37 1960


Uimhir 37 de 1960.


AN tACHT ATURNAETHA (LEASÚ), 1960.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AN ACHTA ATURNAETHE, 1954 . [22 Samhain, 1960.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal agus comhlua.

1. —(1) Féadfar an tAcht Aturnaetha (Leasú), 1960 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Aturnaetha, 1954 agus 1960, a ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht seo le chéile.

Tosach feidhme.

2. —Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh mar a leanas:

(a) tiocfaidh alt 31 i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire Dlí agus Cirt, le hordú, ar an gCumann á iarraidh sin,

(b) tiocfaidh an chuid eile den Acht seo i ngníomh ar an Acht seo a rith.

Léiriú.

1954, Uimh. 36 .

3. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “an Ciste Cúitimh” an Ciste Cúitimh a bunaíodh faoi alt 69 (a aisghairtear leis an Acht seo) den Phríomh-Acht;

tá le “an Coiste Araíonachta” an bhrí a thugtar dó le halt 6 den Acht seo;

folaíonn “doiciméid” gníomhais, uachtanna, páipéir, leabhair chuntais, taifid, deimhnithe agus comhfhreagras;

ciallaíonn “an Sean-Choiste Araíonachta” an coiste a bunaíodh le halt 13 (a aisghairtear leis an Acht seo) den Phríomh-Acht;

folaíonn “mí-iompar”—

(a) tréas nó feileonacht nó oilghníomh a dhéanamh,

(b) coir nó cion a dhéanamh lasmuigh den Stát ba feileonacht nó oilghníomh dá mba sa Stát a rinneadh é,

(c) sárú ar fhoráil den Phríomh-Acht nó den Acht seo nó d'aon ordú nó rialachán a rinneadh faoin bPríomh-Acht nó faoin Acht seo,

(d) iompar a tharraingeodh táirmheas ar ghairm na n-aturnaetha;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Aturnaethe, 1954 ;

ciallaíonn “na Rialacháin um Chuntais Aturnaetha” na rialacháin i ndáil le cuntais a rinne an Cumann chun críocha alt 66 den Phríomh-Acht.

(2) San Acht seo, déanfar tagairtí don Phríomh-Acht a fhorléiriú, mar a gceanglaíonn nó a gceadaíonn an coimhthéacs é, mar thagairtí don Phríomh-Acht arna leasú leis an Acht seo.

(3) Forléireofar an tAcht seo agus an Phríomh-Acht mar aon ní amháin.

An bhrí atá le “aturnae” sa Phríomh-Acht agus san Acht seo.

4. —Sa Phríomh-Acht agus san Acht seo, folaíonn “aturnae”, mar a gceadaíonn nó a gceanglaíonn an comhthéacs é, iar-aturnae nó aturnae éagtha.

Aisghairm.

5. —(1) Déantar leis seo na forálacha den Phríomh-Acht atá leagtha amach i gcolún (1) de Chuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (2) den Chuid sin I.

(2) Déantar leis seo na forálacha den Phríomh-Acht atá leagtha amach i gcolún (1) de Chuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (2) den Chuid sin II, ach leanfaidh siad d'fheidhm a bheith acu maidir le haon chás a measfaidh an Cumann gur roimh an Acht seo a rith a tharla an caillteanas.

CUID II

Forálacha Araíonachta Maidir le hAturnaetha

An Coiste Araíonachta.

6. —(1) Déanfaidh Uachtarán na hArd-Chúirte, ó am go ham de réir mar is gá, coiste araíonachta (dá ngairtear an Coiste Araíonachta san Acht seo) nach lú ná seachtar agus nach mó ná deichniúr a líon a cheapadh as líon comhaltaí na Comhairle agus na n-iarchomhaltaí sin den Chomhairle a bheidh ag cleachtadh mar aturnaetha.

(2) Féadfaidh comhalta den Choiste Araíonachta éirí as a oifig trí litir a chuirfear leis an bpost cláraithe chuig Uachtarán na hArd-Chúirte agus beidh éifeacht ag a éirí as ar an dáta a sheachadfar an litir.

(3) Féadfaidh Uachtarán na hArd-Chúirte comhalta den Choiste Araíonachta a chur as oifig, folúntas sa Choiste Araíonachta a líonadh agus, faoi réir na dteorainneacha a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo, an líon daoine a bheidh air a mhéadú nó a laghdú.

(4) Féadfaidh an Coiste Araíonachta gníomhú d'ainneoin folúntas nó folúntais ina líon.

(5) Íocfaidh an Cumann aon chostas nó caiteachas faoina rachaidh an Coiste Araíonachta.

(6) Triúr is córam don Choiste Araíonachta.

(7) Féadfaidh comhalta den Choiste Araíonachta, ba chomhalta den Chomhairle ar dháta a cheaptha, gníomhú ar an gCoiste Araíonachta d'ainneoin é a bheith tar éis scor de bheith ina chomhalta den Chomhairle.

An Coiste Araíonachta do dhéanamh fiosrúcháin faoi iompar aturnae a líomhnaítear mí-iompar ina choinne.

7. —(1) Faoi réir fhorálacha an Achta seo, is chun an Choiste Araíonachta a dhéanfar, agus éistfidh an Coiste Araíonachta, de réir rialacha a dhéanfar faoi alt 16 den Acht seo, aon iarratas ó dhuine eile nó ón gCumann á iarraidh go ndéanfaí fiosrúchán faoi iompar aturnae ar fhoras mí-iompair líomhnaithe.

(2) I gcás ina ndéanfar iarratas go cuí faoin alt seo maidir le haturnae agus gurb é tuairim an Choiste Araíonachta, tar éis an t-iarratas a bhreithniú, nach bhfuil cás prima facie le fiosrú, cuirfidh siad sin in iúl i scríbhinn don iarratasóir agus ní dhéanfaidh siad aon ghníomh eile maidir leis an iarratas.

(3) I gcás ina ndéanfar iarratas go cuí faoin alt seo maidir le haturnae agus gurb é tuairim an Choiste Araíonachta, tar éis an t-iarratas a bhreithniú, go bhfuil cás prima facie le fiosrú, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas—

(a) rachaidh siad i mbun fiosrúchán a dhéanamh;

(b) nuair a bheidh an fiosrúchán críochnaithe, cuirfidh an Coiste Araíonachta a gcinntí i dtuarascáil chun na hArd-Chúirte agus sonróidh siad inti an t-iarratas agus an fhianaise a cuireadh os a gcomhair agus aon ábhair eile maidir leis an aturnae is oiriúnach leo a thuairisciú, maraon lena dtuairim i dtaobh oiriúnacht nó eile an aturnae le bheith ina chomhalta de lucht ghairm na n-aturnaetha ag féachaint dá mbeidh sa tuarascáil;

(c) má chinneann an Coiste Araíonachta go raibh mí-iompar ann ó thaobh an aturnae maidir le haon ábhar a gearánadh san iarratas nó nár fhreagair an t-aturnae go sasúil na líomhaintí ina choinne, tabharfaidh an Cumann an tuarascáil os comhair na hArd-Chúirte.

(4) I gcás ina ndéanfar iarratas faoin alt seo, féadfaidh an Coiste Araíonachta, ag aon chéim de na himeachtaí maidir leis an iarratas agus sula dtabharfar tuarascáil don Ard-Chúirt, déanamh aon bhearta nó aon bhearta breise san ábhar a chur siar go ceann tréimhse sonraithe agus, má dhéanann siad sin, ansin, más rud é, sula mbeidh an tréimhse sin caite, go n-iarrfaidh an t-iarratasóir cead ar an gCoiste Araíonachta an t-iarratas a tharraingt siar, féadfaidh an Coiste Araíonachta, más oiriúnach leo, a cheadú an t-iarratas a tharraingt siar agus, má dhéanann siad sin, ní dhéanfaidh siad aon ghníomh eile maidir leis an iarratas.

(5) (a) Beidh an Cumann i dteideal iarratas a dhéanamh chun an Choiste Araíonachta de réir fhorálacha an ailt seo, d'ainneoin aon duine eile a bheith i dteideal iarratas den sórt sin a dhéanamh, agus

(b) Féadfaidh an Cumann a údarú d'aon duine thar a gceann gach ní agus gníomh a dhéanamh is gá chun críocha an iarratais sin.

Imeachtaí os comhair na hArd-Chúirte maidir le tuarascáil a thabharfar os comhair na Cúirte faoi alt 7.

