|
||||
|
[EN] | ||
Uimhir 5 de 1963. | ||
[EN] |
AN tACHT UM DHÁNLANN NÁISIÚNTA NA hÉIREANN, 1963. | |
[An tiontú oifigiúil.] |
ACHT DÁ ÚDARÚ OIBREACHA EALAÍNE A THABHAIRT AR IASACHT Ó DHÁNLANN NÁISIÚNTA NA hÉIREANN. | ||
[27 Feabhra, 1963.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS :— | ||
[EN] |
Oibreacha ealaine a thabhairt ar iasacht ó Dhánlann Náisiúnta na hÉireann. |
1. —Féadfaidh Gobharnóirí agus Caomhnóirí Dhánlann Náisiúnta na hÉireann, dá rogha féin agus gan dochar do cháil na Dánlainne agus cáilíocht oibreacha ealaíne a choimeádtar le haghaidh buan-taispeána, oibreacha ealaíne a thabhairt ar iasacht lena dtaispeáint— |
[EN] | (a) i stát-áras an Uachtaráin, | |
[EN] | (b) i dTithe an Oireachtais, | |
[EN] | (c) in aon áitreabh nó maoin eile in Éirinn nó ar an gcoigrích leis an Stát nó atá ar teachtadh ar iontaobhas ag Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn, | |
[EN] | (d) in áitreabh aon mhisiúin taidhleoireachta nó consalachta Éireannaigh, | |
[EN] | (e) in áitreabh aon fhorais a cheadóidh na Gobharnóirí agus na Caomhnóirí chun críocha an ailt seo, | |
[EN] | (f) i dtaispeántais ar oibreacha ealaíne in Éirinn nó ar an gcoigrích faoi choimirce na Comhairle Ealaíonn, Chomhar Cultúra Éireann nó comhlachtaí eile a bheidh ceadaithe chun críocha an ailt seo ag na Gobharnóirí agus na Caomhnóirí. | |
[EN] |
Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua. |
2. —(1) Féadfar an tAcht um Dhánlann Náisiúnta na hÉireann, 1963 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Forléireofar mar aon ní amháin an tAcht seo agus Achtanna Ghailerí Náisiúnta na hÉireann, 1854 go 1928, agus féadfar na hAchtanna um Dhánlann Náisiúnta na hÉireann, 1854 go 1963, a ghairm de na hAchtanna sin agus den Acht seo le chéile. |