26 1962


Uimhir 26 de 1962.


AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (SEIRBHÍSÍ SLÁINTÍOCHTA), 1962.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (SEIRBHÍSÍ SLÁINTÍOCHTA), 1878 GO 1952. [8 Lúnasa, 1962.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

Mínithe.

1. —(1) San Acht seo ciallaíonn “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúil.

(2) Aon tagairt atá san Acht seo d'aon fhoráil a shárú folaíonn sí, mar ar iomchuí sin, tagairt don fhoráil sin a shárú trí mhainniú nó diúltiú déanamh dá réir.

Deontais ón Aire.

2. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, agus faoi réir rialachán arna ndéanamh faoin alt seo, deontais a thabhairt as airgead a sholáthróidh an tOireachtas do dhaoine a sholathróidh agus a fheisteoidh soláthairtí uisce príobháideacha nó saoráidí séarachta príobháideacha i dtithe cónaithe i gcás inar tar éis an 1ú lá d'Aibreán, 1962, a thosófar ar an soláthar nó an feistiú.

(2) I gcás ina dtabharfaidh an tAire deontas faoin alt seo, ní dhéanfar luacháil an tionóntáin arb éard é nó ina bhfuil an teach cónaithe, nó luacháil aon cheann de na tionontáin arb éard é nó ina bhfuil na tithe cónaithe, ar aon luacháil nó athbhreithniú luachála ar an gcéanna a theacht i bhfeidhm laistigh de sheacht mbliana tar éis an soláthar nó an feistiú a bheith críochnaithe, a mhéadú mar gheall ar aon mhéadú ar luach an tionontáin sin de dhroim an tsoláthair agus an fheistithe.

(3) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun críocha an ailt seo.

Deontais ó údarás sláintíochta.

3. —(1) Féadfaidh údarás sláintíochta, faoi réir rialacháin arna ndéanamh faoin alt seo, deontais a thabhairt do dhaoine a sholáthróidh agus a fheisteoidh soláthairtí uisce príobháideacha nó saoráidí séarachta príobháideacha i dtithe cónaithe i gcás inar tar éis an 1ú lá d'Aibreán, 1962, a thosófar ar an soláthar nó an feistiú.

(2) I gcás ina dtabharfaidh údarás sláintíochta deontas faoin alt seo, ní dhéanfar luacháil an tionóntáin arb éard é nó ina bhfuil an teach cónaithe, nó luacháil aon cheann de na tionóntáin arb éard é nó ina bhfuil na tithe cónaithe, ar aon luacháil nó athbhreithniú luachála ar an gcéanna a theacht i bhfeidhm laistigh de sheacht mbliana tar éis an soláthar nó an feistiú a bheith críochnaithe, a mhéadú mar gheall ar aon mhéadú ar luach an tionóntáin sin de dhroim an tsoláthair agus an fheistithe.

(3) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, ranníoc a thabhairt as airgead a sholáthróidh an tOireachtas i leith aon chaiteachais faoina rachaidh údarás sláintíochta ag íoc deontas faoin alt seo.

(4) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun críocha an ailt seo.

Airleacain ó údarás sláintíochta.

4. —(1) Féadfaidh údarás sláintíochta airleacain a thabhairt do dhaoine a sholáthróidh agus a fheisteoidh soláthairtí uisce príobháideacha nó saoráidí séarachta príobháideacha i dtithe cónaithe i gcás inar tar éis an 1ú lá d'Aibreán, 1962, a thosófar ar an soláthar agus an feistiú.

(2) Aon airleacain a thabharfar faoin alt seo tabharfar iad ar cibé téarmaí maidir le haisíoc, ús, urrús agus maidir le haon nithe eile a chinnfidh an t-údarás sláintíochta faoi réir cheadú an Aire arna thabhairt go ginearálta nó i gcásanna áirithe.

Ráthaíochtaí ó údarás sláintíochta.

5. —(1) Féadfaidh údarás sláintíochta airleacain a ráthú a thabharfar do dhaoine a sholáthróidh agus a fheisteoidh soláthairtí uisce príobháideacha nó saoráidí séarachta príobháideacha i dtithe cónaithe i gcás inar tar éis an 1ú lá d'Aibreán, 1962, a thosófar ar an soláthar agus an feistiú.

