34 1960


Uimhir 34 de 1960.


ACHT NA dTRÉIDLEÁ, 1960.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ ACHTANNA NA dTRÉIDLIA, 1931 AGUS 1952, MAIDIR LE CLÁR TRÉIDLEÁ NA hÉIREANN [15 Samhain, 1960.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Alt 34 d'Acht na Máinliaigh Beithíoch, 1931 , a leasú.

1. —Déantar leis seo an t-alt atá leagtha amach i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a chur in ionad alt 34 d'Acht na Máinliaigh Beithíoch, 1931 .

Alt 36 d'Acht na Máinliaigh Beithíoch, 1931 , a leasú.

2. —Déantar leis seo an t-alt atá leagtha amach i gCuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a chur in ionad alt 36 d'Acht na Máinliaigh Beithíoch, 1931 .

Aisghairm.

3. —Déantar leis seo gach achtachán a luaitear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear sa tríú colún den Sceideal sin.

Gearrtheideal agus comhlua.

4. —(1) Féadfar Acht na dTréidleá, 1960 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar Achtanna na dTréidleá, 1931 go 1960, a ghairm d'Achtanna na dTréidlia, 1931 agus 1952, agus den Acht seo le chéile.

AN CHÉAD SCEIDEAL.

Ailt atá á gcur in ionad Ailt 34 agus 36 d'Acht na Máinliaigh Beithíoch, 1931 .

Ailt 1 agus 2 .

CUID I.

Scriosadh den chlár—daoine a bheidh ciontaithe i gcoireanna.

34. (1) I gcás duine a bheidh cláraithe sa chlár a chiontú sa Stát i dtréas nó i bhfeileonacht nó in oilghníomh nó a chiontú lasmuigh den Stát i gcoir nó i gcion arbh fheileonacht nó oilghníomh é dá mba sa Stát a rinneadh é, féadfaidh an Chomhairle a chinneadh gur cheart ainm an duine sin a scriosadh den chlár.

(2) Nuair a dhéanfaidh an Chomhairle cinneadh faoin alt seo, déanfaidh sí láithreach fógra scríofa ag insint an chinnte agus dáta agus cúis an chinnte a chur leis an bpost chuig an duine lena mbainfidh an cinneadh go dtí a sheoladh mar a bheidh curtha síos sa chlár.

(3) Aon duine lena mbainfidh cinneadh a dhéanfaidh an Chomhairle faoin alt seo féadfaidh sé, laistigh de thréimhse cheithre lá déag dar tosach dáta an chinnte, a iarraidh ar an Ard-Chúirt go gcealófar an cinneadh, agus má dhéanann sé iarratas den sórt sin—

(a) féadfaidh an Ard-Chúirt, ar an iarratas a éisteacht—

(i) an cinneadh a chealú, nó

(ii) an cinneadh a dhaingniú agus a ordú don Chomhairle ainm an duine sin a scriosadh den chlár,

(b) má chruthaíonn an Chomhairle aon tráth don Ard-Chúirt gur mhoilligh an duine sin go míchuí dul ar aghaidh leis an iarratas, déanfaidh an Ard-Chúirt, muran léir di dea-chúis lena mhalairt, an cinneadh a dhaingniú agus a ordú don Chomhairle ainm an duine sin a scriosadh den chlár,

(c) féadfaidh an Ard-Chúirt a ordú conas mar a íocfar costais an iarratais.

(4) I gcás nach ndéanfaidh duine lena mbainfidh cinneadh faoin alt seo ag an gComhairle a iarraidh, laistigh de thréimhse cheithre lá déag dar tosach dáta an chinnte, ar an Ard-Chúirt go gcealófar an cinneadh, féadfaidh an Chomhairle a iarraidh ex-parte ar an Ard-Chúirt an cinneadh a dhaingniú agus, má dhéanann an Chomhairle iarratas den sórt sin, ansin, ar an iarratas a éisteacht, déanfaidh an Ard-Chúirt, muran léir di dea-chúis lena mhalairt, an cinneadh a dhaingniú agus a ordú don Chomhairle ainm an duine sin a scriosadh den chlár.

(5) Is breith chríochnaitheach breith na hArd-Chúirte ar iarratas faoin alt seo, ach amháin go bhféadfaidh an Chomhairle nó an duine lena mbainfidh achomharc a dhéanamh, le cead na Cúirte sin, i gcoinne na breithe, chun na Cúirte Uachtaraí ar cheist shonraithe dlí.

(6) Nuair a scriosfaidh an Chomhairle ainm duine den chlár faoin alt seo, déanfaidh sí láithreach fógra scríofa i dtaobh an scriosta a chur leis an bpost chuig an duine sin go dtí a sheoladh mar a bheidh curtha síos sa chlár.

(7) Féadfar aon duine a mbeifear tar éis a ainm a scriosadh den chlár faoin alt seo a chur ar ais aon tráth sa chlár le hordú speisialta ón gComhairle agus sna cúinsí sin amháin, agus nuair a chuirfear duine ar ais amhlaidh sa chlár, féadfaidh an Chomhairle cibé coinníollacha (lena n-áirítear táille a íoc nach mó ná an táille ab iníoctha ag an duine sin dá mba é sin an chéad uair aige é á chlárú) is oiriúnach leis an gComhairle.

