnfear go bhfuil an tsuim sin nó aon chuid di dlite ón duine sin,

íocfaidh an duine sin an tsuim sin nó cibé cuid di (de réir mar a bheidh) leis an mbord sin sula mbeidh sé sheachtain caite ó dháta an chinnte sin.

(3) Féadfaidh an t-iniúchóir a mbeidh baint aige leis an ábhar, nó aon duine eile a cheapfaidh an tAire Rialtais Áitiúil chun na críche sin, aon suim a cheanglaítear leis an mír seo a íoc le bord a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí má mhainnítear í a íoc amhlaidh ar dheireadh a bheith leis an tréimhse a shonraítear chuige sin leis an mír seo.

(4) I gcás ina ngnóthóidh iniúchóir nó duine eile, de bhun imeachtaí a tionscnaíodh faoin mír seo, aon suim a cheanglaítear leis an mír seo a íoc le bord, íocfaidh sé an tsuim sin leis an mbord sin.

(5) I gcás ina rachaidh iniúchóir nó duine eile faoi chostais agus caiteachais réasúnacha i ndáil le suim a ghnóthú a cheanglaítear leis an mír seo a íoc le bord agus nach bhfaighidh sé aon chuid, nó nach bhfaighidh sé ach cuid, de na costais agus na caiteachais sin ón duine óna mbeidh an tsuim sin dlite, íocfaidh an bord sin na costais agus na caiteachais sin nó an t-iarmhéid díobh nach bhfuarthas mar a dúradh (de réir mar a bheidh) leis an iniúchóir sin nó an duine eile sin maraon le suim is cúiteamh réasúnach i leith an ama a chaill sé.

Dlínse na Cúirte Dúiche in imeachtaí faoi mhír 9 den Sceideal seo.

10. Déantar leis seo mír A d'alt 77 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 ( Uimh. 10 de 1924 ), arna leasú le halt 52 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1936 ( Uimh. 48 de 1936 ), agus alt 94 den Acht Rialtais Áitiúil, 1946 ( Uimh. 24 de 1946 ), a leasú tuilleadh trí chlásal nua a chur isteach mar a leanas ag deireadh na míre sin—

“(vii) dlínse, gan teorainn ar bith maidir le méid an éilimh, in imeachtaí ar agra iniúchóra nó dhuine eile faoi fho-mhír (3) de mhír 9 den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht Iascaigh (Comhdhlúthú), 1959 .”

Cumhachtaí iniúchóirí chun fianaise, etc., a fháil.

11. (1) Féadfaidh iniúchóir a bheidh ag déanamh iniúchta fianaíse a ghlacadh faoi mhionn agus chun na críche sin féadfaidh sé daoine a chur faoi mhionn.

(2) Faoi réir fhorálacha fho-mhír (3) den mhír seo, féadfaidh an t-iniúchóir a bheidh ag déanamh iniúchta, trí fhógra chuige sin a thabhairt d'aon duine i scríbhinn, a cheangal ar an duine sin a bheith i láthair cibé tráth agus i cibé áit a bheidh sonraithe san fhógra sin chun fianaise a thabhairt maidir le haon ábhar a bheidh i gceist ag an iniúchadh sin nó aon doiciméid a bheidh ina sheilbh, ina choimeád nó faoina urláimh agus a bhainfidh le haon ábhar den sórt sin a thabhairt ar aird.

(3) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha seo a leanas chun críocha fho-mhír (2) den mhír seo—

(a) ní gá d'aon duine a bheith i láthair, de réir fhógra ó iniúchóir faoin bhfo-mhír sin (2) in áit is faide ná deich míle ó gnáth-áit chónaithe an duine sin mura mbeifear tar éis cibé suim is leor chun íoc as costais réasúnacha agus riachtanacha a ghabhfadh lena bheith i láthair amhlaidh a íoc leis an duine sin nó a thairiscint dó;

(b) ar an iniúchóir á iarraidh sin, déanfaidh bord a mbeidh a chuntais á n-iniúchadh suim a íoc le haon duine, nó a thairiscint d'aon duine, a gceanglóidh an t-iniúchóir air faoin bhfo-mhír sin (2) a bheith i láthair ar suim í a mheasfaidh an t-iniúchóir a íocfaidh as na caiteachais réasúnacha, riachtanacha a ghabhfaidh leis an duine sin a bheith i láthair amhlaidh;

