39 1959


Uimhir 39 de 1959.


AN tACHT PRINTÍSEACHTA, 1959.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ FEABHSAITHE CHUN PRINTÍSEACHT I gCEARDA ÁIRITHE A RIALÚ AGUS CHUIGE SIN DO BHUNÚ COMHLACHTA DÁ nGAIRFEAR AN CHEARD-CHOMHAIRLE AGUS DO MHÍNIÚ A CHUMHACHT AGUS A DHUALGAS, d'ATHGHAIRM AN ACHTA PRINTÍSEACHTA, 1931 , AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [15 Nollaig, 1959.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS :—

CUID I.

Réamhráiteach agus Ginearálta.

Gearrtheideal.

1. —Féadfar an tAcht Printíseachta, 1959 , a ghairm den Acht seo.

Léiriú.

2. —(1) San Acht seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

tá le “An Chomhairle” an bhrí a shonraítear i bhfo-alt (1) d'alt 8 den Acht seo;

ciallaíonn “coiste printíseachta” coiste a bhunófar le hordú faoi alt 22 den Acht seo;

ciallaíonn “ceantar printíseachta” limistéar is ceantar printíseachta faoi ordú arna dhéanamh faoi alt 22 den Acht seo;

ciallaíonn “oifigeach údaraithe” duine arna cheapadh ag an Aire chun bheith ina oifigeach údaraithe chun críocha an Achta seo;

ciallaíonn “ceird ainmnithe” ceird a mbeidh dearbhaithe de thuras na huaire le hordú faoi alt 21 den Acht seo gur ceird ainmnithe í chun críocha an Achta seo agus, i gcás ceirde nach ceird ainmnithe ach amháin i gcuid den Stát, déanfar tagairtí do bheith ag gabháil do cheird ainmnithe agus d'fhostaíocht ar mhodh printíseachta le ceird ainmnithe a fhorléiriú, faoi seach, mar thagairtí do bheith ag gabháil don cheird agus d'fhostaíocht ar mhodh printíseachta leis an gceird sa chuid sin den Stát;

ciallaíonn “an lá bunaithe” an lá a cheapfar chun bheith ina lá bunaithe chun críocha an Achta seo le hordú ón Aire faoi alt 3 den Acht seo;

folaíonn “feidhmeanna” cumhachtaí agus dualgais;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála;

ciallaíonn an briathar “forordú” forordú le rialacha ón gComhairle faoin Acht seo;

ciallaíonn “maor” duine arna cheapadh faoi alt 53 den Acht seo ina mhaor chun críocha an Achta seo;

ciallaíonn “ceird” aon tionscal, slí bheatha nó gnó, agus folaíonn sé freisin aon bhrainse áirithe ceirde, ach ní fholaíonn sé talmhaíocht, garnóireacht, déanamh ime, cáise nó táirgí eile déiríochta ná slite beatha gairmiúla nó cléireachais.

(2) Aon tagairt san Acht seo do chomhlíonadh feidhmeanna, folaíonn sí, maidir le cumhachtaí, tagairt d'fheidhmiú na gcumhachtaí sin.

An lá bunaithe.

3. —Féadfaidh an tAire le hordú lá a cheapadh chun bheith ina lá bunaithe chun críocha an Achta seo.

Feidhm i gcás printísigh a bheidh ar fostú ag an Stát.

4. —Beidh feidhm ag an Acht seo i gcás daoine a bheidh ar fostú ar mhodh printíseachta ag an Stát nó faoin Stát.

Rialacha (ábhair fhorordaithe).

5. —Féadfaidh An Chomhairle rialacha a dhéanamh maidir le haon ábhar nó ní dá dtagraítear san Acht seo mar ábhar nó ní atá forordaithe nó le forordú.

Caiteachas Airí.

6. —Íocfar as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, aon chaiteachas faoina rachaidh an tAire agus an tAire Oideachais ag riaradh an Achta seo.

Athghairm.

1931, Uimh. 56 .

7. —(1) Athghairtear leis seo an tAcht Printíseachta, 1931 .

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an lá ceaptha.

(3) Ní dhéanfar aon ordú faoi mhír (a) d'fho-alt (1) d'alt 2 den Acht Printíseachta, 1931 , idir dáta an Achta seo a rith agus an lá ceaptha.

(4) San alt seo ciallaíonn “an lá ceaptha” an lá a cheapfar le hordú ón Aire chun bheith ina lá ceaptha chun críocha an ailt seo.

CUID II.

An Cheard-Chomhairle.

An Cheard-Chomhairle a bhunú.

8. —(1) Déanfar comhlacht ar a dtabharfar an Cheard-Chomhairle (dá ngairtear An Chomhairle san Acht seo) a bhunú an lá ceaptha chun na feidhmeanna a thugtar dó leis an Acht seo a chomhlíonadh.

(2) Beidh An Chomhairle ina comhlacht corpraithe le comharbas suthain agus beidh cumhacht agartha aici agus beidh sí inagartha faoina hainm corpraithe agus beidh cumhacht aici chun talamh a thógáil, a theachtadh agus a dhiúscairt.

Comhaltas.

9. —Cathaoirleach agus trí ghnáth-chomhalta dhéag a bheidh ar an gComhairle.

An cathaoirleach.

10. —(1) Is é an tAire a cheapfaidh cathaoirleach na Comhairle agus, mura dtarlaí dó roimhe sin é d'éag, d'éirí as, a theacht faoi dhícháilíocht nó a chur as oifig, beidh sé i seilbh oifige go ceann cibé tréimhse a shocróidh an tAire tráth a cheaptha.

(2) An Stiúrthóir Printíseachta a thabharfar ar chathaoirleach na Comhairle agus beidh sé ina chomhalta lán-aimsire den Chomhairle.

(3) Féadfaidh Cathaoirleach na Comhairle tráth ar bith éirí as a oifig trí litir a bheidh dírithe chun an Aire agus beidh éifeacht ag an éirí as amhail ar an agus ón dáta a gheobhaidh an tAire an litir.

(4) Féadfaidh an tAire tráth ar bith cathaoirleach na Comhairle a chur as oifig.

(5) Má thagann cathaoirleach na Comhairle chun bheith ina chomhalta de Cheachtar Teach den Oireachtas ansin ar é a theacht, faoi Bhuan-Ordaithe an Ti sin, chun bheith i dteideal suí sa Teach sin scoirfidh sé de bheith ina chathaoirleach ar an gComhairle.

(6) Duine ag a mbeidh de thuras na huaire teideal faoi Bhuan-Orduithe cheachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin beidh sé dícháilithe chun bheith ina chathaoirleach ar an gComhairle.

(7) Íocfar le cathaoirleach na Comhairle cibé luach saothair a chinnfidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.

(8) Íocfar le cathaoirleach na Comhairle, as airgead a bheidh faoina réir ag an gComhairle, cibé liúntais, i leith caiteachais faoina rachaidh sé, a chinnfidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.

Ceapadh, téarma oifige, etc., gnáthchomhaltaí.

11. —(1) Comhaltaí oibrithe a bheidh i gcúigear, comhaltaí fostóirí a bheidh i gcúigear, agus comhaltaí oideachais a bheidh i dtriúr, de ghnáth-chomhaltaí na Comhairle.

(2) Déanfaidh an tAire, maidir le gach duine is comhalta oibrithe, eagras a bheidh ionadaitheach do cheardchumainn oibrithe a shonrú chun duine a ainmniú chun a cheaptha mar chomhalta oibrithe den Chomhairle agus ceapfaidh an tAire an duine a ainmneofar amhlaidh ina chomhalta oibrithe den Chomhairle.

(3) Tabharfaidh an tAire cuireadh d'eagrais a bheidh ionadaitheach d'fhostóirí chun daoine a ainmniú chun a gceaptha mar chomhaltaí fostóirí na Comhairle agus ceapfaidh an tAire cúigear de na daoine a ainmneofar amhlaidh mar chomhaltaí fostóirí na Comhairle.

(4) Déanfaidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Oideachais, triúr daoine a mheasfaidh sé a bheith ionadaitheach do leasa oideachais a cheapadh mar chomhaltaí oideachais na Comhairle.

(5) Mura dtarlóidh roimhe sin go n-éagfaidh sé, go n-éireoidh sé as oifig, go ndícháileofar é nó go gcuirfear as oifig é, beidh gach gnáth-chomhalta den Chomhairle i seilbh oifige go ceann tréimhse chúig bliana.

(6) Féadfar gnáth-chomhalta den Chomhairle a athcheapadh ar a théarma oifige do dhul in éag le himeacht aimsire.

(7) Féadfaidh an tAire tráth ar bith gnáth-chomhalta den Chomhairle a chur as oifig.

(8) Féadfaidh gnáth-chomhalta den Chomhairle éirí as a oifig trí litir a bheidh dírithe chun an Aire agus beidh éifeacht ag an éirí as amhail ar an agus ón dáta a gheobhaidh an tAire an litir.

(9) Beidh gnáth-chomhalta den Chomhairle dícháilithe chun oifig a shealbhú agus scoirfidh sé d'oifig a shealbhú má bhreithnítear ina fhéimheach é nó má dhéanann sé imshocraíocht nó comhshocraíocht le creidiúnaithe, nó má thugann cúirt dlínse inniúla pianbhreith phríosúnachta nó phianseirbhíse air nó má scoireann sé de bheith ina ghnáth-chónaí sa Stát.

(10) Íocfar le gach gnáth-chomhalta, as airgead a bheidh faoina réir ag an gComhairle, cibé liúntais, i leith caiteachais faoina rachaidh sé, a cheadóidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.

Corrfholúntais.

12. —(1) Má tharlaíonn corrfholúntas i measc comhaltaí oibrithe na Comhairle, sonróidh an tAire eagras a bheidh ionadaitheach do cheardchumainn oibrithe chun duine a ainmniú le ceapadh chun an folúntas a líonadh agus ceapfaidh an tAire an duine a ainmneofar amhlaidh chun an folúntas a líonadh.

(2) Má tharlaíonn corrfholúntas i measc comhaltaí fostóirí na Comhairle, tabharfaidh an tAire cuireadh d'eagrais a bheidh ionadaitheach d'fhostóirí chun daoine a ainmniú le ceapadh chun an folúntas a líonadh agus ceapfaidh an tAire duine de na daoine a ainmneofar amhlaidh chun an folúntas a líonadh.

(3) Má tharlaíonn corrfholúntas i measc comhaltaí oideachais na Comhairle, déanfaidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Oideachais, duine a cheapadh a mheasfaidh sé a bheith ionadaitheach do leasa oideachais chun an folúntas a líonadh.

(4) Beidh duine a cheapfar faoin alt seo i seilbh oifige ar feadh na coda a bheidh fágtha de théarma a réamhtheachtaí.

Cruinnithe agus nós imeachta.