(2) Aon ráthaíochtaí a thabharfar faoin alt seo tabharfar iad ar cibé téarmaí maidir le hurrús agus maidir le haon nithe eile a chinnfidh an t-údarás sláintíochta faoi réir cheadú an Aire arna thabhairt go ginearálta nó i gcásanna áirithe.

Gnóthais séarachta agus oibreacha uisce a cheannach.

1878, c. 52.

1960, Uimh 40.

6. —(1) Leasaítear leis seo alt 202 den Public Health (Ireland) Act, 1878,—

(a) trí “and may, for the purpose of drainage or sewage disposal, purchase either within or without their district any sewerage undertaking;” a chur isteach roimh “and may”;

(b) trí “or any waterworks” a chur isteach roimh “or any water”;

(c) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndeireadh an ailt:

“In this section ‘sewerage undertaking’ includes sewers, drains, pumps, tanks, sluices, culverts and engines, and all machinery, lands, buildings and things for the purpose of drainage or sewage disposal.”

(2) Faoi réir mhír (i) d'fho-alt (5) den alt seo, is foras bailí le hagóid a dhéanamh in aghaidh ordú ceannaigh éigeanta a dhéanfar de bhua an ailt seo i leith aon ghnóthais séarachta nó aon oibreacha uisce nach ceannach riachtanach é le haghaidh an tsláinte phoiblí a chosaint ná le haghaidh saoráidí séarachta nó soláthar uisce feabhsaithe agus, má dhéantar agóid den sórt sin agus gurb é tuairim an Aire, tar éis an agóid agus tuarascáil an duine a sheolfaidh an fiosrú maidir leis an ordú a bhreithniú, nach ceannach riachtanach é le haghaidh an tsláinte phoiblí a chosaint ná le haghaidh saoráidí séarachta nó soláthar uisce feabhsaithe, ní dhaingneofar an t-ordú.

(3) (a) I gcás—

(i) ina ndéanfaidh na daoine go léir nó tromlach na ndaoine a bheidh i dteideal aon ghnóthas séarachta nó oibreacha uisce a dhíol trí chomhaontú le húdarás sláintíochta a iarraidh ar an údarás sláintíochta an gnóthas séarachta nó na hoibreacha uisce a cheannach, agus

(ii) go mbeidh an gnóthas séarachta nó na hoibreacha uisce i ndea-ordú agus i ndea-dheis,

beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:

(I) i gcás ina dtiocfaidh an t-iarratas ó na daoine sin go léir agus go gcomhaontóidh siad sin agus an t-údarás sláintíochta ar na téarmaí ar a ndéanfar an ceannach, beidh sé d'oibleagáid ar an údarás sláintíochta an gnóthas séarachta nó na hoibreacha uisce a cheannach ar na téarmaí sin,

(II) in aon chás eile, beidh sé d'oibleagáid ar an údarás sláintíochta a gcumhachtaí ceannaigh éigeanta a fheidhmiú ag ceannach an ghnóthais séarachta nó na n-oibreacha uisce.

(b) Aon díospóid a tharlóidh maidir leis an bhfo-alt seo i dtaobh aon ghnóthas séarachta nó aon oibreacha uisce a bheith i ndea-ordú agus i ndea-dheis cuirfear í faoi bhráid an Aire lena cinneadh.

(4) (a) Más rud é, i gcás údarás sláintíochta do cheannach aon ghnóthais séarachta nó aon oibreacha uisce go héigeanta, gur trí eadráin a bheidh cinneadh á dhéanamh ar an gcúiteamh a bheidh le híoc le héilitheoir ar tugadh aon deontas iomchuí dó maidir leis an ngnóthas séarachta nó leis na hoibreacha uisce, cuirfidh an t-eadránaí san áireamh gur tugadh an deontas sin.

(b) Sa mhír sin roimhe seo ciallaíonn “deontas iomchuí” deontas faoin Acht seo, faoi Achtanna na dTithe (Forálacha Airgeadais agus Forálacha Ilghnéitheacha), 1932 go 1960, nó faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht), 1929 go 1959, nó faoi aon scéim arna riaradh ag an Aire Talmhaíochta.