(c) aon duine a bheidh, i gcomhlíonadh fógra faoin bhfo-mhír sin (2), tar éis teacht i láthair in aon áit íocfar leis, ach amháin a mhéad a bheidh na caiteachais réasúnacha riachtanacha a ghabh lena bheith i láthair amhlaidh íoctha leis cheana féin, na caiteachais sin ag an mbord a mbeidh a chuntais á n-iniúchadh, agus, ach amháin mar a dúradh, beidh na caiteachais sin, mura n-íocfar iad amhlaidh, inghnóthaithe mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla;

(d) gach duine a mbeidh fógra tugtha dó faoin bhfo-mhír sin (2) agus a dhiúltóidh nó a mhainneoidh go toiliúil a bheith i láthair de réir an fhógra sin nó a athróidh, a shochtóidh, a cheilfidh nó a dhítheoidh, go toiliúil, aon doiciméad lena mbainfidh an fógra sin, nó a dhiúltóidh, tar éis teacht i láthair amhlaidh, fianaise a thabhairt nó a dhiúltóidh nó a mhainneoidh go toiliúil aon doiciméad lena mbainfidh an fógra sin a thabhairt ar aird, beidh sé ciontach i gcion faoin mír seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air;

(e) féadfar fógra faoin bhfo-mhír sin (2) a thabhairt trína sheachadadh don duine lena mbainfidh sé nó é a chur tríd an bpost i litir chláraithe réamhíoctha agus é dírithe chuig an duine sin ag an seoladh ag a gcónaíonn sé de ghnáth.

Rialacháin maidir le hiniúchadh.

12. (1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh maidir le gach ní nó aon ní acu seo a leanas—

(a) an fhoirm ina gcoimeádfar cuntais bord,

(b) an duine a thabharfaidh agus an t-am ar laistigh de a thabharfar na cuntais sin ar aird lena n-iniúchadh;

(c) an slí ina ndéanfar an t-iniúchadh, agus

(d) aon ábhar nó ní eile a bhainfidh le hiniúchadh na gcuntas sin agus ar dóigh leis an Aire gur gá foráil a dhéanamh ina leith.

(2) Aon rialacháin a choimeádtar i bhfeidhm le fo-mhír (2) de mhír 12 den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht Iascaigh (Leasú), 1949 (Uimh. 18 de 1949) , nó a rinneadh faoin mír sin 12 agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an dáta feidhme leanfaidh siad i bhfeidhm agus beidh éifeacht acu ionann is dá mba faoi fho-mhír (1) den mhír seo a rinneadh iad.

Iniúchadh urghnách.

13. (1) Féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Rialtais Áitiúil, a ordú tráth ar bith iniúchadh urghnách a dhéanamh ar chuntais bhoird.

(2) Measfar gur iniúchadh chun críocha na bhforálacha roimhe seo den Sceideal seo iniúchadh urghnách a dhéanfar faoin mír seo agus beidh feidhm dá réir sin ag na forálacha roimhe seo den Sceideal seo.

(3) Féadfaidh iniúchóir don Aire Rialtais Áitiúil, aon tráth a údaróidh an tAire sin dó é nó a cheanglóidh an tAire sin air é, scrúdú a dhéanamh ar chuntais aon bhoird, agus, má dhiúltaíonn aon chomhalta, oifigeach nó seirbhíseach don bhord sin an scrúdú sin a cheadú nó má bhacann sé an t-iniúchóir agus é ag déanamh an scrúdaithe sin nó má cheileann sé aon chuntas nó leabhar d'fhonn an scrúdú a chosc, beidh sé ciontach i gcion faoin mír seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig phunt a chur air.

AN CEATHRÚ SCEIDEAL.

Scála na nDleachtanna Gnáth-Cheadúnais.

Alt 68

Cuid I.

Dleachtanna Ceadúnais i leith Gnáth-Cheadúnas Slaite Bradán.

Na hAicmí Gnáth-Cheadúnas Slaite Bradán

An Sórt Innill

Gnáth-Cheadúnais Slaite Bradán (bliantúil)

Gnáth-Cheadúnais Slaite Bradán (bliantúil) (ceantar)

Gnáth-Cheadúnais Slaite Bradán (seacht lá)

Gnáth-Cheadúnais Slaite Bradán (lá is fiche)

Gnáth-Cheadúnais Slaite Bradán (séasúr déanach)

Gnáth-Cheadúnais Slaite Bradán (séasúr déanach) (ceantar)

(1)

(2)

(3)

(4)

(5)

(6)

(7)

£

s.

d.