13. —(1) Beidh ag an gComhairle cibé cruinnithe agus cibé méid cruinnithe is gá chun a feidhmeanna a chomhlíonadh.

(2) Féadfaidh an tAire dáta, am agus ionad chéad chruinnithe na Comhairle a shocrú.

(3) Isé is córam do chruinniú den Chomhairle cúigear comhaltaí (is comhaltaí ag a mbeidh teideal vóta a chaitheamh ag an gcruinniú).

(4) Ag cruinniú den Chomhairle—

(a) is é cathaoirleach na Comhairle, má bhíonn sé i láthair, a bheidh ina chathaoirleach ar an gcruinniú,

(b) má bhíonn agus an fad a bheidh cathaoirleach na Comhairle as láthair nó má bhíonn oifig an chathaoirligh folamh, déanfaidh na comhaltaí den Chomhairle a bheidh i láthair duine dá líon a roghnú chun bheith ina chathaoirleach ar an gcruinniú.

(5) Beidh vóta ag cathaoirleach na Comhairle agus ag gach comhalta oibrithe agus ag gach comhalta fostóirí den Chomhairle ag cruinniú den Chomhairle.

(6) Ní bheidh vóta ag comhalta oideachais den Chomhairle ag cruinniú den Chomhairle, ach amháin i gcás inar comhalta den sórt sin a bheidh ina chathaoirleach ar an gcruinniú.

(7) Má tharlaíonn, ag aon chruinniú den Chomhairle, nach ionann líon do ghrúpa na gcomhaltaí oibrithe agus do ghrúpa na gcomhaltaí fostóirí a bheidh i láthair—

(a) féadfaidh cibé grúpa acu sin ag a mbeidh an tromlach a shocrú nach vótálfaidh aon duine nó daoine áirithe dá líon d'fhonn comhionannas a choinneáil,

(b) mura ndéanfar aon socrú den sórt sin, féadfaidh cathaoirleach na Comhairle nó, má bhíonn sé as láthair, an duine a bheidh ina chathaoirleach ar an gcruinniú, an vótáil ar cheist ar bith a chur ar atráth go dtí cruinniú eile den Chomhairle.

(8) Déanfar gach ceist ag cruinniú den Chomhairle a chinneadh, faoi réir fo-alt (4) d'alt 57 den Acht seo, le tromlach vótaí na gcomhaltaí a bheidh i láthair agus a vótálfaidh ar an gceist agus, i gcás comhionannas vótaí, beidh an dara vóta nó vóta réitigh ag cathaoirleach an chruinnithe.

(9) Féadfaidh An Chomhairle gníomhú d'ainneoin folúntas nó folúntais i measc a comhaltaí.

(10) Faoi réir forálacha an Achta seo, rialóidh An Chomhairle nós imeachta agus gnó na Comhairle le buan-orduithe nó ar shlí eile.

Oifigigh agus seirbhísigh.

14. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, cibé oifigigh agus seirbhísigh a cheapadh is dóigh leis is gá chun cabhrú leis an gComhairle ag comhlíonadh a feidhmeanna.

(2) Beidh na hoifigigh agus na seirbhísigh a cheapfar amhlaidh i seilbh oifige ar cibé téarmaí agus gheobhaidh siad cibé luach saothair a chinnfidh an tAire Airgeadais.

Feidhm a bheith ag na hAchtanna Aoisliúntas, 1834 go 1956, maidir le seirbhís in oifig an chathaoirligh.

1956, Uimh. 38 .

Edw. 7, 10.

956, Uimh. 10.

15. —(1) Measfar, chun críocha na nAchtanna Aoisliúntas, 1834 go 1956, gur seirbhís bhunaithe sa státseirbhís seirbhís a bheidh tugtha ag duine in oifig chathaoirligh na Comhairle, gan áireamh a dhéanamh ar aon seirbhís a bheidh tugtha aige tar éis trí mhí a bheith caite ón dáta a shlánaigh sé seasca a cúig bliana d'aois, agus beidh feidhm ag an Acht Aoisliúntas, 1956 , i gcás nó i leith chathaoirleach na Comhairle sa slí chéanna ina bhfuil feidhm ag an Acht sin i gcás nó i leith státseirbhísigh bhunaithe.

(2) Beidh feidhm ag forálacha fo-alt (1) d'alt 6 den Superannuation Act, 1909, maidir le duine a ceapadh ina chathaoirleach ar an gComhairle agus a scoirfidh de bheith ina chathaoirleach trí oibriú dlí nó mar gheall ar é a chur as oifig, ar chúis seachas mí-iompar nó éagumas a shonrú ina leith, nó ar dheireadh a bheith lena thréimhse oifige.

(3) (a) Beidh éifeacht ag alt 67 den Acht Rialtais Áitiúil (Aoisliúntas), 1956 , maidir le hoifigeach inphinsin d'údarás áitiúil a cheapfar ina chathaoirleach ar an gComhairle amhail mar bheadh dá mba chun poist bhunaithe sa státseirbhís a cheapfaí é.

(b) I mír (a) den fho-alt seo tá le “oifigeach inphinsin d'údarás áitiúil” an bhrí a shanntar don abairt sin le halt 2 den Acht Rialtais Áitiúil (Aoisliúntas), 1956 .

Séala.

16. —(1) Soláthróidh An Chomhairle séala di féin a luaithe is féidir tar éis a bunaithe.

(2) Fíordheimhneofar séala na Comhairle le síniú chathaoirleach na Comhairle nó chomhalta éigin eile den Chomhairle a mbeidh údarás aige ón gComhairle gníomhú chuige sin maraon le síniú oifigigh don Chomhairle a mbeidh údarás aige ón gComhairle gníomhú chuige sin.

(3) Tabharfar aird bhreithiúnach ar shéala na Comhairle agus glacfar i bhfianaise gach doiciméad a airbheartóidh a bheith ina ionstraim a rinne An Chomhairle agus a bheith séalaithe le séala na Comhairle (á airbheartú gur fíordheimhníodh de réir an ailt seo é) agus measfar gurb í an ionstraim sin é gan chruthúnas, mura suítear a mhalairt.

Cuntais agus iniúchadh.

17. —(1) Coimeádfaidh An Chomhairle, i cibé foirm a cheadóidh an tAire, le comhthoiliú an Aire Airgeadais, na cuntais go léir is cuí agus is gnáth ar an airgead go léir a gheobhaidh sí nó a chaithfidh sí.

(2) Cuirfidh An Chomhairle na cuntais a choimeádfar de bhun an ailt seo faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste in aghaidh na bliana lena n-iniúchadh cibé tráthanna a ordóidh an tAire le comhthoiliú an Aire Airgeadais.

(3) Láithreach tar éis cuntais na Comhairle a bheith iniúchta faoin alt seo, déanfar achomaireacht ar na cuntais, arna ndeimhniú ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste, maraon le cóip de thuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste a thabhairt don Aire.

(4) Cuirfidh an tAire faoi deara go leagfar faoi bhráid gach Tí den Oireachtas cóipeanna de na doiciméid dá dtagraítear i bhfo-alt (3) den alt seo.

Tuarascáil bhliantúil.

18. —Tabharfaidh an Chomhairle gach bliain, ar cibé dáta a ordóidh an tAire, tuarascáil don Aire ar a himeachtaí faoin Acht seo ar feadh na bliana roimhe sin agus cuirfidh an tAire faoi deara go leagfar cóipeanna den tuarascáil faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

Deontais.

19. —I ngach bliain airgeadais féadfar deontas de cibé méid a cheadóidh an tAire, le comhthoiliú an Aire Airgeadais, a íoc, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, leis an gComhairle i leith caiteachais na Comhairle ag comhlíonadh a feidhmeanna.

CUID III.

Ceirdeanna Ainmnithe, Ceantair Phrintíseachta agus Coistí Printíseachta.

Modhanna earcaíochta agus tréineála a scrúdú.

20. —(1) Féadfaidh An Chomhairle scrúdú a dhéanamh ar na modhanna a úsáidtear in aon cheird chun printísigh a earcú agus a thréineáil.

(2) Nuair a bheidh sí ag scrúdú na modhanna a úsáidtear i gceird chun printísigh a earcú agus a thréineáil, féadfaidh An Chomhairle, trí fhógra i scríbhinn a sheirbheálfar ar aon duine a earcaíonn agus a thréineálann printísigh leis an gceird, nó a dhéanann, go haonraic nó i dteannta daoine eile, an earcaíocht agus an tréineáil sin a bhainistí nó a rialú, a cheangal ar an duine sin aon eolas nó doiciméid sonraithe a thabhairt don Chomhairle laistigh de thréimhse shonraithe is eolas nó doiciméid a chreidfidh An Chomhairle le réasún a bheith riachtanach le haghaidh an scrúdaithe agus a bheith i seilbh an duine sin.

(3) Sula ndéanfaidh sí scrúdú faoin alt seo, déanfaidh An Chomhairle cibé fógra is dóigh léi a bheith réasúnach a thabhairt, i cibé slí is oiriúnach léi, i dtaobh é bheith ar intinn aici an scrúdú a dhéanamh agus tabharfaidh sí cuireadh san fhógra sin do dhaoine leasmhara aighneachtaí i scríbhinn a dhéanamh chun na Comhairle maidir le hearcaíocht agus tréineáil printíseach leis an gceird a bheartófar a scrúdú.

Ceirdeanna ainmnithe.

1931, Uimh. 56 .

21. —(1) Ar bheith críochnaithe do scrúdú faoi alt 20 den Acht seo ar na modhanna a úsáidtear i gceird chun printísigh a earcú agus a thréineáil, feadfaidh An Chomhairle, más cuí léi sin, a dhearbhú le hordú gur ceird ainmnithe an cheird chun críocha an Achta seo ar fud an Stáit nó in aon chuid shonraithe den Stát.

(2) I gcás ceird a raibh, díreach roimh dháta an Achta seo a rith, ordú faoi alt 2 den Acht Printíseachta 1931, i bhfeidhm maidir léi, féadfaidh An Chomhairle, gan scrúdú a dhéanamh faoi alt 20 den Acht seo, a dhearbhú le hordú gur ceird ainmnithe chun críocha an Achta seo an cheird (i gcomhréir leis an ordú céadluaite) ar fud an Stáit nó in aon chuid shonraithe den Stát.

(3) Féadfaidh An Chomhairle, le hordú, ordú faoin alt seo (lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo) a chúlghairm nó a leasú.

