16 1963


Uimhir 16 de 1963.


AN tACHT UM THAISCÍ STÁIT TEORANTA, 1963.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE TAISCÍ STÁIT TEORANTA. [9 Iúil, 1963.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “Achtanna na gCuideachtaí” Achtanna na gCuideachtaí, 1908 go 1959;

ciallaíonn “an Chuideachta” an chuideachta a fhoirmeofar de bhun alt 2 den Acht seo;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Airgeadais.

Bunú agus clárú na Cuideachta.

2. —Cuirfidh an tAire faoi deara cuideachta theoranta a bheidh de réir na gcoinníollacha atá leagtha amach san Acht seo a fhoirmiú agus a chlárú faoi Achtanna na gCuideachtaí.

Feidhmeanna na Cuideachta.

3. —(1) Is iad feidhmeanna na Cuideachta:

(a) scaireanna agus bintiúir a fháil, a theachtadh, a dhíol, a shannadh, agus déileáil thairis sin le scaireanna agus bintiúir, a bheidh arna n-eisiúint—

(i) ag aon chuideachta tionscail stát-chabhraithe,

(ii) ag aon chuideachta dá mbeidh deontas nó ráthaíocht i ndáil le hiasacht tugtha nó le tabhairt faoi na hAchtanna um Thrácht Cuartaíochta, 1939 go 1961, i leith cóiríocht shaoire a fhorbairt,

(iii) ag Forbairt Eitillíochta Teoranta,

(iv) ag an gCuideachta Innealtóireachta Tionscail Teoranta.

(b) iasachtaí a eisiúint chun cuideachtaí tionscail státchabhraithe,

(c) a ráthú go n-aisíocfar go cuí aon iasachtaí a gheobhaidh cuideachtaí tionscail stát-chabhraithe maraon le hús orthu.

(2) (a) Déanfaidh an Chuideachta na feidhmeanna a shonraítear san fhomhír sin roimhe seo a fheidhmiú de réir mar ordóidh agus nuair a ordóidh an tAire é (agus ní ar aon slí eile) agus de réir téarmaí an ordaithe.

(b) Sula dtabharfaidh an tAire ordú faoin mír sin roimhe seo rachaidh sé i gcomhairle leis an Aire iomchuí.

(3) San alt seo—

ciallaíonn “an tAire iomchuí” an tAire Tionscail agus Tráchtála nó an tAire Iompair agus Cumhachta, de réir mar a chinnfidh an tAire i ngach cás ar leithligh;

ciallaíonn “cuideachta tionscail stát-chabhraithe” cuideachta tionscail dá bhfuil deontas tugtha nó le tabhairt ag an bhForas Tionscal.

Comhaontú le haghaidh bainistí na Cuideachta.

4. —(1) Féadfaidh an Chuideachta comhaontú a dhéanamh leis an gCuideachta Chairde Thionscail, Teoranta trína ndéanfar foráil chun an chuideachta sin do bhainistí, ar cibé téarmaí agus coinníollacha a cheadóidh an tAire, gnó na Cuideachta, lena n-áirítear infheistíochtaí na Cuideachta.

(2) Beidh d'oibleagáid ar an gCuideachta an chumhacht a thugtar le fo-alt (1) den alt seo a fheidhmiú má cheanglaíonn an tAire ar an gCuideachta sin a dhéanamh agus má bhíonn An Chuideachta Chairde Thionscail, Teoranta toilteanach an comhaontú dá dtagraítear san fho-alt a dhéanamh.

Ainm agus caipiteal na Cuideachta.

5. —(1) Taiscí Stáit Teoranta a bheidh mar ainm ar an gCuideachta.

(2) Is é scair-chaipiteal na Cuideachta céad punt arna roinnt i scaireanna de phunt an ceann.

Meabhrán comhlachais agus airteagail chomhlachais.

6. —(1) Beidh meabhrán comhlachais agus airteagail chomhlachais na Cuideachta i cibé foirm, ar comhréir leis an Acht seo, a cheadóidh an tAire.

(2) Forálfaidh airteagail chomhlachais na Cuideachta gurb é an tAire a cheapfaidh stiúrthóirí na Cuideachta, gurb é a chinnfidh a gcoinníollacha ceapacháin agus a luach saothair agus gurb í an cháilíocht is gá chun duine a bheith ina stiúrthóir scair amháin ar a laghad sa Chuideachta a theachtadh.

