5 1960


Uimhir 5 de 1960.


AN tACHT PINSEAN (LEASÚ), 1960.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT CHUN NA PINSIN IS INÍOCTHA FAOI ALT 2 AGUS ALT 3 DEN ACHT PINSEAN, 1952 , A MHÉADÚ LE hÉIFEACHT ÓN 1ú LÁ DE LÚNASA, 1959. [9 Márta, 1960.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Pinsin a mhéadú.

1952, Uimh. 27 .

1. —Déanfar na pinsin bhliantúla is iníoctha faoi alt 2 agus alt 3 den Acht Pinsean, 1952 , a mhéadú, le héifeacht ón lú lá de Lúnasa, 1959, ó chúig céad punt go dtí cúig chéad seasca agus aon phunt amháin agus sé scilling déag.

Gearrtheideal agus comhlua.

2. —(1) Féadfar an tAcht Pinsean (Leasú), 1960 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Pinsean, 1952 agus 1960, a ghairm den Acht Pinsean, 1952 , agus den Acht seo le chéile.