(4) Más dóigh leis an gComhairle nuair a bheidh scrúdú faoi alt 20 den Acht seo déanta aici ar na modhanna a bhíonn, de bhun aon chomhaontaithe, scéime nó comhshocraíochta, á n-úsáid i gceird chun printísigh a earcú agus a thréineáil, gur leor é, in ionad ordú faoin alt seo a dhéanamh, dá modhnaítí an comhaontú, an scéim nó an chomhshocraíocht—

(a) féadfaidh An Chomhairle a chur in iúl do na daoine ag a mbeidh teideal an comhaontú, an scéim nó an chomhshocraíocht a mhodhnú nach ndéanfar ordú faoin alt seo faoi threoir an scrúdaithe sin má dhéantar an comhaontú, an scéim nó an chomhshocraíocht a mhodhnú i slite sonraithe laistigh de thréimhse shonraithe, agus

(b) má mhodhnaítear an céanna amhlaidh, ní dhéanfar ordú amhlaidh.

(5) I gcás ina modhnófar comhaontú, scéim nó comhshocraíocht mar fhoráiltear i bhfo-alt (4) den alt seo agus go mbeartóidh na daoine a bheidh i dteideal é sin a dhéanamh tráth ar bith an comhaontú, an scéim nó an chomhshocraíocht a mhodhnú tuilleadh, ansin, sula ndéanfaidh siad an modhnú breise sin, cuirfidh na daoine sin in iúl don Chomhairle an sórt modhnú a bheidh beartaithe.

(6) Gach ordú a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá agus fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

Ceantair phrintíseachta agus coistí printíseachta.

22. —(1) I gcás ina ndéanfaidh An Chomhairle ordú faoi alt 21 den Acht seo á dhearbhú gur ceird ainmnithe i limistéar ceird áirithe, déanfaidh An Chomhairle láithreach le hordú eile—

(a) an limistéar a cheapadh ina cheantar printíseachta chun críocha na ceirde nó an limistéar a roinnt ina dhá cheantar printíseachta nó níos mó chun críocha na ceirde, agus

(b) maidir leis an gceantar sin nó le gach ceantar acu sin, coiste printíseachta a bhunú don cheantar, mura dóigh leis an gComhairle nach so-oibrithe sin a dhéanamh, chun na feidhmeanna a chomhlíonadh a shanntar do Choiste printíseachta leis an Acht seo.

(2) I gcás nach mbunóidh ordú faoi fho-alt (1) den alt seo coiste printíseachta do cheantar printíseachta áirithe, féadfaidh An Chomhairle le hordú, aon tráth dá éis sin, coiste printíseachta a bhunú don cheantar chun na feidhmeanna a chomhlíonadh a shanntar do choiste printíseachta leis an Acht seo.

(3) Beidh in ordú faoin alt seo, maidir le coiste printíseachta a bhunóidh sé—

(a) foráil go mbeidh an coiste comhdhéanta de chathaoirleach agus uimhir shonraithe gnáth-chomhaltaí,

(b) foráil gurb í An Chomhairle a cheapfaidh duine ina chathaoirleach ar an gcoiste agus gur duine é nach mbeidh ionadaitheach do leasa oibrithe ná fostóirí,

(c) foráil go mbeidh ar áireamh na ngnáth-chomhaltaí uimhir shonraithe de chomhaltaí oibrithe, uimhir shonraithe de chomhaltaí fostóirí (a bheidh comhionann leis an uimhir shonraithe de chomhaltaí oibrithe) agus uimhir shonraithe de chomhaltaí oideachais,

(d) foráil go ndéanfaidh An Chomhairle—

(i) tar éis dul i gcomhairle leis an Aire, eagraíocht a bheidh ionadaitheach do cheardchumainn oibrithe a shonrú, i leith gach comhalta oibrithe, chun duine a ainmniú chun a cheaptha mar chomhalta oibrithe agus go gceapfaidh sí an duine a ainmneofar amhlaidh chun bheith ina chomhalta oibrithe,

(ii) tar éis dul i gcomhairle leis an Aire, cuireadh a thabhairt d'eagraíochtaí a bheidh ionadaitheach d'fhostóirí chun daoine a ainmniú chun a gceaptha mar chomhaltaí fostóirí agus go gceapfaidh sí an uimhir iomchuí a shonrófar san ordú de na daoine a ainmneofar amhlaidh chun bheith ina gcomhaltaí fostóirí,

(iii) tar éis dul i gcomhairle le cibé comhlachtaí oideachais a mheasfaidh An Chomhairle a bheith oiriúnach an uimhir iomchuí daoine a shonrófar san ordú a cheapadh chun bheith ina gcomhaltaí oideachais,

(e) foráil i dtaobh téarma oifige na gcomhaltaí,

(f) foráil go mbeidh duine a rachaidh a théarma oifige in éag le himeacht aimsire i dteideal a athcheaptha,

(g) foráil go bhféadfaidh An Chomhairle comhalta a chur as oifig,

(h) foráil go bhféadfaidh comhalta éirí as a oifig mar chomhalta trí litir a bheidh dírithe chun na Comhairle agus go mbeidh éifeacht ag an éirí as amhail ar an agus ón dáta a gheobhaidh An Chomhairle an litir,

(i) foráil go mbeidh comhalta dícháilithe chun oifig a a shealbhú agus go scoirfidh sé d'oifig a shealbhú má bhreithnítear ina fhéimheach é nó má dhéanann sé imshocraíocht nó comhshocraíocht le creidiúnaithe, nó má thugann cúirt dlínse inniúla pianbhreith phríosúnachta nó phianseirbhíse air nó má scoireann sé de bheith ina ghnáth-chónaí sa Stát,

(j) foráil go ndéanfaidh An Chomhairle tar éis dul i gcomhairle leis an Aire, má tharlaíonn corrfholúntas i measc na gcomhaltaí oibrithe, eagraíocht a bheidh ionadaitheach do cheardchumainn oibrithe a shonrú chun duine a ainmniú chun a cheaptha chun an folúntas a líonadh agus go gceapfaidh An Chomhairle an duine a ainmneofar amhlaidh chun an folúntas a líonadh,

(k) foráil go ndéanfaidh An Chomhairle, má tharlaíonn corrfholúntas i measc na gcomhaltaí fostóirí, cuireadh a thabhairt, tar éis di dul i gcomhairle leis an Aire, d'eagrais a bheidh ionadaitheach d'fhostóirí chun daoine a ainmniú chun a gceaptha chun an folúntas a líonadh agus go gceapfaidh An Chomhairle duine as líon na ndaoine a ainmneofar amhlaidh chun an folúntas a líonadh,

(l) foráil go ndéanfaidh An Chomhairle, má tharlaíonn corrfholúntas i measc na gcomhaltaí oideachais, duine a cheapadh chun an folúntas a líonadh, tar éis di dul i gcomhairle le cibé comhlachtaí oideachais a mheasfaidh An Chomhairle a bheith oiriúnach,

(m) foráil go mbeidh duine a cheapfar faoin bhforáil a dhéantar faoi mhír (j), (k) nó (l) den fho-alt seo i seilbh oifige go ceann na coda a bheidh fágtha de théarma a réamhtheachtaí,

(n) foráil—

(i) gurb é an cathaoirleach, má bhíonn sé i láthair ag cruinniú den choiste, a bheidh ina chathaoirleach ar an gcruinniú,

(ii) mura mbeidh agus an fad nach mbeidh an cathaoirleach i láthair nó má bhíonn agus an fad a bheidh oifig an chathaoirligh folamh, go roghnóidh na comhaltaí a bheidh i láthair ag cruinniú den choiste duine dá líon chun bheith ina chathaoirleach ar an gcruinniú,

(o) foráil go mbeidh vóta ag an gcathaoirleach, ag gach comhalta oibrithe agus ag gach comhalta fostóirí ag cruinniú den choiste,

(p) foráil nach mbeidh vóta ag comhalta oideachais ag cruinniú den choiste ach amháin i gcás inarb é an comhalta sin cathaoirleach an chruinnithe,

(q) foráil á fhoráil, muran comhionann líon na gcomhaltaí oibrithe agus líon na gcomhaltaí fostóirí a bheidh i láthair ag aon chruinniú den choiste—

(i) go bhféadfaidh cibé grúpa acu sin ag a mbeidh an tromlach a shocrú go staonfaidh aon duine nó daoine áirithe dá líon ó vótáil d'fhonn comhionannas a choinneáil,

(ii) mura ndéantar aon socrú den sórt sin, go bhféadfaidh an cathaoirleach nó, má bhíonn sé as láthair, an duine a bheidh ina chathaoirleach ar an gcruinniú, an vótáil ar aon cheist a chur siar go dtí cruinniú eile den choiste,

(r) foráil á fhoráil, faoi réir forálacha an ordaithe, go ndéanfaidh an coiste, le buan-orduithe nó ar shlí eile, nós imeachta agus gnó an choiste a rialú,

(s) foráil i dtaobh cibé nithe eile a mheasfaidh An Chomhairle is gá le haghaidh cuí-chomhlíonadh a fheidhmeanna ag an gcoiste.

(4) Íocfar le cathaoirleach choiste phrintíseachta, as airgead a bheidh faoina réir ag an gComhairle, cibé táille as bheith i láthair ag cruinnithe an choiste a chinnfidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais agus, má bhíonn an cathaoirleach as láthair ó chruinniú den choiste, féadfar, más oiriúnach leis an gComhairle, an táille dob iníoctha leis a íoc leis an duine a ghníomhóidh mar chathaoirleach ar an gcruinniú.

(5) Íocfar le gach comhalta de choiste printíseachta, as airgead a bheidh faoina réir ag an gComhairle, cibé liúntais, i leith caiteachais faoina rachaidh sé, a cheadóidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.

(6) Féadfaidh An Chomhairle duine dá hoifigigh a cheapadh chun gníomhú mar rúnaí do choiste printíseachta.

An Chomhairle ag gníomhú mar choiste printíseachta nó thar ceann an chéanna.

23. —(1) I gcás nach mbunóidh ordú faoi fho-alt (1) d'alt 22 den Acht seo coiste printíseachta do cheantar printíseachta áirithe, ansin, go dtí go mbunófar coiste printíseachta don cheantar, gníomhóidh An Chomhairle chun gach críche mar an coiste sin agus forléireofar dá réir sin tagairtí sna hailt ina dhiaidh seo den Acht seo do choiste printíseachta, don cheird ar ina leith a bheidh sé bunaithe agus do cheantar an chéanna.

(2) Más rud é—

(a) go n-iarrfaidh An Chomhairle ar choiste printíseachta aon rialacha a dhéanamh agus a chur faoi bhráid na Comhairle le daingniú, laistigh de thréimhse shonraithe, is rialacha a gcumhachtaítear don choiste nó a gceanglaítear air leis an Acht seo a dhéanamh, nó

(b) go n-iarrfaidh An Chomhairle ar choiste printíseachta aon fheidhm a chomhlíonadh, laistigh de thréimhse shonraithe, is feidhm a gcumhachtaítear don choiste nó a gceanglaítear air le halt 38, alt 39 nó alt 41 den Acht seo a chomhlíonadh, agus

(c) nach ndéanfaidh an coiste printíseachta sin de réir an iarratais,

féadfaidh An Chomhairle, más cuí léi, gníomhú thar ceann an choiste chun na rialacha a dhéanamh nó an fheidhm a chomhlíonadh, de réir mar bheidh.

