25 1963


Uimhir 25 de 1963.


AN tACHT LEITHREASA, 1963.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO CHUR SUIM ÁIRITHE AS AN bPRÍOMH-CHISTE CHUN SEIRBHÍSE NA BLIANA DAR CRÍOCH AN tAONÚ LÁ IS TRÍOCHA DE MHÁRTA, MÍLE NAOI gCÉAD SEASCA A CEATHAIR, DO LEITHREASÚ NA SUIMEANNA A DEONAÍODH LEIS AN ACHT PRÍOMH-CHISTE, 1963 , AGUS A DHEONAÍTEAR LEIS AN ACHT SEO, CHUN NA SEIRBHÍSÍ SOLÁTHAIR AGUS NA CRÍOCHA CUÍ, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ ÁIRITHE MAIDIR LE hIASACHT A FHÁIL. [3 Lúnasa, 1963.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

Deontais as an bPríomh-Chiste

£111,666,460 a eisiúint as an bPríomh-Chiste i gcóir na bliana 1963-64.

1. —Féadfaidh an tAire Airgeadais suim céad is aon mhilliún déag, sé chéad seasca is sé mhíle, ceithre chéad is seasca punt a eisiúint as an bPríomh-Chiste agus í a chur chun slánaithe an tsoláthair a deonaíodh i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an t-aonú lá is tríocha de Mhárta, míle naoi gcéad seasca a ceathair.

Cumhacht don Aire Airgeadais chun suim nach mó ná £111,666,460 a fháil ar iasacht.

2. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais aon suim nó suimeanna nach mó san iomlán ná céad is aon mhilliún déag, sé chéad seasca is sé mhíle, ceithre chéad is seasca punt a fháil ar iasacht ó dhuine ar bith, agus chun an céanna a fháil ar iasacht féadfaidh an tAire Airgeadais urrúis ar bith a bhunú agus a eisiúint agus iad faoi cibé ráta úis agus faoi réir cibé coinníollacha i dtaobh aisíoca nó fuascailte nó eile is oiriúnach leis.

(2) Is ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis a bheidh muirear príomhshuime agus úis aon urrús a eiseofar faoin Acht seo agus muirear na gcostas faoina rachfar i ndáil leis na hurrúis sin a eisiúint.

(3) Déanfar aon airgead a chruinneofar trí urrúis a eiseofar faoin Acht seo a chur chun creidmheasa do chuntas an Státchiste agus beidh sé ina chuid den Phríomh-Chiste agus beidh sé ar fáil in aon slí ina mbeidh an Príomh-Chiste ar fáil.

Deontais a Leithreasú

Suimeanna a vótáladh i gcóir seirbhísí soláthair, eadhon, £176,071,084, a leithreasú.

3. —(1) Na suimeanna uile a dheonaítear as an bPríomh-Chiste, leis an Acht seo agus leis an Acht eile a luaitear i Sceideal A a ghabhann leis an Acht seo, chun slánaithe an tsoláthair a deonaíodh, agus a ndéanann a n-iomlán, mar is léir ón Sceideal sin, suim céad seachtó is sé mhilliún, seachtó is aon mhíle, ochtó is ceithre phunt, déantar iad a leithreasú agus measfar iad a bheith arna leithreasú, amhail ó dháta na nAchtanna a luaitear sa Sceideal sin A a rith, chun na seirbhísí agus na críocha a luaitear i Sceideal B a ghabhann leis sin. An achomaireacht ar sceidil agus na sceidil a ghabhann léi sin, maraon leis an nóta (más ann) a ghabhann leis na sceidil sin, measfar gur cuid den Acht seo iad amhail is dá mbeidís i gcorp an Achta seo.

(2) I dteannta na suimeanna a dheonaítear as an bPríomh-Chiste agus dá dtagraítear san fho-alt roimhe seo den alt seo, féadfar na suimeanna a thaispeántar faoi seach sa cholún deiridh de Sceideal B a ghabhann leis seo agus a ndéanann a n-iomlán, mar is léir ón Sceideal sin, suim trí mhilliún déag, seacht gcéad seasca is seacht míle, cúig chéad daichead is sé phunt a úsáid as aon airgead a n-ordaítear faoi alt 2 den Public Accounts and Charges Act, 1891, é a úsáid mar leithreasa-i-gcabhair do na deontais i gcóir na seirbhísí agus na críocha a shonraítear sa Sceideal sin.

