32 1963


Uimhir 32 de 1963.


AN tACHT UM AN nGNÍOMHAIREACHT FOIRGNÍOCHTA NÁISIÚNTA TEORANTA, 1963.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DÁ ÚDARÚ DON AIRE AIRGEADAIS SCAIREANNA A THÓGÁIL SA GHNÍOMHAIREACHT FOIRGNÍOCHTA NÁISIÚNTA TEORANTA, DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN AN tAIRE SIN DO THABHAIRT AIRLEACAN AS AN bPRÍOMH-CHISTE DON CHUIDEACHTA SIN AGUS CHUN AN tAIRE RIALTAIS ÁITIÚIL DO RÁTHÚ IASACHTAÍ A GHEOBHAIDH AN CHUIDEACHTA SIN AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [18 Nollaig, 1963.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “an Chuideachta” an Ghníomhaireacht Foirgníochta Náisiúnta Teoranta;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúil.

An tAire Airgeadais do thógáil scaireanna.

2. —Féadfaidh an tAire Airgeadais ó am go ham scaireanna d'aon aicme nó aicmí sa Chuideachta a thógáil trí shuibscríobh nó trína gceannach ón sealbhóir, agus is é an tAire Airgeadais, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire, a chinnfidh na méideanna, nach mó san iomlán ná céad míle punt, a fhéadfar a shuibscríobh nó a íoc faoin alt seo.

An tAire Airgeadais do shealbhú scaireanna.

3. —Féadfaidh an tAire Airgeadais aon scaireanna sa Chuideachta a bheidh sé tar éis a thógáil nó a fháil a shealbhú an fad is oiriúnach leis agus féadfaidh sé, mar is oiriúnach agus nuair is oiriúnach leis ach tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire, na scaireanna sin go léir nó aon chuid díobh a dhíol nó a dhiúscairt ar shlí eile.

An tAire Airgeadais d'fheidhmiú cirt nó cumhachta is infheidhmithe ag sealbhóir scaireanna.

4. — Féadfaidh an tAire Airgeadais na cearta agus na cumhachtaí go léir a fheidhmiú i leith scaireanna a bheidh aige sa Chuideachta is infheidhmithe ag sealbhóir scaireanna den sórt sin agus, más trí aturnae is infheidhmithe ceart nó cumhacht, féadfaidh sé an céanna a fheidhmiú trína aturnae.

Díolúine ó dhleacht stampa.

1891, c. 39.

5. —Ní oibreoidh alt 112 den Stamp Act, 1891, chun a cheangal ar an gCuideachta aon ráiteas a sheachadadh do Chláraitheoir na gCuideachtaí nó aon dleacht stampa a íoc faoin alt sin i leith aon mhéadú ar chaipiteal na Cuideachta arna dhéanamh chun a chumasú don Aire Airgeadais scaireanna a thógáil sa Chuideachta.

Airleacain chun na Cuideachta ón Aire Airgeadais.

6. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais, ar mholadh an Aire, airleacain a thabhairt don Chuideachta chun cuspóirí na Cuideachta a chur i gcrích.

(2) Déanfar airleacain faoin alt seo ar cibé téarmaí maidir le haisíoc, ús agus nithe eile a chinnfidh an tAire Airgeadais.

An tAire do ráthú airgid a gheobhaidh an Chuideachta ar iasacht.

7. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, ráthaíocht a thabhairt, i cibé foirm agus slí agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha a cheadóidh an tAire Airgeadais, go n-aisíocfaidh an Chuideachta go cuí príomhshuim aon airgid a fuair an Chuideachta ar iasacht nó go n-íocfar ús ar an airgead sin nó go ndéanfar an phríomhshuim a aisíoc agus an t-ús a íoc.

(2) I gcás ina dtabharfar ráthaíocht, nó ina mbeifear tar éis ráthaíocht a thabhairt, faoin alt seo, tabharfaidh an Chuideachta, má fhoréilíonn an tAire é, cibé urrús (lena n-áirítear, go sonrach, bintiúirí) a shonrófar san fhoréileamh chun aisíoc aon airgid a dhlífidh an tAire a íoc, nó a bheidh íoctha aige, faoin ráthaíocht a áirithiú don Aire.