8. —(1) I gcás ina dtabharfaidh an Coiste Araíonachta, tar éis fiosrúchán a dhéanamh faoi iompar aturnae, tuarascáil don Ard-Chúirt faoi alt 7 den Acht seo agus go dtabharfaidh an Cumann an tuarascáil sin os comhair na hArd-Chúirte faoin alt sin 7, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas—

(a) féadfaidh an Ard-Chúirt, tar éis an tuarascáil a bhreithniú—

(i) le hordú

(I) ainm an aturnae a scriosadh den rolla,

(II) an t-aturnae a fhionraí ó chleachtadh go ceann cibé tréimhse a shocróidh an Ard-Chúirt, nó

(III) an t-aturnae a cháinseamh nó é a cháinseamh agus a cheangal air pionós airgid a íoc,

(ii) ordú a dhéanamh maidir leis na costais faoina ndeachthas sna himeachtaí os a comhair agus os comhair an Choiste Araíonachta mar is oiriúnach léi,

(iii) aon ordú foghabhálach maidir leis an gcás a dhéanamh is oiriúnach leis an Ard-Chúirt,

(b) féadfaidh an Ard-Chúirt, más oiriúnach léi, ar fhorais speisialta, an cás a tharchur chun an Choiste Araíonachta chun fianaise bhreise a ghlacadh lena cur faoina bráid agus tuarascáil fhorlíontach a thabhairt di, agus féadfaidh an Chúirt éisteacht an cháis a chur ar atráth go dtí go gcuirfear an fhianaise bhreise sin faoina bráid agus go dtabharfar an tuarascáil fhorlíontach sin,

(c) i dteannta aon ní dá sonraítear sna míreanna sin roimhe seo den fho-alt seo a dhéanamh, féadfaidh an Ard-Chúirt freisin, le hordú, aon ní nó nithe acu seo a leanas a dhéanamh—

(i) a ordú don aturnae cibé aiseag is oiriúnach leis an Ard-Chúirt a thabhairt d'aon pháirtí éagóraithe,

(ii) ar iarratas ón gCumann, a ordú go seachadfar d'aon duine a cheapfaidh an Cumann gach doiciméad nó aon doiciméid a bheidh i seilbh nó ar urláimh an aturnae nó a ghnólachta nó a bhainfidh le haon iontaobhas arb é nó arbh é an t-aturnae an t-iontaobhaí aonair ina leith nó arb iad nó arbh iad na hiontaobhaithe ina leith an t-aturnae maraon le páirtí, cléireach nó seirbhíseach dá chuid nó maraon le níos mó ná duine amháin den sórt sin,

(iii) a ordú—

(I) nach ndéanfaidh aon chuideachta baincéireachta, gan cead ón Ard-Chúirt, aon íocaíocht as cuntas bainc in ainm an aturnae nó a ghnólachta, nó

(II) nach ndéanfaidh cuideachta baincéireachta shonraithe, gan cead ón Ard-Chúirt, aon íocaíocht as cuntas bainc in ainm an aturnae nó a ghnólachta.

(2) (a) I gcás ina ndéanfaidh an Ard-Chúirt ordú maidir le doiciméid faoi fhomhír (ii) de mhír (c) d'fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh an Cumann fiosruithe a dhéanamh chun a fháil amach cén duine ar leis nó cé na daoine ar leo na doiciméid agus féadfaidh sé déileáil leis na doiciméid mar a ordóidh an duine sin nó na daoine sin.

(b) Chun críocha mhír (a) den fho-alt seo, beidh éifeacht ag na forálacha atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

(3) I gcás ina gceanglóidh an Ard-Chúirt, le hordú faoi fho-alt (1) den alt seo, ar aturnae pionós airgid a íoc, oibreoidh an t-ordú mar bhreithiúnas i gcoinne an aturnae i bhfabhar an Chumainn, agus déanfar an pionós airgid, nuair a ghnóthófar é, a íoc isteach sa Chiste Cúitimh.

(4) Má ghníomhaíonn aon duine mar ghníomhaire nó ainmní d'aturnae nó dá ghnólacht ar chuma a dhéanfaidh neamhbhríoch ordú a rinne an Ard-Chúirt faoi fhomhír (iii) de mhír (c) d'fho-alt (1) den alt seo, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air.

Ainm aturnae a bhaint den rolla ar é féin á iarraidh sin.

9. —(1) Is chun an Choiste Araíonachta a dhéanfaidh aturnae iarratas chun a ainm a bhaint den rolla, agu éistfidh an Choiste Arnaíonachta é, de réir rialacha a dhéanfar faoi alt 16 den Acht seo.

(2) I gcás ina ndéanfaidh aturnae iarratas faoin alt seo, breithneoidh an Coiste Araíonachta an t-iarratas, agus air sin beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas—

(a) más é a dtuairim gur ceart géilleadh don iarratas gan tuarascáil a thabhairt don Ard-Chúirt, ordóidh siad dá réir sin,

(b) murab é sin a dtuairim—

(i) tabharfaidh siad tuarascáil i dtaobh an iarratais don Ard-Chúirt,

(ii) tabharfaidh an Cumann an tuarascáil os comhair na hArd-Chúirte,

(iii) féadfaidh an Ard-Chúirt, tar éis an t-iarratas agus an tuarascáil a bhreithniú, ordú a dhéanamh ag diúltú don iarratas nó ag géilleadh dó agus maidir le híoc costas.

Ainm aturnae a chur ar ais ar an rolla.

10. —(1) Beidh cumhacht ag an Ard-Chúirt a ordú go gcuirfear ar ais ar an rolla ainm aturnae ar scriosadh a ainm den rolla le hordú ón Ard-Chúirt faoi alt 8 den Acht seo nó faoin alt sin 8 arna chur i bhfeidhm le halt 11 den Acht seo nó ar baineadh a ainm den rolla faoi alt 9 den Acht seo.

(2) Féadfaidh aon duine a bheidh á iarraidh go gcuirfí a ainm ar ais ar an rolla faoin alt seo iarratas a dhéanamh chun na hArd-Chúirte agus tabharfaidh sé fógra don Chumann go bhfuil beartaithe aige an t-iarratas sin a dhéanamh, agus beidh an Cumann i dteideal láithriú agus éisteacht a fháil ar aon iarratas den sórt sin.

(3) Ar iarratas faoin alt seo a éisteacht féadfaidh an Ard-Chúirt diúltú don iarratas nó féadfaidh sí a ordú ainm an iarratasóra a chur ar ais ar an rolla agus féadfaidh sí a ordú don iarratasóir costais agus caiteachais an Chumainn maidir leis an iarratas a íoc.

Dlínse na hArd-Chúirte maidir le haturnae ar airbheartaíodh maidir leis go ndearnadh ordú faoi alt 18 den Phríomh-Acht ag scriosadh a ainm den rolla.

11. —I gcás ina ndearna an Sean-Choiste Araíonachta, i bhfeidhmiú airbheartaithe cumhachtaí a airbheartaíodh a tugadh dóibh le halt 18 (a aisghairtear leis an Acht seo) den Phríomh-Acht, ordú á fhoráil go scriosfaí ainm aturnae den rolla, féadfaidh an Cumann, ar fhógra a thabhairt don aturnae, iarratas trí fhógra foriarratais (nach giorra ná deich lá) a dhéanamh chun na hArd-Chúirte ag iarraidh ordú ag scriosadh ainm an aturnae den rolla, agus, má iarrann an Cumann amhlaidh, ansin beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas—

(a) beidh gach a mbeidh ar fáil de na mionnscríbhinní agus den fhianaise doiciméid eile a bhí os comhair an tSean-Choiste Araíonachta agus gach a mbeidh ar fáil de scríbhinní na fianaise a tugadh os a gcomhair inghlactha mar fhianaise ar an Ard-Chúirt a bheith ag breithniú an iarratais,

(b) tar éis don Ard-Chúirt na mionnscríbhinní sin, an fhianaise doiciméid eile sin agus na scríbhinní eile sin a léamh, agus tar éis di aon fhianaise bhreise a ghlacadh a thairgfidh an Cumann nó an t-aturnae agus tar éis di breithniú a dhéanamh ar aon ábhair eile maidir leis an aturnae a dtarraingeoidh an Cumann a haird orthu, déileáilfaidh sí leis an iarratas ionann is dá mba thuarascáil é maidir leis an aturnae chun na hArd-Chúirte ón gCoiste Araíonachta agus a thug an Cumann os comhair na hArd-Chúirte faoi alt 7 den Acht seo, agus beidh feidhm dá réir sin ag alt 8 den Acht seo.