£

s.

d.

£

s.

d.

£

s.

d.

£

s.

d.

£

s.

d.

Slat Bradán

2

0

0

2

0

0

1

0

0

1

10

0

1

10

0

1

0

0

Cuid II.

Dleachtanna Gnáth-Cheadúnais eile.

Uimh. Thag.

An Sórt Innill

Dleacht Cheadúnais Bhliantúil

(1)

(2)

(3)

£

s.

d.

1.

Líon cuaillí nó líon eite

30

0

0

2.

Cochall iascaireachta

10

0

0

3.

Ceann chora

6

0

0

4.

Líon tarraingthe

4

0

0

5.

Sruth-líon

3

0

0

6.

Sciob-líon

2

10

0

7.

Líon cleithe

2

0

0

8.

Lúb-líon

10

0

9.

Bosca tógála bradán i gcora iascaireachta nó i ndamba muilinn iascaireachta

10

0

0

10.

Súil, bearna nó cliabh chun eascanna a thógáil i gcora iascaireachta nó damba muilinn iascaireachta nó ar an gcéanna

2

0

0

11.

Gaiste eascanna mar a úsáidtear faoi cheadúnas i gCeantar Uimh. 171 nó Ceantar Dhroichead Átha agus i gCeantar Uimh. 13 nó Ceantar Bhéal Átha Seanaigh

2

0

0

12.

Dorú fada le haghaidh eascanna

2

0

0

 

AN CÚIGIÚ SCEIDEAL.

Fodhlíthe ag Socrú Séasúr Coiscthe d'Iasc Sliogánach (Seachas Oisrí).

Ailt 126 (2), 137 (1) (d), 138 (1) (d), 148 (2), 151 (2), 271 (2), 272 (2), 283 (2), 284 (2).

Fodhlíthe ag Athrú Séasúir Choiscthe Bhliantúla do Bhradáin agus Bric, Polláin agus Eascanna, Séasúr Coiscthe d'Oisrí agus d'Iasc Sliogánach (seachas Oisrí), agus Fodhlíthe faoi Ailt 272 agus 284.

Fodhlíthe ag socrú séasúr d'iasc sliogánach (seachas oisrí).

1. I gcás ina mbeartóidh an tAire fodhlí a dhéanamh faoi alt 283 maidir le ceantar áirithe á thoirmeasc, ar feadh tréimhse nó tréimhsí sonraithe gach bliain, iasc sliogánach (seachas oisrí) de chineál áirithe a thógáil nó féachaint lena dtógáil as an gceantar sin nó iasc sliogánach (seachas oisrí) den chineál sin a tógadh as an gceantar sin a shealbhú, a choinneáil, a dhíol nó féachaint lena ndíol—

(a) déanfaidh an tAire oifigeach don Aire a cheapadh chun fiosrúchán (a dtabharfar fógra de réir alt 322 i dtaobh a dhéanta) a dhéanamh, agus tuarascáil a thabhairt dó, i dtaobh ar indéanta an fodhlí,

(b) tar éis an tuarascáil sin a bhreithniú, féadfaidh an tAire, faoi réir fhorálacha an Achta seo, fodhlí a dhéanamh faoi alt 283 maidir leis an gceantar sin i dtaobh iasc sliogánach (seachas oisrí) den chineál sin.

Fodhlíthe ag athrú séasúir choiscthe bhliantúla do bhradáin, bric, polláin agus eascanna agus séasúir choiscthe d'oisrí agus d'iasc sliogánach (seachas oisrí).

2. (1) I gcás—

(a) ina ndéanfaidh aon duine leasmhar iarratas chun an Aire á iarraidh fiosrúchán a chur ar siúl i dtaobh ar indéanta athrú a dhéanamh ar an tréimhse arb í, in aon cheantar, an séasúr coiscthe bliantúil do bhradáin agus bric í, an séasúr coiscthe bliantúil do dhuánacht bradán, an séasúr coiscthe bliantúil do dhuánacht breac, an séasúr coiscthe bliantúil do pholláin, an séasúr coiscthe bliantúil d'eascanna, an séasúr coiscthe d'oisrí, nó an séasúr coiscthe d'iasc sliogánach (seachas oisrí) de chineál áirithe, agus