(3) Má dhiúltaíonn An Chomhairle rialacha a dhaingniú faoi aon alt den Acht seo a cuireadh faoina bráid le daingniú, féadfaidh An Chomhairle, más cuí léi, gníomhú thar ceann an choiste phrintíseachta lena mbaineann chun rialacha a dhéanamh faoin alt sin.

(4) Ní gá rialacha a dhéanfar de bhua an ailt seo a dhaingniú.

Rialacha aicmithe printíseachta.

24. —(1) I gcás ina ndéanfaidh An Chomhairle ordú faoi alt 22 den Acht seo maidir le ceird—

(a) déanfaidh An Chomhairle rialacha á dhearbhú gur fostaíocht ar mhodh printíseachta leis an gceird aon aicme shonraithe nó aicmí sonraithe daoine a bheith fostaithe leis an gceird i slí sonraithe, agus

(b) go dtí go ndéanfar na rialacha sin, ní dhéanfar aon rialacha eile faoin Acht seo maidir leis an gceird.

(2) An fhostaíocht a ndearbhófar le rialacha faoin alt seo gur fostaíocht ar mhodh printíseachta le ceird í is fostaíocht ar mhodh printíseachta le ceird í chun críocha an Achta seo.

Rialacha ag rialú cáilíochtaí oideachais.

25. —(1) Déanfaidh An Chomhairle rialacha i dtaobh na gcáilíochtaí oideachais nach mór a bheith ag daoine a bheidh ag tosú fostaíochta ar mhodh printíseachta le ceird ainmnithe agus, i gcás ina mbeidh níos mó ná ceantar printíseachta amháin ann chun críocha na ceirde, féadfaidh An Chomhairle rialacha éagsúla a dhéanamh do gach ceantar ar leithligh.

(2) Sula ndéanfaidh An Chomhairle rialacha faoin alt seo, rachaidh sí i gcomhairle leis an Aire Oideachais agus leis an gcoiste printíseachta a bheidh bunaithe (má bhíonn) don cheantar ina mbeidh éifeacht ag na rialacha beartaithe.

(3) Ní dhéanfaidh aon duine a bheidh ag gabháil don cheird lena mbainfidh rialacha faoin alt seo aon duine a ghlacadh isteach ina fhostaíocht ar mhodh printíseachta leis an gceird agus i gceantar printíseachta ina mbeidh éifeacht ag na rialacha mura mbeidh na cáilíochtaí oideachais a shonrófar sna rialacha ag an duine sin.

Rialacha ag rialú na haoise íosta le haghaidh printíseachta.

26. —(1) Déanfaidh an Chomhairle rialacha ag sonrú na haoise íosta ag a bhféadfar tosú ar fhostaíocht ar mhodh printíseachta le ceird ainmnithe agus, má bhíonn níos mó ná ceantar printíseachta amháin ann chun críocha na ceirde, féadfaidh An Chomhairle rialacha éagsúla a dhéanamh do gach ceantar ar leithligh.

(2) Sula ndéanfaidh an Chomhairle rialacha faoin alt seo, rachaidh sí i gcomhairle leis an gcoiste printíseachta a bheidh bunaithe (má bhíonn) don cheantar ina mbeidh éifeacht ag na rialacha beartaithe.

(3) Ní dhéanfaidh aon duine a bheidh ag gabháil don cheird lena mbainfidh rialacha faoin alt seo aon duine a ghlacadh isteach ina fhostaíocht ar mhodh printíseachta leis an gceird agus i gceantar printíseachta ina mbeidh éifeacht ag na rialacha mura mbeidh an aois a shonrófar sna rialacha slán ag an duine sin.

Rialacha do rialú díbhe.

27. —(1) Déanfaidh an Chomhairle rialacha i dtaobh na n-imthosca faoinar féidir duine a bheidh ar fostú ar mhodh printíseachta le ceird ainmnithe a dhíbhe as an bhfostaíocht agus, má bhíonn níos mó ná ceantar printíseachta amháin ann chun críocha na ceirde, féadfaidh An Chomhairle rialacha éagsúla a dhéanamh do gach ceantar ar leithligh.

(2) Féadfaidh rialacha faoin alt seo a cheangal ar dhuine a bheidh ag gabháil don cheird lena mbainfidh na rialacha agus ag a mbeidh daoine ar fostú ar mhodh printíseachta leis an gceird cóipeanna de na rialacha a chur ar taispeáint agus a choimeád ar taispeáint de réir alt 61 den Acht seo.

(3) Ní dhéanfaidh aon duine a bheidh ag gabháil don cheird lena mbainfidh rialacha faoin alt seo aon duine a bheidh ar fostú aige ar mhodh printíseachta leis an gceird agus i gceantar printíseachta ina mbeidh éifeacht ag na rialacha a dhíbhe ach amháin de réir na rialacha.

Rialacha i dtaobh tréimhse printíseachta.

28. —(1) Déanfaidh coiste printíseachta rialacha i dtaobh na tréimhse (ar a n-áirítear aon tréimhse phromhaidh) fostaíochta ar mhodh printíseachta leis an gceird dá mbeidh an coiste bunaithe agus i gceantar an choiste.

(2) Aon duine a bheidh ar fostú ar mhodh printíseachta le ceird lena mbainfidh rialacha faoin alt seo agus i gceantar an choiste phrintíseachta measfar, i gcás inar thosaigh an fhostaíocht an fad a bhí na rialacha i bhfeidhm agus d'ainneoin aon chomhaontú dá mhalairt, é a bheith ar fostú faoi chomhaontú a shínigh an duine agus a fhostóir trína gcomhaontaíonn an fostóir an duine a fhostú, agus trína gcomhaontaíonn an duine fónamh don fhostóir, ar feadh na tréimhse printíseachta a shonrófar sna rialacha, ach féadfaidh an coiste, más oiriúnach sin leis, an dá pháirtí a urscaoileadh óna n-oibleagáidí faoi seach faoin gcomhaontú a urchiallaítear leis an bhfo-alt seo nó an comhaontú sin a mhodhnú nó, le toiliú—

(a) i gcás ocht mbliana déag d'aois a bheith slán ag an duine, an duine, agus

(b) i gcás gan ocht mbliana déag d'aois a bheith slán ag an duine, tuismitheoir (más ann) an duine,

sochair agus oibleagáidí an fhostóra faoin gcomhaontú sin a aistriú chun fostóra eile a bheidh ag gabháil don cheird sa cheantar.

(3) I bhfo-alt (2) den alt seo, ciallaíonn “tuismitheoir”, maidir le duine ar fostú ar mhodh printíseachta nach bhfuil ocht mbliana déag d'aois slán aige, an phearsa ag a bhfuil coinneáil dlíthiúil an duine agus, i gcás nach bhfuil an duine ina chónaí leis an bpearsa sin nó i gcoinneáil iarbhír na pearsan sin mar gheall ar an duine sin a bheith as láthair nó mar gheall ar aon chúis eile, folaíonn sé an phearsa lena gcónaíonn an duine nó ar ina choinneáil iarbhír atá an duine.

Rialacha do rialú tréineála.

29. —(1) Déanfaidh coiste printíseachta rialacha á cheangal ar dhaoine a bheidh ag gabháil don cheird, dá mbeidh an coiste bunaithe, i gceantar an choiste chun a áirithiú go dtréineálfar agus go dteagascófar i slí shonraithe daoine a bheidh ar fostú acu ar mhodh printíseachta leis an gceird agus sa cheantar.

(2) Féadfaidh rialacha faoin alt seo a cheangal ar dhaoine a bheidh ag gabháil don cheird lena mbainfidh na rialacha agus ag a mbeidh daoine ar fostú ar mhodh printíseachta leis an gceird cóipeanna de na rialacha a chur ar taispeáint agus a choimeád ar taispeáint de réir alt 61 de na rialacha.

Rialacha do thoirmeasc préimheanna printíseachta.

30. —Féadfaidh coiste printíseachta rialacha a dhéanamh á thoirmeasc ar dhaoine a bheidh ag gabháil don cheird, dá mbeidh an coiste bunaithe, i gceantar an choiste aon phréimh, táille ná comaoin eile a ghlacadh i leith iad d'fhostú aon duine ar mhodh printíseachta leis an gceird agus sa cheantar.

Rialacha maidir le tuarascála fostóirí ar ascnamh.

31. —Déanfaidh coiste printíseachta rialacha á cheangal ar dhaoine a bheidh ag gabháil don cheird, dá mbeidh an coiste bunaithe, i gceantar an choiste tuarascála i cibé foirm a luafar sna rialacha a thabhairt don choiste ar ascnamh daoine a bheidh ar fostú acu ar mhodh printíseachta leis an gceird agus sa cheantar.

Rialacha ag sonrú foirm chonartha phrintíseachta a dhéanfar trí ghníomhas.

32. —(1) Féadfaidh coiste a bheidh bunaithe do cheantar printíseachta chun críocha ceirde ainmnithe inar gnáth gur trí ghníomhas a dhéantar conarthaí printíseachta rialacha a dhéanamh ag sonrú foirme an chonartha a úsáidfear nuair a ghlacfar duine i bhfostaíocht ar mhodh printíseachta leis an gceird agus i gceantar an choiste.

(2) I gcás ina mbeidh duine ag gabháil do cheird lena mbainfidh rialacha faoin alt seo i gceantar an choiste phrintíseachta, ní ghlacfaidh sé duine, faoi chonradh printíseachta a dhéanfar faoi ghníomhas, isteach ina fhostaíocht ar mhodh printíseachta leis an gceird agus sa cheantar muran san fhoirm a shonrófar sna rialacha a bheidh an gníomhas.

Cumhacht chun forálacha éagsúla a dhéanamh do limistéir éagsúla i gceantar printíseachta.

33. —(1) Féadfaidh forálacha éagsúla i leith limistéar éagsúla i gceantar printíseachta a bheith i rialacha a dhéanfaidh An Chomhairle faoi aon fhoráil den Acht seo.

(2) Féadfaidh forálacha éagsúla i leith limistéar éagsúla i gceantar choiste phrintíseachta a bheith i rialacha a dhéanfaidh an coiste faoi aon fhoráil den Acht seo.

(3) I gcás forálacha a bhainfidh le limistéar is cuid de cheantar printíseachta a bheith i rialacha faoi alt 25 den Acht seo, beidh éifeacht ag fo-alt (3) den alt sin, mar bhainfidh sé le duine a bheidh sa limistéar sin ag gabháil don cheird lena mbainfidh na rialacha, amhail is dá mba thagairt don limistéar sin an tagairt atá ann do cheantar printíseachta ina mbeidh éifeacht ag na rialacha.