(5) Más rud é, i gcás údarás sláintíochta do cheannach aon ghnóthais séarachta nó oibreacha uisce go héigeanta, gur tharla mainneachtain—

(a) le linn aon íocaíocht phríomhshuime nó úis a bheith á déanamh leis an údarás sláintíochta ar aon airleacan a rinne siad faoin Acht seo maidir leis an ngnóthas séarachta nó leis na hoibreacha uisce, nó

(b) le linn aon íocaíocht a bheith á déanamh leis an údarás sláintíochta i leith aon íocaíocht a thug an t-údarás sláintíochta i ndáil le haon ráthaíocht a thug siad faoin Acht seo maidir leis an ngnóthas séarachta nó leis na hoibreacha uisce, nó i leith úis ar aon íocaíocht den sórt sin, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:

(i) ní bheidh éifeacht ag fo-alt (2) den alt seo,

(ii) i gcás ina mbeidh cúiteamh maidir leis an gceannach le híoc le héilitheoir a mbeidh aon suim dlite dó mar gheall ar aon mhainneachtain mar a dúradh, ansin, más mó an cúiteamh ná an tsuim, féadfaidh an t-údarás sláintíochta cuid den chúiteamh is comhionann leis an tsuim a choinnéail agus í a úsáid chun an tsuim a ghlanadh agus, in aon chás eile, féadfaidh siad an cúiteamh a choinneáil agus é a úsáid chun nó mar chabhair chun an tsuim a ghlanadh.

(6) In alt 10 den Acht Rialtais Áitiúil (Uimh. 2), 1960 , folóidh “talamh” gach rud is féidir a cheannach de bhua alt 202 den Public Health (Ireland) Act, 1878, arna leasú leis an alt seo.

Cumhacht chun táillí i leith uisce a ghearradh agus a shocrú.

1878, c. 52.

7. —Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur isteach san Public Health (Ireland) Act, 1878, i ndiaidh alt 65:

“65A. (1) A sanitary authority may make charges for water supplied by them, but an urban sanitary authority shall not make a charge for a supply of water for domestic purposes supplied within their district except where the supply constitutes the whole or part of—

(a) a supply to any premises which are used wholly or in part for any business, trade or manufacture,

(b) a supply to any hospital, sanatorium, county home, home for persons suffering from physical or mental disability, maternity home, convalescent home, preventorium, laboratory, clinic, health centre, dispensary or any similar institution, or

(c) a supply to any club.

(2) A charge under this section may be fixed from time to time by reference to any one or more of the following:

(a) the quantity of water supplied,

(b) the rateable valuation of the premises supplied,

(c) the purposes for which the water is required,

(d) the description of the premises supplied,

(e) any other matter which the sanitary authority consider suitable,

and may be so fixed either without or subject to any maximum or minimum limit.

(3) Any person aggrieved by the amount of any charge fixed by an urban sanitary authority under this section for a supply of water such as is referred to in paragraph (a), (b) or (c) of subsection (1) of this section may, within twelve months after the fixing thereof, appeal against the charge to the Minister, and the Minister may either refuse the appeal or vary the charge.

(4) (a) Where—

(i) any waterworks are acquired by a sanitary authority, and

(ii) there are premises which, immediately before the acquisition, were supplied with water from the waterworks,

the Minister may determine limits for the charges which, during a specified period ending not later than twenty years after the acquisition, may be fixed for water supplied from the waterworks to those premises and, upon such determination having been made, the foregoing provisions of this section shall have effect subject to the determination.

(b) Limits shall not be determined under this subsection in relation to a waterworks acquired by agreement save at the request of the sanitary authority or of any person from whom the waterworks or any part thereof was acquired.

(5) Where a charge under this section is by reference to the quantity of water supplied, the sanitary authority are hereby authorised to supply the water by measure and the supply shall be taken by meter.

(6) A charge under this section shall be paid by and recoverable from the person to whom the water is supplied.

(7) A charge under this section for water supplied otherwise than by measure shall be payable in advance by equal halfyearly instalments on the 1st day of April and the 1st day of October and, in default of being paid within two months after becoming payable, shall be recoverable as a simple contract debt in any court of competent jurisdiction.