Orduithe na hArd-Chúirte a bheith críochnaitheach.

12. —(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, is ordú críochnaitheach nach inachomhairc ordú ón Ard-Chúirt faoi alt 8 den Acht seo, faoin alt sin arna chur i bhfeidhm le halt 11 den Acht seo nó faoi alt 9 nó alt 10 den Acht seo.

(2) Le cead na hArd-Chúirte, féadfaidh an Cumann, nó an t-aturnae lena mbainfidh, achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Uachtaraí ar cheist shonraithe dlí i gcoinne ordú ón Ard-Chúirt faoi alt 8 den Acht seo, faoin alt sin arna chur i bhfeidhm le halt 11 den Acht seo nó faoi alt 9 nó alt 10 den Acht seo.

Dlínse na hArd-Chúirte faoi ailt 8, 9, 10 agus 11 a fheidhmiú.

13. —Is é Uachtarán na hArd-Chúirte a fheidhmeoidh an dlínse a dhílsítear san Ard-Chúirt le halt 8, 9, 10 nó 11 den Acht seo nó, má threoraíonn agus gach cás ina dtreoróidh Uachtarán na hArd-Chúirte amhlaidh, gnáthbhreitheamh den Ard-Chúirt a bheidh sannaithe chuige sin de thuras na huaire ag Uachtarán na hArd-Chúirte.

Pribhléid maidir le himeachtaí áirithe faoin bPríomh-Acht agus faoin Acht seo.

14. —Beidh—

(a) déanamh aon ghnímh, roimh an Acht seo a rith, ag an Sean-Choiste Araíonachta nó ag an gclaraitheoir, i bhfeidhmiú airbheartaithe na gcumhachtaí a airbheartaíodh a tugadh dóibh nó dó le halt 18 nó 21 den Phríomh-Acht, is gníomh ar airbheartaíodh é a bheith údaraithe é a dhéanamh leis an alt sin,

(b) tabhairt tuarascála faoi alt 7 nó 9 den Acht seo nó tuarascála fhorlíontaí faoi mhír (b) d'fho-alt (1) d'alt 8 den Acht seo don Ard-Chúirt ag an gCoiste Araíonachta,

(c) tabhairt tuarascála os comhair na hArd-Chúirte ag an gCumann faoi alt 7 nó 9 den Acht seo,

(d) foilsiú aon fhógra de réir halt 17 den Acht seo ar údaraigh an t-alt sin 17 é a fhoilsiú,

(e) déanamh iarratais, roimh an Acht seo a rith, chun an tSean-Choiste Araíonachta faoi alt 14 den Phríomh-Acht nó tabhairt aon eolais i ndáil leis an iarratas sin, agus

(f) déanamh iarratais faoi alt 7 den Acht seo nó tabhairt aon eolais i ndáil leis an iarratas sin,

faoi phribhléid iomlán agus measfar, maidir le déanamh aon ghnímh dá sonraítear i mír (a) nó (e) den alt seo, é a bheith faoi phribhléid iomlán i gcónaí.

Cumhachtaí an Choiste Araíonachta maidir le fianaise a ghlacadh, etc.

15. —(1) Beidh ag an gCoiste Araíonachta, chun críocha aon fhiosrúcháin a dhéanfaidh siad faoi alt 7 den Acht seo nó breithniú a dhéanamh ar iarratas faoi alt 9 den Acht seo nó fianaise bhreise a ghlacadh faoi mhír (b) d'fho-alt (1) d'alt 8 den Acht seo, na cumhachtaí, na cearta agus na pribhléidí atá dílsithe san Ard-Chúirt nó i mbreitheamh den Ard-Chúirt le linn caingean a éisteacht, maidir le—

(a) iallach a chur ar fhinnéithe freastal a dhéanamh agus lena gceistiú faoi mhionn nó ar shlí eile, agus

(b) iallach a chur doiciméid a thabhairt ar aird,

agus féadfar toghairm faoi shíniú chomhalta den Choiste Araíonachta a chur in ionad, agus is ionann a feidhm agus feidhm, aon phróise foirmiúla is ineisithe i gcaingean chun iallach a chur ar fhinnéithe freastal a dhéanamh agus chun iallach a chur doiciméid a thabhairt ar aird.

(2) Más rud é—

(a) go mainneoidh duine ar bith freastal tar éis é a thoghairm go cuí chun freastal os comhair an Choiste Araíonachta, nó

(b) go ndiúltóidh duine ar bith, agus é i láthair mar fhinné os comhair an Choiste Araíonachta, mionn a thabhairt a cheanglóidh an Coiste Araíonachta air go dleathach a thabhairt, nó aon doiciméad faoina chumhacht nó ar a urláimh a thabhairt ar aird a cheanglóidh an Coiste Araíonachta air go dleathach a thabhairt ar aird nó don cheist a fhreagairt a cheanglóidh an Coiste Araíonachta air go dleathach a fhreagairt, nó

(c) go ndéanfaidh duine ar bith, agus é i láthair os comhair an Choiste Araíonachta, aon ní ba dhíspeagadh cúirte dá mba chúirt dlí an Coiste Araíonachta agus cumhacht chimithe aici i leith díspeagadh,

féadfar, le deimhniú faoi shíniú beirt chomhalta den Choiste Araíonachta, cion an duine sin a dheimhniú don Ard-Chúirt agus air sin féadfaidh an Ard-Chúirt fiosrúchán a dhéanamh i dtaobh an chiona líomhnaithe agus, tar éis aon fhinnéithe a thabharfar ar aird i gcoinne nó ar son an duine a bheidh cúisithe sa chion agus aon ráitis a thairgfear mar chosaint a éisteacht, an duine sin a phionósú nó bearta a dhéanamh chun é a phionosú amhail is dá mba i ndíspeagadh na hArd-Chúirte a bhí sé ciontach.

(3) Beidh teideal ag finné os comhair an Choiste Araíonachta chun na ndíolúintí agus na bpribhléidí céanna chun a mbeadh teideal aige dá mba fhinné os comhair na hArd-Chúirte é.

Rialacha i dtaobh nós imeachta maidir le hiarratais chun an Choiste Araíonachta.

16. —(1) Féadfaidh an Coiste Araíonachta, le comhthoiliú Uachtarán na hArd-Chúirte, rialacha (nach mbeidh ar neamhréir leis an Acht seo) a dhéanamh a rialóidh—

(a) déanamh iarratas chun an Choiste Araíonachta faoin Acht seo,

(b) imeachtaí an Choiste Araíonachta faoin Acht seo,

agus i gcoitinne, maidir le nós imeachta i ndáil leis na hábhair sin.

(2) Féadfaidh rialacha faoin alt seo foráil a dhéanamh go sonrach maidir le fadú na tréimhse chun aon mhionnscríbhinn nó doiciméad a thabhairt nó chun iarratas nó mionnscríbhinn a ghlacadh d'ainneoin aon neamhrialtachta ina fhoirm, i gcás inar dóigh leis an gCoiste Araíonachta gur ceart sin a dhéanamh.

Comhadú orduithe a dhéanfaidh an Ard-Chúirt nó an Coiste Araíonachta agus fógra i dtaobh orduithe áirithe a dhéanfaidh an Ard-Chúirt.

17. —(1) Déanfaidh an Coiste Araíonachta—

(a) cóip de gach ordú a dhéanfaidh an Ard-Chúirt faoin Acht seo, agus

(b) aon ordú a dhéanfaidh an Coiste Araíonachta faoi alt 9 den Acht seo,

a chomhadú leis an gcláraitheoir.

(2) I gcás ina ndéanfaidh an Ard-Chúirt ordú, faoi alt 8 den Acht seo nó faoin alt sin 8 arna chur i bhfeidhm le halt 11 den Acht seo, ag scriosadh ainm aturnae den rolla nó ag fionraí aturnae ó chleachtadh, cuirfidh an cláraitheoir faoi deara láithreach fógra ag insint éifeacht chuid oibritheach an ordaithe a fhoilsiú san Iris Oifigiúil agus cuirfidh faoi deara freisin an fógra a fhoilsiú i cibé slí eile a ordóidh an Coiste Araíonachta.