CUID II.

Scriosadh den chlár nó clárú a fhionraí—daoine a bheidh ciontach i mí-iompar maidir lena ngairm.

36.—(1) Aon uair a chinnfidh an Chomhairle, de bharr fiosrúchán a bheidh déanta aici faoin Acht seo i dtaobh iompar duine a líomhnaíodh a bheith ciontach in iompar ab ábhar aithise dó ó thaobh a ghairme nó, de bharr tuarascáil ó choiste (seachas coiste a ceapadh faoin gComhaontú) a cheap an Chomhairle faoin Acht seo chun fiosrúchán a dhéanamh i dtaobh iompar aon duine den sórt sin, go raibh an duine sin ciontach in iompar ab ábhar aithise dó ó thaobh a ghairme, féadfaidh an Chomhairle, le rún lena vótálfaidh seisear comhaltaí ar a laghad den Chomhairle, a chinneadh gur cheart ainm an duine sin a scriosadh den chlár nó nach mbeadh éifeacht, ar feadh tréimhse a mbeidh fad sonraithe inti, ag clárú a ainme sa chlár.

(2) Aon uair a chinnfidh an Chomhairle, de bharr tuarascáil ó choiste a ceapadh faoin gComhaontú chun líomhain maidir le duine atá cláraithe sa chlár agus atá cláraithe freisin i gclár ginearálta na dtréidleá, go raibh an duine sin ciontach in iompar ba chúis aithise dó ó thaobh a ghairme, féadfaidh an Chomhairle, le rún lena vótálfaidh seisear comhaltaí ar a laghad den Chomhairle, a chinneadh gur cheart ainm an duine sin a scriosadh den chlár nó nach mbeadh éifeacht, ar feadh tréimhse a mbeidh fad sonraithe inti, ag clárú a ainme sa chlár.

(3) Aon uair a bheidh Comhairle Choláiste Ríoga na dTréidleá tar éis tuarascáil a thabhairt, de bhun an Chomhaontú atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, don Chomhairle ar chás inar chinn Comhairle an Choláiste sin ainm duine a bhaint de chlár ginearálta na dtréidleá is duine atá cláraithe sa chlár sin agus atá cláraithe freisin sa chlár agus a ndearna Comhairle an Choláiste sin, de réir an Chomhaontú sin, líomhain iompair dob aithis ó thaobh gairme a fhiosrú maidir leis, breithneoidh an Chomhairle na fíorais a bheidh sa tuarascáil, agus, má chinneann an Chomhairle, tar éis di an tuarascáil a bhreithniú, go raibh an duine lena mbainfidh an tuarascáil ciontach in iompar ab aithis dó ó thaobh a ghairme, féadfaidh an Chomhairle, le rún lena vótálfaidh seisear comhaltaí ar a laghad den Chomhairle, a chinneadh gur cheart ainm an duine sin a scriosadh den chlár nó nach mbeadh éifeacht, ar feadh tréimhse a mbeidh fad sonraithe inti, ag clárú a ainme sa chlár.

(4) Nuair a dhéanfaidh an Chomhairle cinneadh faoin alt seo, déanfaidh sí láithreach fógra scríofa ag insint an chinnte agus dáta agus cúis an chinnte a chur leis an bpost chuig an duine lena mbainfidh an cinneadh go dtí a sheoladh mar a bheidh curtha síos sa chlár.

(5) Aon duine lena mbainfidh cinneadh a dhéanfaidh an Chomhairle faoin alt seo féadfaidh sé, laistigh de thréimhse cheithre lá déag dar tosach dáta an chinnte, a iarraidh ar an Ard-Chúirt go gcealófar an cinneadh, agus má dhéanann sé iarratas den sórt sin—

(a) féadfaidh an Ard-Chúirt ar an iarratas a éisteacht—

(i) an cinneadh a chealú, nó

(ii) a dhearbhú gur chuí ón gComhairle cinneadh a dhéanamh faoin alt seo maidir leis an duine sin agus (de réir mar is cuí leis an gCúirt) a ordú don Chomhairle a ainm a scriosadh den chlár nó a ordú nach mbeidh éifeacht, ar feadh tréimhse sonraithe (dar tosach lá nach luaithe ná seacht lá tar éis cinneadh na Cúirte), ag clárú a ainme sa chlár,

(b) má chruthaíonn an Chomhairle aon tráth don Ard-Chúirt gur mhoilligh an duine sin go míchuí dul ar aghaidh leis an iarratas, dearbhóidh an Ard-Chúirt, muran léir di dea-chúis lena mhalairt, gur chuí ón gComhairle cinneadh a dhéanamh faoin alt seo maidir leis an duine sin agus (de réir mar is cuí leis an gCúirt) a ordú don Chomhairle a ainm a scriosadh den chlár nó a ordú nach mbeidh éifeacht, ar feadh tréimhse sonraithe (dar tosach lá nach luaithe ná seacht lá tar éis breith na Cúirte), ag clárú a ainme sa chlár,

(c) féadfaidh an Ard-Chúirt a ordú conas mar a íocfar costais an iarratais.