(8) A charge under this section for water supplied by measure shall be payable on demand by the sanitary authority and, in default of being so paid, shall be recoverable as a simple contract debt in any court of competitent jurisdiction.

(9) A sanitary authority may discontinue a supply of water in respect of which a charge under this section remains unpaid after the expiration of two months after the charge has become payable and—

(a) the cost of the discontinuance shall be recoverable in any proceedings for the recovery of the charge,

(b) the cost of re-connection shall be payable by the person liable for the charge.

(10) References in this Act, or in any Act incorporated with or amending this Act, to water rates or water rents shall be construed as references to charges under this section.

(11) Any reference in this Act, or in any Act incorporated with or amending this Act, to a supply of water for domestic purposes shall be construed as a reference to a supply of water for ordinary household purposes (for example, drinking, washing and sanitation), whether the supply is or is not to a dwellinghouse, but exclusive of—

(a) a supply for agriculture or horticulture,

(b) a supply for any trade, industry or business,

(c) a supply for any purpose incidental to a dwellinghouse or private garden (including washing a private vehicle) if the water is drawn otherwise than from a tap inside a dwelling-house or if a hosepipe or similar apparatus is used,

(d) a supply for central heating other than central heating of a dwelling-house,

(e) a supply for apparatus depending while in use upon a supply of continuously running water, not being an apparatus used solely for heating water.”

É bheith d'oibleagáid ceangal le córas séarachta poiblí nó le córas soláthair uisce poiblí.

1878, c. 52.

8. —(1) I gcás—

(a) ina mbeidh údarás sláintíochta tar éis córas séarachta poiblí a sholáthar, agus

(b) gurb é tuairim an údaráis, maidir le haon áitreabh gceantar an údaráis—

(i) nach bhfuil an draenáil uaidh sásúil, agus

(ii) gur féidir an córas séarachta a chur i bhfreastal dó le ceangal nach faide ná céad troigh ar fhad,

féadfaidh an t-údarás fógra a sheirbheáil ar úinéir an áitribh á ordú go ndéanfar oibreacha sonraithe laistigh de thréimhse shonraithe d'fhonn a áirithiú go bhfreastalóidh an córas séarachta poiblí don áitreabh.

(2) I gcás—

(a) ina mbeidh údarás sláintíochta tar éis córas soláthair uisce poiblí a sholáthar, agus

(b) gurb é tuairim an údaráis, maidir le haon áitreabh i gceantar an údaráis—

(i) nach bhfuil soláthar sásúil uisce ag gabháil leis, agus

(ii) gur féidir an córas soláthair uisce poiblí a chur i bhfreastal dó le ceangal nach faide ná céad troigh ar fhad,

féadfaidh an t-údarás fógra a sheirbheáil ar úinéir an áitribh á ordú go ndéanfar oibreacha sonraithe laistigh de thréimhse shonraithe d'fhonn a áirithiú go bhfreastalóidh an córas soláthair uisce poiblí don áitreabh.

(3) Maidir leis na hoibreacha a ordófar le fógra faoin alt seo sonróidh an fógra an chuid díobh a bheidh le déanamh faoi fho-alt (11) den alt seo ag an údarás sláintíochta.

(4) An duine ar a seirbheálfar fógra faoin alt seo féadfaidh sé, laistigh de mhí ón dáta a sheirbheálfar an fógra air, achomharc ina choinne a dhéanamh chun na Cúirte Dúiche.

(5) Tabharfar fógra achomhairc faoin alt seo don údarás sláintíochta, agus beidh an t-údarás sin i dteideal láithriú agus éisteacht a fháil nuair a bheidh an t-achomharc á éisteacht.

(6) Ar achomharc faoin alt seo a éisteacht, féadfaidh an Chúirt Dúiche, mar is cuí léi—

(a) an fógra a dhaingniú go neamhchoinníollach,

(b) an fógra a dhaingniú faoi réir cibé modhnuithe, athruithe nó breisithe is dóigh leis an gCúirt a bheith réasúnach, nó

(c) an fógra a neamhniú.

(7) Ní bheidh aon ábhar achomhairc ann ó bhreith na Cúirte Dúiche ar achomharc faoin alt seo.