(3) Déanfaidh an tAire, a luaithe is féidir tar éis deireadh gach bliana airgeadais, ráiteas a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas ina luafar maidir le gach ráthaíocht a tugadh faoin alt seo i rith na bliana sin nó a tugadh aon tráth roimh thosach, agus a bhí i bhfeidhm i dtosach, na bliana sin—

(a) sonraí na ráthaíochta

(b) i gcás ina ndearna an tAire aon íocaíocht faoin ráthaíocht roimh dheireadh na bliana sin, méid na híocaíochta agus an méid (má b'ann) a aisíocadh leis an Aire ar scór na híocaíochta,

(c) an méid príomhshuime a bhí faoi réim na ráthaíochta agus a bhí gan aisíoc ag deireadh na bliana sin.

(4) Déanfaidh an Chuideachta airgead a d'íoc an tAire faoi ráthaíocht faoin alt seo a aisíoc leis an Aire (maraon le hús air de réir cibé rátaí a cheapfaidh an tAire Airgeadais) laistigh de dhá bhliain ón dáta a airleacadh an t-airgead as an bPríomh-Chiste.

(5) I gcás ina mbeidh an t-airgead go léir nó aon chuid den airgead is gá de réir fo-alt (4) den alt seo a aisíoc leis an Aire gan aisíoc de réir an fho-ailt sin, déanfar an tsuim a bheidh gan aisíoc amhlaidh a aisíoc leis an bPríomh-Chiste as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(6) D'ainneoin airgead a sholáthar faoi fho-alt (5) den alt seo chun an tsuim a aisíoc leis an bPríomh-Chiste, leanfaidh an Chuideachta de bheith faoi dhliteanas ag an Aire i leith na suime sin agus aisíocfaidh an Chuideachta an tsuim sin (maraon le hús uirthi de réir cibé rátaí a cheapfaidh an tAire Airgeadais) leis an Aire cibé tráthanna agus i cibé tráthchodanna a cheapfaidh an tAire Airgeadais agus, mura ndéantar aisíoc mar a dúradh agus gan dochar d'aon mhodh gnóthaithe eile, féadfar í a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

Airgead a sholáthar le haghaidh íocaíochtaí faoin Acht seo as an bPríomh-Chiste.

8. —(1) Is as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis a airleacfar an t-airgead go léir a bheidh ag teastáil ó am go ham ón Aire Airgeadais agus ón Aire faoi chomhair suimeanna a thiocfadh chun bheith iníoctha acu faoin Acht seo.

(2) Féadfaidh an tAire Airgeadais, chun airgead a sholáthar le haghaidh airleacan as an bPríomh-Chiste faoin alt seo, aon suimeanna is gá chuige sin a fháil ar iasacht ar urrús an Phríomh-Chiste nó a thoradh fáis, agus, chun an céanna a fháil ar iasacht, féadfaidh sé urrúis a bhunú agus a eisiúint, agus iad faoi cibé ráta úis agus faoi réir cibé coinníollacha i dtaobh aisíoca nó fuascailte nó eile is oiriúnach leis, agus íocfaidh sé isteach sa Státchiste an t-airgead go léir a gheobhaidh sé ar iasacht amhlaidh.

(3) Is ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis a bheidh muirear agus íoc príomhshuime agus úis gach urrúis a eiseofar faoin alt seo agus an chaiteachais faoina rachfar i ndáil leis na hurrúis sin a eisiúint.

Teorainn le comhiomlán airleacan agus príomhshuime áirithe.

9. —Ní rachaidh comhiomlán na suimeanna seo a leanas aon tráth áirithe:

(a) airleacain faoi alt 6 den Acht seo nach mbeidh aisíoctha,

(b) príomhshuim a mbeidh dliteanas ar an Aire í a aisíoc ar scór aon ráthaíocht nó ráthaíochtaí faoi alt 7 den Acht seo, agus

(c) príomhshuim a bheidh íoctha cheana ag an Aire ar aon ráthaíocht nó ráthaíochtaí den sórt sin agus nach mbeidh aisíoctha ag an gCuideachta,

thar dhá mhilliún punt.

Díbhinní, etc., a íoc isteach sa Státchiste.

