|
||||
|
[EN] | ||
Uimhir 33 de 1963. | ||
[EN] |
ACHT NA gCUIDEACHTAÍ, 1963. | |
[An tiontú oifigiúil]. | ||
ACHT DO DHÉANAMH COMHDHLÚTHÚ MARAON LE LEASUITHE AR ACHTACHÁIN ÁIRITHE A BHAINEANN LE CUIDEACHTAÍ AGUS CHUN CRÍOCHA A BHAINEANN LEIS AN NÍ SIN. [23 Nollaig, 1963.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:— | ||
CUID I. Réamhráiteach. | ||
[EN] |
Gearrtheideal agus tosach feidhme. |
1. —(1) Féadfar Acht na gCuideachtaí, 1963 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú. | |
[EN] |
Forálacha ginearálta maidir le léiriú 1856, c. 47. 1862, c. 89. 1908, c. 69. 1857, c. 60. 1872, c. 58. 1872, c. 26. 1888, c. 44. 1862, c. 89. 1908, c. 69. 1856, c. 47. 1857, c. 14. 1857, c. 80. 1857, c. 49. 1858, c. 91. 1872, c. 58. |
2. —(1) San Acht seo mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt— |
[EN] | folaíonn “cuntais” grúpchuntais chuideachta cibé acu i bhfoirm chuntas a ullmhaíodh iad nó nach ea; | |
[EN] | ní fholaíonn “gníomhaire” abhcóide duine ag gníomhú dó i gcáil abhcóide; | |
[EN] | ciallaíonn “tuairisceán bliantúil” an tuairisceán is gá a thabhairt i gcás cuideachta ag a bhfuil scairchaipiteal, faoi alt 125 agus, i gcás cuideachta gan scairchaipiteal, faoi alt 126; | |
[EN] | ciallaíonn “airteagail” airteagail chomhlachais chuideachta, mar a cumadh iad i gcéaduair nó mar a athraíodh iad le rún speisialta, lena n-áirítear, sa mhéid go mbaineann siad leis an gcuideachta, na rialacháin atá (cibé acu é) i dTábla B sa Sceideal a ghabhann leis an Joint Stock Companies Act, 1856, nó i dTábla A sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Companies Act, 1862, nó sa Tábla sin arna athrú de bhun alt 71 den Acht deiridh sin a luaitear, nó i dTábla A sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Companies (Consolidation) Act, 1908; | |
[EN] | ciallaíonn “lá saoire bainc” lá is lá saoire bainc faoi na hAchtanna Laetheanta Saoire Puiblí, 1871 go 1924; | |
[EN] | ciallaíonn “na hAchtanna Féimheachta” an Irish Bankrupt and Insolvent Act, 1857, an Bankruptcy (Ireland) Amendment Act, 1872, an Debtors Act (Ireland), 1872, agus an Local Bankruptcy (Ireland) Act, 1888; | |
[EN] | folaíonn “leabhar agus páipéar” agus “leabhar nó páipéar” cuntais, gníomhais, scríbhinní agus doiciméid; | |
[EN] | ciallaíonn “cuideachta” cuideachta arna foirmiú agus arna clárú faoin Acht seo, nó cuideachta láithreach; | |
[EN] | tá le “cuideachta faoi theorainn ráthaíochta” agus le “cuideachta faoi theorainn scaireanna” na bríonna a thugtar dóibh faoi seach le fo-alt (2) d'alt 5; | |
[EN] | tá le “ranníocóir” an bhrí a thugtar dó le halt 208; | |
[EN] | nuair a úsáidtear “an chúirt” maidir le cuideachta ciallaíonn sé an Ard-Chúirt; | |
[EN] | tá le “foirceannadh toilteanach ag creidiúnaithe” an bhrí a thugtar dó le fo-alt (7) d'alt 256; | |
[EN] | folaíonn “bintiúr” stoc bintiúir, bannaí agus aon urrúis eile chuideachta cibé acu is muirear ar shócmhainní na cuideachta iad nó nach ea; | |
[EN] | folaíonn “stiúrthóir” aon duine i bpost stiúrthóra cibé ainm a thugtar air; | |
[EN] | folaíonn “doiciméad” toghairm, fógra, ordú agus próis dhlíthiúil eile, agus cláir; | |
[EN] | ciallaíonn “cuideachta láithreach” cuideachta a foirmíodh agus a cláraíodh i gclár a choimeádtar sa Stát faoi Achtanna na gCuideachtaí Comhstoic, faoin Companies Act, 1862, nó faoin Companies (Consolidation) Act, 1908; tá le “fógra fadtréimhse” an bhrí a thugtar dó le halt 142; | |
[EN] | ciallaíonn “bliain airgeadais”, maidir le haon chomhlacht corpraithe, an tréimhse a ndéantar amach ina leith aon chuntas sochair agus dochair leis an gcomhlacht corpraithe a leagtar faoina bhráid i gcruinniú ginearálta, cibé acu is bliain an tréimhse sin nó nach ea; | |
[EN] | tá le “grúpchuntais” an bhrí a thugtar dó le fo-alt (1) d'alt 150; | |
[EN] | ciallaíonn “cuideachta shealbhaíochta” cuideachta shealbhaíochta mar a mhínítear sin le halt 155; | |
[EN] | ciallaíonn “arna eisiúint go ginearálta”, maidir le réamheolaire, arna eisiúint chun daoine nach comhaltaí ná bintiúraigh láithreacha de chuid na cuideachta; | |
[EN] | ciallaíonn “Achtanna na gCuideachtaí Comhstoic” an Joint Stock Companies Act, 1856, na Joint Stock Companies Acts, 1856, 1857, an Joint Stock Banking Companies Act, 1857, agus an tAcht á chumasú Cuideachtaí Comhstoic Baincéireachta a fhoirmiú ar phrionsabal an dliteanais theoranta, nó aon cheann nó cinn de na hAchtanna sin, de réir mar is gá sa chás, ach ní fholaíonn sé Acht 7 agus 8 Victoria, Caibidil 110; | |
[EN] | tá le “foirceannadh toilteanach ag comhaltaí” an bhrí a thugtar dó le fo-alt (7) d'alt 256; | |
[EN] | tá le “an suibscríobh íosta” an bhrí a thugtar dó le fo-alt (2) d'alt 53; | |
[EN] | ciallaíonn “meabhrán” meabhrán comhlachais cuideachta, mar a cumadh i gcéaduair é nó mar a athraíodh é de bhun aon reachta (lena n-áirítear an tAcht seo); | |
[EN] | ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála; | |
[EN] | folaíonn “oifigeach”, maidir le comhlacht corpraithe, stúirthóir nó rúnaí; | |
[EN] | ciallaíonn “an dáta feidhme” dáta an Achta seo a theacht i ngníomh; | |
[EN] | ciallaíonn an briathar “forordú”, maidir leis na forálacha den Acht seo a bhaineann le cuideachtaí a fhoirceannadh, forordú le rialacha cúirte, agus maidir le forálacha eile an Achta seo, forordú le hordú ón Aire; | |
[EN] | folaíonn “clóite” atáirgthe in aon fhoirm inléite bhuan a cheadóidh cláraítheoir na gcuideachtaí; | |
[EN] | tá le “cuideachta phríobháideach” an bhrí a thugtar dó le fo-alt (1) d'alt 33; | |
[EN] | ciallaíonn “réamheolaire” aon réamheolaire, fógra, ciorclán, fógrán nó cuireadh eile a thairgeann aon scaireanna nó bintiúir de chuid cuideachta don phobal lena suibscríobh nó lena gceannach; | |
[EN] | ciallaíonn “stocmhargadh aitheanta” stocmhargadh a bheidh forordaithe ag an Aire chun críocha gach forála ina bhfuil na focail sin; | |
[EN] | ciallaíonn “cláraitheoir na gcuideachtaí” nó, nuair a úsáidtear é maidir le clárú cuideachtaí, “an cláraitheoir”, an t-oifigeach a mbeidh clárú cuideachtaí á dhéanamh de dhualgas aige faoin Acht seo; | |
[EN] | tá le “rún chun scairchaipiteal a laghdú” an bhrí a thugtar dó le fo-alt (2) d'alt 72; | |
[EN] | tá le “rún le haghaidh foirceannadh toilteanach” an bhrí a thugtar dó le fo-alt (2) d'alt 251; | |
[EN] | ciallaíonn “scair” scair i scairchaipiteal cuideachta, agus folaíonn sé stoc ach amháin i gcás ina bhfuil idirdhealú sainráite nó intuigthe idir stoc agus scaireanna; | |
[EN] | tá le “barántas scaire” an bhrí a thugtar dó le fo-alt (2) d'alt 88; | |
[EN] | ciallaíonn “cruinniú reachtúil” an cruinniú is gá a thionól de réir fho-alt (1) d'alt 130; | |
[EN] | tá le “tuarascáil reachtúil” an bhrí a thugtar dó le fo-alt (2) d'alt 130; | |
[EN] | ciallaíonn “fochuideachta” fochuideachta mar a mhínítear sin le halt 155; | |
[EN] | ciallaíonn “Table A” Table A sa Chéad Sceideal; | |
[EN] | ciallaíonn “Tábla A” Tábla A sa Chéad Sceideal; | |
[EN] | tá le “tráth oscailte na liostaí suibscríofa” an bhrí a thugtar dó le fo-alt (1) d'alt 56; | |
[EN] | folaíonn “féimheach neamh-urscaoilte”— | |
[EN] | (a) féimheach nach bhfuair an deimhniú comhlíonta a luaitear in alt 56 den Bankruptcy (Ireland) Amendment Act, 1872; | |
[EN] | (b) duine a breithníodh ina fhéimheach i dTuaisceart Éireann agus nach bhfuair an deimhniú comhlíonta a luaitear in alt 56 den Bankruptcy (Ireland) Amendment Act, 1872; | |
[EN] | (c) duine is féimheach neamh-urscaoilte faoi dhlí Shasana nó faoi dhlí na hAlban; | |
[EN] | ach ní fholaíonn sé duine ar neamhníodh a fhéimheacht; | |
[EN] | tá le “cuideachta neamhtheoranta” an bhrí a thugtar dó le fo-alt (2) d'alt 5. | |
[EN] | (2) Ní mheasfar duine a bheith, de réir bhrí aon fhorála den Acht seo, ina dhuine ar gnách le stiúrthóirí cuideachta gníomhú de réir a orduithe nó a threoracha, ar an aonchúis go ngníomhaíonn stiúrthóirí cuideachta ar chomhairle a thugann sé i gcáil ghairmiúil. | |
[EN] | (3) Déanfar tagairtí san Acht seo do chomhlacht corpraithe nó do chorparáid a fhorléiriú mar thagairtí nach bhfolaíonn corparáid aonair, ach a fholaíonn cuideachta a corpraíodh lasmuigh den Stát. | |
[EN] | (4) Aon fhoráil san Acht seo a sháraíonn nó a léiríonn airteagail chuideachta, bainfidh sí, ach amháin mar a fhoráiltear leis an Acht seo, le hairteagail a bheidh i bhfeidhm ar an dáta feidhme chomh maith le hairteagail a thiocfaidh i bhfeidhm ina dhiaidh sin, agus bainfidh sí freisin le meabhrán cuideachta faoi mar a bhaineann sí lena hairteagail. | |
[EN] | (5) Déanfar tagairtí san Acht seo d'aon achtachán a fhorléiriú, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, mar thagairtí don achtachán sin arna leasú nó arna leathnú le haon achtachán ina dhiaidh sin lena n-áirítear an tAcht seo. | |
[EN] | (6) San Acht seo, aon tagairt a dhéantar do Chuid, d'alt nó do sceideal, is tagairt í do Chuid, d'alt nó do sceideal den Acht seo, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá i gceist. | |
[EN] | (7) San Acht seo, aon tagairt a dhéantar d'fho-alt, do mhír, d'fhomhír nó do roinn eile, is tagairt í don fho-alt, don mhír, don fhomhír nó don roinn eile den fhoráil ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá i gceist. | |
[EN] |
Aisghairm agus cosaint. 1908, c. 69. 1871, c. 31. 1862, c. 89. 1856, c. 47. 1862, c. 89. 1908, c. 69. |
3. —(1) Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear sa Dóú Sceideal Déag a aisghairm a mhéid a shonraítear sa tríú colún den Sceideal sin. |
[EN] | (2) Ní dhéanfaidh aon ní san Acht seo difear d'aon Ordú i gComhairle, ordú, riail, rialachán, ceapachán, tíolacas, morgáiste, gníomhas nó comhaontú a rinneadh, d'aon rún a ritheadh, d'aon treoir a tugadh, d'aon imeacht a tionscnaíodh, d'aon ionstraim a eisíodh nó d'aon ní a cuireadh i gcrích faoi aon achtachán roimhe seo maidir le cuideachtaí, ach beidh feidhm i gcónaí ag aon Ordú i gComhairle, ordú, riail, rialachán, ceapachán, tiolacas, morgáiste, gníomhas, comhaontú, rún, treoir, imeacht, ionstraim nó ní den sórt sin, má bhíonn sé i bhfeidhm díreach roimh an dáta feidhme, agus sa mhéid go bhféadfaí é a dhéanamh, a rith, a thabhairt, a thionscnamh, a eisiúint nó a chur i gcrích faoin Acht seo, beidh éifeacht aige ionann is dá mba faoin Acht seo a rinneadh, a ritheadh, a tugadh, a tionscnaíodh, a eisíodh nó a cuireadh i gcrích é. | |
[EN] | (3) Ní dhéanfaidh aon ní san Acht seo difear d'oibriú ailt 109 agus 110 den Companies (Consolidation) Act, 1908, maidir le cigirí a ceapadh roimh an dáta feidhme, ná maidir le leanúint de chigireacht ar ar thosaigh cigirí a ceapadh roimh an dáta feidhme, agus bainfidh alt 172 le tuarascáil ó chigirí a ceapadh faoi na hailt sin faoi mar a bhaineann sé le tuarascáil ó chigirí a ceapadh faoi alt 165 agus 166. | |
[EN] | (4) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo difear— | |
[EN] | (a) d'fhorálacha alt 5 den Trade Union Act, 1871 (a neamhníonn clárú ceardchumainn faoi na hachtacháin a bhaineann le cuideachtaí); | |
[EN] | (b) don achtachán atá leagtha amach sa Tríú Sceideal Déag, is é sin, achtachán a coimeádadh i bhfeidhm le halt 205 den Companies Act, 1862, | |
[EN] | ná ní fhorléireofar é mar ní a aisghaireann aon fhoráil de na hAchtanna Árachais, 1909 go 1961. | |
[EN] | (5) Faoi réir forálacha fho-alt (4), déanfar aon doiciméad a thagraíonn d'aon achtachán roimhe seo maidir le cuideachtaí a fhorléiriú mar dhoiciméad a thagraíonn don achtachán comhréire san Acht seo. | |
[EN] | (6) Aon duine a ceapadh chun aon oifige faoi réim nó de bhua aon achtacháin roimhe seo maidir le cuideachtaí, agus a bheidh i seilbh oifige díreach roimh an dáta feidhme, measfar é a bheith arna cheapadh chun na hoifige sin faoi réim nó de bhua an Achta seo. | |
[EN] | (7) Aon chlár a choimeádtar faoi aon achtachán roimhe seo maidir le cuideachtaí, measfar gur cuid é den chlár atá le coimeád faoi fhorálacha comhréire an Achta seo. | |
[EN] | (8) Gach ciste agus cuntas a bhunófar faoin Acht seo, measfar iad a bheith leanúnach ar na cistí agus na cuntais chomhréire a bunaíodh faoi na hachtacháin roimhe seo maidir le cuideachtaí. | |
[EN] | (9) Ní dhéanfaidh aisghairm leis an Acht seo ar aon achtachán difear— | |
[EN] | (a) do chorprú aon chuideachta a cláraíodh faoi aon achtachán a aisghairtear leis seo; | |
[EN] | (b) do Thábla B sa Sceideal a ghabhann leis an Joint Stock Companies Act, 1856, ná d'aon chuid de, sa mhéid go mbaineann an céanna le haon chuideachta a bheidh ar marthain ar an dáta feidhme; | |
[EN] | (c) do Thábla A sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Companies Act, 1862, ná d'aon chuid de, mar a bhí sé i gcéaduair sa Sceideal sin nó mar a athraíodh é de bhun alt 71 den Acht sin, sa mhéid go mbaineann an céanna le haon chuideachta a bheidh ar marthain ar an dáta feidhme; | |
[EN] | (d) do Thábla A sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Companies (Consolidation) Act, 1908, ná d'aon chuid de, sa mhéid go mbaineann an céanna le haon chuideachta a bheidh ar marthain ar an dáta feidhme. | |
[EN] | (10) I gcás aon chion, is cion ar foráladh pionós mar gheall ar leanúint de, a bheith déanta faoi aon achtachán roimhe seo maidir le cuideachtaí, féadfar imeachtaí a thionscnamh faoin Acht seo i leith leanúint den chion tar éis an dáta feidhme, ionann is dá mba faoi fhorálacha comhréire an Achta seo a rinneadh an cion. | |
[EN] | (11) San alt seo ciallaíonn “achtachán roimhe seo maidir le cuideachtaí” aon achtachán a aisghairtear leis an Acht seo agus aon achtachán a aisghaireadh leis an Companies (Consolidation) Act, 1908. | |
[EN] |
Forléiriú tagairtí in Achtanna eile do chuideachtaí a cláraíodh faoin Companies (Consolidation) Act, 1908. 1908, c. 69. |
4. —D'ainneoin fho-alt (1) d'alt 20 den Acht Léiriúcháin, 1937 (a fhorálann i gcás ina ndéanann Acht aisghairm agus athachtú, le modhnú nó gan mhodhnú, ar aon fhorálacha d'Acht roimhe sin, go ndéanfar, mura léir a mhalairt d'intinn, tagairtí in aon Acht eile do na forálacha a aisghairtear amhlaidh a fhorléiriú mar thagairtí do na forálacha a athachtaítear amhlaidh), déanfar, mura léir a mhalairt d'intinn, tagairtí in aon Acht seachas an tAcht seo do chuideachta a foirmíodh agus a cláraíodh, nó a cláraíodh, faoin Companies (Consolidation) Act, 1908, a fhorléiriú mar thagairtí do chuideachta a foirmíodh agus a cláraíodh, nó a cláraíodh, faoin Acht sin nó faoin Acht seo. |
CUID II. Corprú Cuideachtaí agus nithe a ghabhann leis sin | ||
Meabhrán Comhlachais. | ||
[EN] |
Cuideachta chorpraithe a fhoirmiú. |
5. —(1) Aon seachtar nó níos mó nó, más cuideachta phríobháideach atá le foirmiú, aon bheirt nó níos mó, a bheidh i bpáirt le chéile chun aon chuspóra dhleathaigh, féadfaidh siad, trína n-ainmneacha a shíniú le meabhrán comhlachais agus ceanglais an Achta seo maidir le clárú a chomhlíonadh thairis sin, cuideachta chorpraithe, le dliteanas teoranta nó gan dliteanas teoranta, a fhoirmiú. |
[EN] | (2) Féadfaidh cuideachta den sórt sin— | |
[EN] | (a) bheith ina cuideachta a mbeidh dliteanas a comhaltaí curtha, leis an meabhrán, faoi theorainn an mhéid, más ann, a bheidh gan íoc ar na scaireanna a shealbhóidh siad faoi seach (ar a dtugtar san Acht seo “cuideachta faoi theorainn scaireanna”); nó | |
[EN] | (b) bheith ina cuideachta a mbeidh dliteanas a comhaltaí curtha, leis an meabhrán, faoi theorainn cibé méid a gheallfaidh na comhaltaí faoi seach, leis an meabhrán sin, a ranníoc le sócmhainní na cuideachta i gcás í a fhoirceannadh (ar a dtugtar san Acht seo “cuideachta faoi theorainn ráthaíochta”); nó | |
[EN] | (c) bheith ina cuideachta gan aon teorainn le dliteanas a comhaltaí (ar a dtugtar san Acht seo “cuideachta neamhtheoranta”). | |
[EN] |
Ceanglais maidir leis an meabhrán. |
6. —(1) Ní foláir na nithe seo a leanas a lua i meabhrán gach cuideachta— |
[EN] | (a) ainm na cuideachta, agus “limited” nó “teoranta” mar fhocal deiridh an ainm i gcás cuideachta faoi theorainn scaireanna nó faoi theorainn ráthaíochta; | |
[EN] | (b) cuspóirí na cuideachta. | |
[EN] | (2) Ní foláir a lua freisin i meabhrán cuideachta faoi theorainn scaireanna nó faoi theorainn ráthaíochta go bhfuil teorainn le dliteanas a comhaltaí. | |
[EN] | (3) Ní foláir a lua freisin i meabhrán cuideachta faoi theorainn ráthaíochta go ngeallann gach comhalta go ranníocfaidh sé le sócmhainní na cuideachta i gcás í a fhoirceannadh le linn é a bheith ina chomhalta, nó taobh istigh de bhliain tar éis éis é a scor de bheith ina chomhalta, chun íoc as na fiacha agus na dliteanais de chuid na cuideachta a ndeachthas fúthu sular scoir sé de bheith ina chomhalta, agus as costais, táillí agus caiteachais an fhoirceanta, agus chun cearta na ranníocóirí eatarthu féin a choigeartú, cibé méid is gá, gan dul thar mhéid sonraithe. | |
[EN] | (4) I gcás cuideachta ag a bhfuil scairchaipiteal— | |
[EN] | (a) ní foláir a lua freisin sa mheabhrán, mura cuideachta neamhtheoranta í, cad é an méid scairchaipitil atá beartaithe a chlárú i leith na cuideachta, agus conas a roinntear ina scaireanna de mhéid socraithe é; | |
[EN] | (b) ní fhéadfaidh aon duine de shínitheoirí an mheabhráin cuid is lú ná scair amháin a thógáil; | |
[EN] | (c) ní foláir do gach sínitheoir an méid scaireanna atá sé a thógáil a scríobh síos os coinne a ainm. | |
[EN] |
Cló, stampa agus síniú an mheabhráin. |
7. —Ní foláir an meabhrán a bheith clóite, agus stampa a bheith air ionann is dá mba ghníomhas é, agus ní foláir do gach sínitheoir é a shíniú i láthair finné amháin ar a laghad agus caithfidh an finné sin an síniú a fhianú. |
[EN] |
Modhnú ar an riail ultra vires. |
8. —(1) Aon ghníomh nó ní a dhéanfaidh cuideachta agus a bheadh déanta go dleathach agus go héifeachtach dá mbeadh cumhacht ag an gcuideachta é a dhéanamh, beidh sé, d'ainneoin nach raibh aon chumhacht ag an gcuideachta an gníomh nó an ní sin a dhéanamh, éifeachtach i bhfabhar aon duine a raibh a sheasamh ar an ngníomh nó an ní sin agus nach suífear go raibh a fhios aige iarbhír, an tráth a bhí sé ag seasamh air amhlaidh, nach raibh an gníomh nó an ní sin faoi réim cumhachtaí na cuideachta, ach aon stiúrthóir nó oifigeach de chuid na cuideachta a bhí freagrach sa chuideachta do dhéanamh an ghnímh nó an ní sin, beidh sé faoi dhliteanas ag an gcuideachta i leith aon chaillteanais nó damáiste a bhain don chuideachta dá dheasca. |
[EN] | (2) Féadfaidh an chúirt, ar iarratas ó aon chomhalta nó bintiúrach de chuid cuideachta, an chuideachta sin a shrianadh ó aon ghníomh nó ní a dhéanamh nach bhfuil cumhacht ag an gcuideachta é a dhéanamh. | |
[EN] |
Srian le hathrú ar an meabhrán. |
9. —Ní cead do chuideachta na forálacha ina meabhrán a athrú ach amháin sna cásanna, ar an modh agus sa mhéid dá bhforáiltear go sainráite san Acht seo. |
[EN] |
An tslí a bhféadfar, agus a mhéid is féidir, cuspóirí cuideachta a athrú 1908, c.69. |
10. —(1) Faoi réir fho-alt (2), féadfaidh cuideachta, le rún speisialta, forálacha a meabhráin a athrú trí aon chuspóir láithreach a thréigean, a shrianadh nó a leasú, nó trí chuspóir nua a ghabháil chuici, agus beidh aon athrú a dhéanfar amhlaidh chomh bailí agus dá mbeadh sé sa mheabhrán i gcéaduair, agus beidh sé faoi réir a athraithe ar an dóigh chéanna. |
[EN] | (2) Má dhéantar iarratas chun na cúirte de réir an ailt seo á iarraidh an t-athrú a chealú, ní bheidh éifeacht leis an athrú ach sa mhéid go ndaingneoidh an chúirt é. | |
[EN] | (3) Faoi réir fho-alt (4), féadfaidh siad seo a leanas iarratas faoin alt seo a dhéanamh— | |
[EN] | (a) sealbhóirí 15% ar a laghad san iomlán de réir luach ainmniúil de scairchaipiteal eisithe na cuideachta nó d'aon chineál de nó, mura bhfuil an chuideachta faoi theorainn scaireanna, 15% ar a laghad de chomhaltaí na cuideachta; nó | |
[EN] | (b) sealbhóirí 15% ar a laghad de bhintiúir na cuideachta, a thugann teideal dá sealbhóirí agóid a dhéanamh i gcoinne athrú ar a cuspóirí. | |
[EN] | (4) Ní cead d'aon duine a thoiligh nó a vótáil leis an athrú iarratas a dhéanamh faoin alt seo. | |
[EN] | (5) Ní foláir iarratas faoin alt seo a dhéanamh laistigh de 21 lá tar éis an dáta a ritheadh an rún ag athrú cuspóirí na cuideachta, agus féadfar é a dhéanamh thar ceann na ndaoine a bheidh i dteideal an t-iarratas a dhéanamh ag cibé duine nó daoine dá líon a cheapfaidh siad chuige sin i scríbhinn. | |
[EN] | (6) Ar iarratas a dhéanamh chuici faoin alt seo, féadfaidh an chúirt ordú a dhéanamh ag cealú an athraithe nó ag daingniú an athraithe go hiomlán nó go páirteach agus ar cibé tearmaí agus coinníollacha is cuí léi, agus féadfaidh sí, más cuí léi, na himeachtaí a chur ar athráth ionas go bhféadfar socrú a dhéanamh chun sástacht na cúirte chun leasanna comhaltaí easaontacha a cheannach, agus féadfaidh sí cibé treoracha a thabhairt agus cibé orduithe a dhéanamh is dóigh léi a bheith fóirsteanach chun aon socrú den sórt sin a éascú nó a chur in éifeacht, sa dóigh, áfach, nach gcaithfear aon chuid de chaipiteal na cuideachta ar aon cheannach den sórt sin. | |
[EN] | (7) Is iad na bintiúir a thugann teideal dá sealbhóirí agóid a dhéanamh i gcoinne athrú ar chuspóirí cuideachta, aon bhintiúir a bheidh urraithe le muirear foluaineach agus a eisíodh nó a céadeisíodh roimh an dáta feidhme nó is cuid d'aon sraith amháin le haon bhintiúir a eisíodh amhlaidh, agus le haghaidh rúin speisialta ag athrú cuspóirí cuideachta ní foláir fógra a thabhairt do shealbhóirí aon bhintiúr den sórt sin mar a thugtar do chomhaltaí na cuideachta, sa dóigh, áfach, go dtabharfar fógra 10 lá ar a laghad do shealbhóirí aon bhintiúr den sórt sin. | |
[EN] | Mura bhfuil aon fhorálacha ann i dtaobh fógra a thabhairt d'aon bhintiúraigh den sórt sin, beidh feidhm ag na forálacha d'airteagail na cuideachta a bhaineann le fógra a thabhairt do chomhaltaí. | |
[EN] | (8) I gcás cuideachta a bheidh, de bhua ceadúnais ón Aire, díolmhaithe ón oibleagáid chun an focal “limited” nó “teoranta” a úsáid mar chuid dá hainm, ní foláir freisin fógra a thabhairt don Aire mar a thugtar do bhintiúraigh i dtaobh rún ag athrú cuspóirí na cuideachta. | |
[EN] | (9) Nuair a rithfidh cuideachta rún ag athrú a cuspóirí— | |
[EN] | (a) mura ndéanfar aon iarratas ina leith faoin alt seo, déanfaidh an chuideachta, laistigh de 15 lá ó dheireadh na tréimhse chun iarratas den sórt sin a dhéanamh, cóip chlóite dá meabhrán arna athrú a sheachadadh do chláraitheoir na gcuideachtaí; agus | |
[EN] | (b) má dhéantar iarratas den sórt sin, déanfaidh an chuideachta— | |
[EN] | (i) fógra go ndearnadh é a thabhairt láithreach don chláraitheoir; agus | |
[EN] | (ii) laistigh de 15 lá ó dháta aon ordaithe a chealaigh nó a dhaingnigh an t-athrú, cóip oifige den ordú a sheachadadh don chláraitheoir, agus, i gcás ordú a dhaingnigh an t-athrú, cóip chlóite den mheabhrán arna athrú. | |
[EN] | Féadfaidh an chúirt am ar bith, le hordú, an tréimhse chun doiciméid a sheachadadh don chláraitheoir faoi mhír (b) a fhadú mar is cuí leis an gcúirt. | |
[EN] | (10) Má mhainníonn cuideachta fógra a thabhairt nó aon doiciméad a sheachadadh don chláraitheoir mar a cheanglaítear le fo-alt (9), dlífear fíneáil nach mó ná £50 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain. | |
[EN] | (11) Maidir le rún ag athrú na bhforálacha de mheabhrán cuideachta a bhaineann le cuspóirí na cuideachta a ritheadh roimh an dáta feidhme, beidh éifeacht ag an alt seo ionann is dá mba rud é, in ionad fho-ailt (2) go (10), gur achtaíodh fo-ailt (2) go (7) d'alt 9 den Companies (Consolidation) Act, 1908. | |
Airteagail Chomhlachais. | ||
[EN] |
Airteagail ag forordú rialachán do chuideachtaí. |
11. —Féadfar, i gcás cuideachta faoi theorainn scaireanna, agus déanfar, i gcás cuideachta faoi theorainn ráthaíochta nó cuideachta neamhtheoranta, airteagail chomhlachais, a bheidh sínithe ag sínitheoirí an mheabhráin agus a fhorordóidh rialacháin don chuideachta, a chlárú maraon leis an meabhrán. |
[EN] |
Rialacháin is gá i gcás cuideachta neamhtheoranta nó cuideachta faoi theorainn ráthaíochta. |
12. —(1) I gcás cuideachta neamhtheoranta, ní foláir a rá sna hairteagail cad é an líon comhaltaí atá beartaithe a chlárú don chuideachta agus, má tá scairchaipiteal ag an gcuideachta, cad é an méid scairchaipitil atá beartaithe a chlárú don chuideachta. |
[EN] | (2) I gcás cuideachta faoi theorainn ráthaíochta, ní foláir a rá sna hairteagail cad é an líon comhaltaí atá beartaithe a chlárú don chuideachta. | |
[EN] | (3) Má tá cuideachta neamhtheoranta nó cuideachta faoi theorainn ráthaíochta tar éis líon a comhaltaí a mhéadú thar an líon cláraithe, déanfaidh sí, laistigh de 15 lá tar éis cinneadh, le rún, ar an méadú nó tar éis an méadú a tharlú, fógra faoin méadú a thabhairt don chláraitheoir, agus taifeadfaidh seisean an méadú. | |
[EN] | Má mhainnítear an fo-alt seo a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £50 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain. | |
[EN] |
Table A nó Tábla A a ghlacadh agus a chur chun feidhme. |
13. —(1) Féadfar sna hairteagail chomhlachais glacadh le gach ceann nó aon cheann de na rialacháin atá in Table A, nó de na rialacháin chomhionanna i nGaeilge atá i dTábla A. |
[EN] | (2) I gcás cuideachta faoi theorainn scaireanna a chlárófar tar éis an dáta feidhme, mura gcláraítear airteagail nó, má chláraítear airteagail, sa mhéid nach n-eisiann na hairteagail nó nach modhnaíonn siad na rialacháin atá in Table A, is iad na rialacháin sin, chomh fada agus is infheidhme iad, rialacháin na cuideachta sa dóigh chéanna agus sa mhéid ceánna is dá mbeidís in airteagail a cláraíodh go cuí. | |
[EN] | (3) Más i nGaeilge atá meabhrán na cuideachta, déanfar na tagairtí i bhfo-alt (2) do Table A a fhorléiriú mar thagairtí do Thábla A. | |
[EN] |
Cló, stampáil agus síniú na n-airteagal. |
14. —Ní foláir airteagail a bheith— |
[EN] | (a) clóite; | |
[EN] | (b) roinnte ina míreanna a mbeidh uimhreacha i ndiaidh a chéile leo; | |
[EN] | (c) stampáilte leis an stampa céanna a bheadh le cur orthu dá mba i ngníomhas a bhí siad; | |
[EN] | (d) sínithe ag gach duine de shínitheoirí an mheabhráin i láthair finné amháin ar a laghad a chaithfidh an síniú a fhianú. | |
[EN] |
Airteagail a athrú le rún speisialta. |
15. —(1) Faoi réir forálacha an Achta seo agus na gcoinníollacha a bheidh ina meabhrán, féadfaidh cuideachta a hairteagail a athrú nó a bhreisiú, le rún speisialta. |
[EN] | (2) Aon athrú nó breisiú a dhéanfar amhlaidh ar na hairteagail, beidh sé, faoi réir forálacha an Achta seo, chomh bailí is dá mbeadh sé iontu i gcéaduair, agus beidh sé, sa dóigh chéanna, faoi réir a athraithe le rún speisialta. | |
Foirm an Mheabhráin agus na nAirteagal. | ||
[EN] |
Foirmeacha reachtúla an mheabhráin agus na n-airteagal. |
16. —Is de réir na bhfoirmeacha atá leagtha amach i dTáblaí B, C, D agus E sa chéad Sceideal, nó i bhfoirmeacha chomh gar dóibh agus a cheadóidh na himthosca, a bheidh na foirmeacha seo a leanas, faoi seach— |
[EN] | (a) meabhrán cuideachta faoi theorainn scaireanna; | |
[EN] | (b) meabhrán agus airteagail chuideachta faoi theorainn ráthaíochta nach bhfuil scairchaipiteal aici; | |
[EN] | (c) meabhrán agus airteagail chuideachta faoi theorainn ráthaíochta a bhfuil scairchaipiteal aici; | |
[EN] | (d) meabhrán agus airteagail chuideachta neamhtheoranta a bhfuil scairchaipiteal aici. | |
Clárú | ||
[EN] |
Clárú an mheabhráin agus na n-airteagal. |
17. —Déanfar an meabhrán agus na hairteagail, más ann, a sheachadadh do chláraitheoir na gcuideachtaí, agus coinneoidh seisean iad agus cláróidh sé iad. |
[EN] |
Éifeacht an chláraithe. |
18. —(1) Ar mheabhrán cuideachta a chlárú, deimhneoidh an cláraitheoir faoina láimh gur corpraíodh an chuideachta agus, i gcás cuideachta theoranta, gur cuideachta theoranta í. |
[EN] | (2) Ón dáta corpraithe a luafar sa deimhniú corpraithe, beidh sínitheoirí an mheabhráin, maraon le cibé daoine eile a thiocfaidh ó am go ham chun bheith ina gcomhaltaí den chuideachta, ina gcomhlacht corpraithe, faoin ainm a bheidh sa mheabhrán, a bheidh inniúil feasta ar fheidhmeanna uile cuideachta corpraithe a fheidhmiú, agus ag a mbeidh comharbas suthain agus comhshéala, ach ar a mbeidh dliteanas i bpáirt na gcomhaltaí chun ranníoc a dhéanamh i leith sócmhainní na cuideachta i gcás í a fhoirceannadh mar atá luaite san Acht seo. | |
[EN] |
Deimhniú corpraithe ina fhianaise dhochloíte. |
19. —(1) Beidh deimhniú corpraithe, a thabharfaidh an cláraitheoir i leith aon chomhlachais, ina fhianaise dhochloíte gur comhlíonadh ceanglais uile an Achta seo maidir le clárú agus le nithe roimh an gclárú agus ag baint leis, agus go bhfuil an comhlachas ina chuideachta ar údaraíodh í a chlárú agus ar cláraíodh í go cuí faoin Acht seo. |
[EN] | (2) Déanfar dearbhú reachtúil ó aturnae atá ag gabháil d'fhoirmiú na cuideachta, nó ó dhuine atá ainmnithe sna hairteagail mar stiúrthóir nó rúnaí ar an gcuideachta, gur comhlíonadh gach ceann nó aon cheann de na ceanglais sin, a thabhairt ar aird don chláraitheoir, agus féadfaidh seisean glacadh le dearbhú den sórt sin mar leorfhianaise gur comhlíonadh. | |
[EN] |
Cuideachta neamhtheoranta a chlárú mar chuideachta theoranta. |
20. —(1) Faoi réir forálacha an ailt seo, féadfaidh cuideachta a cláraíodh mar chuideachta neamhtheoranta clárú faoin Acht seo mar chuideachta theoranta, nó féadfaidh cuideachta a cláraíodh cheana mar chuideachta theoranta athchlárú faoin Acht seo, ach ní dhéanfaidh clárú cuideachta neamhtheoranta mar chuideachta theoranta difear do chearta nó dliteanais na cuideachta i gcás aon fhiach nó oibleagáid, nó conradh faoina ndeachaigh an chuideachta, nó faoina ndeachthas léi nó thar a ceann, roimh an gclárú, agus féadfar na cearta nó na dliteanais sin a chur i bhfeidhm mar a fhoráiltear le Cuid IX den Acht seo i gcás cuideachta a cláraíodh de bhun na Coda sin. |
[EN] | (2) Ar chuideachta a chlárú de bhun an ailt seo, dúnfaidh an cláraitheoir an clárú a rinneadh roimhe sin ar an gcuideachta, agus féadfaidh sé seachadadh cóipeanna d'aon doiciméid a bhfuair sé cóipeanna díobh nuair a cláraíodh an chuideachta i gcéaduair a ligean thar ceal, agus, ach amháin mar a dúradh, déanfar an clárú ar an modh céanna agus beidh éifeacht aige ionann is dá mba é an chéad chlárú ar an gcuideachta faoin Acht seo é, agus ionann is dá mbeadh na forálacha de na hAchtanna faoinar cláraíodh agus faoinar rialaíodh an chuideachta roimbe sin in Achtanna seachas na cinn faoina bhfuil an chuideachta cláraithe mar chuideachta theoranta. | |
Forálacha maidir le hAinmneacha Cuideachtaí. | ||
[EN] |
Toirmeasc ar chuideachtaí a chlárú faoi ainmneacha míchuibhiúla. |
21. —Ní dhéanfar aon chuideachta a chlárú faoi ainm is dóigh leis an Aire a bheith míchuibhiúil, ach féadfar achomharc a dhéanamh chun na cúirte i gcoinne diúltú cuideachta a chlárú. |
[EN] |
Ainm gnó a chlárú. |
22. —(1) Gach cuideachta a bheidh ag seoladh gnó faoi ainm seachas a hainm corpraithe, cláróidh sí ar an modh a ordaítear le dlí chun ainmneacha gnó a chlárú. |
[EN] | (2) Ní bheidh úsáid an ghiorraithe “Ltd.” in ionad “Limited” nó “Teo.” in ionad “Teoranta” ina chúis, ann féin, le gur gá clárú amhlaidh. | |
[EN] |
Ainm a athrú. |
23. —(1) Féadfaidh cuideachta, le rún speisialta agus le haontú an Aire arna chur in iúl i scríbhinn, a hainm a athrú. |
[EN] | (2) Má tharlaíonn, trí neamhaire nó eile, go ndéanfar, ar chuideachta a chéadchlárú, nó ar a clárú faoi ainm nua, í a chlárú faoi ainm is dóigh leis an Aire a bheith róchosúil leis an ainm a bhfuil cuideachta atá ar marthain cláraithe faoi cheana féin, féadfaidh an chuideachta chéadluaite a hainm a athrú le ceadú an Aire agus, má ordaíonn an tAire amhlaidh laistigh de 6 mhí tar éis a cláraithe faoin ainm sin, athróidh sí é laistigh de thréimhse 6 sheachtain ó dháta an ordaithe nó de cibé tréimhse is faide ná sin is cuí leis an Aire a lamháil. | |
[EN] | Má mhainníonn cuideachta ordú faoin bhfo-alt seo a chomhlíonadh, dlífear fineáil nach mó ná £100 a chur uirthi. | |
[EN] | (3) Má athraíonn cuideachta a hainm faoin alt seo, taifeadfaidh an cláraitheoir an t-ainm nua sa chlár in ionad an tseanainm, agus eiseoidh sé deimhniú corpraithe arna athrú chun go bhfreagróidh sé d'imthosca an cháis. | |
[EN] | (4) Ní dhéanfaidh athrú ainm ag cuideachta faoin alt seo difear d'aon chearta ná oibleagáidí de chuid na cuideachta, ná ní fhágfaidh sé go mbeidh aon imeachtaí dlí ag an gcuideachta nó ina coinne lochtach, agus aon imeachtaí dlí a bhféadfaí leanúint díobh nó iad a thionscnamh ina coinne faoina seanainm, féadfar leanúint díobh nó iad a thionscnamh ina coinne faoina hainm nua. | |
[EN] | (5) Aon chuideachta a cláraíodh faoi ainm a sonraíodh le reacht, féadfaidh sí, d'ainneoin aon ní sa reacht sin, a hainm a athrú de réir fho-alt (1), ach más dóigh leis an Aire go bhfuil baint ag aon Aire eile le riaradh an reachta a shonraigh ainm na cuideachta, ní aontóidh sé leis an ainm a athrú ach amháin tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire eile sin. | |
[EN] | (6) Má thosaítear ar chuideachta a fhoirceannadh laistigh de bhliain tar éis don chuideachta a hainm a athrú, foilseofar seanainm na cuideachta chomh maith lena hainm i láthair na huaire ar gach fógra agus fógrán a bhainfidh leis an bhfoirceannadh. | |
[EN] |
Cumhacht chun “limited” nó “teoranta” a fhágáil as ainm cuideachtaí carthanais agus cuideachtaí eile. |
24. —(1) Má chruthaítear chun sástacht an Aire go bhfuil comhlachas atáthar ar tí a fhoirmiú ina chuideachta theoranta le foirmiú chun an tráchtáil, an ealaín, an eolaíocht, an reiligiún, an charthanacht nó aon chuspóir fóinteach eile a chur ar aghaidh, agus go bhfuil ar intinn aige a bhrabúis, más ann, nó a ioncam eile, a úsáid chun a chuspóirí a chur ar aghaidh, agus íoc aon díbhinne lena chomhaltaí a thoirmeasc, féadfaidh an tAire, le ceadúnas, a ordú go bhféadfar an comhlachas a chlárú ina chuideachta faoi dhliteanas teoranta, gan an focal “limited” nó an focal “teoranta” a chur lena ainm, agus féadfar an comhlachas a chlárú dá réir sin agus, ar bheith cláraithe dó, tairbheoidh sé de na pribhléidí go léir atá ag cuideachtaí teoranta agus (faoi réir forálacha an ailt seo) beidh sé faoi réir na n-oibleagáidí go léir atá orthu. |
[EN] | (2) Má chruthaítear chun sástacht an Aire— | |
[EN] | (a) nach bhfuil de chuspóirí ag cuideachta atá cláraithe mar chuideachta theoranta ach na cinn a shonraítear i bhfo-alt (1) agus cuspóirí a ghabhann nó a chuideodh leo sin; agus | |
[EN] | (b) de réir a bunreachta, go bhfuil de cheangal ar an gcuideachta a brabúis, más ann, nó a hioncam eile, a úsáid chun a cuspóirí a chur ar aghaidh, agus go bhfuil toirmeasc uirthi aon díbhinn a íoc lena comhaltaí; | |
[EN] | féadfaidh an tAire, le ceadúnas, a údarú don chuideachta athrú a dhéanamh, le rún speisialta, ar a hainm, lena n-áirítear nó arb é a bheidh ann an focal “limited” nó “teoranta” a fhágáil ar lár, agus bainfidh fo-ailt (3) agus (4) d'alt 23 le hathrú ainm faoin bhfo-alt seo amhail mar a bhaineann siad le hathrú ainm faoin alt sin. | |
[EN] | (3) Féadfar ceadúnas ón Aire faoin alt seo a dheonú ar cibé coinníollacha is cuí leis an Aire, agus beidh na coinníollacha sin ina gceangal ar an gcomhlacht dá ndeonófar an ceadúnas, agus (más faoi fho-alt (1) a dheonófar an ceadúnas) déanfar, má ordaíonn an tAire amhlaidh, iad a chur isteach sa mheabhrán agus sna hairteagail nó i gceann de na doiciméid sin. | |
[EN] | (4) Beidh comhlacht a mbeidh ceadúnas faoin alt seo i bhfeidhm ina leith díolmhaithe ó na forálacha den Acht seo a bhaineann le húsáid na bhfocal “limited” nó “teoranta” mar chuid ar bith dá ainm, agus le foilsiú a ainm. | |
[EN] | (5) Féadfaidh an tAire, tráth ar bith, ceadúnas faoin alt seo a chúlghairm agus, ar é a chúlghairm, taifeadfaidh an cláraitheoir an focal “limited” nó “teoranta” ag deireadh an ainm a bheidh sa chlár ar an gcomhlacht dár deonaíodh an ceadúnas. | |
[EN] | (6) Sula gcúlghairfear ceadúnas de bhua fho-alt (5), tabharfaidh an tAire fógra i scríbhinn don chomhlacht go bhfuil sin ar intinn aige, agus tabharfaidh sé caoi dó éisteacht a fháil i gcoinne an chúlghairthe. | |
[EN] | (7) Má dhéanann comhlacht, a mbeidh ceadúnas faoin alt seo i bhfeidhm ina leith, athrú ar na forálacha dá mheabhrán a bhaineann lena chuspóirí, féadfaidh an tAire (mura bhfeictear dó gur cuí an ceadúnas a chúlghairm) an ceadúnas a athrú trína chur faoi réir cibé coinníollacha is cuí leis an Aire, in ionad nó i dteannta na gcoinníollacha, más ann, a raibh an ceadúnas faoina réir roimhe sin. | |
[EN] | (8) Má chúlghairtear ceadúnas a deonaíodh faoin alt seo do chomhlacht a bhfuil na focail “cumann lucht tráchtála” ina ainm, déanfaidh an comhlacht, laistigh de thréimhse 6 sheachtain ó dháta an chúlghairthe nó de cibé tréimhse is faide ná sin is cuí leis an Aire a lamháil, a ainm a athrú go hainm nach mbeidh na focail sin ann, agus— | |
[EN] | (a) san fhógra a thabharfar faoi fho-alt (6) don chomhlacht sin, beidh ráiteas ar éifeacht na bhforálacha roimhe seo den fho-alt seo, agus | |
[EN] | (b) bainfidh fo-ailt (3) agus (4) d'alt 23 le hathrú ainm faoin bhfo-alt seo faoi mar a bhaineann siad le hathrú ainm faoin alt sin. | |
[EN] | Má mhainníonn an comhlacht ceanglais an fho-ailt seo a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur air. | |
Forálacha Ginearálta maidir leis an Meabhrán agus leis na hAirteagail. | ||
[EN] |
Éifeacht an mheabhráin agus na n-airteagal. |
25. —(1) Faoi réir forálacha an Achta seo, beidh an meabhrán agus na hairteagail, ar iad a bheith cláraithe, ina gceangal ar an gcuideachta agus ar a comhaltaí ionann is dá mbeidís faoi seach sínithe agus séalaithe ag gach comhalta, agus go mbeadh cúnaint iontu ó gach comhalta go n-urramódh sé forálacha uile an mheabhráin agus na n-airteagal. |
[EN] | (2) An t-airgead go léir is iníoctha ag aon chomhalta leis an gcuideachta faoin meabhrán nó faoi na hairteagail, beidh sé ina fhiach a bheidh dlite uaidh don chuideachta. | |
[EN] | (3) Ní thionscnófar caingean chun fiach a bhunaítear leis an alt seo a ghnóthú tar éis 12 bhliain a bheith caite ón dáta a d'fhaibhrigh an chúis chaingne. | |
[EN] |
Forálacha maidir le meabhrán agus airteagail chuideachta faoi theorainn ráthaíochta. |
26. —(1) I gcás cuideachta faoi theorainn ráthaíochta nach bhfuil scairchaipiteal aici, agus a cláraíodh an lú lá d'Eanáir, 1901, nó ina dhiaidh sin, beidh gach foráil sa mheabhrán nó sna hairteagail, nó in aon rún ón gcuideachta, a airbheartóidh ceart a thabhairt do dhuine ar bith chun bheith rannpháirteach i mbrabúis inroinnte na cuideachta, ar dhóigh seachas mar chomhalta, ar neamhní. |
[EN] | (2) Chun críocha na bhforálacha den Acht seo a bhaineann le meabhrán cuideachta faoi theorainn ráthaíochta agus chun críocha an ailt seo, déanfar gach foráil i meabhrán nó airteagail chuideachta faoi theorainn ráthaíochta a cláraíodh ar an dáta a dúradh nó ina dhiaidh sin, nó in aon rún uaithi, a airbheartóidh gnóthas na cuideachta a roinnt ina scaireanna nó ina leasanna, a áireamh mar fhoráil le haghaidh scairchaipitil, d'ainneoin nach sonraítear leis an bhforáil sin méid nó uimhir ainmniúil na scaireanna nó na leasanna. | |
[EN] |
Gan comhaltaí áithreacha a bheith faoi cheangal, mura dtoilíonn siad chuige, i gcás athrú ar an meabhrán nó ar na hairteagail a mhéadódh an dliteanas chun ranníoc a dhéanamh i leith scairchaipitil. |
27. —(1) Faoi réir fho-alt (2), agus d'ainneoin aon ní i meabhrán nó airteagail chuideachta, ní bheidh aon chomhalta den chuideachta faoi cheangal ag athrú a dhéanfar ar an meabhrán nó ar na hairteagail tar éis an dáta a tháinig sé chun bheith ina chomhalta, má cheanglaíonn agus sa mhéid go gceanglóidh an t-athrú air scaireanna a thógáil nó a shuibscríobh de bhreis ar an méid a bheidh aige ar dháta an athraithe a dhéanamh, nó má mhéadaíonn sé ar dhóigh ar bith a dhliteanas amhail ar an dáta sin chun ranníoc a dhéanamh le scairchaipiteal na cuideachta nó airgead a íoc léi ar dhóigh eile. |
[EN] | (2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) in aon chás ina gcomhaontóidh an comhalta i scríbhinn, roimh an athrú a dhéanamh nó ina dhiaidh sin, bheith faoi cheangal aige. | |
[EN] |
Cumhacht chun forálacha atá sa mheabhrán agus a d'fhéadfadh a bheith in airteagail a athrú. |
28. —(1) Faoi réir fho-alt (2) agus ailt 27 agus 205, má bhíonn aon fhoráil i meabhrán cuideachta agus gurbh fhéidir go dleathach í a bheith in airteagail chomhlachais in ionad í a bheith sa mheabhrán, féadfaidh an chuideachta, faoi réir forálacha an ailt seo, í a athrú le rún speisialta. |
[EN] | (2) Má dhéantar iarratas chun na cúirte á iarraidh an t-athrú a chealú, ní bheidh éifeacht aige ach amháin sa mhéid go ndaingneoidh an chúirt é. | |
[EN] | (3) Ní bheidh feidhm ag an alt seo i gcás foráil a bheith sa mheabhrán féin chun athrú a dhéanamh, nó é a bheith toirmiscthe ann athrú a dhéanamh, ar gach ceann nó aon cheann de na forálacha sin, agus ní údaróidh sé aon athrú ná aisghairm ar chearta speisialta aon aicme comhaltaí. | |
[EN] | (4) Bainfidh fo-ailt (3), (4), (5), (6), (9) agus (10) d'alt 10 (ach amháin mír (b) den fho-alt sin (3)) le haon athrú agus le haon iarratas a dhéanfar faoin alt seo faoi mar a bhaineann siad le hathruithe agus le hiarratais faoin alt sin. | |
[EN] | (5) Bainfidh an t-alt seo le meabhrán cuideachta, cibé acu roimh an dáta feidhme nó air nó ina dhiaidh sin a cláraíodh é. | |
[EN] |
Cóipeanna den mheabhrán agus de na hairteagail a thabhairt do chomhaltaí |
29. —(1) Arna iarraidh sin uirthi d'aon chomhalta, cuirfidh cuideachta chuige cóip den mheabhrán agus de na hairteagail, más ann, agus cóip d'aon Acht ón Oireachtas a athraionn an meabhrán ach, i gcás cóip den mheabhrán agus de na hairteagail, 5/- nó cibé suim faoina bhun sin a fhorordóidh an chuideachta, a íoc, agus, i gcás cóip den Acht sin, cibé suim, nach mó ná an praghas ar ar foilsíodh é, a éileoidh an chuideachta a íoc. |
[EN] | (2) Má mhainníonn cuideachta an t-alt seo a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £5 in aghaidh gach ciona a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain. | |
[EN] |
Athruithe a bheith sna cóipeanna a eiseofar den mheabhrán. |
30. —(1) Má dhéantar athrú i meabhrán cuideachta, ní foláir gach cóip den mheabhrán a eiseofar i ndiaidh dáta an athraithe a bheith de réir an athraithe. |
[EN] | (2) Más rud é, tar éis aon athrú den sórt sin a dhéanamh, go ndéanfaidh an chuideachta, tráth ar bith i ndiaidh dáta an athraithe, aon chóip den mheabhrán a eisiúint chun duine ar bith gan í a bheith de réir an athraithe, dlífear fíneáil nach mó ná £25 a chur uirthi, agus dlífear an píonós céanna a chur ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain. | |
Comhaltas Cuideachta. | ||
[EN] |
Miniú ar chomhalta. |
31. —(1) Measfar sínitheoirí meabhráin chuideachta a bheith tar éis comhaontú a bheith ina gcomhaltaí den chuideachta, agus, ar an gcuideachta a chlárú, taifeadfar iad mar chomhaltaí i gclár a comhaltaí. |
[EN] | (2) Gach duine eile a chomhaontóidh bheith ina chomhalta de chuideachta, agus a dtaifeadfar a ainm i gclár a comhaltaí, beidh sé ina chomhalta den chuideachta. | |
[EN] |
Comhaltas cuideachta sealbhaíochta. |
32. —(1) Faoi réir forálacha an ailt seo, ní féidir le comhlacht corpraithe bheith ina chomhalta de chuideachta arb í a cuideachta shealbhaíochta í, agus má dhéantar aon scaireanna i gcuideachta a leithroinnt ar a fochuideachta nó a aistriú chuici, beidh an leithroinnt nó an t-aistriú sin ar neamhní. |
[EN] | (2) Ní bheidh feidhm ag aon ní san alt seo má bhíonn cúram ar an bhfochuideachta mar ionadaí pearsanta, nó má bhíonn cúram uirthi mar iontaobhaí, mura rud é go bhfuil leas tairbhiúil faoin iontaobhas ag an gcuideachta shealbhaíochta nó ag fochuideachta di agus nach i modh urrúis chun críocha idirbhirt a rinne sí i ngnáthchúrsa gnó ar cuid de airgead a thabhairt ar iasacht agus sa mhodh sin amháin atá leas aici amhlaidh. | |
[EN] | (3) Ní choiscfidh an t-alt seo ar fhochuideachta a bhí, ar an 5ú lá de Bhealtaine, 1959, ina comhalta dá cuideachta shealbhaíochta, leanúint de bheith ina comhalta. | |
[EN] | (4) Ní choiscfidh an t-alt seo ar chuideachta a bheidh, ar an dáta a thiocfaidh sí chun bheith ina fochuideachta do chuideachta eile, ina comhalta den chuideachta eile sin, leanúint de bheith ina comhalta. | |
[EN] | (5) Ní choiscfidh an t-alt seo ar fhochuideachta is comhalta dá cuideachta shealbhaíochta scaireanna breise a ghlacadh agus a shealbhú i gcaipiteal a cuideachta sealbhaíochta más de chionn caipitiliú ag an gcuideachta shealbhaíochta sin a leithroinntear na scaireanna breise sin uirthi agus má tá téarmaí an chaipitlithe sin de chineál nach gcuireann an fhochuideachta faoi aon oibleagáid chun aon íocaíocht a dhéanamh nó aon chomaoin eile a thabhairt i leith na scaireanna breise sin. | |
[EN] | (6) Faoi réir fho-alt (2), ní bheidh ceart ar bith ag fochuideachta is comhalta dá cuideachta shealbhaíochta chun vótáil ag cruinnithe den chuideachta shealbhaíochta nó d'aon aicme comhaltaí di. | |
[EN] | (7) Faoi réir fho-alt (2), bainfidh an t-alt seo le hainmnitheach do chomhlacht corpraithe is fochuideachta faoi is dá bhfolódh tagairtí ann do chomhlacht corpraithe den sórt sin tagairtí d'ainmnitheach dó. | |
[EN] | (8) Má dhéanann cuideachta shealbhaíochta scaireanna a thairiscint dá comhaltaí, féadfaidh sí, thar ceann fochuideachta, aon scaireanna acu sin a dhíol a bhféadfadh an fhochuideachta, murach an t-alt seo, iad a thógáil de bhua scaireanna a bhí aici cheana féin sa chuideachta shealbhaíochta, agus fáltais an díola a íoc leis an bhfochuideachta. | |
[EN] | (9) Maidir le cuideachta faoi theorainn ráthaíochta, nó le cuideachta neamhtheoranta, is cuideachta shealbhaíochta, déanfar an tagairt san alt seo do scaireanna, cibé acu atá scairchaipiteal aici nó nach bhfuil, a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt do leasanna a comhaltaí, i gcáil chomhaltaí dóibh, cibé saghas leasa é. | |
Cuideachtaí Príobháideacha. | ||
[EN] |
An bhrí atá le “cuideachta phríobháideach.” |
33. —(1) Chun críocha an Achta seo, ciallaíonn “cuideachta phríobháideach” cuideachta ag a bhfuil scairchaipiteal agus a dhéanann lena hairteagail— |
[EN] | (a) srian a chur leis an gceart chun a scaireanna a aistriú, agus | |
[EN] | (b) teorainn caoga a chur le líon a comhaltaí, gan áireamh a dhéanamh ar dhaoine atá ar fostú ag an gcuideachta ná ar dhaoine a bhí tráth ar fostú ag an gcuideachta agus a bhí, le linn bheith ar fostú amhlaidh, ina gcomhaltaí den chuideachta agus atá, tar éis an fhostaíocht sin a fhoirceannadh, ag fanacht ina gcomhaltaí den chuideachta, agus | |
[EN] | (c) toirmeasc a chur le haon chuireadh don phobal suibscríobh le haghaidh aon scaireanna nó bintiúir sa chuideachta. | |
[EN] | (2) I gcás scair nó scaireanna i gcuideachta a bheith á sealbhú i gcomhpháirt ag beirt nó níos mó, déanfar, chun críocha an ailt seo, iad a áireamh mar chomhalta amháin. | |
[EN] |
Iarmairtí a leanfaidh as neamhchomhlíonadh na gcoinníollacha a dhéanann cuideachta phríobháideach de chuideachta. |
34. —(1) Faoi réir fho-alt (2), má bhíonn in airteagail chuideachta na forálacha is gá, faoi alt 33, a bheith in airteagail chuideachta chun cuideachta phríobháideach a dhéanamh di, ach go mainneofar aon fhoráil acu sin a chomhlíonadh, scoirfidh an chuideachta de bheith i dteideal na bpribhléidí agus na ndíolúintí a thugtar do chuideachtaí príobháideacha faoi alt 36, faoi mhír (a) d'fho-alt (4) d'alt 128, faoi mhír (d) d'alt 213, agus faoi fhomhír (i) de mhír (a) d'alt 215, agus air sin bainfidh ailt 36, 128, 213 agus 215 leis an gcuideachta amhail is nár chuideachta phríobháideach í. |
[EN] | (2) Má shásaítear an chúirt gur de thionóisc nó de neamhaire nó ar chúis leormhaith eile a tharla neamhchomhlíonadh na gcoinníollacha nó go bhfuil sé ceart agus cothromasach faoiseamh a thabhairt ar fhorais eile, féadfaidh sí, ar iarratas ón gcuideachta, nó ó aon duine leasmhar eile, agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha a fheicfear don chúirt a bheith cóir agus fóirsteanach, a ordú faoiseamh a thabhairt don chuideachta ó na hiarmairtí dá dtagraítear i bhfo-alt (1). | |
[EN] |
Ráiteas in ionad réamheolaire a bheith le seachadadh don chláraitheoir ag cuideachta ar í a scor de bheith ina cuideachta phríobháideach. |
35. —(1) Faoi réir fho-alt (2), má dhéanann cuideachta, is cuideachta phríobháideach, a hairteagail a athrú ar dhóigh nach mbeidh iontu feasta na forálacha is gá, faoi alt 33, a bheith in airteagail chuideachta chun cuideachta phríobháideach a dhéanamh di, scoirfidh an chuideachta, ar dháta an athraithe, de bheith ina cuideachta phríobháideach agus, laistigh de 14 lá tar éis an dáta sin, seachadfaidh sí do chláraitheoir na gcuideachtaí, lena chlárú, ráiteas in ionad réamheolaire, a bheidh san fhoirm, agus ina luafar na sonraí, atá leagtha amach i gCuid I den Dara Sceideal, agus, sna cásanna a luaitear i gCuid II den Sceideal sin, a leagfar amach ann na tuarascálacha a shonraítear sa Chuid sin II, agus beidh éifeacht ag na Codanna sin I agus II faoi réir na bhforálacha atá i gCuid III den Sceideal sin. |
[EN] | (2) Ní gá ráiteas in ionad réamheolaire a sheachadadh faoi fho-alt (1) más rud é, laistigh den tréimhse sin 14 lá, go n-eiseofar agus go seachadfar do chláraitheoir na gcuideachtaí, mar a cheanglaítear le halt 47, réamheolaire maidir leis an gcuideachta a bheidh, nó a measfar de bhua deimhniú díolúine faoi alt 45 den Acht seo é a bheith, de réir an Tríú Sceideal. | |
[EN] | (3) I gcás gach ráiteas in ionad réamheolaire a sheachadfar faoi fho-alt (1), má bhíonn na daoine a thabharfaidh aon tuarascáil den sórt dá dtagraítear san fho-alt sin tar éis aon choigeartuithe a dhéanamh inti nó, gan na fáthanna a lua, a chur in iúl inti, den sórt a luaitear i mír 5 de Chuid III den Dara Sceideal, formhuineofar air nó cuirfear ag gabháil leis ráiteas i scríbhinn, faoi shíniú na ndaoine sin, a mbeidh na coigeartuithe sin leagtha amach ann agus na fáthanna a bhí leo luaite ann. | |
[EN] | (4) Má mhainnítear fo-alt (1) nó (3) a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain. | |
[EN] | (5) Má bhíonn aon ráiteas neamhfhírinneach curtha isteach i ráiteas in ionad réamheolaire a sheachadfar don chláraitheoir faoi fho-alt (1), dlífear aon duine a d'údaraigh an ráiteas in ionad réamheolaire a sheachadadh lena chlárú— | |
[EN] | (a) ar é a chiontú ar díotáil, a chur faoi phríosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 2 bhliain nó faoi fhíneáil nach mó ná £500, nó fúthu araon, nó | |
[EN] | (b) ar é a chiontú go hachomair, a chur faoi phríosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí nó faoi fhíneáil nach mó ná £100, nó fúthu araon; | |
[EN] | mura gcruthóidh sé gur ráiteas neamhábhartha an ráiteas neamhfhírinneach nó go raibh cúis réasúnach aige chun a chreidiúint agus gur chreid sé, anuas go dtí an t-am a seachadadh an ráiteas in ionad réamheolaire lena chlárú, gur ráiteas fírinneach an ráiteas neamhfhírinneach. | |