(b) gur socraíodh an tréimhse sin (murab í an séasúr coiscthe bliantúil do pholláin í) trí bliana ar a laghad roimhe sin, agus

(c) go lóisteálfaidh an t-iarratasóir leis an Aire, má cheanglaíonn an tAire air é, cibé suim is leor leis an Aire chun íoc as na caiteachais faoina rachaidh an tAire i ndáil leis an bhfiosrúchán agus imeachtaí a leanfaidh as,

beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas—

(i) déanfaidh an tAire oifigeach don Aire a cheapadh chun fiosrúchan (a dtabharfar fógra de réir alt 322 i dtaobh a dhéanta) a dhéanamh, agus tuarascáil a thabhairt dó, i dtaobh an iarratais,

(ii) tar éis an tuarascái a bhreithniú, féadfaidh na tAire más cuí leis, faoi réir fhorálacha an Achta seo, fodhlí a dhéanamh ag socrú tréimhse nua in ionad na tréimhse atá ann.

(2) Ní bheidh an tréimhse a shocrófar le haon fhodhlí faoi fho-mhír (1) den mhír seo ag socrú an tséasúir choiscthe bhliantúil do bhradáin agus bric níos giorra i gcás ar bith ná céad seasca is ocht lá.

(3) Ní bheidh an tréimhse a shocrófar le haon fhodhlí faoi fho-mhír (1) den mhír seo ag socrú an tséasúir choiscthe bhliantúil do dhuánacht bradán níos giorra in aon chás ná dhá lá is nócha agus beidh tréimhse choiscthe dhuánachta Dheireadh Fómhair ina cuid di.

(4) An tréimhse a shocrófar le haon fhodhlí faoi fho-mhír (1) den mhír seo ag socrú an tséasúir choiscthe bhliantúil do dhuánacht breac beidh tréimhse choiscthe dhuánachta Dheireadh Fómhair ina cuid di.

(5) An tréimhse a shocrófar le haon fhodhlí faoi fho-mhír (1) den mhír seo ag socrú an tséasúir choiscthe bhliantúil do pholláin beidh an tréimhse dar tosach 1ú lá de Shamhain in aon bhliain agus dar críoch an chéad 31ú lá d'Eanáirina dhiaidh sin ina cuid di.

Fodhlíthe faoi alt 272.

3. I gcás—

(a) ina ndéanfaidh aon duine ag a mbeidh leas in iascach oisrí i gceantar áirithe iarratas chun an Aire á iarraidh fiosrúchán a chur ar siúl i dtaobh ar indéanta fodhlí a dhéanamh faoi alt 272 maidir leis an gceantar sin á thoirmeasc, ar feadh tréimhse, aon oisrí nó álmhach oisrí a dhreideáil, a thógáil, a ghabháil nó a dhíothú sa cheantar sin, agus

(b) go lóisteálfaidh an t-iarratasóir leis an Aire, má cheanglaíonn an tAire air é, cibé suim is leor leis an Aire chun íoc as na caiteachais faoina rachaidh an tAire i ndáil leis an bhfiosrúchán agus imeachtaí a leanfaidh as,

beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas—

(i) déanfaidh an tAire oifigeach don Aire a cheapadh chun an fiosrúchán sin (a dtabharfar fógra de réir alt 322 i dtaobh a dhéanta) a dhéanamh, agus tuarascáil a thabhairt, dó i dtaobh an iarratais,

(ii) tar éis an tuarascáil sin a bhreithniú, féadfaidh an tAire, faoi réir fhorálacha an Achta seo, fodhlí a dhéanamh faoi alt 272 maidir leis an gceantar sin.

Fodhlíthe faoi alt 284.

4. (1) I gcás—

(a) ina ndéanfaidh aon duine leasmhar iarratas chun an Aire á iarraidh fiosrúchán a chur ar siúl i dtaobh ar indéanta fodhlí a dhéanamh faoi alt 284 maidir le ceantar áirithe á thoirmeasc, ar feadh tréimhse sonraithe, iasc sliogánach (seachas oisrí) de chineál áirithe a thógáil nó féachaint lena dtógáil as an gceantar sin, agus

(b) go lóisteálfaidh an t-iarratasóir leis an Aire, má cheanglaíonn an tAire air é, cibé suim is leor leis an Aire chun íoc as na caiteachais faoina rachaidh an tAire i ndáil leis an bhfiosrúchán sin agus imeachtaí a leanfaidh as,

beidh éifeacht ag na folálacha seo a leanas—

(i) déanfaidh an tAire oifigeach don Aire a cheapadh chun an fiosrúchán sin (a dtabharfar fógra de réir alt 322 i dtaobh a dhéanta) a dhéanamh, agus tuarascáil a thabhairt dó, i dtaobh an iarratais,

(ii) tar éis an tuarascáil sin a bhreithniú, féadfaidh an tAire, faoi réir fhorálacha an Achta seo, fodhlí a dhéanamh faoi alt 284 maidir leis an gceantar sin i leith éisc shliogánaigh (seachas oisrí) den chineál sin.