(4) I gcás forálacha a bhainfidh le limistéar is cuid de cheantar printíseachta a bheith i rialacha faoi alt 26 den Acht seo, beidh éifeacht ag fo-alt (3) den alt sin, mar bhainfidh sé le duine a bheidh, sa limistéar sin, ag gabháil don cheird lena mbainfidh na rialacha, amhail is dá mba thagairt don limistéar sin an tagairt sa chéanna do cheantar printíseachta ina mbeidh éifeacht ag na rialacha.

(5) I gcás forálacha a bhainfidh le limistéar is cuid de cheantar printíseachta a bheith i rialacha faoi alt 27 den Acht seo, beidh éifeacht ag fo-alt (3) den alt sin, mar bhainfidh sé le duine a bheidh, sa limistéar sin, ag gabháil don cheird lena mbainfidh na rialacha, amhail is dá mba thagairt don limistéar sin an tagairt sa chéanna do cheantar printíseachta ina mbeidh éifeacht ag na rialacha.

(6) I gcás forálacha a bhainfidh le limistéar is cuid de cheantar printíseachta a bheith i rialacha faoi alt 32 den Acht seo, beidh éifeacht ag fo-alt (2) den alt sin, mar bhainfidh sé le duine a bheidh, sa limistéar sin, ag gabháil don cheird lena mbainfidh na rialacha, amhail is dá mba thagairtí don limistéar sin an tagairt sa chéanna do cheantar choiste phrintíseachta agus an tagairt don cheantar.

Rialacha a dhéanfaidh coiste printíseachta a dhaingniú.

34. —(1) Cuirfear rialacha a dhéanfaidh coiste printíseachta faoin Acht seo faoi bhráid na Comhairle a luaithe is féidir tar éis a ndéanta agus ní bheidh feidhm ná éifeacht ag aon rialacha den sórt sin mura ndéanfar nó go dtí go ndéanfar iad a dhaingniú le hordú ón gComhairle, ach, nuair a dhaingneofar amhlaidh iad, tiocfaidh siad i bhfeidhm mar dhaingneofar iad ar cibé dáta (nach luaithe ná dáta an ordaithe) a shonrófar chuige sin san ordú nó, mura sonrófar dáta den sórt sin, ar dháta an ordaithe.

(2) Féadfaidh An Chomhairle, maidir leis na rialacha a chuirfidh coiste printíseachta faoina bráid, na rialacha (modhnaithe nó gan mhodhnú) a dhaingniú le hordú nó diúltú iad a dhaingniú.

(3) Sula ndaingneoidh An Chomhairle faoin alt seo aon rialacha modhnaithe, rachaidh sí i gcomhairle leis an gcoiste printíseachta maidir leis na modhnaithe beartaithe.

(4) I gcás An Chomhairle do dhiúltú faoin alt seo rialacha a dhaingniú, féadfaidh an coiste printíseachta (ach amháin i gcás ina bhfeidhmeoidh An Chomhairle a cumhachtaí faoi fho-alt (3) d'alt 23 den Acht seo) rialacha nua a dhéanamh, agus bainfidh an t-alt seo leis na rialacha nua amhail mar bhainfidh sé leis na rialacha bunaidh.

Fógra go bhfuil ar intinn rialacha a dhéanamh nó a dhaingniú.

35. —(1) Sula ndéanfaidh nó sula ndaingneoidh An Chomhairle rialacha faoi aon fhoráil den Acht seo, foilseoidh sí fógra i dhá nuachtán ar a laghad a léitear sa cheantar ina mbeidh éifeacht ag na rialacha beartaithe á rá go bhfuil beartaithe na rialacha sin a dhéanamh, cad é an cineál rialacha iad, go gcuirfear cóipeanna díobh ar fáil, ar iad a iarraidh, do dhaoine leasmhara agus ag lua an ama, na slí agus na háite a bhféadfar agóidí agus uiríolla i dtaobh na rialacha beartaithe a dhéanamh.

(2) Sula ndéanfaidh nó sula ndaingneoidh An Chomhairle rialacha faoi aon fhorálacha den Acht seo, breithneoidh sí aon agóidí nó uiríolla a gheofar, de réir fógra faoi fho-alt (1) den alt seo, i dtaobh na rialacha beartaithe.

Fógra a fhoilsiú i dtaobh rialacha a dhéanamh nó a dhaingniú.

36. —Déanfaidh an Chomhairle, a luaithe is féidir tar éis rialacha a dhéanamh nó a dhaingniú faoi aon fhoráil den Acht seo, fógra a fhoilsiú san Iris Oifigiúil agus i dhá nuachtán ar a laghad a léitear sa limistéar ina mbeidh éifeacht ag na rialacha á rá go ndearnadh na rialacha sin agus ag insint na háite ar féidir na rialacha a cheannach ar phraghas (arb é a bheidh ann cibé méid réasúnach a chinnfidh An Chomhairle) a shonrófar san fhógra.

Daoine a ghlacadh i bhfostaíocht mar phrintísigh.

37. —Duine a bheidh ag gabháil do cheird ainmnithe i gceantar printíseachta chun críocha na ceirde ní ghlacfaidh sé ina fhostaíocht ar mhodh printíseachta leis an gceird agus sa cheantar aon duine—

(a) seachas duine a bheidh cláraithe sa chlár iarrthóirí a bheidh á choimeád, faoi alt 43 den Acht seo, ag an gcoiste printíseachta don cheird agus don cheantar, agus

(b) ach amháin le toiliú an choiste sin.

An uimhir a ghlacfar i bhfostaíocht ar mhodh printíseachta.

38. —(1) Féadfaidh coiste printíseachta, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gComhairle, an uimhir daoine a chinneadh a ghlacfar i bhfostaíocht ar feadh tréimhse sonraithe, ar mhodh printíseachta leis an gceird, dá mbeidh an coiste bunaithe, i gceantar an choiste agus, más cuí leis an gcoiste, féadfaidh sé, roimh dheireadh na tréimhse sin, cinneadh eile a dhéanamh, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gComhairle, ag athrú na huimhreach a cinneadh roimhe sin.

(2) I gcás ina ndéanfaidh coiste printíseachta, faoi fho-alt (1) den alt seo, uimhir a chinneadh, déanfaidh an coiste socrú le haghaidh an uimhir sin a ghlacadh i bhfostaíocht ar mhodh printíseachta leis an gceird dá mbeidh an coiste bunaithe, i gceantar an choiste, sa tréimhse a shonrófar sa chinneadh agus chuige sin, más deimhin leis—

(a) nach mbeidh leor-uimhir daoine á ghlacadh san fhostaíocht sin, sa tréimhse a shonrófar sa chinneadh, leis an gceird agus sa cheantar, agus

(b) na saoráidí chun daoine a thréineáil ar mhodh printíseachta leis an gceird agus sa cheantar a bheith ag duine a bheidh ag gabháil don cheird sa cheantar agus go bhfuil sé ag mainniú, gan chúis réasúnach, daoine a ghlacadh ina fhostaíocht ar mhodh printíseachta leis an gceird agus sa cheantar,

féadfaidh sé, trí fhógra i scríbhinn a sheirbheálfar ar an duine sin, a cheangal air uimhir shonraithe daoine a ghlacadh san fhostaíocht sin leis an gceird agus sa cheantar laistigh de thréimhse shonraithe.

(3) Ní fheidhmeoidh coiste printíseachta an chumhacht a thugtar le fo-alt (2) den alt seo chun aon chomhshocraíocht a dhéanamh faoi alt 52 den Acht seo.

Printísigh a theagasc.

39. —(1) Féadfaidh An Chomhairle comhshocraíochtaí a dhéanamh le haghaidh coiste gairm-oideachais do chur cúrsaí teagaisc ar fáil arb éard a bheidh ann oideachas teicniúil de chineál a gcomhaontóidh An Chomhairle agus an coiste gairmoideachais a bheith oiriúnach do dhaoine a bheidh fostaithe ar mhodh printíseachta, le ceird ainmnithe, i gceantar printíseachta chun críocha na ceirde.

(2) I gcás ina gcuirfidh coiste gairm-oideachais cúrsa teagaisc ar fáil faoi fho-alt (1) den alt seo le haghaidh daoine a bheidh fostaithe ar mhodh printíseachta, le ceird ainmnithe, i gceantar printíseachta chun críocha na ceirde, féadfaidh an coiste printíseachta don cheantar agus don cheird—

(a) trí fhógra i scríbhinn a sheirbheálfar ar dhuine a bheidh fostaithe ar mhodh printíseachta leis an gceird agus sa cheantar, a cheangal air freastal ar an gcúrsa go léir, agus

(b) trí fhógra i scríbhinn a sheirbheálfar ar fhostóir duine ar ar seirbheáladh fógra faoi mhír (a) den fho-alt seo, a cheangal ar an bhfostóir am agus saorchead a thabhairt don duine freastal ar an gcúrsa go léir agus aon scrúduithe a dhéanamh a chuirfear ar siúl i ndáil leis an gcúrsa le linn gnáth-uaireanta oibre gan aon asbhaint as pá ná aon bhreis a chur leis na huaireanta fostaíochta ná an t-am sin a áireamh mar am caillte.

(3) I gcás ina mbeifear tar éis fógra a sheirbheáil ar dhuine faoi mhír (a) d'fho-alt (2) den alt seo agus go dtabharfar am agus saorchead don duine sin freastal, le linn gnáth-uaireanta oibre, ar theagasc is cuid de chúrsa a bheidh curtha ar fáil faoi fho-alt (1) den alt seo agus nach bhfreastalóidh an duine sin an teagasc, ansin, d'ainneoin aon ní ina chonradh lena fhostóir, ní bheidh teideal aige go bhfaighidh sé an chuid sin d'aon phá (is pá a mbeadh teideal aige é a fháil mura mbeadh sin) is inchionroinnte i leith na tréimhse a bheidh sé as láthair óna fhostaíocht ar mhodh printíseachta mura gcruthóidh sé dá fhostóir gur bhreoiteacht nó cúis dosheachanta eile ba chúis le gan é do fhreastal teagaisc.

Printísigh do choimeád taifead i dtaobh a dtréineála.

40. —Féadfaidh coiste printíseachta cibé comhshocraíochtaí is oiriúnach leis a dhéanamh le haghaidh daoine a bheidh fostaithe ar mhodh printíseachta leis an gceird, dá mbeidh an coiste bunaithe, i gceantar an choiste do choimeád cibé taifead i dtaobh a dtréineála a chinnfidh an coiste.

Scrúduithe.

