27 1960


Uimhir 27 de 1960.


AN tACHT UM DHLÍNSE CHOIRIÚIL, 1960.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AN DLÍ CHOIRIÚIL AGUS RIARADH AN DLÍ CHOIRIÚIL. [26 Iúil, 1960.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

1845, c. 107.

1945, Uimh. 19 .

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “foras athchuir” foras (seachas príosún) a bhfuil a úsáid chun críocha an Achta seo ceadaithe ag an Aire;

ciallaíonn “an Príomh-Ospidéal Meabhar-Ghalar” an Phríomh-Ghealtlann Choiriúil a bunaíodh de bhun an Central Criminal Lunatic Asylum (Ireland) Act, 1845;

tá le “ospidéal meabhair-ghalar ceantair” an bhrí a thugtar dó leis an Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945 ;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Dlí agus Cirt;

ciallaíonn “Foras Naomh Pádraig” an foras dá ngairtear agus ar a dtugtar Foras Naomh Pádraig agus atá ar an gCuarbhóthar Thuaidh, Baile Átha Cliath.

Daoine a scaoileadh go sealadach as príosúin agus as Foras Naomh Pádraig.

2. —(1) Féadfaidh an tAire rialacha a dhéanamh ina mbeidh foráil chun daoine a bheidh ag fulaingt pianbhreithe pianseirbhíse nó príosúnachta nó coinneála i bhForas Naomh Pádraig a scaoileadh go sealadach faoi réir cibé coinníollacha a fhorchuirfear (má fhorchuirtear) i ngach cás faoi leith.

(2) Déanfar rialacha faoin alt seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir é tar éis a ndéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis na rialacha a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú na rialacha, beidh na rialacha ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoi na rialacha.

Gealta coiriúla a scaoileadh go sealadach.

1881, c. 58.

1954, Uimh. 18 .

3. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “gealt choiriúil” duine atá ar coinneáil in ospidéal ceantair meabhair-ghalar nó sa Phríomh-Ospidéal Meabhair-Ghalar faoi bharántas, ordú nó treoir ón Rialtas nó ón Aire nó faoi fhorálacha alt 91 den Army Act, 1881, nó an Acht Cosanta, 1954 , agus, má sé ag fulaingt pianbhreithe pianseirbhíse nó príosúnachta nó coinneála i bhForas Naomh Pádraig, agus nach bhfuil a phianbhreith caite;

ciallaíonn “feighilteoir”—

(a) maidir le gealt choiriúil atá ar coinneáil in ospidéal meabhair-ghalar ceantair, príomh-dhochtúir cónaitheach an ospidéil sin, agus

(b) maidir le gealt choiriúil atá ar coinneáil sa Phríomh-Ospidéal Meabhair-Ghalar, Lia Cónaitheach agus Rialtóir an ospidéil sin.

(2) Féadfaidh an feighilteoir, le toiliú an Aire, gealt choiriúil nach contúirt dó féin ná d'aon duine eile a scaoileadh go sealadach faoi réir cibé coinníollacha (más ann) a fhorchuirfidh an feighilteoir le toiliú an Aire.

(3) (a) Féadfar toiliú an Aire le scaoileadh geilte coiriúla faoin alt seo a thabhairt maidir leis an ngeilt choiriúil sin a scaoileadh ar ócaid áirithe nó maidir lena scaoileadh ó am go ham i rith tréimhse sonraithe.

(b) Féadfaidh toiliú an Aire le forchur coinníollacha maidir le scaoileadh geilte coiriúla faoin alt seo baint a bheith aige le forchur coinníollacha maidir le scaoileadh na geilte coiriúla sin ar ócáid áirithe nó le forchur coinníollacha maidir le scaoileadh na geilte coiriúla sin ó am go ham i rith tréimhse sonraithe.

Coinníollacha maidir le scaoileadh sealadach.