(3) Coimeádfaidh an cláraitheoir comhaid ar leithligh ina dtaifeadfar mar a leanas na horduithe go léir a dhéanfaidh an Ard-Chúirt nó an Coiste Araíonachta faoin Acht seo—

(a) ar chomhad ar a dtabharfar Comhad A, taifeadfar gach ordú ag scriosadh ainm aturnae den rolla nó ag fionraí aturnae ó chleachtadh a dhéanfaidh an Ard-Chúirt faoi alt 8 den Acht seo nó faoin alt sin 8 arna chur i bhfeidhm le halt 11 den Acht seo,

(b) ar chomhad ar a dtabharfar Comhad B, taifeadfar aon ordú eile a dhéanfaidh an Ard-Chúirt faoin Acht seo agus aon ordú a dhéanfaidh an Coiste Araíonachta faoi alt 9 den Acht seo.

(4) Tabharfaidh an cláraitheoir cóip de thaifead ar Chomhad A nó ar Chomhad B do dhuine a iarrfaidh i scríbhinn cóip den sórt sin.

(5) D'ainneoin fo-alt (4) den alt seo—

(a) i gcás ina n-iarrfar cóip de thaifead ar Chomhad A nó ar Chomhad B agus gur taifead faoi dháta is luaithe ná dhá bhliain roimh dháta an iarratais é, nó

(b) i gcás ina n-iarrfar cóip de thaifead ar Chomhad A nó ar Chomhad B agus gur taifead é ar ordaigh an Coiste Araíonachta nóta a chur isteach ina leith go mb'fhéidir éagóir a theacht as cóip de a thabhairt,

ní thabharfar cóip den taifead (ach amháin i gcás an chóip a thabhairt faoi ordú cúirte) gan cead i scríbhinn ón gCumann.

Feidhm na nAchtanna um Fhianaise Leabhar Baincéirí, 1879 agus 1959.

18. —Is imeacht dlí de réir bhrí na habairte “legal proceeding” mar a úsáidtear í sna hAchtanna um Fhianaise Leabhar Baincéirí, 1879 agus 1959, iarratas chun an Choiste Araíonachta nó fiosrúchán nó imeacht eile os a gcomhair.

CUID III

Urlámh ar Mhaoin Aturnae agus Cúiteamh do Chliaint i gCásanna Áirithe

Cumhacht an Chumainn chun déileáil le doiciméid de chuid aturnaetha áirithe.

19. —(1) I gcás inarb é tuairim an Chumainn go bhfuil aturnae nó cléireach nó seirbhíseach aturnae ciontach i mí-ionracas i ndáil le cleachtadh an aturnae sin mar aturnae nó i ndáil le haon iontaobhas arb iontaobhaí ina leith an t-aturnae sin, féadfaidh siad, trí fhógra, a cheangal go dtabharfar ar aird nó go seachadfar d'aon duine a cheapfaidh an Cumann gach doiciméad nó aon doiciméad, agus féadfaidh siad seilbh a ghlacadh ar gach doiciméad nó aon doiciméad, a bheidh i seilbh nó ar urláimh an aturnae sin nó a ghnólachta nó a bhainfidh le haon iontaobhas arb é an t-aturnae sin an t-iontaobhaí aonair ina leith nó arb iad na hiontaobhaithe ina leith an t-aturnae sin maraon le páirtí, cléireach nó seirbhíseach dá chuid nó maraon le nó níos mó ná duine amháin den sórt sin,

(2) Aon duine a mbeidh ina sheilbh nó ar a urláimh doiciméid a gceanglófar air faoin alt seo iad a thabhairt ar aird nó a sheachadadh agus a dhiúltóidh nó a mhainneoidh iad a thabhairt ar aird nó a sheachadadh de réir an cheanglais—

(a) beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air, agus

(b) féadfaidh an Cumann iarratas a dhéanamh chun na hArd-Chúirte agus féadfaidh an Chúirt sin, le hordú, a cheangal ar an duine sin na doiciméid a thabhairt ar aird nó a sheachadadh.

(3) I gcás ina nglacfaidh an Cumann seilbh ar dhoiciméid a thabharfar ar aird nó a sheachadfar faoi cheanglas faoin alt seo—

(a) seirbheálfaidh siad, ar an aturnae agus ar gach duine eile óna bhfuarthas na doiciméid, fógra ina mbeidh sonraí na ndoiciméad agus an dáta a glacadh seilbh orthu, agus

(b) má bhíonn aon chuid de na doiciméid grúpáilte le chéile mar dhoiciméid a bhaineann le hábhar áirithe, féadfar sonraí na ndoiciméad sin a thabhairt san fhógra tríd an ngrúpa agus an t-ábhar lena mbainfidh sé a lua.

(4) Féadfaidh aturnae nó duine eile, laistigh de cheithre lá dhéag tar éis fógra faoi fho-alt (3) den alt seo a sheirbheáil air, ordú a iarraidh ar an Ard-Chúirt á ordú don Chumann na doiciméid a fuair an Cumann a thabhairt ar ais don duine nó do na daoine óna bhfuarthas iad nó do cibé duine nó daoine eile a luafaidh an t-iarratasóir agus féadfaidh an Ard-Chúirt an t-ordú sin a dhéanamh nó cibé ordú is oiriúnach leis an Ard-Chúirt.

(5) (a) Mura ndéantar iarratas de réir fho-alt (4) den alt seo nó má ordaíonn an Ard-Chúirt, ar an iarratas sin a fháil, go bhfanfaidh na doiciméid i gcoimeád nó ar urláimh an Chumainn, féadfaidh an Cumann fiosruithe a dhéanamh féachaint cén duine ar leis nó cé na daoine ar leo na doiciméid agus féadfaidh siad déileáil leis na doiciméid mar a ordóidh an duine nó na daoine sin.

(b) Chun críocha mhír (a) den fho-alt seo, beidh éifeacht ag na forálacha atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

Rialú cuntas bainc aturnaetha.

20. —(1) I gcás inarb é tuairim an Chumainn go bhfuil aturnae, nó cléireach nó seirbhíseach aturnae ciontach i mí-ionracas i ndáil le cleachtadh an aturnae sin mar aturnae nó i ndáil le haon iontaobhas arb iontaobhaí ina leith an t-aturnae sin, féadfaidh siad iarratas a dhéanamh chun na hArd-Chúirte, agus féadfaidh an Ard-Chúirt ordú a dhéanamh á ordú—

(a) nach ndéanfaidh aon chuideachta baincéireachta, gan cead ón Ard-Chúirt, aon íocaíocht as cuntas bainc in ainm an aturnae nó a ghnólachta, nó

(b) nach ndéanfaidh cuideachta baincéireachta shonraithe, gan cead ón Ard-Chúirt, aon íocaíocht as cuntas bainc a bheidh á choimeád ag an gcuideachta sin in ainm an aturnae nó a ghnólachta.

(2) Beidh cumhacht ag an Ard-Chúirt iarratas ar ordú faoi fho-alt (1) den alt seo a éisteacht in camera.

(3) I gcás ina ndéanfaidh an Ard-Chúirt ordú faoi fho-alt (1) den alt seo maidir le haturnae, féadfaidh an Ard-Chúirt a ordú san am céanna go mbeidh a dheimhniú cleachta ar fionraí go dtí n-éagfaidh an deimhniú.

(4) Má ghníomhaíonn aon duine mar ghníomhaire nó ainmní d'aturnae nó dá ghnólacht ar chuma a dhéanfadh neamhbhríoch ordú a rinne an Ard-Chúirt faoi fho-alt (1) den alt seo, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air.

Cúiteamh i gcaillteanas mar gheall ar mhí-ionracas aturnae nó cléirigh nó seirbhísigh aturnae.

21. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “an Ciste” an Ciste Cúitimh;

ciallaíonn “deontas” deontas faoi fho-alt (4) den alt seo.

(2) Leanfaidh an Cumann den Chiste a chothabháil.

(3) Cothabhálfar agus riarfar an Ciste de réir fhorálacha an Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

(4) I gcás ina gcruthófar chun sástachta an Chumainn gur bhain caillteanas do dhuine ar bith de dhroim mí-ionracas ó thaobh aturnae nó aon chléirigh nó seirbhísigh aturnae i ndáil le cleachtadh an aturnae sin mar aturnae nó i ndáil le haon iontaobhas arb iontaobhaí ina leith an t-aturnae sin, ansin, faoi réir fhorálacha an ailt seo, tabharfaidh an Cumann deontas as an gCiste don duine sin, agus is é méid a bheidh sa deontas méid is comhionann, i dtuairim an Chumainn, le lánslánaíocht sa chaillteanas sin.