[EN] | (6) Chun críocha an ailt seo— | |
[EN] | (a) measfar ráiteas a bheidh curtha isteach i ráiteas in ionad réamheolaire a bheith neamhfhírinneach má tá sé míthreorach san fhoirm agus sa chomhthéacs ina bhfuil sé, agus | |
[EN] | (b) measfar ráiteas a bheith curtha isteach i ráiteas in ionad réamheolaire má tá sé istigh ann féin nó in aon tuarascáil nó meabhrán ar a éadan, nó má tá sé corpraithe ann i modh tagartha. | |
Laghdú Líon na gComhaltaí faoi bhun an Líon fosta Dhlithiúil. | ||
[EN] |
Comhaltaí a bheith faoi dhliteanas go leithleach i leith fiacha i gcás gnó a sheoladh le líon is lú ná seacht gcomhalta, nó, i gcás cuideachta phríobháideach, dhá chomhalta. |
36. —Más rud é tráth ar bith go mbeidh líon comhaltaí cuideachta laghdaithe, i gcás cuideachta príobháidí, faoi bhun beirte, nó, i gcás aon chuideachta eile, faoi bhun seachtair, agus go mbeidh gnó á sheoladh aici ar feadh níos mó ná 6 mhí le linn a líon a bheith laghdaithe amhlaidh, beidh gach duine is comhalta den chuideachta ar feadh na haimsire a bheidh gnó á sheoladh aici amhlaidh i ndiaidh na 6 mhí sin agus a mbeidh a fhios aige go bhfuil gnó á sheoladh aici le níos lú ná dhá chomhalta, nó seacht gcomhalta, cibé acu é, faoi dhliteanas go leithleach chun íoc as na fiacha go léir de chuid na cuideachta a ndeachthas fúthu i rith na haimsire sin, agus féadfar é a agairt go leithleach ina leith. |
Conarthaí, Gníomhais agus Cumhachtaí Aturnae. | ||
[EN] |
Conarthaí roimh chorprú. |
37. —(1) Aon chonradh nó idirbheart eile a airbheartóidh a bheith déanta ag cuideachta sular foirmíodh í nó ag duine ar bith thar ceann na cuideachta sular foirmíodh í, féadfaidh an chuideachta é a dhaingniú tar éis a foirmithe agus air sin beidh an chuideachta faoi cheangal aige agus i dteideal a thairbhe ionann is dá mbeadh sí ann ar dháta an chonartha nó an idirbhirt eile sin agus go raibh sí ina páirtí ann. |
[EN] | (2) Sula ndéanfaidh an chuideachta an daingniú, beidh an duine nó na daoine a d'airbheartaigh bheith ag gníomhú in ainm nó thar ceann na cuideachta, murar comhaontaíodh go sainráite ar a mhalairt, faoi cheangal go pearsanta ag an gconradh nó ag an idirbheart eile agus i dteideal a thairbhe. | |
[EN] | (3) Ní bhainfidh an t-alt seo le cuideachta a corpraíodh roimh an dáta feidhme. | |
[EN] |
Foirm chonarthaí. |
38. —(1) Féadfar conarthaí thar ceann cuideachta a dhéanamh mar a leanas: |
[EN] | (a) conradh ar ghá de réir dlí é a bheith i scríbhinn agus faoi shéala dá mba idir daoine príobháideacha a dhéanfaí é, féadfar é a dhéanamh thar ceann na cuideachta i scríbhinn faoi ghnáthshéala na cuideachta; | |
[EN] | (b) conradh ar ghá de réir dlí é a bheith i scríbhinn, faoi shíniú na bpáirtithe a mbeadh sé le bheith de mhuirear orthu, dá mba idir daoine príobháideacha a dhéanfaí é, féadfar é a dhéanamh thar ceann na cuideachta i scríbhinn, faoi shíniú aon duine ag gníomhú dó faoina húdarás, sainráite nó intuigthe; | |
[EN] | (c) conradh a bheadh bailí, bíodh gur ó bhéal a rinneadh é agus nár cuireadh i scríbhinn é, dá mba idir daoine príobháideacha a dhéanfaí é, féadfar é a dhéanamh ó bhéal thar ceann na cuideachta ag aon duine ag gníomhú dó faoina húdarás, sainráite nó intuigthe. | |
[EN] | (2) Beidh conradh a dhéanfar de réir an ailt seo ina cheangal ar an gcuideachta agus ar a comharbaí agus ar gach páirtí eile sa chonradh. | |
[EN] | (3) Féadfar conradh a dhéanfar de réir an ailt seo a athrú nó a urscaoileadh ar an modh céanna ar a n-údraítear é sin a dhéanamh leis an alt seo. | |
[EN] |
Billí malairte agus nótaí gealltanais. |
39. —Measfar bille malairte nó nóta gealltanais a bheith déanta, glactha nó formhuinithe thar ceann cuideachta má rinneadh, má glacadh nó má formhuiníodh é in ainm nó thar ceann’ nó ar son na cuideachta ag duine ar bith ag gníomhú dó faoina húdarás. |
[EN] |
Forghníomhú gníomhas lasmuigh den Stát. |
40. —(1) Féadfaidh cuideachta, le scríbhinn faoina gnáthshéala, a chumhachtú do dhuine ar bith, go ginearálta nó i leith aon nithe a shonrófar, mar aturnae di, gníomhais a fhorghníomhú thar a ceann in aon áit lasmuigh den Stát. |
[EN] | (2) Beidh gníomhas a bheidh sínithe ag an aturnae sin thar ceann na cuideachta agus a bheidh faoina shéala ina cheangal ar an gcuideachta agus beidh éifeacht aige ionann is dá mbeadh sé faoi ghnáthshéala na cuideachta. | |
[EN] |
Cumhacht don chuideachta chun séala oifigiúil a bheith aici lena úsáid lasmuigh den Stát. |
41. —(1) Aon chuideachta a n-éileoidh a cuspóirí nó a n-áireofar orthu gnó a dhéanamh lasmuigh den Stát, féadfaidh sí, má údaraítear sin lena hairteagail, séala oifigiúil a bheith aici lena úsáid in aon chríoch, ceantar nó áit nach bhfuil sa Stát, agus beidh an séala oifigiúil sin ina mhacasamhail de ghnáthshéala na cuideachta agus ainm gach críche, ceantair nó áite a mbeidh sé le húsáid ann curtha ar a aghaidh. |
[EN] | (2) Aon ghníomhas nó doiciméad eile a mbeidh séala oifigiúil greamaithe air go cuí, beidh sé ina cheangal ar an gcuideachta ionann is dá mbeadh sé séalaithe le gnáthshéala na cuideachta. | |
[EN] | (3) Aon chuideachta a mbeidh séala oifigiúil aici lena úsáid in aon chríoch, ceantar nó áit den sórt sin, féadfaidh sí, le scríbhinn faoina gnáthshéala, a údarú d'aon duine a cheapfar chuige sin sa chríoch, sa cheantar nó san áit sin an séala oifigiúil a ghreamú d'aon ghníomhas nó doiciméad eile a mbeidh an chuideachta ina páirtí ann sa chríoch, sa cheantar nó san áit sin. | |
[EN] | (4) Mairfidh údarás aon ghníomhaire den sórt sin, amhail idir an chuideachta agus aon duine a mbeidh déileáil aige leis an ngníomhaire, ar feadh na tréimhse, más ann, a bheidh luaite san ionstraim a thabharfaidh an t-údarás, nó, mura mbíonn aon tréimhse luaite inti, go dtí go ndéanfar an fógra gur cealaíodh nó gur foirceannadh údarás an ghníomhaire a thabhairt don duine a bheidh ag déileáil leis. | |
[EN] | (5) Déanfaidh an duine a ghreamóidh aon séala oifigiúil den sórt sin, le scríbhinn faoina láimh, dáta agus áit a ghreamaithe a dheimhniú ar an ngníomhas nó ar an ionstraim eile ar a ngreamófar an séala. | |
Fíordheimhniú Doiciméad. | ||
[EN] |
Fíordheimhniú doiciméad. |
42. —In aon chás inar gá go ndéanfadh cuideachta fíordheimhniú ar dhoiciméad nó imeacht, féadfaidh stiúrthóir, rúnaí nó oifigeach údaraithe eile de chuid na cuideachta an doiciméad nó an imeacht a shíniú, agus ní gá é a bheith faoina gnáthshéala. |
CUID III. Scairchaipiteal agus Bintiúir. | ||
Réamheolaire. | ||
[EN] |
Dátú an réamheolaire. |
43. —Cuirfear dáta ar réamheolaire a eiseoidh cuideachta nó a eiseofar thar a ceann nó a eiseofar i ndáil le cuideachta atá beartaithe, agus, mura gcruthófar a mhalairt, glacfar leis gurb é an dáta sin dáta foilsithe an réamheolaire. |
[EN] |
Nithe a bheidh le lua agus tuarascálacha a bheidh le tabhairt sa réamheolaire. |
44. —(1) Faoi réir forálacha alt 45, ní foláir na nithe a shonraítear i gCuid I den Tríú Sceideal a lua, agus na tuarascálacha a shonraítear i gCuid II den Sceideal sin a leagan amach, i ngach réamheolaire a eiseoidh cuideachta nó a eiseofar thar a ceann, nó a eiseoidh aon duine, nó a eiseofar thar ceann aon duine, atá nó a bhí ag gabháil d'fhoirmiú na cuideachta nó a bhfuil nó a raibh leas aige ina foirmiú, agus beidh éifeacht ag na Codanna sin I agus II faoi réir na bhforálacha atá i gCuid III den Sceideal sin. |
[EN] | (2) Aon choinníoll a éileoidh nó a cheanglóidh ar iarratasóir ar scaireanna nó bintiúir de chuid cuideachta comhlíonadh aon cheanglais san alt seo a tharscaoileadh, nó a airbheartóidh éifeacht air a thabhairt d'fhógra maidir le haon chonradh, doiciméad nó ní nach ndéantar tagairt go sonrach dó sa réamheolaire, beidh sé ar neamhní. | |
[EN] | (3) Faoi réir fho-alt (4) agus alt 45, ní dleathach aon fhoirm iarratais ar scaireanna nó bintiúir de chuid cuideachta a eisiúint, mura n-eiseofar an fhoirm i dteannta réamheolaire a chomhlíonann ceanglais na Coda seo agus nach sárú ar fhorálacha alt 46 é an fhoirm sin a eisiúint. | |
[EN] | (4) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (3) má shuitear gur eisíodh an fhoirm iarratais— | |
[EN] | (a) i ndáil le cuireadh bona fide do dhuine chun dul faoi chomhaontú frithghealltanais maidir leis na scaireanna nó na bintiúir; nó | |
[EN] | (b) maidir le scaireanna nó bintiúir nár tairgeadh don phobal. | |
[EN] | (5) Faoi réir fho-alt (6), má tharlaíonn neamhchomhlíonadh nó sárú ar aon cheann de cheanglais an ailt seo, ní bheidh stiúrthóir ná aon duine eile a bheidh freagrach sa réamheolaire faoi aon dliteanas mar gheall ar an neamhchomhlíonadh nó an sárú, más rud é— | |
[EN] | (a) go gcruthóidh sé maidir le haon ní nár nochtadh nach raibh a fhios aige é; nó | |
[EN] | (b) go gcruthóidh sé gur trí dhearmad macánta fíorais aige a tharla an neamhchomhlíonadh nó an sárú; nó | |
[EN] | (c) gur neamhchomhlíonadh nó sárú é maidir le nithe arb é tuairim na cúirte a dhéileálfaidh leis an gcás gur nithe neamhábhartha iad, nó go raibh siad ar shlí eile de shórt gurb é tuairim na cúirte, ag féachaint d'imthosca uile an cháis, gur cóir de réir réasúin é a mhaitheamh. | |
[EN] | (6) Mura ndéantar ráiteas maidir leis na nithe a shonraítear i mír 16 den Tríú Sceideal a chur isteach i réamheolaire, ní bheidh aon stiúrthóir ná aon duine eile faoi aon dliteanas i leith na faillí, mura gcruthófar go raibh fios aige ar na nithe nár nochtadh. | |
[EN] | (7) Ní bheidh feidhm ag an alt seo— | |
[EN] | (a) maidir le réamheolaire nó foirm iarratais a bhaineann le scaireanna nó bintiúir de chuid cuideachta a eisiúint chuig comhaltaí nó bintiúraigh láithreacha den chuideachta, cibé acu a bheidh nó nach mbeidh ceart ag iarratasóir ar na scaireanna nó na bintiúir tréigean a dhéanamh i bhfabhar daoine eile; ná | |
[EN] | (b) maidir le réamheolaire nó foirm iarratais a eisiúint a bhaineann le scaireanna nó bintiúir atá, nó atá le bheith, ar aon réim ar gach slí le scaireanna nó bintiúir a eisíodh laistigh den 2 bhliain roimhe sin agus a bhfuiltear, de thuras na huaire, ag déileáil iontu nó á lua ar stocmhargadh aitheanta; | |
[EN] | ach, faoi réir a bhfuil ráite, beidh feidhm ag an alt seo maidir le réamheolaire nó foirm iarratais cibé acu ar chuideachta a fhoirmiú nó i ndáil lena foirmiú nó dá éis sin a eiseofar iad. | |
[EN] | (8) Má ghníomhaíonn aon duine contrártha d'fho-ailt (1) nó (3), dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur air. | |
[EN] | (9) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo teorannú ná laghdú ar aon dliteanas a bheidh ar aon duine faoin dlí ginearálta nó faoin Acht seo ar leithligh ón alt seo. | |
[EN] |
Alt 44 a eisiamh agus an Tríú Sceideal a mhaolú i gcás réamheolairí áirithe |
45. —(1) I gcás— |
[EN] | (a) ina mbeartófar aon scaireanna nó bintiúir de chuid cuideachta a thairiscint don phobal trí réamheolaire arna eisiúint go ginearálta (is é sin, arna eisiúint chun daoine nach comhaltaí ná bintiúraigh láithreacha den chuideachta); agus | |
[EN] | (b) ina ndéanfar iarratas chun stocmhargadh aitheanta ag iarraidh cead déileáil sna scaireanna nó sna bintiúir sin nó iad a lua ar an stocmhargadh sin; | |
[EN] | féadfaidh an stocmhargadh sin, nó féadfar thar a cheann, ar an iarratasóir dá iarraidh sin, deimhniú díolúine a thabhairt, is é sin, deimhniú á rá go mbeadh sé ródhian ceanglais an Tríú Sceideal a chomhlíonadh, ag féachaint do na tograí (mar a bheidh siad luaite san iarratas) maidir le méid agus imthosca eile na heisiúna scaireanna nó bintiúr agus maidir le haon teorainneacha ar líon agus aicme na ndaoine a bhfuil an tairiscint le tabhairt dóibh. | |
[EN] | (2) Má thugtar deimhniú díolúine, agus má chloítear leis na tograí a dúradh agus go ndéanfar na sonraí agus an t-eolas is gá a fhoilsiú i ndáil leis an iarratas ar chead a rinneadh chun an stocmhargaidh a fhoilsiú amhlaidh, ansin— | |
[EN] | (a) measfar ceanglais an Tríú Sceideal a bheith comhlíonta ag réamheolaire a thugann na sonraí agus an t-eolas a dúradh san fhoirm inar gá amhlaidh iad a fhoilsiú; | |
[EN] | (b) faoi réir mhír (c), ní bhainfidh alt 44 le haon eisiúint a dhéanfar, tar éis an cead a iarradh a thabhairt, ar réamheolaire maidir leis na scaireanna nó na bintiúir; agus | |
[EN] | (c) bainfidh fo-alt (3) d'alt 44 le haon eisiúint a dhéanfar, tar éis an cead a iarradh a thabhairt, ar fhoirm iarratais maidir leis na scaireanna nó na bintiúir amhail is dá mba é a bhí sa tagairt do réamheolaire tagairt do réamheolaire a thugann na sonraí agus an t-eolas a dúradh san fhoirm inar gá amhlaidh iad a fhoilsiú. | |
[EN] |
Toiliú saineolaí le heisiúint réamheolaire ina mbeidh ráiteas uaidh. |
46. —(1) Ní eiseofar réamheolaire ag tabhairt cuireadh do dhaoine suibscríobh le haghaidh scaireanna nó bintiúir de chuid cuideachta a mbeidh ráiteas ann a airbheartaíonn a bheith arna dhéanamh ag saineolaí mura rud é— |
[EN] | (a) gur thug sé, agus nár tharraing sé siar, sular seachadadh cóip den réamheolaire lena chlárú, a thoiliú i scríbhinn lena eisiúint agus an ráiteas istigh ann san fhoirm agus sa chomhthéacs ina bhfuil sé istigh ann; | |
[EN] | (b) go mbeidh ráiteas sa réamheolaire gur thug sé an toiliú sin agus nár tharraing sé siar é mar a dúradh. | |
[EN] | (2) Má eisítear aon réamheolaire contrártha don alt seo, dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur ar an gcuideachta agus ar gach duine ba pháirtí go bhfios dó ina eisiúint. | |
[EN] | (3) San alt seo folaíonn “saineolaí” innealtóir, luachálaí, cuntasóir agus aon duine eile a dtugann a ghairm údarás do ráiteas uaidh. | |
[EN] |
Clárú an réamheolaire. |
47. —(1) Ní eiseoidh cuideachta aon réamheolaire ná ní eiseofar aon réamheolaire thar a ceann ná maidir le cuideachta atá beartaithe mura rud é go ndearnadh, ar dháta a fhoilsithe nó roimhe sin, cóip den réamheolaire a sheachadadh don chláraitheoir lena clárú agus í sínithe ag gach duine atá ainmnithe ann mar stiúrthóir nó mar dhuine atá le bheith ina stiúrthóir ar an gcuideachta, nó ag gníomhaire dó a bheidh údaraithe i scríbhinn, agus go mbeidh formhuinithe uirthi nó ag gabháil léi— |
[EN] | (a) aon toiliú le heisiúint an réamheolaire is gá de réir alt 46 ó aon duine mar shaineolaí; agus | |
[EN] | (b) ina theannta sin, i gcás réamheolaire arna eisiúint go ginearálta,— | |
[EN] | (i) cóip d'aon chonradh is gá de réir mhír 14 den Tríú Sceideal a lua sa réamheolaire nó, i gcás conradh nár cuireadh síos i scríbhinn, meabhrán ina dtabharfar sonraí iomlána ina thaobh nó, más rud é, i gcás réamheolaire a measfar, de bhua deimhniú a deonaíodh faoi alt 45, ceanglais an Sceidil sin a bheith comhlíonta ina leith, gur gá go mbeadh conradh nó cóip de nó meabhrán conartha ar fáil lena scrúdú i ndáil leis an iarratas faoin alt sin chun stocmhargaidh aitheanta, cóip nó, de réir mar a bheidh, meabhrán den chonradh sin; agus | |
[EN] | (ii) i gcás ina mbeidh na daoine a thabharfaidh aon tuarascáil is gá a thabhairt de réir Chuid II den Sceideal sin tar éis aon choigeartuithe mar atá luate i mír 29 den Sceideal sin a dhéanamh sa tuairascáil sin nó, gan na fáthanna a lua, a chur in iúl inti, ráiteas i scríbhinn faoi shíniú na ndaoine sin ina leagfar amach na coigeartuithe agus ina dtabharfar na fáthanna a bhí leo. | |
[EN] | Na tagairtí atá i bhfomhír (i) de mhír (b) den fho-alt seo don chóip de chonradh is gá dá réir a fhormhuiniú ar chóip den réamheolaire nó a chur ag gabháil leis, measfar, i gcás conradh atá go hiomlán nó go páirteach i dteanga iasachta, gur tagairtí iad do chóip de thiontú Béarla nó Gaeilge ar an gconradh sin nó do chóip ina bhfuil tiontú Béarla nó Gaeilge ar na Codanna atá i dteanga iasachta, de réir mar a bheidh, agus ar tiontú é a mbeidh sé deimhnithe sa tslí fhorordaithe gur tiontú ceart é, agus folóidh an tagairt do chóip de chonradh is gá a bheith ar fáil lena scrúdú tagairt do chóip de thiontú ar an gconradh sin nó do chóip ina bhfuil tiontú ar chodanna de. | |
[EN] | (2) Ar éadan gach réamheolaire— | |
[EN] | (a) luafar gur seachadadh cóip lena clárú de réir mar a cheanglaítear leis an alt seo; | |
[EN] | (b) sonrófar, nó déanfar tagairt do ráitis sa réamheolaire a shonraíonn, aon doiciméid is gá de réir an ailt seo a fhormhuiniú ar an gcóip a seachadadh amhlaidh nó a chur ag gabháil léi. | |
[EN] | (3) Ní chláróidh an cláraitheoir réamheolaire mura rud é go mbeidh dáta air agus go mbeidh an chóip de sínithe mar a cheanglaítear leis an alt seo agus go mbeidh na doiciméid (más ann) a sonraíodh mar a dúradh formhuinithe air nó ag gabháil leis. | |
[EN] | (4) Má eisítear réamheolaire gan cóip de a sheachadadh faoin alt seo don chláraitheoir nó gan na doiciméid is gá a bheith formhuinithe ar an gcóip a seachadadh amhlaidh nó ag gabháil léi, dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur ar an gcuideachta agus ar gach duine is páirtí go bhfios dó in eisiúint an réamheolaire. | |
[EN] |
Srian le hathrú ar théarmaí a luaitear sa réamheolaire nó sa ráiteas in ionad réamheolaire. |
48. —(1) Ní dhéanfaidh cuideachta faoi theorainn scaireanna ná cuideachta faoi theorainn ráthaíochta ag a bhfuil scairchaipiteal athrú, roimh an gcruinniú reachtúil, ar théarmaí conartha dá dtagraítear sa réamheolaire, nó sa ráiteas in ionad réamheolaire, ach amháin le haontú an chruinnithe reachtúil. |
[EN] | (2) Ní bhainfidh an t-alt seo le cuideachta phríobháideach. | |
[EN] |
Dliteanas sibhialta mar gheall ar mhíráitis i réamheolaire. |
49. —(1) Faoi réir forálacha an ailt seo, má thugann réamheolaire cuireadh do dhaoine suibscríobh le haghaidh scaireanna nó bintiúir de chuid cuideachta, dlífidh na daoine seo a leanas cúiteamh a íoc le gach duine a dhéanfaidh suibscríobh le haghaidh aon scaireanna nó bintiúir, ar iontaoibh an réamheolaire, i leith an chaillteanais nó an damáiste a bhain dóibh mar gheall ar aon ráiteas neamhfhírinneach sa réamheolaire— |
[EN] | (a) gach duine is stiúrthóir ar an gcuideachta tráth an réamheolaire a eisiúint; | |
[EN] | (b) gach duine a thug údarás é féin a ainmniú agus atá ainmnithe sa réamheolaire mar stiúrthóir nó mar dhuine a chomhaontaigh bheith ina stiúrthóir, láithreach bonn nó tar éis aga aimsire; | |
[EN] | (c) gach duine is tionscnóir ar an gcuideachta; | |
[EN] | (d) gach duine a d'údaraigh an réamheolaire a eisiúint. | |
[EN] | (2) Más rud é, faoi alt 46, gur gá toiliú duine le réamheolaire a eisiúint agus gur thug sé an toiliú sin, ní bheidh sé, mar gheall ar an toiliú sin a thabhairt, faoi dhliteanas faoi fho-alt (1) mar dhuine a d'údaraigh an réamheolaire a eisiúint ach amháin maidir le ráiteas neamhfhírinneach a airbheartóidh a bheith déanta aige mar shaineolaí. | |
[EN] | (3) Faoi réir fho-alt (4), ní bheidh aon duine faoi dhliteanas faoi fho-alt (1) má chruthaíonn sé— | |
[EN] | (a) go ndearna sé, tar éis dó toiliú chun bheith ina stiúrthóir ar an gcuideachta, an toiliú sin a tharraingt siar sular eisíodh an réamheolaire, agus gur eisíodh é gan a údarás ná a thoiliú; nó | |
[EN] | (b) gur eisíodh an réamheolaire gan fhios dó nó gan a thoiliú, agus ar fios a eisiúna a fháil dó go ndearna sé láithreach fógra poiblí réasúnach a thabhairt gur eisíodh é gan fhios dó nó gan a thoiliú; nó | |
[EN] | (c) go ndearna sé, tar éis an réamheolaire a eisiúint agus sula ndearnadh leithroinnt faoi, a thoiliú leis a tharraingt siar ar fios a fháil i dtaobh aon ráitis neamhfhírinnigh ann, agus gur thug sé fógra poiblí réasúnach faoina tharraingt siar agus faoin bhfáth a bhí aige leis; nó | |
[EN] | (d) (i) maidir le gach ráiteas neamhfhírinneach nach n-airbheartóidh a bheith déanta ar údarás saineolaí nó doiciméid nó ráitis oifigiúil phoiblí, go raibh cúis réasúnach aige chun a chreidiúint, agus gur chreid sé, anuas go dtí an t-am a leithroinneadh na scaireanna nó na bintiúir, cibé acu é, go raibh an ráiteas fíor; agus | |
[EN] | (ii) maidir le gach ráiteas neamhfhírinneach a airbheartóidh a bheith ina ráiteas ó shaineolaí, nó a bheidh i gcóip a airbheartóidh a bheith ina cóip de thuarascáil nó luacháil ó shaineolaí nó ina shliocht as an gcéanna, gur léiriú cothrom ar an ráiteas é, nó gur chóip cheart dhílis é den tuarascáil nó den luacháil nó sliocht ceart dílis as an gcéanna, agus go raibh cúis réasúnach aige chun a chreidiúint, agus gur chreid sé, anuas go dtí an t-am a eisíodh an réamheolaire, go raibh an duine a rinne an ráiteas inniúil ar é a dhéanamh, agus gur thug an duine sin an toiliú is gá de réir alt 46 le heisiúint an réamheolaire agus nár tharraing sé an toiliú sin siar sula ndearnadh cóip den réamheolaire a sheachadadh lena clárú, nó, go bhfios don chosantóir, sula ndearnadh leithroinnt faoi; agus | |
[EN] | (iii) maidir le gach ráiteas neamhfhírinneach a airbheartóidh a bheith ina ráiteas ó dhuine oifigiúil, nó a bheidh i scríbhinn a airbheartóidh a bheith ina cóip de dhoiciméad oifigiúil poiblí nó ina sliocht as, gur léiriú ceart dílis é ar an ráiteas nó ar an gcóip den doiciméad nó ar an sliocht as. | |
[EN] | (4) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (3) i gcás duine a bheidh faoi dhliteanas, mar gheall ar thoiliú a thabhairt a cheanglaítear air a thabhairt leis an alt sin 46, mar dhuine a d'údaraigh an réamheolaire a eisiúint maidir le ráiteas neamhfhírinneach a airbheartóidh a bheith déanta aige mar shaineolaí. | |
[EN] | (5) Duine a bheadh, murach an fo-alt seo, faoi dhliteanas faoi fho-alt (1), mar gheall ar thoiliú a thabhairt a cheanglaítear air a thabhairt le halt 46, mar dhuine a d'údaraigh réamheolaire a eisiúint maidir le ráiteas neamhfhírinneach a arbheartóidh a bheith déanta aige mar shaineolaí, ní bheidh sé faoi dhliteanas amhlaidh má chruthaíonn sé— | |
[EN] | (a) go ndearna sé, tar éis dó a thoiliú a thabhairt faoin alt sin 46 le heisiúint an réamheolaire, an toiliú sin a tharraingt siar i scríbhinn sular seachadadh cóip den réamheolaire lena clárú; nó | |
[EN] | (b) go ndearna sé, tar éis cóip den réamheolaire a sheachadadh lena clárú agus sula ndearnadh leithroinnt faoin réamheolaire, a thoiliú a tharraingt siar i scríbhinn ar fios a fháil dó i dtaobh an ráitis neamhfhírinnigh, agus gur thug sé fógra poiblí réasúnach faoina tharraingt siar agus faoin bhfáth a bhí aige leis; nó | |
[EN] | (c) go raibh sé inniúil ar an ráiteas a dhéanamh agus go raibh cúis réasúnach aige chun a chreidiúint agus gur chreid sé, anuas go dtí an t-am a leithroinneadh na scaireanna nó na bintiúir, cibé acu é, go raibh an ráiteas fíor. | |
[EN] | (6) Faoi réir fho-alt (7), i gcás— | |
[EN] | (a) ina mbeidh ainm duine sa réamheolaire mar stiúrthóir ar an gcuideachta nó mar dhuine a chomhaontaigh bheith ina stiúrthóir uirthi, agus nár thoiligh sé bheith ina stiúrthóir, nó gur tharraing sé siar a thoiliú sular eisíodh an réamheolaire, agus nár údaraigh sé an réamheolaire a eisiúint nó nár thoiligh sé lena eisiúint; nó | |
[EN] | (b) inar gá faoi alt 46 toiliú duine le heisiúint an réamheolaire agus nár thug sé an toiliú sin, nó gur tharraing sé siar é sular eisíodh an réamheolaire; | |
[EN] | dlífidh stiúrthóirí na cuideachta, ach amháin aon duine acu a ndearnadh an réamheolaire a eisiúint gan fhios dó nó gan a thoiliú, agus aon duine eile a d'údaraigh an réamheolaire a eisiúint, an duine a bheidh ainmnithe mar a dúradh nó ar ghá toiliú uaidh mar a dúradh, cibé acu é, a shlánú in aghaidh gach damáiste, costas agus caiteachas a mbeidh sé curtha faoi dhliteanas ina leith, mar gheall ar a ainm a bheith curtha isteach sa réamheolaire nó ráiteas a bheith istigh ann a airbheartóidh a bheith déanta aige mar shaineolaí, cibé acu é, nó á chosaint féin in aghaidh aon chaingean nó imeacht dhlíthiúil a tugadh ina aghaidh maidir leis an gcéanna. | |
[EN] | (7) Ní mheasfar chun críocha fho-alt (6) gur údaraigh duine réamheolaire a eisiúint de bhíthin amháin gur thug sé an toiliú is gá de réir alt 46 chun ráiteas a chur isteach ann a airbheartóidh a bheith déanta aige mar shaineolaí. | |
[EN] | (8) Chun críocha an ailt seo— | |
[EN] | (a) ciallaíonn “tionscnóir” tionscnóir ba pháirtí in ullmhú an réamheolaire, nó in ullmhú na coda de ina raibh an ráiteas neamhfhírinneach, ach ní fholaíonn sé aon duine mar gheall ar é a bheith ag gníomhú i gcáil ghairmiúil do dhaoine a bhí ag gabháil d'fhoirmiú na cuideachta a thabhairt chun críche; agus | |
[EN] | (b) tá le “saineolaí” an bhrí atá leis in alt 46. | |
[EN] |
Dliteanas coiriúil mar gheall ar mhíráitis i réamheolaire. |
50. —(1) Má bhíonn aon ráiteas neamhfhírinneach curtha isteach i réamheolaire a eiseofar tar éis an dáta feidhme, dlífear aon duine a d'údaraigh an réamheolaire a eisiúint— |
[EN] | (a) ar é a chiontú ar díotáil, a chur faoi phríosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 2 bhliain, nó faoi fhíneáil nach mó ná £500, nó fúthu araon; nó | |
[EN] | (b) ar é a chiontú go hachomair, a chur faoi phríosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí, nó faoi fhíneáil nach mó ná £100, nó fúthu araon; | |
[EN] | mura gcruthóidh sé gur ráiteas neamhábhartha an ráiteas neamhfhírinneach nó go raibh cúis réasúnach aige chun a chreidiúint agus gur chreid sé, anuas go dtí an t-am a eisíodh an réamheolaire, go raibh an ráiteas fíor. | |
[EN] | (2) Ní mheasfar chun críocha an ailt seo gur údaraigh duine réamheolaire a eisiúint de bhíthin amháin gur thug sé an toiliú is gá de réir alt 46 chun ráiteas a chur isteach ann a airbheartóidh a bheith déanta aige mar shaineolaí. | |
[EN] |
Measfar gur réamheolaire doiciméad ina mbeidh tairiscint chun scaireanna nó bintiúir a dhíol. |
51. —(1) Má dhéanann nó má chomhaontaíonn cuideachta aon scaireanna nó bintiúir de chuid na cuideachta a leithroinnt d'fhonn gach ceann nó aon cheann de na scaireanna nó na bintiúir sin a thairiscint chun a ndíolta leis an pobal, measfar chun gach críche gur réamheolaire arna eisiúint ag an gcuideachta aon doiciméad lena ndéantar an tairiscint chun a ndíolta leis an bpobal, agus beidh feidhm agus éifeacht dá réir sin ag gach achtachán agus riail dlí maidir le hábhair réamheolairí agus le dliteanas i leith ráiteas i réamheolairí agus easnaimh orthu agus maidir le foirmeacha iarratais le haghaidh scaireanna nó bintiúir de chuid na cuideachta nó a bhaineann thairis sin le réamheolairí, ionann is dá mba rud é go ndearnadh na scaireanna nó na bintiúir a thairiscint don phobal lena suibscríobh agus go mbeadh na daoine a ghlacfaidh leis an tairiscint i leith aon scaireanna nó bintiúir ina suibscríobhaithe le haghaidh na scaireanna nó na bintiúir sin, ach sin gan dochar don dliteanas, más ann, a bheidh ar na daoine a rinne an tairiscint, i leith míráiteas sa doiciméad nó ar dhóigh eile i leith an doiciméid. |
[EN] | (2) Chun críocha an Achta seo, is fianaise é, mura gcruthófar a mhalairt, go ndearnadh nó gur comhaontaíodh scaireanna nó bintiúir a leithroinnt d'fhonn na scaireanna nó na bintiúir a thairiscint chun a ndíolta leis an bpobal, má shuitear— | |
[EN] | (a) go ndearnadh scaireanna nó bintiúir nó aon chuid díobh a thairiscint chun a ndíolta leis an bpobal laistigh de 2 bhliain tar éis iad a leithroinnt nó comhaontú ar iad a leithroinnt; nó | |
[EN] | (b) nach rabhthas ar dháta na tairisceana a dhéanamh tar éis an chomaoin iomlán a bhí le fáil ag an gcuideachta i leith na scaireanna nó na mbintiúr a fháil amhlaidh. | |
[EN] | (3) Beidh éifeacht ag alt 44, mar a chuirtear chun feidhme é leis an alt seo, ionann is dá gceanglódh sé go luafaí i réamheolaire, de bhreis ar na hábhair a cheanglaítear leis an alt sin a lua i réamheolaire— | |
[EN] | (a) méid glan na comaoine a fuair an chuideachta, nó a bheadh le fáil aici, i leith na scaireanna nó na bintiúir lena mbaineann an tairiscint, agus | |
[EN] | (b) an áit agus an t-am ina bhféadfar scrúdú a dhéanamh ar an gconradh faoinar leithroinneadh na scaireanna nó na bintiúir sin nó faoina bhfuil siad le leithroinnt | |
[EN] | agus beidh éifeacht ag alt 47, mar a chuirtear chun feidhm é leis an alt seo, ionann is dá mba dhaoine atá ainmnithe i réamheolaire mar stiúrthóirí ar chuideachta na daoine a rinne an tairiscint. | |
[EN] | (4) Más cuideachta nó gnólacht an duine a dhéanfaidh tairiscint lena mbaineann an t-alt seo, is leor an doiciméad réamhráite a bheith sínithe thar ceann na cuideachta nó an ghnólachta ag dhá stiúrthóir ar an gcuideachta nó cuid nach lú ná leath na gcomhpháirtithe, cibé acu é, agus féadfaidh aon stiúrthóir nó comhpháirtí den sórt sin síniú trí ghníomhaire dó a bheidh údaraithe i scríbhinn. | |
[EN] |
Forléiriú forálacha a bhaineann le réamheolairí. |
52. —Chun críocha na bhforálacha sin roimhe seo den Chuid seo— |
[EN] | (a) measfar ráiteas a bheidh curtha isteach i réamheolaire a bheith neamhfhírinneach má tá sé mithreorach san fhoirm agus sa chomhthéacs ina bhfuil sé; agus | |
[EN] | (b) measfar ráiteas a bheith curtha isteach i réamheolaire má tá sé istigh ann féin nó in aon tuarascáil nó meabhrán ar a éadan nó má tá sé corpraithe ann i modh tagartha nó má eisíodh é leis an réamheolaire. | |
Leithroinnt. | ||
[EN] |
An suibscríobh íosta agus an méid is iníoctha tráth an iarratais. |
53. —(1) Ní dhéanfar leithroinnt ar aon scairchaipiteal de chuid cuideachta a thairgfear don phobal lena suibscríobh murar suibscríobhadh an méid a mbeidh sé luaite sa réamheolaire gurb é an méid íosta é is dóigh leis na stiúrthóirí nach foláir a chruinniú trí scairchaipiteal a eisiúint chun soláthar a dhéanamh do na nithe a shonraítear i mír 4 den Tríú Sceideal, agus gur íocadh leis an gcuideachta, agus go bhfuair sí, an tsuim ab iníoctha tráth an iarratais ar an méid sin a bheidh luaite amhlaidh. |
[EN] | Chun críocha an fho-ailt seo, measfar suim a bheith íoctha le cuideachta agus faighte aici má fuair an chuideachta de mheon macánta seic ar an tsuim sin agus mura bhfuil aon chúis ag stiúrthóirí na cuideachta chun bheith in amhras nach n-íocfar an seic. | |
[EN] | (2) Déanfar an méid a bheidh luaite amhlaidh sa réamheolaire a ríomh ar leithligh ó aon mhéid is iníoctha ar dhóigh seachas in airgead agus gairtear “an suibscríobh íosta” de san Acht seo. | |
[EN] | (3) Ní bheidh an méid is iníoctha tráth an iarratas ar gach scair níos lú ná 5 faoin gcéad de mhéid ainmniúil na scaire. | |
[EN] | (4) Mura mbeidh na coinníollacha réamhráite comhlíonta i gceann 40 lá tar éis an réamheolaire a éisiúint don chéad uair, déanfar an t-airgead go léir a fuarthas ó iarratasóirí ar scaireanna a aisíoc leo láithreach gan ús, agus, mura n-aisíocfar amhlaidh aon airgead den sórt sin laistigh de 48 lá tar éis an réamheolaire a eisiúint, dlífidh stiúrthóirí na cuideachta i gcomhpháirt agus go leithleach an t-airgead sin a aisíoc le hús de réir 5 faoin gcéad sa bhliain ó dheireadh an ochtú lá is daichead, sa dóigh, áfach, nach mbeidh stiúrthóir faoi dhliteanas má chruthaíonn sé nach aon mhí-iompar ná faillí dá chuid féin ba chúis leis an mainneachtain san airgead a aisíoc. | |
[EN] | (5) Aon choinníoll a éileoidh nó a cheanglóidh ar aon iarratasóir ar scaireanna comhlíonadh aon cheanglais san alt seo a tharscaoileadh, beidh sé ar neamhní. | |
[EN] | (6) Ní bhainfidh an t-alt seo, ach amháin fo-alt (3) de, le haon leithroinnt ar scaireanna i ndiaidh na chéad leithroinnte ar scaireanna a thairgfear don phobal lena suibscríobh. | |
[EN] |
Toirmeasc ar leithroinnt i gcásanna áirithe murar seachadadh ráiteas in ionad réamheolaire don chláraitheoir. |
54. —(1) Aon chuideachta ag a bhfuil scairchaipiteal nach n-eiseoidh réamheolaire ar í a fhoirmiú nó maidir lena foirmiú, nó a d'eisigh réamheolaire den sórt sin ach nach ndeachaigh i gceann leithroinnt aon scaireanna dár tairgeadh don phobal lena suibscríobh, ní dhéanfaidh sí aon scaireanna ná bintiúir dá cuid a leithroinnt murar seachadadh do chláraitheoir na gcuideachtaí, 3 lá ar a laghad roimh an gcéad leithroinnt ar scaireanna nó ar bhintiúir, ráiteas in ionad réamheolaire, arna shíniú ag gach duine a bheidh ainmnithe ann mar stiúrthóir nó mar dhuine atá le bheith ina stiúrthóir ar an gcuideachta nó ag gníomhaire dó a bheidh údaraithe i scríbhinn, agus an ráiteas sin san fhoirm agus na sonraí sin ann atá leagtha amach i gCuid I den Cheathrú Sceideal agus, sna cásanna a luaitear i gCuid II den Sceideal sin, na tuarascálacha sin a shonraítear sa Chuid sin II, agus beidh éifeacht ag na Codanna sin I agus II faoi réir na bhforálacha atá i gCuid III den Sceideal sin. |
[EN] | (2) Gach ráiteas in ionad réamheolaire a sheachadfar faoi fho-alt (1), agus a mbeidh na daoine a bheidh ag tabhairt aon tuarascála den sórt a dúradh tar éis aon choigeartuithe den sórt a luaitear i mír 5 de Chuid III den Cheathrú Sceideal a dhéanamh ann nó, gan na fáthanna a thabhairt, a chur in iúl ann, formhuineofar air nó cuirfear ag gabháil leis ráiteas i scríbhinn, faoi shíniú na ndaoine sin, ina leagfar amach na coigeartuithe agus ina luafar na fáthanna a bhí leo. | |
[EN] | (3) Ní bhainfidh an t-alt seo le cuideachta phríobháideach. | |
[EN] | (4) Má ghníomhaíonn cuideachta contrártha d'fho-alt (1) nó (2), dlífear fineáil nach mó ná £100 a chur ar an gcuideachta agus ar gach stiúrthóir de chuid na cuideachta a dhéanfaidh go feasach agus go toiliúil an sárú a údarú nó a cheadú. | |
[EN] | (5) Má bhíonn aon ráiteas neamhfhírinneach curtha isteach i ráiteas in ionad réamheolaire a sheachadfar do chláraitheoir na gcuideachtaí faoi fho-alt (1), dlífear aon duine a d'údaraigh an ráiteas in ionad réamheolaire a sheachadadh lena chlárú— | |
[EN] | (a) ar é a chiontú ar díotáil, a chur faoi phríosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 2 bhliain nó faoi fhíneáil nach mó ná £500, nó fúthu araon; nó | |
[EN] | (b) ar é a chiontú go hachomair, a chur faoi phríosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí nó faoi fhíneáil nach mó ná £100, nó fúthu araon; | |
[EN] | mura gcruthóidh sé gur ráiteas neamhábhartha an ráiteas neamhfhírinneach nó go raibh cúis réasúnach aige chun a chreidiúint, agus gur chreid sé, anuas go dtí an t-am a seachadadh an ráiteas in ionad réamheolaire lena chlárú, go raibh an ráiteas neamhfhírinneach fíor. | |
[EN] | (6) Chun críocha an ailt seo— | |
[EN] | (a) measfar ráiteas a bheidh curtha isteach i ráiteas in ionad réamheolaire a bheith neamhfhírinneach má tá sé míthreorach san fhoirm agus sa chomhthéacs ina bhfuil sé; | |
[EN] | (b) measfar ráiteas a bheith curtha isteach i ráiteas in ionad réamheolaire má tá sé istigh ann féin nó in aon tuarascáil nó meabhrán ar a éadan nó má tá sé corpraithe ann i modh tagartha. | |
[EN] |
An éifeacht a bheidh ag leithroinnt neamhrialta. |
55. —(1) Aon leithroinnt a dhéanfaidh cuideachta ar iarratasóir contrártha d'alt 53 nó 54, beidh sí inchurtha ar neamhní ar thionscnamh an iarratasóra laistigh de mhí tar éis cruinniú reachtúil na cuideachta a thionól, agus ní bheidh tráth is déanaí ná sin, nó, in aon chás nach gceanglaítear ar an gcuideachta cruinniú reachtúil a thionól, nó más tar éis an cruinniú reachtúil a thionól a dhéanfar an leithroinnt, laistigh de mhí tar éis dáta na leithroinnte, agus ní bheidh tráth is déanaí ná sin, agus beidh sí inchurtha ar neamhní amhlaidh d'ainneoin an chuideachta a bheith i gcúrsa a foirceanta. |
[EN] | (2) I gcás ina gcuirfear leithroinnt ar neamhní faoin alt seo, déanfaidh an chuideachta, laistigh de mhí ina dhiaidh sin, fógra sa chéill sin a sheachadadh do chláraitheoir na gcuideachtaí lena chlárú, agus beidh feidhm ag fo-ailt (3) agus (4) d'alt 58 maidir leis an bhfo-alt seo faoi mar atá feidhm acu maidir leis an alt sin. | |
[EN] | (3) Aon stiúrthóir cuideachta a dhéanfaidh nó a cheadóidh nó a údaróidh, go feasach, sárú ar aon cheann d'fhorálacha na n-alt sin 53 agus 54 maidir le leithroinnt, dlífidh sé cúiteamh a dhéanamh leis an gcuideachta agus leis an leithroinní faoi seach in aon chaillteanas nó damáistí nó costais a bhain don chuideachta nó don leithroinní nó faoina ndeachaigh an chuideachta nó an leithroinní dá dheasca, sa dóigh, áfach, nach dtionscnófar imeachtaí chun aon chaillteanas, damáistí nó costais den sórt sin a ghnóthú tar éis 2 bhliain a bheith caite ó dháta na leithroinnte. | |
[EN] |
Iarratais ar scaireanna agus bintiúir, agus a leithroinnt. |
56. —(1) Ní dhéanfar aon leithroinnt ar aon scaireanna ná bintiúir de chuid cuideachta de bhun réamheolaire arna eisiúint go ginearálta agus ní thionscnófar aon imeachtaí ar iarratais a dhéanfar de bhun réamheolaire a eisíodh amhlaidh go dtí tús an ceathrú lá tar éis an lae a eiseofar an réamheolaire amhlaidh don chéad uair nó cibé tráth is déanaí ná sin a shonrófar, má shonraítear, sa réamheolaire. |
[EN] | Gairtear “tráth oscailte na liostaí suibscríofa” san Acht seo feasta de thús an ceathrú lá sin nó de cibé tráth is déanaí ná sin mar a dúradh. | |
[EN] | (2) I bhfo-alt (1) déanfar an tagairt don lá a bheidh an réamheolaire arna eisiúint go ginearálta don chéad uair a fhorléiriú mar thagairt don lá a eiseofar amhlaidh é don chéad uair mar fhógrán nuachtáin, sa dóigh, áfach, mura n-eiseofar é amhlaidh mar fhógrán nuachtáin roimh an gceathrú lá tar éis an lae a eiseofar é amhlaidh ar aon mhodh eile, go bhforléireofar an tagairt sin mar thagairt don lá a eiseofar é amhlaidh don chéad uair ar mhodh ar bith. | |
[EN] | (3) Ní dhéanfaidh aon sárú ar fho-alt (1) nó fo-alt (2) difear do bhailíocht leithroinnte ach, i gcás aon sáraithe den sórt sin, dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain. | |
[EN] | (4) Maidir le feidhm an ailt seo i gcás réamheolaire a thairgfidh scaireanna nó bintiúir lena ndíol, beidh éifeacht ag fo-ailt (1) go (3) trí thagairt do dhíol a chur in ionad tagairtí do leithroinnt agus trí thagairt d'aon duine a dhéanfaidh, nó trína ndéanfar, an tairiscint agus a údaróidh nó a cheadóidh an sárú go feasach agus go toiliúil a chur in ionad na tagartha don chuideachta agus do gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain. | |
[EN] | (5) Ní fhéadfar iarratas de bhun réamheolaire arna eisiúint go ginearálta ar scaireanna nó bintiúir de chuid cuideachta a chúlghairm go dtí go mbeidh 9 lá caite tar éis an lae a eisíodh an réamheolaire amhlaidh don chéad uair nó go dtí go ndéanfaidh duine éigin a bheidh freagrach faoi alt 49 sa réamheolaire, sula mbeidh na 9 lá sin caite, fógra poiblí a thabhairt a mbeidh d'éifeacht aige faoin alt sin freagracht an duine a thabharfaidh é a eisiamh nó a theorannú. | |
[EN] | (6) Nuair a bheidh an ceathrú lá tar éis lae eile á ríomh chun críocha an ailt seo, fágfar as an áireamh aon lá idir eatarthu ar Satharn nó Domhnach nó lá saoire bainc é agus, más Satharn nó Domhnach nó lá saoire bainc den sórt sin an ceathrú lá féin (arna ríomh amhlaidh), déanfar, chun na gcríocha sin, an chéad lá eile nach lá ar bith acu sin é a chur ina ionad. | |
[EN] |
Leithroinnt ar scaireanna agus bintiúir a mbeifear le déileáil iontu ar stoomhargadh. |
57. —(1) Má luaitear i réamheolaire, cibé acu réamheolaire arna eisiúint go ginearálta é nó nach ea, go ndearnadh nó go ndéanfar iarratas ar chead déileála ar aon stocmhargadh sna scaireanna nó sna bintiúir a bheidh á dtairiscint leis an réamheolaire sin, beidh aon leithroinnt a dhéanfar ar iarratas de bhun an réamheolaire, cibé uair a dhéanfar é, ar neamhní murar iarradh an cead roimh an tríú lá tar éis an réamheolaire a eisiúint don chéad uair nó murar tugadh an cead laistigh de 6 sheachtain ó dháta dúnta na liostaí suibscríofa. |
[EN] | (2) Murar iarradh an cead mar a dúradh nó murar tugadh an cead, déanfaidh an chuideachta an t-airgead go léir a fuarthas ó iarratasóirí de bhun an réamheolaire a aisíoc láithreach gan ús, agus, mura n-aisíocfar aon airgead den sórt sin laistigh de 8 lá tar éis don chuideachta teacht faoi dhliteanas a aisíoctha, dlífidh stiúrthóirí na cuideachta i gcomhpháirt agus go leithleach an t-airgead sin a aisíoc le hús de réir 5 faoin gcéad sa bhliain ó dheireadh an ochtú lá, sa dóigh, áfach, nach mbeidh stiúrthóir faoi dhliteanas má chruthaíonn sé nach aon mhí-iompar ná faillí dá chuid féin ba chúis leis an mainneachtain san airgead a aisíoc. | |
[EN] | (3) Déanfar an t-airgead go léir a gheofar mar a dúradh a choimeád i gcuntas bainc ar leith fad a d'fhéadfadh an chuideachta teacht faoi dhliteanas a aisíoctha faoi fho-alt (2); agus, má mhainnítear an fo-alt seo a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain. | |
[EN] | (4) Aon choinníoll a éileoidh nó a cheanglóidh ar aon iarratasóir ar scaireanna nó bintiúir comhlíonadh aon cheanglais san alt seo a tharscaoileadh, beidh sé ar neamhú. | |
[EN] | (5) Beidh éifeacht ag an alt seo— | |
[EN] | (a) maidir le haon scaireanna nó bintiúir a mbeidh comhaontaithe iad a thógáil ag duine a rinne frithghealladh ar thairiscint ina leith trí réamheolaire, ionann is dá mba de bhun an réamheolaire a d'iarr sé iad, agus | |
[EN] | (b) maidir le réamheolaire a thairgfidh scaireanna nó bintiúir lena ndíol, leis na modhnuithe seo a leanas,— | |
[EN] | (i) déanfar tagairtí do dhíol a chur in ionad tagairtí do leithroinnt, | |
[EN] | (ii) is iad na daoine a dhéanfaidh an tairiscint, agus ní hí an chuideachta, a dhlífidh faoi fho-alt (2) airgead a fuarthas ó iarratasóirí a aisíoc, agus déanfar tagairtí do dhliteanas na cuideachta faoin bhfo-alt sin a fhorléiriú dá réir sin, agus | |
[EN] | (iii) in ionad na tagartha atá i bhfo-alt (3) don chuideachta agus do gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain, cuirfear tagairt d'aon duine a dhéanfaidh, nó trína ndéanfar, an tairiscint agus a dhéanfaidh go feasach agus go toiliúil an mhainneachtain a údarú nó a cheadú. | |
[EN] | (6) Nuair a bheidh an tríú lá tar éis lae eile á ríomh chun críocha an ailt seo, fágfar as an áireamh aon lá idir eatarthu ar Satharn nó Domhnach nó lá saoire bainc é, agus, más Satharn nó Domhnach nó lá saoire bainc den sórt sin an tríú lá féin (arna ríomh amhlaidh), déanfar, chun na gcríocha sin, an chéad lá eile nach lá ar bith acu sin é a chur ina ionad. | |
[EN] |
Tuairisceán maidir le leithroinnt. 1891, c. 39. |
58. —(1) Aon uair a dhéanfaidh cuideachta faoi theorainn scaireanna nó cuideachta faoi theorainn ráthaíochta ag a bhfuil scairchaipiteal aon leithroinnt ar a scaireanna, seachadfaidh an chuideachta laistigh de mhí dá éis sin do cláraitheoir na gcuideachtaí, lena gclárú— |
[EN] | (a) tuairisceán ar gach leithroinnt, ina luafar uimhir agus méid ainmniúil na scaireanna sa leithroinnt, ainmneacha, seoltaí agus slite beatha na leithroinnithe agus an méid, más ann, a íocadh nó atá dlite agus iníoctha ar gach scair; agus | |
[EN] | (b) i gcás scaireanna a leithroinnfear mar scaireanna láníoctha nó páirtíochta ar dhóigh seachas in airgead, conradh i scríbhinn a bhunóidh teideal an leithroinní chun na leithroinnte maraon le haon chonradh díolacháin, nó i gcomhair seirbhísí nó comaoine eile a ndearnadh an leithroinnt sin ina leith, agus na conarthaí sin stampáilte go cuí, agus tuairisceán ina luafar líon agus méid ainmniúil na scaireanna a leithroinneadh amhlaidh, a mhéid atá siad le háireamh mar scaireanna íoctha, agus an chomaoin ar a ndearnadh iad a leithroinnt, | |
[EN] | ar choinníoll nach gá, nuair a dhéanfar scaireanna a leithroinnt ar chomhaltaí cuideachta i gcás caipitliú a dhéanamh nó iad a leithroinnt go sealadach i gcás eisiúint de cheart, tuairisceán a thabhairt ar na leithroinnithe áirithe, d'ainneoin go bhféadfadh ceart tréigin a bheith ann i gceachtar cás. | |
[EN] | (2) I gcás nach gcuirfear síos i scríbhinn conradh mar atá luaite thuas, seachadfaidh an chuideachta, laistigh de mhí tar éis na leithroinnte, do chláraitheoir na gcuideachtaí, lena gclárú, sonraí forordaithe an chonartha arna stampáil leis an dleacht stampa a bheadh iníoctha dá mba rud é gur cuireadh an conradh síos i scríbhinn, agus measfar gurb ionstraim de réir bhrí an Stamp Act, 1891, na sonraí sin, agus féadfaidh an cláraitheoir, mar choinníoll chun na sonraí a chomhadú, a cheangal go ndéanfar breithniú faoi alt 12 den Acht sin ar an dleacht is iníoctha ar an gcéanna. | |
[EN] | (3) Má mhainnítear an t-alt seo a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain. | |
[EN] | (4) I gcás inar gá de réir an ailt seo aon doiciméad a sheachadadh do chláraitheoir na gcuideachtaí agus go mainneofar an doiciméad sin a sheachadadh dó laistigh de mhí tar éis na leithroinnte, féadfaidh an chuideachta, nó aon oifigeach a bheidh faoi dhliteanas maidir leis an mainneachtain, iarratas a dhéanamh chun na cúirte ag iarraidh faoisimh, agus más deimhin leis an gcúirt gur de thionóisc nó de neamhaire a tharla nár seachadadh an doiciméad nó go bhfuil sé cóir cothromasach faoiseamh a thabhairt, féadfaidh sí ordú a dhéanamh ag fadú na tréimhse chun an doiciméad a sheachadadh mar is cuí leis an gcúirt. | |
Coimisiúin agus Lascainí agus Cúnamh Airgeadais chun Scaireanna a Cheannach. | ||
[EN] |
Cumhacht chun coimisiúin áirithe a íoc, agus toirmeasc ar aon choimisiúin nó lascainí eile a íoc. |
59. —(1) Is dleathach do chuideachta coimisiún a íoc le haon duine i gcomaoin é do dhéanamh suibscríobh nó do chomhaontú ar shuibscríobh, cibé acu go hiomlán nó go coinníollach é, le haghaidh aon scaireanna sa chuideachta, nó é d'fháil suibscríbhinní nó do chomhaontú ar iad a fháil, cibé acu go hiomlán nó go coinníollach é, le haghaidh aon scaireanna sa chuideachta, más rud é— |
[EN] | (a) go mbeidh íoc an choimisiúin údaraithe leis na hairteagail; agus | |
[EN] | (b) nach mbeidh an coimisiún a ndéanfar nó a gcomhaontófar é a íoc níos mó ná 10 faoin gcéad den phraghas ar a n-eiseofar na scaireanna, nó an méid nó an ráta a bheidh údaraithe leis na hairteagail, cibé acu sin is lú; agus | |
[EN] | (c) go ndéanfar an méid agus an ráta faoin gcéad a bheidh sa choimisiún a ndéanfar nó a gcomhaontófar é a íoc— | |
[EN] | (i) i gcás scaireanna a thairgfear don phobal lena suibscríobh, a nochtadh sa réamheolaire, nó | |
[EN] | (ii) i gcás scaireanna nach dtairgfear don phobal lena suibscríobh, a nochtadh sa ráiteas in ionad réamheolaire, nó i ráiteas san fhoirm fhorordaithe a shíneofar ar an dóigh chéanna le ráiteas in ionad réamheolaire agus a sheachadfar, sula n-íocfar an coimisiún, do chláraitheoir na gcuideachtaí lena chlárú, agus, i gcás ina n-eiseofar ciorclán nó fógra nach réamheolaire ag tabhairt cuireadh do dhaoine suibscríobh le haghaidh na scaireanna, a nochtadh sa chiorclán nó san fhógra sin freisin; agus | |
[EN] | (d) go ndéanfar an méid scaireanna ar chomhaontaigh daoine suibscríobh lena n-aghaidh go hiomlán ar coimisiúin a nochtadh ar an modh a dúradh. | |
[EN] | (2) Ach amháin mar a dúradh, ní úsáidfidh aon chuideachta aon chuid dá scaireanna ná dá hairgead caipitil go díreach ná go neamhdhíreach chun aon choimisiún, lascaine ná liúntas a íoc le haon duine i gcomaoin é do dhéanamh suibscríobh nó do chomhaontú ar shuibscríobh, cibé acu go hiomlán nó go coinníollach é, le haghaidh aon scaireanna sa chuideachta, nó é d'fháil suibscríbhinní nó do chomhaontú ar iad a fháil, cibé acu go hiomlán nó go coinníollach é, le haghaidh aon scaireanna sa chuideachta, cibé acu a úsáidfear na scaireanna nó an t-airgead amhlaidh tríd an gcéanna a chur le hairgead ceannaigh aon mhaoine a gheobhaidh an chuideachta nó le praghas conartha aon oibre a bheidh le déanamh don chuideachta, nó a íocfar an t-airgead as an airgead ceannaigh nó an praghas conartha ainmniúil, nó ar dhóigh eile. | |
[EN] | (3) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo difear do chumhacht aon chuideachta chun bróicéireacht a íoc a bhí sé dleathach ag cuideachta a íoc go dtí seo. | |
[EN] | (4) Beidh ag díoltóir le cuideachta, ag tionscnóir cuideachta, nó ag duine eile a gheobhaidh íocaíocht in airgead nó i scaireanna ó chuideachta, agus measfar go raibh aige riamh, cumhacht chun aon chuid den airgead nó de na scaireanna a gheobhaidh sé amhlaidh a úsáid chun aon choimisiún a íoc a mbeadh sé dleathach, faoin alt seo, é a íoc dá ndéanfadh an chuideachta é sin go díreach. | |
[EN] | (5) Má mhainnítear na forálacha den Acht seo a chomhlíonadh a bhaineann le seachadadh an ráitis san fhoirm fhorordaithe don chláraitheoir, dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain. | |
[EN] |
Cúnamh airgeadais ó chuideachta chun a scaireanna a cheannach. |
60. —(1) Faoi réir fho-ailt (2), (12) agus (13), ní dleathach do chuideachta aon chúnamh airgeadais a thabhairt, go díreach ná go neamhdhíreach, cibé acu trí iasacht, ráthaíocht, urrús a sholáthar nó eile é, le haghaidh ná i leith ceannach nó suibscríobh a bheidh déanta nó le déanamh ag duine ar bith ar aon scaireanna nó le haghaidh aon scaireanna sa chuideachta, nó, más fochuideachta í, ina cuideachta shealbhaíochta. |
[EN] | (2) Ní bhainfidh fo-alt (1) le cuideachta do thabhairt cúnamh airgeadais más rud é— | |
[EN] | (a) gur faoi údarás rúin speisialta ón gcuideachta a ritheadh tráth nach faide ná 12 mhí roimhe sin a thugtar an cúnamh airgeadais sin; agus | |
[EN] | (b) gur chuir an chuideachta ar aghaidh, le gach fógra faoin gcruinniú ag a mbeidh an rún speisialta le breithniú, cóip de dhearbhú reachtúil a bheidh de réir fho-ailt (3) agus (4), agus go ndéanfaidh sí freisin, an lá céanna a eiseofar na fógraí sin, cóip den dearbhú a sheachadadh do chláraitheoir na gcuideachtaí lena clárú. | |
[EN] | (3) Déanfar an dearbhú reachtúil ag cruinniú de na stiúrthóirí a thionólfar tráth nach luaithe ná 24 lá roimh an gcruinniú sin, agus is iad na stiúrthóirí nó, i gcás cuideachta a bhfuil níos mó ná dhá stiúrthóir uirthi, tromlach na stiúrthóirí, a dhéanfaidh é. | |
[EN] | (4) Luafar sa dearbhú reachtúil— | |
[EN] | (a) an fhoirm ina mbeidh an cúnamh sin le tabhairt; | |
[EN] | (b) na daoine a mbeidh an cúnamh sin le tabhairt dóibh; | |
[EN] | (c) an cuspóir a bhfuil sé d'intinn ag an gcuideachta an cúnamh sin a bheith le húsáid chuige ag na daoine sin; | |
[EN] | (d) go ndearna na dearfóirí fiosrú iomlán ar chúrsaí na cuideachta agus, tar éis a dhéanta dóibh, go bhfuil siad tagtha ar an tuairim go mbeidh ar chumas na cuideachta, ar an idirbheart trína bhfuil an cúnamh sin le tabhairt a bheith curtha i gcrích, a fiacha a íoc go hiomlán de réir mar a thiocfaidh siad chun a bheith dlite. | |
[EN] | (5) Aon stiúrthóir cuideachta a dhéanfaidh an dearbhú reachtúil gan cúis réasúnach a bheith aige leis an tuairim go mbeidh ar chumas na cuideachta, ar an idirbheart trína bhfuil an cúnamh sin le tabhairt a bheith curtha i gcrích, a fiacha a íoc go hiomlán de réir mar a thiocfaidh siad chun bheith dlite, dlífear príosúnacht ar feadh tréimhse nach faide ná 6 mhí a chur air nó fíneáil nach mó ná £100, nó iad araon; agus má fhoirceantar an chuideachta laistigh de thréimhse 12 mhí tar éis an dearbhú reachtúil a dhéanamh agus nach n-íocfar a fiacha nó nach soláthrófar dóibh go hiomlán laistigh den tréimhse 12 mhí tar éis tosach an fhoirceanta, toimhdeofar go dtí go gcruthófar a mhalairt nach raibh bun réasúnach ag an stiúrthóir lena thuairim. | |
[EN] | (6) D'ainneoin aon ní in airteagail chomhlachais na cuideachta, beidh sé de cheart ag gach comhalta den chuideachta fógra a fháil faoin gcruinniú ag a mbeidh an rún speisialta le tairiscint agus bheith i láthair ag an gcruinniú sin. | |