(3) D'ainneoin aon ní in Achtanna na gCuideachtaí, ní bheidh aon athrú ar mheabhrán comhlachais nó ar airteagail chomhlachais na Cuideachta bailí ná éifeachtach mura ndéanfaidh an tAire é a cheadú roimh ré.

Eisiúint scairchaipitil.

7. —(1) Déanfar aon scair amháin de scairchaipiteal na Cuideachta a leithroinnt agus a eisiúint chun gach duine faoi leith de shuibscríobhaithe mheabhrán comhlachais na Cuideachta agus déanfar iarmhar an scairchaipitil a leithroinnt agus a eisiúint chun an Aire Airgeadais.

(2) Is é an tAire a sholáthróidh an t-airgead is iníoctha ag suibscríobhaithe mheabhrán comhlachais na Cuideachta i gcomaoin scaireanna a leithroinnt agus a eisiúnt chucu de bhun fo-alt (1) den alt seo.

An tAire d'fháil scaireanna.

8. —Féadfaidh an tAire scaireanna sa Chuideachta a thógáil trí shuibscríobh.

An tAire d'fheidhmiú an chirt nó na cumhachta is infheidhmithe ag sealbhóir scaireanna.

9. —Féadfaidh an tAire, maidir leis na scaireanna de chuid na Cuideachta a bheidh aige, cearta agus cumhachtaí uile shealbhóir na scaireanna sin a fheidhmiú agus, i gcás ceart nó cumhacht a bheith infheidhmithe trí aturnae, féadfaidh an tAire é a fheidhmiú trína aturnae.

An tAire d'aistriú scaireanna.

10. —(1) Féadfaidh an tAire ó am go ham mar is gá, chun na forálacha sin d'Achtanna na gCuideachtaí a chomhlíonadh a cheanglaíonn seachtar comhalta ar a laghad a bheith sa Chuideachta i gcónaí nó chun an cháilíocht riachtanach a thabhairt do dhuine a ceapadh nó atá le ceapadh chun bheith ina stiúrthóir ar an gCuideachta, ceann dá scaireanna sa Chuideachta a aistriú chun aon duine.

(2) Ach amháin mar a údaraítear le fo-alt (1) den alt seo ní aistreoidh ná ní choimtheoidh an tAire aon cheann dá scaireanna sa Chuideachta.

Díbhinní, etc. a íoc isteach sa Státchiste.

11. —Déanfar na suimeanna go léir is ionann agus díbhinní nó airgead eile a gheobhaidh an tAire i leith scaireanna sa Chuideachta, nó is ionann agus aisíocaíochtaí nó ús a gheobhaidh sé nó a ghnóthóidh sé ón gCuideachta, a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste mar ordóidh an tAire.

É d'oibleagáid ar scairshealbhóir (seachas an tAire) scaireanna a theachtadh ar iontaobhas don Aire.

12. —(1) Is ar iontaobhas don Aire a theachtfaidh comhalta den Chuideachta (seachas an tAire) a scair sa Chuideachta agus dá réir sin beidh de cheangal ar an gcomhalta sin na díbhinní agus an t-airgead eile go léir a gheobhaidh sé i leith na scaire sin a íoc leis an Aire chun tairbhe don Státchiste agus an scair sin a aistriú, mar a fhoréileoidh agus nuair a fhoréileoidh an tAire air é, chun an Aire nó chun duine arna ainmniú chuige sin ag an Aire.

(2) Ach amháin nuair a fhoréileofar sin de bhun fo-alt (1) den alt seo, ní dhéanfaidh comhalta den Chuideachta (seachas an tAire) a scair sa Chuideachta a aistriú ná a choimhthiú.

Cumhacht na Cuideachta chun iasacht a fháil.

13. —Féadfaidh an Chuideachta, trí bhintiúir a eisiúint nó ar shlí eile, airgead a fháil ar iasacht ach—

(a) murar iasacht ón Aire í, ní mór a thoiliú a fháil chuige, agus

(b) ní bheidh comhiomlán na n-iasachtaí (lena n-áirítear iasachtaí ón Aire) a bheidh gan aisíoc aon tráth áirithe níos mó ná seacht milliún cúig chéad míle punt.

Airleacain don Chuideachta ón Aire.

14. —(1) Féadfaidh an tAire airleacain a thabhairt don Chuideachta chun cuspóirí na Cuideachta a chur i gcrích.