10. —Íocfar isteach sa Státchiste nó cuirfear chun tairbhe don Státchiste i cibé slí is oiriúnach leis an Aire Airgeadais:

(a) díbhinní, bónas, glan-fháltais díolachán agus airgead eile a gheobhaidh an tAire Airgeadais i leith scaireanna leis an gCuideachta,

(b) airgead a gheobhaidh an tAire Airgeadais mar aisíoc nó mar ús ar airgead a bheidh sé tar éis airleacan faoi alt 6 den Acht seo,

(c) airgead a bheifear tar éis a aisíoc leis an Aire nó a bheidh an tAire tar éis a ghnóthú faoi fho-alt (4) nó faoi fho-alt (6) d'alt 7 den Acht seo.

Forálacha ag a mbeidh éifeacht i gcúinsí áirithe.

11. —Beidh éifeacht ag forálacha an Sceidil a ghabhann leis an Acht seo an fad—

(a) a bheidh aon scaireanna sa Chuideachta ag an Aire Airgeadais,

(b) a bheidh aon airgead gan aisíoc a fuair an Chuideachta ar iasacht agus a mbeidh a aisíoc cuí ráthaithe ag an Aire faoin Acht seo,

(c) a bheidh aon airgead a fuair an Chuideachta ar iasacht, agus a mbeidh a aisíoc cuí ráthaithe amhlaidh agus a mbeidh a mhéid íoctha ag an Aire faoin ráthaíocht (maraon le hús air de réir na rátaí a cheap an tAire Airgeadais), gan aisíoc ag an gCuideachta leis an Aire nó gan gnóthú ón gCuideachta ag an Aire, nó

(d) a bheidh aon airgead a airleacadh chun na Cuideachta as an bPríomh-Chiste gan aisíoc.

Leasú ar an Sceideal a ghabhann leis an Acht Ráthaíocht Stáit, 1954 .

1954, Uimh. 9 .

I.R. Uimh. 74 de 1961.

12. —Leasaítear leis seo an Sceideal a ghabhann leis an Acht Ráthaíocht Stáit, 1954 , trí na tagairtí don Chuideachta agus do £250,000 a cuireadh isteach leis an Ordú um an Acht Ráthaíocht Stáit, 1954 (An Sceideal a Leasú), 1961, a scriosadh.

Caiteachais riaracháin.

13. —Déanfar na caiteachais faoina rachfar ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal.

14. —Féadfar an tAcht um an nGníomhaireacht Foirgníochta Náisúnta Teoranta, 1963, a ghairm den Acht seo.

AN SCEIDEAL.

Forálacha ag a mbeidh éifeacht an fad a bheidh aon scaireanna sa Chuideachta ag an aire Airgeadais nó aon airgead gan aisíoc a fuair an Chuideachta ar lasacht agus ar ráthaigh an tAire go naisíocfaí é go cuí nó aon airgead a d'íoc an tAire faoi ráthaíocht gan aisíoc ag an gCuideachta leis nó gan gnóthú aige ón gCuideachta nó aon airgead a airleacadh chun na Cuideachta as an bPríomh-Chiste gan aisíoc.

Alt 11.

Srian le meabhrán comhlachais agus airteagail chomhlachais a athrú.

1. D'ainneoin aon ní in Achtanna na gCuideachtaí, 1908 go 1959, nó i meabhrán comhlachais nó airteagail chomhlachais na Cuideachta, ní bheidh aon athrú ar an meabhrán nó na hairteagail sin bailí ná éifeachtúil gan ceadú a bheith faighte chuige roimh ré ón Aire tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais.

Scair stiúrthóra do dhílsiú don Aire Airgeadais ar an stiúrthóir sin d'fháil bháis, etc.

2. Ar stiúrthóir de chuid na Cuideachta d'éirí as oifig nó má fhaigheann stiúrthóir bás nó ar oifig stiúrthóra a theacht chun bheith folamh de réir airteagail chomhlachais na Cuideachta, dílseoidh aon scair a bheidh i seilbh an stiúrthóra sin don Aire Airgeadais, gan aistriú a bheith riachtanach, ar an Aire sin d'íoc leis an athstiúrthóir sin nó lena ionadaí pearsanta dlíthiúil aon suim a d'íoc an t-athstiúrthóir sin as an scair a fháil.

Cuntais a thabhairt don Aire.