[EN] | (7) Mura rud é go ndéanfaidh gach comhalta den chuideachta atá i dteideal vótáil ag cruinnithe ginearálta na cuideachta vóta a thabhairt i bhfabhar an rúin speisialta, ní dhéanfar an idirbheart trína mbeidh an cúnamh sin le tabhairt a chur i gcrích go ceann 30 lá tar éis an rún speisialta sin a rith nó, má dhéantar iarratas faoi fho-alt (8), go dtí go mbeidh an chúirt tar éis déileáil leis an iarratas sin. | |
[EN] | (8) Má dhéantar iarratas chun na cúirte de réir an ailt seo á iarraidh an rún speisialta a chealú, ní bheidh éifeacht ag an rún speisialta sin ach amháin sa mhéid go ndaingneoidh an chúirt é. | |
[EN] | (9) Faoi réir fho-alt (10), féadfaidh na sealbhóirí ar chion nach lú ina chomhiomlán ná 10 faoin gcéad de luach ainmniúil scairchaipiteal eisithe na cuideachta, nó aon chineáil den scairchaipiteal sin, iarratas a dhéanamh faoi fho-alt (8). | |
[EN] | (10) Ní dhéanfaidh duine ar bith iarratas faoi fho-alt (8) má thoiligh sé leis an rún speisialta nó má vótáil sé ina fhabhar. | |
[EN] | (11) Ní foláir iarratas faoi fho-alt (8) a dhéanamh laistigh de 28 lá tar éis an dáta a ritheadh an rún speisialta agus féadfar é a dhéanamh thar ceann na ndaoine a bheidh i dteideal a dhéanta ag cibé duine nó daoine dá líon a cheapfaidh siad chuige sin i scríbhinn. | |
[EN] | (12) Ní mheasfar aon ní san alt seo a bheith ag cur toirmisc le híoc díbhinne a dhearbhaigh cuideachta go cuí ná le hurscaoileadh dliteanais faoina ndeachaigh sí go dleathach. | |
[EN] | (13) Ní mheasfar aon ní san alt seo a bheith ag cur toirmisc— | |
[EN] | (a) ar an gcuideachta airgead a thabhairt ar iasacht i ngnáthchúrsa a gnó, más cuid de ghnáthghnó na cuideachta é airgead a thabhairt ar iasacht; | |
[EN] | (b) ar chuideachta airgead a sholáthar, de réir aon scéime a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire, chun scaireanna láníoctha sa chuideachta féin nó ina cuideachta shealbhaíochta a cheannach nó suibscríobh lena n-aghaidh, is é sin, ceannach nó suibscríobh scaireanna atá le sealbhú ag fostaithe nó iarfhostaithe de chuid na cuideachta nó de chuid aon fhochuideachta don chuideachta nó chun tairbhe dóibh sin, agus áirítear orthu aon duine atá nó a bhí ina stiúrthóir agus fostaíocht nó oifig thuarastail aige sa chuideachta nó in aon fhochuideachta don chuideachta; | |
[EN] | (c) ar chuideachta iasachtaí a thabhairt do dhaoine, seachas stiúrthóirí, atá ar fostú bona fide ag an gcuideachta nó ag an fhochuideachta don chuideachta d'fhonn a chumasú do na daoine sin scaireanna láníoctha sa chuideachta féin nó ina cuideachta shealbhaíochta a cheannach, nó suibscríobh lena n-aghaidh, lena bheith á sealbhú acu féin mar úinéirí tairbhiúla orthu. | |
[EN] | (14) Beidh aon idirbheart a sháróidh an t-alt seo inchurtha ar neamhní ar thionscnamh na cuideachta in aghaidh aon duine (cibé acu páirti san idirbheart é ná nach ea) a raibh fógra aige i dtaobh na bhfíoras arb iad an sárú sin iad. | |
[EN] | (15) Má ghníomhaíonn cuideachta contrártha don alt seo, dlífear gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain: | |
[EN] | (a) ar é a chiontú ar díotáil, a chur faoi phríosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 2 bhliain nó faoi fhíneáil nach mó ná £500, nó fúthu araon, nó | |
[EN] | (b) ar é a chiontú go hachomair, a chur faoi phríosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí nó faoi fhíneáil nach mó ná £100, nó fúthu araon. | |
[EN] | (16) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo dochar d'fhorálacha alt 72. | |
Forléiriú tagairtí do Scaireanna nó Bintiúir a thairiscint don Phobal. | ||
[EN] |
Forléiriú tagairtí do scaireanna nó bintiúir a thairiscint don phobal. |
61. —(1) Déanfar aon tagairt san Acht seo do scaireanna nó bintiúir a thairiscint don phobal a fhorléiriú, faoi réir aon fhorála contrártha dó sin san Acht seo, mar thagairt a fholaíonn tagairt do na scaireanna nó na bintiúir a thairiscint d'aon dream den phobal, cibé acu mar chomhaltaí nó bintiúraigh de chuid na cuideachta nó mar chliaint ag an duine a eiseoidh an réamheolaire nó ar dhóigh ar bith eile a roghnófar iad, agus déanfar tagairtí san Acht seo nó in airteagail chuideachta do chuireadh don phobal suibscríobh le haghaidh scaireanna nó bintiúr a fhorléiriú ar an gcuma chéanna, faoi réir a bhfuil ráite. |
[EN] | (2) Ní mheasfar fo-alt (1) a bheith á cheangal go mbeidh aon tairiscint nó cuireadh le háireamh mar thairiscint nó cuireadh don phobal más inmheasta go cuí, sna himthosca go léir, nár ceapadh go mbeadh de thoradh ar an tairiscint nó ar an gcuireadh, go díreach ná go neamhdhíreach, go mbeadh na scaireanna nó na bintiúir ar fáil lena suibscríobh nó lena gceannach ag daoine seachas iad siúd a gheobhaidh an tairiscint nó an cuireadh, nó gur cúram thairis sin é a bhaineann go dlúth leis na daoine a thabharfaidh agus a gheobhaidh an tairiscint nó an cuireadh, agus go háirithe— | |
[EN] | (a) ní mheasfar foráil in airteagail chuideachta á thoirmeasc cuireadh a thabhairt don phobal suibscríobh le haghaidh scaireanna nó bintiúr a bheith á thoirmeasc cuireadh is inmheasta go cuí mar a dúradh a thabhairt do chomhaltaí nó bintiúraigh, agus | |
[EN] | (b) forléireofar dá réir sin na forálacha den Acht seo a bhaineann le cuideachtaí príobháideacha. | |
Eisiúint Scaireanna faoi Phréimh agus faoi Lascaine agus Scaireanna Tosaíochta Infhuascailte. | ||
[EN] |
Úsáid na bpréimheanna a gheofar as eisiúint scaireanna. |
62. —(1) Nuair a eiseoidh cuideachta scaireanna faoi phréimh, cibé acu ar airgead nó eile é, déanfar suim is ionann agus méid iomlán nó luach iomlán na bpréimheanna ar na scaireanna sin a aistriú chun cuntais, dá ngairfear “an cuntas scair-phréimhe”, agus beidh feidhm ag na forálacha den Acht seo a bhaineann le laghdú scairchaipitil chuideachta, ach amháin mar a fhoráiltear san alt seo, ionann is da mba scairchaipiteal íoctha de chuid na cuideachta an cuntas scair-phréimhe. |
[EN] | (2) Féadfaidh an chuideachta, d'ainneoin aon ní i bhfo-alt (1), an cuntas scair-phréimhe a chur chun feidhme chun íoctha scaireanna neamheisithe de chuid na cuideachta (seachas scaireanna tosaíochta infhuascailte) a bheidh le heisiúint chun comhaltaí den chuideachta mar scaireanna bónais láníoctha, chun go ndíscríobhfar— | |
[EN] | (a) réamhchaiteachais na cuideachta, nó | |
[EN] | (b) na caiteachais a bhainfidh le haon eisiúint scaireanna nó bintiúir de chuid na cuideachta, nó an coimisiún a íocfar nó an lascaine a lamhálfar ar aon eisiúint den sórt sin; | |
[EN] | nó chun soláthar don phréimh is iníoctha ar aon scaireanna tosaíochta infhuascailte nó aon bhintiúir de chuid na chuideachta a fhuascailt. | |
[EN] | (3) I gcás aon scaireanna a bheith eisithe faoi phréimh ag cuideachta roimh an dáta feidhme, beidh feidhm ag an alt seo ionann is dá mba tar éis an dáta feidhme a eisíodh na scaireanna, sa dóigh, áfach, go ndéanfar aon chuid de na préimheanna a cuireadh chun feidhme ar bhealach nach mbeidh sí ar an dáta feidhme ina cuid inaitheanta de chúlchistí na cuideachta de réir bhrí an Séú Sceideal a fhágáil as an áireamh nuair a bheidh an tsuim atá le cur sa chuntas scair-phréimhe á cinneadh. | |
[EN] |
Cumhacht chun scaireanna a eisiúint faoi lascaine. |
63. —(1) Faoi réir forálacha an ailt seo, is dleathach do chuideachta scaireanna sa chuideachta de chineál a eisíodh cheana a eisiúint faoi lascaine, sa dóigh, áfach— |
[EN] | (a) nach foláir eisiúint na scaireanna faoi lascaine a bheith údaraithe le rún speisialta ón gcuideachta, agus nach foláir é a bheith ceadaithe ag an gcúirt; | |
[EN] | (b) nach foláir ráta uasta na lascaine faoina mbeidh na scaireanna le heisiúint a bheith sonraithe sa rún; | |
[EN] | (c) i gcás cuideachta nach cuideachta phríobháideach, nach foláir ar dháta a n-eisithe 2 bhliain ar a laghad a bheith caite ón dáta a bhí an chuideachta i dteideal gnó a thosú, agus i gcás cuideachta phríobháideach nach foláir 2 bhliain ar a laghad a bheith caite ón dáta a corpraíodh an chuideachta; | |
[EN] | (d) nach foláir na scaireanna a bheidh le heisiúint faoi lascaine a eisiúint laistigh de 6 mhí tar éis an dáta a cheadóidh an chúirt an eisiúint nó laistigh de cibé tréimhse fhadaithe a lamhálfaidh an chúirt. | |
[EN] | (2) Nuair a bheidh cuideachta tar éis rún a rith á údarú scaireanna a eisiúint faoi lascaine, féadfaidh sí iarratas a dhéanamh chun na cúirte ar ordú ag ceadú na heisiúna, agus, ar aon iarratas den sórt sin a fháil di, féadfaidh an chúirt, más dóigh léi gur ceart é sin a dhéanamh ag féachaint d'imthosca uile an cháis, ordú a dhéanamh ag ceadú na heisiúna ar cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí léi. | |
[EN] | (3) Déanfaidh an chuideachta, laistigh de 21 lá tar éis an t-ordú a dhéanamh, cóip den ordú a sheachadadh do chláraitheoir na gcuideachtaí lena clárú. | |
[EN] | (4) I gcás gach réamheolaire a bhainfidh le heisiúint na scaireanna, ní foláir sonraí a bheith sa réamheolaire i dtaobh na lascaine a lamháiltear ar eisiúint na scaireanna nó i dtaobh an méid den lascaine sin nach raibh díscríofa ar dháta an réamheolaire a eisiúint. | |
[EN] | (5) Má mhainnítear fo-alt (3) nó (4) a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain. | |
[EN] |
Cumhacht chun scaireanna tosaíochta infhuascailte a eisiúint. |
64. —(1) Faoi réir forálacha an ailt seo, féadfaidh cuideachta faoi theorainn scaireanna, má údaraítear sin di lena hairteagail, scaireanna tosaíochta a eisiúint a bheidh le fuascailt, nó a bhféadfar de rogha na cuideachta iad a fhuascailt, sa dóigh, áfach— |
[EN] | (a) nach ndéanfar aon scaireanna den sórt sin a fhuascailt ach amháin as brabúis de chuid na cuideachta a bheadh, murach sin, ar fáil le haghaidh díbhinne nó as na fáltais ó eisiúint úr scaireanna a rinneadh chun críocha na fuascailte; | |
[EN] | (b) nach bhfuasclófar aon scaireanna den sórt sin mura scaireanna láníoctha iad; | |
[EN] | (c) nach foláir soláthar don phréimh, más ann, is iníoctha ar na scaireanna a fhuascailt, a bheith déanta as brabúis na cuideachta nó as cuntas scair-phréimhe na cuideachta sula bhfuasclaítear na scaireanna; | |
[EN] | (d) má fhuasclaítear aon scaireanna den sórt sin ar dhóigh seachas as na fáltais ó eisiúint úr, go ndéanfar, as na brabúis a bheadh, murach sin, ar fáil le haghaidh díbhinne, aistriú chun cúlchiste, dá ngairfear “an cúlchiste fuascailte caipitil”, ar shuim is ionann agus méid ainmniúil na scaireanna a fhuasclaítear, agus, ach amháin mar a fhoráiltear san alt seo, beidh feidhm ag na forálacha den Acht seo a bhaineann le laghdú scairchaipitil chuideachta ionann is dá mba scairchaipiteal íoctha de chuid na cuideachta an cúlchiste fuascailte caipitil. | |
[EN] | (2) Faoi réir forálacha an ailt seo, féadfar scaireanna tosaíochta a fhuascailt faoin alt seo ar cibé téarmaí agus ar cibé modh a fhoráiltear le hairteagail na cuideachta. | |
[EN] | (3) Nuair a dhéanfaidh cuideachta scaireanna tosaíochta a fhuascailt faoin alt seo, ní mheasfar gur laghdú é sin ar mhéad a scairchaipitil údaraithe. | |
[EN] | (4) Faoi réir fho-alt (5), má bhíonn cuideachta tar éis nó ar tí aon scaireanna tosaíochta a fhuascailt de bhun an ailt seo, beidh cumhacht aici scaireanna a eisiúint go feadh luach ainmniúil na scaireanna a fuasclaíodh nó a bheidh le fuascailt ionann is dá mba nár eisíodh na scaireanna sin riamh, agus dá réir sin ní mheasfar, chun críocha aon achtachán a bhaineann le dleacht stampa, scairchaipiteal na cuideachta a bheith méadaithe leis an eisiúint scaireanna de bhun an fho-ailt seo. | |
[EN] | (5) Má eisítear scaireanna nua sula bhfuasclaítear na seanscaireanna, ní mheasfar, chomh fada is a bhaineann le dleacht stampa, na scaireanna nua a bheith arna n-eisiúint de bhun fho-alt (4), mura bhfuasclaítear na seanscaireanna laistigh de mhí tar éis na scaireanna nua a eisiúint. | |
[EN] | (6) Féadfaidh an chuideachta, d'ainneoin aon ní san alt seo, an cúlchiste fuascailte caipitil a chur chun feidhme chun íoctha scaireanna neamheisithe de chuid na cuideachta (seachas scaireanna tosaíochta infhuascailte) a bheidh le heisiúint chun comhaltaí den chuideachta mar scaireanna bónais láníoctha. | |
[EN] |
Cumhacht chun scaireanna tosaíochta a eisíodh roimh an 5 Bealtaine, 1959, a fhuascailt. |
65. —(1) Faoi réir forálacha an ailt seo, féadfaidh cuideachta faoi theorainn scaireanna, má údaraítear sin di lena hairteagail, aon scaireanna tosaíochta a d'eisigh sí roimh an 5ú lá de Bhealtaine, 1959, a fhuascailt, sa dóigh, áfach— |
[EN] | (a) nach bhfuasclófar aon scaireanna den sórt sin mura scaireanna láníoctha iad; | |
[EN] | (b) nach ndéanfar aon scaireanna den sórt sin a fhuascailt ach amháin as brabúis de chuid na cuideachta a bheadh, murach sin, ar fáil le haghaidh díbhinne nó as na fáltais ó eisiúint úr scaireanna a rinneadh chun críocha na fuascailte; | |
[EN] | (c) nach bhfuasclófar aon scaireanna den sórt sin ar shuim is mó ná praghas eisiúna na scaireanna sin; | |
[EN] | (d) nach foláir fuascailt na scaireanna sin agus téarmaí agus modh a bhfuascailte a bheith údaraithe le rún speisialta ón gcuideachta; | |
[EN] | (e) nach foláir fógra faoin gcruinniú ag a mbeidh an rún speisialta dá dtagraítear i mír (d) le tairiscint, agus cóip den rún sin, a fhoilsiú san Iris Oifigiúil agus i nuachtán laethúil amháin ar a laghad a léitear sa cheantar ina bhfuil oifig chláraithe na cuideachta, 14 lá ar a laghad agus 30 lá ar a mhéad roimh dháta an chruinnithe; | |
[EN] | (f) nach mbeidh sé d'oibleagáid ar aon sealbhóir scaireanna den sórt sin glacadh le fuascailt orthu; | |
[EN] | (g) i gcás cuideachta phríobháideach, nach foláir an fhuascailt a bheidh ceadaithe ag an gcúirt. | |
[EN] | (2) Ní fhéadfar leas a bhaint as na cumhachtaí a thugtar leis an alt seo ach amháin trí thairiscint a thabhairt do shealbhóirí uile na scaireanna tosaíochta a bheidh i gceist. | |
[EN] | (3) Má fhuasclaítear aon scaireanna den sórt sin ar dhóigh seachas as na fáltais ó eisiúint úr, déanfar, as na brabúis a bheadh, murach sin, ar fáil le haghaidh díbhinne, aistriú chun cúlchiste, dá ngairfear “an cúlchiste fuascailte caipitil”, ar shuim is ionann agus méid ainmniúil na scaireanna a fhuasclaítear, agus, ach amháin mar a fhoráiltear san alt seo, beidh feidhm ag na forálacha den Acht seo a bhaineann le laghdú scairchaipitil chuideachta ionann is dá mba scairchaipiteal íoctha de chuid na cuideachta an cúlchiste fuascailte caipitil. | |
[EN] | (4) Faoi réir forálacha an ailt seo, féadfar scaireanna tosaíochta a fhuascailt faoin alt seo ar cibé téarmaí agus ar cibé modh a fhoráiltear leis an rún speisialta dá dtagraítear i mír (d) d'fho-alt (1). | |
[EN] | (5) Nuair a dhéanfaidh cuideachta scaireanna tosaíochta a fhuascailt faoin alt seo, ní mheasfar gur laghdú é sin ar mhéad a scairchaipitil údaraithe. | |
[EN] | (6) Faoi réir fho-alt (7), má bhíonn cuideachta tar éis nó ar tí aon scaireanna tosaíochta a fhuascailt de bhun an ailt seo, beidh cumhacht aici scaireanna a eisiúint go feadh luach ainmniúil na scaireanna a fuasclaíodh nó a bheidh le fuascailt ionann is dá mba nár eisíodh na scaireanna sin riamh, agus dá réir sin ní mheasfar, chun críocha aon achtachán a bhaineann le dleacht stampa, scairchaipiteal na cuideachta a bheith méadaithe leis an eisiúint scaireanna de bhun an fho-ailt seo. | |
[EN] | (7) Má eisítear scaireanna nua sula bhfuasclaítear na seanscaireanna, ní mheasfar, chomh fada is a bhaineann le dleacht stampa, na scaireanna nua a bheith arna n-eisiúint de bhun fho-alt (6), mura bhfuasclaítear na seanscaireanna laistigh de mhí tar éis na scaireanna nua a eisiúint. | |
[EN] | (8) Féadfaidh an chuideachta, d'ainneoin aon ní san alt seo, an cúlchiste fuascailte caipitil a chur chun feidhme chun íoctha scaireanna neamheisithe de chuid na chuideachta (seachas scaireanna tosaíochta infhuascailte) a bheidh le heisiúint chun comhaltaí den chuideachta mar scaireanna bónais láníoctha. | |
Forálacha Ilghnéitheacha maidir le Scairchaipiteal. | ||
[EN] |
Cumhacht chuideachta chun a shocrú go n-íocfar suimeanna éagsúla ar scaireanna. |
66. —Féadfaidh cuideachta, má údaraítear sin di lena hairteagail, gach ní nó aon ní acu seo a leanas a dhéanamh— |
[EN] | (a) socrú a dhéanamh ar scaireanna a eisiúint le haghaidh idirdhealú ar na scairshealbhóirí ó thaobh méid na nglaochanna a bheidh le híoc acu ar a scaireanna agus tráthanna a n-íoctha; | |
[EN] | (b) an t-iomlán nó cuid den mhéid a bheidh fágtha gan íoc aige ar aon scaireanna a shealbhóidh sé a ghlacadh ó aon chomhalta, bíodh nár glaodh ar aon chuid den mhéid sin; | |
[EN] | (c) díbhinn a íoc i gcoibhneas leis an méid a bheidh íoctha ar gach scair i gcás inar íocadh níos mó ar chuid de na scaireanna ná mar a íocadh ar chuid eile díobh. | |
[EN] |
Dliteanas cúltaca cuideachta teoranta. |
67. —Féadfaidh cuideachta theoranta, le rún speisialta, a chinneadh nach mbeidh aon chuid dá scairchaipiteal nár glaodh uirthi cheana féin inghlaoite ach amháin i gcás an chuideachta a bheith á foirceannadh agus chun críocha a foirceanta, agus air sin ní bheidh an chuid sin dá scairchaipiteal inghlaoite ach amháin sa chás agus chun na gcríocha a dúradh. |
[EN] |
Cumhacht chuideachta chun a scairchaipiteal a athrú. |
68. —(1) Féadfaidh cuideachta faoi theorainn scaireanna, nó cuideachta faoi theorainn ráthaíochta a bhfuil scairchaipiteal aici, má údaraítear sin di lena hairteagail, athrú a dhéanamh, i gcruinniú ginearálta, ar choinníollacha a meabhráin mar a leanas, is é sin, féadfaidh sí— |
[EN] | (a) a scairchaipiteal a mhéadú le scaireanna nua de cibé méid is fóirsteanach léi; | |
[EN] | (b) an t-iomlán nó aon chuid dá scairchaipiteal a chomhdhlúthú agus a roinnt ina scaireanna de mhéid is mó ná a scaireanna láithreacha; | |
[EN] | (c) an t-iomlán nó aon chuid dá scaireanna íoctha a chomhshó ina stoc, agus an stoc sin a ath-chomhshó ina scaireanna íoctha d'ainmniúcháin ar bith; | |
[EN] | (d) a scaireanna, nó aon chuid díobh, a fhoroinnt ina scaireanna de mhéid is lú ná mar a socraíodh leis an meabhrán, sa dóigh, áfach, go ndéanfar san fhoroinnt an coibhneas idir an méid a bheidh íoctha agus an méid, más ann, a bheidh gan íoc ar gach scair laghdaithe a choimeád mar a bhí sé i gcás na scaire as a bhfaightear an scair laghdaithe; | |
[EN] | (e) scaireanna a chealú nach mbeidh, ar dháta an rúin chuige sin a rith, tógtha, nó comhaontaithe ar iad a thógáil, ag duine ar bith, agus méid a scairchaipitil a laghdú de mhéid na scaireanna a chealófar amhlaidh. | |
[EN] | (2) Má dhéantar scaireanna a chealú de bhun an ailt seo, ní mheasfar gur laghdú é sin ar scairchaipiteal de réir bhrí an Achta seo. | |
[EN] |
Fógra don chláraitheoir faoi athruithe áirithe ar scairchaipiteal. |
69. —(1) Má bhíonn cuideachta ag a bhfuil scairchaipiteal tar éis— |
[EN] | (a) a scairchaipiteal a chomhdhlúthú agus a roinnt ina scaireanna de mhéid is mó ná a scaireanna láithreacha; nó | |
[EN] | (b) aon scaireanna a chomhshó ina stoc; nó | |
[EN] | (c) stoc a ath-chomhshó ina scaireanna; nó | |
[EN] | (d) a scaireanna nó aon chuid díobh a fhoroinnt; nó | |
[EN] | (e) aon scaireanna tosaíochta infhuascailte a fhuascailt; nó | |
[EN] | (f) aon scaireanna tosaíochta a fhuascailt; nó | |
[EN] | (g) aon scaireanna a chealú, ar dhóigh seachas i ndáil le laghdú ar scairchaipiteal faoi alt 72; | |
[EN] | déanfaidh sí, laistigh de mhí tar éis di é sin a dhéanamh, fógra ina thaobh a thabhairt do chláraitheoir na gcuideachtaí, ina sonrófar, de réir mar a bheidh, na scaireanna a comhdhlúthaíodh, a roinneadh, a comhshódh, a foroinneadh, a fuasclaíodh, nó a cealaíodh, nó an stoc a ath-chomhshódh. | |
[EN] | (2) Má mhainnítear an t-alt seo a chomhlíonadh, dlífear fineáil nach mó ná £50 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain. | |
[EN] |
Fógra faoi mhéadú ar scairchaipiteal. |
70. —(1) Má bhíonn cuideachta ag a bhfuil scairchaipiteal, cibé acu a comhshódh nó nár comhshódh a scaireanna ina stoc, tar éis a scairchaipiteal a mhéadú os cionn an chaipitil chláraithe, déanfaidh sí, laistigh de 15 lá tar éis an rún ag méadú a scairchaipitil a rith, fógra faoin méadú a thabhairt do chláraitheoir na gcuideachtaí, agus taifeadfaidh an cláraitheoir an méadú. |
[EN] | (2) San fhógra a bheidh le tabhairt mar a dúradh, tabharfar cibé sonraí a bheidh forordaithe maidir leis na cineálacha scaireanna lena mbainfidh an méadú, agus na coinníollacha faoina ndearnadh nó faoina ndéanfar na scaireanna nua a eisiúint. | |
[EN] | (3) Má mhainnítear an t-alt seo a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £50 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain. | |
[EN] |
Cumhacht chuideachta neamhtheoranta chun soláthar do scairchaipiteal cúltaca ar í a athchlárú. |
71. —Féadfaidh cuideachta neamhtheoranta ag a bhfuil scairchaipiteal, lena rún chun í a chlárú mar chuideachta theoranta de bhun an Achta seo, ceachtar ní nó an dá ní acu seo a leanas a dhéanamh: |
[EN] | (a) méid ainmniúil a scairchaipitil a mhéadú trí luach ainmniúil gach ceann dá scaireanna a mhéadú, ach sin faoi réir an choinníll nach mbeidh aon chuid den chaipiteal méadaithe inghlaoite, ach amháin i gcás an chuideachta a bheith á foirceannadh agus chun críocha a foirceanta; | |
[EN] | (b) a fhoráil nach inghlaoite cuid shonraithe dá scairchaipiteal neamhghlaoite ach amháin i gcás an chuideachta a fhoirceannadh agus chun críocha a foirceanta. | |
Laghdú ar Scairchaipiteal. | ||
[EN] |
Cumhacht chuideachta chun a scairchaipiteal a laghdú. |
72. —(1) Ach amháin sa mhéid go gceadaíonn an tAcht seo é go sainráite, ní dleathach do chuideachta faoi theorainn scaireanna, ná do chuideachta faoi theorainn ráthaíochta a bhfuil scairchaipiteal aici, aon chuid dá scaireanna a cheannach ná a scairchaipiteal a laghdú ar dhóigh a bith. |
[EN] | (2) Faoi réir a dhaingnithe ag an gcúirt, féadfaidh cuideachta faoi theorainn scaireanna, nó cuideachta faoi theorainn ráthaíochta a bhfuil scairchaipiteal aici, má údaraítear sin di lena hairteagail, a scairchaipiteal a laghdú ar dhóigh ar bith le rún speisialta, agus, go háirithe, gan dochar do ghinearáltacht na cumhachta sin roimhe seo, féadfaidh sí— | |
[EN] | (a) an dliteanas ar aon scaireanna dá cuid i leith scairchaipitil nár íocadh a mhúchadh nó a laghdú; nó | |
[EN] | (b) i dteannta nó in éagmais dliteanas ar aon scaireanna dá cuid a mhúchadh nó a laghdú, cealú a dhéanamh ar aon scairchaipiteal íoctha atá caillte nó nach bhfuil sócmhainní ar fáil á ionannú; nó | |
[EN] | (c) i dteannta nó in éagmais dliteanas ar aon scaireanna dá cuid a mhúchadh nó a laghdú, aon scairchaipiteal íoctha de bhreis ar riachtanais na cuideachta a eisíoc; | |
[EN] | agus féadfaidh sí, más gá agus chomh fada agus is gá é, a meabhrán a athrú trí mhéid a scairchaipitil agus a scaireanna a laghdú dá réir sin. | |
[EN] | (3) San Acht seo, gairtear “rún chun scairchaipiteal a laghdú” de rún speisialta faoin alt seo. | |
[EN] |
Iarratas chun na cúirte ar ordú daingniúcháin, agóidí ó chreidiúnaithe agus liosta de chreidiúnaithe agóideacha a shocrú. |
73. —(1) Nuair a bheidh rún chun scairchaipiteal a laghdú rite ag cuideachta, féadfaidh sí ordú ag daingniú an laghdaithe a iarraidh ar an gcúirt. |
[EN] | (2) Má thagann as an laghdú a bheartaítear ar scairchaipiteal go mbeadh an dliteanas i leith scairchaipitil neamhíoctha á laghdú nó go mbeadh aon scairchaipiteal íoctha á íoc le haon scairshealbhóir, agus in aon chás eile má ordaíonn an chúirt amhlaidh, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas, ach ar a shon sin faoi réir fho-alt (3); | |
[EN] | (a) gach creidiúnaí de chuid na cuideachta a mbeidh ceart aige, ar an dáta a shocróidh an chúirt, chun aon fhiach nó éileamh a bheadh, dá mba ar an dáta sin a thosódh foirceannadh na cuideachta, inghlactha faoi chruthúnas i gcoinne na cuideachta, beidh sé i dteideal agóid a dhéanamh in aghaidh an laghdaithe. | |
[EN] | (b) socróidh an chúirt liosta de chreidiúnaithe a bheidh i dteideal agóid a dhéanamh amhlaidh, agus chuige sin cinnteoidh sí, chomh fada agus is féidir sin gan iarratas a lorg ar aon chreidiúnaí, ainmneacha na gcreidiúnaithe sin agus cad é an saghas iad a bhfiacha nó a n-éilimh agus cad é a méid, agus féadfaidh sí fógraí a fhoilsiú ag socrú lá nó laethanta ar laistigh de nó díobh a bheidh ar chreidiúnaithe nár cuireadh ar an liosta éileamh a dhéanamh chun iad a chur air amhlaidh nó a bheidh siad le heisiamh ón gceart chun agóid a dhéanamh in aghaidh an laghdaithe; | |
[EN] | (c) i gcás creidiúnaí a bheith ar an liosta nach mbeidh a fhiach nó a éileamh glanta nó foirceanta agus nach dtoileoidh sé leis an laghdú, féadfaidh an chúirt, más cuí léi é, toiliú an chreidiúnaí sin a ligean thar ceal, má urraíonn an chuideachta go n-íocfar a fhiach nó a éileamh tríd an méid seo a leanas a leithreasú, de réir mar a ordóidh an chúirt:— | |
[EN] | (i) má admhaíonn an chuideachta méid iomlán an fhéich nó an éilimh, nó, gan é a admháil, má tá sí toilteanach soláthar dó, ansin méid iomlán an fhéich nó an éilimh; | |
[EN] | (ii) mura n-admhaíonn an chuideachta méid iomlán an fhéich nó an éilimh agus nach bhfuil sí toilteanach soláthar dó, nó má tá a mhéid teagmhasach nó gan bheith cinntithe, ansin méid a shocróidh an chúirt tar éis fiosrú agus breithniú a dhéanamh ionann is dá mbeadh an chuideachta á foirceannadh ag an gcúirt. | |
[EN] | (3) Má thagann as laghdú a bheartaítear ar scairchaipiteal go mbeadh aon dliteanas i leith scairchaipitil neamhíoctha á laghdú, nó go mbeadh aon scairchaipiteal íoctha á íoc le haon scairshealbhóir, féadfaidh an chúirt, más rud é, ag féachaint d'aon imthosca speisialta a bhainfidh leis an gcás, gur cuí léi é sin a dhéanamh, a ordú nach mbeidh feidhm ag fo-alt (2) maidir le haon aicme, nó le haon aicmí, creidiúnaithe. | |
[EN] |
Ordú ag daingniú an laghdaithe agus cumhachtaí na cúirte ar an ordú sin a dhéanamh. |
74. —(1) Má shásaítear an chúirt, maidir le gach creidiúnaí de chuid na cuideachta a bheidh, faoi alt 73, i dteideal agóid a dhéanamh in aghaidh an laghdaithe, go bhfuarthas a thoiliú leis an laghdú nó go bhfuil a fhiach nó a éileamh glanta nó foirceanta, nó go bhfuil sé urraithe, féadfaidh an chúirt ordú a dhéanamh ag daingniú an laghdaithe ar cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí léi. |
[EN] | (2) Nuair a dhéanfaidh an chúirt aon ordú den sórt sin, féadfaidh sí— | |
[EN] | (a) más dóigh léi ar aon chúis speisialta gur cóir sin, ordú a dhéanamh á ordú go ndéanfaidh an chuideachta, i rith cibé tréimhse, dar tosach dáta an ordaithe nó tráth ar bith tar éis a dháta, a shonrófar san ordú, na focail “and reduced” nó, i gcás an focal “teoranta” a bheith ina chuid dá hainm, na focail “agus laghdaithe,” a chur lena hainm mar fhocail dheireanacha an ainm sin, | |
[EN] | (b) ordú a dhéanamh á cheangal ar an gcuideachta foilsiú a dhéanamh, de réir mar a ordóidh an chúirt, ar fháthanna an laghdaithe nó ar cibé eolas eile ina thaobh is dóigh leis an gcúirt a bheith fóirsteanach, d'fhonn eolas ceart a thabhairt don phobal, agus, más cuí leis an gcúirt é, ar na cúiseanna ba chionsiocair leis an laghdú. | |
[EN] | (3) Nuair a ordófar do chuideachta na focail “and reduced”, nó na focail “agus laghdaithe”, a chur lena hainm, measfar, go dtí deireadh na tréimhse a shonrófar san ordú, gur cuid d'ainm na cuideachta na focail sin. | |
[EN] |
An t-ordú agus miontuairisc an laghdaithe a chlárú. |
75. —(1) Déanfaidh cláraitheoir na gcuideachtaí, ar ordú ón gcúirt ag daingniú an laghdaithe ar scairchaipiteal na cuideachta a thabhairt ar aird dó, agus ar chóip a sheachadadh dó den ordú agus de mhiontuairisc lenar aontaigh an chúirt a thaispeánfaidh, maidir le scairchaipiteal na cuideachta mar a athraíodh é leis an ordú, méid an scairchaipitil, an líon scaireanna a bhfuil sé le roinnt iontu, agus méid gach scaire, agus an méid, más ann, a mheastar ar dháta an chláraithe a bheith íoctha ar gach scair, an t-ordú agus an mhiontuairisc a chlárú. |
[EN] | (2) Ar an ordú agus an mhiontuairisc a chlárú, beidh éifeacht ag an rún chun scairchaipiteal a laghdú mar a daingníodh é leis an ordú a chlárófar amhlaidh, agus ní bheidh éifeacht aige roimhe sin. | |
[EN] | (3) Déanfar fógra i dtaobh an chláraithe a fhoilsiú ar cibé modh a ordóidh an chúirt. | |
[EN] | (4) Déanfaidh an cláraitheoir clárú an ordaithe agus na miontuairisce a dheimhniú faoina láimh, agus beidh a dheimhniú ina fhianaise dhochloíte gur comhlíonadh ceanglais uile an Achta seo maidir le laghdú ar scairchaipiteal, agus go bhfuil scairchaipiteal na cuideachta mar atá luaite sa mhiontuairisc. | |
[EN] | (5) Nuair a bheidh an mhiontuairisc cláraithe, measfar í a bheith curtha in ionad na coda comhréire den mheabhrán, agus beidh sí bailí agus inathraithe ionann is dá mbeidh sí ann i gcéaduair. | |
[EN] | (6) Measfar gurb athrú ar an meabhrán, de réir bhrí alt 30, aon mhiontuairisc mar a dúradh a chur in ionad cuid de mheabhrán na cuideachta. | |
[EN] |
Dliteanas comhaltaí i leith scaireanna laghdaithe. |
76. —(1) Faoi réir fho-alt (2), i gcás laghdú ar scairchaipiteal, ní bheidh duine ba chomhalta den chuideachta, nó is comhalta di, faoi dhliteanas maidir le haon scair i leith aon ghlaoch nó ranníoc de bhreis ar an difríocht, más ann, idir méid na scaire mar a socraíodh sin leis an miontuairisc agus an méid a íocadh, nó an méid laghdaithe, más ann, a measfar é a bheith íoctha, ar an scair, cibé acu é. |
[EN] | (2) Más rud é, i gcás aon chreidiúnaí a mbeidh teideal aige, i leith aon fhéich nó éilimh, chun agóid a dhéanamh in aghaidh laghdú an scairchaipitil, nach bhfuil sé, toisc é a bheith aineolach ar na himeachtaí chun é a laghdú, nó ar a saghas agus a n-éifeacht maidir lena fhiach nó lena éileamh, curtha ar liosta na gcreidiúnaithe, agus, tar éis an laghdaithe, go mbeidh an chuideachta éagumasach, de réir bhrí na bhforálacha den Acht seo a bhaineann le foirceannadh ag an gcúirt, ar mhéid a fhéich nó a éilimh a íoc, ansin— | |
[EN] | (a) dlífidh gach duine ba chomhalta den chuideachta ar an dáta a cláraíodh an t-ordú don laghdú, agus an mhiontuairisc, méid a ranníoc, chun íoctha an fhéich nó an éilimh sin, nach mó ná an méid a dhlífeadh sé a ranníoc dá dtosófaí ar an gcuideachta a fhoirceannadh an lá roimh an dáta sin, agus | |
[EN] | (b) má fhoirceantar an chuideachta, féadfaidh an chúirt, más cuí léi é, ar iarratas ó aon chreidiúnaí den sórt sin agus ar a chruthú go raibh sé aineolach mar a dúradh, liosta de dhaoine a dhlífidh ranníoc amhlaidh a shocrú dá réir sin, agus glaochanna agus orduithe a dhéanamh agus a chur i bhfeidhm ar na ranníocóirí a shocrófar ar an liosta, ionann is dá mba ghnáthranníocóirí i bhfoirceannadh iad. | |
[EN] | (3) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo difear do chearta na ranníocóirí eatarthu féin. | |
[EN] |
Pionós mar gheall ar nithe áirithe a cheilt in imeachtaí chun scairchaipiteal a laghdú. |
77. —Má dhéanann aon oifigeach don chuideachta go toiliúil— |
[EN] | (a) ceilt ar ainm aon chreidiúnaí atá i dteideal agóid a dhéanamh in aghaidh an laghdaithe; nó | |
[EN] | (b) mífhaisnéis ar shaghas nó méid an fhéich nó an éilimh i gcás aon chreidiúnaí, | |
[EN] | dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £100 a chur air. | |
Athrú ar Chearta Scairshealbhóirí. | ||
[EN] |
Cearta sealbhóiri cineálacha speisialta scaireanna. |
78. —(1) Más rud é, i gcás cuideachta a mbeidh a scairchaipiteal roinnte ina scaireanna de chineálacha éagsúla, go mbeidh foráil déanta leis an meabhrán nó leis na hairteagail chun athrú ar na cearta a ghabhann le haon chineál scaireanna sa chuideachta a údarú, le toiliú ó aon chionúireacht a shonrófar de shealbhóirí na scaireanna eisithe den chineál sin nó le ceadú faoi rún a ritheadh ag cruinniú leithleach de shealbhóirí na scaireanna sin, agus go ndéanfar de bhun na forála sin na cearta a ghabhann le haon chineál scaireanna den sórt sin a athrú tráth ar bith, féadfaidh sealbhóirí 10 faoin gcéad ar a laghad san iomlán de na scaireanna eisithe den chineál sin, is é sin, daoine nár thoiligh leis an rún chun an t-athrú a dhéanamh nó nár vótáil i bhfabhar an rúin sin, iarratas a dhéanamh chun na cúirte á iarraidh an t-athrú a chealú agus, má dhéantar aon iarratas den sórt sin, ní bheidh éifeacht leis an athrú mura ndaingneoidh ná go dtí go ndaingeoidh an chúirt é. |
[EN] | (2) Ní foláir iarratas faoin alt seo a dhéanamh laistigh de 28 lá (nó cibé tréimhse is faide ná sin a lamhálfaidh an chúirt, ar iarratas a fháil di ó aon scairshealbhóir roimh dheireadh na 28 lá sin) tar éis an dáta a tugadh an toiliú nó a ritheadh an rún, cibé acu é, agus féadfar é a dhéanamh thar ceann na scairshealbhóirí a bheidh i dteideal an t-iarratas a dhéanamh ag cibé duine nó daoine dá líon a cheapfaidh siad chuige sin i scríbhinn. | |
[EN] | (3) Ar aon iarratas den sórt sin a dhéanamh chuici, féadfaidh an chúirt, tar éis éisteacht a thabhairt don iarratasóir agus d'aon daoine eile a iarrfaidh ar an gcúirt éisteacht a thabhairt dóibh agus a bhfeicfear don chúirt go bhfuil leas acu san iarratas, má shásaítear an chúirt, ag féachaint d'imthosca uile an cháis, go ndéanfadh an t-athrú dochar míchuí do na scairshealbhóirí den aicme a bhfuil an t-iarratasóir ag feidhmiú ar a son, an t-athrú a dhícheadú agus, mura sásaítear í amhlaidh, daingneoidh sí an t-athrú. | |
[EN] | (4) Is breith chríochnaitheach breith na cúirte ar aon iarratas den sórt sin, ach féadfar achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Uachtaraí in aghaidh chinneadh na cúirte ar cheist dlí. | |
[EN] | (5) Déanfaidh an chuideachta, laistigh de 21 lá tar éis don chúirt ordú a dhéanamh de bhun aon iarratais den sórt sin, cóip den ordú a chur chuig cláraitheoir na gcuideachtaí, agus, má mhainnítear an fhoráil seo a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £50 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain. | |
[EN] | (6) San alt seo folaíonn “athrú” aisghairm agus forléireofar é dá réir sin. | |
Uimhriú agus Aistriú Scaireanna agus Bintiúr agus Fianaise ar Theideal chucu. | ||
[EN] |
Nádúr scaireanna. |
79. — Is eastát pearsanta, a bheidh inaistrithe mar a fhoráiltear in airteagail na cuideachta, na scaireanna nó an leas eile a bheidh ag aon chomhalta i gcuideachta, agus ní de nádúr eastáit réadaigh iad. |
[EN] |
Uimhriú scaireanna. |
80. —(1) Faoi réir fho-ailt (2) agus (3), déanfar gach scair i gcuideachta ag a bhfuil scairchaipiteal a idirdhealú lena huimhir iomchuí. |
[EN] | (2) Más rud é, tráth ar bith, go mbeidh na scaireanna eisithe go léir i gcuideachta, nó na scaireanna eisithe go léir de chineál áirithe inti, láníoctha agus ar chéim pari passu chun gach críche, ní gá uimhir idirdhealaitheach a bheith ar aon scair acu sin ina dhiaidh sin fad a bheidh an scair láníoctha agus ar chéim pari passu chun gach críche leis na scaireanna go léir den chineál céanna a bheidh eisithe agus láníoctha de thuras na huaire. | |
[EN] | (3) Nuair a eiseoidh cuideachta scaireanna nua ar théarmaí go mbeidh siad, laistigh de thréimhse nach faide ná 12 mhí, ar chéim pari passu chun gach críche leis na scaireanna láithreacha go léir, nó leis na scaireanna láithreacha go léir de chineál áirithe, sa chuideachta, ní gá uimhreacha idirdhealaitheacha a bheith ar na scaireanna nua ná ar na scaireanna láithreacha comhréire fad a bheidh siad go léir láníoctha agus ar chéim pari passu ach, mura n-uimhrítear iad, déanfar na scairdheimhnithe do na scaireanna nua a fhoclú, nó éadanscript a chur orthu, mar is iomchuí. | |
[EN] |
Gan aistriú a chlárú mura seachadtar ionstraim aistrithe don chuideachta. |
81. —(1) Faoi réir fho-alt (2), agus d'ainneoin aon ní in airteagail chuideachta, ní dleathach don chuideachta aistriú scaireanna ná bintiúr de chuid na cuideachta a chlárú murar seachadadh ionstraim aistrithe chuí don chuideachta. |
[EN] | (2) Ní dhéanfaidh aon ní i bhfo-alt (1) dochar d'aon chumhacht de chuid na cuideachta chun aon duine a chlárú mar scairshealbhóir nó bintiúrach más duine é ar tarchuireadh chuige le hoibriú dlí an ceart chun aon scaireanna nó bintiúir de chuid na cuideachta. | |
[EN] |
Aistriú ag ionadaí pearsanta. |
82. —Beidh aistriú a dhéanfaidh a ionadaí pearsanta ar scair nó leas eile le comhalta marbh de chuideachta, bíodh nach comhalta den chuideachta an t-ionadaí pearsanta é féin, ina aistriú chomh bailí agus dá mba chomhalta di é tráth na hionstraime aistrithe a fhorghníomhú. |
[EN] |
Aistriú a chlárú ar iarratas ón aistreoir. |
83. —Ar iarratas a fháil ó aistreoir aon scaire nó leasa i gcuideachta, déanfaidh an chuideachta ainm an aistrí a thaifeadadh i gclár a comhaltaí ar an modh céanna, agus faoi réir na gcoinníollacha céanna, ina ndéanfaí sin dá mba é an t-aistrí a d'iarr é a thaifeadadh. |
[EN] |
Fógra gur diúltaíodh aistriú a chlárú. |
84. —(1) Má dhiúltaíonn an chuideachta aistriú aon scaireanna nó bintiúr a chlárú, déanfaidh an chuideachta, laistigh de 2 mhí tar éis an dáta a taisceadh an t-aistriú leis an gcuideachta, fógra i dtaobh an diúltaithe a chur go dtí an t-aistrí. |
[EN] | (2) Má mhainnítear an t-alt seo a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £50 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain. | |
[EN] |
Deimhníocht ar aistriú. |
85. —(1) Measfar deimhníocht ó chuideachta ar aon ionstraim aistrithe scaireanna nó bintiúr de chuid na cuideachta a bheith ina faisnéis ón gcuideachta d'aon duine a bheidh ag gníomhú i muinín na deimhníochta gur tugadh ar aird don chuideachta na doiciméid a thaispeánann ar a n-éadan go bhfuil teideal prima facie chun na scaireanna nó na mbintiúr san aistreoir a ainmnítear san ionstraim aistrithe, ach gan í a bheith ina faisnéis go bhfuil aon teideal ag an aistreoir chun na scaireanna nó na mbintiúr. |
[EN] | (2) Má ghníomhaíonn aon duine i muinín deimhníochta falsa a rinne cuideachta go faillíoch beidh an chuideachta faoin dliteanas céanna ag an duine sin agus dá mba go calaoiseach a rinneadh an deimhníocht. | |
[EN] | (3) Chun críocha an ailt seo— | |
[EN] | (a) measfar deimhníocht a bheith déanta ar ionstraim aistrithe má bhíonn uirthi na focail “taisceadh deimhniú” nó focail sa chiall chéanna; | |
[EN] | (b) measfar deimhníocht a bheith déanta ag cuideachta ar ionstraim aistrithe más rud é— | |
[EN] | (i) go bhfuil an duine a d'eisigh an ionstraim ina dhuine a bhfuil údarás aige ionstraimí aistrithe faoi dheimhníocht a eisiúint thar ceann na cuideachta, agus | |
[EN] | (ii) go bhfuil an deimhníocht sínithe ag duine a bhfuil údarás aige deimhníocht a dhéanamh ar aistrithe thar ceann na cuideachta nó ag aon oifigeach nó seirbhíseach don chuideachta nó do chomhlacht corpraithe a bhfuil údarás aige amhlaidh; | |
[EN] | (c) measfar deimhníocht a bheith sínithe ag aon duine más rud é— | |
[EN] | (i) go n-airbheartaíonn sí a bheith fíordheimhnithe lena shíniú nó lena thúslitreacha (cibé acu i lámhscríbhneoireacht é nó nach ea), agus | |
[EN] | (ii) nach suífear nach é féin, ná aon duine a bhfuil údarás aige an síniú nó na túslitreacha a úsáid chun deimhníocht a dhéanamh ar aistrithe thar ceann na cuideachta, a chuir an síniú nó na túslitreacha ar an deimhníocht. | |
[EN] |
Dualgais chuideachta maidir le deimhnithe a eisiúint. |
86. —(1) Comhlánóidh gach cuideachta, agus beidh réidh aici lena seachadadh, laistigh de 2 mhí tar éis aon scaireanna, bintiúir nó stoc bintiúir dá chuid a leithroinnt, agus laistigh de 2 mhí tar éis an dáta a thaiscfear leis an gcuideachta aistriú ar aon scaireanna nó bintiúir nó stoc bintiúir den sórt sin, na deimhnithe ar na scaireanna go léir, na bintiúir agus na deimhnithe ar gach stoc bintiúir, a leithroinneadh nó a aistríodh, mura bhforáiltear a mhalairt leis na coinníollacha ar ar eisíodh na scaireanna, na bintiúir nó an stoc bintiúir. |
[EN] | Chun críche an fho-ailt seo, ciallaíonn “aistriú” aistriú a bheidh stampáilte go cuí agus a bheidh bailí thairis sin, agus ní fholaíonn sé aistriú de shórt a mbeidh an chuideachta i dteideal, ar chúis ar bith, diúltú é a chlárú agus nach ndéanfaidh sí é a chlárú. | |
[EN] | (2) Má mhainnítear an t-alt seo a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £20 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain. | |
[EN] | (3) Má sheirbheáiltear ar aon chuideachta fógra á cheangal uirthi aon mhainneachtain i gcomhlíonadh forálacha fho-alt (1) a shlánú, agus nach slánóidh sí an mhainneachtain laistigh de 10 lá tar éis an fógra a sheirbheáil, féadfaidh an chúirt, ar iarratas ón duine a bhfuil teideal aige chun go seachadfaí na deimhnithe nó na bintiúir dó, ordú a dhéanamh á ordú don chuideachta agus d'aon oifigeach don chuideachta an mhainneachtain a shlánú laistigh de cibé tréimhse a shonrófar san ordú, agus féadfaidh aon ordú den sórt sin a fhoráil go mbeidh na costais go léir a bhainfidh agus a ghabhfaidh leis an iarratas de mhuirear ar an gcuideachta nó ar aon oifigeach don chuideachta a bheidh freagrach sa mhainneachtain. | |
[EN] |
Fianaise ar theideal, probháid agus litreacha riaracháin. |
87. —(1) Beidh deimhniú faoi ghnáthshéala na cuideachta a shonróidh aon scaireanna a shealbhaíonn aon chomhalta ina fhianaise prima facie ar theideal an chomhalta chun na scaireanna. |
[EN] | (2) Má thugtar ar aird do chuideachta aon doiciméad is fianaise leormhaith, de réir dlí, go ndearnadh probháid uachta nó litreacha riaracháin eastáit duine mhairbh a dheonú do dhuine éigin, glacfaidh an chuideachta leis sin, d'ainneoin aon ní in airteagail na cuideachta, mar fhianaise leormhaith go ndearnadh an deonú. | |
[EN] |
Eisiúint barántas scaire chuig iompróir, agus a n-éifeacht. |
88. —(1) Féadfaidh cuideachta faoi theorainn scaireanna, má údaraítear sin di lena hairteagail, barántas maidir le haon scaireanna láníoctha, a eisiúint faoina gnáthshéala á rá go bhfuil iompróir an bharántais i dteideal na scaireanna a shonrófar ann, agus féadfaidh sí socrú a dhéanamh trí chúpóin nó eile chun na díbhinní todhchaí ar na scaireanna a bheidh ar áireamh sa bharántas a íoc. |
[EN] | (2) Gairtear “barántas scaire” san Acht seo de bharántas den sórt a dúradh. | |
[EN] | (3) Tabharfaidh barántas scaire teideal dá iompróir chun na scaireanna a bheidh sonraithe ann, agus féadfar na scaireanna a aistriú tríd an mbarántas a sheachadadh. | |
[EN] |
Eisiúint scaireanna atá neamhbhailí a dhéanamh bailí. |
89. —Má bhíonn cuideachta tar éis scaireanna ina caipiteal a bhunú nó a eisiúint agus go bhfuil cúis ann chun go gceapfaí gur bunaíodh nó gur eisíodh na scaireanna sin go neamhbhailí, féadfaidh an chúirt, ar iarratas ón gcuideachta, ó aon sealbhóir scaireanna den sórt sin nó ó aon chomhalta nó creidiunaí de chuid na cuideachta, nó óna leachtaitheoir, a dhearbhú go mbeidh an bunú nó an eisiúint sin bailí chun gach críche más deimhin leis an gcúirt go mbeadh sé cóir chothromasach é sin a dhéanamh, agus air sin measfar na scaireanna sin a bheith, ón uair a bunaíodh nó a eisíodh iad, cibé acu é, arna mbunú nó arna n-eisiúint go bailí. |
[EN] |
Pionós mar gheall ar scairshealbhóir a phearsanú. |
90. —Má dhéanann aon duine go falsa agus go meabhlach pearsanú ar aon duine is úinéir ar aon scair nó leas in aon chuideachta, nó ar aon bharántas scaire nó cúpón, a eisíodh de bhun an Achta seo, agus dá bharr sin go bhfaighidh sé, nó go ndéanfaidh sé iarracht chun go bhfaighidh sé, aon scair nó leas nó barántas scaire nó cúpón den sórt sin, nó go bhfaighidh sé, nó go ndéanfaidh sé iarracht chun go bhfaighidh sé, aon airgead a bheidh dlite d'aon úinéir den sórt sin, nó go vótálfaidh sé ag aon chruinniú, ionann is dá mba é an ciontóir an t-úinéir dílis dleathach, dlífear, ar é a chiontú ar díotáil, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 2 bhliain nó fíneáil nach mó ná £500, nó iad araon, nó, ar é a chiontú go hachomair, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí nó fíneáil nach mó ná £100, nó iad araon, a chur air. |
Forálacha Speisialta maidir le Bintiúir. | ||
[EN] |
Forálacha maidir le clárú bintiúrach. |
91. —(1) Coimeádfaidh gach cuideachta clár de bhintiúraigh na cuideachta agus taifeadfaidh sí ann ainmneacha agus seoltaí na mbintiúrach agus an méid bintiúr atá ag gach bintiúrach acu i láthair na huaire. |
[EN] | Chun críocha an fho-ailt seo, ní fholaíonn bintiúir aon bhintiúr nach ceann de shraith atá ar chéim pari passu ná aon bhintiúr atá inaistrithe trína sheachadadh. | |
[EN] | (2) Coimeádfaidh cuideachta an clár sin in oifig chláraithe na cuideachta, in aon oifig eile leis an gcuideachta a gcuirtear le chéile ann é, nó, má dhéanann an chuideachta comhshocrú le duine éigin eile chun go ngabhfaidh an duine eile sin air féin thar ceann na cuideachta an clár a chur le chéile, san oifig leis an duine eile sin a gcuirtear le chéile ann é. | |
[EN] | (3) Faoi réir fho-alt (4), cuirfidh gach cuideachta chuig cláraitheoir na gcuideachtaí fógra faoin áit a gcoimeádtar an clár ann, agus faoi aon athrú ar an áit sin. | |
[EN] | (4) Ní bheidh sé de cheangal ar chuideachta fógra a chur chuig an gcláraitheoir faoi fho-alt (3) má tá an clár á choimeád in oifig chláraithe na cuideachta i gcónaí riamh ó tháinig sí chun bheith ann nó, i gcás cuideachta a tháinig chun bheith ann tar éis an dáta feidhme, i gcónaí riamh ó shin i leith. | |
[EN] | (5) Má mhainníonn cuideachta fo-alt (1) nó (2) a chomhlíonadh, nó má mhainníonn sí ar feadh 14 lá fo-alt (3) a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £50 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain. | |
[EN] |
Cearta chun clár na mbintiúrach a scrúdú, agus chun cóipeanna den chlár agus de ghníomhas iontaobhais a fháil |
92. —(1) Beidh gach clár de bhintiúraigh chuideachta, ach amháin le linn é a bheith dúnta go cuí (ach, faoi réir cibé srianta réasúnacha a fhorchuirfidh an chuideachta i gcruinniú ginearálta, ionas go lamhálfar 2 uair a chloig ar a laghad gach lá chun a scrúdaithe), ar oscailt chun a scrúdaithe ag sealbhóir cláraithe aon bhintiúr dá cuid nó ag aon sealbhóir scaireanna dá cuid gan táille a íoc, agus ag aon duine eile ar é d'íoc táille scillinge nó cibé suim faoina bhun sin a fhorordóidh an chuideachta. |
[EN] | (2) Féadfaidh aon bhintiúrach cláraithe nó aon scairshealbhóir cláraithe den sórt a dúradh, nó aon duine eile, cóip de chlár bintiúrach na cuideachta nó d'aon chuid de a éileamh, ar shé phingin a íoc in aghaidh gach 100 focal a bheidh le cóipeáil. | |
[EN] | (3) Déanfar cóip d'aon ghníomhas iontaobhais chun aon eisiúint bintiúr a urrú a chur ar aghaidh chuig gach sealbhóir ar aon bhintiúir den sórt sin ar iarratas uaidh, má íocann sé i gcás gníomhas iontaobhais clóite suim 5 scilling nó cibé suim faoina bhun sin a fhorordóidh an chuideachta, nó, murar clódh an gníomhas iontaobhais, má íocann sé sé phingin in aghaidh gach 100 focal a bheidh le cóipeáil. | |
[EN] | (4) Má dhiúltaítear cead scrúdaithe, nó má dhiúltaítear cóip a thabhairt nó mura gcuirtear ar aghaidh í, dlífear fíneáil nach mó ná £25 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain. | |
[EN] | (5) Má dhéanann cuideachta mainneachtain mar a dúradh, féadfaidh an chúirt, le hordú, a éigniú go gcuirfear an clár faoi scrúdú láithreach nó a ordú go ndéanfar na cóipeanna a éilíodh a chur chuig an duine a d'éiligh iad. | |
[EN] | (6) Chun críocha an ailt seo, measfar clár a bheith dúnta go cuí má dhúntar é de réir forálacha sna hairteagail nó sna bintiúir nó, i gcás stoc bintiúir, sna deimhnithe stoic, nó sa ghníomhas iontaobhais nó sa doiciméad eile lena n-urraítear na bintiúir nó an stoc bintiúir, ar feadh cibé tréimhse nó tréimhsí, nach mó ná 30 lá ar fad in aon bhliain, a bheidh sonraithe sna forálacha sin. | |
[EN] |
Dliteanas iontaobhaithe i leith bintiúrach. |
93. —(1) Faoi réir fho-ailt (2) go (4), beidh aon fhoráil i ngníomhas iontaobhais chun eisiúint bintiúr a urrú, nó in aon chonradh le bintiúraigh a bheidh urraithe le gníomhas iontaobhais, ar neamhní sa mhéid go mbeadh d'éifeacht leis iontaobhaí faoin ngníomhas sin a dhíolmhú ó dhliteanas mar gheall ar shárú iontaobhais nó a shlánú ina aghaidh i gcás nach léireoidh sé go raibh sé chomh cúramach díograiseach agus ba cheart dó a bheith mar iontaobhaí, ag féachaint do na forálacha sa ghníomhas iontaobhais a thugann aon chumhachtaí, údaráis nó roghanna dó. |
[EN] | (2) Ní chuirfidh fo-alt (1) ó bhail— | |
[EN] | (a) aon scaoileadh a tugadh go bailí ar dhóigh eile i leith aon ní a rinne nó nach ndearna iontaobhaí sular tugadh an scaoileadh; ná | |
[EN] | (b) aon fhoráil á chumasú scaoileadh den sórt sin a thabhairt— | |
[EN] | (i) ar chomhaontú chuige sin a fháil ó thromlach nach lú ná trí cheathrú de réir luacha de na bintiúraigh a bheidh i láthair agus a vótálfaidh go pearsanta nó, i gcás ina gceadaítear seachvótálaithe, trí sheachvótálaí, ag cruinniú a gaireadh chun na críche sin, agus | |
[EN] | (ii) i leith gníomhartha nó neamhghníomhartha sonracha nó ar an iontaobhaí d'fháil bháis nó ar é a scor de bheith ag ghníomhú. | |
[EN] | (3) Ní oibreoidh fo-alt (1)— | |
[EN] | (a) chun aon fhoráil a bheidh i bhfeidhm ar an dáta feidhme a chur ó bhail fad a fhanfaidh aon duine a bheidh an uair sin i dteideal tairbhe na forála sin, nó a dtabharfar a tairbhe dó ina dhiaidh sin faoi fho-alt (4), ina iontaobhaí faoin ngníomhas a bheidh i gceist; ná | |
[EN] | (b) chun aon díolúine nó ceart chun a shlánaithe i leith aon ní a rinne sé nó nach ndearna sé fad a bhí an fhoráil sin i bhfeidhm a bhaint de dhuine. | |
[EN] | (4) Fad a bheidh aon iontaobhaí faoi ghníomhas iontaobhais i dteideal tairbhe forála ar a ndéantar cosaint le fo-alt (3), féadfar tairbhe na forála sin a thabhairt— | |
[EN] | (a) do gach duine is iontaobhaí faoin ngníomhas, faoi láthair agus feasta; nó | |
[EN] | (b) d'aon iontaobhaithe, nó d'aon iontaobhaithe beartaithe, faoin ngníomhas sin, a ainmneofar; | |
[EN] | le rún arna rith ag tromlach nach lú ná trí cheathrú de réir luacha de na bintiúraigh a bheidh i láthair go pearsanta nó, i gcás ina gceadaítear seachvótálaithe, trí sheachvótálaí, ag cruinniú a gaireadh chuige sin de réir forálacha an ghníomhais nó, mura bhfuil aon fhoráil sa mheabhrán chun cruinnithe a ghairm, ag cruinniú a gaireadh chuige sin in aon slí a cheadóidh an chúirt. | |
[EN] |
Bintiúir shuthaine |
94. —Ní bheidh coinníoll in aon bhintiúir nó in aon ghníomhas chun aon bhintiúir a urrú, cibé acu roimh an dáta feidhme nó ina dhiaidh a eisíodh nó a forghníomhaíodh é, neamhbhailí de bhíthin amháin go dtugann sé go mbeidh na bintiúir dofhuascailte nó nach mbeidh siad infhuascailte ach amháin ar theagmhas, dá chianda é, a tharlú, nó ar thréimhse, dá fhad í, a bheith caite, d'ainneoin aon rialach dlí contrártha dó sin. |
[EN] |
Cumacht chun bintiúir fhuascailte a atheisiúint. |
95. —(1) I gcás ina ndearna cuideachta, roimh an dáta feidhme nó air nó dá éis, aon bhintiúir a fhuascailt, ansin— |
[EN] | (a) mura rud é go bhfuil aon fhoráil, sainráite nó intuigthe, contrártha dó sin sna hairteagail nó in aon chonradh a rinne an chuideachta; nó | |
