15 1962


Uimhir 15 de 1962.


AN tACHT AIRGEADAIS, 1962.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO MHUIREARÚ AGUS D'FHORCHUR DLEACHTANNA ÁIRITHE CUSTAM AGUS IONCAIM INTÍRE (LENA nÁIRÍTEAR MÁL), DO LEASÚ AN DLÍ A BHAINEANN LE CUSTAIM AGUS IONCAM INTÍRE (LENA nÁIRÍTEAR MÁL) AGUS DO DHÉANAMH TUILLEADH FORÁLACHA I dTAOBH AIRGEADAIS. [25 Iúil, 1962.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

CUID I.

Cáin ioncaim.

Cáin ioncaim agus forcháin don bhliain 1962-63.

1. —(1) Déanfar cáin ioncaim don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1962, a mhuirearú de réir sé scilling agus ceithre phingin sa phunt.

(2) Déanfar forcháin don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1962, a mhuirearú i leith ioncaim aon phearsan ar mó ná dhá mhíle cúig céad punt iomlán a ioncaim ó gach bunadh agus muirearófar amhlaidh é de réir na rátaí céanna ar dá réir a mhuirearaítear í don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1961.

(3) Faoi réir forálacha an Achta seo, beidh éifeacht maidir leis an gcáin ioncaim agus leis an bhforcháin a mhuirearófar mar a dúradh in aghaidh na bliana dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1962, ag na forálacha ar leithligh, reachtúil agus eile, a bhí i bhfeidhm an 5ú lá d'Aibreán, 1962, maidir le cáin ioncaim agus forcháin.

Urrúis Chorparáid an Chairde Thalmhaíochta, Teoranta.

1929, Uimh. 32 .

1918, c. 40.

2. —(1) Bainfidh fo-ailt (1) agus (2) d'alt 2 den Acht Airgid, 1929 , le hurrúis arna n-eisiúint ag Corparáid an Chairde Thalmhaíochta, Teoranta, seachas na bintiúir, an stoc bintiúra agus na deimhnithe muirir dá dtagraítear sna fo-ailt sin, mar a bhaineann siad leis na bintiúir sin, leis an stoc bintiúir sin agus leis na deimhnithe muirir sin.

(2) Leasaítear leis seo Clásal (h) de Riail 1 de Chás III de Sceideal D a ghabhann leis an Income Tax Act, 1918, trí “or other securities” a chur isteach i ndiaidh “debentures, debenture stock or certificates of charge”.

CUID II.

Custaim agus mál.

Beoir.

1957, Uimh. 20 .

1933, Uimh. 15 .

3. —(1) In ionad an dleacht máil a fhorchuirtear le fo-alt (2) d'alt 9 den Acht Airgeadais, 1957 , muirearófar, toibheofar agus íocfar ar an mbeoir go léir a ghrúdófar sa Stát an 11ú lá d'Aibreán, 1962, nó dá éis sin, dleacht máil de réir aon phunt déag, sé scilling déag agus sé phingin ar gach sé ghalún is tríocha foirte de shaindlús míle agus cúig ghrád is caoga.

(2) In ionad an dleacht custam a fhorchuirtear le fo-alt (3) d'alt 9 den Acht Airgeadais, 1957 , déanfar, amhail ar an agus ón 1ú lá d'Aibreán, 1962, dleacht custam de réir na rátaí seo a leanas a mhuirearú, a thobhach agus a íoc ar an mum, an bheoir sprúis nó an bheoir dhubh, an fhionn-bheoir Bheirlíneach, agus ar ullmhóidí eile (cibé acu giosáilte nó neamhghiosáilte dóibh) dá samhail sin a allmhuireofar isteach sa Stát, is é sin le rá:

(a) ar gach sé ghalún is tríocha beorach a bhfuil, nó a raibh roimh ghiosáil, saindlús nach mó ná míle dhá chéad agus cúig ghrád déag ina foirt—seacht bpunt is daichead, ocht scilling;

(b) ar gach sé ghalún is tríocha beorach a bhfuil, nó a raibh roimh ghiosáil, saindlús is mó ná míle dhá chéad agus cúig ghrád déag ina foirt—cúig phunt is caoga, aon scilling déag.

(3) In ionad an dleacht custam a fhorchuirtear le fo-alt (4) d'alt 9 den Acht Airgeadais, 1957 , déanfar, amhail ar an agus ór 11ú lá d'Aibreán, 1962, dleacht custam a mhuirearú, a thobhach agus a íoc ar an mbeoir go léir d'aon sórt (seachas beoir ar ar inmhuirir an dleacht a fhorchuirtear le fo-alt (2) den alt seo) a allmhuireofar isteach sa Stát, de réir aon phunt déag seacht scilling déag ar gach sé ghalún is tríocha beorach a raibh saindlús míle, caoga is cúig ghrád ina foirt roimh ghiosáil.

(4) Lamhálfar agus íocfar, i gcás ina n-onnmhaireofar mar mharsantas nó ina loingseofar chun a húsáidte mar stóras beoir a suífear chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncaim gur íocadh uirthi an dleacht a fhorchuirtear le fo-alt (1), fo-alt (2) nó fo-alt (3) den alt seo, aistarraing, arna ríomh de réir saindlúis bhunaidh na beorach sin, de réir aon phunt déag sé scilling déag agus naoi bpingin ar gach sé ghalún is tríocha beorach ar míle caoga is cúig ghrád a saindlús bunaidh.

(5) Más rud é, i gcás beoir ar ar inmhuirir an dleacht a fhorchuirtear le fo-alt (1) nó fo-alt (3) den alt seo nó i gcás beoir ar ar iníoctha aistarraing faoi fho-alt (4) den alt seo, nach míle caoga is cúig ghrád saindlús na beorach sin, athrófar an dleacht sin nó an aistarraing sin (cibé acu é) go coibhneasach.

(6) Ní bheidh feidhm ná éifeacht ag alt 24 den Acht Airgeadais, 1933, maidir le ceachtar de na dleachtanna custam dá dtagraíonn an t-alt seo.

Biotáille.

1920, c. 18.

1952, Uimh. 14 .

1926, Uimh. 35 .

4. —(1) Déanfar an Finance Act, 1920, arna leasú le halt 8 den Acht Airgeadais, 1952 , a leasú, amhail ar an agus ón 11ú lá d'Aibreán, 1962, tríd an méid atá sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a chur i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Finance Act, 1920, a dúradh, in ionad an mhéid a cuireadh isteach sa Chuid sin I leis an alt sin 8, agus beidh éifeacht dá réir sin ag fo-alt (1) d'alt 3 den Finance Act, 1920, a dúradh.

(2) Déanfar an dleacht máil a forchuireadh le fo-alt (2) d'alt 3 den Finance Act, 1920, a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 11ú lá d'Aibreán, 1962, de réir naoi bpunt agus aon scilling déag agus dhá phingin an galún (arna ríomh de réir profa) in ionad an ráta is inmhuirir de bhua fo-alt (2) d'alt 8 den Acht Airgeadais, 1952 .