Gearrtheideal.

4. —Féadfar an tAcht Leithreasa, 1963 , a ghairm den Acht seo.

An Achomaireacht ar Sceidil A agus B dá dTagraítear san Acht seo

Sceideal A

DEONTAIS

Deontais as an bPríomh-Chiste

...

...

...

...

...

£176,071,084

Sceideal B

DEONTAIS A LEITHREASU

Bliain

Suimeanna nach mó ná

Deontais Soláthair

Leithreasa-igCabhair

£

£

1962-63 (Forlíontach)

...

...

9,034,624

1,646,550*

1963-64

...

...

...

...

167,036,460

15,414,096

An tIomlán

...£

176,071,084

13,767,546

Sceideal A

DEONTAIS AS AN bPRÍOMH-CHISTE

£

Chun Seirbhíse na bliana dar chríoch an 31ú lá de Mhárta, 1963:

Faoi Acht Uimh. 8 de 1963      ...     ...     ...     ...

9,034,624

Chun Seirbhíse na bliana dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1964:

Faoi Acht Uimh. 8 de 1963      ...     ...     ...     ...

55,370,000

Faoin Acht seo     ...     ...     ...     ...     ...

111,666,460

An tIomlán     ...     ...     ...£

176,071,084

Sceideal B

DEONTAIS A LEITHREASU

Cuid I

Sceideal de shuimeanna Forlíontacha a deonaíodh, agus de shuimeanna a fhéadfar a úsáid mar Leithreasa-i-gCabhair ina dteannta sin, chun íoctha muirear na Seirbhísí Poiblí uile agus ar leithligh a luaitear anseo go sonrach, don bhliain dar chríoch an 31ú lá de Mhárta, 1963.

Suimeanna nach mó ná

Vóta Uimh.

Teideal

Deontais Soláthair

Leithreasa-igCabhair

(1)

(2)

(3)

(4)

£

£

2

Le haghaidh Tuarastail agus Costais Thithe an Oireachtais, lena n-áirítear Deontais-i-gCabhair áirithe     ...     ...

8,500

--

3

Le haghaidh Tuarastail agus Costais Roinn an Taoisigh     ...     ...     ...

10

--

6

Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Airgeadais, lena n-áirítear Oifig an Phámháistir Ghinearálta     ...

10

--

10

Le haghaidh Scéimeanna Fostaíochta agus Eigeandála (lena n-áirítear Fóirithint ar Ghátar)     ...     ...     ...

10

--

13

Le haghaidh Deontais (Deontas-igCabhair) don Chomhairle Ealaíon ( Uimh. 9 de 1951 )     ...     ...     ...

10

--

18

Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Ard-Aighne, etc., agus le haghaidh Costais Ionchúiseamh Coiriúil agus Dlí-Mhuirear eile, lena n-áirítear Deontas Faoisimh i leith Costais áirithe is iníoctha de réir Reachta as Rátaí Áitiúla     ...     ...

16,010

--

20

Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an tSoláthair; le haghaidh Clódóireachta agus Ceangaltóireachta, agus chun Scríobh-Abhair, Páipéar, Leabhair, Innealra Oifige agus Soláthairtí eile Oifige a sholáthar do na Seirbhísí Poiblí; agus le haghaidh Ilchuspóirí Ilghnéitheacha, lena n-áirítear Tuairiscí ar Dhíospóireachtaí an Oireachtais, Billí, Achtanna agus Foilseacháin eile Rialtais a fhoilsiú agus a dhíol     ...     ...     ...     ...     ...

41,800

7,200

23

Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Dlí agus Cirt, agus Seirbhísí áirithe eile atá faoi riaradh na hOifige sin, lena n-áirítear Deontais-i-gCabhair áirithe; agus na hOifige Irisí Poiblí agus Choimeádaí na Stát-Pháipéar, Baile Átha Cliath (30 & 31 Vict., c. 70; 38 & 39 Vict., c. 59; agus 39 & 40 Vict., c. 58), agus chun Doiciméid Stairiúla, etc., a cheannach     ...     ...     ...