[EN] | (b) mura rud é gur chuir an chuideachta in iúl, trí rún sa chiall sin a rith nó trí ghníomh éigin eile, go bhfuil sé d'intinn aici na bintiúir a chealú; | |
[EN] | beidh sé de chumhacht ag an gcuideachta, agus measfar go raibh sé de chumhacht aici riamh, na bintiúir a atheisiúint, trí na bintiúir chéanna a atheisiúint nó trí bhintiúir eile a eisiúint ina n-ionad. | |
[EN] | (2) Faoi réir alt 96, i gcás bintiúir fhuascailte a atheisiúint, beidh ag an duine a bhí i dteideal na mbintiúr, agus measfar go raibh aige riamh, na tosaíochtaí céanna a bheadh aige dá mba nach ndearnadh na bintiúir a fhuascailt ar chor ar bith. | |
[EN] | (3) I gcás ina ndearna cuideachta, roimh an dáta feidhme nó air nó dá éis, aon bhintiúir dá cuid a thaisceadh chun airleacain a urrú ó am go ham ar chuntas reatha nó eile, ní mheasfar na bintiúir a bheith fuascailte de bhíthin amháin gur scoir cuntas na cuideachta de bheith fiachach le linn na bintiúir a bheith ar taisceadh amhlaidh. | |
[EN] | (4) Faoi réir fho-alt (5), déanfar atheisiúint bintiúir nó eisiúint bintiúir eile ina ionad faoin gcumhacht a thugtar do chuideachta leis an alt seo, nó a mheastar a bheith aici dá réir, cibé acu roimh an dáta feidhme nó air nó dá éis a rinneadh an atheisiúint nó an eisiúint, a áireamh mar eisiúint bintiúir nua chun críocha dleachta stampa, ach ní áireofar amhlaidh é chun críocha aon fhorála a chuireann teorainn le méid nó líon na mbintiúr a bheidh le heisiúint. | |
[EN] | (5) Aon duine a thabharfaidh airgead ar iasacht ar urrús bintiúir a atheiseofar faoin alt seo, agus a dhealróidh a bheith stampáilte go cuí, féadfaidh sé an bintiúr a thabhairt i bhfianaise in aon imeachtaí chun a urrús a chur i bhfeidhm, gan an dleacht stampa ná aon phionós ina leith sin a íoc, mura rud é go raibh fógra aige nó, murach a fhaillí féin, go mbeadh sé faighte amach aige, nach raibh an bintiúr stampáilte go cuí, ach in aon chás den sórt sin dlífidh an chuideachta an dleacht stampa cuí agus an pionós a íoc. | |
[EN] |
Cosaint do chearta morgáistithe áirithe i gcás bintiúr atheisithe. 1908, c. 69. |
96. —I gcás aon bhintiúir a fuasclaíodh roimh an dáta feidhme a atheisiúint ar an dáta sin nó ina dhiaidh, ní dhéanfaidh atheisiúint na mbintiúr, ná ní mheasfar go ndearna sé riamh, dochar d'aon cheart nó tosaíocht a bheadh ag aon duine faoi réim nó de bhua aon mhorgáiste nó muirir a bunaíodh roimh an dáta feidhme, dá mbeadh alt 104 den Companies (Consolidation) Act, 1908, achtaithe san Acht seo in ionad alt 95. |
[EN] |
Sainchomhlíonadh conarthaí chun suibscríobh le haghaidh bintiúr. |
97. —Féadfar conradh le cuideachta chun aon bhintiúir de chuid na cuideachta a thógáil, agus íoc astu, a chur i bhfeidhm le hordú le haghaidh sainchomhlíonadh. |
[EN] |
Íocaíochtaí tosaíochta má cheaptar glacadóir faoi mhuirear foluaineach. |
98. —(1) Má cheaptar glacadóir thar ceann sealbhóirí aon bhintiúr de chuid cuideachta a bheidh urraithe le muirear foluaineach, nó má ghlacann na bintiúraigh sin, nó má ghlactar thar a gceann, seilbh ar aon mhaoin a bheidh ar áireamh sa mhuirear nó a bheidh faoina réir, ansin, mura mbeidh an chuideachta i gcúrsa a foirceanta ag an am, déanfar na fiacha a bheidh i ngach foirceannadh, faoi na forálacha de Chuid VI a bhaineannle híocaíochtaí tosaíochta, le híoc i dtosach ar gach fiach eile, a íoc as aon sócmhainní a thiocfaidh ar láimh an ghlacadóra nó an duine eile a ghlacfaidh seilbh mar a dúradh i dtosach ar aon éileamh ar phríomhshuim nó ús i leith na mbintiúr. |
[EN] | (2) Nuair a bheidh na forálacha sin á gcur chun feidhme, forléireofar alt 285 den Acht seo ionann is dá mba é a bhí san fhoráil le haghaidh íoc luach saothair fhaibhrithe in aghaidh saoire is iníoctha ar dheireadh a theacht le fostaíocht roimh an ordú nó an rún foirceanta, nó de bharr a éifeachta, foráil le haghaidh íoc luach saothair den sórt sin is iníoctha ar dheireadh a theacht le fostaíocht roimh cheapadh an ghlacadóra nó roimh sheilbh a ghlacadh mar a dúradh, nó de bharr a éifeachta sin. | |
[EN] | (3) Déanfar na tréimhsí ama a luaitear sna forálacha sin de Chuid VI a áireamh ón dáta a ceapadh an glacadóir nó a glacadh seilbh mar a dúradh, cibé acu é. | |
[EN] | (4) Má ba thúisce an dáta dá dtagraítear i bhfo-alt (3) ná an dáta feidhme, beidh éifeacht ag fo-ailt (1) agus (3), ach tagairtí do na forálacha a mheastar, de bhua fho-alt (12) den alt sin 285, a fhanacht i bhfeidhm sa chás a luaitear san fho-alt sin a chur in ionad tagairtí do na forálacha sin de Chuid VI, agus ní bheidh feidhm ag fo-alt (2) den alt seo. | |
[EN] | (5) Aon íocaíochtaí a íocfar faoin alt seo, aisíocfar iad a mhéid is féidir sin as na sócmhainní de chuid na cuideachta a bheidh ar fáil chun creidiúnaithe ginearálta a íoc. | |
CUID IV. Clárú Muirear. | ||
Muirir a Chlárú le Cláraitheoir na gCuideachtai. | ||
[EN] |
Clárú muirear a bhunóidh cuideachtaí |
99. —(1) Faoi réir forálacha na Coda seo, gach muirear a bhunóidh cuideachta tar éis an dáta shocraithe agus is muirear lena mbaineann an t-alt seo, beidh sé, sa mhéid go dtabharfar leis aon urrús ar mhaoin nó gnóthas na cuideachta, ar neamhní in aghaidh an leachtaitheora agus aon chreidiúnaí de chuid na cuideachta, mura ndéanfar sonraí forordaithe an mhuirir, agus iad fíoraithe sa tslí fhorordaithe, a sheachadadh do cláraitheoir na gcuideachtaí, nó mura bhfaighidh sé iad, lena gclárú mar a cheanglaítear leis an Acht seo, laistigh de 21 lá tar éis dáta a bhunaithe, ach sin gan dochar d'aon chonradh nó oibleagáid chun an t-airgead a urrófar leis a aisíoc, agus nuair a thiocfaidh muirear chun bheith ar neamhní faoin alt seo beidh an t-airgead a urraíodh leis iníoctha láithreach. |
[EN] | (2) Baineann an t-alt seo leis na muirir seo a leanas: | |
[EN] | (a) muirear chun aon eisiúint bintiúr a urrú; | |
[EN] | (b) muirear ar scairchaipiteal neamhghlaoite de chuid na cuideachta; | |
[EN] | (c) muirear a bunaíodh nó a fianaíodh le hionstraim ba ghá a chlárú mar bhille díolacháin dá mba phearsa aonair a d'fhorghníomhódh é. | |
[EN] | (d) muirear ar thalamh, cibé áit a bhfuil a shuíomh, nó aon leas ann, ach gan aon mhuirear i leith aon chíosa nó aon suime tréimhsiúla eile a eisíonn as talamh a chur san áireamh; | |
[EN] | (e) muirear ar fhiacha leabhair na cuideachta; | |
[EN] | (f) muirear foluaineach ar ghnóthas nó maoin na cuideachta; | |
[EN] | (g) muirear ar ghlaochanna a rinneadh ach nár íocadh; | |
[EN] | (h) muirear ar long nó ar aon scair i long; | |
[EN] | (i) muirear ar cháilmheas, ar phaitinn nó ar cheadúnas faoi phaitinn, ar chóipcheart nó ar cheadúnas faoi chóipcheart. | |
[EN] | (3) I gcás muirear a bhunófar lasmuigh den Stát agus a bhainfidh le maoin atá lasmuigh den Stát, is 21 lá tar éis an dáta ar a bhféadfaí na sonraí forordaithe a fháil sa Stát, i gcúrsa cuí an phoist, dá gcuirfí chun bealaigh iad le dlús cuí, a bheidh sa tréimhse chun na sonraí a sheachadadh don chláraitheoir in ionad 21 lá tar éis an dáta a bunaíodh an muirear. | |
[EN] | (4) I gcás ina mbunófar muirear sa Stát ach gur le maoin atá lasmuigh den Stát a bhaineann sé, féadfar na sonraí forordaithe a chur ar aghaidh lena gclárú faoin alt seo, d'ainneoin go bhféadfadh tuilleadh imeachtaí a bheith riachtanach chun an muirear a dhéanamh bailí nó éifeachtach de réir dlí na tíre ina bhfuil an mhaoin. | |
[EN] | (5) I gcás gur le maoin atá lasmuigh den Stát a bhaineann an muirear agus gur gá an muirear a chlárú sa tír ina bhfuil an mhaoin chun é a dhéanamh bailí nó éifeachtach de réir dlí na tíre sin, seachadfar do chláraitheoir na gcuideachtaí, lena chlárú, deimhniú san fhoirm fhorordaithe á rá gur cuireadh an muirear chun a chláraithe sa tír ina bhfuil an mhaoin ar an dáta a cuireadh chun a chláraithe amhlaidh é. | |
[EN] | (6) I gcás inar tugadh ionstraim soshannta chun íoc aon fhiacha leabhair de chuid cuideachta a urrú, ní dhéanfar, chun críocha an ailt seo, taisceadh na hionstraime chun airleacan don chuideachta a urrú a áireamh mar mhuirear ar na fiacha leabhair sin. | |
[EN] | (7) Ní mheasfar, chun críocha an ailt seo, gur leas i dtalamh sealbhú bintiúr a thugann teideal dá sealbhóir chun muirir ar thalamh. | |
[EN] | (8) I gcás ina mbunóidh cuideachta sraith bintiúr ina mbeidh, nó ina dtabharfar trí thagairt d'aon ionstraim eile, aon mhuirear a mbeidh bintiúraigh na sraithe sin i dteideal a thairbhe pari passu, is leor, chun críocha an ailt seo, má sheachadtar don chláraitheoir, nó má fhaigheann sé, laistigh de 21 lá tar éis an gníomhas ina mbeidh an muirear a fhorghníomhú nó, mura bhfuil aon ghníomhas den sórt sin ann, tar éis aon bhintiúir den tsraith a fhorghníomhú, na sonraí seo a leanas; | |
[EN] | (a) an méid iomlán a urraítear leis an tsraith ar fad; agus | |
[EN] | (b) dátaí na rún a d'údaraigh an tsraith a eisiúint, agus dáta an ghníomhais chumhdaigh, más ann, lean mbunaítear nó lena mínítear an t-urrús; agus | |
[EN] | (c) tuairisc ghinearálta ar an maoin a chuirtear faoi mhuirear; agus | |
[EN] | (d) ainmneacha na n-iontaobhaithe, más ann, do na bintiúraigh; | |
[EN] | sa dóigh, áfach, má dhéantar níos mó ná eisiúint amháin ar bhintiúir sa tsraith, go gcuirfear chuig an gcláraitheoir, lena dtaifeadadh sa chlár, sonraí faoi mhéid agus dáta gach eisiúna ar leith, ach mura ndéanfar amhlaidh ní dhéanfaidh sé sin difear do bhailíocht na mbintiúr a eiseofar. | |
[EN] | (9) I gcás ina mbeidh cuideachta tar éis aon choimisiún, liúntas nó lascaine a íoc le haon duine, nó a thabhairt dó, go díreach nó go neamhdhíreach i gcomaoin é do dhéanamh suibscríobh nó do chomhaontu ar shuibscríobh, cibé acu go hiomlán nó go coinníollach é, le haghaidh aon bhintiúr de chuid na cuideachta, nó i gcomaoin é d'fháil suibscríbhinní nó do chomhaontú ar iad a fháil, cibé acu go hiomlán nó go coinníollach é, le haghaidh aon bhintiúr den sórt sin, áireofar ar na sonraí is gá a chur ar aghaidh lena gclárú faoin alt seo sonraí maidir le méid, agus ráta faoin gcéad, an choimisiúin, na lascaine nó an liúntais a íocadh nó a tugadh amhlaidh, ach mura ndéanfar amhlaidh ní dhéanfaidh sé sin difear do bhailíocht na mbintiúr a eisíodh, sa dóigh, áfach, nach ndéanfar, chun críocha an fho-ailt seo, taisceadh aon bhintiúr mar urrús ar aon fhiach de chuid na cuideachta a áireamh mar eisiúint na mbintiúr faoi lascaine. | |
[EN] | (10) Sa Chuid seo— | |
[EN] | (a) folaíonn “muirear” morgáiste; | |
[EN] | (b) ciallaíonn “an dáta socraithe”, maidir leis na muirir a shonraítear i míreanna (a) go (f) d'fho-alt (2), an lú Iúil, 1908, agus maidir leis na muirir a shonraítear i míreanna (g) go (i), an dáta feidhme. | |
[EN] |
Dualgas ar chuideachta muirir a bhunóidh an chuideachta a chlárú |
100. —(1) Beidh sé de dhualgas ar chuideachta sonraí i dtaobh gach muirir a bhunóidh an chuideachta agus i dtaobh eisiúintí bintiúr de shraith is gá a chlárú faoi alt 99, maraon le haon doiciméid is gá de réir an ailt sin, a chur chuig cláraitheoir na gcuideachtaí lena gclárú laistigh den am a fhoráiltear le halt 99, ach féadfar aon mhuirear den sórt sin a chlárú ar iarratas ó aon duine a bhfuil leas aige ann. |
[EN] | (2) I gcás clárú a dhéanamh ar iarratas ó dhuine éigin seachas an chuideachta, beidh an duine sin i dteideal méid aon táillí a d'íoc sé go cuí leis an gcláraitheoir ar é a chlárú a ghnóthú ón gcuideachta. | |
[EN] | (3) Má mhainníonn aon chuideachta na sonraí a bhaineann le haon mhuirear a bhunaigh an chuideachta nó leis na heisiúintí bintiúr de shraith is gá a chlárú faoi alt 99, nó aon doiciméid is gá de réir an ailt sin, a chur chuig an gcláraitheoir lena gclárú, ansin, mura rud é go ndearnadh clárú ar iarratas ó dhuine éigin eile, dlífear fíneáil nach mó má £100 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain. | |
[EN] | (4) Féadfaidh cláraitheoir na gcuideachtaí imeachtaí maidir le cion faoin alt seo a thionscnamh agus a thabhairt ar aghaidh. | |
[EN] |
Dualgas ar chuideachta muirir atá ar marthain ar mhaoin a fuarthas a chlárú. |
101. —(1) I gcás ina bhfaighidh cuideachta aon mhaoin atá faoi réir muirir d'aon saghas ar ghá, dá mba tar éis an mhaoin a fháil a bunaíodh é, an muirear sin a chlárú faoin gCuid seo, cuirfidh an chuideachta faoi deara go ndéanfar sonraí forordaithe an mhuirir, agus iad fíoraithe ar an modh forordaithe, a sheachadadh do chláraitheoir na gcuideachtaí lena gclárú mar a cheanglaítear leis an Acht seo laistigh de 21 lá tar éis an dáta a comhlánaíodh fáil na maoine, sa dóigh, áfach, más lasmuigh den Stát atá an mhaoin, gur 21 lá tar éis an dáta ar a bhféadfaí na sonraí forordaithe a fháil sa Stát, i gcúrsa cuí an phoist, dá gcuirfí chun bealaigh iad le dlús cuí, a bheidh sa tréimhse chun na sonraí a sheachadadh don chláraitheoir in ionad 21 lá tar éis fáil na maoine sin a chomhlánú. |
[EN] | (2) Má mhainnítear an t-alt seo a chomhlíonadh, dlífear fíncáil nach mó ná £100 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain. | |
[EN] |
Clárú morgáistí breithiúnais. |
102. —(1) Nuair a ghnóthófar breithiúnas in aghaidh cuideachta agus go ndéanfar ina dhiaidh sin den bhreithiúnas sin morgáiste breithiúnais a bhainfidh le haon mhaoin de chuid na cuideachta, cuirfidh an creidiúnaí breithiúnais faoi deara go ndéanfar 2 chóip (agus iad deimhnithe mar chóipeanna cearta ag Clárlann na Talmhan nó ag Clárlann na nGníomhas, cibé acu é) den mhionnscríbhinn is gá chun go gclárófar an breithiúnas mar mhorgáiste a sheachadadh don chuideachta laistigh de 21 lá tar éis dáta an chláraithe sin, agus déanfaidh an chuideachta, laistigh de 3 lá tar éis na cóipeanna sin a fháil, ceann de na cóipeanna sin a sheachadadh do chláraitheoir na gcuideachtaí lena clárú mar a cheanglaítear leis an Acht seo. Mar fhaichill bhreise, déanfaidh Clárlann na Talún, nó Clárlann na nGníomhas, cóip den mhionnscríbhinn sin a sheachadadh do chláraitheoir na gcuideachtaí a luaithe is féidir. |
[EN] | (2) Má mhainníonn aon chreidiúnaí breithiúnais fo-alt (1) a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur air, agus má mhainníonn cuideachta an fo-alt sin a chomhlíonadh, dlífear fíneáil dá samhail a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain. | |
[EN] | (3) Ní bhainfidh an t-alt seo le haon mhorgáiste breithiúnais a bunaíodh roimh an dáta feidhme. | |
[EN] |
Clár muirear a bheith le coimeád ag cláraitheoir na gcuideachtaí. |
103. —(1) Coimeádfaidh cláraitheoir na gcuideachtaí, maidir le gach cuideachta, clár san fhoirm fhorordaithe de na muirir go léir is gá a chlárú faoin gCuid seo, agus, ar cibé táille a bheidh forordaithe a íoc leis, taifeadfaidh sé sa chlár na sonraí seo a leanas maidir leis na muirir sin: |
[EN] | (a) i gcás muirir a mbeidh sealbhóirí sraithe bintiúr i dteideal a thairbhe, na sonraí a shonraítear i bhfo-alt (8) d'alt 99; | |
[EN] | (b) i gcás aon mhuirir eile— | |
[EN] | (i) más muirear é a bhunaigh an chuideachta, dáta a bhunaithe; | |
[EN] | (ii) má ba mhuirear é a bhí ar marthain ar mhaoin a fuair an chuideachta, an dáta a fuarthas an mhaoin; | |
[EN] | (iii) má ba mhorgáiste breithiúnais an muirear, an dáta a bunaíodh an morgáiste breithiúnais sin; | |
[EN] | (iv) an méid a urraíodh leis an muirear; | |
[EN] | (v) gearrshonraí na maoine a cuireadh faoi mhuirear; | |
[EN] | (vi) na daoine atá i dteideal an mhuirir. | |
[EN] | (2) Beidh an clár a choimeádfar de bhun an ailt seo ar oscailt chun a scrúdaithe ag aon duine ar cibé táille a bheidh forordaithe a íoc. | |
[EN] |
Deimhniú clárúcháin. |
104. — Tabharfaidh an cláraitheoir deimhniú faoina láimh ar chlárú aon mhuirir a chlárófar de bhun na Coda seo, agus luafar ann an méid a urraíodh leis an muirear, agus beidh an deimhniú ina fhianaise dhochloíte gur comhlíonadh ceanglais na Coda seo maidir le clárú. |
[EN] |
Taifid maidir le sásamh agus le maoin a scaoileadh ó mhuirear. |
105. — Ar fhianaise chun a shástachta a thabhairt do chláraitheoir na gcuideachtaí, maidir le haon mhuirear cláraithe, |
[EN] | (a) gur íocadh nó gur sásaíodh go hiomlán nó go páirteach an fiach ar bunaíodh an muirear ina leith; nó | |
[EN] | (b) gur scaoileadh an chuid den mhaoin nó den ghnóthas a cuireadh faoi mhuirear ón muirear nó gur scoir sí de bheith ina cuid de mhaoin nó de ghnóthas na cuideachta; | |
[EN] | agus tar éis fógra a thabhairt don duine dar tugadh an muirear sin i gcéaduair nó don chreidiúnaí breithiúnais, cibé acu é, féadfaidh cláraitheoir na gcuideachtaí meabhrán sásaimh, iomlán nó páirteach, a thaifeadadh sa chlár, nó meabhrán gur scaoileadh cuid den mhaoin nó den ghnóthas ón muirear nó gur scoir sí de bheith ina cuid de mhaoin nó de ghnóthas na cuideachta, cibé acu é, agus i gcás ina dtaifeadfaidh sé meabhrán sásaimh iomláin tabharfaidh sé cóip de don chuideachta, má iarrtar sin air. | |
[EN] |
Fadú na tréimhse chun táillí a chlárú. |
106. —(1) Má shásaítear an chúirt, i gcás nár cláraíodh muirear laistigh den tréimhse a fhoráiltear leis an Acht seo nó go raibh aon sonra in easnamh, nó míráiteas tugtha ar aon sonra, i leith aon mhuirir den sórt sin, nó i meabhrán sásaimh, gur de thionóisc nó de neamhaire nó ar chúis leormhaith eile a tharla sin, nó nach cás é de shaghas a dhéanfadh dochar do sheasamh creidiúnaithe nó scairshealbhóirí de chuid na cuideachta, nó go bhfuil sé cóir cothromasach faoiseamh a thabhairt ar chúiseanna eile, féadfaidh an chúirt, ar iarratas ón gcuideachta nó ó aon duine leasmhar, agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha a fheicfear don chúirt a bheith cóir agus fóirsteanach, a ordú an tréimhse le haghaidh clárú a fhadú nó, de réir mar a bheidh, an t-easnamh nó an míráiteas a cheartú. |
[EN] | (2) Nuair a thabharfaidh an chúirt faoiseamh faoin alt seo, ní shaorfaidh sin an chuideachta ná a hoifigigh ó aon dliteanas faoina ndeachthas cheana faoi alt 100, má ordaíonn an chúirt amhlaidh. | |
[EN] |
Fógra don chláraitheoir i dtaobh glacadóir a cheapadh agus i dtaobh glacadóir a scor de ghníomhú. |
107. —(1) Má fhaigheann aon duine ordú chun glacadóir ar mhaoin na cuideachta a cheapadh nó má cheapann sé glacadóir den sórt sin faoi aon chumhachtaí in aon ionstraim, déanfaidh sé, laistigh de 7 lá tar éis dáta an ordaithe nó an cheapacháin, fógra san fhoirm fhorordaithe a fhoilsiú san Iris Oifigiúil agus i nuachtán laethúil amháin ar a laghad a léitear sa cheantar ina bhfuil oifig chláraithe na cuideachta, agus a sheachadadh do chláraitheoir na gcuideachtaí. |
[EN] | (2) Nuair a scoirfidh aon duine a ceapadh ina ghlacadóir ar mhaoin chuideachta de ghníomhú mar ghlacadóir den sórt sin, déanfaidh sé, ar é a scor amhlaidh, fógra san fhoirm fhorordaithe a sheachadadh do chláraitheoir na gcuideachtaí. | |
[EN] | (3) Má mhainníonn aon duine ceanglais an ailt seo a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur air. | |
[EN] |
Éifeacht forálacha sean-Achtanna na gCuideachtaí maidir le clárú muirear ar thalamh. 1907, c. 50. 1908, c. 69. |
108. —Measfar nach raibh feidhm riamh ag mír (d) d'fho-alt (1) d'alt 10 den Companies Act, 1907, ná ag mír (d) d'fho-alt (1) d'alt 93 den Companies (Consolidation) Act, 1908 (ar ghá dá mbua muirir a bhunaigh cuideachta ar thalamh a chlárú faoi na hAchtanna sin faoi seach) maidir le muirear i leith aon chíosa nó suime tréimhsiúla eile a eisíonn as an talamh, |
Forálacha maidir le cóipeanna d'Ionstraimí lena mbunaitear Muirir. | ||
[EN] |
Cóipeanna d'ionstraimí lena mbunaítear muirir a choimeád san oifig chláraithe. |
109. —Cuirfidh gach cuideachta faoi deara go ndéanfar cóip de gach ionstraim a bhunóidh aon mhuirear is gá a chlárú faoin gCuid seo, lena n-áirítear gach mionnscríbhinn ar seachadadh cóip di don chuideachta faoi alt 102, a choimeád in oifig chláraithe na cuideachta, sa dóigh, áfach, i gcás sraith de bhintiúir chomhionanna, gur leor cóip de bhintiúr amháin den sraith. |
[EN] |
Ceart chun cóipeanna d'ionstraimí lena mbunaítear muirir a scrúdú. |
110. —(1) Féadfaidh aon chreidiúnaí nó comhalta den chuideachta na cóipeanna d'ionstraimí dá dtagraítear in alt 109 a scrúdú, gan táille a íoc, le linn uaire gnó (ach sin faoi réir cibé srianta réasúnacha a fhorchuirfidh an chuideachta i gcruinniú ginearálta, ionas go lámhálfar 2 uair a chloig ar a laghad gach lá lena scrúdú). |
[EN] | (2) Má dhiúltaítear cead scrúdaithe, dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain. | |
[EN] | (3) I gcás aon diúltaithe den sórt sin, féadfaidh an chúirt, le hordú, a éiginú go gcuirfear faoi scrúdú láithreach iad. | |
Feidhm na Coda seo maidir le Cuideachtaí a corpraíodh lasmuigh den Stát. | ||
[EN] |
Feidhm na Coda seo maidir le cuideachtaí a corpraíodh lasmuigh den Stát. |
111. —Beidh réim ag forálacha na Coda seo maidir le muirir ar mhaoin sa Stát a ndéanfaidh cuideachta a corpraíodh lasmuigh den Stát agus a bhfuil áit ghnó bhunaithe aici sa Stát iad a bhunú ar an dáta feidhme nó dá éis, agus maidir le muirir ar mhaoin sa Stát a gheobhaidh cuideachta den sórt sin ar an dáta feidhme nó dá éis, agus maidir le morgáistí breithiúnais a bhunófar ar an dáta feidhme nó dá éis agus a bhainfidh le maoin chuideachta den sórt sin sa Stát agus le glacadóirí, a cheapfar ar an dáta feidhme nó dá éis, ar mhaoin sa Stát le cuideachta den sórt sin, agus chun críocha na bhforálacha sin measfar gurb é príomháit ghnó chuideachta den sórt sin sa Stát a hoifig chláraithe. |
Clárú Muirear a bhi ar marthain roimh fheidhm a bheith ag an Acht seo. | ||
[EN] |
Clárú muirear a bhí ar marthain roimh fheidhm a bheith ag an Acht seo. |
112. —(1) Beidh sé de dhualgas ar chuideachta na sonraí forordaithe a chur chuig cláraitheoir na gcuideachtaí lena gclárú, laistigh de 6 mhí tar éis an dáta feidhme, i dtaobh na muirear seo a leanas: |
[EN] | (a) aon mhuirear a bhunaigh an chuideachta roimh an dáta feidhme agus a bheidh gan sásamh ar an dáta sin agus is muirear ba ghá a chlárú faoi mhíreanna (g), (h) agus (i) d'fho-alt (2) d'alt 99 nó faoi alt 111, dá mba tar éis an dáta feidhme a bunaíodh an muirear; | |
[EN] | (b) aon mhuirear a bhfuil aon mhaoin a fuair an chuideachta roimh an dáta feidhme faoina réir agus ar ghá é a chlárú faoi alt 101 nó faoi alt 111 dá mba tar éis an dáta feidhme a fuarthas an mhaoin; | |
[EN] | (c) aon mhuirir a bunaíodh roimh an dáta feidhme agus a bhfuil aon mhaoin de chuid na cuideachta faoina réir agus ba ghá a chlárú faoi alt 102 nó faoi alt 111 dá mba tar éis an dáta feidhme a bunaíodh é. | |
[EN] | (2) Déanfaidh an cláraitheoir, ar an táille fhorordaithe a íoc leis, na sonraí sin a thaifeadadh sa chlár a bheidh á choimeád aige de bhun na Coda seo. | |
[EN] | (3) Má mhainníonn cuideachta an t-alt seo a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta nó ar aon duine eile a bhí go feasach ina pháirtí sa mhainneachtain. | |
[EN] | (4) Má mhainníonn an chuideachta sonraí forordaithe aon mhuirir dá luaitear i míreanna (a), (b) agus (c) d'fho-alt (1) a chur chuig an gcláraitheoir, ní dhéanfaidh sin dochar d'aon chearta faoin gcéanna a bheadh ag aon duine a ndearnadh an muirear ina fhabhar. | |
[EN] | (5) Chun críocha an ailt seo folaíonn “cuideachta” cuideachta a corpraíodh lasmuigh den Stát agus a bhfuil áit ghnó bhunaithe aici sa Stát. | |
[EN] | (6) Maidir le cuideachta a corpraíodh lasmuigh den Stát agus a bhunóidh áit ghnó sa Stát, ar an dáta feidhme nó dá éis, beidh éifeacht ag an alt seo ionann is dá gcuirfí— | |
[EN] | (a) tagairtí do dháta bunaithe na háite gnó sin in ionad na dtagairtí don dáta feidhme, agus | |
[EN] | (b) tagairtí do mhuirir a bunaíodh nó do mhaoin a fuarthas roimh bhunú na háite gnó sin, cibé acu roimh an dáta feidhme dó nó nach ea, in ionad na dtagairtí do mhuirir a bunaíodh nó do mhaoin a fuarthas roimh an dáta feidhme. | |
CUID V. Bainistíocht agus Riarachán | ||
Oifig Chláraithe agus Ainm. | ||
[EN] |
Oifig chláraithe chuideachta. |
113. —(1) Amhail ón lá a thosóidh cuideachta ar ghnó a sheoladh nó amhail ón gceathrú lá dhéag tar éis dáta a corpraithe, cibé acu is túisce, beidh oifig chláraithe aici sa Stát a bhféadfar gach uile chumarsáid agus fógra a dhíriú chuici. |
[EN] | (2) Déanfar fógra faoi shuíomh na hoifige cláraithe, agus faoi aon athrú air, a thabhairt do chláraitheoir na gcuideachtaí laistigh de 14 lá tar éis dáta na cuideachta a chorprú nó dáta an athraithe, cibé acu é, agus cuirfidh seisean ar taifead é. | |
[EN] | Ní ghlacfar leis gur sásamh ar an oibleagáid a fhorchuirtear leis an bhfo-alt seo ráiteas maidir le seoladh a hoifige cláraithe a chur i dtuairisceán bliantúil cuideachta. | |
[EN] | (3) Má mhainnítear an t-alt seo a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain. | |
[EN] | (4) Féadfaidh cláraitheoir na gcuideachtaí imeachtaí maidir le cion faoin alt seo a thionscnamh agus a thabhairt ar aghaidh. | |
[EN] |
Foilsiú a hainm ag cuideachta. |
114. —(1) Déanfaidh gach cuideachta— |
[EN] | (a) a hainm a phéinteáil nó a ghreamú, agus é a choinneáil péinteáilte nó greamaithe, ar an taobh amuigh de gach oifig nó áit ina seoltar a gnó, in ionad feiceálach agus i litreacha soléite; | |
[EN] | (b) a hainm a ghreanadh i litreacha inléite ar a séala; | |
[EN] | (c) a hainm a lua i litreacha inléite i ngach litir ghnó ón gcuideachta agus i ngach fógra agus gach foilseachán oifigiúil eile ón gcuideachta, agus i ngach bille malairte, nóta gealltanais, formhuiniú, seic agus ordú ar airgead nó earraí a airbheartóidh a bheith sínithe ag an gcuideachta nó thar a ceann agus i ngach sonrasc, admháil agus litir chreidmheasa ón gcuideachta. | |
[EN] | (2) Mura ndéanfaidh cuideachta a hainm a pheinteáil nó a ghreamú mar a ordaítear leis an Acht seo, dlífear fíneáil nach mó ná £25 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain, agus mura gcoimeádfaidh cuideachta a hainm péinteáilte nó greamaithe mar a ordaítear amhlaidh dlífear fíneáil nach mó ná £25 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain. | |
[EN] | (3) Má mhainníonn cuideachta mír (b) nó mír (c) d'fho-alt (1) a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £50 a chur ar an gcuideachta. | |
[EN] | (4) Aon oifigeach do chuideachta nó aon duine thar a cheann— | |
[EN] | (a) a dhéanfaidh nó a údaróidh aon séala a úsáid a airbheartóidh a bheith ina shéala leis an gcuideachta agus nach mbeidh a hainm greanta air mar a dúradh, nó | |
[EN] | (b) a dhéanfaidh nó a údaróidh aon litir ghnó ón gcuideachta, nó aon fhógra nó foilseachán oifigiúil eile ón gcuideachta, a eisiúint, nó a dhéanfaidh nó a údaróidh aon bhille malairte, nóta gealltanais, formhuiniú, seic nó ordú ar airgead nó earraí a shíniú thar ceann na cuideachta gan a hainm a bheith luaite ann mar a dúradh, nó | |
[EN] | (c) a dhéanfaidh nó a údaróidh aon sonrasc, admháil nó litir chreidmheasa ón gcuideachta a eisiúint gan a hainm a bheith luaite ann mar a dúradh; | |
[EN] | dlífear fíneáil nach mó ná £50 a chur air, agus fairis sin beidh sé faoi dhliteanas go pearsanta ag sealbhóir an bhille malairte, an nóta gealltanais, an tseic nó an ordaithe ar airgead nó earraí i leith méid an chéanna mura n-íocfaidh an chuideachta é go cuí. | |
[EN] | (5) Ní sárú ar fhorálacha an ailt seo an giorrú“Ltd.” a úsáid in ionad “Limited” nó“Teo.” a úsáid in ionad “Teoranta”. | |
Srianta le Gnó a Thosú. | ||
[EN] |
Srianta le gnó a thosú |
115. —(1) I gcás inar eisigh cuideachta ag a bhfuil scairchaipiteal réamheolaire ag tabhairt cuireadh don phobal suibscríobh e haghaidh a scaireanna, ní thosóidh an chuideachta ar aon ghnó ná ní fheidhmeoidh s aon chumhachtaí chun iasacht a fháil mura rud é— |
[EN] | (a) go ndearnadh scaireanna a bhí á sealbhú faoi réir an choinníll go n-íocfaí a méid iomlán in airgead a leithroinnt go feadh méid nach lú san iomlán ná an suibscríobh íosta; agus | |
[EN] | (b) gur íoc gach stiúrthóir ar an gcuideachta, leis an gcuideachta, as gach ceann de na scaireanna a thóg sé nó a chonraigh sé a thógáil agus a ndlíonn sé íoc astu in airgead, cionúireacht is ionann agus an chionúireacht ab iníoctha tráth an iarratais agus na leithroinnte ar na scaireanna a tairgeadh don phobal lena suibscríobh; agus | |
[EN] | (c) nach bhfuil aon airgead le haisíoc ná nach dtiocfaidh dó bheith inaisíoctha le hiarratasóirí ar aon scaireanna nó bintiúir a tairgeadh don phobal lena suibscríobh toisc nár iarradh nó nach bhfuarthas cead déileála sna scaireanna nó sna bintiúir ar aon stocmhargadh; agus | |
[EN] | (d) gur sheachaid an rúnaí nó duine de na stiúrthóirí do chláraitheoir na gcuideachtaí, lena chlárú, dearbhú reachtúil, san fhoirm fhorordaithe, gur comhlíonadh na coinníollacha réamhráite. | |
[EN] | (2) Mura bhfuil cuideachta ag a bhfuil scairchaipiteal tar éis réamheolaire a eisiúint ag tabhairt cuireadh don phobal suibscríobh le haghaidh a scaireanna, ní thosóidh an chuideachta ar aon ghnó ná ní fheidhmeoidh sí aon chumhachtaí chun iasacht a fháil mura rud é— | |
[EN] | (a) go ndearnadh ráiteas in ionad réamheolaire a sheachadadh do chláraitheoir na gcuideachtaí lena chlárú; agus | |
[EN] | (b) gur íoc gach stiúrthóir ar an gcuideachta, leis an gcuideachta, as gach ceann de na scaireanna a thóg sé nó a chonraigh sé a thógáil agus a ndlíonn sé íoc astu in airgead, cionúireacht is ionann agus an chionúireacht ab iníoctha tráth an iarratais agus na leithroinnte ar na scaireanna is iníoctha in airgead; agus | |
[EN] | (c) gur sheachaid an rúnaí nó duine de na stiúrthóirí do chláraitheoir na gcuideachtaí, lena chlárú, dearbhú reachtúil, san fhoirm fhorordaithe, gur comhlíonadh mír (b) den fho-alt seo. | |
[EN] | (3) Ar an dearbhú reachtúil sin a sheachadadh dó, agus, i gcás cuideachta ar a gceanglaítear leis an alt seo ráiteas in ionad réamheolaire a sheachadadh, ar ráiteas den sórt sin a sheachadadh dó, deimhneoidh cláraitheoir na gcuideachtaí go bhfuil an chuideachta i dteideal tosú ar ghnó, agus beidh an deimhniú sin ina fhianaise dhochloíte go bhfuil an chuideachta i dteideal amhlaidh. | |
[EN] | (4) Aon chonradh a dhéanfaidh nó a dhaingneoidh cuideachta roimh an dáta a bheidh sí i dteideal tosú ar ghnó, ní bheidh ann ach conradh sealadach, agus ní bheidh sé ina cheangal ar an gcuideachta go dtí an dáta sin, agus ar an dáta sin tiocfaidh sé chun bheith ina cheangal uirthi. | |
[EN] | (5) Ní chuirfidh aon ní san alt seo cosc le haon scaireanna agus bintiúir a thairiscint i gcomhthráth lena suibscríobh nó lena leithroinnt ná le haon airgead a ghlacadh is iníoctha tráth an iarratais ar bhintiúir. | |
[EN] | (6) Má thosaíonn aon chuideachta ar ghnó, nó má fheidhmíonn sí cumhachtaí chun iasacht a fháil, contrártha don alt seo, dlífear, gan dochar d'aon dliteanas eile, fíneáil nach mó ná £100 a chur ar gach duine a bheidh freagrach sa sárú sin ar an alt seo. | |
[EN] | (7) Ní bhainfidh aon ní san alt seo— | |
[EN] | (a) le cuideachta phríobháideach, ná | |
[EN] | (b) le cuideachta a cláraíodh roimh an lú lá d'Eanáir, 1901, ná | |
[EN] | (c) le cuideachta a cláraíodh roimh an lú lá d'Iúil, 1908, agus nár eisigh réamheolaire ag tabhairt cuireadh don phobal suibscríobh le haghaidh a scaireanna. | |
Clár na gComhaltai. | ||
[EN] |
Clár nagcomhaltaí. |
116. —(1) Faoi réir fho-alt (4), coimeádfaidh gach cuideachta clár dá comhaltaí agus taifeadfaidh sí ann na sonraí seo a leanas:— |
[EN] | (a) ainmneacha, seoltaí agus slite beatha na gcomhaltaí, agus, i gcás cuideachta ag a bhfuil scairchaipiteal, ráiteas ar na scaireanna atá ag gach comhalta, ag idirdhealú gach scaire de réir a huimhreach fad a bheidh uimhir ar an scair, agus an méid a íocadh nó ar comhaontaíodh go measfaí é a bheith íoctha ar scaireanna gach comhalta; | |
[EN] | (b) an dáta a taifeadadh gach duine sa chlár mar chomhalta; | |
[EN] | (c) an dáta a scoir aon duine de bheith ina chomhalta. | |
[EN] | (2) Déanfar na taifid is gá faoi mhíreanna (a) agus (b) d'fho-alt (1) laistigh de 28 lá tar éis an comhaontú a chur i gcrích leis an gcuideachta go dtiocfaidh duine chun bheith ina chomhalta nó, i gcás duine a shínigh an meabhrán, laistigh de 28 lá tar éis an chuideachta a chlárú. | |
[EN] | (3) Déanfar an taifead is gá faoi mhír (c) d'fho-alt (1) laistigh de 28 lá tar éis an dáta a scoir an duine a bheidh i gceist de bheith ina chomhalta, nó, má scoir sé de bheith ina chomhalta ar dhóigh seachas trí ghníomh na cuideachta, laistigh de 28 lá tar éis fianaise chun sástacht na cuideachta a thabhairt ar aird don chuideachta gur tharla an teagmhas trínar scoir sé de bheith ina chomhalta. | |
[EN] | (4) I gcás ina mbeidh an chuideachta tar éis aon scaireanna dá cuid a chomhshó ina stoc agus fógra faoina gcomhshó a thabhairt do chláraitheoir na gcuideachtaí, taispeánfaidh an clár an méid stoic atá ag gach comhalta in ionad an méid scaireanna agus na sonraí maidir le scaireanna a shonraítear i mír (a) d'fho-alt (1). | |
[EN] | (5) Faoi réir fho-alt (6), coimeádfar clár na gcomhaltaí, ach amháin nuair a bheidh sé dúnta faoi fhorálacha an Achta seo, in oifig chláraithe na cuideachta, sa dóigh, áfach,— | |
[EN] | (a) más in oifig eile leis an gcuideachta a chuirtear le chéile é, go bhféadfar é a choimeád san oifig eile sin; agus | |
[EN] | (b) má dhéanann an chuideachta comhshocrú le duine éigin eile chun go ngabhfaidh an duine eile sin air féin thar ceann na cuideachta an clár a chur le chéile, go bhféadfar é a choimeád san oifig leis an duine eile sin a gcuirtear le chéile ann é. | |
[EN] | (6) Ní choimeádfar clár na gcomhaltaí in áit lasmuigh den Stát. | |
[EN] | (7) Faoi réir fho-alt (8), cuirfidh gach cuideachta chuig cláraitheoir na gcuideachtaí fógra faoin áit a gcoimeádtar clár a comhaltaí ann, agus faoi aon athrú ar an áit sin. | |
[EN] | (8) Ní bheidh sé de cheangal ar chuideachta fógra a chur chuig an gcláraitheoir faoi fho-alt (7) má tá an clár á choimeád in oifig chláraithe na cuideachta i gcónaí riamh ó tháinig sé chun bheith ann nó, i gcás cláir a bhí ann ar an dáta feidhme, i gcónaí riamh ó shin i leith. | |
[EN] | (9) Má mhainníonn cuideachta aon cheann de cheanglais fho-ailt (1) go (6) a chomhlíonadh, nó má mhainníonn sí ar feadh 14 lá fo-alt (7) a chomhlíonadh, dlifear fíneáil nach mó ná £100 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain. | |
[EN] |
Treoirleabhar comhaltaí. |
117. —(1) Déanfaidh gach cuideachta ina mbeidh níos mó ná caoga comhalta, mura bhfuil clár na gcomhaltaí i bhfoirm de shaghas gur treoirleabhar ann féin é, treoirleabhar a choimeád d'ainmneacha comhaltaí na cuideachta agus, laistigh de 14 lá tar éis an dáta a dhéanfar aon athrú i gclár na gcomhaltaí, déanfaidh sí aon athrú is gá sa treoirleabhar. |
[EN] | (2) Cuirfear sa treoirleabhar i gcás gach comhalta comhartha is leor chun go bhféadfar an cuntas ar an gcomhalta sin sa chlár a aimsiú go héasca. | |
[EN] | (3) Coimeádfar an treoirleabhar i gcónaí san áit chéanna ina gcoimeádtar clár na gcomhaltaí. | |
[EN] | (4) Má mhainnítear an t-alt seo a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £50 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain. | |
[EN] |
Forálacha maidir le taifid i gclár i dtaobh barántas scaire. |
118. —(1) Ar bharántas scaire a eisiúint déanfaidh an chuideachta ainm an chomhalta a bheidh taifeadta an uair sin i gclár a comhaltaí mar shealbhóir na scaireanna a shonraítear sa bharántas a scriosadh as an gclár sin amhail is dá mbeadh sé tar éis scor de bheith ina chomhalta, agus taifeadfaidh sí ann na sonraí seo a leanas: |
[EN] | (a) gur eisíodh an barántas; agus | |
[EN] | (b) ráiteas ar na scaireanna atá ar áireamh sa bharántas, ag idirdhealú gach scaire de réir a huimhreach fad atá uimhir ar an scair; agus | |
[EN] | (c) an dáta a eisíodh an barántas. | |
[EN] | (2) Faoi réir airteagail na cuideachta, beidh iompróir barántais scaire i dteideal, ar é dá thabhairt suas lena chealú, a ainm a thaifeadadh mar chomhalta i gclár na gcomhaltaí. | |
[EN] | (3) Beidh an chuideachta freagrach in aon chaillteanas a bhainfidh d'aon duine de bhrí go ndearna an chuideachta ainm impróra barántais scaire a thaifeadadh sa chlár i leith na scaireanna a sonraíodh sa bharántas sin gan an barántas a bheith tugtha suas agus cealaithe. | |
[EN] | (4) Go dtí go dtabharfar suas an barántas, measfar gurb iad na sonraí a shonraítear i bhfo-alt (1) na sonraí is gá de réir an Achta seo a thaifeadadh i gclár na gcomhaltaí, agus, ar an mbarántas a thabhairt suas, ní foláir an dáta a tugadh suas é a thaifeadadh. | |
[EN] | (5) Faoi réir forálacha an Achta seo, féadfar, má fhorálann airteagail na cuideachta amhlaidh, a mheas go bhfuil iompróir barántais scaire ina chomhalta den chuideachta de réir bhrí an Achta seo, go feadh iomlán na réime nó chun aon cheann de na críocha a mhínítear sna hairteagail. | |
[EN] |
Scrúdú an chláir agus an treoirle abhair. |
119. —(1) Ach amháin nuair a bheidh clár na gcomhaltaí dúnta faoi fhorálacha an Achta seo, beidh clár, agus treoirleabhar ainmneacha, na gcomhaltaí de chuideachta ar oscailt le linn uaire gnó (faoi réir cibé srianta réasúnacha a fhorchuirfidh an chuideachta i gcruinniú ginearálta, ionas go lamhálfar 2 uair a chloig ar a laghad gach lá chun a scrúdaithe) chun a scrúdaithe ag aon chomhalta, gan táille a íoc, agus ag aon duine eile ar scilling, nó cibé suim faoina bhun sin a fhorordóidh an chuideachta, a íoc as gach scrúdú. |
[EN] | (2) Féadfaidh aon chomhalta nó aon duine eile cóip den chlár nó d'aon chuid de a éileamh ar shé phingin, nó cibé suim faoina bhun sin a fhorordóidh an chuideachta, a íoc in aghaidh gach 100 focal nó codán de 100 focal a bheidh le cóipeáil. | |
[EN] | Cuirfidh an chuideachta faoi deara go ndéanfar aon chóip a éileoidh aon duine amhlaidh a chur ar aghaidh chuig an duine sin laistigh de thréimhse 10 lá dar tosach an chéad lá tar éis an lae a gheobhaidh an chuideachta an t-éileamh. | |
[EN] | (3) Má dhiúltaítear cead chun aon scrúdú a éileofar faoin alt seo a dhéanamh nó mura gcuirfear ar aghaidh laistigh den tréimhse chuí aon chóip a éileofar faoin alt seo, dlífear fíneáil nach mó ná £50 in aghaidh gach ciona a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain. | |
[EN] | (4) I gcás aon diúltú nó mainneachtain den sórt sin a dhéanamh, féadfaidh an chúirt, le hordú, a éigniú go gcuirfear an clár agus an treoirleabhar faoi scrúdú láithreach nó a ordú go ndéanfar na cóipeanna a éilíodh a chur chuig na daoine a d'éiligh iad. | |
[EN] |
Iarmairtí a bheidh ar neamhchomhlíonadh ceanglas maidir leis an gclár mar gheall ar mhainneachtan ag gníomhaire. |
120. —Más rud é, de bhua mhír (b) d'fho-alt (5) d'alt 116, go mbeidh clár na gcomhaltaí á choimeád in oifig dhuine éigin seachas an chuideachta, agus mar gheall ar aon mhainneachtain ag an duine sin nach gcomhlíonfaidh an chuideachta fo-alt (7) den alt sin nó fo-alt (3) d'alt 117 nó alt 119, nó aon cheanglais de chuid an Achta seo maidir leis an gclár a thabhairt ar aird, dlífear pionóis a chur ar an duine eile sin ionann is dá mba oifigeach é don chuideachta a rinne mainneachtain, agus beidh réim ag cumhacht na cúirte faoi fho-alt (4) d'alt 119 maidir le horduithe a dhéanamh in aghaidh an duine eile sin agus a chuid oifigeach nó seirbhíseach. |
[EN] |
Cumhacht chun clár a dhúnadh. |
121. —Féadfaidh cuideachta, ar fhógra a thabhairt trí fhógrán i nuachtán éigin a léitear sa cheantar ina bhfuil oifig chláraithe na cuideachta, clár na gcomhaltaí a dhúnadh ar feadh aon tréimhse nó tréimhsí nach mó san iomlán ná 30 lá gach bliain. |
[EN] |
Ceartú an chláir. |
122. —(1) Más rud é— |
[EN] | (a) go ndéanfar, gan chúis leormhaith, ainm aon duine a thaifeadadh i gclár na gcomhaltaí nó a fhágáil ar lár as, contrártha d'fho-ailt (1) agus (2) d'alt 116; nó | |
[EN] | (b) nach dtaifeadfar sa chlár, laistigh den tréimhse a shocraítear le fo-alt (3) d'alt 116, go bhfuil duine tar éis scor de bheith ina chomhalta; | |
[EN] | féadfaidh an duine éagóirithe, nó aon chomhalta den chuideachta, nó an chuideachta, iarratas a dhéanamh chun na cúirte chun an clár a cheartú. | |
[EN] | (2) I gcás ina ndéanfar iarratas faoin alt seo, féadfaidh an chúirt diúltú don iarratas, nó féadfaidh sí a ordú go gceartófar an clár agus go n-íocfaidh an chuideachta cúiteamh in aon chaillteanas a bhain d'aon pháirtí éagóirithe. | |
[EN] | (3) I gcás iarratais faoin alt seo féadfaidh an chúirt aon cheist a chinneadh a bhaineann le teideal aon duine is páirtí san iarratas chun a ainm a thaifeadadh sa chlár nó a fhágáil as, cibé acu idir comhaltaí nó comhaltaí líomhnaithe, nó idir comhaltaí nó comhaltaí líomhnaithe ar thaobh amháin agus an chuideachta ar an taobh eile, a éireoidh an cheist, agus go ginearálta féadfaidh sí aon cheist a chinneadh ar gá nó ar fóirsteanach í a chinneadh le haghaidh ceartú an chláir. | |
[EN] | (4) I gcás cuideachta ar a gceanglaítear leis an Acht seo liosta dá comhaltaí a chur chuig cláraitheoir na gcuideachtaí, nuair a bheidh ordú á dhéanamh ag an gcúirt chun an clár a cheartú ordóidh sí, lena hordú, go dtabharfar fógra díreach faoin gceartú don chláraitheoir. | |
[EN] | (5) Féadfaidh cuideachta, gan iarratas chun na cúirte, aon earráid nó easnamh sa chlár (cibé acu roimh an dáta feidhme nó air nó dá éis a tharla sé) a cheartú tráth ar bith, ach ní dhéanfaidh ceartú den sórt sin dochar d'aon duine mura gcomhaontóidh sé leis an gceartú a rinneadh. Déanfaidh an chuideachta, laistigh de 21 lá, fógra faoin gceartú a thabhairt do chláraitheoir na gcuideachtaí más rud é freisin go bhfuil an earráid nó an t-easnamh in aon doiciméad a chuir an chuideachta ar aghaidh chuige. | |
[EN] |
Gan iontaobhais a thaifeadadh sa chlár. |
123. —Ní dhéanfar aon fhógra i dtaobh aon iontaobhais, sainráite, intuigthe ná inchiallaithe, a thaifeadadh sa chlár, ná ní bheidh sé le tabhairt don chláraitheoir. |
[EN] |
An clár a bheith ina fhianaise. |
124. —Beidh clár na gcomhaltaí ina fhianaise prima facie ar aon nithe a ordaítear nó a údaraítear leis an Acht seo a chur sa chlár. |
Tuairisceán Bliantúil. | ||
[EN] |
Tuairisceán bliantúil le tabhairt ag cuideachta ag a bhfuil scairchaipiteal. |
125. —(1) Déanfaidh gach cuideachta ag a bhfuil scairchaipiteal, uair amháin ar a laghad gach bliain, tuairisceán a thabhairt do chláraitheoir na gcuideachtaí a mbeidh ann, maidir le hoifig chláraithe an cuideachta, cláir na gcomhaltaí agus na mbintiúrach, scaireanna agus bintiúir, a féichiúnas, a iarchomhaltaí agus a comhaltaí láithreacha, agus na stiúrthóirí agus a rúnaí, na nithe a shonraítear i gCuid I den Chúigiú Sceideal, agus is san fhoirm atá leagtha amach i gCuid II den Sceideal sin a bheidh an tuairisceán sin, sa dóigh, áfach— |
[EN] | (a) nach gá do chuideachta tuairisceán a thabhairt faoin bhfo-alt seo i mbliain a corpraithe ná, mura gá de réir alt 131 cruinniú ginearálta bliantúil a thionól i rith na bliana ina dhiaidh sin, sa bhliain sin; | |
[EN] | (b) i gcás ina ndearna cuideachta aon scaireanna dá cuid a chomhshó ina stoc, ansin, nuair is iomchuí é, go n-áireofar tagairtí do scaireanna i míreanna 3 agus 5 de Chuid I den Sceideal sin mar thagairtí do stoc agus go n-áireofar tagairtí don líon scaireanna mar thagairtí don mhéid stoic; | |
[EN] | (c) go bhféadfar in aon bhliain áirithe, má thug an tuairisceán d'aon cheann de na 5 bliana díreach roimhe sin, amhail mar a bhí ar dháta an tuairisceáin sin, na sonraí iomlána is gá de réir na míre sin 5, gan a thabhairt sa tuairisceán ach cibé cinn de na sonraí is gá de réir na míre sin a bhaineann le daoine a scoir de bheith, nó a tháinig chun bheith, ina gcomhaltaí ó dháta an tuairisceáin deiridh agus le scaireanna a aistríodh ón dáta sin i leith; | |
[EN] | (d) nach gá do chuideachta, mura cuideachta phríobháideach í, sa tuairisceán in aon bhliain áirithe, na sonraí a thabhairt is gá de réir na míre sin 5 agus a bhaineann le scaireanna a d'aistrigh daoine atá fós ina gcomhaltaí nó atá scortha de bheith ina gcomhaltaí ná na dátaí a cláraíodh a n-aistriú. | |
[EN] | (2) Má mhainníonn cuideachta an t-alt seo a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain. | |
[EN] | (3) Chun críocha an ailt seo agus Chuid I den Chúigiú Sceideal, folóidh “stiúrthóir” agus “oifigeach” aon duine ar gnách le stiúrthóirí na cuideachta gníomhú de réir a orduithe nó a threoracha. | |
[EN] | (4) Féadfaidh cláraitheoir na gcuideachtaí imeachtaí i leith ciona faoin alt seo a thionscnamh agus a thabhairt ar aghaidh. | |
[EN] |
Tuairisceán bliantúil le tabhairt ag cuideachta gan scairchaipiteal. |
126. —(1) Faoi réir fho-alt (2), tabharfaidh gach cuideachta gan scairchaipiteal uair amháin ar a laghad gach bliain do chláraitheoir na gcuideachtaí tuairisceán ina luafar— |
[EN] | (a) seoladh oifig chláraithe na cuideachta; | |
[EN] | (b) i gcás ina ndéantar, faoi fhorálacha an Achta seo clár na gcomhaltaí a choimeád in áit seachas an oifig sin, seoladh na háite ina gcoimeádtar é; | |
[EN] | (c) i gcás ina ndéantar, faoi fhorálacha an Achta seo, aon chlár bintiúrach de chuid na cuideachta a choimeád in áit seachas oifig chláraithe na cuideachta, seoladh na háite ina gcoimeádtar é; | |
[EN] | (d) na sonraí go léir maidir leis na daoine arb iad stiúrthóirí na cuideachta iad ar dháta an tuairisceáin, agus maidir le haon duine arb é rúnaí na cuideachta é ar an dáta sin, is gá de réir an Achta seo a thabhairt maidir le stiúrthóirí agus leis an rúnaí, faoi seach, i gclár stiúrthóirí agus rúnaithe cuideachta. | |
[EN] | (2) Ní gá do chuideachta tuairisceán a thabhairt faoi fho-alt (1) i mbliain a corpraithe ná, mura gceanglaítear uirthi le halt 131 cruinniú ginearálta bliantúil a thionól i rith na bliana ina dhiaidh sin, sa bhliain sin. | |
[EN] | (3) Cuirfear i gceangal leis an tuairisceán ráiteas ina mbeidh sonraí ar mhéid iomlán fheichiúnas na cuideachta maidir le gach morgáiste agus muirear is gá a chlárú le cláraitheoir na gcuideachtaí faoin Acht seo, nó ba ghá a chlárú amhlaidh dá mba tar éis an lú lá d'Iúil, 1908, a bunaíodh iad. | |
[EN] | (4) Má mhainníonn cuideachta an t-alt seo a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain. | |
[EN] | (5) Chun críocha an ailt seo, folóidh “oifigeach” agus “stiúrthóir” aon duine ar gnách le stiúrthóirí na cuideachta gníomhú de réir a orduithe nó a threoracha. | |
[EN] | (6) Féadfaidh cláraitheoir na gcuideachtaí imeachtaí i leith ciona faoin alt seo a thionscnamh agus a thabhairt ar aghaidh. | |
[EN] |
An t-am chun tuairisceán bliantúil a chomhlánú. |
127. —(1) Ní foláir an tuairisceán bliantúil a chomhlánú laistigh de 60 lá tar éis an chruinnithe ghinearálta bhliantúil don bhliain, cibé acu is é nó nach é an cruinniú sin an chéad nó an t-aon ghnáthchruinniú ginearálta, nó an chéad nó an t-aon chruinniú ginearálta, ag an gcuideachta sa bhliain, agus ní foláir don chuideachta cóip, arna síniú ag stiúrthóir de chuid na cuideachta agus ag a rúnaí, a chur ar aghaidh láithreach chuig cláraitheoir na gcuideachtaí. |
[EN] | (2) Má mhainníonn cuideachta an t-alt seo a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain. | |
[EN] | Chun críocha an fho-ailt seo, folóidh “oifigeach” aon duine ar gnách le stiúrthóirí na cuideachta gníomhú de réir a orduithe nó a threoracha. | |
[EN] | (3) Féadfaidh cláraitheoir na gcuideachtaí imeachtaí i leith ciona faoin alt seo a thionscnamh agus a thabhairt ar aghaidh. | |
[EN] |
Doiciméid a bheidh le cur i gceangal le tuairisceán bliantúil. 1909, c. 49. |
128. —(1) Faoi réir forálacha an Achta seo, cuirfear i gceangal leis an tuairisceán bliantúil— |
[EN] | (a) cóip scríofa, arna deimhniú ag stiúrthóir de chuid na cuideachta agus ag a rúnaí a bheith ina cóip dhílis de gach clár comhardaithe a leagadh faoi bhráid an chruinnithe ghinearálta bhliantúil den chuideachta a tionóladh i rith na tréimhse lena mbaineann an tuairisceán (lena n-áirítear gach doiciméad is gá de réir dlí a bheith i gceangal leis an gclár comhardaithe); agus | |
[EN] | (b) cóip, arna deimhniú mar a dúradh, de thuarascáil na n-iniúchóirí ar gach clár comhardaithe den sórt sin agus den tuarascáil ó na stiúrthóirí a bheidh in éineacht leis an gclár sin; agus | |
[EN] | (c) más i dteanga seachas Béarla nó Gaeilge a bheidh aon chlár comhardaithe den sórt sin nó aon doiciméad den sórt sin is gá de réir dlí a bheith i gceangal leis, cuirfear i gceangal leis an gclár comhardaithe sin tiontú Béarla nó Gaei'ge ar an gclár comhardaithe, nó ar an doiciméad, a mbeidh sé deimhnithe ar an modh forordaithe gur tiontú ceart é. | |
[EN] | (2) Más rud é, i gcás aon chláir chomhardaithe den sórt a dúradh nó aon doiciméid ba ghá de réir dlí a bheith i gceangal leis, nach raibh sé de réir cheanglais an dlí mar a bhí i bhfeidhm ar dháta an iniúchta maidir le foirm na gclár comhardaithe nó na ndoiciméad a dúradh, cibé acu é, déanfar cibé breisiú agus ceartú ar an gcóip ba ghá a dhéanamh ar an gclár comhardaithe nó ar an doiciméad chun go mbeadh sé de réir na gceanglas sin, agus luafar ar an gcóip go ndearnadh leasú uirthi amhlaidh. | |
[EN] | (3) Má mhainníonn cuideachta an t-alt seo a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain. | |
[EN] | Chun críocha an fho-ailt seo, folóidh “oifigeach” aon duine ar gnách le stiúrthóirí na cuideachta gníomhú de réir a orduithe nó a threoracha. | |
[EN] | (4) Ní bhainfidh an t-alt seo— | |
[EN] | (a) le cuideachta phríobháideach; ná | |
[EN] | (b) le cuideachta árachais a chomhlíon fo-alt (4) d'alt 7 den Assurance Companies Act, 1909; ná | |
[EN] | (c) le cuideachta gan scairchaipiteal a foirmíodh le haghaidh cuspóra atá carthanúil agus atá faoi urlámhas ag aicme creidimh atá admhaithe ag an Stát faoi Airteagal 44 den Bhunreacht, agus a fheidhmíonn a feidhmeanna de réir dhlíthe, canóna agus deasghnátha an chreidimh sin. | |
[EN] | (5) (a) Féadfaidh Coimisinéirí na dTabhartas agus na dTiomnachtaí Carthanúla in Éirinn, más cuí leo é, cuideachta shonraithe gan scairchaipiteal, a foirmíodh chun críocha carthanúla, a dhíolmhú, le hordú, ar fad nó go ceann tréimhse teoranta, ó fheidhm an ailt seo. | |
[EN] | (b) Féadfaidh na Coimisinéirí, le hordú, ordú faoi mhír (a) a chúlghairm. | |
[EN] | (c) Déanfaidh an chuideachta cóip shéalaithe de gach ordú ó na Coimisinéirí faoin bhfo-alt seo a sheachadadh do chláraitheoir na gcuideachtaí lena clárú laistigh de cheithre lá dhéag ó dháta an ordaithe a dhéanamh. | |
[EN] | (6) Ní oibreoidh aon ní san alt seo chun a thabhairt go mbeidh clár comhardaithe cuideachta príobháidí, nó aon doiciméad nó tuarascáil maidir leis, le cur i gceangal le tuairisceán bliantúil. | |
[EN] | (7) Féadfaidh cláraitheoir na gcuideachtaí imeachtaí i leith ciona faoin alt seo a thionscnamh agus a thabhairt ar aghaidh. | |
[EN] |
Deimhnithe a bheidh le cur ar aghaidh ag cuideachta phríobháideach i dteannta an tuairisceáin bhliantúil. |
129. —Cuirfidh cuideachta phríobháideach ar aghaidh, i dteannta an tuairisceáin bhliantúil is gá de réir alt 125, deimhniú arna shíniú ag stiúrthóir de chuid na cuideachta agus ag a rúnaí á dheimhniú nach ndearna an chuideachta, ó dháta an tuairisceáin deiridh nó, i gcás céad-tuairisceáin, ón dáta a corpraíodh an chuideachta, aon chuireadh a eisiúint don phobal chun suibscríobh le haghaidh aon scaireanna nó bintiúir de chuid na cuideachta, agus fairis sin, má thaispeánann an tuairisceán bliantúil go bhfuil breis is caoga ar líon comhaltaí na cuideachta, deimhniú arna shíniú amhlaidh gurb iad amháin atá sa bhreis sin daoine nach bhfuil, faoi mhír (b) d'fho-alt (1) d'alt 33, le háireamh chun an líon sin caoga a ríomh. |
