|
||||
|
[EN] | ||
Uimhir 37 de 1962. | ||
[EN] |
AN tACHT DÉANTÓIREACHTA SIÚCRA (LEASÚ), 1962. | |
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AN ACHT DÉANTÓIREACHTA SIÚICRE, 1933 . [25 Nollaig, 1962.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:— | ||
[EN] |
Léiriú. |
1. —(1) San Acht seo— |
[EN] | ciallaíonn “fo-chuideachta cheadaithe” cuideachta arna bunú ag an gCuideachta le ceadú an Aire; | |
[EN] | ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Déantóireachta Siúicre, 1933 . | |
[EN] | (2) Forléireofar an Príomh-Acht agus an tAcht seo mar aon Acht amháin. | |
[EN] |
Caipiteal na Cuideachta a mhéadú. |
2. —D'ainneoin aon ní contrártha dó atá sa Phríomh-Acht, nó i Meabhrán Comhlachais nó in Airteagail Chomhlachais na Cuideachta, is dleathach don Chuideachta a scair-chaipiteal a mhéadú go dtí cúig mhilliún punt san iomlán arna roinnt ina chúig mhilliún scair de phunt an ceann agus chuige sin cibé athruithe is gá a dhéanamh ar Mheabhrán Comhlachais agus Airteagail Chomhlachais na Cuideachta. |
[EN] |
An tAire d'fháil scaireanna. |
3. —Féadfaidh an tAire ó am go ham aon aicme nó aicmí scaireanna leis an gCuideachta nó le fo-chuideachta cheadaithe a fháil ó am go ham trí shuibscríobhadh nó ceannach, ach ní rachaidh méid iomlán na scaireanna a bheidh arna bhfáil amhlaidh aon tráth áirithe thar trí mhilliún cúig chéad míle punt (luach ainmniúil). |
[EN] |
Airleacain. |
4. —(1) Féadfaidh an tAire airleacain a thabhairt don Chuideachta nó d'fho-chuideachta cheadaithe le haghaidh a haidhm eanna a chur i gcrích. |
[EN] | (2) Tabharfar airleacain faoin alt seo ar cibé téarmaí i dtaobh aisíoca, úis agus nithe eile a chinnfidh an tAire. | |
[EN] |
Iasachtaí a ráthú. |
5. —(1) (a) Féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, iasacht do chuideachta (dá ngairtear an chuideachta is iasachtaí san alt seo) arb í an Chuideachta í nó fo-chuideachta cheadaithe a ráthú. |
[EN] | (b) San fho-alt seo ní fholaíonn “iasacht” iasacht is inráthaithe faoi alt 8 den Phríomh-Acht. | |
[EN] | (2) Aon uair a ráthóidh an tAire iasacht faoin alt seo, féadfaidh sé a ráthú, i cibé foirm agus slí agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí leis, go ndéanfaidh an chuideachta is iasachtaí príomhshuim na hiasachta a aisíoc go cuí nó go n-íocfar ús ar an iasacht nó go ndéanfar an phríomhshuim sin a aisíoc agus an t-ús sin a íoc. | |
[EN] | (3) I gcás ina dtabharfar nó inar tugadh ráthaíocht faoin alt seo, tabharfaidh an chuideachta is iasachtaí don Aire, má fhoréilíonn an tAire sin, cibé urrús (lena n-áirítear, go háirithe, bintiúirí) a shonrófar san fhoréileamh chun a áirithiú go n-aisíocfar leis an Aire aon airgead a dhlífidh sé a íoc, nó a bheidh íoctha aige, faoin ráthaíocht. | |
[EN] | (4) Déanfaidh an tAire, a luaithe is féidir tar éis deireadh gach bliana airgeadais, ráiteas a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas ina mbeidh na nithe seo a leanas leagtha amach maidir le gach ráthaíocht a tugadh faoin alt seo i rith na bliana sin nó a tugadh am ar bith roimh thosach na bliana sin agus a bhí i bhfeidhm i dtosach na bliana sin— | |
[EN] | (a) sonraí na ráthaíochta, | |
[EN] | (b) i gcás ina mbeidh aon íocaíocht déanta ag an Aire faoin ráthaíocht roimh dheireadh na bliana sin, méid na híocaíochta agus an méid (más aon mhéid é) a aisíocadh leis an Aire ar scór na híocaíochta, | |
[EN] | (c) an méid den phríomhshuim lenar bhain an ráthaíocht agus a bhí gan aisíoc i ndeireadh na bliana sin. | |
[EN] | (5) Aon airgead a íocfaidh an tAire faoi ráthaíocht faoin alt seo déanfaidh an chuideachta is iasachtaí é a aisíoc leis an Aire (maraon le hús air de réir cibé rátaí a cheapfaidh sé) laistigh de dhá bhliain ón dáta a airleacadh an t-airgead as an bPríomh-Chiste. | |
[EN] | (6) I gcás ina mbeidh an t-airgead uile nó aon chuid den airgead a bheidh íoctha ag an Aire faoi ráthaíocht faoin alt seo gan aisíoc de réir fo-alt (5) den alt seo, déanfar an méid a bheidh gan aisíoc amhlaidh a aisíoc leis an bPríomh-Chiste as airgead a sholáthróidh an tOireachtas. | |