10

--

28

Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig na dTabhartas agus na dTiomnachtaí Carthanúla ( Uimh. 17 de 1961 )     ...

300

--

29

Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Rialtais Áitiúil, lena n-áirítear Deontais d'Údaráis Áitiúla, Deontais agus Costais eile i ndáil le Tithíocht, agus Deontais Ilghnéitheacha     ...

10

--

30

Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Oideachais agus Costais a bhaineann leis an gComhairle Oideachais     ...     ...     ...     ...

7,000

5,400

31

Le haghaidh Bunoideachais, lena n-áirítear Aoisliúntas Múinteoirí Scoile Náisiúnta, etc.     ...     ...     ...     ...

60,000

--

32

Le haghaidh Meánoideachais, lena n-áirítear Deontas Tuarastail na Múinteoirí, Deontas Ceannsraithe, Tuarastal Breisitheach do Mheánmhúinteoirí agus Deontas do Chiste Pinsin na Meánmhúinteoirí     ...     ...     ...     ...

360,000

--

33

Le haghaidh Iocaíochtaí faoi na hAchtanna Gairmoideachais, 1930 go 1953 ( Uimh. 29 de 1930 ; Uimh. 50 de 1936 ; Uimh. 9 de 1944 ; Uimh. 1 de 1947 ; Uimh. 33 de 1950 ; agus Uimh. 37 de 1953 ), agus chun críocha eile i ndáil le Ceardoideachas agus Oideachas Leanúnach     ...     ...     ...     ...     ...

102,000

--

34

Le haghaidh Tuarastail agus Costais na bhForas Eolaíochta agus Ealaíon, le haghaidh Seirbhísí Ilghnéitheacha áirithe Oideachais agus Cultúir, agus Ildeontais-i-gCabhair     ...     ...     ...

9,000

--

36

Le haghaidh Deontais (Deontais-igCabhair) d'Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath ( Uimh. 13 de 1940 )     ...

2,120

--

39

Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Tailte agus Oifig Choimisiún Talún na hÉireann     ...     ...     ...

33,500

26,500

40

Le haghaidh Tuarastail agus Costais i ndáil le Foraoiseacht ( Uimh. 13 de 1946 agus Uimh. 6 de 1956 ), lena n-áirítear Deontas-i-gCabhair chun Talamh a fháil     ...     ...     ...     ...

331,010

75,000*

42

Le haghaidh Tuarastail agus Costais Roinn na Gaeltachta, maille le Deontais le haghaidh Tithe agus Ildeontais-i-gCabhair     ...     ...     ...

10

--

43

Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Talmhaíochta, lena n-áirítear Seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, agus chun Fóirdheontais áirithe agus Ildeontais-i-gCabhair a íoc

4,490,500

1,834,000*

44

Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Tionscail agus Tráchtála, lena n-áirítear Seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, agus chun Ildeontais-i-gCabhair a íoc     ...     ...

1,170,000

--

45

Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Iompair agus Cumhachta, lena n-áirítear Seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, agus chun Ildeontais-i-gCabhair a íoc     ...     ...

52,440

--

46

Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Poist agus Telegrafa agus Seirbhísí áirithe eile atá faoi riaradh na hOifige sin, agus chun Deontais-i-gCabhair a íoc     ...     ...     ...     ...

133,000

196,000

51

Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Leasa Shóisialaigh     ...     ...

10

--

52

Le haghaidh íocaíochtaí leis an gCiste Arachais Shóisialaigh ( Uimh. 14 de 1950 agus Uimh. 11 de 1952 )     ...     ...

1,370,000

--

53

Le haghaidh Pinsin Seanaoise agus Pinsin do Dhaill, Liúntais Leanaí, Cúnamh Dífhostaíochta, Pinsin Neamhranníocacha Baintreach agus Dílleachtaí agus le haghaidh Ilseirbhísí Ilghnéitheacha Leasa Shóisialaigh, lena n-áirítear Deontais     ...     ...     ...     ...

694,000

26,000

54

Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Sláinte (lena n-áirítear Oifig an Ard-Chláraitheora), agus Seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, lena n-áirítear Deontais d'Údaráis Áitiúla agus Deontais Ilghnéitheacha

152,000

--

55

Le haghaidh Costais Chothabhála, etc., Othar sa Phríomh-Ospidéal Meabhair-Ghalar (8 & 9 Vict., c. 107; agus Uimh. 19 de 1945 )     ...     ...     ...