41. —(1) Socróidh coiste printíseachta ó am go ham leis an Aire Oideachais, tríd an gComhairle, go gcuirfear ar siúl, le haghaidh daoine a bheidh fostaithe ar mhodh printíseachta leis an gceird dá mbeidh an coiste bunaithe agus i gceantar an choiste—

(a) scrúdú sóisearach do dhaoine a mbeidh tuairim leath a dtréimhsí printíseachta críochnaithe acu, agus

(b) scrúdú sinsearach do dhaoine a mbeidh na tréimhsí sin críochnaithe nó gar do bheith críochnaithe acu.

(2) (a) Is é an tAire Oideachais, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gcoiste printíseachta lena mbainfidh, a chinnfidh na hábhair agus an caighdeán do scrúdú faoin alt seo.

(b) Beidh triaileacha praiticiúla ina gcúid de scrúduithe faoin alt seo.

(3) Is é an coiste printíseachta lena mbainfidh, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Oideachais, a chinnfidh na coinníollacha a bhainfidh le daoine a ligean isteach chun scrúduithe faoin alt seo.

(4) Duine a dteipfidh air i scrúdú faoin alt seo féadfar, más rogha sin leis an gcoiste printíseachta lena mbainfidh, cead a thabhairt dó dul faoin scrúdú sin arís.

Deimhnithe a eisiúint.

42. —(1) I gcás ina ndéanfaidh duine a bheidh fostaithe ar mhodh printíseachta, i gceantar choiste phrintíseachta, leis an gceird dá mbeidh an coiste bunaithe—

(a) a thréimhse phrintíseachta a chríochnú chun sástachta an choiste, agus

(b) an scrúdú sinsearach a ghnóthú a shocraigh an coiste le haghaidh na ndaoine a bhí fostaithe amhlaidh,

cuirfidh an coiste é sin in iúl don Chomhairle agus air sin eiseoidh An Chomhairle deimhniú chuige á dheimhniú go bhfuil a thréimhse phrintíseachta críochnaithe amhlaidh aige agus gur ghnóthaigh sé an scrúdú sin.

(2) (a) Bainfidh an fo-alt seo le duine ar dóigh leis an gComhairle go raibh sé fostaithe mar phrintíseach le ceird—

(i) a ndearnadh scrúdú ina leith faoi alt 20 den Acht seo, agus

(ii) nach ndearnadh aon ordú ina leith faoi alt 21 den Acht seo á dhearbhú gur ceird ainmnithe an cheird nó, má rinneadh ordú den sórt sin, nach bhfuil an t-ordú i bhfeidhm,

agus gur chríochnaigh sé a phrintíseacht leis an gceird sin.

(b) Faoi réir cibé coinníollacha a chinnfidh sí, féadfaidh An Chomhairle cibé comhshocraíochtaí a dhéanamh a mheasfaidh sí is inmhianaithe le haghaidh na Comhairle d'eisiúint deimhniú chun duine lena mbaineann an fo-alt seo á dheimhniú gur chríochnaigh sé a phrintíseacht agus féadfaidh sonraí aon scrúduithe a ghnóthaigh sé a bheith sa deimhniú.

Clár iarrthóirí printíseachta.

43. —(1) Coimeádfaidh coiste printíseachta clár iarrthóirí printíseachta.

(2) Taifeadfaidh coiste printíseachta sa chlár a choimeádfaidh an coiste faoin alt seo—

(a) ainmneacha daoine ar mian leo go bhfostófaí iad ar mhodh printíseachta leis an gceird, dá mbeidh an coiste bunaithe, i gceantar an choiste, a d'iarr ar an gcoiste go gclárófaí iad sa chlár agus a chruthaigh don choiste go raibh acu aon cháilíochtaí maidir le hoideachas agus aois ba ghá de réir rialacha faoi ailt 25 agus 26 den Acht seo i ndáil leis an gceird agus leis an gceantar,

(b) cibé sonraí a chuirfear chun an choiste de bhun alt 46 den Acht seo i dtaobh daoine cláraithe a thiocfaidh chun bheith fostaithe mar adúradh, agus

(c) aon sonraí eile a bheidh forordaithe nó a mheasfaidh an coiste a bheith oiriúnach.

(3) Tabharfaidh an duine ag a mbeidh coimeád an chláir a choimeádfar faoin alt seo cead, aon uair a iarrfar sin air, do dhuine leasmhar ar bith an clár a iniúchadh aon tráth réasúnach.

Clár printíseach.

44. —(1) Coimeádfaidh coiste printíseachta clár printíseach.

(2) Taifeadfaidh coiste printíseachta sa chlár a bheidh á choimeád ag an gcoiste faoin alt seo—

(a) cibé sonraí a chuirfear chun an choiste de bhun alt 46 den Acht seo i dtaobh daoine a bheidh fostaithe nó a scoirfidh de bheith fostaithe ar mhodh printíseachta leis an gceird dá mbeidh an coiste bunaithe agus i gceantar an choiste, agus

(b) aon sonraí eile a bheidh forordaithe nó a mheasfaidh an coiste a bheith oiriúnach.

(3) Tabharfaidh an duine ag a mbeidh coimeád an chláir a choimeádfar faoin alt seo cead, aon uair a iarrfar sin air, do dhuine leasmhar ar bith an clár a iniúchadh aon tráth réasúnach.

Fiosrúcháin i dtaobh díospóidí agus tuarascála a thabhairt.

45. —(1) Déanfaidh coiste printíseachta fiosrúchán i dtaobh aon díospóid (ar díospóid í maidir le hábhar is feidhm de chuid an choiste) idir duine a bheidh ag gabháil don cheird, dá mbeidh an coiste bunaithe, i gceantar an choiste agus aon duine a bheidh ar fostú aige ar mhodh printíseachta leis an gceird agus sa cheantar a chuirfidh ceachtar de na daoine sin faoina bhráid, agus déanfaidh sé iarracht an díospóid a shocrú agus tuairisceoidh sé don Chomhairle toradh an fhiosrúcháin.

(2) Tabharfaidh an coiste printíseachta tuarascáil don Chomhairle i dtaobh aon ábhair a bhainfidh le fostaíocht ar mhodh printíseachta leis an gceird dá mbeidh an coiste bunaithe agus a chuirfidh An Chomhairle faoina bhráid le tuarascáil a fháil uaidh air.

Fógraí.

46. —(1) I gcás duine a bheidh ag gabháil don cheird dá mbeidh coiste printíseachta bunaithe i gceantar an choiste do ghlacadh duine ina fhostaíocht ar mhodh printíseachta leis an gceird agus sa cheantar, cuirfidh sé chun an choiste, laistigh de dhá sheachtain ina dhiaidh sin, cibé sonraí i dtaobh an duine a bheidh forordaithe nó a shonróidh an coiste trí fhógra i scríbhinn a sheirbheálfar air.

(2) I gcás duine a bheidh ag gabháil don cheird, i gceantar choiste phrintíseachta, dá mbeidh an coiste bunaithe do scor de dhuine a fhostú ar mhodh printíseachta leis an gceird agus sa cheantar, cuirfidh sé chun an choiste, laistigh de dhá sheachtain ina dhiaidh sin, cibé sonraí i dtaobh an duine a bheidh forordaithe nó a shonróidh an coiste trí fhógra i scríbhinn a sheirbheálfar air.

Aiscí.

47. —(1) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le daoine, seachas comhlachtaí a bunaíodh le reacht, a bheidh ag gabháil do cibé ceirdeanna ainmnithe a chinnfidh An Chomhairle, le toiliú an Aire, ó am go ham.

(2) D'fhonn earcaíocht, tréineáil, ascnamh agus leas daoine a bheidh fostaithe ar mhodh printíseachta a chur ar aghaidh go sásúil, féadfaidh An Chomhairle, i gcásanna inar dóigh léi go ndearna duine lena mbaineann an t-alt seo daoine a bhí fostaithe aige ar mhodh printíseachta leis an gceird ainmnithe a raibh sé ag gabháil di a thréineáil go dúthrachtach críochnúil, aisce, a mbeidh inti cibé méid a chinnfidh An Chomhairle le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais, a íoc leis as airgead a bheidh faoina réir ag an gComhairle.

Scoláireachtaí.

48. —(1) D'fhonn saoráidí feabhsaithe chun tréineáil agus teagasc a fháil ar cheird ainmnithe a chur ar fáil do dhaoine a bheidh fostaithe ar mhodh printíseachta leis an gceird, féadfaidh An Chomhairle, más oiriúnach sin léi, scoláireachtaí a dheonú do cibé daoine a bheidh fostaithe amhlaidh agus a roghnóidh An Chomhairle i cibé slí is cuí léi.

(2) Féadfaidh socrú a bheith ag gabháil le scoláireachtaí a dheonófar do dhaoine faoin alt seo le haghaidh íoc táillí i bhforais oideachais agus cibé íocaíochtaí eile a chinnfidh An Chomhairle.

Duaiseanna, agus daoine a chur thar lear.

49. —(1) Féadfaidh An Chomhairle duaiseanna a dhámhadh do cibé daoine a bheidh fostaithe ar mhodh printíseachta le ceird ainmnithe agus a roghnóidh An Chomhairle i cibé slí is cuí léi.

(2) Féadfaidh An Chomhairle cabhrú le cibé daoine a bheidh fostaithe ar mhodh printíseachta le ceird ainmnithe agus a roghnóidh An Chomhairle i cibé slí is cuí léi a chur go dtí tíortha eile chun bheith i láthair ag taispeántais, bheith páirteach in iomaíochtaí nó chun aon chríche eile.

Fostaíocht ar mhodh printíseachta a éascú.

50. —D'fhonn fostaíocht ar mhodh printíseachta le ceird ainmnithe a éascú, féadfaidh coiste printíseachta don cheird—

(a) socrú a dhéanamh le haghaidh fostóir áirithe do ghlacadh duine áirithe i bhfostaíocht ar mhodh printíseachta leis an gceird agus i gceantar an choiste, nó

(b) i gcás ina dteastóidh ó dhuine a bheidh fostaithe ar mhodh printíseachta leis an gceird go n-aistreofaí é ó fhostóir amháin go dtí fostóir eile i gceantar an choiste nó ó fhostóir i gceantar an choiste go dtí fostóir i gceantar printíseachta eile chun críocha na ceirde, socrú a dhéanamh chun an t-aistriú a chur í gcrích, nó

(c) i gcás inar dóigh leis gur inmhianaithe duine a bheidh fostaithe ar mhodh printíseachta leis an gceird a aistriú ó fhostóir amháin go dtí fostóir eile i gceantar an choiste nó ó fhostóir i gceantar an choiste go dtí fostóir i gceantar printíseachta eile chun críocha na ceirde, socrú a dhéanamh chun an t-aistriú a chur i gcrích.

Cur isteach ar fhostóirí.