Cruinnithe agus Imeachtaí. | ||
[EN] |
Cruinniú reachtúil agus tuarascáil reachtúil. |
130. —(1) Déanfaidh gach cuideachta faoi theorainn scaireanna agus gach cuideachta faoi theorainn ráthaíochta a bhfuil scairchaipiteal aici, laistigh de thréimhse nach giorra ná mí agus nach faide ná 3 mhí ón dáta a bheidh an chuideachta i dteideal tosú ar ghnó, cruinniú ginearálta de chomhaltaí na cuideachta a thionól a ngairfear “an cruinniú reachtúil” de. |
[EN] | (2) Faoi réir fho-alt (3), déanfaidh na stiúrthóirí, 14 lá ar a laghad roimh an lá a thionólfar an cruinniú, tuarascáil (dá ngairtear “an tuarascáil reachtúil” san Acht seo) a chur ar aghaidh chuig gach comhalta den chuideachta. | |
[EN] | (3) Má chuirtear an tuarascáil reachtúil ar aghaidh tráth is déanaí ná mar a fhoráiltear le fo-alt (2), measfar, dá ainneoin sin, go ndearnadh í a chur ar aghaidh go cuí má chomhaontaítear amhlaidh ag na comhaltaí go léir a bheidh i dteideal bheith i láthair agus vótáil ag an gcruinniú. | |
[EN] | (4) Ní foláir an tuarascáil reachtúil a bheith deimhnithe ag beirt ar a laghad de stiúrthóirí na cuideachta agus na nithe seo a leanas a bheith luaite inti— | |
[EN] | (a) an méid iomlán scaireanna a leithroinneadh, ag idirdhealú na scaireanna a leithroinneadh mar scaireanna a láníocadh nó a páirtíocadh ar dhóigh seachas in airgead, agus á insint i gcás scaireanna páirtíoctha cé mhéad atá siad íoctha amhlaidh agus, i gceachtar cás, cad é an chomaoin ar ar leithroinneadh iad; agus | |
[EN] | (b) an méid iomlán airgid a fuair an chuideachta i leith na scaireanna go léir a leithroinneadh, á n-idirdhealú mar a dúradh; agus | |
[EN] | (c) achomaireacht ar fháltais na cuideachta agus ar na híocaíochtaí astu, anuas go dtí dáta laistigh de 7 lá ó dháta na tuarascála, a dtaispeánfar inti faoi cheannteidil ar leithligh fáltais na cuideachta ó scaireanna agus ó bhintiúir agus ó fhoinsí eile, na híocaíochtaí astu, agus sonraí na hiarmhéide a bhí fágtha ar láimh, agus cuntas nó meastachán ar réamhchaiteachais na cuideachta; agus | |
[EN] | (d) ainmneacha agus seoltaí stiúrthóirí, iniúchóirí (más ann), agus rúnaí na cuideachta; agus | |
[EN] | (e) sonraí aon chonartha, a mbeidh modhnú air le cur faoi bhráid an chruinnithe lena cheadú, maraon le sonraí an mhodhnaithe nó an mhodhnaithe atá beartaithe. | |
[EN] | (5) Sa mhéid go mbaineann an tuarascáil reachtúil leis na scaireanna a leithroinn an chuideachta, agus le hairgead a fuarthas i leith na scaireanna sin, agus le fáltais agus íocaíochtaí na cuideachta ar chuntas caipitil, beidh deimhniú uirthi ó na hiniúchóirí, más ann, don chuideachta gur tuarascáil cheart í. | |
[EN] | (6) Cuirfidh na stiúrthóirí faoi deara go ndéanfar cóip den tuarascáil reachtúil, arna deimhniú mar a cheanglaítear leis an alt seo, a sheachadadh do chláraitheóir na gcuideachtaí lena clárú láithreach tar éis a curtha chuig comhaltaí na cuideachta. | |
[EN] | (7) Cuirfidh na stiúrthóirí faoi deara go dtabharfar ar aird i dtosach an chruinnithe liosta ina dtaispeánfar ainmneacha, seoltaí agus slite beatha comhaltaí na cuideachta, agus an líon scaireanna atá acu faoi seach, agus go gcoiméadfar an liosta ar oscailt agus ar fáil do chomhaltaí na cuideachta fad a bheidh an cruinniú ar siúl. | |
[EN] | (8) Féadfaidh na comhaltaí den chuideachta a bheidh i láthair ag an gcruinniú aon ní a phlé a bhaineann le foirmiú na cuideachta, nó a éireoidh as an tuarascáil reachtúil, cibé acu a tugadh nó nár tugadh fógra roimh ré, ach ní fhéadfar aon rún a rith nach mbeidh fógra tugtha ina thaobh de réir na n-airteagal. | |
[EN] | (9) Féadfaidh an cruinniú dul ar atráth ó am go ham, agus ag aon chruinniú atrátha féadfar aon rún a rith ar tugadh fógra ina thaobh de réir na n-airteagal, cibé acu roimh an gcruinniú a bhí ann cheana nó dá éis sin é, agus beidh na cumhachtaí céanna ag an gcruinniú atrátha a bheadh ag cruinniú bunaidh. | |
[EN] | (10) Má mhainnítear an t-alt seo a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur ar gach stiúrthóir de chuid na cuideachta a bhí go feasach agus go toiliúil ciontach sa mhainneachtain nó, i gcás mainneachtain ag an gcuideachta, ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain. | |
[EN] | (11) Ní bhainfidh an t-alt seo le cuideachta phríobháideach. | |
[EN] |
Cruinniú ginearálta bliantúil. |
131. —(1) Faoi réir fho-alt (2), tionólfaidh gach cuideachta, i ngach bliain, cruinniú ginearálta mar chruinniú ginearálta bliantúil na cuideachta, i dteannta aon chruinnithe eile sa bhliain sin, agus sonróidh sí an cruinniú amhlaidh sna fógraí á ghairm, agus ní bheidh thar 15 mhí idir dáta aon chruinnithe ghinearálta bhliantúil áirithe ag cuideachta agus dáta an chéad chruinnithe ghinearálta bhliantúil ina dhiaidh. |
[EN] | (2) Ar chuntar go ndéanfaidh cuideachta a céad chruinniú ginearálta bliantúil a thionól laistigh de 18 mí tar éis a corpraithe, ní gá di é a thionól i mbliain a corpraithe ná sa bhliain ina dhiaidh sin. | |
[EN] | (3) Má mhainnítear cruinniú den chuideachta a thionól de réir fho-alt (1), féadfaidh an tAire, ar iarratas ó aon chomhalta den chuideachta, cruinniú ginearálta den chuideachta a ghairm nó a ordú go ngairfear é, agus cibé orduithe foghabhálacha nó iarmartacha a thabhairt is fóirsteanach leis an Aire, lena n-áirítear orduithe a dhéanfaidh, maidir le gairm, tionól agus stiúradh an chruinnithe, modhnú nó forlíonadh ar oibriú airteagail na cuideachta, agus dearbhaítear leis seo go mbeidh ar áireamh sna horduithe a thabharfar faoin bhfo-alt seo ordú go measfar cruinniú a bheith ann má bhíonn comhalta amháin den chuideachta i láthair go pearsanta nó trí sheachvótálaí. | |
[EN] | (4) Measfar, faoi réir aon orduithe ón Aire, cruinniú ginearálta a thionólfar de bhun fho-alt (3) a bheith ina chruinniú ginearálta bliantúil den chuideachta ach, más rud é i gcás cruinniú a thionólfar amhlaidh nach sa bhliain inar mainníodh cruinniú ginearálta bliantúil na cuideachta a thionól a thionólfar é, ní ghlacfar leis an gcruinniú a thionólfar amhlaidh mar chruinniú ginearálta bliantúil na bliana ina dtionólfar é mura rud é go ndéanfaidh an chuideachta ag an gcruinniú sin rún a rith go nglacfar leis amhlaidh. | |
[EN] | (5) I gcás ina rithfidh cuideachta rún go nglacfar amhlaidh le cruinniú, déanfar, laistigh de 15 lá tar éis é a rith, cóip den rún a chur ar aghaidh chuig cláraitheoir na gcuideachtaí agus taifeadfaidh seisean í. | |
[EN] | (6) Má mhainnítear cruinniú den chuideachta a thionól de réir fho-alt (1), nó aon ordú ón Aire faoi fho-alt (3) a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain, agus má mhainnítear fo-alt (5) a chomhlíonadh, dhífear fíneáil nach mó ná £20 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain. | |
[EN] |
Cruinniú ginearálta urghnách a chomóradh ar é a fhoréileamh. |
132. —(1) D'ainneoin aon ní in airteagail chuideachta, má fhaightear foréileamh ó chomhaltaí den chuideachta ag a mbeidh ar dháta an fhoréilimh a thaisceadh an deichiú cuid ar a laghad den chaipiteal íoctha sin de chuid na cuideachta lena ngabhann ar dháta an taiscthe ceart vótála ag cruinnithe ginearálta na cuideachta, nó, i gcás cuideachta gan scairchaipiteal, ó chomhaltaí den chuideachta a ionannóidh an deichiú cuid ar a laghad de chearta vótála uile na gcomhaltaí uile ag a mbeidh ar an dáta sin ceart vótála ag cruinnithe ginearálta den chuideachta, rachaidh stiúrthóirí na cuideachta láithreach bonn i gceann cruinniú urghnách ginearálta den chuideachta a chomóradh go cuí. |
[EN] | (2) Ní foláir cuspóirí an chruinnithe a bheith luaite san fhoréileamh agus é a bheith sínithe ag an foréilitheoirí agus é a thaisceadh in oifig chláraithe na cuideachta, agus féadfaidh doiciméíd éagsúla san fhoirm chéanna a bheith ann agus gach ceann acu sínithe ag foréilitheoir amháin nó níos mó. | |
[EN] | (3) Mura rachaidh na stiúrthóirí, laistigh de 21 lá ó dháta an fhoréilimh a thaisceadh, i gceann cruinniú a chomóradh go cuí a bheidh le tionól laistigh de 2 mhí ón dáta sin, féadfaidh na foréilitheoirí, nó aon chuid acu a ionannóidh níos mó ná leath na gceart vótála uile atá acu go léir, cruinniú a chomóradh iad féin, ach ní dhéanfar aon chruinniú a chomórfar amhlaidh a thionól tar éis 3 mhí a bheith caite ón dáta sin. | |
[EN] | (4) Déanfar cruinniú a chomórfaidh na foréilitheoirí faoin alt seo a chomóradh ar an modh céanna, chomh fada agus is féidir, leis an modh ina bhféadfaidh stiúrthóirí cruinnithe a chomóradh. | |
[EN] | (5) Aisíocfaidh an chuideachta leis na foréilitheoirí aon chaiteachais réasúnacha a bhí ar na foréilitheoirí toisc gur mhainnigh na stiúrthóirí cruinniú a chomóradh go cuí, agus déanfaidh an chuideachta aon suim a aisíocfar amhlaidh a choinneáil as aon suimeanna a bheidh dlite nó le teacht chun bheith dlite ón gcuideachta i bhfoirm táillí nó luach saothair eile i leith a seirbhísí do na stiúrthóirí sin a rinne mainneachtain. | |
[EN] | (6) Chun críocha an ailt seo, measfar, i gcás cruinniú ag a mbeidh rún le tairiscint mar rún speisialta, nach ndearna na stiúrthóirí an cruinniú a chomóradh go cuí mura mbeidh an fógra ina thaobh a cheanglaítear le halt 141 tugtha acu. | |
[EN] |
Tréimhse an fhógra chun cruinnithe a ghairm. |
133. —(1) Beidh aon fhoráil d'airteagail chuideachta ar neamhní sa mhéid go ndéanann sé foráil chun cruinniú den chuideachta (seachas cruinniú atrátha) a ghairm le fógra is giorra— |
[EN] | (a) i gcás an chruinnithe ghinearálta bhliantúil, ná fógra 21 lá i scríbhinn; agus | |
[EN] | (b) i gcás cruinniú (seachas cruinniú ginearálta bliantúil nó cruinniú chun rún speisialta a rith), ná fógra 14 lá i scríbhinn nuair nach cuideachta phríobháideach ná cuideachta neamhtheoranta an chuideachta, agus fógra 7 lá i scríbhinn nuair is cuideachta phríobháideach nó cuideachta neamhtheoranta í. | |
[EN] | (2) Ach amháin sa mhéid go ndéanann airteagail chuideachta foráil eile chuige sin (nach foráil a chuirtear ar neamhní le fo-alt (1)), féadfar cruinniú den chuideachta (seachas cruinniú atrátha) a ghairm— | |
[EN] | (a) i gcás an chruinnithe ghinearálta bhliantúil, le fógra 21 lá i scríbhinn; agus | |
[EN] | (b) i gcás cruinniú (seachas cruinniú ginearálta bliantúil nó cruinniú chun rún speisialta a rith), le fógra 14 lá i scríbhinn nuair nach cuideachta phríobháideach ná cuideachta neamhtheoranta an chuideachta, agus le fógra 7 lá i scríbhinn nuair is cuideachta phríobháideach nó cuideachta neamhtheoranta í. | |
[EN] | (3) Measfar go ndearnadh cruinniú de chuideachta a ghairm go cuí, d'ainneoin é a ghairm le fógra is giorra ná mar a shonraítear i bhfo-alt (2) nó in airteagail na cuideachta, cibé acu é, má chomhaontaítear amhlaidh ag iniúchóirí na cuideachta agus ag na comhaltaí go léir a bheidh i dteideal bheith i láthair agus vótáil aige. | |
[EN] |
Forálacha ginearálta maidir le cruinnithe agus vótaí. |
134. —Beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas sa mhéid nach ndéanann airteagail na cuideachta foráil eile chuige sin— |
[EN] | (a) déanfar fógra faoi chruinniú cuideachta a sheirbheáil ar gach comhalta den chuideachta ar an modh ina gceanglaítear fógraí a sheirbheáil le Table A agus chun críche na míre seo ciallaíonn “Table A” an Tábla sin amhail mar a bheidh sé i bhfeidhm de thuras na huaire; | |
[EN] | (b) féadfaidh dhá chomhalta nó níos mó ag a mbeidh an deichiú cuid ar a laghad den scairchaipiteal eisithe nó, mura bhfuil scairchaipiteal ag an gcuideachta, 5 faoin gcéad ar a laghad de líon comhaltaí uile na cuideachta, cruinniú a ghairm; | |
[EN] | (c) i gcás cuideachta phríobháideach, is córam dhá chomhalta, agus i gcás aon chuideachta eile trí chomhalta, a bheidh i láthair go pearsanta; | |
[EN] | (d) féadfaidh aon chomhalta a thoghfaidh na comhaltaí a bheidh i láthair ag cruinniú bheith ina chathaoirleach ar an gcruinniú; | |
[EN] | (e) i gcás cuideachta ag a raibh scairchaipiteal i gcéaduair, beidh vóta amháin ag gach comhalta i leith gach scaire nó gach £10 stoic a bheidh aige, agus in aon chás eile, beidh vóta amháin ag gach comhalta. | |
[EN] |
Cumhacht na cúirte chun cruinniú a ordú. |
135. —(1) Más rud é go bhfuil sé neamhphraiticiúil ar chúis ar bith cruinniú de chuideachta a ghairm ar aon mhodh ina bhféadfar cruinnithe den chuideachta sin a ghairm, nó cruinniú den chuid eachta a stiúradh ar an modh a fhorordaítear leis na hairteagail nó leis an Acht seo, féadfaidh an chúirt, as a treoir féin nó ar iarratas ó aon stiúrthóir ar an gcuideachta nó ó aon chomhalta den chuideachta a bheadh i dteideal vótáil ag an gcruinniú, a ordú go ndéanfar cruinniú den chuideachta a ghairm, a thionól agus a stiúradh ar cibé modh is cuí leis an gcúirt, agus i gcás ina ndéanfar aon ordú den sórt sin féadfaidh sí cibé orduithe fo-ghabhálacha nó iarmartacha is fóirsteanach léi a thabhairt; agus dearbhaítear leis seo go mbeidh ar áireamh sna horduithe a fhéadfar a thabhairt faoin bhfo-alt seo ordú go measfar cruinniú den chuideachta a bheith ann má bhíonn comhalta amháin den chuideachta i láthair go pearsanta nó trí sheachvótálaí. |
[EN] | (2) Aon chruinniú a ghairfear, a thionólfar agus a stiúrfar de réir ordú faoi fho-alt (1), measfar chun gach críche gur cruinniú den chuideachta é a gaireadh, a tionóladh agus a stiúradh go cuí. | |
[EN] |
Seachvótálaithe. |
136. —(1) Faoi réir fho-alt (2), aon chomhalta de chuideachta a bheidh i dteideal bheith i láthair agus vótáil ag cruinniú den chuideachta beidh sé i dteideal duine eile (cibé acu comhalta é nó nach ea) a cheapadh ina sheachvótálaí dó chun bheith i láthair agus vótáil ina ionad, agus beidh ag seachvótálaí a cheapfar amhlaidh an ceart céanna a bheadh ag an gcomhalta chun labhairt ag an gcruinniú agus vótáil a dhéanamh ar thaispeáint lámh agus ar vótaíocht. |
[EN] | (2) Mura bhforálann na hairteagail a mhalairt— | |
[EN] | (a) ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) i gcás cuideachta gan scairchaipiteal; agus | |
[EN] | (b) ní bheidh comhalta de chuideachta i dteideal níos mó ná seachvótálaí amháin a cheapadh chun bheith i láthair ar an ócáid chéanna. | |
[EN] | (3) I ngach fógra ag gairm cruinniú de chuideachta ag a bhfuil scairchaipiteal, beidh ráiteas réasúnta feiceálach go bhfuil comhalta atá i dteideal bheith i láthair agus vótáil i dteideal seachvótálaí, nó, i gcás ina gceadaítear sin, seachvótálaí amháin nó níos mó, a cheapadh chun bheith i láthair agus labhairt agus vótáil ina ionad, agus nach gá do sheachvótálaí bheith ina chomhalta; agus má mhainnítear an fo-alt seo a chomhlíonadh maidir le haon chruinniú, dlífear fíneáil nach mó ná £50 a chur ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain. | |
[EN] | (4) Beidh aon fhoráil in airteagail chuideachta ar neamhní sa mhéid go mbeadh d'éifeacht léi a cheangal nárbh fholáir an ionstraim lena gceaptar seachvótálaí, nó aon doiciméad eile is gá chun bailíocht cheapacháin seachvótálaí a chruthú nó a bhaineann ar dhóigh eile le ceapadh seachvótálaí, a bheith faighte ag an gcuideachta nó ag aon duine eile níos luaithe ná 48 n-uaire a chloig roimh chruinniú nó roimh chruinniú atrátha ionas go mbeadh éifeacht leis an gceapadh ag an gcruinniú sin. | |
[EN] | (5) Faoi réir fho-alt (6), más rud é, chun críche aon chruinnithe de chuideachta, nach n-eiseofar ar chostas na cuideachta cuirí chun duine, nó duine de líon daoine a shonrófar sna cuirí, a cheapadh ina sheachvótálaí ach chun cuid de na comhaltaí ag a bhfuil teideal go gcuirfí fógra faoin gcruinniú chucu agus teideal chun vótáil ag an gcruinniú trí sheachvótálaí, dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur ar gach oifigeach don chuideachta a údaróidh nó a cheadóidh go feasach agus go toiliúil a n-eisiúint mar a dúradh. | |
[EN] | (6) Ní bheidh oifigeach faoi dhliteanas faoi fho-alt (5) de bhíthin amháin gur eisíodh chun comhalta, ar iarratas i scríbhinn a fháil uaidh, foirm cheapacháin ag ainmniú an tseachvótálaí nó liosta de dhaoine atá toilteanach gníomhú mar sheachvótálaí, má bhíonn an fhoirm nó an liosta ar fáil, ar sin a iarraidh i scribhinn, ag gach comhalta atá i dteideal vótáil ag an gcruinniú trí sheachvótálaí. | |
[EN] | (7) Bainfidh an t-alt seo le cruinnithe d'aon aicme comhaltaí de chuideachta faoi mar a bhaineann sé le cruinnithe ginearálta den chuideachta. | |
[EN] |
Ceart chun vótaíocht a éileamh. |
137. —(1) Beidh aon fhoráil in airteagail chuideachta ar neamhní sa mhéid go mbeadh d'éifeacht leis— |
[EN] | (a) eisiamh a dhéanamh ar an gceart chun vótaíocht a éileamh ag cruinniú ginearálta ar aon cheist seachas toghadh chathaoirleach an chruinnithe nó atráthú an cruinnithe, nó | |
[EN] | (b) éileamh ar vótaíocht ar aon cheist den sórt sin a chur ó éifeacht i gcás inarb éileamh é— | |
[EN] | (i) ó chúig chomhalta ar a laghad ag a bhfuil ceart vótála ag an gcruinniú, nó | |
[EN] | (ii) ó chomhalta nó comhaltaí a ionannaíonn an deichiú cuid ar a laghad de chearta vótála uile na gcomhaltaí go léir a bhfuil ceart vótála acu ag an gcruinniú, nó | |
[EN] | (iii) ó chomhalta nó comhaltaí ag a bhfuil scaireanna sa chuideachta a thugann ceart vótála ag an gcruinniú, is é sin, scaireanna ar íocadh suim chomhiomlán orthu is ionann agus an deichiú cuid ar a laghad den tsuim iomlán a íocadh ar na scaireanna uile a thugann an ceart sin. | |
[EN] | (2) Measfar an ionstraim lena gceaptar seachvótálaí chun vótáil ag cruinniú de chuideachta do thabhairt údarás freisin chun vótaíocht a éileamh nó chun bheith páirteach i vótaíocht a éileamh, agus chun críocha fho-alt (1) is ionann éileamh ó dhuine atá ina sheachvótálaí do chomhalta agus éileamh ón gcomhalta féin. | |
[EN] |
Vóta a thabhairt ar vótaíocht. |
138. —Nuair a ghlacfar vótaíocht ag cruinniú de chuideachta nó ag cruinniú d'aon aicme comhaltaí de chuideachta, ní gá do chomhalta, cibé acu go pearsanta nó trí sheachvótálaí a bheidh sé i láthair, a mbeidh teideal aige chun níos mó ná vóta amháin, má vótálann sé, a vótaí go léir a úsáid nó na vótaí go léir a úsáidfidh sé a chaitheamh ar an dóigh chéanna. |
[EN] |
Ionadaíocht chomhlachtaí corpraithe ag cruinnithe de chuideachtaí agus de chreidiúnaithe. |
139. —(1) Féadfaidh comhlacht corpraithe— |
[EN] | (a) más comhalta de chuideachta é, trí rún óna stiúrthóirí nó ón gcomhlacht ceannais eile a bheidh air, a údarú do cibé duine is cuí leis gníomhú mar ionadaí dó ag aon chruinniú den chuideachta nó ag aon chruinniú d'aon aicme comhaltaí den chuideachta; agus | |
[EN] | (b) más creidiúnaí (lena n-áirítear bintiúrach de chuid cuideachta é, trí rún óna stiúrthóirí nó ón gcomhlacht ceannais eile a bheidh air, a údarú do cibé duine is cuí leis gníomhú mar ionadaí dó ag aon chruinniú d'aon chreidiúnaithe de chuid na cuideachta a thionólfar de bhun an Achta seo nó de bhun aon rialacha faoin Acht seo nó de bhun na bhforálacha a bheidh in aon bhintiúr nó gníomhas iontaobhais, cibé acu é. | |
[EN] | (2) Aon duine a bheidh údaraithe mar a dúradh beidh sé i dteideal na cumhachtaí céanna a fheidhmiú, thar ceann an chomhlachta chorpraithe arb ionadaí dó é, a d'fhéadfadh an comhlacht corpraithe sin a fheidhmiú dá mba chomhalta aonair, creidiúnaí aonair nó bintiúrach aonair de chuid na cuideachta é. | |
[EN] |
An cruinniú ginearálta bliantúil a thionól sa Stát. |
140. —(1) Faoi réir fho-alt (2), is sa Stát a thionólfar cruinniú ginearálta bliantúil cuideachta, agus aon ghnó a dhéanfar ag cruinniú a thionólfar contrártha don cheanglas seo, beidh sé ar neamhní mura rud é— |
[EN] | (a) go mbeidh na comhaltaí go léir a bheidh i dteideal bheith i láthair agus vótáil ag an gcruinniú sin tar éis toiliú i scríbhinn lena thionól in áit eile nó gur ritheadh rún ag an gcruinniú ginearálta bliantúil roimhe sin á fhoráil gur in áit eile a thionólfaí é, agus | |
[EN] | (b) nach bhforálann na hairteagail gur sa Stát a thionólfar an cruinniú ginearálta bliantúil. | |
[EN] | (2) Ní bhainfidh fo-alt (1) leis an gcéad chruinniú ginearálta bliantúil de chuideachta a thionólfar ar an dáta feidhme nó dá éis. | |
[EN] |
Rúin. |
141. —(1) Beidh rún ina rún speisialta nuair a rithfear é le trí cheathrú ar a laghad de na vótaí a chaithfidh na comhaltaí sin a dhéanfaidh, agus teideal acu chun a dhéanta, vótáil, go pearsanta nó, i gcás ina gceadaítear seachvótálaithe, trí sheachvótálaí, ag cruinniú ginearálta ar tugadh go cuí fógra 21 lá ar a laghad ina thaobh á shonrú go rabhthas chun an rún a thairiscint mar rún speisialta. |
[EN] | (2) Féadfar rún a thairiscint agus a rith mar rún speisialta ag cruinniú ar tugadh fógra is giorra ná 21 lá ina thaobh má chomhaontaítear amhlaidh ag tromlach de líon na gcomhaltaí a bhfuil ceart acu bheith i láthair agus vótáil ag aon chruinniú den sórt sin, agus ar tromlach é a shealbhaíonn eatarthu nócha faoin gcéad ar a laghad, de réir luacha ainmniúil, de na scaireanna a thugann an ceart sin nó, i gcás cuideachta gan scairchaipiteal, a ionannaíonn i dteannta a chéile nócha faoin gcéad ar a laghad de chearta vótála uile na gcomhaltaí go léir ag an gcruinniú sin. | |
[EN] | (3) Ag aon chruinniú a gcuirfear rún speisialta faoina bhráid lena rith, beidh dearbhú ón gcathaoirleach gur glacadh leis an rún ina fhianaise dhochloíte, mura n-éilítear vótaíocht, go ndearnadh amhlaidh, gan cruthúnas ar líon ná cionúireacht na vótaí a tugadh i bhfabhar nó i gcoinne an rúin. | |
[EN] | (4) Chun críocha an ailt seo, measfar fógra faoi chruinniú a bheith tugtha go cuí agus an cruinniú a bheith tionólta go cuí má tugadh an fógra agus gur tionóladh an cruinniú mar a fhoráiltear leis an Acht seo nó leis na hairteagail. | |
[EN] | (5) Féadfar téarmaí aon rúin (cibé acu rún speisialta nó rún eile é) a bheidh faoi bhráid cruinniú ginearálta a leasú trí ghnáthrún a thairiscint ag an gcruinniú, ar choinníoll go bhfágfaidh téarmaí an rúin arna leasú go bhféadfar a mheas gur tugadh leorfhógra go rabhthas ar intinn an céanna a rith. | |
[EN] | (6) Aon tagairt do rún urghnách atá in aon reacht a ritheadh nó in aon doiciméad a bhí ann roimh an dáta feidhme, measfar, maidir le rún a rithfear nó a bheidh le rith ar an dáta feidhme nó dá éis, gur tagairt do rún speisialta í. | |
[EN] | (7) Más rud é, roimh an dáta feidhme, gur comóradh cruinniú chun rún urghnách, mar a mhínítear in Achtanna na gCuideachtaí, 1908 go 1959, a rith, agus ag an gcruinniú sin go ndearnadh tar éis an dáta feidhme an rún sin a rith mar a cheanglaítear leis na hAchtanna sin rún urghnách a rith agus go mbeadh an rún sin, faoi Achtanna na gCuideachtaí, 1908 go 1959, éifeachtach chun a chríche, beidh an rún sin chomh héifeachtach agus dá mba rún speisialta é. | |
[EN] | (8) (a) D'ainneoin aon ní contrártha dó sin san Acht seo, in aon chás ina n-údaraítear sin do chuideachta lena hairteagail, beidh rún i scríbhinn arna shíniú ag na comhaltaí uile a bheidh de thuras na huaire i dteideal bheith i láthair agus vótáil ar an rún sin ag cruinniú ginearálta (nó, i gcás comhlachtaí corpraithe, ag a n-ionadaithe cuí-cheaptha) ina rún chomh bailí éifeachtach chun gach críche agus dá mbeadh an rún arna rith ag cruinniú ginearálta den chuideachta a comóradh agus a tionóladh go cuí, agus má thugtar rún speisialta de thuairisc air measfar gur rún speisialta de réir bhrí an Achta seo é. | |
[EN] | (b) Measfar aon rún den sórt sin a bheith arna rith ag cruinniú a tionóladh ar an dáta a síníodh é ag an gcomhalta deireanach a shínigh é, agus má luann an rún dáta mar dháta a shínithe ag aon chomhalta, beidh lua sin an dáta sin ina fhianaise prima facie gur shínigh sé é ar an dáta sin. | |
[EN] | (c) Ní bhaineann an fo-alt seo le rún chun aon chríche de chríocha alt 160 nó 182. | |
[EN] |
Fógra fadtréimhse. |
142. —(1) Faoi réir fho-alt (2), i gcás ina gceanglaítear le haon fhoráil ina dhiaidh seo san Acht seo fógra fadtréimhse a thabhairt i dtaobh rúin, ní bheidh éifeacht leis an rún mura rud é (ach amháin sa chás ina mbeidh stiúrthóirí na cuideachta tar éis a chinneadh go gcuirfear faoi bhráid cruinnithe é) go ndearnadh fógra go bhfuiltear chun é a thairiscint a thabhairt don chuideachta 28 lá ar a laghad roimh an gcruinniú ag a dtairgtear é, agus tabharfaidh an chuideachta dá comhaltaí fógra i dtaobh aon rúin den sórt sin san am céanna agus sa dóigh chéanna ina dtugann sí fógra faoin gcruinniú nó, mura bhfuil sin praiticiúil, tabharfaidh sí fógra dóibh ina thaobh, trí fhógrán i nuachtán laethúil a léitear sa cheantar ina bhfuil oifig chláraithe na cuideachta nó ar aon mhodh eile a cheadaítear leis na hairteagail, 21 lá ar a laghad roimh an gcruinniú. |
[EN] | (2) Más rud é, tar éis fógra a thabhairt don chuideachta go bhfuiltear chun rún den sórt sin a thairiscint, go ngairfear cruinniú do dháta 28 lá nó níos lú tar éis an fógra a bheith tugtha, measfar, bíodh nár tugadh é laistigh den am a cheanglaítear le fo-alt (1), an fógra a bheith tugtha go cuí chun críocha an fho-ailt sin. | |
[EN] |
Rúin agus comhaontuithe áirithe a chlárú, agus é a bheith d'oibleagáid ar an gcuideachta cóipeanna díobh a sholáthar. |
143. —(1) Déanfar cóip chlóite de gach rún nó comhaontú lena mbaineann an t-alt seo a chur ar aghaidh, laistigh de 15 lá tar éis a rite nó a dhéanta, chuig cláraitheoir na gcuideachtaí agus taifeadfaidh seisean í. |
[EN] | (2) Nuair a bheifear tar éis airteagail a chlárú, déanfar cóip de gach rún nó comhaontú den sórt sin a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire a chorprú i ngach cóip, nó a chur i gceangal le gach cóip, de na hairteagail a eiseofar tar éis an rún a rith nó an comhaontú a dhéanamh. | |
[EN] | (3) Cuirfear cóip de gach rún nó comhaontú den sórt sin ar aghaidh chuig aon chomhalta a iarrfaidh í, ar é d'íoc scilling nó cibé suim faoina bhun sin a ordóidh an chuideachta. | |
[EN] | (4) Bainfidh an t-alt seo— | |
[EN] | (a) le rúin speisialta; | |
[EN] | (b) le rúin lenar chomhaontaigh comhaltaí uile cuideachta, ach nach mbeadh, dá mba nár comhaontaíodh leo amhlaidh, éifeachtach chun a gcríche mura rud é gur mar rúin speisialta a ritheadh iad; | |
[EN] | (c) le rúin nó comhaontuithe lenar chomhaontaigh na comhaltaí uile d'aicme éigin scairshealbhóirí ach nach mbeadh, dá mba nár comhaontaíodh leo amh laidh, éifeachtach chun a gcríche mura rud é gur ritheadh iad ag tromlach áirithe éigin nó thairis sin ar mhodh áirithe éigin, agus le gach rún nó comhaontú a chuireann ceangal éifeachtúil ar na comhaltaí uile d'aon aicme scairshealbhóirí, cé nár chomhaontaigh na comhaltaí sin go léir leo; | |
[EN] | (d) le rúin chun scairchaipiteal cuideachta a mhéadú; | |
[EN] | (e) le rúin, a ritheadh faoi mhír (a) nó faoi mhír (c) d'fho-alt (1) d'alt 251, go ndéanfaí cuideachta a fhoirceannadh go toilteanach. | |
[EN] | (5) Má mhainníonn cuideachta fo-alt (1) a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £50 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain. | |
[EN] | (6) Má mhainníonn cuideachta fo-alt (2) nó fo-alt (3) a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £1 in aghaidh gach cóip a ndearnadh mainneachtain ina leith a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain. | |
[EN] | (7) Chun críocha fho-ailt (5) agus (6), measfar leachtaitheoir cuideachta a bheith ina oifigeach don chuideachta. | |
[EN] |
Rúin a rithfear ag cruinnithe atrátha. |
144. —Nuair a rithfear rún ag cruinniú atrátha— |
[EN] | (a) de chuideachta; | |
[EN] | (b) de shealbhóirí aon chineál scaireanna i gcuideachta; | |
[EN] | (c) de stiúrthóirí cuideachta; | |
[EN] | áireofar an rún chun gach críche mar rún a ritheadh ar dháta a rite iarbhír, agus ní mheasfar é a rith ar aon dáta is luaithe ná sin. | |
[EN] |
Miontuairiscí ar na himeachtaí ag cruinnithe de chuideachtaí agus de stiúrthóirí. |
145. —(1) Cuirfidh gach cuideachta faoi deara go ndéanfar, a luaithe is féidir, miontuairiscí ar imeachtaí uile cruinnithe ginearálta, agus ar na himeachtaí uile ag cruinnithe dá stiúrthóirí nó de choistí stiúrthoirí, a thaifeadadh i leabhair a choimeádfar chuige sin. |
[EN] | (2) Aon mhiontuairisc den sórt sin a airbheartóidh a bheith sínithe ag cathaoirleach an chruinnithe ar tharla na himeachtaí ann, nó ag cathaoirleach an chéad chruinnithe eile ina dhiaidh sin, beidh sí ina fianaise ar na himeachtaí. | |
[EN] | (3) Nuair a dhéanfar miontuairiscí de réir an ailt seo ar na himeachtaí ag aon chruinniú ginearálta den chuideachta nó ag aon chruinniú de stiúrthóirí nó de choiste stiúrthóirí, ansin, go dtí go gcruthófar a mhalairt, measfar go ndearnadh an cruinniú a thionól agus a chomóradh go cuí, agus na himeachtaí go léir a bhí ann a bheith ann go cuí, agus measfar gach stiúrthóir nó leachtaitheoir a ceapadh a bheith ceaptha go bailí. | |
[EN] | (4) Má mhainníonn cuideachta fo-alt (1) a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain. | |
[EN] |
Scrúdú leabhar miontuairiscí. |
146. —(1) Déanfar na leabhair ina mbeidh na miontuairiscí ar imeachtaí aon chruinnithe ghinearálta de chuideachta a thionólfar tar éis an dáta feidhme a choimeád in oifig chláraithe na cuideachta, agus beidh siad ar fáil chun a scrúdaithe ag aon chomhalta gan táille a íoc le linn uaire gnó (ach sin faoi réir cibé srianta réasúnacha a fhorchuirfidh an chuideachta lena hairteagail nó i gcruinniú ginearálta, ionas go lamhálfar 2 uair a chloig ar a laghad gach lá lena scrúdú). |
[EN] | (2) Beidh teideal ag aon chomhalta chun go bhfaighidh sé, laistigh de 7 lá tar éis dó sin a iarraidh ar an gcuideachta, cóip d'aon mhiontuairiscí mar a dúradh ar tháille nach mó ná scilling in aghaidh gach 100 focal. | |
[EN] | (3) Má dhiúltaítear cead chun aon scrúdú a éileofar faoin alt seo a dhéanamh nó mura gcuirfear ar aghaidh, laistigh den tréimhse chuí, aon chóip a éileofar faoin alt seo, dlífear fíneáil nach mó ná £25 in aghaidh gach ciona a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain. | |
[EN] | (4) I gcás aon diúltú nó mainneachtain den sórt sin a dhéanamh féadfaidh an chúirt, le hordú, a éigniú go gcuirfear na leabhair i dtaobh imeachtaí uile cruinnithe ginearálta faoi scrúdú nó a ordú go ndéanfar na cóipeanna a éilíodh a chur chuig na daoine a d'éiligh iad. | |
Cuntais agus Iniúchadh. | ||
[EN] |
Leabhair chuntais a choimeád. |
147. —(1) Cuirfidh gach cuideachta faoi deara go gcoimeádfar leabhair chuntais mar is cuí a bhainfidh— |
[EN] | (a) leis na suimeanna airgid go léir a gheobhaidh agus a chaithfidh an chuideachta agus leis na nithe a bhfuarthas agus ar caitheadh iad ina leith; | |
[EN] | (b) leis na hearraí uile a dhíolfaidh agus a cheannóidh an chuideachta; | |
[EN] | (c) le sócmhainní agus dliteanais na cuideachta. | |
[EN] | (2) Chun críocha fho-alt (1), ní mheasfar leabhair chuntais a bheith á gcoimeád mar is cuí maidir leis na hábhair réamhráite mura gcoimeádtar na leabhair is gá chun léargas fíorcheart a thabhairt ar staid chúrsaí na cuideachta agus chun a hidirbhearta a mhíniú. | |
[EN] | (3) Faoi réir fho-alt (4), coimeádfar na leabhair chuntais in oifig chláraithe na cuideachta nó i cibé áit eile is cuí leis na stiúrthóirí, agus beidh siad ar fáil gach tráth réasúnach chun a scrúdaithe ag na stiúrthóirí. | |
[EN] | (4) Má choimeádtar leabhair chuntais in áit lasmuigh den Stát, cuirfear go dtí áit sa Stát, agus coimeádfar ann, agus beidh ar fáil gach tráth réasúnach chun a scrúdaithe ag na stiúrthóirí, cibé cuntais agus tuairisceáin ar an ngnó lena ndéileáiltear sna leabhair chuntais a choimeádtar amhlaidh a chuirfidh i bhfios go réasúnta cruinn cad é an staid airgeadais atá ar an ngnó sin i gceann tréimhsí nach faide ó chéile ná 6 mhí agus a bhéarfaidh go bhféadfar a ullmhú de réir an Achta seo clár comhardaithe na cuideachta, a cuntas sochair agus dochair nó a cuntas ioncaim agus caiteachais, agus aon doiciméad a bheidh i gceangal le haon cheann de na doiciméid sin ag tabhairt eolais is gá de réir an Achta seo agus a cheadaítear dá réir a thabhairt amhlaidh. | |
[EN] | (5) Déanfaidh an chuideachta gach taifead is gá a choimeád faoin alt seo a chaomhnú go ceann sé bliana tar éis an dáta lena mbaineann an taifead. | |
[EN] | (6) Má mhainníonn aon duine is stiúrthóir ar chuideachta gach beart réasúnach a dhéanamh chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh an chuideachta ceanglais an ailt seo, nó má bhíonn sé trína ghníomh toiliúil féin ina chúis le haon mhainneachtain ag an gcuideachta faoin alt seo, dlífear, ar é a chiontú go hachomair, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí nó fíneáil nach mó ná £100, nó iad araon, a chur air i leith gach ciona, sa dóigh, áfach,— | |
[EN] | (a) in aon imeachtaí in aghaidh duine i leith ciona faoin alt seo arb é a bheidh ann mainneachtain i mbearta réasúnacha a dhéanamh chun a áirithiú go gcomhlíonfadh an chuideachta ceanglais an ailt seo, gur cosaint é a chruthú go raibh cúis réasúnach aige chun a chreidiúint, agus gur chreid sé, gur cuireadh de dhualgas ar dhuine inniúil iontaofa féachaint chuige go gcomhlíonfaí na ceanglais sin agus go raibh an duine sin i gcaoi an dualgas sin a dhéanamh; agus | |
[EN] | (b) nach gcuirfear pianbhreith príosúnachta ar dhuine i leith ciona den sórt sin murab é tuairim na cúirte a dhéileálfaidh leis an gcás go ndearnadh an cion go toiliúil. | |
[EN] |
Cuntas sochair agus dochair agus clár comhardaithe. |
148. —(1) Ar dháta éigin nach déanaí ná 18 mí tar éis an chuideachta a chorprú, agus ina dhiaidh sin uair amháin ar a laghad i ngach bliain féilire, leagfaidh stiúrthóirí gach cuideachta faoi bhráid chruinniú ginearálta bliantúil na cuideachta cuntas sochair agus dochair nó, i gcás cuideachta nach bhfuil ag trádáil le haghaidh brabúis, cuntasioncaim agus caiteachais, don tréimhse, i gcás an chéad chuntais, ó corpraíodh an chuideachta, agus in aon chás eile, ón gcuntas roimhe sin, agus é déanta amach anuas go dtí dáta nach luaithe ná 9 mí roimh dháta an chruinnithe. |
[EN] | (2) Cuirfidh na stiúrthóirí faoi deara go ndéanfar amach i ngach bliain féilire, agus go leagfar faoi bhráid chruinniú ginearálta bliantúil na cuideachta, clár comhardaithe amhail ar an dáta a mbeidh an cuntas sochair agus dochair nó an cuntas ioncaim agus caiteachais, cibé acu é, déanta amach anuas go dtí é. | |
[EN] | (3) Má mhainníonn aon duine is stiúrthóir ar chuideachta gach beart réasúnach a dhéanamh chun forálacha an ailt seo a chomhlíonadh, dlífear, ar é a chiontú go hachomair, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí nó fíneáil nach mó ná £100, nó iad araon, a chur air i leith gach ciona, sa dóigh, áfach,— | |
[EN] | (a) in aon imeachtaí in aghaidh duine i leith ciona faoin alt seo, gur cosaint é a chruthú go raibh cúis réasúnach aige chun a chreidiúint, agus gur chreid sé, gur cuireadh de dhualgas ar dhuine inniúil iontaofa féachaint chuige go gcomhlíonfaí an t-alt seo agus go raibh an duine sin i gcaoi an dualgas sin a dhéanamh; agus | |
[EN] | (b) nach gcuirfear pianbhreith príosúnachta ar dhuine i leith ciona den sórt sin murab é tuairim na cúirte a dhéileálfaidh leis an gcás go ndearnadh an cion go toiliúil. | |
[EN] |
Ábhair agus foirm na gcuntas; ríomh na mbrabús agus na gcaillteanas, agus mar a dhéileálfar leo. |
149. —(1) Tabharfaidh gach clár comhardaithe ó chuideachta léargas fíorcheart ar staid chúrsaí na cuideachta amhail mar a bhí i ndeireadh a bliana airgeadais, agus tabharfaidh gach cuntas sochair agus dochair ó chuideachta léargas fíorcheart ar bhrabús nó caillteanas na cuideachta don bhliain airgeadais. |
[EN] | (2) Ní foláir clár comhardaithe cuideachta agus a cuntas sochair agus dochair a bheith de réir cheanglais an Séú Sceideal sa mhéid go mbaineann siad leo. | |
[EN] | (3) Ach amháin mar a fhoráiltear go sainráite sna forálacha ina dhiaidh seo den alt seo nó i gCuid III den Séú Sceideal, ní dhéanfaidh ceanglais fho-alt (2) agus an Séú Sceideal dochar do cheanglais ghinearálta fho-alt (1) ná d'aon cheanglais eile san Acht seo. | |
[EN] | (4) Ní bhainfidh fo-ailt (1) agus (2) le cuntas sochair agus dochair cuideachta más rud é— | |
[EN] | (a) go bhfuil fochuideachtaí ag an gcuideachta; agus | |
[EN] | (b) go mbeidh an cuntas sochair agus dochair cumtha ina chuntas comhdhlúite sochair agus dochair a dhéileálann le gach ceann nó aon cheann d'fhochuideachtaí na cuideachta maraon leis an gcuideachta féin; agus— | |
[EN] | (i) go gcomhlíonfaidh sé ceanglais an Achta seo maidir le cuntais chomhdhlúite sochair agus dochair, agus | |
[EN] | (ii) go dtaispeánfaidh sé cé mhéad den sochar nó den dochar comhdhlúite don bhliain airgeadais a ndéileáiltear leis i gcuntais na cuideachta. | |
[EN] | (5) Ní dhéanfar, chun críche ar bith, na brabúis nó na caillteanais is inchurtha i leith aon scaireanna i bhfochuideachta atá á sealbhú de thuras na huaire ag cuideachta shealbhaíochta nó ag aon cheann eile dá fochuideachtaí, a áireamh i gcuntais na cuideachta sealbhaíochta mar bhrabúis nó caillteanais ioncaim sa mhéid gur brabúis nó caillteanais iad don tréimhse roimh an dáta a fuair, nó ar amhail uaidh a fuair, an chuideachta nó aon cheann dá fochuideachtaí na scaireanna, agus chun a chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil aon bhrabúis nó caillteanais le háireamh mar bhrabúis nó caillteanais don tréimhse sin, féadfar an brabús nó an caillteanas d'aon bhliain airgeadais ag an bhfochuideachta, mura bhfuil sé praiticiúil é a chionroinnt go reasúnta cruinn faoi threoir na bhfíoras, a áireamh mar bhrabús nó caillteanas a bhí ag faibhriú ó lá go lá i gcaitheamh na bliana sin agus é a chionroinnt dá réir sin. Ar choinníoll, áfach, más deimhin leis na stiúrthóirí agus na hiniúchóirí, agus go ndeimhneoidh siad amhlaidh, go mbeadh sé cóir agus réasúnach agus nach ndéanfadh sé dochar do chearta agus do leasanna aon duine, go bhféadfar na brabúis nó na caillteanais is inchurtha i leith aon scaireanna i bhfochuideachta a áireamh ar dhóigh seachas de réir an fho-ailt seo. | |
[EN] | (6) (a) Ní dhéanfar barrachas caipitil as athluacháil ar shócmhainní dochta neamhréadaithe a áireamh mar bharrachas atá ar fáil, go díreach ná go neamhdhíreach, lena dháileadh i ndíbhinní ná chun íoc as bintiúir nó as stoc iasachta eile ná chun glaochanna a íoc ar scaireanna páirtíoctha. | |
[EN] | (b) Féadfar glanbharrachas caipitil neamhréadaithe (a bunaíodh trí athluacháil bona fide ar shocmhainní dochta uile na cuideachta) de bhreis ar leabhar-luach na sócmhainní roimhe sin a úsáid chun íoc as scaireanna neamheisithe de chuid na cuideachta, seachas scaireanna tosaíochta infhuascailte, atá le heisiúint chun comhaltaí mar scaireanna bónais láníoctha. | |
[EN] | (7) Má mhainníonn aon duine is stiúrthóir ar chuideachta gach beart réasúnach a dhéanamh chun a áirithiú go ndéanfar, i ndáil le haon chuntas a leagfar faoi bhráid cruinniú ginearálta bliantúil cuideachta, comhlíonadh ar an alt seo agus ar cheanglais eile an Achta seo, maidir leis na hábhair atá le lua i gcuntais, dlífear, ar é a chiontú go hachomair, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí nó fíneáil nach mó ná £100, nó iad araon, a chur air i leith gach ciona, sa dóigh, áfach— | |
[EN] | (a) in aon imeachtaí in aghaidh duine i leith ciona faoin alt seo, gur cosaint é a chruthú go raibh cúis réasúnach aige chun a chreidiúint, agus gur chreid sé, gur cuireadh de dhualgas ar dhuine inniúil iontaofa féachaint chuige go gcomhlíonfaí na forálacha sin nó na ceanglais eile sin, cibé acu é, agus go raibh an duine sin i gcaoi an dualgas sin a dhéanamh; agus | |
[EN] | (b) nach gcuirfear pianbhreith príosúnachta ar dhuine i leith aon chiona den sórt sin murab é tuairim na cúirte a dhéileálfaidh leis an gcás go ndearnadh an cion go toiliúil. | |
[EN] | (8) Chun críocha an ailt seo agus na bhforálacha ina dhiaidh seo den Acht seo, mura léir a mhalairt d'inntin— | |
[EN] | (a) folóidh aon tagairt do chlár comhardaithe, nó do chuntas sochair agus dochair, aon nótaí ar an gcéanna nó aon doiciméad a bheidh i gceangal leis ag tabhairt eolais is gá de réir an Achta seo agus a cheadaítear dá réir a thabhairt amhlaidh; agus | |
[EN] | (b) áireofar aon tagairt do chuntas sochair agus dochair, i gcás cuideachta nach bhfuil ag trádáil le haghaidh brabúis, mar thagairt dá cuntas ioncaim agus caiteachais, agus déanfar tagairtí do bhrabús nó do chaillteanas agus, i gcás fochuideachtaí a bheith ag an gcuideachta, tagairtí do chuntas comhdhlúite sochair agus dochair, a fhorléiriú dá réir sin. | |
[EN] |
Oibleagáid chun grúpchuntais a leagan faoi bhráid cuideachta sealbhaíochta. |
150. —(1) I gcás fochuideachtaí a bheith ag cuideachta i ndeireadh a bliana airgeadais, déanfar, faoi réir fho-alt (2), agus, i gcás cuideachta phríobháideach, faoi réir alt 154, cuntais nó ráitis (dá ngairtear “grúpchuntais” san Acht seo) a dhéileálann mar a luaitear anseo ina dhiaidh seo le staid chúrsaí, agus le brabús nó caillteanas, na cuideachta agus na bhfochuideachtaí (lena n-áirítear na cinn atá faoi leachtú), a leagan faoi bhráid chruinniú ginearálta bliantúil na cuideachta nuair a bheidh clár comhardaithe na cuideachta féin agus a cuntas sochair agus dochair á leagan faoina bhráid amhlaidh. |
[EN] | (2) D'ainneoin aon ní i bhfo-alt (1)— | |
[EN] | (a) ní gá grúpchuntais más rud é go bhfuil an cuideachta i ndeireadh a bliana airgeadais ina fochuideachta ar lánúinéaracht ag comhlacht corpraithe eile a corpraíodh sa Stát; agus | |
[EN] | (b) ní gá go ndéileálfadh grúpchuntais le fochuideachta don chuideachta más é tuairim stiúrthóirí na cuideachta— | |
[EN] | (i) go bhfuil sé neamhphraiticiúil, nó nach mbeadh aon fhíorthairbhe ann do chomhaltaí na cuideachta, ag féachaint do na suimeanna beagthábhachta atá i gceist, nó go dtiocfadh costas nó moill de nach mbeadh i gcothrom leis an tairbhe a bheadh ann do chomhaltaí na cuideachta, nó | |
[EN] | (ii) go mbeadh an toradh míthreorach; agus má bhíonn na stiúrthóirí ar an tuairim sin i dtaobh gach ceann d'fhochuideachtaí na cuideachta, ní gá grúpchuntais. | |
[EN] | (3) Mura ndéileálann na grúpchuntais le fochuideachta don chuideachta, beidh teideal ag aon chomhalta den chuideachta chun go bhfaighidh sé in aisce, laistigh de 14 lá tar éis dó é sin a iarraidh ar an gcuideachta, cóip den chlár comhardaithe is déanaí ón bhfochuideachta sin a cuireadh chuig comhaltaí na fochuideachta sin, maraon le cóip de gach doiciméad is gá de réir dlí a bheith i gceangal leis agus cóip de thuarascálacha na stiúrthóirí agus na n-iniúchóirí. | |
[EN] | Mura ndéanfar aon chóip a iarrfar faoin bhfo-alt seo a chur ar aghaidh laistigh den am cuí, dlífear fíneáil nach mó ná £100 i leith gach ciona a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain mura gcruthófar go ndearna an comhalta éileamh ar chóip agus gur tugadh dó í cheana féin, agus i gcás aon mhainneachtain faoin bhfo-alt seo féadfaidh an chúirt a ordú go ndéanfar na cóipeanna a iarradh a chur chuig an gcomhalta a d'iarr iad. | |
[EN] | (4) Má mhainníonn aon duine is stiúrthóir ar chuideachta gach beart réasúnach a dhéanamh chun a áirithiú go ndéanfar, maidir leis an gcuideachta, fo-alt (1) a chomhlíonadh, dlífear, ar é a chiontú go hachomair, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí nó fíneáil nach mó ná £100, nó iad araon, a chur air i leith gach ciona, sa dóigh, áfach— | |
[EN] | (a) in aon imeachtaí in aghaidh duine i leith ciona faoin alt seo, gur cosaint é a chruthú go raibh cúis réasúnach aige chun a chreidiúint, agus gur chreid sé, gur cuireadh de dhualgas ar dhuine inniúil iontaofa féachaint chuige go gcomhlíonfaí forálacha an ailt seo agus go raibh an duine sin i gcaoi an dualgas sin a dhéanamh; agus | |
[EN] | (b) nach gcuirfear pianbhreith príosúnachta ar dhuine i leith ciona faoin alt seo murab é tuairim na cúirte a dhéileálfaidh leis an gcás go ndearnadh an cion go toiliúil. | |
[EN] | (5) Chun críocha an ailt seo, measfar comhlacht corpraithe a bheith ina fhochuideachta atá ar lánúinéireacht ag comhlacht corpraithe eile mura bhfuil de chomhaltaí aige ach an comhlacht corpraithe eile sin agus na fochuideachtaí atá ar lánúinéireacht aige agus ainmnithigh an chomhlachta chorpraithe eile sin nó na bhfochuideachtaí sin. | |
[EN] |
Foirm na ngrúpchuntas. |
151. —(1) Faoi réir fho-alt (2), beidh na grúpchuntais a leagfar faoi bhráid an chruinnithe ghinearálta bhliantúil de chuideachta shealbhaíochta ina gcuntais chomhdhlúite agus beidh iontu— |
[EN] | (a) clár comhardaithe comhdhlúite a dhéileálfaidh le staid chúrsaí na cuideachta agus na bhfochuideachtaí go léir a bhfuil déileáil le déanamh leo i ngrúpchuntais; | |
[EN] | (b) cuntas comhdhlúite sochair agus dochair a dhéileálfaidh le brabús nó caillteanas na cuideachta agus na bhfochuideachtaí sin. | |
[EN] | (2) Más é tuairim stiúrthóirí na cuideachta gur fearr sin— | |
[EN] | (a) chun an t-eolas céanna nó eolas comhionann a thabhairt ar staid chúrsaí na cuideachta agus na bhfochuideachtaí sin agus ar a mbrabús nó a gcaillteanas; agus | |
[EN] | (b) chun é a thabhairt ar chuma go mbeidh sé sothuigthe ag comhaltaí na cuideachta; | |
[EN] | féadfar na grúpchuntais a ullmhú i bhfoirm seachas an ceann a fhoráiltear le fo-alt (1), agus go háirithe féadfaidh níos mó ná sraith amháin a bheith iontu de chuntais chomhdhlúite agus iad ag déileáil faoi seach leis an gcuideachta agus le grúpa amháin fochuideachtaí agus le grúpaí eile fochuideachtaí, nó de chuntais leithleacha a dhéileálfaidh le gach ceann de na fochuideachtaí, nó de ráitis a fhairsingeoidh an t-eolas ar na fochuideachtaí a bheidh i gcuntais na cuideachta féin, nó aon teaglaim de na foirmeacha sin. | |
[EN] | (3) Féadfar na grúpchuntais a chorprú go hiomlán nó go páirteach i gclár comhardaithe agus i gcuntas sochair agus dochair na cuideachta féin. | |
[EN] |
Na hábhair a bheidh i ngrúpchuntais. |
152. —(1) Tabharfaidh na grúpchuntais a leagfar faoi bhráid an chruinnithe ghinearálta bhliantúil de chuideachta léargas fíorcheart ar staid chúrsaí, agus ar bhrabús nó caillteanas, na cuideachta agus na bhfochuideachtaí lena ndéileálann siad ina n-iomláine, chomh fada is a bhaineann le comhaltaí na cuideachta. |
[EN] | (2) Murab ionann bliain airgeadais fochuideachta agus bliain airgeadais na cuideachta sealbhaíochta, déileálfaidh na grúpchuntais le staid chúrsaí na fochuideachta amhail mar a bhí i ndeireadh na bliana airgeadais aici a chríochnaigh ar aon dáta le bliain airgeadais na cuideachta sealbhaíochta nó ba dhéanaí a chríochnaigh roimhe sin, agus le brabús nó caillteanas na fochuideachta don bhliain airgeadais sin. | |
[EN] | (3) Gan dochar d'fho-alt (1), más mar chuntais chomhdhlúite a ullmhófar na grúpchuntais comhlíonfaidh siad ceanglais an Séú Sceideal a mhéid is infheidhme iad maidir leo, agus mura n-ullmhófar iad amhlaidh tabharfaidh siad an t-eolas céanna nó a chomhionann d'eolas. | |
[EN] |
Bliain airgeadais chuideachta sealbhaíochta agus fhochuideachta. |
153. —(1) Cuirfidh stiúrthóirí cuideachta sealbhaíochta in áirithe go mbeidh bliain airgeadais gach ceann dá fochuideachtaí i gcomhthráth le bliain airgeadais na cuideachta féin ach amháin i gcás ina mbeidh cúiseanna maithe ina aghaidh sin. |
[EN] | (2) Má fheictear don Aire go bhfuil sé inmhianaithe go ndéanfadh cuideachta shealbhaíochta nó fochuideachta do chuideachta shealbhaíochta a bliain airgeadais a fhadú ionas go gcríochnódh bliain airgeadais na fochuideachta ar aon dáta le bliain airgeadais na cuideachta sealbhaíochta, agus chun na críche sin go gcuirfí siar ó bhliain féilire áirithe go dtí an bhliain féilire ina dhiaidh sin leagan na gcuntas iomchuí faoi bhráid cruinnithe ghinearálta bhliantúil, féadfaidh an tAire, ar iarratas, nó le toiliú, stiúrthóirí na cuideachta a mbeidh a bliain airgeadais le fadú, a ordú, i gcás na cuideachta sin, nach gá cuntais a leagan faoi bhráid cruinnithe ghinearálta bhliantúil, ná cruinniú ginearálta bliantúil a thionól, ná tuairisceán bliantúil a thabhairt, sa bhliain is túisce de na blianta féilire sin. | |
[EN] | (3) Má mhainníonn aon duine is stiúrthóir ar chuideachta gach beart réasúnach a dhéanamh chun a airithiú go gcomhlíonfaidh an chuideachta forálacha an ailt seo, dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fineáil nach mó ná £50 a chur air i leith gach ciona, | |
[EN] | (4) Ní thionscnófar aon imeachtaí faoin alt seo ach amháin ag an Aire nó lena thoiliú. | |
[EN] | (5) Ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le cuideachta phríobháideach is cuideachta shealbhaíochta agus a bhainfidh leas as fo-alt (1) d'alt 154. | |
[EN] |
Ceart comhalta de chuideachta phríobháideach chun clár comhardaithe fochuideachta a fháil. |
154. —(1) D'ainneoin alt 150, ní gá do chuideachta phríobháideach is cuideachta shealbhaíochta grúpchuntais a ullmhú, ach mura ndéanfaidh sí amhlaidh beidh feidhm ag na forálacha ina dhiaidh seo den alt seo. |
[EN] | (2) Beidh teideal ag aon chomhalta den chuideachta chun go bhfaighidh sé in aisce, laistigh de 14 lá tar éis dó é sin a iarraidh ar an gcuideachta, cóip den chlár comhardaithe is déanaí ó gach ceann dá fochuideachtaí a cuireadh chuig comhaltaí na fochuid eachta sin, maraon le cóip de gach doiciméad is gá de réir dlí a bheith i gceangal leis agus cóip de thuarascálacha na stiúrthóirí agus na n-iniúchóirí. | |
[EN] | (3) Gan dochar d'fho-alt (2), beidh teideal ag aon chomhalta den chuideachta chun go bhfaighidh sé, laistigh de 14 lá tar éis dó é sin a iarraidh ar an gcuideachta, cóip d'aon chlár comhardaithe (lena n-áirítear gach doiciméad is gá de réir dlí a bheith i gceangal leis agus cóip de thuarascálacha na stiúrthóirí agus na n-iniúchóirí) ó aon fhochuideachta don chuideachta a leagadh faoi bhráid aon chruinnithe ghinearálta bhliantúil den fhochuideachta sin a tionóladh ón dáta feidhme i leith, ar tháille nach mó ná 2 scilling a íoc ar gach clár comhardaithe a chuirfear ar fáil amhlaidh, sa dóigh, áfach, nach mbeidh comhalta i dteideal cóip a fháil d'aon chlár comhardaithe a leagadh faoi bhráid chruinniú ginearálta bliantúil a tionóladh breis is 10 mbliana roimh an dáta a iarrfar sin. | |
[EN] | (4) Ní gá cóipeanna de chláir chomhardaithe a chur chuig aon chomhalta de chuideachta phríobháideach, más rud é, ar iarratas ón gcuideachta nó ó aon duine a bheidh á éileamh gur duine éagóirithe é, gur deimhin leis an gcúirt go bhfuil na cearta a thugtar leis an alt seo á mí-úsáid, agus féadfaidh an chúirt a ordú go mbeidh costais na cuideachta i gcás iarratais faoin bhfo-alt seo le híoc go hiomlán nó go páirteach ag an gcomhalta a d'iarr na cóipeanna sin. | |
[EN] | (5) Faoi réir fho-alt (4), mura ndéanfar aon chóip a iarrfar faoin alt seo a chur ar aghaidh laistigh den am cuí, dlífear fíneáil nach mó ná £100 i leith gach ciona a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain, mura gcruthófar go ndearna an comhalta éileamh ar chóip agus gur tugadh dó í cheana féin. | |
[EN] | (6) I gcás aon mhainneachtain faoin alt seo, féadfaidh an chúirt a ordú go ndéanfar na cóipeanna a éilíodh a chur chuig an gcomhalta a d'éiligh iad. | |