(3) Amhail ar an agus ón 11ú lá d'Aibreán, 1962, leasófar alt 4 den Finance Act, 1920, trí

“the amount of duty which was payable immediately before the increase of duties on spirits provided for by the Finance Act, 1918.”

a scriosadh agus an méid seo a leanas a chur ina ionad:

“whichever of the following amounts may be applicable in each case:

(a) as regards excise duty—

for every gallon of spirits computed at proof     ..     ..     

14s.

9d.

(b) as regards customs duty—

in the case of any mixture, compound or preparation in bottle which is entered in such manner as to indicate that the strength is not to be tested, for every gallon of such mixture     ..     ..

£1

0s.

5d.

in any other case, for every gallon of spirits computed at proof     ..

15s.

2d.”

(4) Ní oibreoidh aon ní san alt seo chun faoiseamh a thabhairt ó na dleachtanna custam breise ná ón dleacht máil bhreise i leith biotáille neamhaibidh a forchuireadh le halt 9 den Acht Airgeadais, 1926, ná chun dochar ná difear a dhéanamh don chéanna.

Tobac.

1932, Uimh. 20 .

1934, Uimh. 31 .

1940, Uimh. 14 .

5. —(1) Déanfar an dleacht custam ar thobac, a forchuireadh le halt 20 den Acht Airgeadais, 1932, a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, i rith na tréimhse dar tosach an 11ú lá d'Aibreán, 1962, agus dar críoch an 9ú lá de Lúnasa, 1962, de réir na rátaí ar leithligh a shonraítear i gCuid I den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad aon rátaí eile.

(2) Déanfar an dleacht máil ar thobac, a forchuireadh le halt 19 den Acht Airgeadais, 1934, a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, i rith na tréimhse dar tosach an 11ú lá d'Aibreán, 1962, agus dar críoch an 9ú lá de Lúnasa, 1962, de réir na rátaí ar leithligh a shonraítear i gCuid II den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad aon rátaí eile.

(3) Is do réir sé scilling déag agus cúig phingin an punt an lacáiste ar thobac cruafháiscthe a luaitear i bhfo-alt (2) d'alt 17 den Acht Airgeadais, 1940 , i gcás aon tobac den sórt sin a dhíoifaidh aon mhonaróir ceadúnaithe agus a chuirfidh sé amach, chun a úsáidte sa Stát, i rith na tréimhse dar tosach an 11ú lá d'Aibreán, 1962, agus dar críoch an 9ú lá de Lúnasa, 1962.

(4) Ní bheidh na lacáistí ar thobac neamh-mhonaraithe a luaitear i bhfo-alt (3) d'alt 20 den Acht Airgid, 1932 , agus i bhfo-alt (5) d'alt 19 den Acht Airgid, 1934 , iníoctha i leith aon tobac neamh-mhonaraithe a gheobhaidh monaróir ceadúnaithe tobac an 11ú lá d'Aibreán, 1962, nó dá éis.

(5) Beidh teideal ag gach monaróir ceadúnaithe tobac, an 11ú lá d'Aibreán, 1962, agus dá éis, lacáiste a fháil mar a leanas i leith tobac neamh-mhonaraithe a gheobhaidh sé agus ar a mbeidh an dleacht custam a fhorchuirtear le halt 20 den Acht Airgid, 1932 , nó an dleacht máil a fhorchuirtear le halt 19 den Acht Airgid, 1934 , íoctha:—

An Ráta Lacáiste

Maidir leis an gcainníocht a gheofar aon bhliain dar tosach an 11ú lá d'Aibreán—

mura mó í ná 50,000 lb.

..

1s. 6d. an lb. in aghaidh gach lb. di

más mó í ná 50,000 lb.

..

1s. 6d. an lb. in aghaidh gach lb. den chéad 50,000 lb.

(6) Déanfar an dleacht custam ar thobac a fhorchuirtear le halt 20 den Acht Airgid, 1932 , a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 10ú lá de Lúnasa, 1962, de réir na rátaí ar leithligh a shonraítear i gCuid III den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad aon rátaí eile.

(7) Déanfar an dleacht máil ar thobac a fhorchuirtear le halt 19 den Acht Áirgid, 1934 , a mhuirearú, a thobhach agus a íoc amhail ar an agus ón 10ú lá de Lúnasa, 1962, de réir na rátaí ar leithligh a shonraítear i gCuid IV den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad aon rátaí eile.

(8) Is de réir seacht scilling déag agus aon phingin déag an punt a bheidh an lacáiste ar thobac cruafháiscthe a luaitear i bhfo-alt (2) d'alt 17 den Acht Airgeadais, 1940 , i gcás aon tobac den sórt sin a dhíolfaidh aon mhonaróir ceadúnaithe agus a chuirfidh sé amach, chun a úsáidte sa Stát, an 10ú lá de Lúnasa, 1962, nó dá éis.

Dleacht siamsa a fhoirceannadh. 1916, (Sess. 2), c. 11.

6. —Ní dhéanfar dleacht siamsa de réir bhrí alt 1 den Finance (New Duties) Act, 1916, agus is inmhuirir faoin alt sin, a mhuirearú ná a thobhach ar íocaíochtaí as dul isteach go dtí aon siamsa a chomórfar an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1962, nó dá éis.

Suimeanna beaga de dhleacht custam a tharscaoileadh.

7. —(1) Faoi réir fo-alt (2) den alt seo, i gcás nár mhó ná dhá scilling agus sé phingin suim na dleachta custam ar na hearraí in aon chonsíneacht nó beart áirithe a allmhairíodh an lú lá de Lúnasa, 1962, nó dáta an Achta seo a rith (cibé acu is déanaí) nó dá éis, arna ríomh de réir na ndlíthe a bhí i bhfeidhm de thuras na huaire maidir le dleachtanna custam, tarscaoilfear an dleacht.

(2) Ní dhéanfar na dleachtanna is inmhuirir ar thobac, biotáille agus fíon a tharscaoileadh faoin alt seo.

An muirear íosta dleachta custam a fhoirceannadh.

1924, Uimh. 27 .

1937, Uimh. 18 .

1938, Uimh. 12 .

8. —(1) Ní bhainfidh na hachtacháin a luaitear i bhfo-alt (2) den alt seo le haon earraí a allmhaireofar an lú lá de Lúnasa, 1962, nó dáta an Achta seo a rith (cibé acu is déanaí) nó dá éis.

(2) Is iad na hachtacháin dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo:

(a) alt 25 den Acht Airgid, 1924 ,

(b) alt 8 den Acht Airgid, 1937 ,

(c) alt 9 den Acht Airgeadais (Comhaontú leis an Ríocht Aontaithe), 1938.

Leasú ar an Acht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952 .

1952, Uimh. 24 .

9. —(1) Leasaítear leis seo fomhír (c) de mhír 4 de Chuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952 , trí “£2 10s.” a chur in ionad “£8”.

(2) Más é an 1ú lá d'Iúil, 1962, nó más roimhe sin, a rithfear an tAcht seo, tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an lá sin agus, más tar éis an lae sin a rithfear é, measfar gur tháinig an fo-alt sin i ngníomh an lá sin.