[EN] | (7) D'ainneoin airgead a sholáthar faoi fho-alt (6) den alt seo chun méid a aisíoc leis an bPríomh-Chiste, leanfaidh an chuideachta is iasachtaí de bheith faoi dhliteanas don Aire i leith an mhéid sin agus déanfaidh an chuideachta is iasachtaí an méid sin (maraon le hús air de réir cibé rátaí a cheapfaidh an tAire) a aisíoc leis an Aire cibé tráthanna agus i cibé tráthchodanna a cheapfaidh sé agus, mura ndéanfar aisíoc mar a dúradh agus gan dochar d'aon mhodh gnóthaithe eile, beidh sé inghnóthaithe mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla. | |
[EN] |
Airleacain as an bPríomh-Chiste. |
6. —(1) Déanfar an t-airgead go léir a theastóidh ó am go ham ón Aire faoi chomhair suimeanna a thiocfaidh chun bheith iníoctha aige faoin bPríomh-Acht nó faoin Acht seo a airleacan as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis. |
[EN] | (2) D'fhonn soláthar a dhéanamh le haghaidh airleacan as an bPríomh-Chiste faoin alt seo, féadfaidh an tAire aon suim nó suimeanna a fháil ar iasacht ó dhuine ar bith agus, chun an céanna a fháil ar iasacht, féadfaidh sé urrúis ar bith a bhunú agus a eisiúint agus iad faoi réir cibé ráta úis agus fós faoi réir cibé coinníollacha i dtaobh aisíoca, fuascailte nó aon nithe eile is oiriúnach leis, agus íocfaidh sé isteach sa Státchiste an t-airgead a gheobhaidh sé ar iasacht amhlaidh. | |
[EN] | (3) Is ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis a bheidh muirear agus íoc príomhshuime agus úis aon urrús a eiseofar faoin alt seo agus muirear na gcostas faoina rachfar i ndáil leis na hurrúis sin a eisiúint. | |
[EN] |
Teorainn le comhshuim airleacan agus príomhshuime áirithe. |
7. —Ní rachaidh a gcomhshuim seo a leanas, is é sin— |
[EN] | (a) airleacain faoi alt 4 den Acht seo nach mbeidh aisíoctha, | |
[EN] | (b) príomhshuim a mbeidh an tAire faoi dhliteanas í a aisíoc ar scór aon ráthaíochta nó ráthaíochtaí faoi alt 5 den Acht seo, agus | |
[EN] | (c) príomhshuim a bheidh an tAire tar éis a íoc roimhe sin ar aon ráthaíocht nó ráthaíochtaí den sórt sin agus nach mbeidh aisíoctha ag an gCuideachta nó ag an bhfo-chuideachta cheadaithe (de réir mar a bheidh), | |
[EN] | thar cúig mhilliún punt aon tráth áirithe. | |
[EN] |
Díbhinní, etc., a íoc isteach sa Státchiste. |
8. —Íocfar isteach sa Státchiste nó cuirfear chun tairbhe don Státchiste i cibé slí is oiriúnach leis an Aire: |
[EN] | (a) díbhinní, bónas, glan-fháltais ó dhíolacháin agus airgead eile a gheobhaidh an tAire i leith scaireanna leis an gCuideachta nó le fo-chuideachta cheadaithe, | |
[EN] | (b) airgead a bheidh an tAire tar éis a ghnóthú màr aisíoc nó mar ús ar airgead a d'íoc sé faoi aon ráthaíocht a thug sé faoi Chuid II den Phríomh-Acht i leith an airgid a urraíodh trí bhintiúirí a d'eisigh an Chuideachta, | |
[EN] | (c) airgead a bheidh an tAire tar éis a ghnóthú mar aisíoc nó mar ús ar airgead a d'airlic sé faoi alt 4 den Acht seo nó a aisíocadh leis nó a ghnóthaigh sé faoi fho-alt (5) nó faoi fho-alt (7) d'alt 5 den Acht seo. | |
[EN] |
Cumhachtaí an Aire i leith scaireanna a shealbhóidh sé. |
9. —Féadfaidh an tAire aon scaireanna leis an gCuideachta nó le fo-chuideachta cheadaithe dar shuibscríobh sé nó a fuair sé ar shlí eile a shealbhú an fad is oiriúnach leis agus féadfaidh sé, mar is oiriúnach leis agus nuair is oiriúnach leis, na scaireanna sin go léir nó aon chuid acu a dhíol. |
[EN] |
Forálacha breise maidir le fochuideachta cheadaithe. 1893, c. 39. |
10. —(1) Bainfidh alt 11 den Phríomh-Acht le scaireanna le fo-chuideachta cheadaithe a shealbhóidh an tAire díreach mar a bhaineann sé le scaireanna leis an gCuideachta a shealbhóidh sé. |
[EN] | (2) Bainfidh ailt 14 agus 15 den Phríomh-Acht le fo-chuideachta cheadaithe díreach mar a bhaineann siad leis an gCuideachta. | |
[EN] | (3) An tsriantacht atá i mír (a) d'alt 4 den Industrial and Provident Societies Act, 1893, ní bheidh feidhm aici i gcás inar fo-chuideachta cheadaithe an comhalta a bhfuil nó a éilíonn go bhfuil leas aige i scaireanna cumainn atá cláraithe faoin Acht sin agus nach mó an leas ná caoga faoin gcéad de luach ainmniúil iomlán na scaireanna sin. | |
[EN] |
Aisghairm. |
11. —Aisghairtear leis seo ailt 7, 9, 10 agus 12 den Phríomh-Acht. |
[EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
12. —(1) Féadfar an tAcht Déantóireachta Siúcra (Leasú), 1962 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Féadfar na hAchtanna Déantóireachta Siúcra, 1933 agus 1962, a ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht seo le chéile. |