26 1960


Uimhir 26 de 1960.


AN tACHT UM GHALAIR AINMHITHE, 1960.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ NA nACHTANNA UM GHALAIR AINMHITHE, 1894 GO 1957. [26 Iúil, 1960.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

An Príomh. Acht.

1894, c. 57.

1. —San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an Diseases of Animals Act, 1894, arna leasú nó arna oiriúnú le hachtacháin ina dhiaidh sin nó fúthu.

Na suimeanna iomlána is intobhaigh faoi alt 71 den Phríomh-Acht.

1954. Uimh. 6.

2. —Scoirfidh an oiread sin d'alt 1 den Acht um Ghalair Ainmhithe, 1954 , a shocraíonn an tsuim iomlán a fhéadfar a thobhach faoi alt 71 den Phríomh-Acht d'éifeacht a bheith aige maidir le suimeanna a thoibheofar amhlaidh tar éis an tAcht seo a rith, agus ina ionad sin achtaítear leis seo nach mbeidh an tsuim iomlán a fhéadfar a thobhach amhlaidh tar éis an tAcht seo a rith níos mó ná suim is comhionann le puntáiste ceithre phingin sa phunt ar ghlanluach bliantúil na maoine i gcontaetha riaracháin uile an Stáit.

An Ciste Ginearálta Galar Eallaigh a fhoirceannadh.

1878, c, 74.

3. —(1) Foirceannfar, an 31ú lá de Mhárta, 1963, an Ciste Ginearálta Galar Eallaigh (dá ngairtear an Ciste san alt seo) a bunaíodh leis an Contagious Diseases (Animals) Act, 1878, agus a coimeádadh ar bun le halt 71 den Phríomh-Acht.

(2) Déanfar aon iarmhéid a bheidh i gcreidiúnas don Chiste an 31ú lá de Mhárta, 1963, agus aon airgead dob iníoctha isteach sa Chiste tar éis an lae sin mura mbeadh an t-alt seo a íoc isteach sa Státchiste nó a chur de láimh ar mhaithe leis an Státchiste i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais.

Alt 72 den Phríomh-Acht do scor.

4. —An lú lá d'Aibreán, 1961, scoirfidh fo-ailt (1), (2) agus (3) d'alt 72 den Phríomh-Acht d'éifeacht a bheith acu ach amháin i gcás caiteachas faoina ndeachaigh údarás áitiúil roimh an lá sin i modh luach saothair, costais, liúntas nó cúitimh dob iníoctha ag an údarás de réir an Achta sin.

Leasuithe ar an Acht um Ghalair Ainmhithe (Eitinn Bhólachta), 1957 .

1957, Uimh. 14 .

5. —(1) Leasaítear leis seo an tAcht um Ghalair Ainmhithe (Eitinn Bhólachta), 1957

(a) tríd an méid seo a leanas a chur isteach in alt 1 in ionad an mhínithe ar “limistéir chreidiúnaithe”:

“tá le ‘limistéar dearbhghlan’ an bhrí a shonraítear i mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 2;”,

(b) trí “dearbhghlana” a chur isteach i mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 2 agus i bhfo-alt (2) d'alt 5 in ionad “creidiúnaithe”, agus trí “dhearbhghlan” a chur isteach i mír (c) d'fho-alt (I) d'alt 2 in ionad “chreidiúnaithe”, agus i bhfo-alt (2) d'alt 2 agus i mír (a) agus i mír (b) d'fho-alt (3) d'alt 5, in ionad “chreidiúnaithe”, agus

(c) trí “Clár na mBólacht Dearbhghlan” a chur isteach i bhfo-alt (1) d'alt (5) in ionad “Clár na mBólacht Creidiúnaithe”.

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire Talmhaíochta le hordú.

Aisghairm.

6. —(1) Déantar leis seo na hachtacháin a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear sa tríú colún den Sceideal sin.

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an lú lá d'Aibreán, 1963.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

7. —(1) Féadfar an tAcht um Ghalair Ainmhithe, 1960 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Ghalair Ainmhithe, 1894 go 1960, a ghairm de na hAchtanna um Ghalair Ainmhithe, 1894 go 1957, agus den Acht seo le chéile.

(3) Léifear agus forléireofar an tAcht seo agus na hAchtanna um Ghalair Ainmhithe, 1894 go 1957, mar aon ní amháin.

AN SCEIDEAL.

Achtacháin a Aisghairtear.

Alt. 6.

Seisiún agus Caibidil nó Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Méid na hAisghairme

57 & 58 Vic., c. 57

Diseases of Animals Act, 1894.

Alt 71 (ach amháin fo-alt (3)), fo-alt (4) d'alt 72, alt 73 agus an Dara Sceideal.

Uimh. 2 de 1945 .

An tAcht um Ghalair Ainmhithe, 1945 .

Alt 9.