(6) I gcás nach ndéanfaidh duine lena mbainfidh cinneadh faoin alt seo ag an gComhairle a iarraidh, laistigh de thréimhse cheithre lá déag dar tosach dáta an chinnte, ar an Ard-Chúirt go gcealófar an cinneadh, féadfaidh an Chomhairle dearbhú a iarraidh exparte ar an Ard-Chúirt á dhearbhú gur chuí ón gComhairle cinneadh a dhéanamh faoin alt seo maidir leis an duine sin, agus, má dhéanann an Chomhairle iarratas den sórt sin, déanfaidh an Ard-Chúirt, ar an iarratas a éisteacht agus muran léir di dea-chúis lena mhalairt, dearbhú dá réir sin agus (de réir mar is cuí leis an gCúirt) a ordú don Chomhairle ainm an duine sin a scriosadh den chlár nó a ordú nach mbeidh éifeacht, ar feadh tréimhse sonraithe (dar tosach lá nach luaithe ná seacht lá tar éis breith na Cúirte), ag clárú a ainme sa chlár.

(7) Ar iarratas a éisteacht faoin alt seo, féadfaidh an Ard-Chúirt, más cuí léi sin a dhéanamh, fianaise a ghlacadh, agus aird a thabhairt ar fhianaise, ó dhaoine creidiúnacha i measc tréidleá i dtaobh cad is iompar is ábhar aithise do thréidlia ó thaobh a ghairme.

(8) Is breith chríochnaitheach breith na hArd-Chúirte ar iarratas faoin alt seo, ach amháin go bhféadfaidh an Chomhairle nó an duine lena mbainfidh achomharc a dhéanamh, le cead na Cúirte sin, i gcoinne na breithe, chun na Cúirte Uachtaraí ar cheist shonraithe dlí.

(9) (a) Nuair a scriosfaidh an Chomhairle ainm duine den chlár faoin alt seo déanfaidh sí láithreach fógra scríofa i dtaobh an scriosta a chur leis an bpost chuig an duine sin go dtí a sheoladh mar a bheidh curtha síos sa chlár.

(b) I gcás ina n-ordófar faoin alt seo nach mbeidh éifeacht, ar feadh tréimhse sonraithe, ag clárú ainm dhuine sa chlár, déanfaidh an Chomhairle, roimh thosach na tréimhse sin,—

(i) fógra scríofa i dtaobh an ordaithe sin a chur leis an bpost chuig an duine sin go dtí a sheoladh mar a bheidh curtha síos sa chlár, agus

(ii) an t-ordú sin a chur in iúl don Aire,

(10) Féadfar aon duine a mbeifear tar éis a ainm a scriosadh den chlár faoin alt seo a chur ar ais aon tráth sa chlár le treorú speisialta ón gComhairle agus sna cúinsí sin amháin, agus, nuair a chuirfear duine ar ais amhlaidh sa chlár, féadfaidh an Chomhairle cibé coinníollacha (lena n-áirítear táille a íoc nach mó ná an táille ab íníoctha ag an duine sin i leith clárú dá mba é sin an chéad uair aige é á chlárú) is oiriúnach leis an gComhairle.

(11) I gcás ina mbeidh clárú duine sa chlár ar fionraí faoin alt seo, féadfaidh an Chomhairle, más oiriúnach léi ar iarratas a fháil ón duine sin, an fhionraí a fhoirceannadh le hordú speisialta gan choinníoll nó faoi réir cibé coinníollacha is oiriúnach léi.

(12) I gcás ina mbeidh fionraí clárú dhuine sa chlár arna fhoirceannadh faoin alt seo le hordú speisialta ón gComhairle, cuirfidh an Chomhairle an foirceannadh in iúl láithreach don Aire.

(13) Déanfar tagairtí san Acht seo don Chomhairle do scriosadh ainm dhuine den chlár mar gheall ar mhí-iompar gairme a fhorléiriú mar thagairtí nach mbaineann ach le scriosadh ainm dhuine den chlár ag an gComhairle faoin alt seo.

AN DARA SCEIDEAL.

Achtacháin a Aisghairtear.

Alt 3.

Uimhir agus Bliain.

Gearrtheideal.

Méid na hAisghairme.

Uimh. 36 de 1931 .

Acht na Máinliaigh Beithíoch, 1931 .

Alt 37; in alt 38, na focail “no mar gheall ar mhí-iompar maidir le n-a ghairm; no” agus mír (c); i bhfo-alt (1) d'alt 39, na focail “nó mar gheall ar mhí-iompar maidir le n-a ghairm; no” agus mír (d); fo-alt (3) d'alt 39.

Uimh. 18 de 1952 .

Acht na dTréidlia, 1952 .

Alt 7.