4. —(1) I gcás ina gcuirfear coinníollacha ag gabháil le scaoileadh duine faoi alt 2 nó alt 3 den Acht seo, cuirfear na coinníollacha in iúl trí fhógra i scríbhinn don duine an tráth a scaoilfear é.

(2) Aon duine a scaoilfear go sealadach faoi alt 2 nó alt 3 den Acht seo déanfaidh sé de réir aon choinníollacha a bheidh curtha ag gabháil lena scaoileadh.

Cumhacht chun ré phianbreithe a fhionraí in aghaidh tréimhse scaoilte shealadaigh.

5. —An phianbhreith a bheidh á fulaingt, má bhíonn, ag duine a scaoilfear go sealadach faoi alt 2 nó alt 3 den Acht seo, féadfaidh an tAire, tráth an scaoilte nó aon tráth i rith nó tar éis tréimhse an scaoilte, í a fhionraí, más oiriúnach leis, in aghaidh na tréimhse go léir nó coda di.

Daoine a bheidh saor go neamhdhleathach.

6. —Aon duine a bheidh, de dhroim é a scaoileadh go sealadach faoi alt 2 nó alt 3 den Acht seo, saor measfar é a bheith saor go neamhdhleathach—

(a) má bhíonn an tréimhse caite ar scaoileadh go sealadach é ina haghaidh, nó

(b) má bhítear tar éis coinníoll a cuireadh ag gabháil lena scaoileadh a bhriseadh.

(2) Beidh aon duine a bheidh saor go neamhdhleathach ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí a chur air.

(3) I gcás ina measfar, de dhroim coinníoll a shárú a cuireadh ag gabháil lena scaoileadh faoi alt 2 nó alt 3 den Acht seo, duine a bheith saor go neamhdhleathach agus go ngabhfar é faoi alt 7 den Acht seo, measfar air sin an tréimhse ar scaoileadh ina haghaidh é go sealadach a bheith caite.

(4) Beidh ré phianbhreithe dhuine a bheidh saor go neamhdhleathach ar feadh aon tréimhse ar fionraí in aghaidh na tréimhse sin go léir.

Daoine a bheidh saor go neamhdhleathach a ghabháil.

7. —Féadfaidh comhalta den Gharda Síochána duine a mbeidh sé in amhras é a bheith saor go neamhdhleathach a ghabháil gan barántas agus féadfaidh sé an duine sin a thabhairt go dtí an áit a mbeidh ceangal ann de réir dlí é a choinneáil ann.

Méadú ar na cumhachtaí i ndáil le háiteanna coinneála gealt coiriúla.

1838, c. 27.

1875, c. 67.

1845, c. 107.

8. —(1) Aon bharántas faoi alt 2 nó alt 3 den Criminal Lunatics (Ireland) Act, 1838, nó faoi alt 13 den Lunatic Asylums (Ireland) Act, 1875, maidir le duine ar bith, féadfaidh sé, mar is rogha leis an Aire, a ordú an duine a aistriú go dtí an Phríomh-Ghealtlann Choiriúil nó go dtí aon ospidéal meabhair-ghalar ceantair agus, i gcás ina n-ordóidh an barántas amhlaidh, déanfar tagairtí san alt faoina mbeidh an barántas arna eisiúint do thearmann a fhorléiriú mar thagairtí don Phríomh-Ospidéal Meabhair-Ghalar nó don ospidéal meabhair-ghalar ceantair, de réir mar a bheidh, agus beidh éifeacht ag an alt dá réir sin.