[EN] |
Míniú ar “cuideachta shealbhaíochta” agus “fochuideachta”. |
155. —(1) Chun críocha an Achta seo, measfar, faoi réir fho-alt (3), cuideachta a bheith ina fochuideachta do chuideachta eile i gcás, agus sa chás sin amháin— |
[EN] | (a) an chuideachta eile sin— | |
[EN] | (i) a bheith ina comhalta di agus ceannas a bheith aici ar chomhdhéanamh a boird stiúrthóirí, nó | |
[EN] | (ii) a bheith i seilbh breis is a leath, de réir luacha ainmniúil, dá scairchaipiteal cothromais, nó | |
[EN] | (iii) a bheith i seilbh breis is a leath, de réir luacha ainmniúil, de na scaireanna inti a ngabhann cearta vótála leo (seachas cearta vótála nach n-éireoidh ach amháin in imthosca sonraithe); nó | |
[EN] | (b) an chuideachta chéadluaite a bheith ina fochuideachta d'aon chuideachta is fochuideachta don chuideachta eile sin. | |
[EN] | (2) Chun críocha fho-alt (1), measfar comhdhéanamh bord stiúrthóirí cuideachta a bheith faoi cheannas cuideachta eile i gcás, agus sa chás sin amháin, ina bhféadfaidh an chuideachta eile sin, trí chumhacht éigin is infheidhmithe aici a fheidhmiú gan toiliú ná comhthoiliú aon duine eile, sealbhóirí na stiúrthóireachtaí go léir, nó a bhformhór, a cheapadh nó a chur as oifig; ach chun críocha na forála seo, measfar cumhacht a bheith ag an gcuideachta eile sin duine a cheapadh chun stiúrthóireachta a gcomhlíontar aon choinníoll acu seo a leanas ina leith— | |
[EN] | (a) nach féidir duine a cheapadh chuici gan an chuideachta eile sin cumhacht den sórt a luaitear a fheidhmiú ina fhabhar; nó | |
[EN] | (b) go leanann ceapadh duine chuici, de riachtanas, as a cheapadh ina stiúrthóir ar an gcuideachta eile sin. | |
[EN] | (3) Chun a chinneadh cé acu atá cuideachta ina fochuideachta do chuideachta eile nó nach bhfuil— | |
[EN] | (a) déanfar aon scaireanna atá ar seilbh, nó aon chumhacht is infheidhmithe, ag an gcuideachta eile sin i gcáil mhuiníneach a áireamh mar scaireanna nach bhfuil ar seilbh, nó mar chumhacht nach bhfuil infheidhmithe, aici; | |
[EN] | (b) faoi réir míreanna (c) agus (d), déanfar aon scaireanna a bheidh ar seilbh nó aon chumhacht is infheidhmithe— | |
[EN] | (i) ag aon duine mar ainmnitheach le haghaidh na cuideachta eile sin (taobh amuigh de chás nach bhfuil cúram ar an gcuideachta eile sin ach amháin i gcáil mhuiníneach); nó | |
[EN] | (ii) ag fochuideachta, nó ag ainmnitheach le haghaidh fochuideachta, den chuideachta eile sin, nuair nach fochuideachta í gan cúram uirthi ach amháin i gcáil mhuiníneach; | |
[EN] | a áireamh mar scaireanna atá ar seilbh, nó mar chumhacht is infheidhmithe, ag an gcuideachta eile sin; | |
[EN] | (c) tabharfar neamhaird ar aon scaireanna a bheidh ar seilbh, nó ar aon chumhacht is infheidhmithe, ag aon duine de bhua forálacha aon bhintiúir de chuid na cuideachta céadluaite nó forálacha gníomhais iontaobhais chun aon eisiúint bintiúr den sórt sin a urrú; | |
[EN] | (d) déanfar aon scaireanna a bheidh ar seilbh, nó aon chumhacht is infheidhmithe, ag an gcuideachta eile sin nó ag a fochuideachta nó ag ainmnitheach lena haghaidh (agus nach bhfuil ar seilbh nó infheidhmithe mar a luaitear i mír (c) a áireamh mar scaireanna nach bhfuil ar seilbh, nó mar chumhacht nach bhfuil infheidhmithe, ag an gcuideachta eile sin más cuid de ghnáthghnó na cuideachta eile sin nó a fochuideachta, cibé acu é, airgead a thabhairt ar iasacht, agus nach bhfuil na scaireanna ar seilbh, nó an chumhacht infheidhmithe, mar a dúradh ach amháin mar urrús chun críocha idirbhirt a rinneadh i ngnáthchúrsa an ghnó sin. | |
[EN] | (4) Chun críocha an Achta seo, measfar cuideachta a bheith ina cuideachta shealbhaíochta ag cuideachta eile i gcás, agus sa chás sin amháin, an chuideachta eile sin a bheith ina fochuideachta di. | |
[EN] | (5) San alt seo folaíonn “cuideachta” aon chomhlacht corpraithe agus ciallaíonn “scairchaipiteal cothromais”, maidir le cuideachta, a scairchaipiteal eisithe taobh amuigh d'aon chuid de nach bhfuil, ó thaobh díbhinní ná ó thaobh caipitil, aon cheart ag gabháil léi chun bheith rannpháirteach thar mhéid sonraithe i ndáileadh. | |
[EN] |
Siniú an chláir chomhardaithe agus an chuntais sochair agus dochair. |
156. —(1) Ní folair gach clár comhardaithe agus gach cuntas sochair agus dochair ó chuideachta a bheith sínithe thar ceann na stiúrthóirí ag beirt de stiúrthóirí na cuideachta. |
[EN] | (2) I gcás cuideachta bhaincéireachta a cláraíodh tar éis an 15ú lá de Lúnasa, 1879, ní foláir an clár comhardaithe agus an cuntas sochair agus dochair a bheith sínithe ag an rúnaí agus, má tá níos mó ná trí stiúrthóir ar an gcuideachta, ag triúr ar a laghad de na stiúrthóirí sin, agus mura bhfuil níos mó ná trí stiúrthóir ann ag na stiúrthóirí go léir. | |
[EN] | (3) Má dhéantar aon chóip de chlár comhardaithe nó de chuntas sochair agus dochair nár síníodh mar is gá de réir an ailt seo a eisiúint, a scaipeadh nó a fhoilsiú, dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain. | |
[EN] | (4) Ní chuirfidh fo-alt (3) toirmeasc le heisiúint, scaipeadh ná foilsiú a dhéanamh— | |
[EN] | (a) ar choimriú cóir cruinn ar aon chuntas sochair agus dochair agus clár comhardaithe agus ar thuarascáil na n-iniúchóirí ina dtaobh tar éis an cuntas sochair agus dochair sin agus an clár comhardaithe sin a bheith sínithe thar ceann na stiúrthóirí; | |
[EN] | (b) ar choimriú cóir cruinn ar fhigiúirí an bhrabúis nó an chaillteanais do chuid de bhliain airgeadais na cuideachta. | |
[EN] |
Doiciméid atá le bheith ag gabháil agus i gceangal leis an gclár comhardaithe. |
157. —(1) Déanfar an cuntas sochair agus dochair agus, sa mhéid nach mbeidh siad corpraithe sa chlár comhardaithe ná sa chuntas sochair agus dochair, aon ghrúpchuntais a leagfar faoi bhráid an chruinnithe ghinearálta bhliantúil de chuideachta a chur i gceangal leis an gclár comhardaithe, agus déanfar tuarascáil na n-iniúchóirí a chur ag gabháil leis, agus ní foláir aon chuntais a bheidh i gceangal amhlaidh a bheith ceadaithe ag an mbord stiúrthóirí sula síneofar an clár comhardaithe agus an cuntas sochair agus dochair thar a gceann. |
[EN] | (2) Má dhéantar aon chóip de chlár comhardaithe a eisiúint, a scaipeadh nó a fhoilsiú gan fo-alt (1) a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain. | |
[EN] |
Tuarascáil na stiúrthóirí a bheith ag gabháil leis an gclár comhardaithe, agus ábhair na tuarascála sin. |
158. —(1) Cuirfear ag gabháil le gach clár comhardaithe a leagfar faoi bhráid an chruinnithe ghinearálta bhliantúil de chuideachta tuarascáil ó na stiúrthóirí ar staid chúrsaí na cuideachta agus, más cuideachta shealbhaíochta í, ar staid chúrsaí na cuideachta agus a fochuideachtaí mar ghrúpa, an méid, más ann, a mholann siad ba chóir a íoc mar dhíbhinn agus an méid, más ann, a bheartaíonn siad a chur i gcúlchistí de réir bhrí an Séú Sceideal. |
[EN] | (2) Ní foláir an tuarascáil sin a bheith sínithe thar ceann na stiúrthóirí ag beirt de stiúrthóirí na cuideachta. | |
[EN] | (3) Déileálfaidh an tuarascáil sin, chomh fada is atá sé fóinteach chun staid chúrsaí na cuideachta a mheas, le haon athrú a tháinig i rith na bliana airgeadais ar an gcineál gnó a rinne an chuideachta, nó fochuideachtaí na cuideachta, nó ar na cineálacha gnó ina bhfuil leas ag an gcuideachta, cibé acu mar chomhalta de chuideachta eile nó ar dhóigh eile é. | |
[EN] | (4) Tabharfar sa tuarascáil sin liosta de chomhlachtal corpraithe a mbeidh ceachtar de na coinníollacha seo a leanas comhlíonta ina leith i ndeireadh bhliain airgeadais na cuideachta— | |
[EN] | (a) go bhfuil an comhlacht corpraithe ina fhochuideachta don chuideachta; | |
[EN] | (b) cé nach fochuideachta don chuideachta an comhlacht corpraithe, go bhfuil teideal tairbhiúil ag an gcuideachta chun breis is 20 faoin gcéad, de réir luacha ainmniúil, de na scaireanna inti lena ngabhann cearta vótála (seachas cearta vótála nach n-éireoidh ach in imthosca sonraithe). | |
[EN] | (5) Sa liosta dá dtagraítear i bhfo-alt (4), déanfar idirdhealú idir comhlachtaí corpraithe a thagann faoi mhír (a) agus na cinn a thagann faoi mhír (b) den fho-alt sin, agus luafar ann maidir le gach comhlacht corpraithe acu sin | |
[EN] | (a) a ainm; | |
[EN] | (b) cár corpraíodh é; agus | |
[EN] | (c) an cineál gnó atá á sheoladh aige. | |
[EN] | (6) Ní bhainfidh fo-ailt (4) agus (5) le cuideachta arb é a príomhghnó scaireanna nó urrúis eile de chuid cuideachtaí atá ag seoladh trádála nó tionscail sa Stát a fháil agus a fhrithghealladh agus a bhfuil deimhniú díolúine aici a d'eisigh an tAire á díolmhú ó cheanglais na bhfo-alt seo. | |
[EN] | (7) Má mhainníonn aon duine, is stiúrthóir ar chuideachta, gach beart réasúnach a dhéanamh chun ceanglais an ailt seo a chomhlíonadh, dlífear, ar é a chiontú go hachomair, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí nó fíneáil nach mó ná £100, nó iad araon, a chur air i leith gach ciona, sa dóigh, áfach— | |
[EN] | (a) in aon imeachtaí in aghaidh duine i leith ciona faoin alt seo, gur cosaint é a chruthú go raibh cúis réasúnach aige chun a chreidiúint, agus gur chreid sé, gur cuireadh de dhualgas ar dhuine inniúil iontaofa féachaint chuige go gcomhlíonfaí forálacha an ailt seo agus go raibh an duine sin i gcaoi an dualgas sin a dhéanamh, agus | |
[EN] | (b) nach ndlífear pianbhreith príosúnachta a chur ar dhuine i leith ciona den sórt sin, murab é tuairim na cúirte a dhéileálfaidh leis an gcás go ndearnadh an coin go toiliúil. | |
[EN] |
Oibleagáid ar chuideachta cóipeanna de chláir chomhardaithe agus de thuarascálacha stiúrthóirí agus iniúchóirí a chur chuig comhaltaí. |
159. —(1) Faoi réir fho-ailt (2) agus (3), déanfar cóip de gach clár comhardaithe, lena n-áirítear gach doiciméad is gá de réir dlí a bheith i gceangal leis, a bheidh le leagan faoi bhráid an chruinnithe ghinearálta bhliantúil de chuideachta, maraon le cóip de thuarascálacha na stiúrthóirí agus na n-iniúchóirí, a chur amach, 21 lá ar a laghad roimh dháta an chruinnithe, chuig gach comhalta den chuideachta (cibé acu atá nó nach bhfuil sé i dteideal fógraí a fháil faoi chruinnithe ginearálta na cuideachta), chuig gach bintiúrach de chuid na cuideachta (cibé acu atá nó nach bhfuil sé i dteideal amhlaidh), agus chuig gach duine seachas comhaltaí nó bintiúraigh na cuideachta a bheidh i dteideal amhlaidh. |
[EN] | (2) I gcás cuideachta gan scairchaipiteal, ní cheanglóidh fo-alt (1) go mbeidh cóip de na doiciméid dá dtagraítear san fho-alt sin le cur chuig comhalta den chuideachta nach bhfuil i dteideal fógraí a fháil faoi chruinnithe ginearálta na cuideachta ná chuig bintiúrach de chuid na cuideachta nach bhfuil i dteideal amhlaidh. | |
[EN] | (3) Má dhéantar na cóipeanna de na doiciméid dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a chur amach faoi bhun 21 lá roimh dháta an chruinnithe, measfar, dá ainneoin sin, iad a bheith curtha amach go cuí má chomhaontaítear amhlaidh ag na comhaltaí uile atá i dteideal bheith i láthair agus vótáil ag an gcruinniú. | |
[EN] | (4) Beidh aon chomhalta de chuideachta, cibé acu atá nó nach bhfuil teideal aige chun go gcuirfí cóipeanna chuige de chláir chomhardaithe na cuideachta, agus aon bhintiúrach de chuid na cuideachta, cibé acu atá nó nach bhfuil teideal aige amhlaidh, i dteideal cóip de chlár comhardaithe deiridh na cuideachta, lena n-áirítear gach doiciméad is gá de réir dlí a bheith i gceangal leis, maraon le cóipeanna de thuarascálacha na stiúrthóirí agus na n-iniúchóirí, a fháil in aisce ar iad a éileamh. | |
[EN] | (5) Má mhainnítear fo-alt (1) a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £50 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain, agus más rud é, nuair a éileoidh aon duine aon doiciméad atá sé i dteideal a fháil de bhua fho-alt (4), nach ndéanfar de réir an éilimh laistigh de 7 lá tar éis an t-éileamh a dhéanamh, dlífear fíneáil nach mó ná £50 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain, mura gcruthófar go ndearna an duine sin éileamh ar chóip den doiciméad agus gur tugadh dó í cheana féin. | |
[EN] | (6) Ní bhainfidh fo-alt (4) le clár comhardaithe ó chuideachta phríobháideach a leagfar faoina bráid roimh an dáta feidhme agus beidh ceart aon duine chun cóip a fháil d'aon chlár comhardaithe den sórt sin, agus dliteanas na cuideachta mar gheall ar mhainneachtain i gcomhlíonadh an dualgais sin, mar a bheidís dá mba nár ritheadh an tAcht seo. | |
[EN] |
Ceapadh iniúchóirí agus a luach saothair. |
160. (1)— Faoi réir fho-alt (2), déanfaidh gach cuideachta ag gach cruinniú ginearálta bliantúil iniúchóir nó iniúchóirí a cheapadh chun bheith i seilbh oifige ó dheireadh an chruinnithe sin go dtí deireadh an chéad chruinnithe ghinearálta bhliantúil eile. |
[EN] | (2) Faoi réir fho-alt (3), déanfar, ag aon chruinniú ginearálta bliantúil, iniúchóir a bheidh ag scor dá oifig, is cuma conas a ceapadh é, a athcheapadh gan aon rún a rith, mura rud é— | |
[EN] | (a) nach bhfuil sé cáilithe chun a athcheaptha; nó | |
[EN] | (b) gur ritheadh rún ag an gcruinniú sin ag ceapadh duine éigin eile ina ionad nó á fhoráil go sainráite nach n-athcheapfar é; nó | |
[EN] | (c) gur thug sé fógra i scríbhinn don chuideachta nach toil leis go n-athcheapfaí é. | |
[EN] | (3) I gcás fógra a thabhairt go bhfuil rún á bheartú chun duine nó daoine éigin eile a cheapadh in ionad iniúchóra atá ag scor agus, mar gheall ar bhás, éagumas nó dícháilíocht an duine sin nó na ndaoine sin go léir, cibé acu é, nach féidir dul ar aghaidh leis an rún, ní dhéanfar an t-iniúchóir atá ag scor a athcheapadh, gan rún a rith, de bhua fho-alt (2). | |
[EN] | (4) I gcás nach ndéanfar aon iniúchóirí a cheapadh ná a athcheapadh ag cruinniú ginearálta bliantúil, féadfaidh an tAire duine a cheapadh chun an folúntas a líonadh. | |
[EN] | (5) Déanfaidh an chuideachta, laistigh de sheachtain tar éis cumhacht an Aire faoi fho-alt (4) a theacht chun bheith infheidhmithe, fógra ina thaobh sin a thabhairt don Aire agus, má mhainníonn cuideachta fógra a thabhairt mar a éilítear leis an bhfo-alt seo, dlífear fíneáil nach mó ná £50 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain. | |
[EN] | (6) Faoi réir a bhforáiltear anseo ina dhiaidh seo, féadfaidh na stiúrthóirí céad-iniúchóirí cuideachta a cheapadh aon uair roimh an gcéad chruinniú ginearálta bliantúil, agus beidh iniúchóirí a cheapfar amhlaidh i seilbh oifige go dtí deireadh an chruinnithe sin, sa dóigh, áfach,— | |
[EN] | (a) go bhféadfaidh an chuideachta ag cruinniú ginearálta aon iniúchóirí den sórt sin a chur as oifig agus aon daoine eile a cheapadh ina n-ionad is daoine a bheidh ainmnithe ag aon chomhalta den chuideachta lena gceapadh, agus ar tugadh fógra faoina n-ainmniú do chomhaltaí na cuideachta 14 lá ar a laghad roimh dháta an chruinnithe; agus | |
[EN] | (b) má mhainníonn na stiúrthóirí a gcumhachtaí faoin bhfo-alt seo a fheidhmiú, go bhféadfaidh an chuideachta i gcruinniú ginearálta na chéad-iniúchóirí a cheapadh, agus air sin go scoirfidh cumhachtaí sin na stiúrthóirí. | |
[EN] | (7) Féadfaidh na stiúrthóirí aon chorrfholúntas in oifig iniúchóra a líonadh, ach, fad a bheidh aon fholúntas den sórt sin ann, féadfaidh an t-iniúchóir nó na hiniúchóirí a bheidh ar marthain nó a bheidh leanúnach, más ann, gníomhú. | |
[EN] | (8) Is mar a leanas a shocrófar luach saothair iniúchóirí cuideachta— | |
[EN] | (a) i gcás iniúchóra a cheapfaidh na stiúrthóirí nó an tAire, féadfaidh na stiúrthóirí nó an tAire, de réir mar a bheidh, é a shocrú; | |
[EN] | (b) faoi réir mhír (a), socróidh an chuideachta é ag an gcruinniú ginearálta bliantúil nó socrófar é ar cibé modh a chinnfidh an chuideachta ag an gcruinniú ginearálta bliantúil. | |
[EN] | Chun críocha an fho-ailt seo, measfar aon suimeanna a íocfaidh an chuideachta i leith chaiteachais na n-iniúchóirí a bheith ar áireamh sa téarma “luach saothair”. | |
[EN] | (9) I gcás gnólacht a cheapadh faoi ainm an ghnólachta chun bheith ina n-iniúchóirí ar chuideachta, measfar gurb amhlaidh a ceapadh na daoine arb iad ó am go ham, le linn ré an cheapacháin, na comhpháirtithe sa ghnólacht sin amhail mar a bheidh sé comhdhéanta ó am go ham agus ar daoine iad atá cáilithe chun bheith ina n-iniúchóirí ar an gcuideachta sin. | |
[EN] |
Forálacha maidir le rúin a bhaineann le hiniúchóirí a cheapadh agus a chur as oifig. |
161. —(1) Beidh fógra fadtréimhse, de réir bhrí alt 142, riachtanach le haghaidh rúin ag cruinniú ginearálta bliantúil de chuideachta lena gceapfar mar iniúchóir duine seachas iniúchóir atá ag scor nó lena bhforálfar go sainráite nach ndéanfar iniúchóir atá ag scor a athcheapadh. |
[EN] | (2) Ar fhógra a fháil go bhfuil aon rún mar a dúradh á bheartú, déanfaidh an chuideachta cóip den rún sin a chur láithreach bonn chuig an iniúchóir atá ag scor (más ann). | |
[EN] | (3) Faoi réir fho-alt (4), nuair a thabharfar fógra faoi rún mar a dúradh a bheith á bheartú agus go gcuirfidh an t-iniúchóir a bheidh ag scor uiríolla i scríbhinn (nach mbeidh thar fhad réasúnach) faoi bhráid na cuideachta maidir leis an rún atá á bheartú, agus go n-iarrfaidh sé iad a chur in iúl do chomhaltaí na cuideachta, déanfaidh an chuideachta, mura bhfuil sé ródhéanach chun é sin a dhéanamh nuair a gheobhaidh sí na huiríolla— | |
[EN] | (a) ráiteas a chur in aon fhógra faoin rún a thabharfar do chomhaltaí na cuideachta á rá go ndearnadh na huiríolla; agus | |
[EN] | (b) cóip de na huiríolla a chur chuig gach comhalta den chuideachta chun a gcuirfear fógra faoin gcruinniú (cibé acu roimh na huiríolla a fháil don chuideachta nó dá éis sin é); | |
[EN] | agus mura gcuirfear cóip de na huiríolla amach mar a dúradh, mar gheall ar iad a fháil ródhéanach nó mar gheall ar mhainneachtain na cuideachta, féadfaidh an t-iniúchóir (gan dochar dá cheart chun éisteacht a fháil do ráiteas béil uaidh) a éileamh go léifear amach na huiríolla ag an gcruinniú. | |
[EN] | (4) Ní gá cóipeanna de na huiríolla a chur amach mar a dúradh, ná ní gá na huiríolla a léamh amach ag an gcruinniú mar a dúradh, más rud é, ar iarratas ón gcuideachta nó ó aon duine eile a bheidh á éileamh gur duine éagóirithe é, gur deimhin leis an gcúirt go bhfuil na cearta a thugtar leis an alt seo á mí-úsáid chun poiblíocht gan ghá a fháil d'ábhar clúmhillteach, agus féadfaidh an chúirt a ordú go mbeidh costais na cuideachta maidir le hiarratas faoin alt seo le híoc, go hiomlán nó go páirteach, ag an iniúchóir, d'ainneoin nach páirtí san iarratas é. | |
[EN] | (5) Bainfidh fo-ailt (3) agus (4) le rún chun na chéad-iniúchóirí a chur as oifig de bhua fho-alt (6) d'alt 160 amhail mar a bhaineann siad le rún nach ndéanfar iniúchóir atá ag scor a athcheapadh. | |
[EN] |
Cáilíochtaí is gá do dhuine chun é a cheapadh ina iniúchóir. |
162. —(1) Ní bheidh duine cáilithe lena cheapadh mar iniúchóir ar chuideachta mura rud é— |
[EN] | (a) gur comhalta é de chomhlacht cuntasóirí atá aitheanta de thuras na huaire chun críocha na míre seo ag an Aire; nó | |
[EN] | (b) go bhfuil údaraithe de thuras na huaire ag an Aire é a cheapadh amhlaidh ar an ábhar gur duine é a ghnóthaigh cáilíochtaí comhionanna ar dhóigh seachas ó chomhlacht den sórt sin nó gur duine é a shaothraigh eolas agus taithí leormhaith roimh an dáta feidhme i gcúrsa a fhostaíochta ag comhalta de chomhlacht cuntasóirí atá aitheanta chun críocha mhír (a) nó gur duine é a bhí ag cleachtadh sa Stát mar chuntasóir roimh an dáta feidhme. | |
[EN] | (2) Má chiontaítear iniúchóir i gcion coiriúil a bhainfidh nó a ghabhfaidh le comhlíonadh a dhualgas nó lena iompar mar iniúchóir, ní bheidh sé cáilithe lena cheapadh ina iniúchóir ar chuideachta gan cead na cúirte. | |
[EN] | (3) Ní bheidh aon duine acu seo a leanas cáilithe lena cheapadh ina iniúchóir ar chuideachta— | |
[EN] | (a) oifigeach nó seirbhíseach don chuideachta; | |
[EN] | (b) ach amháin nuair is cuideachta phríobháideach an chuideachta, duine atá ina chomhpháirtí nó atá ar fostú ag oifigeach nó seirbhíseach de chuid na cuideachta; | |
[EN] | (c) comhlacht corpraithe. | |
[EN] | Déanfar tagairtí san fho-alt seo d'oifigeach nó seirbhíseach a fhorléiriú mar thagairtí nach bhfolaíonn tagairtí d'iniúchóir. | |
[EN] | (4) Ina theannta sin, ní bheidh duine cáilithe lena cheapadh ina iniúchóir ar chuideachta má tá sé, de bhua fho-alt (3), dícháilithe lena cheapadh ina iniúchóir ar aon chomhlacht corpraithe eile arb é fochuideachta nó cuideachta shealbhaíochta na cuideachta sin é nó ar fochuideachta do cuideachta shealbhaíochta na cuideachta sin é, nó dá mbeadh sé dícháilithe amhlaidh dá mba rud é gur chuideachta an comhlacht corpraithe. | |
[EN] | (5) Aon duine a ghníomhóidh ina iniúchóir ar chuideachta nuair atá sé dícháilithe faoin alt seo, dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur air. | |
[EN] | (6) Ní bhainfidh an t-alt seo leis an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste. | |
[EN] |
Tuarascáil na n-iniúchóirí agus a gceart chun fáil a bheith acu ar leabhair agus chun bheith i láthair agus éisteacht a fháil ag cruinnithe ginearálta. |
163. —(1) Tabharfaidh na hiniúchóirí tuarascáil do na comhaltaí ar na cuntais a scrúdaigh siad, agus ar gach clár comhardaithe, gach cuntas sochair agus dochair agus gach grúpchuntas a leagfar faoi bhráid na cuideachta i gcruinniú ginearálta le linn iad a bheith i seilbh oifige, agus tabharfar ráitis sa tuarascáil i dtaobh na nithe a luaitear sa Seachtú Sceideal. |
[EN] | (2) Léifear tuarascáil na n-iniúchóirí ag cruinniú ginearálta bliantúil na cuideachta agus beidh sí ar fáil lena scrúdú ag aon chomhalta. | |
[EN] | (3) Beidh ceart ag gach iniúchóir cuideachta chun fáil a bheith aige gach tráth réasúnach ar leabhair agus cuntais agus dearbháin na cuideachta, agus beidh sé i dteideal a cheangal ar oifigigh na cuideachta cibé eolas agus mínithe a thabhairt is dóigh leis is gá chun dualgais na n-iniúchóirí a chomhlíonadh. | |
[EN] | (4) Beidh iniúchóirí cuideachta i dteideal bheith i láthair ag aon chruinniú ginearálta den chuideachta agus gach fógra agus gach scéala eile maidir le haon chruinniú ginearálta a fháil a bhfuil aon chomhalta den chuideachta i dteideal é a fháil, agus éisteacht a fháil ag aon chruinniú ginearálta a mbeidh siad i láthair aige i dtaobh aon chuid de ghnó an chruinnithe a bhaineann leo mar iniúchóirí. | |
[EN] |
Forléiriú tagairtí do dhoiciméid a bheidh i gceangal le cuntais. |
164. —(1) Faoi réir fho-alt (2), ní fholóidh tagairtí san Acht seo do dhoiciméad a bheidh i gceangal nó is gá a bheith i gceangal le cuntais chuideachta, nó le haon cheann acu, tuarascáil na stiúrthóirí ná tuarascáil na n-iniúchóirí. |
[EN] | (2) Aon eolas is gá de réir an Achta seo a thabhairt i gcuntais, agus a gceadaítear leis an Acht seo é a thabhairt i ráiteas a bheidh i gceangal leo, féadfar é a thabhairt i dtuarascáil na stiúrthóirí in ionad é a thabhairt sna cuntais agus, má thugtar eolas den sórt sin amhlaidh, cuirfear an tuarascáil i gceangal leis na cuntais, agus beidh feidhm ag an Acht seo ina leith dá réir sin, ach nach dtabharfaidh na hiniúchóirí tuarascáil uirthi ach amháin sa mhéid go dtugann sí an t-eolas sin. | |
Cigireacht. | ||
[EN] |
Imscrúdú cúrsaí cuideachta ar iarratas ó chomhaltaí. |
165. —(1) Féadfaidh an tAire cigire inniúil amháin nó níos mó a cheapadh chun cúrsaí cuideachta a imscrúdú agus tuarascáil a thabhairt orthu, ar cibé modh a ordóidh an tAire— |
[EN] | (a) i gcás cuideachta ag a bhfuil scairchaipiteal, ar iarratas ó chéad comhalta ar a laghad nó ó chomhalta nó comhaltaí a shealbhaíonn an deichiú cuid ar a laghad de scairchaipiteal íoctha na cuideachta; | |
[EN] | (b) i gcás cuideachta gan scairchaipiteal, ar iarratas ón gcúigiú cuid ar a laghad de líon na ndaoine atá ar chlár comhaltaí na cuideachta. | |
[EN] | (2) Ní foláir cibé fianaise a theastóidh ón Aire a bheith i dtacaíocht leis an iarratas chun a thaispeáint go bhfuil cúis mhaith ag na hiarratasóirí chun an t-imscrúdú a iarraidh, agus féadfaidh an tAire, sula gceapfaidh sé cigire, a cheangal ar na hiarratasóirí urrús a thabhairt, de mhéid nach mó ná £50, chun íoc as costais an imscrúdaithe. | |
[EN] |
Imscrúdú cúrsaí cuideachta i gcásanna eile. |
166. —Gan dochar dá chumhachtaí faoi alt 165— |
[EN] | (a) ceapfaidh an tAire cigire inniúil amháin nó níos mó chun cúrsaí cuideachta a imscrúdú agus tuarascáil a thabhairt orthu ar cibé modh a ordóidh an tAire, má dhearbhaíonn— | |
[EN] | (i) an chuideachta le rún speisialta; nó | |
[EN] | (ii) an chúirt le hordú; | |
[EN] | gur cóir cúrsaí na cuideachta a chur á n-imscrúdú ag cigire a cheapfaidh an tAire, agus | |
[EN] | (b) féadfaidh an tAire é sin a dhéanamh má fheictear dó go bhfuil imthosca ann a chuireann i gcéill— | |
[EN] | (i) go bhfuil gnó na cuideachta á stiúradh le hintinn calaois a dhéanamh ar a creidiúnaithe nó ar chreidiúnaithe aon duine eile nó ar dhóigh eile chun críocha calaoiseacha nó neamhdhleathacha nó go bhfuil cúrsaí na cuideachta á stiúradh nó cumhachtaí na stiúrthóirí á bhfeidhmiú ar dhóigh atá leatromach ar aon chomhaltaí dá cuid nó le neamhaird ar a leasanna mar chomhaltaí den chuideachta nó gur foirmíodh í chun aon chríche atá calaoiseach nó neamhdhleathach; nó | |
[EN] | (ii) go bhfuil daoine a raibh baint acu lena foirmiú nó le bainistíocht a cúrsaí ciontach i ndáil léi i gcalaois, i míghníomh nó i mí-iompar eile i leith na cuideachta nó i leith a comhaltaí; nó | |
[EN] | (iii) nár tugadh dá comhaltaí an t-eolas go léir maidir lena cúrsaí a mbeadh sé réasúnach acu bheith ag súil leis. | |
[EN] |
Cumhacht cigirí chun cúrsaí cuideachtaí gaolmhara a thabhairt faoi réim imscrúdaithe. |
167. —Más dóigh le cigire a cheapfar faoi ailt 165 nó 166 chun cúrsaí cuideachta a imscrúdú gur gá, chun críocha a imscrúdaithe, imscrúdú a dhéanamh freisin ar chúrsaí aon chomhlachta chorpraithe eile atá, nó a bhí aon tráth iomchuí, ina fhochuideachta nó ina chuideachta shealbhaíochta don chuideachta nó ina fhochuideachta dá cuideachta shealbhaíochta nó ina chuideachta shealbhaíochta dá fochuideachta, beidh cumhacht aige, le haontú an Aire, é sin a dhéanamh, agus tabharfaidh sé tuarascáil ar chúrsaí an chomhlachta chorpraithe eile sa mhéid gur dóigh leis go bhfuil baint ag toradh a imscrúdaithe orthu leis an imscrúdú ar chúrsaí na cuideachta céadluaite. |
[EN] |
Doiciméid a thabhairt ar aird, agus fianaise, i gcás imscrúdú. |
168. —(1) Beidh de dhualgas ar gach oifigeach agus gníomhaire don chuideachta, agus ar gach oifigeach agus gníomhaire d'aon chomhlacht corpraithe eile a ndéanfar imscrúdú ar a chúrsaí de bhua alt 167, gach leabhar agus doiciméad de chuid, nó i dtaobh, na cuideachta nó, de réir mar a bheidh, an chomhlachta chorpraithe eile, a bheidh ina gcoimeád nó faoina n-urlámhas, a thabhairt ar aird do na cigirí agus thairis sin gach cabhair a thabhairt do na cigirí is féidir leo go réasúnach a thabhairt i ndáil leis an imscrúdú. |
[EN] | (2) Féadfaidh cigire oifigigh agus gníomhairí na cuideachta nó an chomhlachta chorpraithe eile a cheistiú faoi mhionn maidir le gnó na cuideachta nó an chomhlachta chorpraithe eile agus féadfaidh sé iad a chur faoi mhionn dá réir sin. | |
[EN] | (3) Má dhiúltaíonn aon oifigeach nó gníomhaire don chuideachta nó don chomhlacht corpraithe eile aon leabhar nó doiciméad a thabhairt ar aird do na cigirí a mbeidh sé de dhualgas air faoin alt seo é a thabhairt ar aird amhlaidh nó má dhiúltaíonn sé aon cheist a fhreagairt a chuirfidh na cigirí air maidir le cúrsaí na cuideachta nó an chomhlachta chorpraithe eile, cibé acu é, féadfaidh na cigirí an diúltú a dheimhniú faoina láimh don chúirt, agus air sin féadfaidh an chúirt an cás a fhiosrú, agus tar éis di aon fhinnéithe a thabharfar ar aird in aghaidh nó ar thaobh an chiontóra líomhnaithe a éisteacht, agus aon ráiteas a thairgfear mar chosaint a éisteacht, an ciontóir a phionósú ionann is dá mbeadh sé ciontach i ndíspeagadh cúirte. | |
[EN] | (4) Faoi réir fho-alt (5), más dóigh le cigire gur gá chun críocha a imscrúdaithe go gceisteofaí faoi mhionn duine nach bhfuil aon chumhacht aige é a cheistiú amhlaidh, féadfaidh sé iarratas a dhéanamh chun na cúirte agus féadfaidh an chúirt, más cuí léi é, a ordú don duine sin teacht i láthair lena cheistiú faoi mhionn os a comhair ar aon ní a bhaineann le hábhar an imscrúdaithe, agus ar aon cheistiú den sórt sin a dhéanamh— | |
[EN] | (a) féadfaidh an cigire páirt a ghlacadh ann trí aturnae nó abhcóide; | |
[EN] | (b) féadfaidh an chúirt cibé ceisteanna is cuí léi a chur ar an duine a bheidh faoi cheistiú; | |
[EN] | (c) freagróidh an duine a bheidh faoi cheistiú gach ceist a chuirfidh an chúirt air nó a cheadóidh sí a chur air, ach, féadfaidh sé, ar a chostas féin, aturnae a fhostú, i dteannta nó d'éagmais abhcóide, agus beidh cead aigesean cibé ceisteanna a chur air a mheasfaidh an chúirt a bheith cóir chun go bhféadfaidh sé aon fhreagraí a thug sé a mhíniú nó a cháiliú; | |
[EN] | agus tógfar síos i scríbhinn nótaí ar an scrúdú, agus léifear iad don duine a ceistíodh, nó léifidh sé féin iad, agus síneoidh sé iad, agus féadfar iad a úsáid i bhfianaise ina choinne ina dhiaidh sin. | |
[EN] | (5) D'aineoin aon ní i mír (c) d'fho-alt (4), féadfaidh an chúirt cibé costais is cuí léi, dá rogha féin, a cheadú don duine a ceistíodh, agus déanfar aon chostais a cheadófar amhlaidh a íoc mar chuid de chostais an imscrúdaithe. | |
[EN] | (6) San alt seo, folóidh aon tagairt d'oifigigh nó do ghníomhairí daoine a bhí, chomh maith le daoine atá, ina n-oifigigh nó ina ngníomhairí, cibé acu é, agus chun críocha an ailt seo folóidh “gníomhairí”, maidir le cuideachta nó le comhlacht corpraithe eile, baincéirí agus aturnaetha na cuideachta nó an chomhlachta chorpraithe eile agus aon daoine ar fostú ag an gcuideachta nó ag an gcomhlacht corpraithe eile mar iniúchóirí, cibé acu is oifigigh don chuideachta nó don chomhlacht corpraithe eile na daoine sin nó nach ea. | |
[EN] |
Tuarascáil na gcigirí. |
169. —(1) Féadfaidh na cigirí, agus má ordaíonn an tAire dóibh é déanfaidh siad, tuarascálacha eatramhacha a thabhairt don Aire, agus ar chríochnú an imscrúdaithe tabharfaidh siad tuarascáil deiridh don Aire. |
[EN] | Is i scríbhinn nó i gcló, de réir mar a ordóidh an tAire, a bheidh aon tuarascáil den sórt sin. | |
[EN] | (2) Déanfaidh an tAire— | |
[EN] | (a) cóip d'aon tuarascáil ó na cigirí a chur ar aghaidh chuig oifig chláraithe na cuideachta; | |
[EN] | (b) más cuí leis an Aire é, cóip de a thabhairt, ar í a iarraidh agus ar an táille fhorordaithe a íoc, d'aon duine eile is comhalta den chuideachta nó d'aon chomhlacht corpraithe eile ar déileáladh leis sa tuarascáil de bhua alt 167 nó a bhfeictear don Aire go ndéanann an tuarascáil difear dá leasanna mar chreidiúnaí de chuid na cuideachta nó de chuid aon chomhlachta chorpraithe eile den sórt a dúradh; | |
[EN] | (c) i gcás na cigirí a cheapadh faoi alt 165, cóip a thabhairt d'iarratasóirí an imscrúdaithe má iarrann siad í; agus | |
[EN] | (d) i gcás na cigirí a cheapadh faoi alt 166 de bhun ordú ón gcúirt, cóip a thabhairt don chúirt; | |
[EN] | agus féadfaidh sé freisin a chur faoi deara go gclófar agus go bhfoilseofar an tuarascáil. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an tAire an tuarascáil a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus beidh an foilsiú sin faoi phribhléid. | |
[EN] |
Imeachtaí ar thuarascáil chigirí. |
170. —(1) Má fheictear don Aire, ó aon tuarascáil a thabharfar faoi alt 169, go bhfuil duine ar bith, maidir leis an gcuideachta nó le haon chomhlacht corpraithe eile ar imscrúdaíodh a chúrsaí de bhua alt 167, ciontach in aon chion a bhfuil sé faoi dhliteanas coiriúil ina leith, cuirfidh an tAire an cás faoi bhráid an Ard-Aighne. |
[EN] | (2) Má chuirtear aon ní faoi bhráid an Ard-Aighne faoin alt seo agus go measfaidh sé gur cás é inar cheart ionchúiseamh a thionscnamh agus go dtionscnóidh sé imeachtaí dá réir sin, beidh sé de dhualgas ar gach oifigeach agus gníomhaire don chuideachta nó don chomhlacht corpraithe eile mar a dúradh, cibé acu é, (taobh amuigh den chosantóir sna himeachtaí), gach cabhair is féidir leo go réasúnach a thabhairt dó i ndáil leis an ionchúiseamh. | |
[EN] | Beidh feidhm ag fo-alt (6) d'alt 168 chun críocha an fho-ailt seo faoi mar atá feidhm aige chun críche an ailt sin. | |
[EN] | (3) Más rud é, i gcás aon chomhlacht corpraithe a dhlífear a fhoirceannadh faoin Acht seo, go bhfeicfear don Aire, ó aon tuarascáil den sórt a dúradh, go bhfuil sé fóirsteanach é sin a dhéanamh, mar gheall ar aon imthosca den sórt dá dtagraítear i bhfomhír (i) nó fomhír (ii) de mhír (b) d'alt 166, féadfaidh an tAire, mura ag an gcúirt a bheidh an comhlacht corpraithe á fhoirceannadh, achainí a thíolacadh chun é a fhoirceannadh amhlaidh ar an bhforas go bhfuil sé cóir cothromasach go ndéanfaí foirceannadh air nó ar an bhforas go bhfuil cúrsaí na cuideachta á stiúradh nó cumhachtaí na stiúrthóirí á bhfeidhmiú ar dhóigh atá leatromach ar aon chomhaltaí dá cuid nó le neamhaird ar a leasanna mar chomhaltaí den chuideachta, nó achainí a thíolacadh ag iarraidh ordú faoi alt 205 nó iad araon a thíolacadh. | |
[EN] | (4) Má fheictear don Aire, ó aon tuarascáil den sórt a dúradh, gur ceart, ar mhaithe le leas an phobail, go ndéanfadh aon chomhlacht corpraithe a ndéileálfar leis sa tuarascáil imeachtaí a thionscnamh chun damáistí a ghnóthú i leith aon chalaoise, míghnímh nó mí-iompair eile i ndáil le tionscnamh nó foirmiú an chomhlachta chorpraithe sin nó le bainistí a cúrsaí, nó chun aon mhaoin leis an gcomhlacht corpraithe a cuireadh chun mífheidhme nó a coinníodh go héagórach a aisghabháil, féadfaidh an tAire imeachtaí chun na críche sin a thionscnamh é féin in ainm an chomhlachta chorpraithe. | |
[EN] | (5) Déanfaidh an tAire an comhlacht corpraithe a shlánú in aghaidh costas nó caiteachas faoina rachaidh sé in aon imeachtaí, nó i ndáil le haon imeachtaí, a thionscnófar de bhua fho-alt (4). | |
[EN] |
Costais an imscrúdaithe ar chúrsaí cuideachta. |
171. —(1) Íocfaidh an tAire, ar an gcéad ásc, na caiteachais a bhainfidh agus a ghabhfaidh le himscrúdú ag cigire a cheapfaidh an tAire faoi na forálacha roimhe seo den Acht seo, ach dlífidh na daoine seo a leanas aisíocaíocht a dhéanamh leis an Aire, go feadh an méid a luaitear: |
[EN] | (a) aon duine a chiontófar ar ionchúiseamh a thionscain an tArd-Aighne de thoradh an imscrúdaithe nó a n-ordófar dó damáistí a íoc nó aon mhaoin a thabhairt ar ais in imeachtaí a tionscnaíodh de bhua fho-alt (4) d'alt 170, féadfar, sna himeachtaí céanna, a ordú dó na caiteachais sin a íoc go feadh méid a shonrófar san ordú; agus | |
[EN] | (b) aon chomhlacht corpraithe a dtionscnófar imeachtaí ina ainm mar a dúradh, beidh sé faoi dhliteanas go feadh méid aon suimeanna a ghnóthóidh sé nó luach aon mhaoine a aisghabhfaidh sé de thoradh na n-imeachtaí sin; agus | |
[EN] | (c) mura rud é, de thoradh an imscrúdaithe, go dtionscnóidh an tArd-Aighne ionchúiseamh— | |
[EN] | (i) beidh aon chomhlacht corpraithe lena ndéileálfaidh an tuarascáil faoi dhliteanas, más ar dhóigh seachas de chonlán an Aire féin a ceapadh an cigire, ach amháin sa mhéid go n-ordóidh an tAire a mhalairt; agus | |
[EN] | (ii) beidh iarratasóirí an imscrúdaithe faoi dhliteanas, más faoi alt 165 a ceapadh an cigire, go feadh an méid (más ann) a ordóidh an tAire; | |
[EN] | agus aon mhéid a mbeidh comhlacht corpraithe faoi dhliteanas ina leith de bhua mhír (b) beidh sé ina thúsmhuirear ar na suimeanna nó an maoin a luaitear sa mhír sin. | |
[EN] | (2) I gcás na tuarascála ó chigire a ceapadh ar dhóigh seachas de chonlán an Aire féin, féadfaidh an cigire, más cuí leis é, agus déanfaidh sé, má ordaíonn an tAire amhlaidh, moladh a chur inti maidir leis na treoracha (más ann) is dóigh leis an gcigire is iomchuí, ag féachaint dá imscrúdú, a thabhairt faoi mhír (c) d'fho-alt (1). | |
[EN] | (3) Chun críocha an ailt seo, déanfar aon chostais nó caiteachais faoina ndeachaigh an tAire in imeachtaí, nó i ndáil le himeachtaí, a tionscnaíodh de bhua fho-alt (4) d'alt 170 (lena n-áirítear caiteachais faoina ndeachthas de bhua fho-alt (5) den alt sin), a áireamh mar chaiteachais a bhain leis an imscrúdú as ar tháinig na himeachtaí. | |
[EN] | (4) Aon dliteanas a fhorchuirtear le míreanna (a) agus (b) d'fho-alt (1) chun aisíocaíocht a dhéanamh leis na Aire, beidh sé, faoi réir cheart an Aire chun na haisíocaíochta a shásamh, ina dhliteanas freisin chun gach duine a shlánú in aghaidh dliteanais faoi mhír (c) den alt sin, agus aon dliteanas den sórt sin a fhorchuirtear leis an mír sin (a), beidh sé, faoi réir a ndúradh, ina dhliteanas freisin chun gach duine a shlánú in aghaidh dliteanais faoin mír sin (b); agus aon duine a bheidh faoi dhliteanas faoin mír sin (a) nó faoin mír sin (b) nó faoi cheachtar fomhír den mhír sin (c), beidh sé i dteideal ranníoca ó aon duine eile a bheidh faoi dhliteanas faoin mír nó faoin bhfomhír chéanna, cibé acu é, de réir mhéid a ndliteanais faoi seach fúithi. | |
[EN] |
Tuarascáil chigirí a bheith ina fianaise. |
172. —Beidh cóip d'aon tuarascáil ó aon chigirí a cheapfar faoi na forálacha sin roimhe seo den Acht seo inghlactha in aon imeachtaí dlí mar fhianaise ar thuairim na gcigirí i dtaobh aon ní sa tuarascáil. |
[EN] |
Cosaint d'aturnaetha agus do bhaincéirí. |
173. —Ní chuirfidh aon ní sna forálacha sin roimhe seo den Chuid seo den Acht seo de cheangal eolas mar a leanas a nochtadh don Aire nó do chigire a bheidh ceaptha ag an Aire— |
[EN] | (a) i gcás aturnae, aon chumarsáid faoi phribhléid a rinneadh leis i gcáil aturnae dó; nó | |
[EN] | (b) i gcás baincéirí i gcáil bhaincéirí dóibh, aon eolas ar chúrsaí aon chustaiméirí dá gcuid seachas an chuideachta nó comhlacht corpraithe a bhfuil a gcúrsaí á n-imscrúdú de bhua alt 167. | |
Stiúrthóirí agus Oifigigh eile. | ||
[EN] |
Stiúrthóirí. |
174. —Beidh dhá stiúrthóir ar a laghad ar gach cuideachta. |
[EN] |
Rúnaí. |
175. —(1) Beidh rúnaí ag gach cuideachta, agus féadfaidh sé bheith ina dhuine de na stiúrthóirí. |
[EN] | (2) Aon rud a cheanglaítear nó a údaraítear a dhéanamh ag an rúnaí, nó ina thaobh, féadfar, má bhíonn an oifig folamh nó más rud é ar aon chúis eile nach mbeidh aon rúnaí ann a bheidh inniúil ar ghníomhú, an rud sin a dhéanamh ag aon rúnaí cúnta nó leasrúnaí, nó ina thaobh, nó, mura mbeidh aon chúntóir nó leasrúnaí ann a bheidh inniúil ar ghníomhú, ag aon oifigeach don chuideachta a bheidh údaraithe go ginearálta nó go speisialta chuige sin ag na stiúrthóirí, nó ina thaobh. | |
[EN] |
Toirmeasc ar chomhlacht corpraithe a bheith ina stiúrthóir. |
176. —(1) Ní bheidh comhlacht corpraithe ag aon chuideachta mar stiúrthóir ar an gcuideachta, tar éis 3 mhí ón dáta feidhme a bheith caite. |
[EN] | (2) Aon chomhlacht corpraithe a bheidh ina stiúrthóir ar chuideachta ar an dáta feidhme, scarfaidh sé, laistigh de thréimhse 3 mhí ón dáta sin, lena oifig mar stiúrthóir ar an gcuideachta, agus gach gníomh nó rud a airbheartóidh a bheith déanta tar éis an tréimhse sin a bheith caite ag comhlacht corpraithe mar stiúrthóir ar aon chuideachta, beidh sé ar neamhní. | |
[EN] |
Gníomhartha a dhéanfaidh duine i gcáil stiúrthóra agus rúnaí a bheith ar neamhní. |
177. —Ní sásamh ar fhoráil a cheanglaíonn nó a údaraíonn rud a dhéanamh ag stiúrthóir agus ag an rúnaí, nó ina dtaobh, an rud sin a bheith déanta ag an duine céanna nó ina thaobh agus é ag gníomhú ina stiúrthóir agus fós ina rúnaí, nó in ionad an rúnaí. |
[EN] |
Bailíocht gníomhartha stiúrthóirí. |
178. —Beidh gníomhartha stiúrthóra bailí d'ainneoin aon locht a aimsiú ina dhiaidh sin ar a cheapadh nó ar a cháilíocht. |
[EN] |
Srianta le stiúrthóir a cheapadh nó a fhógairt. |
179. —(1) Ní bheidh duine incheaptha ina stiúrthóir ar chuideachta leis na hairteagail, ná ní ainmneofar é mar stiúrthóir ná mar stiúrthóir beartaithe ar chuideachta i réamheolaire a eiseoidh an chuideachta nó a eiseofar thar a ceann, ná mar stiúrthóir beartaithe ar chuideachta atáthar ar intinn a bhunú i réamheolaire a eiseofar maidir leis an gcuideachta sin, ná i ráiteas in ionad réamheolaire a sheachadfaidh cuideachta nó a sheachadfar thar a ceann don chláraitheoir, mura rud é, roimh chlárú na n-airteagal nó foilsiú an réamheolaire nó seachadadh an ráitis in ionad réamheolaire, cibé acu é, go ndearna sé, uaidh féin nó trí ghníomhaire dó a d'údaraigh sé i scríbhinn,— |
[EN] | (a) toiliú i scríbhinn chun gníomhú mar stiúrthóir den sórt sin a shíniú agus a sheachadadh do chláraitheoir na gcuideachtaí lena chlárú; agus | |
[EN] | (b) (i) an meabhrán a shíniú le haghaidh líon scaireanna nach lú ná a scair-cháilíocht, más ann; nó | |
[EN] | (ii) a scaireanna cáilíochta, más ann, a thógáil ón gcuideachta agus íoc astu nó comhaontú ar íoc astu, nó | |
[EN] | (iii) gealltanas i scríbhinn go dtógfaidh sé a scaireanna cáilíochta, más ann, ón gcuideachta, agus go n-íocfaidh sé astu, a shíniú agus a sheachadadh don chláraitheoir lena chlárú; nó | |
[EN] | (iv) dearbhú reachtúil go bhfuil líon scaireanna, nach lú ná a scair-cháilíocht, más ann, cláraithe ina ainm, agus an dearbhú sin a sheachadadh don chláraitheoir lena chlárú. | |
[EN] | (2) Nuair a bheidh gealltanas go dtógfaidh sé a scaireanna cáilíochta, agus go n-íocfaidh sé astu, sínithe agus seachadta mar a dúradh ag duine, beidh sé, maidir leis na scaireanna sin, sa chás céanna ina mbeadh sé dá mba rud é gur shínigh sé an meabhrán le haghaidh an líon sin scaireanna. | |
[EN] | (3) Déanfar tagairtí san alt seo do scair-cháilíocht stiúrthóra nó stiúrthóra bheartaithe a fhorléiriú mar thagairtí nach bhfolaíonn ach amháin scair-cháilíocht is gá ar é a cheapadh, nó laistigh de thréimhse a chinnfear faoi threoir am a cheaptha, agus déanfar na tagairtí ann do scaireanna cáilíochta a fhorléiriú dá réir sin. | |
[EN] | (4) Ar iarratas a dhéanamh chun meabhrán agus airteagail chuideachta a chlárú, seachadfaidh an t-iarratasóir don chláraitheoir liosta de na daoine a thoiligh bheith ina stiúrthóirí ar an gcuideachta, agus má bhíonn ainm aon duine nár thoiligh amhlaidh sa liosta sin dlifear fíneáil nach mó ná £50 a chur ar an iarratasóir. | |
[EN] | (5) Ní bhainfidh an t-alt seo— | |
[EN] | (a) le cuideachta gan scairchaipiteal; ná | |
[EN] | (b) le cuideachta phríobháideach; ná | |
[EN] | (c) le cuideachta a bhí ina cuideachta phríobháideach sula ndearnadh cuideachta phoiblí di; ná | |
[EN] | (d) le réamheolaire a eiseoidh cuideachta nó a eiseofar thar a ceann tar éis bliain a bheith caite ón dáta a bhí an chuideachta i dteideal tosú ar ghnó. | |
[EN] |
Scaircháilíochtaí stiúrthóirí. |
180. —(1) Gan dochar do na srianta a fhorchuirtear le halt 179, beidh sé de dhualgas ar gach stiúrthóir ar a gceanglaítear le hairteagail na cuideachta scair-cháilíocht shonraithe a bheith aige, agus nach bhfuil cáilithe cheana féin, a scair-cháilíocht a fháil laistigh de 2 mhí tar éis a cheaptha, nó laistigh de cibé tréimhse is giorra ná sin a bheidh socraithe leis na hairteagail. |
[EN] | (2) Chun críche aon fhorála sna hairteagail a cheanglaíonn ar stiúrthóir scair-cháilíocht shonraithe a bheith aige, ní mheasfar iompóir barántais scaire a bheith ina shealbhóir ar na scaireanna a bheidh sonraithe sa bharántas. | |
[EN] | (3) Scarfaidh stiúrthóir cuideachta lena oifig stiúrthóra mura bhfaighidh sé a scair-cháilíocht laistigh de 2 mhí ó dháta a cheaptha, nó laistigh de cibé tréimhse is giorra ná sin a bheidh socraithe leis na hairteagail, nó má scoireann sé dá scair-cháilíocht a bheith aige aon uair tar éis deireadh a theacht leis an tréimhse sin nó leis an tréimhse sin is giorra ná í. | |
[EN] | (4) Ní bheidh duine a scarfaidh le hoifig faoin alt seo in-athcheaptha ina stiúrthóir ar an gcuideachta go dtí go bhfaighidh sé a scair-cháilíocht. | |
[EN] | (5) Má ghníomhaíonn aon duine neamhcháilithe mar stiúrthóir ar an gcuideachta tar éis deireadh a theacht leis an tréimhse sin nó leis an tréimhse sin is giorra ná í, dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur air. | |
[EN] |
Vótáil ar leith ar cheapadh gach stiúrthóra. |
181. —(1) Ag cruinniú ginearálta de cuideachta, ní dhéanfar tairiscint chun beirt nó níos mó a cheapadh ina stiúrthóirí ar an gcuideachta leis an aon rún amháin, murar comhaontaíodh roimhe sin ag an gcruinniú, gan aon vóta a thabhairt ina choinne, le rún go ndéanfaí an tairiscint sin amhlaidh. |
[EN] | (2) Faoi réir fho-ailt (3) agus (4), beidh rún a thairgfear contrártha don alt seo ar neamhní, cibé acu a rinneadh nó nach ndearnadh agóid in aghaidh é a thairiscint amhlaidh ag an am. | |
[EN] | (3) Ní mheasfar go ndéanann fo-alt (2) eisiamh ar oibriú alt 178. | |
[EN] | (4) Má ritear rún a tairgeadh contrártha don alt seo, ní bheidh feidhm ag aon fhoráil a d'fhágfadh go mbeadh stiúrthóirí a bheidh ag scor arna n-athcheapadh d'éagmais ceapacháin eile. | |
[EN] | (5) Chun críocha an ailt seo, déanfar tairiscint chun aontú le ceapadh duine nó chun duine a ainmniú lena cheapadh a áireamh mar thairiscint chun é a cheapadh. | |
[EN] | (6) Ní bhainfidh aon ní san alt seo le rún chun airteagail na cuideachta a athrú. | |
[EN] |
Stiúrthóirí a chur as oifig. |
182. —(1) Féadfaidh cuideachta, le gnáthrún, stiúrthóir a chur as oifig sula mbeidh deireadh lena thréimhse oifige d'ainneoin aon ní in airteagail na cuideachta nó in aon chomhaontú idir an chuideachta agus an stiúrthóir, sa dóigh, áfach, nach n-údaróidh an fo-alt seo, i gcás cuideachta phríobháideach, stiúrthóir a bheidh i seilbh oifige lena shaol a chur as oifig. |
[EN] | (2) Beidh fógra fadtréimhse, de réir bhrí alt 142, riachtanach i gcás aon rún chun stiúrthóir a chur as oifig faoin alt seo nó chun duine éigin a cheapadh in ionad an stiúrthóra a chuirfear as oifig amhlaidh ag an gcruinniú ag a gcuirfear as oifig é, agus ar fhógra a fháil go bhfuil beartaithe rún a thairiscint chun stiúrthóir a chur as oifig faoin alt seo, déanfaidh an chuideachta cóip de a chur ar aghaidh láithreach chuig an stiúrthóir a bheidh i gceist, agus beidh an stiúrthóir (cibé acu is comhalta den chuideachta é nó nach ea) i dteideal éisteacht a fháil i dtaobh an rúin ag an gcruinniú. | |
[EN] | (3) Faoi réir fho-alt (4), nuair a thabharfar fógra go bhfuil beartaithe rún a thairiscint chun stiúrthóir a chur as oifig faoin alt seo agus go gcuirfidh an stiúrthóir a bheidh i gceist uiríolla i scríbhinn (nach mbeidh thar fhad réasúnach) faoi bhráid na cuideachta agus go n-iarrfaidh sé iad a chur in iúl do chomhaltaí na cuideachta, déanfaidh an chuideachta, mura bhfuil sé ródhéanach aici é sin a dhéanamh nuair a gheobhaidh sí na huiríolla— | |
[EN] | (a) ráiteas a chur in aon fhógra faoin rún a thabharfar do chomhaltaí na cuideachta á rá go ndearnadh na huiríolla; agus | |
[EN] | (b) cóip de na huiríolla a chur chuig gach comhalta den chuideachta chun a gcuirfear fógra faoin gcruinniú (cibé acu roimh na huiríolla a fháil don chuideachta nó dá éis sin é); | |
[EN] | agus mura gcuirfear cóip de na huiríolla amach mar a dúradh, mar gheall ar iad a fháil ródhéanach nó mar gheall ar mhainneachtain na cuideachta, féadfaidh an stiúrthóir (gan dochar dá cheart chun éisteacht a fháil do ráiteas béil uaidh) a éileamh go léifear amach na huiríolla ag an gcruinniú. | |
[EN] | (4) Ní gá cóipeanna de na huiríolla a chur amach mar a dúradh, ná ní gá na huiríolla a léamh amach ag an gcruinniú mar a dúradh, más rud é, ar iarratas ón gcuideachta nó ó aon duine eile a bheidh á éileamh gur duine éagóirithe é, gur deimhin leis an gcúirt go bhfuil na cearta a thugtar leis an alt seo á mí-úsáid chun poiblíocht gan ghá a fháil d'ábhar clúmhillteach, agus féadfaidh an chúirt a ordú go mbeidh costais na cuideachta maidir le hiarratas faoin alt seo le híoc, go hiomlán nó go páirteach, ag an stiúrthóir a bheidh i gceist, d'ainneoin nach páirti san iarratas é. | |
[EN] | (5) Féadfar folúntas a tharlóidh trí stiúrthóir a chur as oifig faoin alt seo a líonadh ag an gcruinniú ag a gcuirfear as oifig é agus, mura líonfar amhlaidh é, féadfar é a líonadh mar chorrfholúntas. | |
[EN] | (6) Aon duine a cheapfar ina stiúrthóir in ionad duine a cuireadh as oifig faoin alt seo, déanfar, chun a chinneadh cathain a bheidh sé féin nó aon stiúrthóir eile le scor, é a áireamh mar dhuine a tháinig chun bheith ina stiúrthóir an lá a rinneadh an duine a gceapfar ina ionad é a cheapadh go deireanach ina stiúrthóir. | |
[EN] | (7) Ní mheasfar go mbaineann aon ní san alt seo de dhuine a chuirfear as oifig faoin alt seo aon chúiteamh nó damáistí is iníoctha leis i leith foirceannadh a cheapacháin mar stiúrthóir ná aon chúiteamh nó damáistí is iníoctha leis i leith foirceannadh aon cheapacháin a chríochnaigh in éineacht lena cheapachán mar stiúrthóir ná go laghdaíonn sé aon chumhacht chun stiúrthóir a chur as oifig is cumhacht a bheadh ann ar leithligh ón alt seo. | |
[EN] |
Toirmeasc ar fhéimhigh neamhurscaoilte gníomhú mar stiúrthóirí. |
183. —(1) Faoi réir fho-alt (2), má ghníomhaíonn aon duine ar féimheach neamhurscaoilte é mar stiúrthóir ar aon chuideachta, nó má bhíonn baint nó páirt aige go díreach nó go neamhdhíreach le bainistí aon chuideachta, ach amháin le cead na cúirte, dlífear, ar é a chiontú ar díotáil príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 2 bhliain nó fíneáil nach mó ná £500, nó iad araon, a chur air, nó, ar é a chiontú go hachomair, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí nó fíneáil nach mó ná £100, nó iad araon, a chur air. |
[EN] | (2) Ní bheidh duine ciontach i gcion faoin alt seo de bhíthin gur ghníomhaigh sé, agus é ina fhéimheach neamh-urscaoilte, mar stiúrthóir ar chuideachta, nó go raibh baint nó páirt aige lena bainistí, má bhí sé ar an dáta feidhme ag gníomhú mar stiúrthóir ar an gcuideachta sin, nó má bhí baint nó páirt aige ar an dáta sin lena bainistí, agus go bhfuil sé ag gníomhú amhlaidh, nó go bhfuil baint nó páirt aige amhlaidh, go leanúnach ón dáta sin i leith, agus gur roimh an dáta sin a tharla an fhéimheacht. | |
[EN] | (3) San alt seo folaíonn “cuideachta” cuideachta neamhchláraithe agus cuideachta a corpraíodh lasmuigh den Stát agus a bhfuil áit ghnó bhunaithe aici sa Stát. | |
[EN] |
Cumhacht na cúirte chun daoine áirithe a shrianadh ó ghníomhú mar stiúrthóirí ar chuideachtaí nó iad a bhainistí. |
184. —(1) I gcás duine a chiontú ar díotáil in aon chion i ndáil le cuideachta a thionscnamh, a fhoirmiú nó a bhainistí, nó in aon chion lenar bhain calaois nó mímhacántacht, cibé acu i ndáil le cuideachta é nó nach ea, féadfaidh an chúirt a chiontóidh é, ar iarratas ón Ard-Aighne i ndeireadh na trialach, a ordú nach mbeidh an duine sin, gan cead na hArd-Chúirte, ina stiúrthóir ar aon chuideachta, ná nach mbeidh baint ná páirt aige ar bhealach ar bith, go díreach ná go neamhdhíreach, le bainistí aon chuideachta, go ceann cibé tréimhse a shonrófar san ordú. |
[EN] | (2) Más léir i gcúrsa cuideachta a fhoirceannadh go bhfuil duine— | |
[EN] | (a) ciontach in aon chion a bhfuil sé faoi dhliteanas ina leith (cibé acu a ciontaíodh é nó nár ciontaíodh) faoi alt 297; nó | |