1,250

1,350

57

Chun Airleacan áirithe a aisíoc leis an gCiste Teagmhais     ...     ...     ...

114

--

£

9,034,624

1,646,550*

Cuid II

Sceideal de shuimeanna a deonaíodh agus de shuimeanna a fhéadfar a úsáid mar Leithreasa-i-gCabhair ina dteannta sin, chun íoctha muirear na Seirbhísí Poiblí uile agus ar leithligh a luaitear anseo go sonrach agus a thiocfaidh chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1964.

Suimeanna nach mó ná

Vóta Uimh.

Teideal

Deontais Soláthair

Leithreasa-igCabhair

(1)

(2)

(3)

(4)

£

£

1

Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig Rúnaí an Uachtaráin agus le haghaidh Costais áirithe eile a bhaineann le Teaghlachas an Uachtaráin, lena n-áirítear Deontas-i-gCabhair     ...     ...

11,800

--

2

Le haghaidh Tuarastail agus Costais Thithe an Oireachtais lena n-áirítear Deontais-i-gCabhair áirithe     ...     ...

369,450

--

3

Le haghaidh Tuarastail agus Costais Roinn an Taoisigh     ...     ...     ...

35,840

--

4

Le haghaidh Tuarastail agus Costais na Príomh-Oifige Staidrimh     ...     ...

193,750

1,400

5

Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste     ...

47,970

5,550

6

Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Airgeadais, lena n-áirítear Oifig an Phámháistir Ghinearálta     ...     ...

365,270

1,755

7

Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim, lena n-áirítear Seirbhísí áirithe eile atá faoi riaradh na hOifige sin     ...     ...     ...

2,804,870

92,500

8

Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig na nOibreacha Poiblí     ...     ...     ...

687,500

122,000

9

Le haghaidh Caiteachais i leith Foirgneamh Poiblí; chun Páirceanna agus Oibreacha Poiblí áirithe a Chothabháil; chun Oibreacha Siltin agus Oibreacha Innealtóireachta eile a Dhéanamh agus a Chothabháil; agus le haghaidh Deontas-i-gCabhair d'Uiscebhealach na Sionainne     ...     ...     ...     ...

6,512,000

280,277

10

Le haghaidh Scéimeanna Fostaíochta agus Eigeandála (lena n-áirítear Fóirithint ar Ghátar)     ...     ...     ...

833,900

41,000

11

Le haghaidh Tuarastail agus Costais na Saotharlainne Stáit     ...     ...     ...

33,250

1,360

12

Le haghaidh Tuarastail agus Costais Choimisiún na Státseirbhíse agus an Choimisiúin um Cheapacháin Áitiúla

52,300

18,400

13

Le haghaidh Deontais (Deontas-igCabhair) don Chomhairle Ealaíon     ...

30,000

--

14

Le haghaidh Pinsin, Aoisliúntais, Cúiteamh (lena n-áirítear Cúiteamh do Lucht Oibre), agus Liúntais agus Aiscí, breise agus eile, faoi na hAchtanna Aoisliúntas, 1834 go 1956, agus faoi Reachtanna iolartha eile; Pinsin, Liúntais agus Aiscí Eisreachtúla arna ndámhachtain ag an Aire Airgeadais; táillí do Lia-Réiteoirí agus corrtháillí do Dhochtúirí; Cúiteamh agus Íocaíochtaí eile i leith Díobhálacha Pearsanta; etc.     ...     ...     ...

1,466,850

152,450

15

Le haghaidh Seirbhís Sicréideach     ...

7,500

--

16

Le haghaidh Costais faoin Acht Timpeal Toghachán, 1923 , agus faoi Acht na nGiúiréithe, 1927     ...     ...     ...

20,700

--

17

Le haghaidh Deontais d'Údaráis Áitiúla mar Fhaoiseamh i leith Rátaí ar Thalamh Talmhaíochta     ...     ...

8,816,000

--

18

Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Ard-Aighne, etc., agus le haghaidh Costais Ionchúiseamh Coiriúil agus Dli-Mhuirear eile, lena n-áirítear Deontas Faoisimh i leith Costais áirithe is iníoctha de réir Reachta as Rátaí Áitiúla     ...     ...     ...     ...     ...