(5) Beidh de rogha ag an gCumann deontas a thabhairt nó diúltú deontas a thabhairt—

(a) i gcás nach raibh deimhniú cleachta ag an aturnae a bhí i bhfeidhm an tráth a tharla, i dtuairim an Chumainn, an caillteanas,

(b) i gcás inarb é tuairim an Chumainn go ndearna an t-éilitheoir faillí, nó go ndearna duine éigin a raibh sé freagrach ina leith faillí, a bhí ar cheann de na cúiseanna leis an gcaillteanas a bheidh i gceist, agus

(c) i gcás inarb é tuairim an Chumainn gur chabhraigh an t-éilitheoir go gníomhach, trína iompar féin, le mí-iompar an aturnae

agus, má chinneann an Cumann deontas a thabhairt in aon chás den sórt sin, beidh de rogha acu gan ach deontas teoranta a thabhairt.

(6) Féadfar deontas a thabhairt d'ainneoin gur tharla, tar éis an ghnímh mhí-ionracais, go bhfuair an t-aturnae bás, gur baineadh nó gur scriosadh a ainm den rolla, gur scoir sé de bheith ag cleachtadh, gur fionraíodh ó chleachtadh é nó gur fionraíodh a dheimhniú cleachta.

(7) Ní thabharfar aon deontas i leith caillteanas a slánaíodh ar shlí eile.

(8) (a) Ar aon deontas a thabhairt d'aon duine (dá ngairtear an deontaí san fho-alt seo) i leith aon chaillteanais—

(i) beidh seachaíocht ag an gCumann, go dtí méid an deontais—

(I) maidir le haon chearta nó leigheasanna a raibh teideal chucu ag an deontaí, mar gheall ar an gcaillteanas, i gcoinne an aturnae nó aon duine eile nó i gcoinne eastát an aturnae sin nó an duine eile sin,

(II) maidir le haon chearta nó leigheasanna a raibh teideal chucu ag an aturnae, nó ag a chléireach nó ag a sheirbhíseach, mar gheall ar an gcaillteanas, i gcoinne aon duine eile nó i gcoinne eastát an duine eile sin,

(III) maidir le gach ceart agus leigheas eile (más ann) de chuid an deontaí nó an aturnae, an chléirigh nó an tseirbhísigh sin, i leith an chaillteanais,

(ii) ní bheidh ag an deontaí, ná ag a ionadaí, ceart ar bith, faoi imeachtaí féimheachta ná imeachtaí dlíthiúla eile ná ar aon slí eile, chun aon suim a fháil as sócmhainní an aturnae, an chléirigh nó an tseirbhísigh i leith an chaillteanais go dtí go mbeidh méid iomlán an deontais aisíoctha leis an gCumann.

(b) Na tagairtí atá i mír (a) den fho-alt seo don deontaí nó don aturnae, don chléireach nó don seirbhíseach, folaíonn siad, i gcás é d'fháil bháis, d'éirí dócmhainneach nó a theacht faoi dhícháilíocht eile, tagairtí dá ionadaí pearsanta nó d'aon duine eile ag a mbeidh údarás a eastát a riaradh.

(9) Ní thabharfar deontas ar bith mura bhfaighidh an Cumann fógra i dtaobh an chaillteanais—

(a) sa tslí ordaithe, agus

(b) laistigh den tréimhse ordaithe tar éis don chailliúnaí fios a fháil ar an gcaillteanas.

(10) Féadfaidh an Cumann, chun críocha fiosrú i dtaobh don ábhair a dhéanfadh difir maidir le deontas a thabhairt nó a dhiúltú, fianaise a ghlacadh faoi mhionn, agus údaraítear leis seo daoine a chur faoin mionn sin.

(11) (a) Féadfar, mar is rogha leis an gCumann, deontas a íoc in aon suim amháin nó i cibé tráthchodanna a chinnfidh an Cumann.

 (b) Féadfaidh an Cumann, más é a dtuairim gur gá sin ar mhaithe le cobhsaíocht airgeadais an Chiste, íoc aon deontais is iníoctha in aon suim amháin, nó íoc aon tráthchoda de dheontas, a chur siar.

Ranníocaí isteach sa Chiste Cúitimh ó aturnaetha.

22. —(1) San alt seo ciallaíonn “an Ciste” an Ciste Cúitimh.

(2) Sula n-eiseofar deimhniú cleachta chun aturnae in aghaidh na bliana cleachta dar críoch an 5ú lá d'Eanáir, 1962, nó aon bhliana cleachta dá éis sin, íocfaidh sé leis an gCumann cibé ranníoc bliantúil chun an Chiste is iomchuí de réir na bhfo-alt ina dhiaidh seo den alt seo agus féadfaidh an cláraitheoir eisiúint an deimhnithe a choimeád siar nó go ndéanfar an íocaíocht.

(3) Faoi réir fho-alt (4) den alt seo, is é an ranníoc bliantúil chun an Chiste is iníoctha ag aturnae faoi fho-alt (2) den alt seo—

(a) i gcás an deimhniú cleachta ar ina leith a íocfar é a eisiúint chuige laistigh de thrí bliana dar tosach lá a ghlactha—cúig phunt, agus

(b) in aon chás eile—fiche punt.

(4) (a) Aon tráth aon bhliain chleachta—

(i) arb í an chéad bhliain chleachta í díreach i ndiaidh na bliana ar ag a deireadh a tharlóidh, den chéad uair, gur mó ná £25,000 an méid iomlán a bheidh chun creidiúna an Chiste (lena n-áirítear luach na n-infheistíochtaí go léir is cuid den Chiste ach tar éis gach dliteanas neamhoctha a asbhaint), nó

(ii) arb aon bhliain chleachta dá éis sin í,

féadfaidh an Cumann, más oiriúnach leo, a chinneadh go ndéanfaidh gach aturnae a thógfaidh amach deimhniú cleachta in aghaidh na bliana cleachta díreach dá éis sin (nach deimhniú a eiseofar chuige laistigh den tréimhse trí bliana dar tosach lá a ghlactha) cibé méid os cionn nó faoi bhun fiche punt a shocróidh an Cumann a íoc leis an gCumann mar ranníoc bliantúil is iníoctha faoi fho-alt (2) den alt seo i gcás na bliana sin.

(b) Ag feidhmiú na gcumhachtaí dóibh a thugtar leis an mír sin roimhe seo, beidh aird ag an gCumann ar an bprionsabal a dhlíonn go gcoimeádfar £25,000 san iomlán chun creidiúna an Chiste (lena n-áirítear luach na n-infheistíochtaí go léir is cuid den Chiste ach tar éis gach dliteanas neamhíoctha a asbhaint).

Comhshocraíochtaí le Dlí-Chumann Corpraithe Thuaisceart Éireann.

23. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “an cumann comhréire” Dlí-Chumann Corpraithe Thuaisceart Éireann,

ciallaíonn “deimhniú comhréire” deimhniú a d'eisigh an cumann comhréire agus atá ar comhréir le deimhniú cleachta,

ciallaíonn “cleachtóirí comhréire” daoine ag a bhfuil deimhnithe comhréire.

(2) I gcás ina gceanglaíonn scéim a oibríonn an cumann comhréire ar chleachtóirí comhréire atá faoi rialú an chumainn sin ranníoc a dhéanamh le haon chiste nó polasaí árachais, nó aon pholasaí árachais a thógáil amach, chun cúiteamh nó slánaíocht a thabhairt do chliaint i leith nó i gcoinne caillteanais de dheasca na cleachtóirí sin, a gcléirigh nó a seirbhísigh, do dhéanamh cúblála, féadfaidh an Cumann comhshocraíochtaí agus comhaontuithe a dhéanamh leis an gcumann comhréire maidir le daoine a bhfuil teideal acu deimhnithe cleachta maraon le deimhnithe comhréire a thógáil amach, agus féadfar le haon chomhshocraíocht nó comhaontú den sórt sin foráil a dhéanamh—

(a) chun go n-íocfaidh gach duine acu sin an t-aon chomhranníoc bliantúil amháin agus i dtaobh an mhodha ar a n-úsáidfear an comhranníoc chun críocha an Chiste Cúitimh agus chun críocha aon chiste nó polasaí árachais a bheidh á chothabháil chun críocha na scéime sin,

(b) i dtaobh an mhodha ar a ndéileálfar le héilimh i leith cúblála ag aon duine acu sin, nó ag a chléireach nó a sheirbhíseach, agus an méid, más aon mhéid é, de na héilimh sin a íocfaidh an Cumann agus an cumann comhréire faoi seach,

(c) i dtaobh aon nithe iarmartacha nó teagmhasacha.