(2) Is ar cibé téarmaí maidir le haisíoc, ús agus nithe eile a chinnfidh an tAire a thabharfar airleacain faoin alt seo.

(3) Ní bheidh comhiomlán airleacan faoin alt seo aon tráth áirithe níos mó na seacht milliún cúig chéad míle punt.

An tAire do ráthú airgid a gheobhaidh an Chuideachta ar iasacht.

15. —(1) Féadfaidh an tAire ráthaíocht a thabhairt, i cibé foirm agus modh agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí leis, go n-aisíocfaidh an Chuideachta go cuí príomhshuim aon airgid a gheobhaidh an Chuideachta ar iasacht nó go n-íocfar ús ar an airgead sin nó go ndéanfar an phríomhshuim sin a aisíoc agus an t-ús sin a íoc.

(2) I gcás ina dtabharfar nó inar tugadh ráthaíocht faoin alt seo, tabharfaidh an Chuideachta, má fhoréilíonn an tAire é, cibé urrús (lena n-áirítear go sonrach, bintiúir) a shonrófar san fhoréileamh chun aisíoc aon airgid a dhlífidh an tAire a íoc, nó a bheidh íoctha aige, faoin ráthaíocht a áirithiú don Aire.

(3) Déanfaidh an tAire, a luaithe is féidir tar éis deireadh gach bliana airgeadais, ráiteas a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas ina luafar maidir le gach ráthaíocht a tugadh faoin alt seo i rith na bliana sin nó a tugadh aon tráth roimh thosach, agus a bhí i bhfeidhm i dtosach, na bliana sin—

(a) sonraí na ráthaíochta,

(b) i gcás ina ndearna an tAire aon íocaíocht faoin ráthaíocht roimh dheireadh na bliana sin, méid na híocaíochta agus an méid (má b'ann) a aisíocadh leis an Aire ar scór na híocaíochta,

(c) an méid príomhshuime a bhí faoi réim na ráthaíochta agus a bhí gan aisíoc ag deireadh na bliana sin.

(4) Déanfaidh an Chuideachta airgead a d'íoc an tAire faoi ráthaíocht faoin alt seo a aisíoc leis an Aire (maraon le hús de réir cibé ráta nó rátaí a cheapfaidh sé) laistigh de dhá bhliain ón dáta ar airleacadh an t-airgead as an bPríomh-Chiste.

(5) I gcás ina mbeidh an t-airgead go léir nó aon chuid den airgead a cheanglaítear le fo-alt (4) den alt seo a aisíoc leis an Aire gan aisíoc leis an Aire de réir an fho-ailt sin, déanfar an tsuim a bheidh gan aisíoc amhlaidh a aisíoc leis an bPríomh-Chiste as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(6) D'ainneoin airgead a sholáthar faoi fho-alt (5) den alt seo chun suim a aisíoc leis an bPríomh-Chiste, leanfaidh an Chuideachta de bheith faoi dhliteanas ag an Aire i leith na suime sin agus aisíocfaidh an Chuideachta an tsuim sin (maraon le hús uirthi de réir cibé ráta nó rátaí a cheapfaidh an tAire) leis an Aire cibé tráthanna agus i cibé tráthchodanna a cheapfaidh sé agus, mura ndéanfar aisíoc mar a dúradh agus gan dochar d'aon mhodh gnóthaithe eile, féadfar í a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

Airgead a sholáthar i gcóir íocaíochtaí faoin Acht seo as an bPríomh-Chiste.

16. —(1) Airleacfar as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis an t-airgead go léir a bheidh ag teastáil ón Aire ó am go ham chun íoctha aon suimeanna a thiocfaidh chun bheith iníoctha aige faoin Acht seo.

(2) Chun soláthar a dhéanamh le haghaidh airleacan as an bPríomh-Chiste faoin alt seo, féadfaidh an tAire aon suimeanna is gá chuige sin a fháil ar iasacht ar urrús an Phríomh-Chiste nó a thoradh fáis, agus chun an céanna a fháil ar iasacht féadfaidh sé urrúis a bhunú agus a eisiúint agus iad faoi cibé ráta úis agus faoi réir cibé coinníollacha i dtaobh aisíoca nó fuascailte nó eile is oiriúnach leis, agus íocfaidh sé isteach sa Státchiste an t-airgead go léir a gheobhaidh sé ar iasacht amhlaidh.