3. (1) Tabharfaidh an Chuideachta, a luaithe is féidir é tar éis deireadh gach bliana cuntasaíochta, don Aire—

(a) clár comhardaithe amhail mar bhí ag deireadh na bliana cuntasaíochta sin agus é cuí-iniúchta ag iniúchóir na Cuideachta;

(b) cuntas ioncaim agus caiteachais don bhliain chuntasaíochta sin agus é cuí-iniúchta ag iniúchóir na Cuideachta; agus

(c) cóip de thuarascáil stiúrthóirí na Cuideachta chun scairshealbhóirí na Cuideachta don bhliain chuntasaíochta sin.

(2) Beidh an clár comhardaithe agus an cuntas ioncaim agus caiteachais a thabharfar de bhun fomhír (1) den mhír seo dréachtaithe i cibé slí a ordóidh an tAire tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais.

(3) Déanfaidh an tAire cóip de gach clár comhardaithe, de gach cuntas ioncaim agus caiteachais agus de gach tuarascáil a thabharfar dó de bhun fomhír (1) den mhír seo a leagan faoi bhráid gach Tí don Oireachtas a luaithe is féidir tar éis an clár comhardaithe, an cuntas ioncaim agus caiteachais agus an tuarascáil sin a thabhairt amhlaidh dó.

(4) Tabharfaidh an Chuideachta don Aire, má iarrann an tAire uirthi é, cibé eolas a iarrfaidh sé maidir le haon chlár comhardaithe, cuntas ioncaim agus caiteachais nó tuarascáil leis an gCuideachta, nó i dtaobh beartas agus gníomhaíochtaí na Cuideachta.

Stiúrthóirí, oifigigh nó seirbhísigh na Cuideachta a bheith ina gcomhaltaí de cheachtar Teach den Oireachtas.

5. (1) Má ainmnítear duine is stiúrthóir ar an gCuideachta mar iarrthóir le toghadh chun ceachtar Teach den Oireachtas nó mar chomhalta de Sheanad Éireann, scoirfidh sé air sin de bheith ina stiúrthóir ar an gCuideachta.

(2) I gcás duine is oifigeach nó seirbhíseach i bhfostaíocht na Cuideachta a theacht chun bheith ina chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas—

(a) beidh sé, i gcaitheamh na tréimhse dar tosach an dáta a thiocfaidh sé i dteideal, faoi Bhuan-Orduithe an Tí sin, suí sa Teach sin agus dar críoch an dáta a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den Teach sin nó, más túisce a tharlóidh, an dáta a éireoidh sé nó a scoirfidh sé as an bhfostaíocht sin nó a fhoirceannfaidh an Chuideachta an fhostaíocht sin, ar iasacht ón bhfostaíocht sin,

(b) ní íocfaidh an Chuideachta leis, ná ní bheidh teideal aige go bhfaigheadh sé ón gCuideachta, aon tuarastal ná pá, cibé acu é, in aghaidh na tréimhse sin.

(3) Má thagann duine atá nó a bhí ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don Chuideachta chun bheith i dteideal pinsin faoi na hAchtanna um Oifigí Aireachta agus Parlaiminte, 1938 go 1960, ní bheidh sé i dteideal an t-iomlán ná aon chuid dá thréimhse sheirbhíse inphinsin, de réir bhrí na nAchtanna sin, a áireamh le haghaidh aon sochair aoisliúntais is iníoctha faoi scéim, arna déanamh roimh dháta an Achta seo a rith nó dá éis, ag an gCuideachta chun sochair aoisliúntais a íoc le, nó maidir le, hoifigigh nó seirbhísigh na Cuideachta.

(4) Aon duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal faoi Bhuan-Orduithe cheachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin beidh sé, an fad bheidh sé i dteideal amhlaidh, dícháilithe chun bheith ina stiúrthóir ar an gCuideachta nó ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don Chuideachta.

Srian le scéim aoisliúntais a dhéanamh.

5. Ní bailí do scéim a dhéanfaidh an Chuideachta le haghaidh sochar aoisliúntas a íoc le, nó maidir le, hoifigigh nó seirbhísigh na Cuideachta mura le toiliú an Aire arna thabhairt le haontú an Aire Airgeadais a dhéanfar í.