(3) Déanfar na haisíocaíochtaí iomchuí ag féachaint do na forálacha roimhe seo den alt seo agus déanfar na haisíocaíochtaí de réir cibé orduithe a thabharfaidh an tAire Rialtais Áitiúil.

Orduithe a dhaingniú.

I.R. Uimh. 124 de 1961.

I.R. Uimh. 104 de 1962.

10. —Daingnítear leis seo an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 108) (Busanna Usáidte), 1961, agus an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 123) (Tobac), 1962.

CUID III.

Liúntais Tosaigh, Díolúine ó Cháin, Íocaíochtaí le Comhchuideachtaí, Ús ar Cháin nár Íocadh:cáin ioncaim, Forcháin agus Cáin Bhrabús Corparáide.

Leasú ar Chuid V den Acht Airgeadais, 1956 , agus ar Chuid IV den Acht Airgeadais (Forála Ilghnéitheacha), 1956 .

1956, Uimh. 22 .

1960, Uimh. 19 .

1956, Uimh. 47 .

11. —(1) Maidir le caiteachas caipitiúil faoina rachfar laistigh de tréimhse dar tosach an 14ú lá de Nollaig, 1961, agus dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1965, beidh éifeacht ag Cuid V den Acht Airgeadais, 1956 , ionann agus dá gcuirfí “dhá chúigiú” in ionad “an cúigiú” i bhfo-alt (1) d'alt 23 den Acht sin.

(2) Maidir le caiteachas caipitiúil faoina rachfar i rith na tréimhse dar tosach an 14ú lá de Nollaig, 1961, agus dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1965 (seachas caiteachas caipitiúil lena mbaineann alt 41 den Acht Airgeadais, 1960 ), beidh éifeacht ag Cuid IV den Acht Airgeadais (Forála Ilghnéitheacha), 1956 , ionann agus dá gcuirfí “an cúigiú cuid” in ionad “an deichiú cuid” i bhfo-alt (1) d'alt 16 den Acht sin.

Díolúine ó cháin i leith ús ar urrúis áirithe.

1918, c. 40.

12. —(1) Ní bheidh cáin ioncaim, forcháin ná cáin bhrabús corparáide inmhuirir i leith an úis ar urrúis arna n-eisiúint ag an Aire Airgeadais lena n-úsáid chun cáin ioncaim, forcháin nó cáin bhrabús corparáide a íoc, agus ní áireofar an t-ús sin nuair a bheifear ag ríomh ioncaim chun críocha na nAchtanna Cánach Ioncaim.

(2) Ní bheidh éifeacht ag alt 159 den Income Tax Act, 1918, maidir le cáin don bhliain 1963-64 nó d'aon bhliain mheasúnachta ina dhiaidh sin.

Iocaíochtaí ó chuideachtaí le comh-chuideachtaí i leith caillteanas.

1946, Uimh. 15 .

1956, Uimh. 22 .

1956, Uimh. 47 .

1957, Uimh. 20 .

1959, Uimh. 18 .

1918, c. 40.

1960, Uimh. 19 .

13. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “tréimhse cuntasaíochta”, maidir le cuideachta, tréimhse a bhfuil cuntais na cuideachta déanta amach ina haghaidh;

ciallaíonn “seach-chuideachta” cuideachta a corpraíodh tráth nach luaithe ná an 14ú lá de Nollaig, 1961, agus nach déanaí ná an 31ú lá de Mhárta, 1965, agus is cuideachta—

(a) (i) a bhfuil teachtadh tairbhiúil ar chuid dá gnáthscairchaipiteal ag gach ceann de dhá chuideachta nó níos mó, agus

(ii) a bhfuil teachtadh tairbhiúil ar nócha a cúig faoin gcéad ar a laghad dá gnáth-scairchaipiteal ag cuideachtaí, agus

(b) nach dteachtann aon stoc, scair ná urrús a d'eisigh cuideachta a theachtann go tairbhiúil cuid den ghnáth-scairchaipiteal sin;

ciallaíonn “liúntais chaipitiúla” liúntais, seachas liúntais a bhíonn le tabhairt, agus brabúis nó gnóchan á ríomh, faoi Riail 6 de na Rialacha a bhaineann de Cásanna I agus II de Sceideal D, alt 5 nó alt 6 den Acht Airgeadais, 1946 , Cuid V den Acht Airgeadais, 1956 , Cuid IV den Acht Airgeadais (Forála Ilghnéitheacha), 1956 , Cuid V den Acht Airgeadais, 1957 , nó Cuid V nó alt 74 den Acht Airgeadais, 1959 ; ciallaíonn “cuideachta” comhlacht corpraithe a chónaíonn sa Stát agus a sheolann trádáil;

ciallaíonn “íocaíocht easnaimh” íocaíocht le seach-chuideachta ó cheann dá príomh-chuideachtaí faoi chomhaontú a fhorálann go n-iompróidh an phríomh-chuideachta caillteanais nó caillteanas áirithe, nó go mbeidh sí páirteach i gcaillteanais nó i gcaillteanas áirithe, a bhainfidh don tseach-chuideachta i dtrádáil a sheolann sí agus nach íocaíocht a bheadh, ar leith ón alt seo, le cur i gcuntas, agus brabúis nó gnóchan nó caillteanais ceachtar cuideachta á ríomh, nó le háireamh mar ioncam de chuid na seach-chuideachta;

ciallaíonn “gnáth-scairchaipiteal”, maidir le cuideachta, caipiteal eisithe uile (is cuma cad é an t-ainm atá air) na cuideachta, seachas caipiteal a bhfuil ceart ag a shealbhóirí díbhinn a fháil de réir ráta shocraithe nó ráta a athróidh de réir an ráta cánach ioncaim, ach nach bhfuil aon cheart eile acu chun scair de bhrabúis na cuideachta;

ciallaíonn “príomh-chuideachta”, maidir le seach-chuideachta, cuideachta a theachtann go tairbhiúil cuid de ghnáth-scairchaipiteal na cuideachta sin;

ciallaíonn “trádáil” trádáil a sheoltar go hiomlán nó go páirteach sa Stát.

(2) Faoi réir forálacha an ailt seo, más rud é, maidir le seach-chuideachta—

(a) go mbeidh easnamh uirthi i dtrádáil áirithe in aghaidh tréimhse cuntasaíochta, agus

(b) go bhfaighidh sí, maidir leis an trádáil sin, íocaíocht easnaimh in aghaidh na tréimhse sin, is íocaíocht easnaimh a mbeidh feidhm ag an bhfo-alt seo maidir léi,

ansin, le linn ríomh a bheith á dhéanamh, chun críocha cánach ioncaim, ar bhrabúis, ar ghnóchan nó ar chaillteanas na cuideachta agus na príomh-chuideachta óna bhfuarthas an íocaíocht, déileálfar leis an íocaíocht mar fháltas trádála de chuid na seach-chuideachta a bhí infhaighte ag an gcuideachta sin an lá deiridh den tréimhse, agus lamhálfar í mar asbhaint don phríomhchuideachta ionann agus dá mba chaiteachas trádála faoina ndeachthas an lá sin í.

