|
||||
|
[EN] | ||
Uimhir 31 de 1960. | ||
[EN] |
AN tACHT PINSEAN (LEASÚ) (Uimh. 2), 1960. | |
[An tiontú oifigiúil.] |
ACHT CHUN NA PINSIN IS INÍOCTHA FAOI NA hACHTANNA PINSEAN, 1952 AGUS 1960, A MHÉADÚ LE hÉIFEACHT ÓN 1ú LÁ DE LÚNASA, 1960. | ||
[15 Samhain, 1960.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— | ||
[EN] |
Pinsin a mhéadú. |
1. —Déanfar na pinsin bhliantúla is iníoctha an 1ú lá de Lúnasa, 1960, faoi na hAchtanna Pinsean, 1952 agus 1960, a mhéadú, le héifeacht ón lá sin (agus an lá sin a áireamh), ó chúig chéad seasca agus aon phunt amháin agus sé scilling déag go dtí sé chéad agus ceithre phunt. |
[EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
2. —(1) Féadfar an tAcht Pinsean (Leasú) (Uimh. 2), 1960 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Folóidh an comhlua na hAchtanna Pinsean, 1952 agus 1960, an tAcht seo. |