(2) I gcás duine a bheith ar coinneáil faoin alt sin 2, faoin alt sin 3, faoin alt sin 13 nó faoi alt 12 den Central Criminal Lunatic Asylum (Ireland) Act, 1845, féadfaidh an tAire mar is rogha leis, le hordú faoin bhfo-alt seo, a ordú an duine sin a aistriú—

(a) más sa Phríomh-Ospidéal Meabhair-Ghalar a bheidh sé ar coinneáil, go dtí ospidéal meabhair-ghalar ceantair, agus

(b) más in ospidéal meabhair-ghalar ceantair a bheidh sé ar coinneáil, go dtí an Príomh-Ospidéal Meabhair-Ghalar nó go dtí ospidéal meabhair-ghalar ceantair eile,

agus, i gcás ina n-aistreofar duine faoin bhfo-alt seo go dtí an Príomh-Ospidéal Meabhair-Ghalar nó go dtí ospidéal meabhairghalar ceantair, déanfar tagairtí san alt faoina mbeidh sé ar coinneáil do thearmann nó d'fhoras meabhair-ghalar nó d'ospidéal a fhorléiriú mar thagairtí don Phríomh-Ospidéal Meabhair-Ghalar nó don ospidéal meabhair-ghalar ceantair chun a n-aistreofar é, de réir mar a bheidh, agus beidh éifeacht ag an alt dá réir sin.

Daoine óga áirithe a athchur nó a chimiú, le triail nó pianbhreith a chur orthu, chun foras athchuir.

1914, c. 58.

9. —(1) I gcás ina dtugann reacht nó ionstraim arna déanamh faoi reacht cumhacht duine nach lú ná sé bliana déag agus nach mó ná bliain is fiche d'aois a athchur i gcoimeád nó a chimiú i gcoimeád lena thriail nó le pianbhreith a chur air, measfar go bhfuil ar an gcumhacht cumhacht an duine a athchur nó a chimiú i gcoimeád chun forais athchuir agus beidh éifeacht dá réir sin ag an reacht nó an ionstraim, de réir mar a bheidh.

(2) Chun críocha fo-alt (1) den alt seo, measfar gur cumhacht chun duine a chimiú i gcoiméad le pianbhreith a chur air an chumhacht a thugtar le halt 10 den Criminal Justice Administration Act, 1914, chun duine a chimiú chun príosúin.

(3) Ní choinneofar duine faoin alt seo ná faoi alt 10 den Acht seo i bhforas athchuir a sheoltar ar shlí seachas de réir chreidimh an duine sin.

Cumhacht an Aire chun duine a bheidh ar coinneáil faoi alt 9 a aistriú.

10. —(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo agus fho-alt (3) d'alt 9 den Acht seo, féadfaidh an tAire, más cuí leis é a dhéanamh, a ordú go ndéanfar duine a bheidh ar coinneáil faoi alt 9 den Acht seo nó faoin alt seo i bhforas athchuir a aistriú isteach, agus a choinneáil ar feadh na coda gan chaitheamh den tréimhse athchuir nó chimithe, de réir mar a bheidh, i bhforas athchuir eile, i bpríosún nó i bhForas Naomh Pádraig.

(2) Ní thabharfaidh an tAire ordú faoin alt seo maidir le duine, mura mbeidh sin iarrtha air ag an duine nó ag feighilteoir an fhorais ina mbeidh sé ar coinneáil.

(3) Nuair a thabharfar ordú faoin alt seo maidir le duine aistreofar é a luaithe is féidir go dtí an foras nó an príosún a shonrófar san ordú agus coinneofar ansin é ar feadh na coda gan chaitheamh den tréimhse ar athchuireadh nó ar cimíodh é ina haghaidh.

Coimeád dleathach daoine a bheidh ar coinneáil faoi ailt 9 agus 10.

11. —(1) Faoi réir fho-alt (3) den alt seo, measfar duine a bheidh ar coinneáil i bhforas athchuir de bhun alt 9 den Acht seo a bheith i gcoimeád dleathach an duine arb é de thuras na huaire feighilteoir an fhorais é ar feadh, agus go dtí deireadh, na tréimhse ar athchuireadh nó ar cimíodh é ina haghaidh, nó, más túisce a tharlóidh, go dtí go n-aistreofar é faoi alt 10 den Acht seo.