(3) Aon íocaíocht easnaimh in aghaidh tréimhse cuntasaíochta is íocaíocht easnaimh a bhfuil feidhm maidir léi ag fo-alt (2) den alt seo a bheidh inti más rud é (agus ar an gcuntar sin amháin)—

(a) gach tráth i rith na tréimhse—

(i) gur sheach-chuideachta an chuideachta ab íocaí, agus

(ii) gur phríomh-chuideachta maidir leis an gcuideachta ab íocaí an chuideachta ab íocóir, agus

(b) go ndéanfar an íocaíocht tráth nach déanaí ná trí bliana tar éis deireadh na tréimhse.

(4) Má fhaigheann seach-chuideachta íocaíocht easnaimh nó íocaíochtaí easnaimh ó phríomh-chuideachta amháin nó níos mó in aghaidh tréimhse cuntasaíochta agus go mbeidh barrachas ag an íocaíocht nó iomlán na n-íocaíochtaí ar an easnamh ina trádáil iomchuí don tréimhse sin, déanfar neamhshuim den bharrachas chun críocha an ailt seo; agus, i gcás ina mbeidh íocaíochtaí ó níos mó ná príomh-chuideachta amháin i gceist, déileálfar leis na híocaíochtaí mar íocaíochtaí arna laghdú i cibé slí ar a gcomhaontófar idir na cuideachtaí uile lena mbainfidh nó, cheal comhaontú, de réir mar a chinnfidh na Coimisinéirí Ioncaim.

(5) I gcás ina ndéanfar íocaíocht easnaimh le seach-chuideachta in aghaidh níos mó ná aon tréimhse cuntasaíochta amháin de chuid na cuideachta sin nó ina ndéanfar í ag príomh-chuideachta a sheolann níos mó ná trádáil amháin, cinnfidh na Coimisinéirí Ioncaim an chuid chionroinnte den íocaíocht a bheidh le cur in aghaidh aon tréimhse nó trádála chun críocha an ailt seo.

(6) Chun críocha an ailt seo—

(a) beidh easnamh ar chuideachta i dtrádáil in aghaidh tréimhse cuntasaíochta más rud é (agus ar an gcuntar sin amháin) go mbeidh comhshuim—

(i) aon chaillteanais a bhain don trádáil sa tréimhse (arna ríomh ar an modh céanna a ríomhtar brabúis nó gnóchan faoi na forálacha, seachas an t-alt seo, is infheidhmithe maidir le Cás I de Sceideal D),

(ii) aon suimeanna is inchurtha i leith tréimhse na liúntas caipitiúla a bheidh le tabhairt agus muirearú á dhéanamh ar bhrabúis nó gnóchan na trádála in aghaidh aon bhliain mheasúnachta a bhfuil a hiomlán nó cuid de laistigh den tréimhse, agus

(iii) aon íocaíochtaí lena mbaineann Riail 19 nó Riail 21 de na Rialacha Ginearálta (seachas íocaíochtaí lena mbaineann an Riail sin 21 de bhua alt 50 den Acht Airgeadais, 1959 ), is íocaíochtaí a rinneadh go hiomlán agus go heisiatach chun críocha na trádála agus nach inasbhainte le linn brabúis nó gnóchan nó caillteanais na trádála a bheith á ríomh,

níos mó ná comhshuim—

(I) aon bhrabús nó gnóchain ón trádáil sa tréimhse (arna ríomh de réir na bhforálacha, seachas an t-alt seo, is infheidhmithe maidir le Cás I de Sceideal D), agus

(II) aon suimeanna is inchurtha i leith tréimhse cothromaíochta na muirear faoi Chuid V den Acht Airgeadais, 1959 , a bheidh le déanamh agus muirearú á dhéanamh ar bhrabúis nó gnóchan na trádála in aghaidh aon bhliain mheasúnachta a bhfuil a hiomlán nó cuid di laistigh den tréimhse, agus

(b) má bhíonn barrachas den sórt sin ann, glacfar gur cóimhéid an t-easnamh agus an barrachas.

Chun críocha an fho-ailt seo, glacfar gurb é an méid de liúntas nó de mhuirear is inchurtha i leith tréimhse an méid de a bheidh le háireamh agus ríomh á dhéanamh chun críocha cánach brabús corparáide ar bhrabúis na cuideachta in aghaidh na tréimhse sin.

(7) I gcás ina mbeidh, faoi na forálacha roimhe seo den alt seo, íocaíocht easnaimh, nó cuid d'íocaíocht easnaimh, a rinne príomhchuideachta le háireamh mar chaiteachas trádála i dtréimhse chuntasaíochta—

(a) a bhfuil a hiomlán nó cuid di laistigh de bhonn-tréimhsí na cuideachta do níos mó ná bliain mheasúnachta amháin, nó

(b) nach bhfuil a hiomlán ná cuid di laistigh de bhonntréimhse na cuideachta d'aon bhliain mheasúnachta,

ansin, déanfar cibé coigeartuithe is gá, más gá,

(i) i gcás a thagann faoi mhír (a) den fho-alt seo, ar an measúnacht d'aon bhliain, seachas an chéad bhliain, a luaitear sa mhír sin, nó

(ii) i gcás a thagann faoi mhír (b) den fho-alt seo, ar an measúnacht don chéad bhliain díreach i ndiaidh deireadh na tréimhse cuntasaíochta sin nó, i gcás inar buanscoireadh den trádáil roimh thosach na bliana sin, don bhliain a chríochnóidh an tréimhse chuntasaíochta sin,

chun a áirithiú, a mhéid is féidir é, go ndéanfar iomlán na suimeanna, arbh iad, ar neamhaird leis an alt seo, na measúnachtaí deiridh ar an gcuideachta iad, a laghdú de mhéid nach mó ná nach lú ná méid na híocaíochta easnaimh.

Chun críocha an fho-ailt seo is í bonn-tréimhse chuideachta do bhliain mheasúnachta an tréimhse ar ar na brabúis nó an gnóchan ina haghaidh a bheidh cáin ioncaim in aghaidh na bliana sin le ríomh go críochnaitheach faoi Chás I de Sceideal D i leith na trádála a bheidh i gceist.

(8) Déanfar cibé measúnachtaí breise, laghduithe ar mheasúnachtaí nó aisíocaíochtaí cánach is gá a dhéanamh in aon chás chun éifeacht a thabhairt don alt seo; agus má dhéanann íocaíocht easnaimh caillteanas a mbeidh aisíocaíocht cánach faighte ag cuideachta ina leith faoi alt 34 de Income Tax Act, 1918, nó alt 4 den Acht Airgeadais, 1960 , a laghdú nó a mhúchadh, déanfar an méid sin den aisíocaíocht nach ndéanfaí, dá n-áireofaí an íocaíocht easnaimh a ghnóthú, mura mbeidh sé slánaithe i slí eile, ón gcuideachta trí mheasúnacht faoi Chás VI de Sceideal D; agus measfar chun críche na measúnachta sin gurb éard í an íocaíocht easnaimh, nó cuid iomchuí di, ioncam is inmhuirir faoin gCás sin VI in aghaidh na bliana measúnachta dá ndearnadh an aisíocaíocht.