51. —(1) I gcás ina mbeidh aon rialacha a rinne An Chomhairle faoin Acht seo i bhfeidhm de thuras na huaire, ní dhéanfaidh aon duine aon ghníomh ná ní chun fostóir a bheidh ag gabháil don cheird ainmnithe lena mbainfidh na rialacha in aon cheantar printíseachta ina mbeidh éifeacht ag na rialacha a bhac nó a chosc ó na rialacha a chomhlíonadh.

(2) I gcás ina mbeidh aon rialacha i bhfeidhm de thuras na huaire a rinne coiste printíseachta faoin Acht seo nó An Chomhairle ag gníomhú di mar choiste printíseachta nó thar ceann choiste phrintíseachta, ní dhéanfaidh aon duine aon ghníomh ná ní chun fostóir a bheidh ag gabháil don cheird ainmnithe lena mbainfidh na rialacha sa cheantar printíseachta ina mbeidh éifeacht ag na rialacha a bhac nó a chosc ó na rialacha a chomhlíonadh.

(3) I gcás ina mbeifear tar éis fógra faoi fho-alt (2) d'alt 38 den Acht seo a sheirbheáil ar fhostóir, ní dhéanfaidh aon duine aon ghníomh ná ní chun an fostóir a bhac nó a chosc ó cheanglais an fhógra a chomhlíonadh.

Comhshocraíochtaí i gcás díospóid cheirde.

52. —(1) I gcás nach mbeidh daoine a bheidh fostaithe ar mhodh printíseachta le ceird ainmnithe ag gabháil dá bhfostaíocht de thuras na huaire mar gheall ar dhíospóid cheirde nó aon chúis eile, féadfaidh an Chomhairle cibé comhshocraíochtaí is cuí léi a dhéanamh chun a áirithiú go leanfar de thréineáil agus de theagasc na ndaoine.

(2) San alt seo ciallaíonn “díospóid cheirde” aon díospóid nó aighneas idir fostóirí agus oibrithe nó idir oibrithe agus oibrithe maidir le fostú nó neamhfhostú, nó téarmaí fostaíochta, nó le coinníollacha fostaíochta, dhuine ar bith.

Maoirseoirí.

53. —Féadfaidh An Chomhairle daoine a cheapadh ina maoirseoirí chun críocha an Achta seo agus cibé táillí agus liúntais a cheadóidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, a íoc leis na daoine sin, as airgead a bheidh faoina réir ag an gComhairle, i leith caiteachais faoina rachaidh siad.

Coistí Comhairleacha.

54. —Féadfaidh An Chomhairle cibé coistí agus cibé méid coistí a cheapadh is oiriúnach léi chun An Chomhairle a chomhairliú i dtaobh nithe a bhainfidh le fostaíocht ar mhodh printíseachta agus i dtaobh obair choistí printíseachta a chomheagrú.

Táillí is iníoctha leis an gComhairle.

55. —(1) I gcás ina nglacfar duine i bhfostaíocht ar mhodh printíseachta le ceird ainmnithe, íocfaidh sé leis an gComhairle cibé méid de tháille a bheidh forordaithe (is táille i leith cláraithe sa chlár printíseach a bheidh á choimeád faoi alt 44 den Acht seo).

(2) An fad a bheidh duine fostaithe ar mhodh printíseachta le ceird ainmnithe, íocfaidh sé leis an gComhairle cibé táillí bliantúla a bheidh forordaithe.

(3) Is gá toiliú an Aire le rialacha chun críocha an ailt seo.

(4) Mura n-íocfar táille léi faoin alt seo, féadfaidh An Chomhairle í a ghnóthú ón duine (lena n-áirítear duine nach mbeidh bliain is fiche d'aois slán aige) a mbeidh sí dlite de mar fhiach gnáth-chonartha in aon chúirt dlínse inniúla.

(5) Féadfaidh An Chomhairle, más cuí léi in aon chás áirithe, duine a dhíolmhadh ó íoc aon táille faoin alt seo.

Cumhacht chun comhaontuithe, scéimeanna agus comhshocraíochtaí áirithe printíseachta a eisiamh.

56. —(1) Más dóigh leis an gComhairle, i gcás duine a bheidh ag gabháil do cheird ainmnithe i gceantar printíseachta chun críocha na ceirde, go bhfuil i bhfeidhm aige maidir leis an gceird agus sa cheantar comhaontú, scéim nó comhshocraíocht i leith earcaíocht agus tréineáil printíseach atá oiriúnach le haghaidh deimhnithe faoin alt seo, féadfaidh An Chomhairle, trí dheimhniú, a dhearbhú go bhfuil an comhaontú, an scéim nó an chomhshocraíocht, cibé acu é, eisiata maidir le forálacha sonraithe den Acht seo agus air sin, maidir leis na forálacha sin—

(a) measfar gur duine é an duine sin nach bhfuil ag gabháil don cheird sa cheantar, agus

(b) na daoine a bheidh fostaithe aige ar mhodh printíseachta leis an gceird agus sa cheantar measfar nach bhfuil siad fostaithe amhlaidh.

(2) I gcás ina ndearbhóidh deimhniú faoin alt seo comhaontú, scéim nó comhshocraíocht a bheith eisiata maidir le forálacha sonraithe den Acht seo agus go ndéanfar, tar éis an deimhniú a eisiúint, an comhaontú, an scéim nó an chomhshocraíocht a mhodhnú in aon slí, ag na daoine ag a mbeidh teideal sin a dhéanamh, cuirfidh na daoine sin in iúl láithreach don Chomhairle cén sórt modhnú é.

(3) Déanfaidh An Chomhairle cibé bearta is cuí léi chun a chur in iúl do dhaoine lena mbainfidh deimhniú faoin alt seo gur eisíodh an deimhniú sin.

(4) Féadfaidh An Chomhairle, trí dheimhniú, deimhniú faoin alt seo a leasú nó a chúlghairm.

Cumhacht chun fostóirí a dhíolmhadh i gcásanna áirithe.

57. —(1) Féadfaidh An Chomhairle, más cuí léi i gcás duine áirithe a bheidh fostaithe ar mhodh printíseachta ag fostóir áirithe, an fostóir a dhíolmhadh ó cheanglais fo-alt (3) d'alt 25 nó fo-alt (3) d'alt 26 den Acht seo.

(2) Féadfaidh coiste printíseachta, más cuí leis i gcás duine áirithe a bheidh fostaithe ar mhodh printíseachta ag fostóir áirithe, an fostóir a dhíolmhadh ó cheanglais sonraithe rialacha faoi alt 29 nó alt 31 den Acht seo agus ó cheanglas fo-alt (2) d'alt 32 den Acht seo.

(3) Féadfaidh coiste printíseachta, más cuí leis i gcás fostóir áirithe do ghlacadh duine áirithe i bhfostaíocht ar mhodh printíseachta, an fóstóir a dhíolmhadh ó cheanglas alt 37 den Acht seo.

(4) Ní dheonófar díolúine faoi fho-alt (1) den alt seo muran rud é, ag cruinniú den Chomhairle, go ndéanfaidh cathaoirleach na Comhairle nó, má bhíonn sé as láthair, cathaoirleach an chruinnithe, agus tromlach comhaltaí oibrithe agus comhaltaí fostóirí na Comhairle a bheidh i láthair agus a vótálfaidh ar dheonú na díolúine, vótaí a chaitheamh i bhfabhar an díolúine a dheonú.

(5) Ní dheonófar díolúine faoi fho-alt (2) nó fo-alt (3) den alt seo mura rud é, ag cruinniú den choiste phrintíseachta, go ndéanfaidh cathaoirleach an choiste nó, má bhíonn sé as láthair, cathaoirleach an chruinnithe agus tromlach comhaltaí oibrithe agus comhaltaí fostóirí an choiste a bheidh i láthair agus a vótálfaidh ar dheonú na díolúine, vótaí a chaitheamh i bhfabhar an díolúine a dheonú.

CUID IV.

Ilghnéitheach.

Cumhachtaí oifigeach údaraithe.

58. —(1) Féadfaidh oifigeach údaraithe gach ní nó aon ní acu seo a leanas a dhéanamh :

(a) dul isteach gach tráth réasúnach in aon áitreabh ina mbeifear ag gabháil do cheird ainmnithe nó a mbeidh cúis réasúnach aige a chreidiúint go bhfuil duine ar bith fostaithe san áitreabh,

(b) gach duine a gheobhaidh sé in aon áitreabh a mbeidh teideal aige faoin alt seo dul isteach ann a scrúdú ina aonar nó i láthair aon duine eile, mar is oiriúnach leis, maidir le hábhair faoin Acht seo, agus a cheangal ar an duine sin freagra a thabhairt ar aon cheisteanna a fhiafróidh sé de i dtaobh na n-ábhar sin, agus dearbhú a shíniú go bhfuil na freagraí ar na ceisteanna fíor.

(2) Ní cheanglófar ar aon duine de bhua míre (b) d'fho-alt (1) den alt seo aon cheist a fhreagairt ná aon fhianaise a thabhairt a chabhródh chun é féin a ionchoiriú.

(3) Féadfaidh oifigeach údaraithe, trí fhógra i scríbhinn a sheirbheálfar ar dhuine a bheidh ag gabháil do cheird ainmnithe, a cheangal air eolas sonraithe a thabhairt don oifigeach laistigh d'am sonraithe agus i slí sonraithe, maidir leis na daoine nó le haon duine sonraithe a bheidh fostaithe aige ar mhodh printíseachta leis an gceird.

Cumhachtaí maoirseoirí.

59. —Féadfaidh maoirseoir gach tráth réasúnach dul isteach in aon áitreabh ina mbeifear ag gabháil do cheird ainmnithe agus a mbeidh cúis réasúnach aige a chreidiúint go bhfuil duine ar bith fostaithe san áitreabh agus na modhanna a scrúdú a bheidh á n-úsáid i dtréineáil agus i dteagasc aon duine a gheobhaidh sé fostaithe ar mhodh printíseachta leis an gceird agus san áitreabh agus cúnamh agus comhairle a thabhairt i dtaobh na tréineála agus an teagaisc sin.

Deimhnithe oifigeach údaraithe agus maoirseoirí.

60. —(1) Gheobhaidh oifigeach údaraithe deimhniú ón Aire ar a cheapadh mar oifigeach údaraithe agus, le linn dó a bheith ag feidhmiú aon chumhachta dá dtugtar dó leis an Acht seo, déanfaidh sé, má iarrtar sin air, an deimhniú a thabhairt ar aird d'aon duine lena mbainfidh.

(2) Gheobhaidh maoirseoir deimhniú ón gComhairle ar a cheapadh mar mhaoirseoir agus, le linn dó a bheith ag feidhmiú aon chumhachta dá dtugtar dó leis an Acht seo, déanfaidh sé, má iarrtar sin air, an deimhniú a thabhairt ar aird d'aon duine lena mbainfidh.

Cóipeanna de rialacha a chur ar taispeáint.