Rialacháin chun críocha Chuid III.

24. —Féadfaidh rialacháin a dhéanfar le comhthoiliú Uachtarán na hArd-Chúirte—

(a) foráil a dhéanamh i dtaobh an nós imeachta (seachas nós imeachta cúirte) is inleanta chun éifeacht a thabhairt d'fhorálacha na Coda seo den Acht seo agus an Dara Sceideal agus an Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo,

(b) forálacha a dhéanamh a bheidh fo-ghabhálach le forálacha na Coda seo den Acht seo agus an Dara Sceideal agus an Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo nó forlíontach orthu,

(c) forálacha a dhéanamh a thabharfaidh éifeacht d'aon chomhshocraíocht nó comhaontú a dhéanfar de bhun alt 23 den Acht seo nó a bheidh fo-ghabhálach leis sin nó forlíontach air.

CUID IV

Ilghnéitheach

Feidhmeanna áirithe de chuid an Phríomh-Bhreithimh faoin bPríomh-Acht a aistriú chun Uachtarán na hArd-Chúirte, agus rialacha cúirte maidir le feidhmiú na bhfeidhmeanna sin.

25. —(1) Déantar leis seo feidhmeanna an Phríomh-Bhreithimh faoi aon cheann d'fhorálacha (seachas fo-alt (3) d'alt 14) den Phríomh-Acht a aistriú chun Uachtarán na hArd-Chúirte, agus forléireofar dá réir sin tagairtí sna forálacha sin don Phríomh-Bhreitheamh.

(2) (a) Féadfaidh Coiste Rialacha na nUaschúirteanna rialacha a dhéanamh le haghaidh éisteacht iarratas agus achomharc ag Uachtarán na hArd-Chúirte faoin bPríomh-Acht, arna leasú le fo-alt (1) den alt seo agus i gcoitinne maidir le nós imeachta i ndáil leis na hábhair sin.

(b) Féadfaidh cibé forálacha maidir le costais is cuí le hUachtarán na hArd-Chúirte a bheith in ordú a dhéanfar de dhroim aon iarratais nó achomhairc chun Uachtarán na hArd-Chúirte faoin bPríomh-Acht, arna leasú le fo-alt (1) den alt seo.

Alt 49 den Phríomh-Acht a leasú.

26. —Cuirfear na míreanna seo a leanas in ionad mhír (l) d'fho-alt (1) d'alt 49 den Phríomh-Acht:

“(l) é do mhainniú déanamh de réir ordú ón Ard-Chúirt,

(m) é do mhainniú déanamh de réir rialachán a rinneadh faoi alt 66 nó 71 den Acht seo.”

Alt 73 den Phríomh-Acht a leasú.

27. —Cuirfear na fo-ailt seo a leanas le halt 73 den Phríomh-Acht:

“(6) Féadfaidh comhalta de choiste faoin alt seo éirí as a oifig trí lítir a chuirfear leis an bpost cláraithe go dtí an Chomhairle agus beidh éifeacht ag an éirí as ar an dáta a sheachadfar an litir.

(7) Féadfaidh an Chomhairle comhalta de choiste faoin alt seo a chur den choiste sin, féadfaidh siad folúntas sa choiste sin a líonadh agus féadfaidh siad an líon daoine ar an gcoiste sin a mhéadú nó a laghdú.

(8) Féadfaidh coiste faoin alt seo gníomhú d'ainneoin folúntas nó folúntais ina gcomhaltas.

(9) Féadfaidh comhalta de choiste faoin alt seo, ba chomhalta den Chomhairle ar dháta a cheaptha, gníom hú ar an gcoiste d'ainneoin é a bheith tar éis scor de bheith ina chomhalta den Chomhairle agus, chun críocha mhír (a) nó mhír (b) (i gcás inarb iomchuí sin) d'fho-alt (3) den alt seo, measfar gur comhalta den Chomhairle é.”

An Séú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht a leasú.

28. —I mír 8 den Séú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht, déanfar an tagairt d'alt 21 (a aisghairtear leis an Acht seo) den Phríomh-Acht a fhorléiriú mar thagairt d'alt 17 den Acht seo.

Pionós mar gheall ar fhianaise bhréagach, etc.

29. —Aon duine a thabharfaidh, go toiliúil éillitheach, fianaise bhréagach, nó a mhionnóidh go toiliúil éillitheach aon ní bréagach, agus é faoi scrúdú faoi mhionn a údaraítear faoin Acht seo nó faoin bPríomh-Acht, nó in aon mhionnscríbhinn i leith nó i dtaobh aon ábhair a éireoidh faoin Acht seo nó faoin bPríomh-Acht, dlífear, ar é a chiontú ann, na pionóis mar gheall ar mhionnú ithigh go toiliúil éillitheach a chur air.

Sirboheáil deiciméad.

30. —I gcás ina gceanglaítear nó ina n-údaraítear leis an bPríomh-Acht nó faoi nó leis an Acht seo nó faoi nó le haon rialacháin nó faoi aon rialacháin arna ndéanamh faoin gcéanna a sheirbhéail ar aon duine, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas maidir le seirbheáil an doiciméid sin—

(a) féadfar é a sheirbheáil—

(i) trína sheachadadh don duine sin, nó

(ii) trína chur leis an bpost cláraithe i gclúdach faoi sheoladh an duine sin go dtí an áit ghnó nó chónaithe is déanaí is eol a bheith aige sa Stát nó, más aturnae é, go dtí an seoladh is déanaí i gclár na n-aturnaetha cleachtacha,

(b) má tá an duine sin lasmuigh den Stát nó mura feasach, agus nach féidir a fhios a fháil ó fhiosruithe réasúnacha, cá bhfuil sé, nó má cuireadh ar ais gan a sheachadadh an fógra nó an doiciméad tar éis é a chur leis an bpost cláraithe mar a shonraítear i bhfomhír (ii) de mhír (a) den fho-alt seo, féadfaidh an Ard-Chúirt cibé ordú a dhéanamh a mheasfar a bheith cóir le haghaidh seirbheála ionadaí nó seirbheála eile, nó le haghaidh fógra a thabhairt, trí fhógrán nó eile, in ionad seirbheáil a dhéanamh.

Forálacha maidir le deimhnithe cuntasóirí.

31. —(1) Uair amháin gach bliain chleachta, déanfaidh gach aturnae lena mbaineann forálacha na Rialachán um Chuntais Aturnaetha, mura sásóidh sé an Cumann nach gá, mar gheall ar imthoscaí a cháis, sin a dhéanamh, deimhniú a bheidh sínithe ag cuntasóir (dá ngairtear deimhniú cuntasóra san alt seo) a sheachadadh don chláraitheoir agus ina n-inseofar—

(a) gur scrúdaigh an cuntasóir, i gcomhlíonadh an ailt seo agus aon rialachán faoin alt seo, leabhair, cuntais agus doiciméid an aturnae nó a ghnólachta in aghaidh cibé tréimhse cuntasaíochta a shonrófar sa deimhniú,

(b) cibé acu atá nó nach bhfuil an cuntasóir sásta, ón scrúdú a rinne sé ar na leabhair, na cuntais agus na doiciméid a tugadh ar aird dó agus ón eolas agus na mínithe a tugadh dó, gur chomhlíon an t-aturnae nó a ghnólacht i gcaitheamh na tréimhse cuntasaíochta sin na Rialacháin um Chuntais Aturnaetha, agus

(c) mura mbeidh an cuntasóir sásta mar a dúradh, na hábhair nach bhfuil sé sásta amhlaidh ina dtaobh.

(2) Déanfaidh an Cumann, le comhthoiliú Uachtarán na hArd-Chúirte, rialacháin (dá ngairtear na Rialacháin um Dheimhniú Cuntasóra san alt seo) ina n-ordófar—

(a) na cáilíochtaí nach mór a bheith ag cuntasóir a fhéadfaidh deimhniú cuntasóra a thabhairt,

(b) sórt agus réim an scrúdaithe a bheidh le déanamh ag an gcuntasóir ar leabhair agus cuntais aturnae nó a ghnólachta agus ar aon doiciméid iomchuí eile faoi chomhair deimhniú a shíniú a bheidh le seachadadh ag an aturnae faoin alt seo,

(c) foirm dheimhniú an chuntasóra, agus

(d) an fhianaise, más aon fhianaise é, a shásóidh an Cumann nach gá deimhniú cuntasóra a sheachadadh agus na cásanna inar gá nó nach gá an fhianaise sin.