(3) Is ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis a bheidh muirear agus íoc príomhshuime agus úis gach urrús a eiseofar faoin alt seo agus an chaiteachais faoina rachfar i ndáil le heisiúint na n-urrús sin.

Cuntais agus iniúchadh.

17. —(1) Coimeádfaidh an Chuideachta i cibé foirm a cheadóidh an tAire gach cuntas is cuí agus is gnáth ar an airgead go léir a gheobhaidh sí nó a chaithfidh sí, agus, go háirithe, coimeádfaidh sí san fhoirm sin a dúradh gach cuntas speisialta a ordóidh an tAire ó am go ham.

(2) A luaithe is féidir tar éis deireadh gach bliana cuntasaíochta, cuirfidh an Chuideachta na cuntais a choimeádtar de bhun an ailt seo faoi bhráid iniúchóra (a mbeidh a cheapadh faoi réir cheadú an Aire) lena n-iniúchadh agus tabharfaidh an Chuideachta don Aire cóip de na cuntais arna n-iniúchadh amhlaidh maraon le cóip de thuarascáil an iniúchóra orthu agus cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna díobh a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(3) (a) I gcás ina dtabharfaidh an Chuideachta cóip de na cuntais de bhun fo-alt (2) den alt seo, cuirfidh siad ag gabháil léi—

(i) cóip den chlár comhardaithe is deireanaí de chuid gach cuideachta is fochuideachta don Chuideachta agus cóip de thuarascáil an iniúchóra ar an gclár comhardaithe sin, agus

(ii) maidir le gach cuideachta den sórt sin ar a bhfuil ceangal cuntas sochair agus dochair a chur faoi bhráid cruinnithe ginearálta, cóip den chuntas sochair agus dochair is deireanaí.

(b) I mír (a) den fho-alt seo ciallaíonn “cuideachta is fochuideachta don Chuideachta” cuideachta a bhfuil leath nó breis is leath dá gnáth-scair-chaipiteal ar úinéireacht ag an gCuideachta.

(c) I mír (b) den fho-alt seo ciallaíonn “gnáth-scairchaipiteal”, i ndáil le cuideachta, iomlán chaipiteal eisithe (faoi cibé ainm a tugadh air) na cuideachta sin seachas caipiteal a bhfuil ag a sealbhóirí ceart chun díbhinne ar ráta socair nó ar ráta a athraíonn de réir an ráta cánach ioncaim, ach gan aon cheart eile bheith acu bheith páirteach i sochair na cuideachta.

Tuarascáil bhliantúil agus eolas a thabhairt don Aire.

18. —(1) A luaithe is féidir tar éis deireadh gach bliana cuntasaíochta, tabharfaidh an Chuideachta don Aire tuarascáil, i cibé foirm a ordóidh sé, ar a himeachtaí i gcaitheamh na bliana roimhe sin agus cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna den tuarascáil a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(2) Tabharfaidh an Chuideachta don Aire, má iarrann an tAire uirthí é, cibé eolas a iarrfaidh sé maidir le haon chlár comhardaithe, cuntas nó tuarascáil de chuid na Cuideachta nó i dtaobh beartas agus gníomhaíochtaí na Cuideachta.

Stiúrthóirí na Cuideachta a bheith ina gcomhaltaí de cheachtar Teach den Oireachtas.

19. —(1) Má dhéantar duine is stiúrthóir ar an gCuideachta a ainmniú mar iarrthóir le toghadh chun ceachtar Teach den Oireachtas nó mar chomhalta de Sheanad Éireann, scoirfidh sé air sin de bheith ina stiúrthóir ar an gCuideachta.

(2) Aon duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal faoi Bhuan-Orduithe cheachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin beidh sé, an fad a bheidh sé i dteideal amhlaidh, dícháilithe chun bheith ina stiúrthóir ar an gCuideachta.

Srian le scéim aoisliúntais a dhéanamh.

20. —Ní bheidh scéim a dhéanfaidh an Chuideachta chun sochair aoisliúntais a íoc le hoifigigh nó seirbhísigh na Cuideachta nó ina leith bailí mura ndéanfar é le toiliú an Aire.

Caiteachas an Aire.

21. —Déanfar an caiteachas faoina rachaidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal.

22. —Féadfar an tAcht um Thaiscí Stáit Teoranta, 1963 , a ghairm den Acht seo.