(2) I gcás ina mbeartóidh an tAire uaidh féin fodhlí a dhéanamh faoi alt 284 maidir le ceantar áirithe á thoirmeasc, ar feadh tréimhse sonraithe, iasc sliogánach (seachas oisrí) de chineál áirithe a thógáil nó féachaint lena dtógáil as an gceantar sin—

(a) déanfaidh an tAire oifigeach don Aire a cheapadh chun fiosrúchán (a dtabharfar fógra de réir alt 322 i dtaobh a dhéanta) a dhéanamh, agus tuarascáil a thabhairt dó, i dtaobh ar indéanta an fodhlí a dhéanamh,

(b) tar éis an tuarascáil sin a bhreithniú, féadfaidh an tAire, faoi réir fhorálacha an Achta seo, fodhlí a dhéanamh faoi alt 284 maidir leis an gceantar sin i leith éisc shliogánaigh (seachas oisrí) den chineál sin.

Na caiteachais a bhainfidh le fiosrúcháin faoi mhíreanna 2, 3 agus 4 (1).

5. (1) Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas maidir le caiteachais faoina rachaidh an tAire i ndáil le fiosrúchán faoi mhír 2 nó 3 nó fo-mhír (1) de mhír 4 den Sceideal seo, nó imeachtaí de dhroim an fhiosrúcháin sin—

(a) faoi réir na fo-mhíre seo, íocfar na caiteachais sin as airgead a sholáthróidh an tOireachtas,

(b) más rud é, tar éis an fiosrúchán a dhéanamh gur dóigh leis an Aire nár chóir an t-iarratas lenar iarradh é a dhéanamh, féadfaidh sé a ordú go n-íocfaidh an t-iarratasóir na caiteachais sin nó cibé cuid díobh a chinnfidh sé agus sa chás sin cuirfear aon airgead a lóisteáil an t-iarratasóir faoi mhír 2 nó 3 nó fo-mhír (1) de mhír 4 den Sceideal seo a úsáid chun na caiteachais sin a íoc, agus, mura leor an tsuim a lóisteáladh amhlaidh nó murar lóisteáladh aon airgead faoin mír sin 2 nó 3 nó fo-mhír (1) de mhír 4, ansin íocfaidh an t-iarratasóir iarmhar nó méid iomlán, de réir mar bheidh, na gcaiteachas a ordaíodh don iarratasóir a íoc, agus féadfar é sin a ghnóthú uaidh mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(2) Déanfar aon airgead a lóisteáladh faoi mhír 2 nó 3 nó fo-mhír (1) de mhír 4 den Sceideal seo agus nár úsáideadh de réir fho-mhír (1) den mhír seo a íoc leis an duine a lóisteáil é.

AN SEU SCEIDEAL.

Foirm Cheaptha Maoir Uisce faoi Alt 294.

Alt 294.

Déanaimse, A. B. (nó Déanaimidne, A. B. agus C. D., de réir mar a bheidh) as

(ainmnigh an áit chónaithe nó na háiteanna cónaithe),

E. F., as

(ainmnigh a áit chónaithe),

a cheapadh leis seo ina Mhaor Uisce chun iascach

(ainmnigh an t-iascach, an abhainn, nó an cósta farraige, cibé acu é),

a chosaint, de bhun an Achta Iascaigh (Comhdhlúthú), 1960, agus údaraítear leis seo don E. F. sin as (ainmnigh a áit chónaithe),

gach gníomh dleathach a dhéanamh mar Mhaor Uisce den chineál sin de réir fhorálacha an Achta sin.

(Sínithe)

Do gach n-aon lena mbaineann.

Aontaímse, an Breitheamh den Chúirt Dúiche a bhfuil mo shíniú anseo thíos leis seo sa cheapachán sin thuas.