(9) Ní bheidh éifeacht ag an alt seo maidir le caillteanas a bhain do sheach-chuideachta i gcaitheamh tréimhse cuntasaíochta a thosaigh níos mó ná cúig bliana tar éis an dáta a chéad-thosaigh an chuideachta ag trádáil; agus i gcás, tar éis trádáil a bheith tosaithe nó tionscanta ag seach-chuideachta, go dtiocfaidh go mbeidh an trádáil nó cuid den trádáil á seoladh ag cuideachta eile, measfar, chun críocha an fho-ailt seo, gurb é lá céanna a chéad-thosaigh an chuideachta chéadluaite ag trádáil a chéadthosaigh an chuideachta eile ag trádáil.

(10) I gcás ina ndéileálfar, faoi fhorálacha an ailt seo, le suim mar fháltas trádála nó mar chaiteachas trádála de chuid tréimhse cuntasaíochta chun críocha cánach ioncaim, déileálfar leis sa tslí chéanna chun críocha cánach brabús corparáide.

Us ar cháin ioncaim, ar fhorcháin agus ar cháin bhrabús corparáide nár íocadh.

1958, Uimh. 25 .

14. —(1) Faoi réir forálacha an ailt seo, beidh ag gabháil le haon cháin a mhuirearófar le haon mheasúnacht i leith cánach ioncaim, forchánach nó cánach brabús corparáide ús de réir leath faoin gcéad in aghaidh gach mí nó cuid de mhí ón dáta a thiocfaidh an cháin chun bheith dlite agus iníoctha go dtí go n-íocfar í.

(2) Ní thosóidh ús ag fás faoin alt seo ó aon dáta roimh an 1ú lá d'Eanáir, 1963.

(3) I gcás ina n-íocfar aon cháin tráth nach déanaí ná trí mhí ón dáta a thiocfaidh sí chun bheith dlite agus iníoctha, maithfear an t-ús uirthi faoin alt seo.

(4) Ní bheidh ús iníoctha faoin alt seo ar an gcáin a mhuirearófar le haon mheasúnacht mura rud é nach lú ná punt méid iomlán an úis.

(5) An t-ús a bheidh iníoctha faoin alt seo—

(a) beidh sé iníoctha gan aon asbhaint cánach ioncaim agus ní lámhálfar mar asbhaint é agus aon ioncam, brabúis nó caillteanais á ríomh chun aon cheann de chríocha na nAchtanna Cánach Ioncaim nó na n-achtachán a bhaineann le cáin bhrabús corparáide, agus

(b) measfar gur fiach é atá dlite don Aire Airgeadais chun tairbhe don Phríomh-Chiste agus beidh sé iníoctha leis na Coimisinéirí Ioncaim,

agus, faoi réir fo-alt (6) den alt seo, beidh ag forálacha gach achtacháin a bhaineann le gnóthú aon chánach arna muirearú le measúnacht feidhm maidir le haon mhéid úis is iníoctha ar an gcáin sin a ghnóthú ionann agus dá mba chuid den cháin sin an méid sin úis.

(6) Is imeachtaí a thionscnófar de bhua fo-alt (5) den alt seo—

(a) beidh deimhniú ó bhailitheoir á dheimhniú méid áirithe úis a bheith dlite ón duine, agus iníoctha ag an duine, arbh ina choinne a tionscnaíodh na himeachtaí ina fhianaise, go dtí go suífear a mhalairt, go bhfuil an tsuim sin dlite agus iníoctha, agus

(b) féadfar deimhniú ag deimhniú mar a dúradh agus a airbheartóidh a bheith arna shíniú ag bailitheoir a thairiscint i bhfianaise gan chruthú agus measfar, go dtí go suífear a mhalairt, é a bheith arna shíniú ag bailitheoir.

San fho-alt seo ciallaíonn “bailitheoir”, i gcás inar cáin ioncaim an cháin a bheidh i gceist, an duine a bheidh údaraithe go cuí chun an cháin a bhailiú nó, i gcás inar forcháin nó cáin bhrabús corparáide an cháin a bheidh i gceist, an tArd-Chuntasóir Ioncaim.

(7) (a) Faoi réir mhír (b) den fho-alt seo—

(i) i gcás ina ndéanfar faoiseamh ó cháin arna mhuirearú le haon mheasúnacht den sórt dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo a thabhairt do dhuine ar bith trí aon chuid den cháin sin a ghlanadh, déanfar cibé coigeartú ar an méid is iníoctha faoin alt seo maidir leis an measúnacht, agus déanfar an oiread sin a aisíoc d'aon mhéideanna a íocadh cheana faoin alt seo maidir leis, is gá chun a áirithiú gurb é méid iomlán a bheidh sa tsuim uile, más aon suim é, a bheidh íoctha nó iníoctha faoin alt seo maidir leis an measúnacht an méid iomlán a bheadh inti dá mba nár muirearaíodh riamh an cháin a glanadh, agus

(ii) i gcás ina ndéanfar faoiseamh ó cháin a íocadh in aghaidh aon bhliana measúnachta nó aon tréimhse cuntasaíochta a thabhairt d'aon duine trí aisíocaíocht, beidh teideal aige chun a cheangal go ndéileálfar chun críocha an fho-ailt seo leis an méid a aisíocfar, an fad a rachaidh sé, ionann agus dá mba ghlanadh é ar an gcáin a muirearaíodh air (cibé acu ina aonar é nó i dteannta daoine eile) le haon mheasúnacht in aghaidh na bliana céanna nó na tréimhse céanna, i slí, áfach, nach gcuirfear chun feidhme é maidir le haon mheasúnacht a rinneadh tar éis an faoiseamh a bheith tugtha agus ní chuirfear chun feidhme é maidir le níos mó ná measúnacht amháin ionas go ndéanfar an méid cánach a mhuirearófar leis na measúnacht a laghdú gan é a mhúchadh.

(b) D'ainneoin aon ní atá i mír (a) den fho-alt seo, ní dhéileálfar le haon fhaoiseamh, cibé acu trí ghlanadh nó trí aisíoc, mar fhaoiseamh—

(i) a dhéanann difear do cháin arna muirearú le measúnacht i leith cánach ioncaim mura faoiseamh ó cháin ioncaim é,

(ii) a dhéanann difear do cháin arna muirearú trí mheasúnacht i leith forchánach mura faoiseamh ó fhorcháin é, nó

(iii) a dhéanann difear do cháin arna muirearú trí mheasúnacht i leith cánach brabús corparáide mura faoiseamh ó cháin bhrabús corparáide é.