61. —(1) I gcás ina gceanglófar le rialacha faoin Acht seo cóipeanna clóbhuailte de na rialacha a chur, agus a choimeád, ar taispeáint, cuirfear, agus coimeádfar, ar taispeáint na cóipeanna sin—

(a) in áit fheiceálach i ngach áitreabh ina mbeidh daoine fostaithe ar mhodh printíseachta leis an gceird lena mbainfidh na rialacha, agus

(b) i litreacha agus in ionad de shórt gur féidir le daoine a bheidh fostaithe amhlaidh san áitreabh sin iad a léamh go caothúil.

(2) Ní dhéanfaidh duine go toiliúil aon chóip de rialacha a chuirfear ar taispeáint de bhun an ailt seo a stracadh anuas, a dhíobhálú ná a aghlot.

Cionta agus pionóis.

62. —(1) I gcás duine ar a seirbheálfar fógra faoi fho-alt (2) d'alt 20 den Acht seo maidir le haon eolas nó doiciméid do mhainniú nó d'fhaillí déanamh de réir cheanglas an fhógra, beidh sé ciontach i gcion mura gcruthóidh sé don chúirt nár ghá an t-eolas nó na doiciméid le haghaidh an scrúdaithe iomchuí ag an gComhairle nó nach raibh siad ina sheilbh.

(2) I gcás duine ar a seirbheálfar fógra faoi fho-alt (2) d'alt 20 den Acht seo maidir le haon eolas do thabhairt eolais is feasach dó a bheith bréagach nó míthreorach in aon phonc ábhartha, beidh sé ciontach i gcion.

(3) Duine ar bith a sháróidh fo-alt (3) d'alt 25, fo-alt (3) d'alt 26, fo-alt (3) d'alt 27, fo-alt (2) d'alt 32, alt 37, fo-alt (1), (2) nó (3) d'alt 51 nó fo-alt (2) d'alt 61 den Acht seo, beidh sé ciontach i gcion.

(4) I gcás duine ar a mbeidh de cheanglas le rialacha faoi alt 27 den Acht seo cóipeanna de na rialacha a chur, agus a choimeád, ar taispeáint, de réir alt 61 den Acht seo, do mhainniú nó d'fhaillí déanamh de réir an cheanglais, beidh sé ciontach i gcion.

(5) I gcás duine ar a gcuirfear ceanglas le rialacha faoi alt 29 nó alt 31 den Acht seo do mhainniú nó d'fhaillí déanamh de réir an cheanglais, beidh sé ciontach i gcion.

(6) Má sháraíonn duine rialacha faoi alt 30 den Acht seo, beidh sé ciontach i gcion.

(7) I gcás duine ar a seirbheálfar fógra faoi fho-alt (2) d'alt 38 nó faoi fho-alt (3) d'alt 58 den Acht seo do mhainniú nó d'fhaillí déanamh de réir cheanglas an fhógra, beidh sé ciontach i gcion.

(8) I gcás duine ar a seirbheálfar fógra faoi mhír (b) d'fho-alt (2) d'alt 39 den Acht seo do mhainniú nó d'fhaillí déanamh de réir cheanglas an fhógra, beidh sé ciontach i gcion.

(9) Aon duine a mhainneoidh nó a fhailleoidh déanamh de réir cheanglas fo-alt (1) nó (2) d'alt 46 den Acht seo nó de réir cheanglas fógra faoi cheachtar de na fo-ailt sin a sheirbheálfar air, beidh sé ciontach i gcion.

(10) Más rud é—

(a) go gcuirfidh duine cosc le duine, nó go ndéanfaidh sé iarracht ar chosc a chur le duine, láithriú os comhair oifigigh údaraithe a bheidh ag feidhmiú aon chumhachta dá dtugtar d'oifigeach údaraithe le fo-alt (1) d'alt 58 den Acht seo,

(b) go ndiúltóidh duine go toiliúil freagra a thabhairt ar cheisteanna a chuirfidh oifigeach údaraithe air go dleathach faoin bhfo-alt sin,

(c) go ndiúltóidh duine dearbhú a shíniú a cheanglóidh oifigeach údaraithe air go dleathach a shíniú faoin bhfo-alt sin, nó

(d) go gcuirfidh duine cosc nó bac in aon slí eile ar oifigeach údaraithe agus é ag feidhmiú aon chumhachta dá dtugtar d'oifigeach údaraithe leis an bhfo-alt sin,

beidh sé ciontach i gcion.

(11) Má chuireann duine cosc nó bac ar mhaoirseoir agus é ag feidhmiú aon chumhachta dá dtugtar do mhaoirseoir le halt 59 den Acht seo, beidh sé ciontach i gcion.

(12) (a) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoi fho-alt (8) den alt seo dlífear ar a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná deich bpunt a chur air.

(b) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoi aon fho-alt eile den alt seo dlífear ar a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air.

Inchúiseamh i leith cionta.

63. —Féadfaidh An Chomhairle inchúiseamh a dhéanamh i leith ciona faoin Acht seo.

Srian le comhaontuithe agus orduithe áirithe faoin Acht Caidrimh Thionscail, 1946 .

1946, Uimh. 26 .

64. —(1) Ar theacht i bhfeidhm d'aon rialacha faoin Acht seo—

(a) scoirfidh aon fhorálacha de chomhaontú fostaíochta a bheidh i bhfeidhm an tráth sin agus a bheidh cláraithe sa Chlár agus a bhainfidh le nithe is ábhar do na rialacha, agus

(b) scoirfidh aon fhorálacha d'ordú a bheidh i bhfeidhm an tráth sin agus a rinne an Chúirt Oibreachais faoi alt 43 den Acht agus a bhainfidh le nithe is ábhar do na rialacha,

d'éifeacht a bheith acu in aon cheantar printíseachta ina mbeidh éifeacht ag na rialacha.

(2) Ar thosú do thréimhse a shonróidh coiste printíseachta faoi fho-alt (1) d'alt 38 den Acht seo—

(a) scoirfidh aon fhorálacha de chomhaontú fostaíochta a bheidh i bhfeidhm an tráth sin agus a bheidh cláraithe sa Chlár agus a bhainfidh leis an méid daoine a ghlacfar i bhfostaíocht ar mhodh printíseachta leis an gceird, dá mbeidh an coiste bunaithe, i gceantar an choiste, agus

(b) scoirfidh aon fhorálacha d'ordú a bheidh i bhfeidhm an tráth sin agus a rinne an Chúirt Oibreachais faoi alt 43 den Acht agus a bhainfidh leis an méid daoine a ghlacfar sa bhfostaíocht sin leis an gceird sin agus sa cheantar sin, d'éifeacht a bheith acu sa cheantar sin ar feadh na tréimhse sin.

(3) I gcás ina ndéanfar, le linn rialacha faoin Acht seo a bheith i bhfeidhm, comhaontú fostaíochta a chlárú sa Chlár, ní bheidh éifeacht, in aon cheantar printíseachta ina mbeidh éifeacht ag na rialacha, ag aon fhorálacha den chomhaontú a bhainfidh le nithe is ábhar do na rialacha.

(4) I gcás ina ndéanfar, tráth ar bith i rith tréimhse a bheidh sonraithe ag coiste printíseachta faoi fho-alt (1) d'alt 38 den Acht seo, comhaontú fostaíochta a chlárú sa Chlár, ansin, aon fhorálacha den chomhaontú a bhainfidh leis an méid daoine a ghlacfar i bhfostaíocht ar mhodh printíseachta leis an gceird, dá mbeidh an coiste bunaithe, i gceantar an choiste, ní bheidh éifeacht acu sa cheantar sin ar feadh na coda a bheidh gan chaitheamh den tréimhse sin.

(5) I gcás ina ndéanfaidh an Chúirt Oibreachais ordú faoi alt 43 den Acht le linn rialacha faoin Acht seo a bheith i bhfeidhm, ní bheidh éifeacht, in aon cheantar printíseachta ina mbeidh éifeacht ag na rialacha, ag aon fhorálacha den ordú a bhainfidh le nithe is ábhar do na rialacha.

(6) Más rud é go ndéanfaidh an Chúirt Oibreachais, tráth ar bith i rith tréimhse a bheidh sonraithe ag coiste printíseachta faoi fho-alt (1) d'alt 38 den Acht seo, ordú faoi alt 43 den Acht, ansin, aon fhorálacha den ordú a bhainfidh leis an méid daoine a ghlacfar i bhfostaíocht ar mhodh printíseachta leis an gceird dá mbeidh an coiste bunaithe, i gceantar an choiste, ní bheidh éifeacht acu sa cheantar sin ar feadh na coda a bheidh gan chaitheamh den tréimhse sin.

(7) San alt seo—

ciallaíonn “an tAcht” an tAcht Caidrimh Thionscail, 1946 ;

ciallaíonn “an Clár” an Clár de Chomhaontuithe Fostaíochta atá á choimeád ag an gCúirt Oibreachais faoi alt 26 den Acht.

Bronntanais.

65. —(1) Féadfaidh An Chomhairle glacadh le bronntanais airgid, talún nó maoine eile ar cibé iontaobhais agus coinníollacha, más ann, a shonróidh an deontóir.

(2) Ní ghlacfaidh an Chomhairle le bronntanas má bhíonn na coinníollacha a chuirfidh an deontóir ag gabháil lena ghlacadh ar neamhréir le feidhmeanna na Comhairle.

Cruthú ar orduithe agus ar rialacha.

66. —Bainfidh alt 4 den Acht um Fhianaise Scríbhinne, 1925 ( Uimh. 24 de 1925 ), le gach ordú agus riail faoin Acht seo.

Fógraí a sheirbheáil agus a shíniú.

67. —(1) Féadfar fógra a thabharfar de bhun an Achta seo nó de bhun rialacha faoin Acht seo a sheirbheáil ar dhuine—

(a) trína sheachadadh dó, nó

(b) trína chur leis an bpost cláraithe i gclúdach a bheidh dírithe chuige ag an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí air nó ina mbíonn gnó á sheoladh aige.

(2) Aon fhógra a thabharfaidh An Chomhairle nó coiste printíseachta de bhun an Achta seo nó de bhun rialacha faoin Acht seo is cead gur oifigeach don Chomhairle nó don choiste (cibé acu é) a bheidh údaraithe chuige sin a shíneoidh é.

(3) Chun críocha fo-alt (1) den alt seo measfar, i gcás cuideachta a bheidh cláraithe faoi Achtanna na gCuideachtaí, 1908 go 1924, gur ag a hoifig chláraithe a bhíonn gnó á sheoladh aici agus, i gcás gach comhlacht corpraithe agus gach comhlachta neamhchorpraithe eile, measfar gur ag a phríomh-oifig nó a phríomháit ghnótha a bhíonn gnó á sheoladh aige.