(3) Féadfaidh foráil a bheith sna Rialacháin um Dheimhniú Cuntasóra—

(a) ag ceadú, i cibé imthoscaí speisialta a mhíneofar sna rialacháin, tréimhse cuntasaíochta seachas an ceann a shonraítear i bhfo-alt (4) den alt seo, agus

(b) ag rialáil aon ábhar maidir le nós imeachta nó ábhar a bheidh fo-ghabhálach nó teagmhasach le forálacha an ailt seo nó forlíontach orthu.

(4) Faoi réir na Rialachán um Dheimhniú Cuntasóra, maidir le tréimhse chuntasaíochta chun críocha deimhniú cuntasóra—

(a) tosóidh sí ar dheireadh a bheith leis an tréimhse chuntasaíochta deiridh roimhe sin ar seachadadh deimhniú cuntasóra ina haghaidh,

(b) is tréimhse dhá mhí dhéag ar a laghad a bheidh inti,

(c) críochnóidh sí dhá mhí dhéag ar a mhéid, nó cibé tréimhse is giorra ná sin a ordóidh na Rialacháin um Dheimhniú Cuntasóra, roimh an dáta a sheachadfar an deimhniú don chláraitheoir, agus

(d) beidh sí más féidir sin, i gcomhréir leis na míreanna sin roimhe seo, comhionann le tréimhse nó tréimhsí comhleanúnacha dá n-ullmhaítear de ghnáth cuntais an aturnae nó a ghnólachta.

(5) Beidh deimhniú faoi láimh an chláraitheora ina fhianaise, nó go gcruthaítear a mhalairt, go bhfuil nó, de réir mar a bheidh, nach bhfuil, aturnae tar éis deimhniú cuntasóra a sheachadadh don chláraitheoir nó aon fhianaise a thabhairt is gá faoin alt seo nó faoi na Rialacháin um Dheimhniú Cuntasóra.

(6) Sula n-eiseofar deimhniú cleachta chun aturnae, comhlíonfaidh sé forálacha an ailt seo agus na Rialachán um Dheimhniú Cuntasóra agus féadfaidh an cláraitheoir eisiúint an deimhnithe chleachta a choimeád siar nó go seachadfaidh an t-aturnae dó deimhniú cuntasóra in aghaidh na tréimhse cuntasaíochta deiridh roimhe sin á rá gur chomhlíon an t-aturnae na Rialacháin um Chuntais Aturnaetha i gcaitheamh na tréimhse sin.

Forálacha maidir le cuntais áirithe a bheidh ag aturnae i mbanc.

32. —(1) Más rud é—

(a) go mbreithneofar aturnae ina fhéimheach nó go ndéanfaidh sé imshocraíocht lena chreidiúnaithe nó gníomhas comhshocraíochta chun tairbhe a chreidiúnaithe nó go bhfaighidh sé bás agus é dócmhainneach, agus

(b) go mbeidh an tsuim a bheidh chun creidiúna an chuntais chliaint a bheidh á choimeád ag an aturnae i mbanc de réir rialachán faoi alt 66 den Phríomh-Acht, nó, i gcás dhá chuntas nó níos mó den sórt sin a bheith á gcoimeád ag an aturnae, iomlán na suimeanna a bheidh chun creidiúna na gcuntas sin, níos lú ná iomlán na suimeanna a fuair an t-aturnae i gcúrsa a chleachta thar ceann a chliant agus a bheidh fós dlite uaidh dóibh,

ansin, d'ainneoin aon riail dlí contrártha dó sin, beidh an tsuim a bheidh chun creidiúna an chuntais chliaint sin, nó, i gcás dhá chuntas cliaint nó níos mó a bheith á gcoimeád ag an aturnae, iomlán na suimeanna a bheidh chun creidiúna na gcuntas sin, inroinnte go comhréireach ar chliaint an aturnae de réir na suimeanna faoi seach a fuair an t-aturnae i gcúrsa a chleachta thar ceann a chliant agus a bheidh fós dlite uaidh dóibh.

(2) Chun críocha an ailt seo ní chuirfear san áireamh—

(a) aon chuntas i mbanc a bheidh á choimeád ag an aturnae ina ainm féin do chliant sonraithe,

(b) suimeanna a fuair an t-aturnae i gcúrsa a chleachta thar ceann an chliaint sin agus a bheidh fós dlite uaidh don chliant a mhéid is ionann sin agus an tsuim a bheidh sa chuntas bainc in ainm an aturnae don chliant,

(c) aon chuntas i mbanc a bheidh á choimeád ag an aturnae ina ainm féin le haghaidh airgid aon iontaobhais arb é an t-aturnae an t-iontaobhaí aonair ina leith nó arb iad na iontaobhaithe ina leith an t-aturnae maraon le páirtí, cléireach nó seirbhíseach dá chuid nó maraon le níos mó ná duine amháin den sórt sin, nó

(d) suimeanna a fuair an t-aturnae i gcúrsa a chleachta thar ceann an iontaobhais sin agus a bheidh fós dlite uaidh don iontaobhas a mhéid is ionann sin agus an tsuim a bheidh sa chuntas bainc in ainm an aturnae don iontaobhas.

(3) I gcás ina ndéanfaidh an Ard-Chúirt an Sannaí Oifigiúil i bhFéimheacht a cheapadh mar iontaobhaí faoi alt 25 den Trustee Act, 1893, i leith aon chuntais nó cuntas a bheidh á choimeád nó á gcoimeád ag aturnae i mbanc de réir rialachán faoi alt 68 den Phríomh-Acht, beidh na táillí cúirte sin is iníoctha ar chuntas réadaithe ag an Sannaí Oifigiúil in ábhar féimheachta iníoctha san Oifig Féimheachta.

(4) Chun críocha an ailt seo folóidh aon tagairt do chuntas i mbanc tagairt d'admháil ar thaisce i mbanc.

Comhaltaí urghnácha breise den Chomhairle.

33. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “an Chairt” an Chairt Ríoga dar dáta an 5ú lá d'Aibreán, 1852, trínar corpraíodh Dlí-Chumann Corpraithe na hÉireann faoin ainm “the Incorporated Society of Attorneys and Solicitors of Ireland”;

ciallaíonn “an Chairt Fhorlíontach” an Chairt Ríoga dar dáta an 14ú lá de Nollaig, 1888, trína ndearnadh téarmaí na Cairte a leasú agus a leathnú.

(2) D'ainneoin aon ní atá sa Chairt Fhorlíontach, féadfaidh an Chomhairle aon aturnae a cheapadh mar chomhalta urghnách breise den Chomhairle a shealbhóidh, tráth a cheaptha, oifig mar Uachtarán ar Chomhairle Chomhlachas Barra Aturnaetha Bhaile Átha Cliath nó mar chomhalta den Chomhairle sin.

(3) Ní bheidh níos mó ná triúr comhalta urghnácha breise ann aon tráth.

(4) Beidh gach comhalta urghnách breise i seilbh oifige in aghaidh na tréimhse a bheidh gnáth-chomhaltaí na Comhairle, a shealbhóidh oifig an tráth a cheapfar an comhalta urghnách breise sin, i seilbh oifige.

(5) Beidh ag comhaltaí urghnácha breise i gcaitheamh a dtéarmaí oifige na cumhachtaí agus na dualgais chéanna a thugtar leis an gCairt agus leis an gCairt Fhorlíontach do ghnáthchomhaltaí na Comhairle, ach amháin nach mbeidh aon chomhalta urghnách breise cáilithe chun bheith ina Uachtarán ná ina Leas-Uachtarán ar an gComhairle.

AN CHÉAD SCEIDEAL

Forálacha den Phríomh-Acht a Aisghairtear

Alt 5 (1).

Cuid I

Forálacha a Aisghairtear go hIomlán

Forálacha den Phríomh-Acht

Méid na hAisghairme

(1)

(2)

Fo-alt (1) d'alt 3.

An míniú ar “an Coiste Araíonachta”.

Fo-alt (4) d'alt 3.

Na focail “den Chúirt Uachtarach nó”.

Fo-alt (1) d'alt 6.

Na focail “den Chúirt Uachtarach nó”.

Alt 13.

An t-alt iomlán.

Alt 14.