(8) Leasaítear leis seo alt 10 den Acht Airgeadais, 1958

(a) trí “íoc na cánach maraon le hús nó dá éagmais a fhorchur de dhliteanas agus an cháin maraon le hús nó dá éagmais a ghnóthú” a chur in ionad na bhfocal atá i mír (a) d'fho-alt (2),

(b) trí “agus, i gcás ina raibh ús faoi alt 14 den Acht Airgeadais, 1962 , ag gabháil leis an gcáin a muirearaíodh leis an measúnacht bhunaidh, déanfar cibé coigeartú ar an méid is iníoctha faoin alt sin maidir leis an measúnacht sin, agus déanfar an oiread sin a aisíoc d'aon mhéideanna a íocadh cheana faoin alt sin maidir léi, is gá chun a áirithiú gurb é méid iomlán a bheidh sa tsuim uile, más aon suim é, a bheidh íoctha nó iníoctha faoin alt sin maidir leis an measúnacht an méid iomlán a bheadh ann dá mba nár muirearaíodh riamh an méid a scoirfidh de bheith inghnóthaithe” a chur isteach i ndeireadh fho-alt (3).

(9) Baineann an t-alt seo le measúnachtaí d'ainneoin gur roimh an Acht seo a rith nó in aghaidh blianta measúnachta nó tréimhsí cuntasaíochta a chríochnaigh roimh an Acht seo a rith a rinneadh iad.

CUID IV.

Dleachtanna stampa.

Leasú ar alt 13 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1947 .

1947, Uimh. 33 .

15. —Leasaítear leis seo fo-alt (4) d'alt 13 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1947

(i) trí “tar éis a bhfeidhmiú maidir leis an tíolacas nó an t-aistriú a údarú, nó, i gcás maoin a bheifear a fháil chun críocha cónaithe phríobháidigh agus nach bhfuil os cionn cúig acra talún ar áireamh uirthi, go mbeidh moladh (a bheidh ina ábhar eiscthe chun críocha alt 12 den Acht Talún, 1950 ) ann ó aon bheirt de Choimisinéirí Tuata de Choimisiún na Talún chun na gCoimisinéirí Ioncaim iad a fheidhmiú maidir leis an tíolacas nó leis an aistriú, nó”, a chur in ionad “tar éis a n-iarratas maidir leis an tíolacas nó an t-aistriú, nó” i mír (a); agus

(ii) trí fhomhír (ii) de mhír (b) a scriosadh.

Leasú ar alt 24 den Acht Airgeadais, 1949 .

1949, Uimh. 13 .

16. —Leasaítear leis seo fo-alt (4) den Acht Airgeadais, 1949

(i) trí “tar éis a bhfeidhmiú maidir leis an léas a údarú, nó i gcás leas an leasaí faoin léas a bheith á fháil chun críocha cónaithe phríobháidigh agus nach bhfuil leas i níos mó ná cúig acra talún ar áireamh air, go mbeidh moladh (a bheidh ina ábhar eiscthe chun críocha alt 12 den Acht Talún, 1950 ) ann ó aon bheirt de Choimisinéirí Tuata de Choimisiún na Talún chun na gCoimisinéirí Ioncaim iad a fheidhmiú maidir leis an léas nó” a chur in ionad “tar éis a n-iarratas maidir leis an léas a údarú, nó” i mír (a); agus

(ii) trí fomhír (ii) de mhír (b) a scriosadh.

Dleachtanna stampa áirithe a fhoirceannadh.

17. —(1) Ní mhuirearófar dleachtanna stampa—

(a) ar aon duine a ghlacadh le haghaidh céim abhcóide,

(b) ar aon duine a ghlacadh mar mhac léinn de chuid Chumann Ostaí an Rí i mBaile Átha Cliath, ná

(c) ar airteagail chléireachais trína dtiocfaidh aon duine chun bheith faoi cheangal fónamh mar cléireach iar n-ordú chun a ghlactha mar aturnae.

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire Airgeadais le hordú.

Leasú ar alt 32 (2) den Acht Airgeadais, 1961 .

1961, Uimh. 23 .

18. —Leasaítear leis seo fo-alt (2) d'alt 32 den Acht Airgeadais, 1961 , trí “eight months” a chur in ionad “four months”.

CUID V.

Ilghnéitheach.

An Cuntas Fuascailte Seirbhísí Caipitiúla.

1950, Uimh. 18 .

1961, Uimh. 23 .

19. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “an príomh-alt” alt 22 den Acht Airgeadais, 1950 ;

ciallaíonn “alt leasaitheach 1961” alt 36 den Acht Airgeadais, 1961 ;

ciallaíonn “an dóú blianacht bhreise déag” an tsuim a mhuirearófar ar an bPríomh-Chiste faoi fho-alt (4) den alt seo;

tá leis “an Aire”, “an Cuntas” agus “seirbhísí caipitiúla” na bríonna céanna faoi seach atá leo sa phríomh-alt.

(2) Beidh éifeacht ag fo-alt (4) d'alt leasaitheach 1961, maidir leis na naoi mbliana airgeadais comhleanúnacha is fiche dar tosach an bhliain airgeadais dár críoch an 31ú lá de Mhárta, 1963, ach “£1,299,628” a chur in ionad “£1,134,682”.

(3) Beidh éifeacht ag fo-alt (6) d'alt leasaitheach 1961 ach “£824,486” a chur in ionad “£733,991”.

(4) Déanfar suim £1,334,935 chun iasachtaí, maraon le hús ar an gcéanna, i leith seirbhísí caipitiúla a fhuascailt a mhuirearú go bliantúil ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis sna tríocha bliain airgeadais comhleanúnacha a thosóidh leis an mbliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1963.

(5) Déanfar an dóú blianacht bhreise déag á íoc isteach sa Chuntas ar cibé modh agus cibé tráthanna sa bhliain airgeadais iomchuí a chinnfidh an tAire.

(6) Féadfar aon mhéid den dara blianacht bhreise déag, nach mó ná £863,530 aon bhliain airgeadais áirithe, a úsáid chun an t-ús ar an bhfiach poiblí a íoc.

(7) Déanfar iarmhéid an dóú blianacht bhreise déag a úsáid i gceann nó níos mó de na slite a shonraítear i bhfo-alt (6) den phríomh-alt.

An Cuntas Cánachais Áitiúil a fhoirceannadh.

1898, c. 37.

1891, c. 48.

R. & O.R., Uimh.94 de 1927.

1924, Uimh. 50 .

20. —(1) Foirceanntar leis seo an Cuntas Cánachais Áitiúil agus ní dhéanfar aon íocaíochtaí eile isteach sa Chuntas sin ná amach as.

(2) Aon airgead a ndéanfaí, mura mbeadh fo-alt (1) den alt seo, é a íoc isteach sa Chuntas a fhoirceanntar leis an bhfo-alt sin as an gCiste Ráthaíochta, déileálfar leis mar a leanas:

(a) íocfar díreach amach as an gCiste Ráthaíochta airgead i leith an deontais thalmhaíochta (lena n-áirítear na deontais fhorlíontacha) is iníoctha faoi na hAchtanna um Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta (Faoiseamh), 1939 go 1959, agus faoi alt 48 den Local Government (Ireland) Act, 1898,

(b) úsáidfear airgead eile chun muirir ar an gCiste Ráthaíochta a íoc.