(8) Glacfaidh fógra faoin alt seo (seachas fógra a mbeifear tar éis é a neamhniú) éifeacht—

(a) i gcás nach ndéanfar aon achomharc nó i gcás ina ndéanfar achomharc agus go dtarraingeofar siar é laistigh de mhí ón dáta a sheirbheálfar an fógra, ar mhí a bheith caite ó dháta an fhógra a sheirbheáil,

(b) i gcás ina ndéanfar achomharc agus nach dtarraingeofar siar amhlaidh é, nuair a bheifear tar éis an t-achomharc a tharraingt siar nó a chinneadh.

(9) (a) Faoi réir forálacha an fho-ailt seo, i gcás ina mbeifear tar éis fógra faoin alt seo (seachas fógra a mbeifear tar éis é a neamhniú) a sheirbheáil ar an duine a bhí, nuair a seirbheáladh an fógra air, ina úinéir ar an áitreabh lena mbaineann an fógra agus nach mbeifear tar éis tosú ar na hoibreacha, nó, má bhítear tar éis tosú orthu, nach mbeidh siad críochnaithe, laistigh den tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra nó laistigh de cibé tréimhse fhadaithe a cheadóidh an t-údarás sláintíochta, beidh an duine sin ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpunt a chur air.

(b) I gcás ina mbeidh duine a dtionscnófar imeachtaí ina choinne faoin bhfo-alt seo tar éis scor, tráth éigin roimh dheireadh na tréimhse sin a shonrófar san fhógra chun déanamh de réir an fhógra (nó cibé tréimhse fhadaithe a cheadóidh an t-údarás sláintíochta chun déanamh de réir an fhógra), de bheith ina úinéir ar an áitreabh, beidh teideal aige, ar ghearán a dhéanamh aige go cuí agus ar fhógra trí lá glan ar a laghad a thabhairt do lucht an chúisimh á rá go bhfuil sin ar intinn aige, a chur faoi deara an duine a tháinig an tráth sin chun bheith ina úinéir ar an áitreabh a thabhairt os comhair na Cúirte sna himeachtaí.

(c) Más rud é, tar éis é a bheith cruthaithe nár tosaíodh nó nár críochnaíodh mar a dúradh na hoibreacha a ordaíodh leis an bhfógra, go gcruthóidh an cosantóir bunaidh gurbh é mainneachtain an duine eile sin ba chúis go hiomlán nó go páirteach leis na hoibreacha sin a bheith gan tosú nó gan chríochnú go cuí, féadfar an duine eile sin a chiontú sa chion agus, má chruthaíonn an cosantóir bunaidh freisin go ndearna sé gach beart réasúnach chun a áirithiú go ndéanfaí de réir an fhógra, éigiontófar é sa chion.

(d) Más rud é, tar éis duine a chiontú faoin bhfo-alt seo, nach ndéanfaidh sé, a luaithe is féidir, gach rud ar a chumas chun a áirithiú go ndéanfar de réir an fhógra, beidh sé ciontach i gcion eile agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil a chur air nach mó ná dhá phunt in aghaidh gach lae tar éis a chéad chiontaithe a bheidh aon ní d'ordaigh an fógra san chomhlíonadh.

(e) I míreanna (a) agus (c) den fho-alt seo, déanfar an tagairt do na hoibreacha a ordófar leis an bhfógra a fhorléiriú, i gcás ina ndéanfaidh an fógra iomchuí, maidir leis na hoibreacha a ordófar leis, aon chuid díobh a bheidh le déanamh faoi fho-alt (11) den alt seo ag an údarás sláintíochta a shonrú ar leithligh, mar thagairt don méid sin de na hoibreacha a ordófar leis an bhfógra sin agus nach mbeidh sonraithe amhlaidh.

(f) Chun críocha an fho-ailt seo, i gcás duine arbh é, ar leithligh ón mír seo, úinéir áitribh é de dhroim cíos a fháil, measfar nach é an t-úinéir sin é más mar gníomhaire thar ceann duine eile a fhaigheann sé an cíos.