Fo-ailt (1) agus (2).

Ailt 15 go 23.

Iomlán gach ailt díobh.

Fo-alt (1) d'alt 49.

Míreanna (b), (c) agus (l).

Fo-alt (1) d'alt 66.

Mír (f).

Alt 70.

An t-alt iomlán.

Alt 80.

An t-alt iomlán.

Alt 83.

An t-alt iomlán.

Cuid II

Forálacha a Aisghairtear maille le Cosaint

Alt 5 (2).

Forálacha den Phríomh-Acht

Méid na hAisghairme

(1)

(2)

Alt 69.

An t-alt iomlán.

An Cúigiú Sceideal.

An Sceideal go léir.

AN DARA SCEIDEAL

Forálacha ag a bhfuil Éifeacht chun Críocha Ailt 8 (2) (a) agus 19 (5) (a) den Acht seo

Ailt 8 (2) (b) agus 19 (5) (b).

Beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas chun críocha na bhforálacha seo a leanas den Acht seo, eadhon, mír (a) d'fho-alt (2) d'alt 8 agus mír (a) d'fho-alt (5) d'alt 19—

(a) féadfaidh an Cumann, ar iad d'fháil iarratais doiciméid a sheachadadh ó dhuine a bheidh á éileamh go bhfuil teideal aige na doiciméid sin a bheith ina sheilbh nó faoina choimeád—

(i) éileamh an duine sin ar sheilbh nó coimeád na ndoiciméad sin a fhiosrú, nó

(ii) a cheangal ar an duine sin aturnae a ainmniú chun seachadadh na ndoiciméad a ghlacadh thar a cheann,

(b) ní bheidh de cheangal ar an gCumann fiosrú a dhéanamh i dtaobh éilimh aon duine a iarrfaidh go seachadfar doiciméid a bheidh i seilbh an Chumainn ná na doiciméid sin a chur ar sceideal nó ar liosta ach amháin ar chostas an duine sin, agus beidh íoc cibé suime a iarrfaidh an Cumann mar éarlais i leith costas agus caiteachas an fhiosraithe nó an churtha ar sceideal nó ar liosta ina choinníoll nach foláir a chomhlíonadh sula rachaidh an Cumann i mbun an fhiosraithe nó sula seachadfaidh siad na doiciméid sin don duine sin.

(c) féadfaidh an Cumann nó an duine a thabharfaidh éarlais mar a dúradh a cheangal, tar éis an t-éileamh a fhiosrú, go ndéanfar na costais agus na caiteachais lena mbainfidh an éarlais a fhómhas ag Máistir Fómhais don Ard-Chúirt (faoi réir achomhairc chun na hArd-Chúirte), agus beidh an tsuim a chinnfear san fhómhas sin a bheith dlite, tar éis na creidiúintí córa uile a cheadú, ina fiach conartha shimplí ar an duine sin ag an gCumann nó ar an gCumann ag an duine sin (de réir mar a bheidh) agus féadfar í a ghnóthú in aon chúirt dlínse inniúla,

(d) más rud é, in ionad fiosrú a dhéanamh i dtaobh éileamh duine a iarrfaidh go seachadfar doiciméid, go gceanglóidh an Cumann ar an duine sin aturnae a ainmiú chun seachadadh na ndoiciméad sin a ghlacadh thar a cheann, féadfaidh an Cumann na doiciméid a choimeád go dtí go ndéanfar an t-ainmniú go cuí,

(e) ar aturnae a ainmniú chun seachadadh doiciméad a ghlacadh, féadfaidh an Cumann na doiciméid a sheachadadh don aturnae mar mhalairt—

(i) ar admháil i leith na ndoiciméad,

(ii) ar dhearbhú reachtúil ón aturnae go bhfuil, de réir mar is fearr is eol dó agus mar a chreideann sé, teideal dleachtach chun na doiciméid sin a bheith ina sheilbh ag an duine ar ar a ainmniú atá sé ag gníomhú agus nach bhfuil aon teideal tosaíochta chun na ndoiciméad sin ná aon éileamh orthu i bhfoirm morgáiste, muirir, liain ná eile ag aon duine eile,

(iii) ar dhearbhú reachtúil sa chéill chéanna ón duine a bheidh á iarraidh go seachadfar na doiciméid, agus

(iv) ar ghealltanas ón aturnae na doiciméid a thabhairt ar ais don Chumann má fhaightear amach, le linn na doiciméid a bheith ina sheilbh, nach raibh an teideal sin ag a chliant ar dháta an dearbhaithe,

agus is urscaoileadh iomlán don Chumann ar na doiciméid an admháil, na dearbhuithe agus an gealltanas sin,

(f) ní bheidh aon ábhar caingne ná éileamh i gcoinne an Chumainn ag duine ar bith a éileoidh teideal a bheith aige chun doiciméad nó chun aon mhaoine lena mbainfidh siad, nó chun aon mhorgáiste, muirir nó liain i leith na ndoiciméad nó na maoine sin mar gheall ar aon chaillteanas nó díobháil a tharla toisc an Cumann do ghlacadh seilbhe ar na doiciméid nó toisc an Cumann do sheachadadh na ndoiciméad de réir an Sceidil seo,

(g) beidh lian ag an gCumann ar dhoiciméid i leith na gcostas agus na gcaiteachas go léir faoin rachaidh an Cumann, má théann, i ndáil leis na doiciméid sin (lena n-áirítear, más iomchuí, na costais agus na caiteachais a bhainfidh le fiosrú éilimh ó aon duine a éileoidh teideal a bheith aige chun na ndoiciméad sin).

AN TRIU SCEIDEAL

Forálacha Maidir leis an gCiste Cúitimh

Alt 21.

1. Sa Sceideal seo ciallaíonn “an Ciste” an Ciste Cúitimh.

2. Féadfaidh an Cumann airgead de chuid an Chiste a infheistiú in urrúis a bhfuil iontaobhaithe údaraithe le dlí cistí iontaobhais a infheistiú iontu.

3. Féadfaidh an Cumann airgead a thógáil ar iasacht le haghaidh an Chiste agus, chun urrús a thabhairt i leith na hiasachta sin, infheistíochtaí de chuid an Chiste a chur faoi mhuirear.

4. Féadfaidh an Cumann dul faoi árachas i gcoinne aon fhiontair a bhainfidh leis an gCiste.

5. Íocfar isteach sa Chiste—

(a) na ranníocaí bliantúla agus na ranníocaí breise go léir a íocfar leis an gCumann faoi alt 22 den Acht seo,

(b) an t-ús, na díbhinní agus an t-ioncam eile go léir agus an biseach go léir ar chaipiteal de thairbhe an Ciste nó aon chuid de a infheistiú,

(c) an fáltas as aon infheistíochtaí de chuid an Chiste a réadú,

(d) an t-airgead go léir a thógfar ar iasacht chun críocha an Chiste,

(e) an t-airgead go léir a gheobhaidh an Cumann faoi aon árachas faoina rachaidh an Cumann faoi mhír 4 den Sceideal seo,

(f) na pionóis go léir a ghnóthóidh an Cumann faoi fho-alt (3) d'alt 8 den Acht seo,

(g) an t-airgead go léir a gheobhaidh an Cumann faoi fho-alt (8) d'alt 21 den Acht seo,

(h) aon airgead eile de chuid an Chiste nó a fhaibhreoidh chun an Chiste nó a gheobhaidh an Cumann maidir leis an gCiste.

6. Íocfar amach as an gCiste—

(a) costais, muirir agus caiteachais faoina rachfar ag cothabháil, ag cosaint, ag riaradh agus ag úsáid an Chiste.

(b) préimheanna aon árachais faoina rachaidh an Cumann faoi mhír 4 den Sceideal seo,

(c) aisíocaíochtaí i leith airgead a thóg an Cumann ar iasacht don Chiste agus íocaíochtaí úis ar airgead den sórt sin,

(d) aon íocaíochtaí deontais a dhéanfaidh an Cumann faoi alt 21 den Acht seo,

(e) costais, muirir agus caiteachais faoina rachaidh an Cumann faoi Chuid III den Acht seo nó faoin Sceideal seo,

(f) costais, muirir agus caiteachais faoina rachaidh an Cumann ag cur iallach na Rialacháin um Chuntais Aturnaetha a chomhlíonadh agus ag fáil amach cé acu atá nó nach bhfuil na Rialacháin sin comhlíonta,

(g) suimeanna eile is iníoctha go cuí as an gCiste.