(2) Faoi réir fho-alt (3) den alt seo, measfar duine a aistreofar faoi alt 10 den Acht seo chun forais (is foras athchuir nó Foras Naomh Pádraig) nó chun príosúin a bheith i gcoimeád dleathach feighilteora an fhorais nó rialtóra an phríosúin, de réir mar a bheidh, ón am a aistreofar é go dtí deireadh na tréimhse ar athchuireadh nó ar athchimíodh é ina haghaidh nó, más túisce a tharlóidh, go dtí go n-aistreofar arís é faoin alt sin 10.

(3) Aon duine a bheidh, i rith tréimhse coinneála de bhun alt 9 nó 10 den Acht seo, as láthair gan cead as an áit choinneála measfar gur éalaigh sé as coimeád dleathach agus ní bheidh feidhm ag na forálacha sin roimhe seo den alt seo maidir leis an tréimhse a bhí sé as láthair amhlaidh.

Deireadh le húsáid an téarma “Borstal”.

12. —Ar thosach feidhme an Achta seo, scoirfear den téarma “Borstal” a úsáid agus, dá réir sin, déanfar tagairtí in aon reacht nó ionstraim a rinneadh faoi reacht d'Fhoras Borstail nó d'Fhorais Bhorstail a fhorléiriú uaidh sin amach mar thagairtí d'Fhoras Naomh Pádraig.

Pianbhreith choinneála i bhForas Naomh Pádraig a chur ar dhaoine óga áirithe.

1908, c. 59.

13. —(1) I gcás duine óg nach lú ná seacht mbliana déag agus nach mó ná bliain is fiche d'aois a chiontú i gcion a ndlífear téarma pianbhreithe, pianseirbhíse nó príosúnachta a chur air mar gheall air, féadfar, in ionad an phianbhreith sin a chur air, pianbhreith choinneála i bhForas Naomh Pádraig a chur air ar feadh tréimhse nach faide ná an téarma a bhféadfaí pianbhreith phianseirbhíse nó phríosúnachta ar a feadh, de réir mar a bheidh, a chur air.

(2) I gcás duine is lú ná seacht mbliana déag ach nach lú ná sé bliana déag d'aois a chiontú i gcion a ndlífí, dá mbeadh sé gan bheith níos lú ná seacht mbliana déag d'aois, téarma pianbhreithe príosúnachta nó pianseirbhíse a chur air agus gur dóigh leis an gcúirt nach bhfuil aon cheann de na modhanna eile ar a bhféadfaí déileáil go dlíthiúil leis an gcás oiriúnach, féadfar a chur de phianbhreith air é a choinneáil i bhForas Naomh Pádraig ar feadh tréimhse nach faide ná an téarma a bhféadfaí pianbhreith phianseirbhíse nó phríosúnachta ar a feadh, de réir mar a bheidh, i chur air dá mbeadh sé gan bheith níos lú ná seacht mbliana déag d'aois.

(3) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh ag déanamh forála le haghaidh rialú agus bainistí agus comhdhéanamh coiste chuairte d'Fhoras Naomh Pádraig a mhéid a bheidh sé á úsáid chun daoine ar a mbeidh pianbhreith curtha faoin alt seo a choinneáil agus chun na daoine sin a aicmiú, a chóireáil, a fhostú agus a rialú agus féadfaidh sé, leis na rialacháin, feidhm a thabhairt, a mhéid a shonrófar, agus faoi réir cibé modhnuithe a shonrófar, má shonraítear, iontu—

(a) d'Achtanna na bPríosún, 1856 go 1956, agus na rialacha arna ndéanamh fúthu, cibé acu roimh thosach feidhme an Achta seo nó dá éis sin é, agus

(b) do rialacháin arna ndéanamh, cibé acu roimh thosach feidhme an Achta seo nó dá éis sin é, faoi fho-alt (2) d'alt 4 den Prevention of Crime Act, 1908,

ma dir le Foras Naomh Pádraig ina úsáid mar adúradh.

Caiteachais

14. —Déanfar na caiteachais faoina rachaidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal.

15. —Féadfar an tAcht um Dhlínse Choiriúil, 1960 , a ghairm den Acht seo.