[EN] | (b) ciontach ar dhóigh eile, le linn dó bheith ina oifigeach don chuideachta, in aon chalaois maidir leis an gcuideachta nó in aon sárú ar a dhualgas don chuideachta; | |
[EN] | féadfaidh an chúirt a ordú nach mbeidh an duine sin, gan cead na cúirte, ina stiúrthóir ar aon chuideachta, nó nach mbeidh baint ná páirt aige ar bhealach ar bith, go díreach ná go neamhdhíreach, le bainistí aon chuideachta, go ceann cibé tréimhse a shonrófar san ordú. | |
[EN] | (3) Féadfar iarratas ar ordú faoi fho-alt (2) a dhéanamh thar ceann leachtaitheoir na cuideachta nó féadfaidh aon duine atá nó a bhí ina chomhalta nó ina chreidiúnaí de chuid na cuideachta é a dhéanamh, agus nuair a bheidh aon iarratas ón leachtaitheoir ar ordú faoin alt seo, nó aon iarratas ar chead faoin alt seo ó dhuine a ndearnadh ordú ina aghaidh ar iarratas an leachtaitheora, á éisteacht, láithreoidh an leachtaitheoir agus tarraingeoidh sé aird na cúirte ar aon nithe a fheicfear dó a bheith ábhartha agus féadfaidh sé féin fianaise a thabhairt nó finnéithe a ghairm. | |
[EN] | (4) Féadfar ordú a dhéanamh faoi mhír (b) d'fho-alt (2) d'ainneoin an duine a bheidh i gceist a bheith faoi dhliteanas coiriúil i leith na nithe a bhfuil an t-ordú le déanamh ar a bhforas, agus chun críocha na míre sin (b) folóidh “oifigeach” aon duine ar ghnách le stiúrthóirí na cuideachta gníomhú de réir a orduithe nó a threoracha. | |
[EN] | (5) Aon duine a ghníomhóidh contrártha d'ordú a rinneadh faoin alt seo, dlífear, ar é a chiontú ar díotáil, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 2 bhliain nó fíneáil nach mó ná £500, nó iad araon, nó ar é a chiontú go hachomair príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí fíneáil nach mó ná £100, nó iad araon, a chur air i leith gach ciona. | |
[EN] |
Toirmeasc ar íocaíochtaí saor ó cháin a thabhairt do stiúrthóirí. |
185. —(1) Ní dleathach do chuideachta luach saothair a íoc le stiúrthóir (cibé acu mar stiúrthóir nó eile é) saor ó cháin ioncaim nó saor ó cháin ioncaim agus forcháin nó saor ó fhorcháin, nó arna ríomh ar dhóigh eile chun go mbeidh sé faoi threoir, nó go n-athróidh sé de réir, mhéid a chánach ioncaim nó mhéid a chánach ioncaim agus a fhorchánach nó mhéid a fhorchánach, nó faoi threoir nó de réir an ráta cánach ioncaim nó forchánach, ach amháin faoi chonradh a bhí i bhfeidhm ar an 31ú lá de Mhárta, 1962, agus a fhorálann go sainráite, agus ní trí thagairt do na hairteagail, gur mar a dúradh a íocfar an luach saothair. |
[EN] | (2) Aon fhoráil a bheidh in airteagail chuideachta nó in aon chonradh seachas conradh den sórt sin a dúradh, nó in aon rún ó chuideachta nó ó stiúrthóirí cuideachta, gur mar a dúradh a íocfar luach saothair le stiúrthóir, beidh éifeacht aige ionann is dá mba é a d'fhoráil sé go n-íocfaí, mar shuim chomhiomlán faoi réir cánach ioncaim agus forchánach, an tsuim ghlan a fhoráiltear léi iarbhír. | |
[EN] | (3) Ní bhainfidh an t-alt seo le luach saothair a bhí dlite roimh an dáta feidhme nó i leith tréimhse roimh an dáta feidhme. | |
[EN] |
Aontú na cuideachta riachtanach le haghaidh íocaíochta le stiúrthóir mar gheall ar chailleadh oifige. |
186. —Ní dleathach do chuideachta aon íocaíocht a thabhairt d'aon stiúrthóir ar an gcuideachta i modh cúitimh mar gheall ar chailleadh oifige, ná i gcomaoin a scortha, nó i ndáil lena scor, dá oifig, gan sonraí maidir leis an íocaíocht atá beartaithe (lena n-áirítear a méid) a nochtadh do chomhaltaí na cuideachta agus aontú na cuideachta i gcruinniú ginearálta a fháil leis an mbeartú. |
[EN] |
Aontú na cuideachta riachtanach chun cúiteamh a íoc le stiúrthóir i ndáil le haistriú maoine. |
187. —(1) Dearbhaítear leis seo nach dleathach, i ndáil le haistriú ar iomlán nó aon chuid de ghnóthas nó de mhaoin chuideachta, aon íocaíocht a dhéanamh le haon stiúrthóir ar an gcuideachta i modh cúitimh mar gheall ar chailleadh oifige ná i gcomaoin a scortha, nó i ndáil lena scor, dá oifig, mura ndearnadh sonraí maidir leis an íocaíocht bheartaithe (lena n-áirítear a méid) a nochtadh do chomhaltaí na cuideachta agus aontú ná cuideachta i gcruinniú ginearálta a fháil leis an mbeartú. |
[EN] | (2) I gcás íocaíocht a ndearbhaítear leis seo gurb íocaíocht neamhdhleathach í a thabhairt do stiúrthóir ar an gcuideachta, measfar an méid a fuarthas a bheith faighte aige ar iontaobhas don chuideachta. | |
[EN] |
Dualgas ar stiúrthóir íocaíochtaí a bheidh le fáil aige i ndáil le haistriú scaireanna i gcuideachta a nochtadh don chuideachta. |
188. —(1) Más rud é, i ndáil le gach ceann nó aon cheann de na scaireanna i gcuideachta a aistriú chun aon daoine arb aistriú é a thiocfaidh as— |
[EN] | (a) tairiscint a thabharfar do na scairshealbhóirí i gcoitinne; nó | |
[EN] | (b) tairiscint ó chomhlacht corpraithe éigin eile nó thar a cheann, d'fhonn go dtiocfadh an chuideachta chun bheith ina fochuideachta dó nó ina fochuideachta dá chuideachta shealbhaíochta; nó | |
[EN] | (c) tairiscint ó phearsa aonair, nó thar a cheann, d'fhonn go bhfaigheadh sé ceart chun trian ar a laghad den chumhacht vótála ag aon chruinniú ginearálta den chuideachta a fheidhmiú nó chun ceannas a bheith aige ar a feidhmiú; nó | |
[EN] | (d) aon tairiscint eile a bheidh faoi choinníoll a glactha go feadh méid áirithe; | |
[EN] | go bhfuil íocaíocht le tabhairt do stiúrthóir ar an gcuideachta i modh cúitimh mar gheall ar chailleadh oifige, nó i gcomaoin a scortha, nó i ndáil lena scor, dá oifig, beidh de dhualgas ar an stiúrthóir sin gach beart réasúnach a dhéanamh chun a áirithiú go ndéanfar sonraí maidir leis an íocaíocht bheartaithe (lena n-áirítear a méid) a thabhairt in aon fhógra, nó a chur i dteannta aon fhógra, a thabharfar d'aon scairshealbhóirí i dtaobh na tairisceana le haghaidh a gcuid scaireanna. | |
[EN] | (2) Más rud é— | |
[EN] | (a) go mainneoidh aon stiúrthóir den sórt sin bearta réasúnacha a dhéanamh mar a dúradh; nó | |
[EN] | (b) go ndéanfaidh aon duine a n-éileoidh aon stiúrthóir den sórt sin air go cuí na sonraí sin a thabhairt in aon fhógra den sórt a dúradh, nó a chur ina theannta, mainneachtain ina dhéanamh, | |
[EN] | dlífear fíneáil nach mó ná £25 a chur air. | |
[EN] | (3) Mura rud é— | |
[EN] | (a) go gcomhlíonfar ceanglais fho-alt (1) maidir le haon íocaíocht den sórt atá luaite ann; agus | |
[EN] | (b) go mbeifear, roimh aon scaireanna a aistriú de bhun na tairisceana, tar éis aontú leis an íocaíocht bheartaithe sin ag cruinniú a gaireadh chuige sin de shealbhóirí na scaireanna lena mbaineann an tairiscint agus de shealbhóirí eile ar scaireanna den chineál céanna le haon scaireanna acu sin. | |
[EN] | measfar aon suim a gheobhaidh an stiúrthóir i gcuntas na híocaíochta a bheith faighte aige ar iontaobhas d'aon daoine a dhíol a scaireanna de thoradh na tairisceana a rinneadh, agus beidh na caiteachais faoina rachaidh sé ag dáileadh na suime sin ar na daoine sin le híoc aige féin agus ní choinneofar iad as an tsuim sin. | |
[EN] | (4) Murab iad na scairshealbhóirí dá dtagraítear i mír (b) d'fho-alt (3) comhaltaí uile na cuideachta, agus mura bhfuil aon fhoráil déanta leis na hairteagail chun cruinniú mar atá luaite sa mhír sin a ghairm nó a rialú, beidh feidhm, chun na críche sin, ag na forálacha den Acht seo agus ag na forálacha d'airteagail na cuideachta a bhaineann le cruinnithe ginearálta den chuideachta, maidir leis an gcruinniú gan mhodhnú nó le cibé modhnuithe a ordóidh an tAire, ar iarratas ó aon duine lena mbaineann an scéal, chun iad a chur in oiriúint d'imthosca an chruinnithe. | |
[EN] | (5) Más rud é, ag cruinniú a gaireadh chun go n-aontófaí le haon íocaíocht mar a cheanglaítear le mír (b) d'fho-alt (3), nach mbeidh córam i láthair agus, tar éis an cruinniú a chur ar atráth go dtí dáta níos déanaí, nach mbeidh córam i láthair ach oiread, measfar, chun críocha an fho-ailt sin, gur aontaíodh leis an íocaíocht. | |
[EN] |
Forálacha mar fhorlíonadh ar ailt 186, 187 agus 188. |
189. —(1) Más rud é, in imeachtaí chun aon íocaíocht a ghnóthú ar an ábhar gurb íocaíocht í, de bhua fho-ailt (1) agus (2) d'alt 187 nó fo-ailt (1) agus (3) d'alt 188, a fuair aon duine ar iontaobhas, go suífear— |
[EN] | (a) go ndearnadh an íocaíocht de bhun aon chomhshocraíochta a rinneadh mar chuid den chomhaontú le haghaidh an aistrithe a bhí i gceist, nó go ndearnadh í laistigh de bhliain roimh an gcomhaontú sin, nó roimh an tairiscint as ar tháinig sé, nó laistigh de dhá bhliain ina dhiaidh sin; agus | |
[EN] | (b) go raibh an chuideachta nó aon duine chun a ndearnadh an t-aistriú ionpháirteach sa chomhshocraíocht sin; | |
[EN] | measfar, ach amháin sa mhéid go suífear a mhalairt, gurb íocaíocht lena mbaineann na fo-ailt sin an íocaíocht. | |
[EN] | (2) Más rud é, i ndáil le haon aistriú den sórt a luaitear in alt 187 nó in alt 188— | |
[EN] | (a) go bhfuil an praghas atá le híoc le stiúrthóir ar an gcuideachta as aon scaireanna atá aige sa chuideachta níos mó ná an praghas a d'fhéadfadh sealbhóirí eile ar scaireanna dá leithéidí a fháil san am; nó, | |
[EN] | (b) go dtabharfar aon chomaoin luachmhar d'aon stiúrthóir den sórt sin, | |
[EN] | measfar, chun críocha an ailt sin, an méid sa bhreis nó luach airgid na comaoine, cibé acu é, a bheith ina íocaíocht a tugadh dó i modh cúitimh mar gheall ar chailleadh oifige nó i gcomaoin a scortha, nó i ndáil lena scor, dá oifig. | |
[EN] | (3) Dearbhaítear leis seo go bhfolaíonn tagairtí in ailt 186, 187 agus 188 d'íocaíochtaí le haon stiúrthóir ar chuideachta i modh cúitimh mar gheall ar chailleadh oifige, nó i gcomaoin a scortha, nó i ndáil lena scor, dá oifig, íocaíochtaí leis i modh cúitimh mar gheall ar chailleadh oifige mar stiúrthóir ar an gcuideachta, nó mar gheall ar chailleadh aon oifige eile, le linn é a bheith ina stiúrthóir ar an gcuideachta nó ar é a scor nó i ndáil lena scor de bheith ina stiúrthóir ar an gcuideachta, arb oifig í a bhainfidh le bainistí chúrsaí na cuideachta nó arb oifig ar bith í mar stiúrthóir nó eile i ndáil le bainistí chúrsaí aon fhochuideachta, ach ní fholaíonn siad aon íocaíocht bona fide i modh damáistí mar gheall ar shárú conartha ná i modh pinsin i leith seirbhísí a tugadh, agus chun críocha an fho-ailt seo folaíonn “pinsean” aon aoisliúntas, aisce aoisliúntais, nó aon íocaíocht dá samhail. | |
[EN] | (4) Ní áireofar aon ní in ailt 187 agus 188 mar ní a dhéanann dochar d'oibriú aon rialach dlí a cheanglaíonn go nochtfar eolas maidir le haon íocaíochtaí den sórt a luaitear sna hailt sin nó maidir le haon íocaíochtaí eile dá samhail a tugadh nó atá le tabhairt do stiúrthóirí cuideachta, ná mar ní a dhéanann dochar d'oibriú aon rialach dlí maidir leis an bhfreagracht (más ann) a bheidh ar aon stiúrthóir as aon íocaíocht den sórt sin a fuair sé. | |
[EN] | (5) Folaíonn tagairtí in ailt 186, 187, 188 agus san alt seo do stiúrthóir tagairtí do dhuine a bhí ina stiúrthóir. | |
[EN] |
Clár de scairshealúchais stiúrthóirí. |
190. —(1) Coimeádfaidh gach cuideachta clár ina dtaispeánfar, maidir le gach stiúrthóir agus rúnaí ar an gcuideachta, líon tuairisc agus méid aon scaireanna nó bintiúr de chuid na cuideachta nó aon chomhlachta chorpraithe eile, arb é fochuideachta nó cuideachta shealbhaíochta na cuideachta é, nó ar fochuideachta é do chuideachta shealbhaíochta na cuideachta, atá ar seilbh ag an stiúrthóir féin nó ag a bhean chéile nó ag aon duine clainne leis, nó ar iontaobhas dó nó dóibh, nó a bhfuil aon cheart aige féin nó ag aon duine acu sin teacht chun bheith ina shealbhóir orthu (cibé acu trí íocaíocht é nó nach ea), sa dóigh, áfach, nach gá a chur sa chlár scaireanna in aon chomhlacht corpraithe ar fochuideachta é atá ar lánúinéireacht ag comhlacht corpraithe eile, agus chun na críche sin measfar comhlacht corpraithe a bheith ina fhochuideachta atá ar lánúinéireacht ag comhlacht corpraithe eile mura bhfuil de chomhaltaí aige ach an comhlacht corpraithe eile sin agus na fochuideachtaí atá ar lánúinéireacht ag an gcomhlacht corpraithe eile sin agus a ainmnithigh féin nó a n-ainmnithigh sin. |
[EN] | (2) Faoi réir fho-alt (3), nuair is gá aon scaireanna nó bintiúir a thaifeadadh, nó a scoirfidh siad de bheith ar taifead, sa chlár sin maidir le haon stiúrthóir nó rúnaí mar gheall ar idirbheart a dhéanfar tar éis an dáta feidhme agus le linn dó bheith ina stiúrthóir nó ina rúnaí, taispeánfaidh an clár freisin dáta an idirbhirt agus an praghas air nó an chomaoin eile ina leith. | |
[EN] | (3) Má bhíonn eatramh idir an t-am a dhéanfar an comhaontú le haghaidh aon idirbhirt mar a dúradh agus an t-am a chríochnófar an t-idirbheart, is é dáta an chomhaontaithe is dáta don idirbheart. | |
[EN] | (4) Déanfar nádúr agus réim an leasa nó an chirt in, nó ar, aon scaireanna nó bintiúir a thaifeadfar maidir le stiúrthóir nó rúnaí sa chlár sin a chur in iúl ann, má éilíonn sé é. | |
[EN] | (5) Ní bheidh an chuideachta, de bhua aon ní a dhéanfar chun críocha an ailt seo, faoi admhálacht maidir le fógra i dtaobh, ná inchurtha faoi fhiosrú i dtaobh, cearta aon duine maidir le haon scaireanna nó bintiúir. | |
[EN] | (6) Faoi réir fho-alt (7), coimeádfar an clár sin san oifig chéanna le clár na gcomhaltaí, agus beidh sé ar fáil lena scrúdú le linn uaire gnó (faoi réir cibé srianta réasúnacha a fhorchuirfidh an chuideachta lena hairteagail nó i gcruinniú ginearálta, ionas go lamhálfar 2 uair a chloig ar a laghad gach lá chun a scrúdaithe) ag aon chomhalta nó bintiúrach de chuid na cuideachta. | |
[EN] | (7) Tabharfar an clár sin ar aird freisin i dtosach chruinniú ginearálta bliantúil na cuideachta agus fágfar ar oscailt agus ar fáil é le linn an chruinnithe le haghaidh aon duine a bheidh i láthair ag an gcruinniú. | |
[EN] | (8) Féadfaidh aon chomhalta nó bintiúrach de chuid na cuideachta cóip den chlár, nó d'aon chuid de, a éileamh ar scilling, nó cibé suim faoina bhun sin a fhorordóidh an chuideachta, a íoc ar gach 100 focal nó codán de 100 focal a bheidh le cóipeáil. | |
[EN] | Cuirfidh an chuideachta faoi deara go gcuirfear aon chóip a éileoidh aon duine amhlaidh chuig an duine sin laistigh de thréimhse 10 lá dar tosach an lá i ndiaidh an lae a gheobhaidh an chuideachta an t-éileamh. | |
[EN] | (9) Má mhainnítear fo-alt (7) a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £50 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain; agus má mhainnítear fo-alt (1) nó fo-alt (2) a chomhlíonadh, nó má dhiúltaítear aon chead scrúdaithe a éileofar faoin alt seo nó mura gcuirfear amach laistigh den tréimhse chuí aon chóip a éileofar faoin alt seo, dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain. | |
[EN] | (10) Chun a áirithiú go gcomhlíonfar forálacha an ailt seo, féadfaidh an chúirt, le hordú, a éigniú go gcuirfear an clár faoi scrúdú nó a ordú go ndéanfar na cóipeanna a éilíodh a chur chuig na daoine a d'éiligh siad. | |
[EN] | (11) Chun críocha an ailt seo— | |
[EN] | (a) measfar gur stiúrthóir ar an gcuideachta aon duine ar gnách le stiúrthóirí cuideachta gníomhú de réir a orduithe nó a threoracha; agus | |
[EN] | (b) measfar aon scaireanna nó bíntiúir a bheith ar seilbh ag duine, nó leas nó ceart a bheith aige iontu nó orthu, má tá leas aige iontu i gcomhpháirt nó i gcoiteannas le haon duine eile, nó má tá leas teoranta, frithdhílse nó teagmhasach, nó leas mar chuspóir iontaobhais lánroghnaigh aige iontu; agus | |
[EN] | (c) measfar aon scaireanna nó bintiúir a bheith ar seilbh ag duine, nó leas nó ceart a bheith aige iontu nó orthu, má tá siad ar seilbh, nó má tá an leas nó an ceart sin iontu nó orthu, ag comhlacht corpraithe seachas an chuideachta; agus | |
[EN] | (i) gur gnách leis an gcomhlacht corpraithe sin nó lena stiúrthóirí gníomhú de réir a orduithe nó a threoracha; nó | |
[EN] | (ii) go bhfuil sé i dteideal trian nó níos mó den chumhacht vótála a fheidhmiú, nó ceannas a bheith aige ar a feidhmiú, ag aon chruinniú ginearálta den chomhlacht corpraithe sin. | |
[EN] | (12) Ní bhainfidh an t-alt seo le cuideachta phríobháideach má bhíonn, agus fad a bheidh, comhaltaí uile na cuideachta príobháidí sin ina stiúrthóirí uirthi. | |
[EN] |
Sonraí ar thuarastail stiúrthóirí agus ar íocaíochtaí a bheith le tabhairt i gcuntais. |
191. —(1) In aon chuntais ó chuideachta a leagfar faoi bhráid an chruinnithe ghinearálta bhliantúil nó i ráiteas a bheidh i gceangal leo, déanfar, faoi réir agus de réir forálacha an ailt seo, an t-eolas seo a leanas a thaispeáint, sa mhéid go mbeidh an t-eolas sin i leabhair agus i bpáipéir na cuideachta nó go mbeidh ceart ag an gcuideachta é a fháil ó na daoine lena mbaineann— |
[EN] | (a) comhiomlán sochar oifige na stiúrthóirí; | |
[EN] | (b) comhiomlán pinsin stiúrthóirí nó iarstiúrthóirí; agus | |
[EN] | (c) comhiomlán aon chúitimh a tugadh do stiúrthóirí nó d'iarstiúrthóirí mar gheall ar chailleadh oifige. | |
[EN] | (2) San iomlán a bheidh le taispeáint faoi mhír (a) d'fho-alt (1)— | |
[EN] | (a) áireofar aon sochair oifige a íocadh le haon duine, nó a bhí le fáil aige, i leith a sheirbhísí mar stiúrthóir ar an gcuideachta nó i leith a sheirbhísí, le linn dó bheith ina stiúrthóir ar an gcuideachta, mar stiúrthóir ar aon fhochuideachta di, nó ar dhóigh eile i ndáil le bainistí chúrsaí na cuideachta nó aon fhochuideachta di; agus | |
[EN] | (b) déanfar idirdhealú idir sochair oifige i leith seirbhísí mar stiúrthóir, cibé acu ar an gcuideachta nó ar a fochuideachta é, agus sochair oifige eile; | |
[EN] | agus chun críocha an ailt seo, folaíonn “sochar oifige”, maidir le stiúrthóir, táillí agus céatadáin, aon suimeanna a íoctar mar liúntas caiteachais sa mhéid go gcuirtear na suimeanna sin faoi mhuirear cánach ioncaim, aon ranníoc a íoctar ina leith faoi aon scéim pinsin, agus an luach airgid a mheastar a bheith ar aon sochair eile a fhaigheann sé ar dhóigh seachas in airgead tirim sa mhéid go gcuirtear iad faoi mhuirear cánach ioncaim. | |
[EN] | (3) San iomlán a bheidh le taispeáint faoi mhír (b) d'fho-alt (1)— | |
[EN] | (a) ní áireofar aon phinsean a íoctar nó atá le fáil, faoi scéim pinsin, más scéim í de shórt gur leor go substaintiúil na ranníocaí fúithi chun an scéim a chothabháil ach, taobh amuigh dá bhfuil ráite, áireofar ann aon phinsean a íoctar nó atá le fáil, i leith aon seirbhísí den sórt a luaitear i bhfo-alt (2) a thug stiúrthóir nó iarstiúrthóir ar an gcuideachta, cibé acu leis féin nó aige féin é nó, arna ainmniú aige nó de bhua é a bheith i gcleithiúnas air nó baint eile a bheith aige leis, le haon duine eile nó ag aon duine eile; agus | |
[EN] | (b) déanfar idirdhealú idir pinsin i leith seirbhísí marstiúrthóir, cibé acu ar an gcuideachta nó ar a fochuideachta é, agus pinsin eile; | |
[EN] | agus, chun críocha an ailt seo, folaíonn “pinsean” aon aoisliúntais, aisce aoisliúntais nó íocaíocht dá samhail, agus ciallaíonn “scéim pinsin” scéim chun pinsin a sholáthar i leith seirbhísí mar stiúrthóir nó eile a chothabháiltear go hiomlán nó go páirteach le ranníocaí, agus ciallaíonn “ranníoc”, maidir le scéim pinsin, aon íocaíocht (lena n-áirítear préimh árachais) a íoctar chun críocha na scéime ag daoine nó i leith daoine a thugann seirbhísí a dtiocfaidh nó a dtiocfadh pinsin chun bheith iníoctha ina leith faoin scéim, ach amháin nach bhfolaíonn sé aon íocaíocht i leith beirt nó níos mó mura féidir an méid a íoctar i leith gach duine acu a chinntiú. | |
[EN] | (4) San iomlán a bheidh le taispeáint faoi mhír (c) d'fho-alt (1)— | |
[EN] | (a) áireofar aon suimeanna a íoctar nó atá le fáil ag stiúrthóir nó iarstiúrthóir i modh cúitimh mar gheall ar chailleadh oifige mar stiúrthóir ar an gcuideachta nó cailleadh aon oifige eile, le linn dó bheith ina stiúrthóir ar an gcuideachta, nó ar é a scor, nó i ndáil lena scor, de bheith ina stiúrthóir ar an gcuideachta, arb oifig í a bhain le bainistí chúrsaí na cuideachta nó arb oifig ar bith í mar stiúrthóir nó eile i ndáil le bainistí chúrsaí aon fhochuideachta di; agus | |
[EN] | (b) déanfar idirdhealú idir cúiteamh i leith na hoifige mar stiúrthóir, cibé acu ar an gcuideachta nó ar a fochuideachta é, agus cúiteamh i leith oifigí eile; | |
[EN] | agus, chun críocha an ailt seo, folóidh tagairtí do chúiteamh mar gheall ar chailleadh oifige suimeanna a íoctar i gcomaoin duine a scor dá oifig nó i ndáil lena scor dá oifig. | |
[EN] | (5) Sna hiomláin atá le taispeáint faoi gach mír d'fho-alt (1)— | |
[EN] | (a) áireofar na suimeanna iomchuí go léir a d'íoc siad seo a leanas nó a bhí le fáil uathu— | |
[EN] | (i) an chuideachta; agus | |
[EN] | (ii) fochuideachtaí na cuideachta; agus | |
[EN] | (iii) aon duine eile; | |
[EN] | ach amháin suimeanna a mbeidh cuntas le tabhairt iontu don chuideachta nó d'aon cheann dá fochuideachtaí nó, de bhua alt 188, d'iarchomhaltaí nó do chomhaltaí láithreacha den chuideachta nó d'aon cheann dá fochuideachtaí nó d'aon aicme de na comhaltaí sin; agus | |
[EN] | (b) déanfar idirdhealú, i gcás an iomláin atá le taispeáint faoi mhír (c) d'fho-alt (1) idir na suimeanna faoi seach a d'íoc an chuideachta, fochuideachtaí na cuideachta agus daoine seachas an chuideachta agus a fochuideachtaí, nó a bhí le fáil uathu sin. | |
[EN] | (6) Is iad na hiomláin a bheidh le taispeáint faoin alt seo d'aon bhliain airgeadais na suimeanna a bhí le fáil i leith na bliana sin, cibé uair a íoctar iad, nó, i gcás suimeanna nach i leith tréimhse a bhí siad le fáil, na suimeanna a íocadh i gcaitheamh na bliana sin, sa dóigh, áfach, i gcás— | |
[EN] | (a) nach dtaispeánfar aon suimeanna sna cuntais don bhliain airgeadais iomchuí ar an bhforas go ndlífidh an duine a fuair iad cuntas a thabhairt iontu mar a luaitear i mír (a) d'fho-alt (5), ach go scaoilfear an dliteanas go hiomlán nó go páirteach ina dhiaidh sin nó nach gcuirfear i bhfeidhm é laistigh de thréimhse 2 bhliain; nó | |
[EN] | (b) aon suimeanna a íocadh mar liúntas caiteachais a chur faoi mhuirear cánach ioncaim tár éis deireadh na bliana airgeadais iomchuí; | |
[EN] | go ndéanfar na suimeanna sin, go feadh an méid a scaoilfear an dliteanas nó nach gcuirfear i bhfeidhm é nó a chuirfear faoi mhuirear iad mar a dúradh, cibé acu é, a thaispeáint sna chéad chuntais ar féidir iad a thaispeáint ann go praiticiúil, nó i ráiteas a bheidh i gceangal leo, agus go ndéanfar idirdhealú idir iad agus na hiomláin a bheidh le taispeáint sna cuntais sin ar leithligh ón bhforáil seo. | |
[EN] | (7) I gcás é a bheith riachtanach chun aon idirdhealú is gá de réir an ailt seo a dhéanamh ar aon iomlán atá le taispeáint faoin alt seo, féadfaidh na stiúrthóirí aon íocaíochtaí a chionroinnt de réir mar is cuí leo ar na nithe ar ina leith a íocadh iad nó atá siad le fáil. | |
[EN] | (8) Más rud é nach gcomhlíonfar ceanglais an ailt seo i gcás aon chuntas, beidh sé de dhualgas ar iniúchóirí na cuideachta a scrúdóidh na cuntais ráiteas ina mbeidh na sonraí is gá a chur sa tuarascáil ar na cuntais, sa mhéid gur féidir leo é sin a dhéanamh go réasúnach. | |
[EN] | (9) Aon tagairt atá san alt seo d'fhochuideachta de chuideachta— | |
[EN] | (a) maidir le duine atá nó a bhí, le linn dó bheith ina stiúrthóir ar an gcuideachta, ina stiúrthóir freisin, de bhua ainmniúcháin ón gcuideachta, go díreach nó go neamhdhíreach, ar aon chomhlacht corpraithe eile, folóidh sí, faoi réir na míre seo a leanas, an comhlacht corpraithe sin, cibé acu atá nó nach bhfuil sé, nó a bhí nó nach raibh sé, iarbhír ina fhochuideachta don chuideachta; | |
[EN] | (b) measfar, chun críocha fho-ailt (2) agus (3), í a bheith ag tagairt d'fhochuideachta an tráth a tugadh na seirbhísí, agus, chun críocha fho-alt (4), ag tagairt d'fhochuideachta díreach roimh chailleadh na hoifige mar stiúrthóir ar an gcuideachta. | |
[EN] |
Sonraí ar iasachtaí do stiúrthóirí a bheith le tabhairt i gcuntais. |
192. —(1) Faoi réir forálacha an ailt seo, tabharfar sna cuntais a bheidh, de bhun an Achta seo, le leagan faoi bhráid chruinniú ginearálta bliantúil gach cuideachta, sonraí a thaispeánfaidh— |
[EN] | (a) méid aon iasachtaí a tugadh i rith bhliain airgeadais na cuideachta— | |
[EN] | (i) d'aon stiúrthóir ar an gcuideachta; | |
[EN] | (ii) d'aon duine a tháinig, tar éis an iasacht a bheith tugtha, chun bheith ina stiúrthóir ar an gcuideachta i rith na bliana sin; agus | |
[EN] | (iii) d'aon chomhlacht corpraithe ina bhfuil teideal tairbhiúil ag stiúrthóirí na cuideachta (nó aon duine acu) chun breis is 20 faoin gcéad, de réir luacha ainmniúil, de na scaireanna sa chomhlacht corpraithe sin lena ngabhann cearta vótála seachas cearta vótála nach n-éiríonn ach in imthosca sonraithe; | |
[EN] | ón gcuideachta nó ó fhochuideachta dá cuid nó ó aon duine eile faoi ráthaíocht nó ar urrús a thug an chuideachta nó fochuideachta dá cuid (lena n-áirítear aon iasachtaí den sórt sin a aisíocadh i rith na bliana sin); agus | |
[EN] | (b) méid aon iasachtaí a tugadh mar a dúradh d'aon stiúrthóir, duine, nó comhlacht corpraithe den sórt a dúradh aon uair roimh bhliain airgeadais na cuideachta agus a bhí fós gan glanadh i ndeireadh na bliana sin. | |
[EN] | (2) Ní cheanglóidh fo-alt (1) go mbeidh sonraí le cur i gcuntais— | |
[EN] | (a) i dtaobh iasachta a thug cuideachta nó fochuideachta dá cuid i ngnáthchúrsa a gnó, más cuid de ghnáthghnó na cuideachta nó na fochuideachta, cibé acu é, airgead a thabhairt ar iasacht; ná | |
[EN] | (b) i dtaobh iasachta a thug an chuideachta nó fochuideachta dá cuid d'fhostaí de chuid na cuideachta nó na fochuideachta, cibé acu é, mura mó ná £2,000 an iasacht agus go mbeidh sí deimhnithe ag stiúrthóirí na cuideachta nó na fochuideachta, cibé acu é, gur tugadh í de réir aon chleachtais a mbeidh an chuideachta nó an fhochuideachta tar éis, nó ar tí, glacadh leis maidir le hiasachtaí dá fostaithe; | |
[EN] | agus, in aon chás acu, nach iasacht í a thug an chuideachta faoi ráthaíocht nó ar urrús a thug fochuideachta dá cuid ná iasacht a thug fochuideachta den chuideachta faoi ráthaíocht nó ar urrús a thug an chuideachta nó aon fhochuideachta eile dá chuid. | |
[EN] | (3) Más rúd é, i gcás aon chuntais den sórt a dúradh, nach gcomhlíonfar ceanglais an ailt seo, beidh sé de dhualgas ar iniúchóirí na cuideachta a scrúdóidh na cuntais ráiteas ina mbeidh na sonraí is gá a chur ina dtuarascáil ar chlár comhardaithe na cuideachta, sa mhéid gur féidir leo é sin a dhéanamh go réasúnach. | |
[EN] | (4) Measfar tagairtí san alt seo d'fhochuideachta a bheith ag tagairt d'fhochuideachta i ndeireadh bhliain airgeadais na cuideachta (cibé acu a bhí nó nach raibh sí ina fochuideachta ar dháta na hiasachta). | |
[EN] |
Dualgas ginearálta eolas a nochtadh chun críocha ailt 190, 191 agus 192. |
193. —(1) Beidh de dhualgas ar gach stiúrthóir agus rúnaí ar chuideachta fógra i scríbhinn a thabhairt don chuideachta a luaithe is féidir maidir le cibé nithe ina thaobh féin agus i dtaobh a chéile agus a chlainne is gá chun críocha alt 190. |
[EN] | (2) Beidh de dhualgas ar gach stiúrthóir ar chuideachta fógra i scríbhinn a thabhairt don chuideachta maidir le cibé nithe ina thaobh féin is gá chun críocha ailt 191 agus 192 ach amháin sa mhéid go mbaineann an t-alt deiridh sin le hiasachtaí a thabharfaidh an chuideachta nó aon duine eile faoi ráthaíocht nó ar urrús a thug an chuideachta do stiúrthóir ar an gcuideachta. | |
[EN] | (3) Mura dtabharfar aon fhógra den sórt sin ag cruinniú stiúrthóirí, déanfaidh an stiúrthóir nó an rúnaí, cibé acu é, a bheidh á thabhairt, gach beart réasúnach chun a áirithiú go dtarraingeofar anuas agus go léifear é ag an gcéad chruinniú eile de na stiúrthóirí tar éis a thugtha. | |
[EN] | (4) Dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur ar aon duine a mhainneoidh an t-alt seo a chomhlíonadh. | |
[EN] |
Dualgas ar stiúrthóir a leas i gconarthaí a dhéanfar leis an gcuideachta a nochtadh. |
194. —(1) Beidh de dhualgas ar stiúrthóir cuideachta a bhfuil leas aige ar dhóigh ar bith, go díreach nó go neamhdhíreach, i gconradh, nó i gconradh atá beartaithe, leis an gcuideachta, a dhearbhú cad é an leas é ag cruinniú de stiúrthóirí na cuideachta. |
[EN] | (2) I gcás conradh a bheith beartaithe, déanfar an dearbhú a cheanglaítear ar stiúrthóir a dhéanamh leis an alt seo ag an gcruinniú de na stiúrthóirí ag a mbreithneofar don chéad uair an cheist i dtaobh an conradh a dhéanamh, nó, mura raibh leas ag an stiúrthóir, ar dháta an chruinnithe sin, sa chonradh beartaithe, ag an gcéad chruinniú eile de na stiúrthóirí a thionólfar tar éis dó teacht chun leas a bheith aige amhlaidh, agus i gcás an stiúrthóir a theacht chun leas a bheith aige i gconradh tar éis a dhéanta, déanfar an dearbhú sin ag an gcéad chruinniú de na stiúrthóirí a thionólfar tar éis don stiúrthóir teacht chun an leas sin a bheith aige. | |
[EN] | (3) Faoi réir fho-alt (4), má thugann stiúrthóir fógra ginearálta do stiúrthóirí cuideachta á chur in iúl gur comhalta é de chuideachta nó de ghnólacht sonraithe agus go bhfuil sé le háireamh mar dhuine a bhfuil leas aige in aon chonradh a dhéanfaí, tar éis dáta an fhógra, leis an gcuideachta sin nó leis an ngnólacht sin, measfar, chun críocha an ailt seo, gur leordhearbhú é sin ar a leas maidir le haon chonradh a dhéanfar amhlaidh. | |
[EN] | (4) Ní bheidh éifeacht ag aon fhógra den sórt sin a dúradh mura dtabharfar é ag cruinniú de na stiúrthóirí nó mura ndéanfaidh an stiúrthóir gach beart réasúnach chun a áirithiú go dtarraingeofar anuas agus go léifear é ag an gcéad chruinniú eile de na stiúrthóirí tar éis a thugtha. | |
[EN] | (5) (a) Déanfar cóip de gach dearbhú a dhéanfar, agus de gach fógra a thabharfar, de bhun an ailt seo a thaifeadadh, laistigh de 3 lá tar éis a dhéanta nó a thugtha, i leabhar a choimeádfar chuige sin. Beidh an leabhar sin ar oscailt chun a scrúdaithe in aisce ag aon stiúrthóir, rúnaí, iniúchóir nó comhalta de chuid na cuideachta in oifig chláraithe na cuideachta, agus tabharfar ar aird é ag gach cruinniú ginearálta den chuideachta, agus ag aon chruinniú de na stiúrthóirí má iarrann aon stiúrthóir é in am trátha chun go bhféadfar an leabhar a chur ar fáil ag an gcruinniú. | |
[EN] | (b) Má mhainníonn cuideachta an fo-alt seo a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain, agus má dhiúltaítear cead a scrúdaithe nó é a thabhairt ar aird in aon chás ina n-éileofar sin faoin bhfo-alt seo, féadfaidh an chúirt, le hordú, a éigniú go gcuirfear faoi scrúdú nó go dtabharfar ar aird é láithreach. | |
[EN] | (6) Dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur ar aon stiúrthóir a mhainneoidh an t-alt seo a chomhlíonadh. | |
[EN] | (7) Ní mheasfar go ndéanann aon ní san alt seo dochar d'oibriú aon rialach dlí a choisceann ar stiúrthóirí cuideachta aon leas a bheith acu i gconarthaí leis an gcuideachta. | |
[EN] |
Clár na stiúrthóirí agus na rúnaithe. |
195. —(1) Coimeádfaidh gach cuideachta clár a stiúrthóirí agus a rúnaithe ina hoifig chláraithe. |
[EN] | (2) Faoi réir fho-alt (3), beidh na sonraí seo a leanas sa chlár sin maidir le gach stiúrthóir— | |
[EN] | (a) a ainm baiste agus a shloinne faoi láthair agus aon seanainm baiste agus seansloinne; agus | |
[EN] | (b) seoladh a ghnátháite cónaithe; agus | |
[EN] | (c) a náisiúntacht, mura náisiúntacht Éireannach í; agus | |
[EN] | (d) an tslí ghnó atá aige, má tá; agus | |
[EN] | (e) sonraí aon stiúrthóireachtaí eile atá aige ar chomhlachtaí corpraithe a corpraíodh sa Stát. | |
[EN] | (3) Ní gá go mbeadh sa chlár sin sonraí ar stiúrthóireachtaí atá ag stiúrthóir i gcomhlachtaí corpraithe ar fochuideachta atá ar lánúinéireacht acu an chuideachta nó ar fochuideachtaí iad atá ar lánúinéireacht ag an gcuideachta nó ag comhlacht corpraithe eile ar fochuideachta atá ar lánúinéireacht aige an chuideachta, agus chun críocha an fho-ailt seo measfar comhlacht corpraithe a bheith ina fhochuideachta atá ar lánúinéireacht ag comhlacht corpraithe eile mura bhfuil de chomhaltaí aige ach an comhlacht corpraithe eile sin agus na fochuideachtaí atá ar lánúinéireacht ag an gcomhlacht corpraithe eile sin agus a ainmnithigh féin nó a n-ainmnithigh sin. | |
[EN] | (4) Faoi réir fho-alt (5), beidh na sonraí seo a leanas sa chlár sin maidir leis an rúnaí nó, i gcás comhrúnaithe a bheith ann, maidir le gach duine acu— | |
[EN] | (a) i gcás pearsa aonair, a ainm baiste agus a shloinne faoi láthair, aon seanainm baiste agus seansloinne, agus seoladh a ghnátháite cónaithe; agus | |
[EN] | (b) i gcás comhlachta chorpraithe, an t-ainm corpraithe agus an oifig chláraithe. | |
[EN] | (5) Más comhrúnaithe na compháirtithe go léir i ngnólacht, féadfar ainm agus príomhoifig an ghnólachta a thabhairt in ionad na sonraí sin. | |
[EN] | (6) Cuirfidh an chuideachta chuig cláraitheoir na gcuideachtaí, laistigh de na tréimhsí faoi seach a luaitear i bhfo-alt (7), tuairisceán san fhoirm fhorordaithe ina dtabharfar na sonraí a shonraítear sa chlár sin maraon le faisnéis san fhoirm fhorordaithe faoi aon athrú i measc a stiúrthóirí nó ar a rúnaí, nó ar aon cheann de na sonraí sa chlár, agus a shonróidh dáta an athraithe. | |
[EN] | (7) Faoi réir fho-alt (8), is iad seo a leanas na tréimhsí dá dtagraítear i bhfo-alt (6):— | |
[EN] | (a) is 14 lá ón dáta a cheapfar na chéad stiúrthóirí ar an gcuideachta an tréimhse ina mbeidh an tuairisceán sin le cur ar aghaidh; agus | |
[EN] | (b) is 14 lá tar éis an dáta a tharlóidh sé an tréimhse ina mbeidh an fhaisnéis sin faoi athrú le cur ar aghaidh. | |
[EN] | (8) I gcás tuairisceán ina mbeidh sonraí maidir le haon duine arb é rúnaí na cuideachta é ar an dáta feidhme, is 14 lá ón dáta feidhme an tréimhse. | |
[EN] | (9) Beidh an clár a choimeádfar faoin alt seo ar fáil lena scrúdú, le linn uaire gnó (faoi réir cibé srianta réasúnacha a fhorchuirfidh an chuideachta lena hairteagail nó i gcruinniú ginearálta, ionas go lamhálfar 2 uair a chloig ar a laghad gach lá chun a scrúdaithe, ag aon chomhalta den chuideachta saor in aisce, agus ag aon duine eile ar scilling nó cibé suim faoina bhun sin a fhorordóidh an chuideachta a íoc as gach scrúdú. | |
[EN] | (10) Má dhiúltaítear aon chead scrúdaithe a éileofar faoin alt seo, nó ná mhainnítear fo-ailt (1), (2), (4) nó (6) a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain. | |
[EN] | (11) I gcás aon diúltaithe den sórt sin, féadfaidh an chúirt, le hordú, a éigniú go gcuirfear an clár faoi scrúdú láithreach. | |
[EN] | (12) Chun críocha an ailt seo— | |
[EN] | (a) measfar gur stiúrthóir agus oifigeach de chuid cuideachta duine ar gnách le stiúrthóirí na cuideachta gníomhú de réir a orduithe nó a threoracha; | |
[EN] | (b) folaíonn “ainm baiste” túsainm. | |
[EN] | (c) i gcás duine a aithnítear de ghnáth faoi theideal nach ionann agus a shloinne, ciallaíonn an focal “sloinne” an teideal sin; | |
[EN] | (d) ní fholaíonn tagairtí do sheanainm baiste nó seansloinne— | |
[EN] | (i) i gcás duine a aithnítear de ghnáth faoi theideal nach ionann agus a shloinne, an t-ainm faoina raibh aithne air sular ghlac sé an teideal nó sular tháinig sé i gcomharbas an teidil, nó | |
[EN] | (ii) i gcás aon duine, seanainm baiste nó seansloinne i gcás inar athraíodh nó inar ligeadh as úsáid an t-ainm nó an sloinne sin sular shlánaigh an duine ar a raibh an t-ainm 18 mbliana d'aois nó ina bhfuil sé athraithe nó ligthe as úsáid le tréimhse nach giorra ná 20 bliain; nó | |
[EN] | (iii) i gcás bean phósta, an t-ainm nó an sloinne faoina raibh aithne uirthi roimh an bpósadh. | |
[EN] |
Sonraí a bhaineann le stiúrthóirí a bheith le taispeáint ar gach litir ghnó ón gcuideachta. 1908, c. 69. |
196. —(1) Faoi réir fho-alt (2), déanfaidh gacn cuideachta lena mbaineann an t-alt seo, i ngach litir ghnó ar a mbeidh nó ina mbeidh ainm na cuideachta agus a chuirfidh an chuideachta chuig aon duine, na sonraí seo a leanas a thabhairt i litreacha inléite maidir le gach stiúrthóir: |
[EN] | (a) a ainm baiste faoi láthair, nó inisileacha an ainm sin, agus a shloinne faoi láthair; agus | |
[EN] | (b) aon seanainmneacha baiste agus seansloinnte; agus | |
[EN] | (c) a náisiúntacht, mura náisiúntacht Éireannach í. | |
[EN] | (2) Má tá imthosca speisialta ann a fhágann, i dtuairim an Aire, go bhfuil sé fóirsteanach díolúine den sórt sin a dheonú, féadfaidh an tAire, faoi réir cibé coinníollacha is oiriúnach leis, díolúine ó na hoibleagáidí a fhorchuirtear leis an alt seo a dheonú. | |
[EN] | (3) Bainfidh an t-alt seo— | |
[EN] | (a) le gach cuideachta a bheidh cláraithe faoin Acht seo nó faoin Companies Consolidation Act, 1908, mura roimh an 23ú lá de Shamhain, 1916, a cláraíodh í, agus | |
[EN] | (b) le gach cuideachta a corpraíodh lasmuigh den Stát agus a bhfuil áit ghnó bhunaithe aici sa Stát, mura raibh áit ghnó den sórt sin bunaithe aici roimh an dáta sin; agus | |
[EN] | (c) le gach cuideachta a bheidh ceadúnaithe faoi Acht na nIasachtaithe Airgid, 1933 , cibé uair a cláraíodh í nó cibé uair a bhunaigh sí áit ghnó. | |
[EN] | (4) Faoi réir fho-alt (5), má mhainníonn cuideachta an t-alt seo a chomhlíonadh, dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £25 i leith gach ciona a chur ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain agus, chun críocha an fho-ailt seo, má bhíonn comhlacht corpraithe ina oifigeach don chuideachta, measfar gurb oifigeach don chuideachta aon oifigeach don chomhlacht corpraithe. | |
[EN] | (5) Ní thionscnófar aon imeachtaí faoin alt seo ach amháin ag an Aire nó lena thoiliú. | |
[EN] | (6) Chun críocha an ailt seo— | |
[EN] | (a) folaíonn “stiúrthóir” aon duine ar gnách le stiúrthóirí na cuideachta gníomhú de réir a orduithe nó a threoracha, agus forléireofar “oifigeach” dá réir sin; agus | |
[EN] | (b) folaíonn “inisileacha” giorrú aitheanta ar ainm baiste; agus beidh feidhm ag míreanna (b), (c) agus (d) d'fho-alt (12) d'alt 195 amhail mar atá feidhm acu chun críocha an ailt sin. | |
[EN] |
Féadfaidh cuideachta theoranta stiúrthóirí le dliteanas neamhtheoranta a bheith aici. |
197. —(1) I gcuideachta theoranta, má fhoráiltear amhlaidh leis an meabhrán, féadfaidh dliteanas na stiúrthóirí, nó an stiúrthóra bainistíochta, bheith neamhtheoranta. |
[EN] | (2) I gcuideachta theoranta ina mbeidh dliteanas stiúrthóra neamhtheoranta, déanfaidh stiúrthóirí na cuideachta agus an comhalta a thairgfidh duine lena thoghadh nó lena cheapadh chun oifig stiúrthóra, ráiteas a chur leis an tairiscint sin go mbeidh dliteanas an duine a bheidh i seilbh na hoifige sin neamhtheoranta, agus sula nglacfaidh an duine sin leis an oifig nó sula ngníomhóidh sé inti, tabharfar dó fógra i scríbhinn go mbeidh a dhliteanas neamhtheoranta ó na daoine seo a leanas nó ó dhuine acu, eadhon, tionscnóirí na cuideachta, stiúrthóirí na cuideachta, agus rúnaí na cuideachta. | |
[EN] | (3) Má mhainníonn aon stiúrthóir nó tairgtheoir ráiteas den sórt sin a chur leis an tairiscint, nó má mhainníonn aon tionscnóir nó stiúrthóir nó rúnaí fógra den sórt sin a thabhairt, dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur air agus beidh sé faoi dhliteanas freisin i leith aon damáiste a bhainfidh, de dheasca na mainneachtana, don duine a thoghfar nó a cheapfar amhlaidh, ach ní dhéanfaidh an mhainneachtain difear do dhliteanas an duine a thoghfar nó a cheapfar. | |
[EN] |
Cumhacht cuideachta teoranta chun dliteanas stiúrthóirí a dhéanamh neamhtheoranta. |
198. —(1) Féadfaidh cuideachta theoranta, má údaraítear sin di lena hairteagail, a meabhrán a athrú, le rún speisialta, chun dliteanas a stiúrthóirí, nó dliteanas aon stiúrthóra bainistíochta, a dhéanamh neamhtheoranta. |
[EN] | (2) Ar aon rún speisialta den sórt sin a rith, beidh a fhorálacha chomh bailí is dá mbeidís sa mheabhrán i gcéaduair. | |
[EN] |
Forálacha maidir le sannadh oifige ag stiúrthóirí. |
199. —Más rud é, i gcás aon chuideachta, go mbeidh foráil déanta leis na hairteagail nó le haon chomhaontú a rinneadh idir aon duine agus an chuideachta chun cumhacht a thabhairt do stiúrthóir ar an gcuideachta a oifig mar stiúrthóir a shannadh do dhuine eile, beidh aon sannadh oifige a dhéanfar de bhun na forála sin, d'ainneoin aon ní contrártha dó sin san fhoráil sin, gan éifeacht ar bith mura n-aontófar agus go dtí go n-aontófar leis le rún speisialta ón gcuideachta. |
Neamhniú Forálacha in Airteagail nó i gConarthaí a shaorfadh Oifigigh ó Dhliteanas. | ||
[EN] |
Neamhniú forálacha a shaorfadh oifigigh agus iniúchóirí cuideachta ó dhliteanas. |
200. —Faoi réir a bhforáiltear anseo ina dhiaidh seo, má dhéantar aon fhoráil, cibé acu in airteagail chuideachta nó in aon chonradh le cuideachta nó ar dhóigh eile é, chun aon oifigeach don chuideachta nó aon duine eile a bheidh ar fostú ag an gcuideachta mar iniúchóir a dhíolmhú ó aon dliteanas, nó a shlánú in aghaidh aon dliteanais, a bheadh de bhua aon rialach dlí ag baint leis murach sin mar gheall ar aon fhaillí, mainneachtain, sárú dualgais nó sárú iontaobhais a mbeadh sé ciontach ann maidir leis an gcuideachta, beidh an fhoráil sin ar neamhní, sa dóigh, áfach— |
[EN] | (a) nach n-oibreoidh aon ní san alt seo chun aon díolúine nó ceart a bhaint d'aon duine chun a shlánaithe i leith aon ní a rinne sé nó nach ndearna sé fad a bhí aon fhoráil den sórt sin i bhfeidhm; agus | |
[EN] | (b) d'ainneoin aon ní san alt seo, go bhféadfaidh cuideachta, de bhun aon fhorála mar a dúradh, aon oifigeach nó iniúchóir den sórt sin a shlánú in aghaidh aon dliteanais faoina rachaidh sé ag cosaint imeachtaí, cibé acu sibhialta nó coiriúil iad, ina dtabharfar breithiúnas ina fhabhar nó ina n-éigiontófar é, nó i ndáil le haon iarratas faoi alt 391 ina ndeonóidh an chúirt faoiseamh dó. | |
Comhshocraiochtai agus Athchóiriú. | ||
[EN] |
Comhréiteach idir cuideachta agus a comhaltaí no a creidiúnaithe. |
201. —(1) Má bheartaítear ar chomhréiteach nó comhsocraíocht idir cuideachta agus a creidiúnaithe nó aon aicme dá creidiúnaithe, nó idir an chuideachta agus a comhaltaí nó aon aicme dá comhaltaí, féadfaidh an chúirt, ar iarratas ón gcuideachta nó ó aon chreidiúnaí nó comhalta de chuid na cuideachta, nó, i gcás cuideachta a bheith á foirceannadh, ón leachtaitheoir, a ordú go ndéanfar cruinniú de na creidiúnaithe nó den aicme creidiúnaithe, nó de chomhaltaí na cuideachta nó den aicme comhaltaí, cibé acu é, a ghairm ar an modh a ordóidh an chúirt. |
[EN] | (2) Aon uair a dhéanfar iarratas mar a luaitear i bhfo-alt (1), féadfaidh an chúirt, ar cibé téarmaí a fheicfear di a bheith cóir, bac a chur ar gach imeacht, nó srian a chur lena thuilleadh imeachtaí, i gcoinne na cuideachta go ceann cibé tréimhse is cuí leis an gcúirt. | |
[EN] | (3) Má thugann tromlach a ionannóidh trí cheathrú, de réir luacha, de na creidiúnaithe nó den aicme creidiúnaithe nó de na comhaltaí nó den aicme comhaltaí, cibé acu é, a bheidh i láthair agus a vótálfaidh go pearsanta nó trí sheachvótálaithe ag an gcruinniú, vóta i bhfabhar rúin ag comhaontú le haon chomhréiteach nó comhshocraíocht, beidh an comhréiteach nó an chomhshocraíocht, má cheadaíonn an chúirt an céanna, ina cheangal ar na creidiúnaithe go léir nó ar an aicme creidiúnaithe nó ar na comhaltaí nó ar an aicme comhaltaí, cibé acu é, agus fós ar an gcuideachta nó, i gcás cuideachta a bheidh i gcúrsa a foirceanta, ar an leachtaitheoir agus ar ranníocóirí na cuideachta. | |
[EN] | (4) Bainfidh alt 144 le haon rún den sórt a luaitear i bhfo-alt (3) a rithfear ag aon chruinniú atrátha a thionólfar faoin alt seo. | |
[EN] | (5) Ní bheidh aon éifeacht ag ordú faoi fho-alt (3) go dtí go mbeidh cóip oifige den ordú seachadta do chláraitheoir na gcuideachtaí lena clárú, agus cuirfear cóip de gach ordú den sórt sin i gceangal le gach cóip de mheabhrán na cuideachta a eiseofar tar éis an t-ordú a dhéanamh, nó, i gcás cuideachta gan mheabhrán, le gach cóip a eiseofar amhlaidh den ionstraim trínar comhdhéanadh an chuideachta nó a mhíníonn a comhdhéanamh. | |
[EN] | (6) Má mhainníonn cuideachta fo-alt (5) a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £20 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain. | |
[EN] | (7) San alt seo agus in alt 202, ciallaíonn “cuideachta” aon chuideachta is infhoirceanta faoin Acht seo, agus folaíonn “comhshocraíocht” atheagrú ar scairchaipiteal na cuideachta trí scaireanna de chineálacha éagsúla a chomhdhlúthú nó trí scaireanna a roinnt ina scaireanna de chineálacha éagsúla nó ar an dá mhodh sin. | |
[EN] |
Eolas faoi chomhréiteach le comhaltaí agus le creidiúnaithe. |
202. —(1) Nuair a dhéanfar cruinniú de chreidiúnaithe nó d'aon aicme creidiúnaithe nó de chomhaltaí nó d'aon aicme comhaltaí a ghairm faoi alt 201, déanfar— |
[EN] | (a) le gach fógra ag gairm an chruinnithe a chuirfear chuig creidiúnaí nó comhalta, ráiteas a chur chuige freisin ina míneofar éifeacht an chomhréitigh nó na comhshocraíochta agus ina luafar go háirithe aon leasanna ábhartha atá ag stiúrthóirí na cuideachta, cibé acu mar stiúrthírí nó mar chomhaltaí nó mar chreidiúnaithe de chuid na cuideachta nó eile é, agus éifeacht an chomhréitigh nó na comhshocraíochta orthu, sa mhéid nach ionann í agus an éifeacht ar a samhail de leasanna ag daoine eile; agus | |
[EN] | (b) i ngach fógra ag gairm an chruinnithe a thabharfar trí fhógrán, ráiteas den sórt a dúradh a chur ann nó faisnéis faoin áit agus an am a bhféadfaidh creidiúnaithe nó comhaltaí atá i dteideal bheith i láthair ag an gcruinniú cóipeanna de ráiteas mar a dúradh a fháil. | |
[EN] | (2) Má dhéanann an comhréiteach nó an chomhshocraíocht difear do chearta bintiúrach de chuid cuideachta, tabharfar sa ráiteas sin míniú maidir le hiontaobhaithe aon ghníomhais chun eisiúint na mbintiúr a urrú de shamhail an mhínithe is gá a thabhairt ann maidir le stiúrthóirí na cuideachta. | |
[EN] | (3) Má bhíonn i bhfógra a thabharfar trí fhógrán faisnéis go bhféadfaidh creidiúnaithe nó comhaltaí atá i dteideal bheith i láthair ag an gcruinniú cóipeanna a fháil de ráiteas a mhíníonn éifeacht chomhréitigh nó chomhshocraíochta atá beartaithe, déanfaidh an chuideachta cóip den ráiteas a thabhairt in aisce do gach creidiúnaí nó comhalta den sórt sin má iarrann sé sin ar an modh a chuirfear in iúl leis an bhfógra. | |
[EN] | (4) Faoi réir fho-alt (5), má mhainníonn cuideachta aon cheanglas dá bhfuil san alt seo a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain, agus chun críche an fho-ailt seo measfar gurb oifigeach don chuideachta aon leachtaitheoir ar an gcuideachta agus aon iontaobhaí faoi ghníomhas chun eisiúint bintiúr de chuid na cuideachta a urrú. | |
[EN] | (5) Ní bheidh duine faoi dhliteanas faoi fho-alt (4) má shuíonn an duine sin gurbh é ba chúis leis an mainneachtain diúltú ó aon duine eile, ar stiúrthóir nó iontaobhaí dó bhintiúraigh é, na sonraí ba ghá i dtaobh a leasanna a thabhairt uaidh. | |
[EN] | (6) Beidh sé de dhualgas ar aon stiúrthóir ar an gcuideachta agus ar aon iontaobhaí do bhintiúraigh de chuid na cuideachta fógra a thabhairt don chuideachta faoi na nithe sin ina thaobh féin is gá chun críocha an ailt seo, agus dlífear fíneáil nach mó ná £50 a chur ar aon duine a mhainneoidh an fo-alt seo a chomhlíonadh. | |
[EN] |
Forálacha chun athchóiriú agus cónascadh cuideachtaí a éascú. |
203. —(1) Nuair a dhéanfar iarratas chun na cúirte faoi alt 201 chun comhréiteach nó comhshocraíocht a cheadú a bheidh beartaithe idir cuideachta agus aon daoine den sórt a luaitear san alt sin, agus a shuífear don chúirt gur beartaíodh an comhréiteach nó an chomhshocraíocht chun críocha scéime, nó i ndáil le scéim, chun aon chuideachta nó cuideachtaí a athchóiriú nó chun aon dá chuideachta nó níos mó a chónascadh, agus de réir na scéime go bhfuil an t-iomlán nó aon chuid de ghnóthas nó maoin aon chuideachta atá i gceist sa scéim (dá ngairtear “cuideachta is aistreoir” san alt seo) le haistriú chuig cuideachta eile (dá ngairtear “an chuideachta is aistrí” san alt seo), féadfaidh an chúirt, leis an ordú a cheadóidh an comhréiteach nó an chomhshocraíocht nó le haon ordú ina dhiaidh sin, foráil a dhéanamh le haghaidh aon ní nó nithe acu seo a leanas— |
[EN] | (a) an t-iomlán nó aon chuid de ghnóthas agus de mhaoin nó dliteanais aon chuideachta is aistreoir a aistriú chuig an gcuideachta is aistrí; | |
[EN] | (b) leithroinnt nó leithreasú ag an gcuideachta is aistrí ar aon scaireanna, bintiúir, polasaithe nó leasanna eile dá samhail sa chuideachta sin atá, faoin gcomhréiteach nó faoin gcomhshocraíocht, le leithroinnt nó le leithreasú ag an gcuideachta sin ar aon duine nó lena aghaidh; | |
[EN] | (c) leanúint d'aon imeachtaí dlí atá ar feitheamh ag aon chuideachta is aistreoir nó ina coinne ag an gcuideachta is aistrí nó ina coinne; | |
[EN] | (d) díscaoileadh aon chuideachta is aistreoir, gan í a fhoirceannadh; | |
[EN] | (e) an soláthar atá le déanamh d'aon daoine a easaontóidh, laistigh de cibé tréimhse agus ar cibé modh a ordóidh an chúirt, leis an gcomhréiteach nó leis an gcomhshocraíocht; | |
[EN] | (f) cibé nithe teagmhasacha, iarmartacha agus forlíontacha is gá chun a áirithiú go ndéanfar an t-athchóiriú nó an cónascadh a chur i gcrích go hiomlán agus go héifeachtach. | |
[EN] | (2) Nuair a dhéanfaidh ordú faoin alt seo foráil chun maoin nó dliteanais a aistriú, ansin, de bhua an ordaithe, aistreofar an mhaoin sin chun na cuideachta is aistrí agus dílseoidh sí di, agus, de bhua an ordaithe, aistreoidh na dliteanais sin chuici agus tiocfaidh siad chun bheith ina ndliteanais uirthi, agus i gcás aon mhaoine, má ordaíonn an t-ordú amhlaidh, saor ó aon mhuirear a bheidh, de bhua an chomhréitigh nó na comhshocraíochta, le scor d'éifeacht a bheith aige. | |
[EN] | (3) Nuair a dhéanfar ordú faoin alt seo, cuirfidh gach cuideachta a ndéanfar an t-ordú ina leith faoi deara go seachadfar cóip oifige de do chláraitheoir na gcuideachtaí lena clárú, laistigh de 21 lá tar éis an t-ordú a dhéanamh, agus má mhainnítear an fo-alt seo a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £25 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain. | |
[EN] | (4) San alt seo, folaíonn “maoin” maoin, cearta agus cumhachtaí de gach saghas, agus folaíonn “dliteanais” dualgais. | |
[EN] | (5) D'ainneoin fho-alt (7) d'alt 201, ní fholaíonn “cuideachta” san alt seo aon chuideachta seachas cuideachta de réir bhrí an Achta seo. | |
[EN] |
Cumhacht chun scaireanna a fháil ó scairshealbhóirí nár aontaigh le scéim nó conradh lenar aontaigh tromlach. |