(3) I bhfo-alt (2) den alt seo, ciallaíonn “an Ciste Ráthaíochta” an Ciste a bunaíodh le halt 5 den Purchase of Land (Ireland), Act, 1891.

(4) Cúlghairtear leis seo Airteagal 2 den Ordú um Dheona Diúité Estáit, 1927.

(5) Aon liúntas a bhí, de réir an Acht Cúitimh Oifigeacha Áitiúla (Tréimhse Chogaidh), 1924 , iníoctha díreach roimh an 1ú lá d'Aibreán, 1962, as an gCuntas a fhoirceanntar le fo-alt (1) den alt seo, beidh sé iníoctha an lá sin agus ón lá sin amach as an bPríomh-Chiste.

(6) Measfar gur tháinig an t-alt seo i ngníomh an 1ú lá d'Aibreán, 1962.

Díolúintí áirithe ó cháin bhrabús corparáide a leanúint ar aghaidh.

1929, Uimh. 32 .

21. —Déanfar na díolúintí ó cháin bhrabús corparáide a shonraítear i bhfo-alt (1) d'alt 33 den Acht Airgid, 1929 , a thabhairt in aghaidh na tréimhse dar tosach an 1ú lá d'Eanáir, 1962, agus dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1964.

Orduithe faoin Acht d'Fhorchur Dleacht, 1957 .

1957, Uimh. 7 .

22. —(1) Folóidh cumhacht an Rialtais chun orduithe a dhéanamh faoi alt 1 den Acht d'Fhorchur Dleacht, 1957 , cumhacht—

(a) chun orduithe a dhéanamh ag ordú foirm cháinliosta custam trína bhféadfar earraí a aicmiú chun críocha dleachtanna custam agus chun aon chríche eile agus chun foráil dá réir sin a dhéanamh chun earraí a aicmiú in aon slí a fheicfear don Rialtas a bheith caothúil ag féachaint do na dleachtanna custam a forchuireadh nó a fhorchuirfear faoin Acht sin, do dhleachtanna custam eile, d'aon díolúine ó dhleacht custam, nó cáiliú nó teorannú ar dhleacht custam dá bhforáiltear le haon Acht nó faoi, agus d'aon chomhaontú idirnáisiúnta a bhainfidh le cúrsaí custam, agus

(b) aon fhoirm cháinliosta custam a ordófar de bhua an fho-ailt seo a chur faoi chúram agus bainistí na gCoimisinéirí Ioncaim,

agus folóidh cumhacht an Rialtais chun orduithe faoin alt sin 1 a chúlghairm nó a leasú cumhacht chun orduithe a rinneadh de bhua an fho-ailt seo a chúlghairm nó a leasú.

(2) Folóidh cumhacht an Aire Airgeadais chun orduithe a dhéanamh faoi alt 3 den Acht d'Fhorchur Dleacht, 1957 , a dúradh, cumhacht chun orduithe a dhéanamh (gan an toiliú dá bhforáiltear san alt sin)—

(a) ag leasú nó ag cúlghairm orduithe a rinneadh de bhua fo-alt (1) den alt seo i gcás inarb é cúspóir na leasuithe nó na cúlghairme leasú a dhéanamh ar aon aicmiú earraí (cibé acu atá nó nach bhfuil siad faoi réir dleachta lena mbaineann an t-alt sin 3) i bhfoirm cháinliosta custam arna hordú de bhua an fho-ailt sin (1) a leasú agus nach bhforchuireann siad dleacht custam ar earra nach bhfuil faoi réir dleachta i slí eile nó nach ndéanann siad an ráta ar dá réir is inmhuirir dleacht custam ar earra a athrú in aon slí nó cuma ar bith nó go ndéanann siad foráil, maidir le hearra nach bhfuil faoina réir i slí eile, le haghaidh aon choinníoll, teorainn, aistarraingt, liúntas, díolúine, nó ráta fabhair i ndáil le dleacht custam nó go ndéanann siad aon choinníoll, teorainn, aistarraingt, liúntas, díolúine nó ráta fabhair den sórt sin a fhoirceannadh nó a athrú in aon slí nó cuma ar bith i ndáil le hearra, agus

(b) ag déanamh foráil le haghaidh aon leasuithe iarmartacha ar ordú a rinneadh de bhua an fho-ailt sin (1) is gá de dhroim orduithe a dhéanamh faoin alt sin 3,

agus folóidh cumhacht an Aire Airgeadais chun orduithe faoin alt sin 3 a chúlghairm nó a leasú cumhacht chun orduithe a rinneadh de bhua an fho-ailt seo a chúlghairm nó a leasú (gan an toiliú dá bhforáiltear san alt sin).

(3) (a) Folóidh cumhacht an Rialtais chun orduithe a dhéanamh faoi mhíreanna (b), (e) agus (g) d'alt 1 den Acht d'Fhorchur Dleacht, 1957 , a dúradh, cumhacht chun orduithe a dhéanamh ag cur coinníollacha, teorainneacha, liúntais, díolúintí nó rátaí fabhair chun feidhme maidir le haon dleacht custam, dleacht máil nó dleacht stampa, a bhí i bhfeidhm ar dháta an Achta seo a rith nó a forchuireadh le haon Acht a ritheadh nó ordú a rinneadh tar éis an tAcht seo a rith agus folóidh cumhacht an Rialtais chun orduithe a dhéanamh faoi na míreanna sin (b) agus (e) cumhacht chun orduithe a dhéanamh ag cur aistarraingrí chun feidhme maidir le haon dleacht custam nó dleacht máil den sórt sin, agus folóidh cumhacht an Rialtais chun orduithe faoin alt sin 1 a chúlghairm nó a leasú cumhacht chun orduithe a rinneadh de bhua an fho-ailt seo a chúlghairm nó a leasú.

(b) Leasaítear leis seo alt 1 den Acht d'Fhorchur Dleachta, 1957, a dúradh, trí—

(i) “aistarraingtí” a chur isteach i mír (d) i ndiaidh “tórainneacha”, agus

(ii) “aistarraingt” a chur isteach i mír (e) i ndiaidh “tórainn,”.

Aisghairm.

23. —(1) (a) Déantar leis seo an t-achtachán a shonraítear i gcolún (2) de Chuid I den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún 3 den Chuid sin.

(b) Measfar gur tháinig mír (a) den fho-alt seo i ngníomh an 1ú lá d'Aibreán, 1962.

(2) Déantar leis seo an t-achtachán a shonraítear i gcolún (2) de Chuid II den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo le aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Chuid sin.

Cúram agus bainistí cánacha agus dleachtanna.

24. —Cuirtear faoi chúram agus bainistí na gCoimisinéirí Ioncaim leis seo na cánacha agus na dleachtanna uile a fhorchuirtear leis an Acht seo.

Gearrtheideal, forléiriú agus tosach feidhme.

1920, c. 18.