(10) Más rud é, ar ghearán ó úinéir aon áitribh, go bhfeicfear don Chúirt Dúiche go bhfuil duine ag a bhfuil leas in áitreabh, seachas úinéir an áitribh, ag bac an úineara ó oibreacha a dhéanamh a bheidh ordaithe a dhéanamh le fógra faoin alt seo, féadfaidh an Chúirt a ordú don duine sin cead a thabhairt na hoibreacha sin a dhéanamh, agus, má sháraíonn an duine an t-ordú sin, beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpunt a chur air agus, má leantar den sárú tar éis an chiontaithe, beidh sé ciontach i gcion eile agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná dhá phunt a chur air in aghaidh gach lae a leanfar den sárú.

(11) (a) I gcás ina n-ordófar le fógra faoin alt seo oibreacha a dhéanamh ar cuid díobh píopa a leagan síos a ghabhfaidh trí thalamh nach é a úinéir úinéir an áitribh lena mbainfidh an fógra, déanfaidh an t-údarás sláintíochta a sheirbheáil an fógra an oiread sin den phíopa agus a bheidh ag gabháil tríd an talamh sin a leagan síos iad féin.

(b) D'fhonn píopa a leagan síos faoin bhfo-alt seo, beidh na cumhachtaí a luaitear in alt 18 den Public Health (Ireland) Act, 1878, ag údarás sláintíochta amhail is dá mba shéarach an píopa agus, ar aon chumhacht den sórt sin a fheidhmiú, dlífidh an t-údarás sin cibé cúiteamh (más aon chúiteamh é) a íoc a dhlífí a íoc dá mba faoin alt sin a fheidhmeofaí an chumhacht.

Píopaí áirithe a sholáthar.

1878, c. 52.

9. —(1) Féadfaidh údarás sláintíochta, más cuí leo sin, na nithe seo a leanas a sholáthar nó ranníoc a dhéanamh i leith costais a soláthair:—

(a) píopaí seirbhíse nó codanna de phíopaí seirbhíse le haghaidh uisce a sholáthar ó phríomhphíopa uisce chun aon áitribh,

(b) píopaí draenála nó codanna de phíopaí draenála le haghaidh draenáil aon áitribh isteach i séarach nó aon áit eile.

(2) D'fhonn aon phíopa a sholáthar faoin alt seo, beidh na cumhachtaí a luaitear in alt 18 den Public Health (Ireland) Act, 1878, ag údarás sláintíochta amhailisdá mba shéarach an píopa, ach—

(a) maidir leis na cumhachtaí a luaitear san alt sin mar chumhachtaí is infheidhmithe tar éis fógra a thabhairt, ní fheidhmeofar iad ach amháin i gcás—

(i) a mbeidh áitreabh ann a bhféadfadh an t-údarás sláintíochta fógra a sheirbheáil ina leith faoi fho-alt (1) nó fo-alt (2) d'alt 8 den Acht seo mura mbeadh gur ghá ceangal níos faide ná céad troigh ar fhad chun go ndéanfadh an córas séarachta nó an córas soláthair uisce freastal don áitreabh, agus

(ii) go bhfuil an píopa beartaithe chun an córas sin a shíneadh go dtí pointe atá céad troigh nó níos lú, ach nach bhfuil níos gaire ná caoga troigh, ón áitreabh, agus

(b) ar aon chumhacht den sórt sin a fheidhmiú, dlífidh an t-údarás sláintíochta cibé cúiteamh (más aon chúiteamh é) a íoc a dhlífí a íoc dá mba faoin alt sin a fheidhmeofaí an chumhacht.

Truailliú an atmasféir a rialú.

10. —(1) Féadfaidh an tAire, d'fhonn glaine an atmasféir a áirithiú nó baol do shláinte nó díobháil do thaitneamhacht ó ábhair thruaillithe an atmasféir a chosc, rialacháin a dhéanamh chun truailliú an atmasféir a rialú.