186,000

7,000

19

Le haghaidh Costais Ilghnéitheacha áirithe, lena n-áirítear Deontais-i-gCabhair áirithe     ...     ...     ...

19,850

--

20

Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an tSoláthair; le haghaidh Clódóireachta agus Ceangaltóireachta, agus chun Páipéar, Foilseacháin, Innealra Oifige agus Soláthairtí eile Oifige a sholáthar do na Seirbhísí Poiblí; agus le haghaidh Ilchuspóirí Ilghnéitheacha, lena n-áirítear Tuairiscí ar Dhíospóireachtaí an Oireachtais, Billí, Achtanna agus Foilseacháin eile Rialtais a fhoilsiú agus a dhíol     ...     ...     ...

740,200

123,600

21

Le haghaidh Tuarastail agus Costais na hOifige Luachála, Shuirbhéireacht an Ordanáis agus Mionseirbhísí áirithe     ...

259,250

23,700

22

Le haghaidh Rátaí agus Ranníocaí in ionad Rátaí, etc., i leith Maoin Rialtais, agus le haghaidh Ranníocaí i leith Rátaí ar Áitribh i seilbh Ionadaithe do Rialtais Eachtracha     ...     ...     ...

639,000

13,800

23

Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Dlí agus Cirt, agus Seirbhísí áirithe eile atá faoi riaradh na hOifige sin, lena n-áirítear Deontais-i-gCabhair áirithe; agus na hOifige Irisí Poiblí agus Choimeádaí na Stát-Pháipear, Baile Átha Cliath agus chun Doiciméid Stairiúla, etc., a cheannach     ...     ...

172,310

525

24

Le haghaidh Tuarastail agus Costais an Gharda Síochána lena n-áirítear Pinsin, etc., agus le haghaidh íocaíochtaí cúitimh agus costais eile i leith seirbhíse sna Caomhnóirí Áitiúla     ...     ...

6,605,150

217,240

25

Le haghaidh Costais Príosún, Forais Naomh Pádraig, agus chun Príosúnaigh a Chothabháil a choinnítear in Ospidéil Mheabhair-Ghalar Cheantair     ...     ...

316,720

33,322

26

Le haghaidh na dTuarastal agus na gCostas sin de chuid na Cúirte Uachtaraí, na hArd-Chúirte, na Cúirte Cuarda agus na Cúirte Dúiche nach muirear ar an bPríomh-Chiste     ...

394,560

55,585

27

Le haghaidh Tuarastail agus Costais Chlárlann na Talún agus Chlárlann agus nGniomhas

151,430

--

28

Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig na dTabhartas agus na dTiomnachtaí Carthanúla     ...     ...     ...     ...

8,120

43

29

Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Rialtais Áitiúil, lena n-áirítear Deontais d'Údaráis Áitiúla, Deontais agus Costais eile i ndáil le Tithíocht, agus Deontais Ilghnéitheacha     ...

6,615,900

97,470

30

Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Oideachais (lena n-áirítear Forais Eolaíochta agus Ealaíon), le haghaidh Seirbhísí Ilghnéitheacha áirithe Oideachais agus Cultúir, agus Ildeontais-i-gCabhair     ...     ...     ...

894,140

14,206

31

Le haghaidh Bunoideachais, lena n-áirítear Aoisliúntas Múinteoirí Scoile Náisiúnta, etc.     ...     ...     ...

12,659,500

132,900

32

Le haghaidh Meánoideachais, lena n-áirítear Deontas Tuarastail na Múinteoirí, Deontas Ceannsraithe, Tuarastal Breisitheach do Mheánmhúinteoirí agus Deontas do Chiste Pinsin na Meánmhúinteoirí     ...     ...

3,745,000

41,250

33

Le haghaidh Gairmoideachais     ...     ...

2,255,200

48,050

34

Le haghaidh Costais i ndáil le Scoileanna Ceartúcháin agus Saothair, lena n-áirítear Aiteanna Coinneála     ...

229,650

4,200

35

Le haghaidh Deontais-i-gCabhair d'Ollscoileanna agus do Choláistí agus d'Institiúid Ard-Léinn Bhaile Atha

Cliath     ...     ...     ...     ...     ...