25. —(1) Féadfar an tAcht Airgeadais, 1962 , a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar Cuid I den Acht seo a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Ioncaim.

(3) Déanfar Cuid II den Acht seo, a mhéid a bhaineann sí le dleachtanna custam, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Custam agus déanfar, a mhéid a bhaineann sí le dleachtanna máil, í a fhorléiriú i dteannta na Reachtanna a bhaineann leis na dleachtanna máil agus le bainistí na ndleachtanna sin.

(4) Déanfar Cuid III den Acht seo, a mhéid a bhaineann sí le cáin ioncaim (lena n-áirítear forcháin) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Ioncaim agus déanfar, a mhéid a bhaineann sí le cáin bhrabús corparáide, í a fhorléiriú i dteannta Chuid V den Finance Act, 1920, agus na n-achtachán a leasaíonn nó a leathnaíonn an Chuid sin.

(5) Measfar gur tháinig Cuid I den Acht seo i ngníomh an 6ú lá d'Aibreán, 1962, agus beidh éifeacht aici amhail ar an agus ón lá sin.

(6) Ach amháin i gcás ina n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, forléireofar aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán eile mar thagairt don achtachán sin arna leasú le haon achtachán eile, lena n-áirítear an tAcht seo, nó faoi.

AN CHEAD SCEIDEAL.

Biotáille (rátaí gnáth-dhleachta custam).

Alt 4.

An Saghas Biotáille

Rátaí Fabhair

Lán-rátaí

(1)

(2)

(3)

£

s.

d.

£

s.

d.

Ar gach galún de bhiotáille chumhraithe

15

5

10

15

9

10

Ar gach galún de licéirí, coirdéil, meascáin agus ullmhóidí eile sa bhuidéal a thaifeadtar i slí a léireoidh nach bhfuil an

neart le tástáil

..

..

..

..

12

18

1

13

1

5

Ar gach galún, arna ríomh do réir phrofa, d'aon saghas biotáille nár luadh cheana, lena n-áirítear nafta agus alcól meithleach arna n-íonú chun iad a dhéanamh inóil, agus meascáin agus ullmhóidí ina

bhfuil biotáille

..

..

..

..

9

11

7

9

14

1

AN DARA SCEIDEAL.

Dleachtanna ar thobac.

Alt 5.

Cuid I.

Custaim.

Tobac Neamhmhonaraithe:—

£

s.

d.

má bhíonn sé scúite nó díloirgnithe:—

agus 10 lb. nó níos mó de fhliuchra i ngach 100 lb.

meáchain de

..

..

..

..

an lb.

2

13

2

agus níos lú ná 10 lb. de fhliuchra i ngach 100 lb.

meáchain de

..

..

..

..

,,

2

19

1

mura mbíonn sé scúite nó díloirgnithe:—

agus 10 lb. nó níos mó de fhliuchra i ngach 100 lb.

meáchain de

..

..

..

..

,,

2

13

agus níos lú ná 10 lb. de fhliuchra i ngach 100 lb.

meáchain de

..

..

..

..

,,

2

19

Lán-ráta

Ráta Fabhair

£

s.

d.

£

s.

d.

Tobac Monaraithe:—

todóga

..

..

..

..

an lb.

3

7

6

2

16

3

toitíní

..

..

..

..

,,

3

5

6

2

14

7

CavendishNegrohead

..

,,

3

7

0

2

15

10

CavendishNegrohead a monaraíodh faoi bhanna

..

,,

3

6

6

2

15

5

tobac monaraithe eile

..

..

,,

3

5

0

2

14

2

Snaois a bhfuil níos mó ná 13 lb. de fhliuchra i ngach 100 lb.

meáchain di

..

..

,,

3

4

6

2

13

9

snaois nach bhfuil níos mó ná 13 lb. de fhliuchra i ngach 100 lb.

meáchain di

..

..

,,

3

7

0

2

15

10

Cuid II.

Mál.

Tobac Neamhmhonaraithe:—

£

s.

d.

agus 10 lb. nó níos mó de fhliuchra i ngach 100 lb.

meáchain de

..

..

..

..

..

an lb.

2

12

agus níos lú ná 10 lb. de fhliuchra i ngach 100 lb.

meáchain de

..

..

..

..

..

,,

2

17

10

tobac monaraithe:—

CavendishNegrohead a monaraíodh faoi bhanna

,,

2

14

Cuid III.

Custaim.

Tobac Neamhmhonaraithe:—

£

s.

d.

má bhíonn sé scúite nó díloirgnithe:—

agus 10 lb. nó níos mó de fhliuchra i ngach

100 lb. meáchain de

..

..

..

an lb.

2

14

11

agus níos lú ná 10 lb. de fhliuchra i ngach

100 lb. meáchain de

..

..

..

,,

3

1

0

mura mbíonn sé scúite nó díloirgnithe:—

agus 10 lb. nó níos mó de fhliuchra i ngach 100 lb.

meáchain de

..

..

..

..

..

,,

2

14

10½

agus níos lú ná 10 lb. de fhliuchra i ngach 100 lb.

meáchain de

..

..

..

..

..

,,

3

0

11½

Lán-ráta

Ráta Fabhair

£

s.

d.

£

s.

d.

Tobac Monaraithe:—

todóga

..

..

..

an lb.

3

9

6

2

17

11

toitíní

..

..

..

,,

3

7

6

2

16

3

CavendishNegrohead

..

,,

3

9

0

2

17

6

CavendishNegrohead a

monaraíodh faoi bhanna

..

,,

3

8

6

2

17

1

tobac monaraithe eile

..

,,

3

7

0

2

15

10

snaois a bhfuil níos mó ná 13 lb. de fhliuchra i ngach 100 lb.

meáchain di

..

..

,,

3

6

6

2

15

5

snaois nach bhfuil níos mó ná 13 lb. de fhliuchra i ngach 100 lb.

meáchain di

..

..

,,

3

9

0

2

17

6

Cuid IV.

Mál.

£

s.

d.

Tobac Neamhmhonaraithe:—

agus 10 lb. nó níos mó de fhliuchra i ngach 100 lb. méáchain

de

..

..

..

..

..

..

..

..

an lb.

2

13

agus níos lú ná 10 lb. de fhliuchra i ngach 100 lb. meáchain

de

..

..

..

..

..

..

..

..

,,

2

19

9

Tobac Monaraithe:—

CavendishNegrohead a monaraíodh faoi bhanna

..

,,

2

15

AN TRIU SCEIDEAL.

Achtacháin a Aisghairtear.

Alt 23.

Cuid I.

Seisiún agus Caibidil

Gearrtheideal

Méid na hAisghairme

(1)

(2)

(3)

54 & 55 Vic., c. 48.

Purchase of Land (Ireland) Act, 1891.

Fomhír (ii) de mhír (a) d'fho-alt (1) d'alt 5.

Cuid II.

Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Méid na hAisghairme

(1)

(2)

(3)

Uimh. 28 de 1935 .

An tAcht Airgid, 1935 .

Mír (c) d'fho-alt (7) d'alt 21.