(2) Féadfar, go sonrach, agus gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, foráil a chur i rialacháin faoin alt seo faoi gach ní nó aon ní acu seo a leanas:

(a) rialú a dhéanamh ar fhoinsí truaillithe an atmasféir, ar a n-áirítear scéitheadh deataigh, deannaigh, grin nó gáis;

(b) a mbunú agus a n-obiriú seo a leanas a rialáil, eadhon—

(i) trádála,

(ii) oibreacha ceimiceacha agus oibreacha eile, agus

(iii) próiseanna (lena n-áirítear iarmhar a dhiúscairt), a fhéadfadh a bheith ina bhfoinsí truaillithe atmasféir ó dheatach, deannach, grean nó gásanna docharacha nó colúla;

(c) uas-tiúchain ábhar truaillithe sonraithe san atmasféar a shonrú;

(d) scéitheadh ábhar truaillithe amach san atmasféar a thomhas;

(e) scéitheadh ábhar truaillithe amach san atmasféar a iniúchadh, agus eolas a fháil ina thaobh sin;

(f) truailliú atmasféir a thástáil, a thomhas agus a iniúchadh;

(g) foinsí a rialáil a fhéadfadh bheith ina bhfoinsí truaillithe atmasféir ó ábhair raidghníomhacha;

(h) bealaí áirithe chun rialú a dhéanamh ar thruailliú atmasféir a shonrú do limistéir áirithe;

(i) daoine a cheadúnú a bheidh ag gabháil d'oibreacha nó do phróiseanna sonraithe, ar oibreacha nó próiseanna iad a scaoileann ábhair thruaillithe amach san atmasféar, agus daoine seachas daoine ceadúnaithe a thoirmeasc ó bheith ag gabháil d'oibreacha nó do phróiseanna den sórt sin;

(j) áitribh a cheadúnú as a scaoiltear ábhair thruaillithe amach san atmasféar, agus toirmeasc a chur le hábhair thruaillithe a scaoileadh amach san atmasféar ó áitribh seachas áitribh cheadúnaithe;

(k) ceadúnais a chealú nó a fhionraí;

(l) táillí a fhorchur chun críocha na rialachán nó chun críocha seirbhísí a dhéanfar fúthu.

(3) Ní dhéanfaidh an tAire rialacháin faoin alt seo i leith nithe a bhaineann le gníomhaíochtaí tionscail ach amháin tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Tionscail agus Tráchtála agus ní dhéanfar amhlaidh rialacháin i leith na nithe dá dtagraítear i mír (g) d'fho-alt (2) den alt seo ach amháin tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Sláinte.

(4) Féadfaidh rialacháin faoin alt seo foráil a dhéanamh le haghaidh Breithiúna den Chúirt Dúiche do chomhlíonadh feidh meanna chun críocha na rialachán, is feidhmeanna a bhainfidh le ní ar bith acu seo a leanas:

(a) cealú nó fionraí ceadúnas ag údaráis sláintíochta a neamhniú nó a dhaingniú,

(b) a ordú d'údaráis sláintíochta daoine nó áitribh a cheadúnú i gcúinsí sonraithe.

(5) (a) Beidh gach duine acu seo a leanas ina oifigeach údaraithe chun críocha an ailt seo:

(i) oifigeach don Aire arna cheapadh i scríbhinn ag an Aire chun bheith ina oifigeach údaraithe chun críocha an ailt seo,

(ii) oifigeach d'údarás sláintíochta arna cheapadh i scríbhinn ag bainisteoir an údaráis sin chun bheith ina oifigeach údaraithe chun críocha an ailt seo.

(b) Faoi réir na chéad mhíre eile, féadfaidh oifigeach údaraithe (agus cibé cúntóirí is cuí leis ina theannta nó ina aonar), gach tráth réasúnach, dul isteach in áitreabh ar bith agus é a iníuchadh chun go bhfaighidh sé amach—

(i) a ndéantar nó a ndearnadh aon sárú ar aon fhoráil de rialacháin faoin alt seo, san áitreabh nó i ndáil leis,

(ii) méid agus cineál aon sáraithe den sórt sin, nó

(iii) an bhfuil cúinsí san áitreabh nó i ndáil leis an áitreabh a thugann gur ghá aon bheart a dhéanamh faoi na rialacháin sin.

(c) Ní rachaidh oifigeach údaraithe isteach in aon áitreabh faoin alt seo mura dtabharfaidh sé ar aird le haghaidh iniúchta ag aon duine a bheidh ag áitiú nó i bhfeighil an áitribh, má iarrann an duine sin air é sin a dhéanamh, a cheapachán i scríbhinn mar oifigeach údaraithe.