2,366,170

--

36

Le haghaidh Tuarastail agus Costais na Dánlainne Náisiúnta, lena n-áirítear Deontas-i-gCabhair     ...     ...     ...

15,750

120

37

Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Tailte agus Oifig Choimisiún Talún na hÉireann     ...     ...     ...

2,709,370

200,000

38

Le haghaidh Tuarastail agus Costais i ndáil le Foraoiseacht, lena n-áirítear Deontas-i-gCabhair chun Talamh a fháil     ...     ...     ...     ...     ...

3,101,300

578,000

39

Le haghaidh Tuarastail agus Costais i ndáil le hIascach Mara agus Intíre, lena n-áirítear Ildeontais-i-gCabhair     ...

458,760

27,920

40

Le haghaidh Tuarastail agus Costais Roinn na Gaeltachta, maille le Deontais le haghaidh Tithe agus Ildeontais-i-gCabhair     ...     ...     ...     ...

586,660

4,990

41

Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Talmhaíochta, lena n-áirítear Seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, agus chun Fóirdheontais áirithe agus Ildeontais-i-gCabhair a íoc

24,047,000

4,694,694

42

Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Tionscail agus Tráchtála, lena n-áirítear Seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, agus chun Ildeontais-i-gCabhair a íoc     ...     ...

4,481,800

128,244

43

Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Iompair agus Cumhachta, lena n-áirítear Seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, agus chun Ildeontais-i-gCabhair a íoc     ...     ...

5,219,880

1,173,725

44

Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Poist agus Telegrafa agus Seirbhísí áirithe eile atá faoi riaradh na hOifige sin, agus chun Deontais-i-gCabhair a íoc     ...     ...     ...

13,503,600

5,417,400

45

Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Cosanta, lena n-áirítear Seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin; le haghaidh Pá agus Costais Óglaigh na hÉireann; agus chun Deontas-i-gCabhair a íoc     ...

9,508,700

143,700

46

Le haghaidh Pá Scortha, Pinsin, Cúiteamh, Liúntais agus Aiscí is iníoctha faoi Reachtanna Eagsúla le Comhaltaí d'Óglaigh na hÉireann agus d'Eagraíochtaí áirithe Míleata eile, etc., nó ina leith sin, agus le haghaidh Ranníocaí agus Costais Eagsúla i ndáil leo sin, etc.     ...     ...     ...     ...

2,187,310

2,500

47

Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Gnóthaí Eachtracha agus Seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, lena n-áirítear Deontas-i-gCabhair     ...     ...     ...     ...

594,100

6,650

48

Le haghaidh ranníocaí do Chomhairle na hEorpa, don Eagras um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta, do na Náisiúin Aontaithe agus do Dhlí-Chomhlachtaí Idir-Rialtasacha; agus le haghaidh costais eile i ndáil leis an gcéanna     ...     ...     ...     ...     ...

152,900

1,500

49

Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Leasa Shóisialaigh     ...     ...

537,000

1,124,340

50

Le haghaidh íocaíochtaí leis an gCiste Arachais Shóisialaigh     ...     ...

8,020,000

--

51

Le haghaidh Pinsin Seanaoise agus Pinsin do Dhaill, Liúntais Leanaí, Cúnamh Dífhostaíochta, Pinsin Neamhranníocacha Baintreach agus Dílleachtaí agus le haghaidh Ilseirbhísí Ilghnéitheacha Leasa Shóisialaigh, lena n-áirítear Deontais     ...     ...     ...     ...

20,127,000

346,500

52

Le haghaidh Tuarastail agus Costais Oifig an Aire Sláinte (lena n-áirítear Oifig an Ard-Chláraitheora), agus Seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, lena n-áirítear Deontais d'Údaráis Áitiúla agus Deontais ilghnéitheacha     ..     ...

11,177,500

31,000

53

Le haghaidh Costais Chothabhála, etc., Othar sa Phríomh-Ospidéal Meabhair-Ghalar     ...     ...     ...     ...     ...

60,730

3,230

£

167,036,460

15,414,096

Iomlán Sceideal B     ...     ...£

176,071,084

13,767,546

*Easnamh.

*Easnamh.

*Easnamh.

*Easnamh.