(d) Aon duine a choiscfidh nó a bhacfaidh go toiliúil oifigeach údaraithe agus é ag feidhmiú cumhachta a thugtar dó leis an alt seo beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air.

(e) San fho-alt seo—

ciallaíonn “an bainisteoir”—

(i) i gcás inar bardas contae-bhuirge an t-údarás sláintíochta, an bainisteoir chun críocha na nAchtanna a bhaineann le bainistí na buirge,

(ii) in aon chás eile, an bainisteoir chun críocha na nAchtanna um Bainistí Chontae, 1940 go 1955;

folaíonn “áitreabh” long nó árthach.

(6) Aon duine a sháróidh rialachán faoin alt seo nó a bhacfaidh go toiliúil feidhmiú rialacháin faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air agus, má leantar den sárú nó den bhac tar éis an chiontaithe, beidh sé ciontach i gcion eile agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig phunt e chur air in aghaidh gach lae a leanfar amhlaidh den sárú nó dan bhac.

(7) Aon chion a dhéanfar faoin alt seo féadfaidh an tAire nó féadfaidh an t-údarás sláintíochta ar ina gceantar sláintíochta a rinneadh é ionchúiseamh a dhéanamh ina leith.

(8) In aon ionchúiseamh i leith ciona faoin alt seo, ní gá aon cheadúnas faoi rialacháin faoin alt seo a fhrisnéis le fianaise, agus is ar an duine a bheidh ag iarraidh tairbhiú de cheadúnas den sórt sin a bheidh de dhualgas an ceadúnas sin a chruthú.

(9) Chun críocha an ailt seo agus na rialachán faoi, measfar long nó árthach in aon abhainn, cuan, nó uisce eile nach bhfuil laistigh de cheantar údaráis sláintíochta a bheith laistigh de cheantar an údaráis sláintíochta arb é a gceantar is gaire don áit ina bhfuil an long nó an t-árthach.

Rialacháin a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

11. —Gach rialachán a dhéanfar faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá agus fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

Caiteachais an Aire.

12. —Déanfar na caiteachais faoina rachaidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Aisghairm.

13. —Déantar leis seo na hachtacháin a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear sa tríú colún den Sceideal sin.

Tosach feidhme.

14. —Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocrófar chuige sin, le hordú nó orduithe ón Aire, go ginearálta nó maidir le haon chríoch nó foráil áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh chun críocha éagsúla agus forálacha éagsúla den Acht seo.

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

15. —(1) Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1962 , a ghairm den Acht seo.

(2) Forléireofar an tAcht seo agus na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1878 go 1952, mar aon ní amháin.

(3) Féadfar na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1878 go 1962, a ghairm de na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1878 go 1952, agus den Acht seo le chéile.

AN SCEIDEAL.

Achtacháin a Aisghairtear.

Alt 13.

Seisiún agus Cabidil nó Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Méid na hAisghairme

41 & 42 Vic., c. 52.

Public Health (Ireland) Act, 1878.

Mír (2) d'alt 61; alt 66; corprú ailt 44 go 47 agus 68 go 74 den Waterworks Clauses Act, 1847, agus corprú ailt 12 agus 21 den Waterworks Clauses Act, 1863, le halt 67; in alt 68 na focail “to supply water by measure and”; mír 7 d'alt 107 agus an dara coinníoll a ghabhann leis an alt sin.

53 & 54 Vic., c. 59.

Public Health Acts Amendment Act, 1890.

Alt 18.

59 & 60 Vic., c. 54.

Public Health (Ireland) Act, 1896.

Fo-alt (1) d'alt 5.

6 Edw. 7, c. 14.

Alkali, & c. Works Regulation Act, 1906.

An tAcht iomlán.

6 Edw. 7, c. 25.

Open Spaces Act, 1906.

Fo-alt (2) d'alt 21.

Uimh. 3 de 1948 .

An tAcht Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1948 .

Ailt 12 go 17 agus 19 go 25.

Uimh. 31 de 1956 .

Acht na dTithe (Leasú), 1956 .

Alt 11.