204. —(1) Faoi réir fho-alt (2), i gcás scéim nó conradh nó tairiscint trína bhfaigheadh cuideachta amháin, cibé acu cuideachta de réir bhrí an Achta seo í nó nach ea (dá ngairtear “an chuideachta is aistrí” san alt seo), úinéireacht thairbhiúil ar na scaireanna go léir (seachas scaireanna atá ar úinéireacht thairbhiúil cheana féin ag an gcuideachta is aistrí) i gcaipiteal cuideachta eile, is cuideachta de réir bhrí an Achta seo (dá ngairtear “an chuideachta is aistreoir” san alt seo), a theacht chun bheith ina cheangal nó a bheith aontaithe nó glactha i leith ceithre chúigiú ar a laghad de réir luacha de na scaireanna a bheidh i gceist, tráth nach déanaí ná 4 mhí tar éis téarmaí na scéime, an chonartha nó na tairisceana sin a fhoilsiú go ginearálta do shealbhóirí na scaireanna a bheidh i gceist, féadfaidh an chuideachta is aistrí, tráth ar bith roimh dheireadh na tréimhse 6 mhí díreach i ndiaidh an fhoilsithe sin, fógra a thabhairt san fhoirm fhorordaithe d'aon scairshealbhóir easaontach gur mian léi úinéireacht thairbhiúil a fháil ar a scaireanna, agus nuair a bheidh an fógra sin tugtha beidh an chuideachta is aistrí, mura rud é, ar iarratas ón scairshealbhóir easaontach laistigh de mhí ón dáta a tugadh an fógra, gur cuí leis an gcúirt a mhalairt a ordú, i dteideal agus faoi cheangal úinéireacht thairbhiúil na scaireanna sin a fháil ar na téarmaí ar a mbeidh, faoin scéim nó faoin gconradh nó faoin tairiscint, úinéireacht thairbhiúil na scaireanna a mbeidh an scéim, an conradh nó an tairiscint tagtha chun bheith ina cheangal nó aontaithe nó glactha ina leith le fáil ag an gcuideachta is aistrí. |
[EN] | (2) I gcás scaireanna sa chuideachta is aistreoir a bheith, ar dháta an fhoilsithe sin, ar úinéireacht thairbhiúil cheana féin ag an gcuideachta is aistrí go feadh luach is mó ná an cúigiú cuid de luach comhiomlán na scaireanna sin agus na scaireanna a bheidh i gceist, ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) mura rud é, i dteannta iad a bheith i seilbh ceithre chúigiú ar a laghad de réir luacha de na scaireanna a bheidh i gceist, gurb ionann líon na scairshealbhóirí aontacha agus trí cheathrú ar a laghad de líon sealbhóirí na scaireanna sin. | |
[EN] | (3) Chun críocha an ailt seo, i gcás scaireanna sa chuideachta is aistreoir a bheith ar úinéireacht thairbhiúil ag fochuideachta don chuideachta is aistrí measfar iad a bheith ar úinéireacht thairbhiúil ag an gcuideachta is aistrí, i gcás úinéireacht thairbhiúil scaireanna sa chuideachta is aistreoir a bheith faighte ag fochuideachta don chuideachta is aistrí measfar an úinéireacht thairbhiúil sin a bheith faighte ag an gcuideachta is aistrí, agus ní áireofar scaireanna mar scaireanna nach bhfuil ar úinéireacht thairbhiúil ag an gcuideachta is aistrí de bhíthin amháin go bhfuil na scaireanna sin, nó go dtiocfadh dóibh a bheith, faoi réir muirir i bhfabhar duine eile. | |
[EN] | (4) Más rud é, de dhroim aon scéime, chonartha nó tairiscinte den sórt sin, go bhfaighidh an chuideachta is aistrí an leas tairbhiúil i scaireanna sa chuideachta is aistreoir agus de thoradh é a fháil go dtiocfaidh an chuideachta is aistrí chun bheith ina húinéir tairbhiúil ar cheithre chúigiú de réir luacha de na scaireanna uile sa chuideachta is aistreoir, ansin— | |
[EN] | (a) déanfaidh an chuideachta is aistrí, laistigh de mhí ón dáta a fuarthas an leas sin, fógra go bhfuarthas é a thabhairt san fhoirm fhorordaithe do na sealbhóirí go léir ar scaireanna sa chuideachta is aistreoir nach bhfuil ar úinéireacht thairbhiúil ag an gcuideachta is aistrí; agus | |
[EN] | (b) féadfaidh aon sealbhóir den sórt sin, laistigh de 3 mhí ón dáta a tugadh an fógra dó, a éileamh ar an gcuideachta is aistrí a chuid scaireanna a fháil; | |
[EN] | agus, nuair a thabharfaidh scairshealbhóir fógra faoi mhír (b) maidir le haon scaireanna, beidh an chuideachta is aistrí i dteideal agus faoi cheangal úinéireacht thairbhiúil na scaireanna sin a fháil ar na téarmaí ar a bhfuair sí, faoin scéim nó faoin gconradh nó faoin tairiscint, úinéireacht thairbhiúil scaireanna na scairshealbhóirí aontacha, nó ar cibé téarmaí eile ar a gcomhaontófar nó is cuí leis an gcúirt a ordú ar iarratas ón gcuideachta is aistrí nó ó scairshealbhóir, agus beidh fo-ailt (5), (6) agus (7) infheidhme mutatis mutandis amhail is dá mba thagairt d'fhógra a tugadh faoi mhír (b) aon tagairt sna fo-ailt sin d'fhógra a tugadh faoi fho-alt (1). | |
[EN] | (5) Nuair a bheidh fógra tugtha ag an gcuideachta is aistrí faoi fho-alt (1) agus nach mbeidh an chúirt, ar iarratas ón scairshealbhóir easaontach, tar éis a mhalairt a ordú, déanfaidh an chuideachta is aistrí, ar mhí ón dáta a tugadh an fógra a bheith caite, nó, má bhíonn iarratas chun na cúirte ón scairshealbhóir easaontach ar feitheamh an uair sin, tar éis déileáil leis an iarratas sin, cóip den fhógra a chur chuig an gcuideachta is aistreoir maraon le hionstraim aistrithe scaireanna an scairshealbhóra easaontaigh arna forghníomhú thar ceann an scairshealbhóra easaontaigh mar aistreoir ag aon duine a bheidh ceaptha ag an gcuideachta is aistrí agus ag an aistrí (is é sin, an chuideachta is aistrí nó fochuideachta don chuideachta is aistrí nó ainmnitheach don chuideachta is aistrí nó d'fhochuideachta den sórt sin) agus an méid nó an chomaoin eile is ionann agus an praghas is iníoctha ag an gcuideachta is aistrí ar na scaireanna a mbeidh an chuideachta is aistrí i dteideal a n-úinéireacht thairbhiúil a fháil de bhua an ailt seo a íoc leis an gcuideachta is aistreoir nó a dhílsiú di, agus air sin déanfaidh an chuideachta is aistreoir an duine a d'fhorghníomhaigh an ionstraim sin mar aistrí a chlárú mar shealbhóir na scaireanna sin, sa dóigh, áfach, nach gá amhlaidh ionstraim aistrithe le haghaidh aon scaire a mbeidh barántas scaire ina leith gan teacht isteach de thuras na huaire. | |
[EN] | (6) Déanfar aon suimeanna a gheobhaidh an chuideachta is aistreoir faoin alt seo a íoc isteach i gcuntas bainc ar leith, agus sealbhóidh an chuideachta sin aon suimeanna den sórt sin agus aon chomaoin eile a gheofar amhlaidh ar iontaobhas do na daoine éagsúla a bheidh i dteideal na scaireanna ar ina leith a fuarthas na suimeanna sin nó an chomaoin eile sin faoi seach. | |
[EN] | (7) Ní bheidh an chuideachta is aistreoir ná ainmnitheach don chuideachta is aistreoir i dteideal aon cheart vótála a fheidhmiú a thabharfaidh aon scaireanna sa chuideachta is aistrí a eiseofar chuici nó chun a hainmnithigh mar a dúradh ach amháin faoi threoracha ón scairshealbhóir ar ina leith a eisíodh na scaireanna sin amhlaidh nó óna chomharba i dteideal agus de réir na dtreoracha sin. | |
[EN] | (8) San alt seo, ciallaíonn “na scaireanna a bheidh i gceist” na scaireanna a mbeidh fáil úinéireacht thairbhiúil orthu ag an gcuideachta is aistrí i dtrácht sa scéim, sa chonradh nó sa tairiscint, ciallaíonn “scairshealbhóir aontach” sealbhóir aon chinn de na scaireanna a bheidh i gceist agus a mbeidh an scéim, an conradh nó an tairiscint tagtha chun bheith ina cheangal nó aontaithe nó glactha ina leith, agus ciallaíonn “scairshealbhóir easaontach” sealbhóir aon chinn de na scaireanna a bheidh i gceist nach mbeidh an scéim, an conradh nó an tairiscint tagtha chun bheith ina cheangal nó aontaithe nó glactha ina leith nó sealbhóir a d'fhailligh nó a dhiúltaigh a scaireanna a aistriú de réir na scéime, an chonartha nó na tairisceana. | |
[EN] | (9) I gcás nach dtiocfaidh an scéim, an conradh nó an tairiscint chun bheith ina cheangal ar dhuine nó nach n-aontóidh sé nó nach nglacfaidh sé leis an gcéanna ach amháin i leith cuid de na scaireanna a shealbhaíonn sé, áireofar é mar scairshealbhóir aontach maidir leis an gcuid sin dá shealúchas agus mar scairshealbhóir easaontach maidir leis an gcuid eile dá shealúchas. | |
[EN] | (10) I gcás ina bhforálfaidh an scéim, an conradh nó an tairiscint go bhféadfaidh scairshealbhóir aontach rogha a dhéanamh idir 2 shraith téarmaí nó níos mó chun go bhfaigheadh an chuideachta is aistrí úinéireacht thairbhiúil ar na scaireanna a bheidh i gceist, cuirfear i dteannta an fhógra a thabharfaidh an chuideachta is aistrí faoi fho-alt (1), nó corprófar ann, fógra a luafar ann na sraitheanna téarmaí comhroghnacha a bhféadfaidh scairshealbhóirí aontacha rogha a dhéanamh eatarthu agus a sonrófar ann cé acu sraith de na téarmaí sin is infheidhme maidir leis an scairshealbhóir easaontach mura gcuirfidh sé in iúl i scríbhinn don chuideachta is aistrí, roimh dheireadh 14 lá ó dháta an fhógra a thabhairt, cé acu is rogha leis de na sraitheanna téarmaí comhroghnacha sin, agus is iad na téarmaí ar a mbeidh an chuideachta is aistrí i dteideal agus faoi cheangal, faoin alt seo, an úinéireacht thairbhiúil a fháil ar scaireanna an scairshealbhóra easaontaigh ná an tsraith téarmaí a chuirfidh an scairshealbhóir easaontach in iúl amhlaidh nó, mura gcuirfidh sé é sin in iúl amhlaidh, an tsraith téarmaí a shonrófar amhlaidh a bheith infheidhme maidir leis. | |
[EN] | (11) I gcás an t-alt seo a chur chun feidhme maidir le cuideachta is aistreoir, agus a bhfuil dhá chineál scaireanna nó níos mó ina scairchaipiteal, déanfar tagairtí do na scaireanna i gcaipiteal na cuideachta is aistreoir a fhorléiriú mar thagairtí do na scaireanna ina caipiteal is scaireanna de chineál áirithe. | |
[EN] | (12) Faoi réir fho-alt (13), ní bhainfidh an t-alt seo le scéim, conradh nó tairiscint ar foilsíodh a théarmaí go ginearálta do shealbhóirí na scaireanna a bheidh i gceist roimh an dáta feidhme agus leanfaidh alt 8 d'Acht na gCuideachtaí, 1959 , d'fheidhm a bheith aige maidir le haon scéim, conradh nó tairiscint den sórt sin, agus chun críocha aon scéime, conartha nó tairisceana den sórt sin measfar an t-alt sin d'fhanacht i lánfheidhm. | |
[EN] | (13) I gcás inar aontaíodh nó inar glacadh le haon scéim, conradh nó tairiscint den sórt a luaitear i bhfo-alt (1), ar an modh a thuairiscítear san fho-alt sin, tráth ar bith sular ritheadh Acht na gCuideachtaí, 1959 , féadfaidh an chúirt le hordú, ar iarratas ón gcuideachta is aistrí laistigh de 6 mhí tar éis an dáta feidhme, a údarú go dtabharfar fógra faoin alt seo, laistigh de cibé tréimhse i ndiaidh an ordaithe a dhéanamh a ordóidh an chúirt, agus beidh feidhm dá réir sin ag an alt seo, ach amháin gurb iad na téarmaí ar a mbeidh scaireanna an scairshealbhóra easaontaigh le fáil cibé téarmaí a ordóidh an chúirt leis an ordú, in ionad na dtéarmaí a fhorálfar leis an scéim, leis an gconradh nó leis an tairiscint. | |
Mionlaigh. | ||
[EN] |
Leigheas i gcásanna leatroim. |
205. —(1) Aon chomhalta de chuideachta a ghearánfaidh go bhfuil cúrsaí na cuideachta á stiúradh nó go bhfuil cumhachtaí stiúrthóirí na cuideachta á bhfeidhmiú ar dhóigh atá leatromach air féin nó ar aon duine de na comhaltaí (lena n-áirítear é féin), nó gan aird a thabhairt ar a leasanna féin nó ar a leasanna sin mar chomhaltaí, féadfaidh sé iarratas a dhéanamh chun na cúirte ar ordú faoin alt seo. |
[EN] | (2) I gcás a thiocfaidh faoi fho-alt (3) d'alt 170, féadfaidh an tAire ordú a iarraidh faoin alt seo. | |
[EN] | (3) Más rud é, i gcás aon iarratais faoi fho-alt (1) nó fo-alt (2), gurb é tuairim na cúirte go bhfuil cúrsaí na cuideachta á stiúradh nó cumhachtaí na stiúrthóirí á bhfeidhmiú mar a dúradh, féadfaidh an chúirt, d'fhonn deireadh a chur leis na nithe a gearánadh, cibé ordú is cuí léi a dhéanamh, cibé acu ag ordú nó ag toirmeasc aon ghnímh nó ag cealú nó ag athrú aon idirbhirt é, nó chun stiúradh cúrsaí na cuideachta feasta a rialú, nó le haghaidh ceannach scaireanna aon chomhaltaí de chuid na cuideachta ag comhaltaí eile dá cuid nó ag an gcuideachta agus, i gcás an chuideachta á gceannach, chun caipiteal na cuideachta a laghdú dá réir sin, nó chun críche ar bith eile. | |
[EN] | (4) Má dhéanann ordú faoin alt seo aon athrú nó breisiú ar mheabhrán nó airteagail aon chuideachta, ansin, d'ainneoin aon ní in aon fhoráil eile den Acht seo ach faoi réir forálacha an ordaithe, ní bheidh cumhacht ag an gcuideachta lena mbainfidh sé, gan cead na cúirte, aon athrú ná breisiú eile a dhéanamh ar an meabhrán nó na hairteagail a bheadh ar neamhréir le forálacha an ordaithe; ach, faoi réir na bhforálacha sin roimhe seo den fho-alt seo, beidh éifeacht ag na hathruithe nó na breisithe a dhéanfar leis an ordú ionann is dá mbeidís arna ndéanamh go cuí le rún ón gcuideachta, agus beidh feidhm dá réir sin ag forálacha an Achta seo maidir leis an meabhrán nó leis na hairteagail arna n-athrú nó arna mbreisiú amhlaidh. | |
[EN] | (5) Déanfaidh an chuideachta cóip oifige d'aon ordú faoin alt seo a dhéanfaidh nó a cheadóidh athrú nó breisiú ar mheabhrán nó airteagail chuideachta a sheachadadh, laistigh de 21 lá tar éis a dhéanta do chláraitheoir na gcuideachtaí lena clárú; agus má mhainníonn cuideachta an fo-alt seo a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £25 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain. | |
[EN] | (6) Féadfaidh ionadaí pearsanta duine a bhí, ar dháta a bháis, ina chomhalta de chuideachta, nó féadfaidh aon iontaobhaí leith scaireanna cuideachta, nó aon duine a mbeidh leas tairbhiúil aige iontu, de bhua uacht nó díthiomnacht aon duine den sórt sin, iarratas a dhéanamh chun na cúirte faoi fho-alt (1) ar ordú faoin alt seo agus, dá réir sin, déanfar aon tagairt san fho-alt sin do chomhalta de chuideachta a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt d'aon ionadaí pearsanta nó iontaobhaí den sórt sin nó d'aon duine den sórt sin a mbeidh leas tairbhiúil aige mar a duradh nó dóibh go léir. | |
[EN] | (7) Más rud é, i dtuairim na cúirte, go dtiocfadh d'imeachtaí a éisteacht faoin alt seo go mbeadh eolas á nochtadh a rachadh a fhoilsiú chun dochair go mór do leasanna dlisteanacha na cuideachta, féadfaidh an chúirt a ordú gur i gcúirt iata a éistfear na himeachtaí nó aon chuid díobh. | |
CUID VI. Foirceannadh | ||
(i) Réamhráiteach. | ||
Modhanna Foirceanta. | ||
[EN] |
Modhanna foirceanta. |
206. —(1) Féadfar cuideachta a fhoirceannadh— |
[EN] | (a) ag an gcúirt; nó | |
[EN] | (b) go toilteanach. | |
[EN] | (2) Mura léir a mhalairt, beidh feidhm ag na forálacha den Acht seo a bhaineann le foirceannadh maidir le foirceannadh cuideachta ar cheachtar modh acu sin. | |
Ranníocóirí. | ||
[EN] |
Dliteanas mar ranníocóirí ar chomhaltaí láithreacha agus ar iarchomhaltaí. |
207. —(1) I gcás cuideachta a fhoirceannadh, dlífidh gach comhalta láithreach agus gach iarchomhalta ranníoc a dhéanamh i leith sócmhainní na cuideachta go feadh méid is leor chun a fiacha agus a dliteanais agus costais, murir agus caiteachais an fhoirceanta, a íoc, agus chun coigeartú a dhéanamh ar chearta na ranníocóirí eatarthu féin, faoi réir fho-alt (2) agus na gcuntar seo a leanas: |
[EN] | (a) ní dhlífidh iarchomhalta ranníoc a dhéanamh má scoir sé de bheith ina chomhalta bliain nó níos mó sular tosaíodh ar an bhfoirceannadh; | |
[EN] | (b) ní dhlífidh iarchomhalta ranníoc a dhéanamh i leith aon fhiach nó dliteanas de chuid na cuideachta a ndeachaigh an chuideachta faoi tar éis dó scor de bheith ina chomhalta; | |
[EN] | (c) ní dhlífidh iarchomhalta ranníoc a dhéanamh mura léir don chúirt nach bhfuil na comhaltaí láithreacha in ann na ranníocaí a shásamh a cheanglaítear orthu a dhéanamh de bhun an Achta seo; | |
[EN] | (d) i gcás cuideachta faoi theorainn scaireanna, ní éileofar aon ranníoc ar aon chomhalta de mhéid is mó ná an méid, más ann, a bheidh gan íoc ar na scaireanna a bhfuil sé faoi dhliteanas ian leith mar chomhalta láithreach nó mar iarchomhalta; | |
[EN] | (e) i gcás cuideachta faoi theorainn ráthaíochta, ní éileofar aon ranníoc, faoi réir fho-alt (3), ar aon chomhalta de mhéid is mó ná an méid a gheall sé a ranníoc i leith sócmhainní na cuideachta i gcás a foirceanta; | |
[EN] | (f) ní chuirfidh aon ní san Acht seo ó bhail aon fhoráil in aon pholasaí árachais nó in aon chonradh eile lena sriantar dliteanas comhaltaí aonair faoin bpolasaí nó faoin gconradh, nó lena gcuirtear cistí na cuideachta agus na cistí sin amháin faoi dhliteanas maidir leis an bpolasaí nó leis an gconradh; | |
[EN] | (g) aon suim a bheidh dlite d'aon chomhalta den chuideachta, i gcáil chomhalta dó, mar dhíbhinní, brabúis nó eile, ní mheasfar gur fiach ar an gcuideachta í atá iníoctha leis an gcomhalta sin i gcás comórtais idir é féin agus aon chreidiúnaí eile nach comhalta den chuideachta, ach féadfar aon suim den sórt sin a chur sa chuntas chun an coigeartú críochnaitheach a dhéanamh ar chearta na ranníocóirí eatarthu féin. | |
[EN] | (2) Nuair a bheidh cuideachta theoranta á foirceannadh, dlífidh aon stiúrthóir, cibé acu iarstiúrthóir nó stiúrthóir láithreach é, ar dliteanas neamhtheoranta atá air faoin Acht seo, i dteannta a dhliteanais (más ann) chun ranníoc a dhéanamh mar gháthchomhalta, ranníoc breise a dhéanamh ionann is dá mbeadh sé, i dtosach an fhoirceanta, ina chomhalta de chuideachta neamhtheoranta, sa dóigh, áfach,— | |
[EN] | (a) nach ndlífidh iarstiúrthóir an ranníoc breise sin a dhéanamh má scoir sé de bheith i seilbh oifige bliain nó níos mó roimh thosach an fhoirceanta; | |
[EN] | (b) nach ndlífidh iarstiúrthóir an ranníoc breise sin a dhéanamh i leith aon fhiach nó dliteanas de chuid na cuideachta a ndeachthas faoi tar éis dó scor de bheith i seilbh oifige; | |
[EN] | (c) faoi réir airteagail na cuideachta, nach ndlífidh stiúrthóir an ranníoc breise sin a dhéanamh mura measfaidh an chúirt gur gá an ranníoc sin a éileamh chun fiacha agus dliteanais na cuideachta, agus costais, muirir agus caiteachais an fhoirceanta, a shásamh. | |
[EN] | (3) Nuair a bheidh foirceannadh á dhéanamh ar chuideachta faoi theorainn ráthaíochta a bhfuil scairchaipiteal aici, dlífidh gach comhalta den chuideachta, i dteannta an méid a bheidh geallta aige a ranníoc i leith sócmhainní na cuideachta i gcás a foirceanta, ranníoc a dhéanamh go feadh aon suimeanna a bheidh gan íoc ar aon scaireanna a shealbhaíonn sé. | |
[EN] |
Míniú ar “ranníocóir”. |
208. —Ciallaíonn an téarma “ranníocóir” gach duine a dhlíonn ranníoc a dhéanamh i leith sócmhainní cuideachta i gcás a foirceanta, agus chun críocha gach imeacht chun a chinneadh, agus gach imeacht sula gcinnfear go críochnaitheach, cé hiad na daoine a measfar a bheith ina ranníocóirí, folaíonn sé aon duine a líomhnaítear é a bheith ina ranníocóir. |
[EN] |
Dliteanas ranníocóra. |
209. —(1) Bunóidh dliteanas ranníocóra fiach a d'fhaibhrigh chun a bheith dlite uaidh nuair a thosaigh a dhliteanas, ach a bheidh iníoctha na tráthanna a dhéanfar glaochanna chun an dliteanas a chur i bhfeidhm. |
[EN] | (2) Ní thionscnófar caingean chun fiach a bunaíodh leis an alt seo a ghnóthú tar éis 12 bhliain a bheith caite ón dáta a d'fhaibhrigh an chúis caingne. | |
[EN] |
Ranníocóirí i gcás comhalta d'fháil bháis. |
210. —(1) Má éagann ranníocóir, cibé acu roimh é a chur ar liosta na ranníocóirí nó dá éis sin é, dlífidh a ionadaithe pearsanta, i gcúrsa cuí riaracháin, ranníoc a dhéanamh i leith sócmhainní na cuideachta chun a dhliteanas a urscaoileadh agus beidh siad ina ranníocóirí dá réir sin. |
[EN] | (2) Má mhainníonn na hionadaithe pearsanta aon airgead a íoc a ordófar dóibh a íoc, féadfar imeachtaí a thionscnamh chun eastát an ranníocóra éagtha a riaradh nó ar dhóigh eile chun a thabhairt go n-íocfar as an eastát an t-airgead atá dlite. | |
[EN] |
Ranníocóirí i gcás comhalta d'éirí féimheach. |
211. —Má thagann ranníocóir chun bheith ina fhéimheach, roimh é a chur ar liosta na ranníocóirí nó dá éis— |
[EN] | (a) feidhmeoidh an Sannaí Oifigiúil ar a shon chun críocha uile an fhoirceanta, agus beidh sé ina ranníocóir dá réir sin, agus féadfar glaoch air chun aon airgead a bheidh dlite ón bhféimheach, mar gheall ar a dhliteanas chun ranníoc a dhéanamh i leith sócmhainní na cuideachta, a ligean faoi chruthú in aghaidh eastát an fhéimhigh, nó chun a cheadú ar dhóigh eile go n-íocfar é as a eastát i gcúrsa cuí an dlí; agus | |
[EN] | (b) féadfar luach measta a dhliteanais i leith glaochanna feasta, chomh maith de glaochanna a rinneadh cheana féin, a chruthú in aghaidh eastát an fhéimhigh. | |
(ii) Foirceannadh ag an gCúirt. | ||
Dlínse. | ||
[EN] |
Dlínse chun cuideachtaí a fhoirceannadh. |
212. —Beidh dlínse ag an Ard-Chúirt aon chuideachta a fhoirceannadh. |
Cásanna ina bhféadfaidh an Chúirt Cuideachta a fhoirceannadh. | ||
[EN] |
Imthosca ina bhféadfaidh an chúirt cuideachta a fhoirceannadh. |
213. —Féadfaidh an chúirt cuideachta a fhoirceannadh— |
[EN] | (a) má chinneann an chuideachta le rún speisialta an chuideachta a chur á foirceannadh ag an gcúirt; | |
[EN] | (b) má mhainnítear an tuarascáil reachtúil a sheachadadh don chláraitheoir nó an cruinniú reachtúil a thionól; | |
[EN] | (c) mura dtosóidh an chuideachta ar a gnó laistigh de bhliain tar éis a corpraithe nó má chuireann sí a gnó ar fionraí ar feadh bliana iomláine; | |
[EN] | (d) má laghdaítear líon na gcomhaltaí, i gcás cuideachta phríobháideach, faoi bhun beirte, nó i gcás aon chuideachta eile, faoi bhun seachtair; | |
[EN] | (e) mura bhfuil an chuideachta in ann a fiacha a íoc; | |
[EN] | (f) más é tuairim na cúirte go bhfuil sé cóir cothromasach go ndéanfaí an chuideachta a fhoirceannadh; | |
[EN] | (g) más deimhin leis an gcúirt go bhfúil cúrsaí na cuideachta á stiúradh, nó cumhachtaí na stiúrthóirí á bhfeidhmiú, ar dhóigh atá leatromach ar aon chomhalta nó le neamhaird ar a leasanna mar chomhalta agus, d'ainneoin leigheas eile a bheith ar fáil, gur chóir in imthosca ginearálta an cháis an chuideachta a fhoirceannadh, sa dóigh, áfach, go bhféadfaidh an chúirt achainí ar fhoirceannadh faoin mír seo a dhíbhe más é a tuairim gur mó ab iomchuí, sna himthosca go léir, imeachtaí faoi alt 205. | |
[EN] |
Imthosca ina measfar nach bhfuil cuideachta in ann a fiacha a íoc. |
214. —Measfar nach bhfuil cuideachta in ann a fiacha a íoc— |
[EN] | (a) má bhíonn creidiúnaí, trí shannadh nó eile, a bhfuil an chuideachta i bhfiacha aige i suim is mó ná £50 a bhí dlite an uair sin, tar éis éileamh i scríbhinn a sheirbheáil ar an gcuideachta, trína fhágáil in oifig chláraithe na cuideachta, á cheangal ar an gcuideachta an tsuim a bhí dlite amhlaidh a íoc, agus gur mhainnigh an chuideachta ar feadh 3 sheachtain dá éis sin an tsuim a íoc nó í a urrú nó imshocrú a dhéanamh ina leith chun sástacht réasúnach an chreidiúnaí; nó | |
[EN] | (b) má aischuirtear, gan a bheith sásaithe go hiomlán nó go páirteach, próis forghníomhaithe nó eile a eisíodh de bhun breithiúnais, foraithne nó ordaithe ó aon chúirt i bhfabhar creidiúnaí de chuid na cuideachta; nó | |
[EN] | (c) má chruthaítear chun sástacht na cúirte nach bhfuil an chuideachta in ann a fiacha a íoc, agus nuair a bheidh an chúirt á chinneadh an bhfuil cuideachta in ann a fiacha a íoc, cuirfidh sí sa chuntas dliteanais theagmhasacha agus ionchasacha na cuideachta. | |
Achainí chun Cuideachta a Fhoirceannadh agus a héifeacht. | ||
[EN] |
Forálacha maidir le hiarratais chun cuideachta a fhoirceannadh. |
215. —Is é an chuma a ndéanfar iarratas chun na cúirte chun cuideachta a fhoirceannadh ná trí achainí a thíolacadh, faoi réir forálacha an ailt seo, ón gcuideachta nó ó aon chreidiúnaí nó creidiúnaithe (lena n-áirítear aon chreidiúnaí nó creidiúnaithe atá teagmhasach nó ionchasach), ó aon ranníocóir nó ranníocúirí, nó ó gach páirtí nó aon phairtí acu sin, le chéile nó ar leithligh, sa dóigh, áfach— |
[EN] | (a) nach mbeidh ranníocóir i dteideal achainí foirceanta a thíolacadh mura rud é— | |
[EN] | (i) go bhfuil líon na gcomhaltaí laghdaithe, i gcás cuideachta phríobháideach, faoi bhun beirte, nó i gcás aon chuideachta eile, faoi bhun seachtair; nó | |
[EN] | (ii) go ndearnadh na scaireanna ar ranníocóir é ina leith, nó cuid de na scaireanna sin, a leithroinnt air i gcéaduair, nó gur shealbhaigh sé iad agus go raibh siad cláraithe ina ainm, ar feadh 6 mhí ar a laghad i gcaitheamh na 18 mí roimh thosach an fhoirceanta, nó gur chineachaigh siad chuige trí bhás duine ba shealbhóir orthu; agus | |
[EN] | (b) más é is foras don achainí gur mainníodh an tuarascáil reachtúil a sheachadadh don chláraitheoir nó an cruinniú reachtúil a thionól, nach ndéanfaidh aon duine ach scairshealbhóir an achainí fhoirceanta a thíolacadh, ná nach dtíolacfar í sula mbeidh 14 lá caite tar éis an lae dheireanaigh a bhí sé ceart an cruinniú a thionól; agus | |
[EN] | (c) nach dtabharfaidh an chúirt éisteacht d'achainí fhoirceanta a thíolacfaidh creidiúnaí teagmhasach nó creidiúnaí ionchasach go dtí go mbeifear tar éis cibé urrús is réasúnach leis an gcúirt a thabhairt i leith costas, agus go mbeifear tar éis cás prima facie don fhoirceannadh a shuíomh chun sástacht na cúirte; agus | |
[EN] | (d) go bhféadfaidh an tAire, i gcás a thagann faoi réim fho-alt (3) d'alt 170, achainí fhoirceanta a thíolacadh; agus | |
[EN] | (e) go bhféadfaidh aon duine atá i dteideal imeachtaí a thionscnamh le haghaidh ordú faoi alt 205 achainí fhoirceanta a thíolacadh ar na forais a luaitear i mír (g) d'alt 213. | |
[EN] |
Cumhachtaí na cúirte ar achainí a éisteacht. |
216. —(1) Ar achainí fhoirceanta a éisteacht, féadfaidh an chúirt í a dhíbhe, nó an éisteacht a chur ar atráth go coinníollach nó go neamhchoinníollach, nó aon ordú eatramhach a dhéanamh nó aon ordú eile is cuí a dhéanamh, ach ní dhiúltóidh an chúirt ordú foirceanta a dhéanamh ar an bhforas amháin go ndearnadh sócmhainní na cuideachta a mhorgáistiú go feadh méid is ionann agus na sócmhainní sin nó is mó ná iad, nó ar an bhforas nach bhfuil aon sócmhainní ag an gcuideachta. |
[EN] | (2) Nuair a thíolacfar an achainí ar an bhforas gur mainníodh an tuarascáil reachtúil a sheachadadh don chláraitheoir nó an cruinniú reachtúil a thionól, féadfaidh an chúirt— | |
[EN] | (a) in ionad ordú foirceanta a dhéanamh, a ordú go seachadfar an tuarascáil reachtúil nó go dtionólfar cruinniú; agus | |
[EN] | (b) a ordú go mbeidh na costais le híoc ag aon daoine atá, i dtuairim na cúirte, freagrach sa mhainneachtain. | |
[EN] |
Cumhacht chun imeachtaí in aghaidh cuideachta a bhac nó a shrianadh. |
217. —Aon uair tar éis achainí fhoirceanta a thíolacadh, agus roimh ordú foirceanta a dhéanamh, féadfaidh an chuideachta nó aon chreidiúnaí nó ranníocóir— |
[EN] | (a) i gcás aon chaingean nó imeacht in aghaidh na cuideachta a bheith ar feitheamh san Ard-Chúirt nó faoi achomharc sa Chúirt Uachtarach, iarratas a dhéanamh chun na cúirte ina bhfuil an chaingean nó an imeacht ar feitheamh chun bac a chur ar na himeachtaí inti; agus | |
[EN] | (b) i gcás aon chaingean nó imeacht eile a bheith ar feitheamh in aghaidh na cuideachta, iarratas a dhéanamh chun na hArd-Chúirte chun tuilleadh imeachtaí sa chaingean nó san imeacht a shrianadh; | |
[EN] | agus féadfaidh an chúirt chun a ndéanfar iarratas amhlaidh na himeachtaí a bhac nó a shrianadh, cibé acu é, ar cibé téarmaí agus go ceann cibé tréimhse is cuí léi. | |
[EN] |
Diúscairt maoine agus aistriú scaireanna tar éis tosach an fhoirceanta a bheith ar neamhní. |
218. —Nuair a bheidh foirceannadh á dhéanamh ag an gcúirt, beidh aon diúscairt ar mhaoin na cuideachta, lena n-áirítear ábhair i gcaingean, agus aon aistriú ar scaireanna nó aon athrú ar stádas comhaltaí na cuideachta, a dhéanfar tar éis tosach an fhoirceanta, ar neamhní, mura n-ordóidh an chúirt a mhalairt. |
[EN] |
Forghníomhú in aghaidh mhaoin na cuideachta a bheith ar neamhní. |
219. —Nuair a bheidh aon chuideachta á foirceannadh ag an gcúirt, beidh aon astú, forlámhú, tochsal nó forghníomhú a chuirfear i bhfeidhm in aghaidh mhaoin nó earraí na cuideachta tar éis tosach an fhoirceanta ar neamhní chun gach críche. |
Tosach an Fhoirceanta. | ||
[EN] |
Tosach an fhoirceanta ag an gcúirt. |
220. —(1) Más rud é, sula dtíolacfar achainí chun cuideachta a chur á foirceannadh ag an gcúirt, go mbeidh rún le haghaidh foirceannadh toilteanach rite ag an gcuideachta, measfar foirceannadh na cuideachta a thosú an tráth a ritheadh an rún, agus mura rud é, ar chalaois nó dearmad a chruthú, gur cuí leis an gcúirt a mhalairt a ordú, measfar gach imeacht a rinneadh san fhoirceannadh toilteanach a bheith déanta go bailí. |
[EN] | (2) In aon chás eile, measfar foirceannadh cuideachta ag an gcúirt a thosú an tráth a thíolacfar an achainí chun í a fhoirceannadh. | |
Iarmairtí ar Ordú Foirceanta. | ||
[EN] |
Cóip den ordú foirceanta a chur chuig an gcláraitheoir. |
221. —(1) Ar ordú foirceanta a bheith déanta, ní foláir don chuideachta, nó do cibé duine a ordóidh an chúirt, cóip oifige den ordú a sheachadadh láithreach do chláraitheoir na gcuideachtaí lena clárú. |
[EN] | (2) Má mhainníonn cuideachta fo-alt (1) a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £25 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain, agus má mhainníonn aon duine eile fo-alt (1) a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £25 a chur ar an duine sin. | |
[EN] |
Bac ar chaingne in aghaidh cuideachta ar ordú foirceanta a dhéanamh. |
222. —Nuair a bheidh ordú foirceanta déanta nó leachtaitheoir sealadach ceaptha, ní chuirfear ar aghaidh, ná ní thosófar, aon chaingean ná imeacht in aghaidh na cuideachta, ach amháin le cead na cúirte agus faoi réir cibé téarmaí a fhorchuirfidh an chúirt. |
[EN] |
An éifeacht a bheidh ag ordú foirceanta. |
223. —Oibreoidh ordú chun cuideachta a fhoirceannadh i bhfabhar creidiúnaithe uile agus ranníocóirí uile na cuideachta ionann is dá mba ar chomhachainí ó chreidiúnaí agus ó ranníocóir a rinneadh é. |
[EN] |
Ráiteas ar chúrsaí na cuideachta a bheith le comhdú sa chúirt. |
224. —(1) Nuair a bheidh an chúirt tar éis ordú foirceanta a dhéanamh nó leachtaitheoir sealadach a cheapadh, déanfar amach agus comhdófar sa chúirt, mura cuí leis an gcúirt a mhalairt a ordú agus go n-ordóidh sí amhlaidh, ráiteas ar chúrsaí na cuideachta san fhoirm fhorordaithe, agus é fíoraithe le mionnscríbhinn, agus a thabharfaidh sonraí a sócmhainní, a fiach agus a dliteanas, ainmneacha, áiteanna cónaithe agus slite beatha a creidiúnaithe, na hurrúis atá acu faoi seach, na dátaí a tugadh na hurrúis faoi seach, agus cibé eolas breise nó eile a fhorordófar nó a éileoidh an chúirt. |
[EN] | (2) Comhdófar agus fíorófar an ráiteas ag duine amháin nó níos mó de na daoine arb iad stiúrthóirí na cuideachta iad ar an dáta iomchuí agus ag an duine arb é rúnaí na cuideachta é ar an dáta sin nó ag cibé daoine dá luaitear anseo ina dhiaidh seo san fho-alt seo a gceanglóidh an chúirt go bhfuil an ráiteas le comhdú agus le fíorú acu, is é sin, daoine— | |
[EN] | (a) atá nó a bhí ina n-oifigigh don chuideachta; | |
[EN] | (b) a ghlac páirt i bhfoirmiú na cuideachta aon uair laistigh de bhliain roimh an dáta iomchuí; | |
[EN] | (c) atá ar fostú ag an gcuideachta, nó a bhí ar fostú ag an gcuideachta laistigh den bhliain sin, agus atá, i dtuairim na cúirte, inniúil ar an eolas is gá a thabhairt; | |
[EN] | (d) atá, nó a bhí laistigh den bhliain sin, ina n-oifigigh do chuideachta, nó ar fostú ag cuideachta, atá, nó a bhí laistigh den bhliain sin, ina hoifigeach don chuideachta lena mbaineann an ráiteas. | |
[EN] | (3) Comhdófar an ráiteas laistigh de 21 lá ón dáta iomchuí nó laistigh de cibé tréimhse fhadaithe a cheapfaidh an chúirt ar chúiseanna speisialta. | |
[EN] | (4) Aon duine a dhéanfaidh an ráiteas agus an mhionnscríbhinn a cheanglaítear a dhéanamh leis an alt seo, nó a chomhthoileoidh lena ndéanamh, ceadófar dó agus íocfar leis as sócmhainní na cuideachta, cibé costais agus caiteachais faoina ndeachthas, chun agus i dtaobh an ráiteas agus an mhoinnscríbhinn a ullmhú agus a dhéanamh, a cheadóidh an chúirt. | |
[EN] | (5) Má mhainníonn aon duine, gan cúis réasúnach, ceanglais an ailt seo a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur air. | |
[EN] | (6) Aon duine a déarfaidh i scríbhinn gur creidiúnaí nó ranníocóir de chuid na cuideachta é, beidh sé i dteideal, é féin nó trína ghníomhaire, gach tráth réasúnach, ar é d'íoc na táille forordaithe, an ráiteas a chomhdófar de bhun an ailt seo a scrúdú, agus cóip de, nó sliocht as, a fháil. | |
[EN] | (7) Aon duine a déarfaidh amhlaidh go neamhfhírinneach gur creidiúnaí nó ranníocóir é, beidh sé ciontach i ndíspeagadh cúirte agus déanfar, ar iarratas ón leachtaitheoir, é a phionósú dá réir sin. | |
[EN] | (8) San alt seo ciallaíonn “an dáta iomchuí”, i gcás ina gceapfar leachtaitheoir sealadach, dáta a cheaptha, agus, i gcás nach ndéanfar aon cheapachán den sórt sin, dáta an ordaithe fhoirceanta. | |
Leachtaitheoirí. | ||
[EN] |
Ceapadh leachtaitheora. |
225. —Chun na himeachtaí a stiúradh i gcás cuideachta a fhoirceannadh agus chun cibé dualgais ina leith sin a dhéanamh a fhorchuirfidh an chúirt, féadfaidh an chúirt leachtaitheoir nó leachtaitheoirí a cheapadh. |
[EN] |
Ceapadh agus cumhachtaí leachtaitheora shealadaigh. |
226. —(1) Faoi réir fho-alt (2), féadfaidh an chúirt leachtaitheoir a cheapadh go sealadach aon uair tar éis achainí fhoirceanta a thíolacadh agus sula gcéadcheapfar leachtaitheoirí. |
[EN] | (2) Nuair a dhéanfaidh an chúirt leachtaitheoir a cheapadh go sealadach, féadfaidh an chúirt a chumhachtaí a theorannú agus a shrianadh le hordú a cheaptha. | |
[EN] |
Foilsiú a cheaptha ag an leachtaitheoir. |
227. —(1) I gcás foirceannadh ag an gcúirt, déanfaidh an leachtaitheoir, laistigh de 21 lá tar éis a cheaptha, fógra i dtaobh a cheaptha a fhoilsiú san Iris Oifigiúil agus cóip oifige d'ordú na cúirte á cheapadh a sheachadadh do chláraitheoir na gcuideachtaí. |
[EN] | (2) Má mhainníonn an leachtaitheoir fo-alt (1) a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £50 a chur air. | |
[EN] |
Forálacha ginearálta maidir le leachtaitheoirí. |
228. —Beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas maidir le leachtaitheoirí nuair a dhéanfar ordú foirceanta— |
[EN] | (a) féadfaidh an chúirt a chinneadh an bhfuil aon urrús le tabhairt ag leachtaitheoir ar é a cheapadh agus cad é an t-urrús é; | |
[EN] | (b) is é an teideal “leachtaitheoir oifigiúil” na cuideachta áirithe ar ceapadh ina leith é a thabharfar de thuairisc ar leachtaitheoir agus ní hé a ainm féin é; | |
[EN] | (c) féadfaidh leachtaitheoir a cheapfaidh an chúirt éirí as oifig nó, ar chúis a shuíomh, féadfaidh an chúirt é a chur as oifig; | |
[EN] | (d) gheobhaidh duine a cheapfar ina leachtaitheoir cibé tuarastal nó luach saothair i modh céatadáin nó eile a ordóidh an chúirt, agus má cheaptar níos mó ná duine amháin den sórt sin ina leachtaitheoirí, roinnfear a luach saothair eatarthu i cibé cionúireachtaí a ordóidh an chúirt; | |
[EN] | (e) má tharlaíonn folúntas in oifig leachtaitheora a cheap an chúirt, is í an chúirt a líonfaidh é; | |
[EN] | (f) má cheapann an chúirt níos mó ná leachtaitheoir amháin, dearbhóidh an chúirt, i gcás aon ghníomh a gceanglaítear nó a n-údaraítear leis an Acht seo é a bheith le déanamh ag an leachtaitheoir, cé acu ag gach duine nó ag aon duine nó daoine de na leachtaitheoirí a cheapfar a bheidh sé le déanamh; | |
[EN] | (g) faoi réir alt 300, beidh gníomhartha leachtaitheora bailí d'ainneoin aon lochtanna a d'aimseofaí ina dhiaidh sin ina cheapadh nó ina cháilíocht. | |
[EN] |
Coimeád mhaoin na cuideachta. |
229. —(1) Nuair a bheidh ordú foirceanta déanta nó leachtaitheoir sealadach ceaptha, glacfaidh an leachtaitheoir nó an leachtaitheoir sealadach, cibé acu é, faoina choimeád nó faoina urlámhas an mhaoin agus na hábhair i gcaingean go léir a bhfuil, nó a ndealraíonn sé go bhfuil, teideal ag an gcuideachta chucu. |
[EN] | (2) Mura mbíonn, agus fad nach mbeidh, aon leachtaitheoir ann, measfar maoin uile na cuideachta a bheith faoi choimeád na cúirte. | |
[EN] |
Dílsiú mhaoin na cuideachta don leachtaitheoir. |
230. —Nuair a bheidh cuideachta á foirceannadh ag an gcúirt, féadfaidh an chúirt, ar iarratas ón leachtaitheoir, a ordú le hordú, go ndílseoidh an t-iomlán nó aon chuid den mhaoin, is cuma cad é an saghas í, is leis an gcuideachta nó atá ar teachtadh ag iontabhaithe thar a ceann, don leachtaitheoir faoina ainm oifigiúil, agus air sin dílseoidh an mhaoin lena mbaineann an t-ordú dá réir sin, agus féadfaidh an leachtaitheoir, tar éis dó cibé slánaíocht, más ann, a ordóidh an chúirt, a thabhairt, aon chaingean nó aon imeacht dhlithiúil eile a thionscnamh nó a chosaint, ina ainm oifigiúil, a bhainfidh leis an maoin sin nó is gá a thionscnamh nó a chosaint chun an chuideachta a fhoirceannadh agus a maoin a aisghabháil go héifeachtúil. |
[EN] |
Cumhachtaí an leachtaitheora. |
231. —(1) I gcás foirceannadh ag an gcúirt, beidh cumhacht ag an leachtaitheoir, le ceadú na cúirte nó an choiste iniúchta— |
[EN] | (a) aon chaingean nó aon imeacht dhlíthiúil eile a thionscnamh nó a chosaint in ainm agus thar ceann na cuideachta; | |
[EN] | (b) gnó na cuideachta a choimeád ar siúl sa mhéid gur gá sin chun í a fhoirceannadh go tairbhiúil; | |
[EN] | (c) aturnae a cheapadh chun cabhrú leis i gcomhlíonadh a dhualgas; | |
[EN] | (d) aon aicmí creidiúnaithe a íoc go hiomlán; | |
[EN] | (e) aon chomhréiteach nó comhshocraíocht a dhéanamh le creidiúnaithe nó le daoine a bheidh á éileamh gur creidiúnaithe iad, nó a bhfuil, nó a líomhnóidh go bhfuil, aon éileamh acu, láithreach nó todhchaí, cinnte nó teagmhasach, cinntithe nó inchúitithe le damáistí amháin in aghaidh na cuideachta, nó trína bhféadfadh an chuideachta teacht faoi dhliteanas; | |
[EN] | (f) gach glaoch agus gach dliteanas i leith glaochanna, gach fiach agus gach dliteanas a bhféadfadh fiacha teacht as, agus gach éileamh, láithreach nó todhchaí, cinnte nó teagmhasach, cinntithe nó inchúitithe le damáistí amháin, atá ar marthain nó a shíltear a bheith ar marthain idir an chuideachta agus ranníocóir nó ranníocóir líomhnaithe nó féichiúnaí eile nó duine eile, a thabhódh dliteanas chun na cuideachta, agus gach ceist a bhaineann le sócmhainní nó foirceannadh na cuideachta nó a dhéanfadh difear dóibh, in aon slí, a chomhréiteach ar cibé téarmaí ar a gcomhaontófar, agus aon urrús a ghlacadh go ndéanfar urscaoileadh ar aon ghlaoch, fiach, dliteanas nó éileamh den sórt sin, agus urscaoileadh iomlán a thabhairt ina leith sin. | |
[EN] | (2) I gcás foirceannadh ag an gcúirt, beidh cumhacht ag an leachtaitheoir— | |
[EN] | (a) maoin réadach agus pearsanta agus ábhair i gcaingean na cuideachta a dhíol ar cheant poiblí nó trí chonradh príobháideach, le cumhacht an t-iomlán a aistriú chun aon duine nó cuideachta nó an céanna a dhíol ina mhíreanna agus, le haghaidh talamh na cuideachta nó aon chuid de a dhíol, an díol sin a dhéanamh trí dheontas feofheirme, fodheontas feofheirme, léas, foléas nó eile, agus aon chíos a dhíol a forcoimeádadh ar aon deontas den sórt sin nó aon fhrithdhílse a dhíol a bheadh feifeach ar fhoirceannadh aon léasa den sórt sin. | |
[EN] | (b) gach gníomh a dhéanamh agus gach gníomhas, admháil agus doiciméad eile a fhorghníomhú in ainm agus thar ceann na cuideachta, agus chun na críche sin séala na cuideachta a úsáid, nuair is gá sin; | |
[EN] | (c) i gcás inar breithníodh aon ranníocóir a bheith féimheach nó inar thíolaic sé achainí ar chomhshocraíocht lena chreidiúnaithe de bhun na nAchtanna Féimheachta, cruthú a thabhairt agus céim thosaíochta a bheith aige agus éileamh a dhéanamh san fhéimheacht nó sa chomhshocraíocht le haghaidh aon iarmhéide in aghaidh a eastáit, agus díbhinní a fháil san fhéimheacht nó sa chomhshocraíocht i leith na hiarmhéide sin, mar fhiach leithleach atá dlite ón bhféimheach nó ón bhféichiúnaí comhshocraíochta, agus sin go rátúil leis na creidiúnaithe leithleacha eile; | |
[EN] | (d) aon bhille malairte nó nóta gealltanais a tharraingt, a ghlacadh, a dhéanamh agus a fhormhuiniú in ainm agus thar ceann na cuideachta, leis an éifeacht chéanna maidir le dliteanas na cuideachta agus dá mbeadh an bille nó an nóta tarraingthe, glactha, déanta nó formhuinithe ag an gcuideachta nó thar a ceann i gcúrsa a gnó; | |
[EN] | (e) aon airgead is gá a chruinniú ar urrús sócmhainní na cuideachta; | |
[EN] | (f) litreacha riaracháin maidir le haon ranníocóir éagtha a bhaint amach faoina ainm oifigiúil agus aon ghníomh eile a dhéanamh ina ainm oifigiúil ar gá é a dhéanamh chun íocaíocht a fháil ar aon airgead a bheidh dlite ó ranníocóir nó óna eastát agus nach féidir é a dhéanamh go caothúil in ainm na cuideachta, agus i ngach cás den sórt sin measfar, chun go bhféadfaidh an leachtaitheoir na litreacha riaracháin a bhaint amach nó an t-airgead a ghnóthú, an t-airgead a bheidh dlite don leachtaitheoir é féin; | |
[EN] | (g) urrús a thabhairt ar chostais in aon imeachtaí a thionscnóidh an chuideachta nó a thionscnóidh sé féin in ainm na cuideachta; | |
[EN] | (h) gníomhaire a cheapadh chun aon ghnó a dhéanamh nach féidir leis an leachtaitheoir a dhéanamh é féin; | |
[EN] | (i) gach ní eile a dhéanamh is gá chun cúrsaí na cuideachta a fhoirceannadh agus a sócmhainní a dháileadh. | |
[EN] | (3) Beidh feidhmiú na gcumhachtaí a thugtar leis an alt seo ag leachtaitheoir i gcás foirceannadh ag an gcúirt faoi réir rialú na cúirte, agus féadfaidh aon chreidiúnaí nó ranníocóir iarratas a dhéanamh chun na cúirte maidir le haon fheidhmiú, nó le haon fheidhmiú a bheidh beartaithe, ar aon chumhacht acu sin. | |
[EN] | (4) Féadfaidh an chúirt a fhoráil, le haon ordú, go bhféadfaidh an leachtaitheoir, mura bhfuil aon choiste iniúchta ann, aon chumhacht dá luaitear i mír (a) nó i mír (b) d'fho-alt (1) a fheidhmiú gan ceadú na idirghabháil ná cúirte. | |
Coistí Iniúchta. | ||
[EN] |
Cruinnithe de chreidiúnaithe agus ranníocóirí chun a chinneadh an ceart coiste iniúchta a cheapadh. |
232. —(1) Nuair a bheidh ordú foirceanta déanta ag an gcúirt, déanfaidh an leachtaitheoir, má ordaíonn an chúirt amhlaidh le hordú, cruinniú de chreidiúnaithe na cuideachta nó cruinnithe ar leith de chreidiúnaithe agus de ranníocóirí na cuideachta a ghairm chun a chinneadh cé acu a dhéanfar nó nach ndéanfar iarratas chun na cúirte chun coiste iniúchta a cheapadh a ghníomhóidh leis an leachtaitheoir agus cé a bheidh ina gcomhaltaí den choiste má cheaptar é. |
[EN] | (2) Féadfaidh an chúirt aon cheapachán agus ordú a dhéanamh is gá chun éifeacht a thabhairt d'aon chinneadh den sórt sin, agus má bhíonn difríocht idir cinneadh chruinniú na gcreidiúnaithe agus cinneadh chruinniú na ranníocóirí i dtaobh na nithe a dúradh, breithneoidh an chúirt an difríocht agus déanfaidh sí cibé ordú is cuí léi ina taobh. | |
[EN] |
Comhdhéanamh agus imeachtaí an choiste iniúchta. |
233. —(1) Is iad a bheidh ar choiste iniúchta a cheapfar de bhun an Achta seo, creidiúnaithe agus ranníocóirí de chuid na cuideachta, nó daoine a mbeidh cumhachtaí aturnae ginearálta acu ó chreidiúnaithe nó ranníocóirí, i cibé cionúireachtaí ar a gcomhaontófar ag cruinnithe na gcreidiúnaithe agus na ranníocóirí nó, i geás difríochta, a chinnfidh an chúirt. |
[EN] | (2) Tiocfaidh an coiste le chéile cibé tráthanna a cheapfaidh siad ó am go ham, agus féadfaidh an leachtaitheoir nó aon chomhalta den choiste cruinniú den choiste a ghairm freisin de réir mar is gá agus nuair is gá leis é. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an coiste gníomhú trí thromlach dá gcomhaltaí a bheidh i láthair ag cruinniú, ach ní ghníomhóidh sé mura mbíonn tromlach den choiste i láthair. | |
[EN] | (4) Féadfaidh comhalta den choiste éirí as an gcoiste trí fhógra i scríbhinn a shíneoidh sé agus a sheachadfar don leachtaitheoir. | |
[EN] | (5) Má thagann comhalta den choiste chun bheith féimheach nó má dhéanann sé imshocrú nó comhshocrú lena chreidiúnaithe nó má bhionn sé as láthair ó 5 cinn as a chéile de chruinnithe na cuideachta gan cead ó na comhaltaí sin a bheidh, maraon leis féin, ag ionannú na gcreidiúnaithe nó na ranníocóirí, cibé acu é, tiocfaidh a oifig chun bheith folamh dá dhroim sin. | |
[EN] | (6) Féadfar comhalta den choiste a chur as oifig le gnáthrún ag cruinniú de chreidiúnaithe, más creidiúnaithe atá sé a ionannú, nó de ranníocóirí, más ranníocóirí atá sé a ionannú, ar tugadh fógra 7 lá ina thaobh inar luadh cuspóir an chruinnithe. | |
[EN] | (7) Faoi réir fho-alt (8), nuair a tharlóidh folúntas sa choiste, déanfaidh an leachtaitheoir cruinniú de chreidiúnaithe nó de ranníocóirí, de réir mar is gá sa chás, a ghairm láithreach chun an folúntas a líonadh, agus féadfaidh an cruinniú, le rún, an duine céanna a athcheapadh nó duine eile, a bheidh cáilithe faoi fho-alt (1) chun bheith ina chomhalta den choiste, a cheapadh chun an folúntas a líonadh. | |
[EN] | (8) Más é tuairim an leachtaitheora, ag féachaint don staid atá ar an bhfoirceannadh, nach gá folúntas a tharla sa choiste a líonadh, féadfaidh sé iarratas a dhéanamh chun na cúirte, agus féadfaidh an chúirt ordú a dhéanamh nach líonfar an folúntas nó nach líonfar é ach amháin sna imthosca a shonrófar san ordú. | |
[EN] | (9) Féadfaidh comhaltaí leanúnacha an choiste, mura lú ná beirt a líon, gníomhú d'ainneoin aon fholúntais sa choiste. | |
Cumhachtaí Ginearálta na Cúirte i gcás Foirceannadh ag an gCúirt. | ||
[EN] |
Cumhacht chun ordú foirceanta a neamhniú nó chun bac a chur ar fhoirceannadh. |
234. —(1) Féadfaidh an chúirt, tráth ar bith tar éis ordú foirceanta, ar iarratas ón leachtaitheoir nó ó aon chreidiúnaí nó ranníocóir agus ar a chruthú chun sástacht na cúirte gur cheart an t-ordú foirceanta a neamhniú, ordú a dhéanamh ag neamhniú an ordaithe foirceanta ar cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí leis an gcúirt. |
[EN] | (2) Féadfaidh an chúirt, tráth ar bith tar éis ordú foirceanta, ar iarratas ón leachtaitheoir nó ó aon chreidiúnaí nó ranníocóir, agus ar a chruthú chun sástacht na cúirte gur cheart bac a chur ar gach imeacht maidir leis an bhfoirceannadh, ordú a dhéanamh ag cur bac ar na himeachtaí, go hiomlán nó ar feadh tréimhse teoranta, ar cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí leis an gcúirt. | |
[EN] | (3) I gcás aon iarratais faoin alt seo, féadfaidh an chúirt, sula ndéanfaidh sí ordú, a cheangal ar an leachtaitheoir tuarascáil a thabhairt don chúirt maidir le haon fhíorais nó nithe is dóigh leis a bheith ag baint le hábhar an iarratais. | |
[EN] | (4) Cuirfidh an chuideachta, nó cibé duine a ordóidh an chúirt, cóip oifige de gach ordú a dhéanfar faoin alt seo ar aghaidh láithreach chuig cláraitheoir na gcuideachtaí lena clárú. | |
[EN] | (5) Má mhainníonn cuideachta fo-alt (4) a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £25 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain, agus má mhainníonn aon duine eile fo-alt (4) a chomhlíonadh dlífear fíneáil nach mó ná £25 a chur ar an duine sin. | |
[EN] |
Liosta na ranníocóirí a shocrú agus na sócmhainní a chur chun feidhme. |
235. —(1) Faoi réir fho-alt (2), chomh luath agus is féidir tar éis ordú foirceanta a dhéanamh, socróidh an chúirt liosta ranníocóirí, agus beidh cumhacht aici clár na gcomhaltaí a cheartú i ngach cás inar gá é a cheartú de bhun an Achta seo, agus cuirfidh sí faoi deara go ndéanfar sócmhainní na cuideachta a bhailiú agus a chur chun feidhme chun a dliteanais a ghlanadh. |
[EN] | (2) Má fheictear don chúirt nach gá glaochanna a dhéanamh ar ranníocóirí nó a gcearta a choigeartú, féadfaidh sí socrú liosta ranníocóirí a ligean thar ceal. | |
[EN] | (3) Nuair a bheidh an liosta ranníocóirí á shocrú ag an gcúirt, déanfaidh sí idirdhealú idir daoine ar ranníocóirí iad as a gceart féin agus daoine ar ranníocóirí iad mar gurb ionadaithe iad do dhaoine eile nó go bhfuil siad faoi dhliteanas i leith fiacha daoine eile. | |
[EN] |
Maoin chuideachta a sheachadadh don leachtaitheoir. |
236. —Féadfaidh an chúirt, tráth ar bith tar éis ordú foirceanta a dhéanamh, a cheangal ar aon ranníocóir a bheidh de thuras na huaire ar an liosta ranníocóirí, agus ar aon iontaobhaí, glacadóir, baincéir, gníomhaire nó oifigeach don chuideachta, aon airgead, maoin nó leabhair agus páipéir a bheidh ar láimh aige, agus a mbeidh teideal prima facie chucu ag an gcuideachta, a íoc leis an leachtaitheoir, nó a sheachadadh, a thíolacadh nó a thabhairt suas dó, nó a aistriú chuige, láithreach nó laistigh de cibé tréimhse a ordóidh an chúirt. |
[EN] |
Íoc fiacha a bheidh dlite ó ranníocóir don chuideachta agus a mhéid a lamháiltear fritháireamh. |
237. —(1) Féadfaidh an chúirt, tráth ar bith tar éis ordú foirceanta a dhéanamh, ordú a dhéanamh á thabhairt ar aon ranníocóir a bheidh de thuras na huaire ar an liosta ranníocóirí aon airgead a bheidh dlite uaidh féin nó ó eastát an duine darb ionadaí é don chuideachta, taobh amuigh d'aon airgead a bheidh iníoctha aige nó ag an eastát de bhua aon ghlaoch de bhun an Achta seo, a íoc ar an modh a ordófar leis an ordú. |
[EN] | (2) Nuair a bheidh ordú den sórt sin á dhéanamh ag an gcúirt, féadfaidh sí— | |
[EN] | (a) i gcás cuideachta neamhtheoranta, aon airgead a lamháil don ranníocóir mar fhritháireamh is airgead a bheidh dlite dó féin nó don eastát darb ionadaí é ón gcuideachta ar aon déileáil nó conradh neamhspléach leis an gcuideachta, ach ní lamhálfar dó amhlaidh aon airgead a bheidh dlite dó mar chomhalta den chuideachta i leith aon díbhinne nó brabúis; agus | |
[EN] | (b) i gcás cuideachta theoranta, lamháltas dá shamhail a thabhairt d'aon stiúrthóir, nó d'eastát aon stiúrthóra, a mbeidh a dhliteanas neamhtheoranta. | |
[EN] | (3) I gcás aon chuideachta, cibé acu teoranta nó neamhtheoranta di, féadfar, nuair a bheidh na creidiúnaithe go léir íoctha go hiomlán, aon airgead a bheidh dlite ar scór ar bith do ranníocóir ón gcuideachta a lamháil dó mar fhritháireamh in aghaidh aon ghlaoigh ina dhiaidh sin. | |
[EN] |
Cumhacht na cúirte chun glaochanna a dhéanamh. |
238. —(1) Féadfaidh an chúirt, tráth ar bith tar éis ordú foirceanta a dhéanamh, agus roimh dhóthanacht sócmhainní na cuideachta a bheith cinntithe aici nó ina dhiaidh sin, glaochanna a dhéanamh ar gach duine nó aon duine de na ranníocóirí a bheidh de thuras na huaire ar an liosta ranníocóirí go feadh a ndliteanais, chun aon airgead a íoc a mheasfaidh an chúirt is gá chun fiacha agus dliteanais na cuideachta, agus costais, muirir agus caiteachais an fhoirceanta, a shásamh, agus chun cearta na ranníocóirí eatarthu féin a choigeartú, agus ordú a dhéanamh go n-íocfar aon ghlaochanna a dhéanfar amhlaidh. |
[EN] | (2) Nuair a bheidh glaoch á dhéanamh aici, féadfaidh an chúirt a chur san áireamh go bhféadfadh sé go loicfeadh cuid de na ranníocóirí go hiomlán nó go páirteach an glaoch a íoc. | |
[EN] |
Airgead a bheidh dlite don chuideachta a íoc isteach sa bhanc. |
239. —(1) Féadfaidh an chúirt a ordú d'aon ranníocóir, ceannaitheoir nó duine eile a mbeidh airgead dlite uaidh don chuideachta an méid a bheidh dlite a íoc isteach i cibé banc a cheapfaidh an chúirt chun cuntais an leachtaitheora in ionad é a íoc leis an leachtaitheoir féin, agus féadfar aon ordú den sórt sin a chur i bhfeidhm ionann agus dá n-ordódh sé é a íoc leis an leachtaitheoir. |
[EN] | (2) An t-airgead agus na hurrúis uile a íocfar nó a sheachadfar isteach in aon bhanc mar a dúradh i gcás foirceannadh ag an gcúirt, beidh siad faoi réir orduithe na cúirte go huile agus go hiomlán. | |
[EN] |
Ordú do ranníocóir a bheith ina fhianaise dhochloíte. |
240. —(1) Aon ordú a chuirfidh an chúirt ar ranníocóir, beidh sé, faoi réir aon chirt achomhairc, ina fhianaise dhochloíte go bhfuil an t-airgead, más ann, a thaispeánfar leis a bheith dlite nó a ordófar leis a íoc, ina airgead atá dlite. |
[EN] | (2) Gach ní iomchuí eile a luafar san ordú, measfar gur ní é atá luaite go fírinneach amhail in aghaidh gach duine agus i ngach imeacht. | |
[EN] |
Cumhacht chun creidiúnaithe nach dtabharfaidh cruthúnas in am a eisiamh. |
241. —Féadfaidh an chúirt tráth nó tráthanna a shocrú ina mbeidh ar chreidiúnaithe a bhfiacha nó a n-éilimh a chruthú nó bheith eisiata ó thairbhe aon dáilte a dhéanfar sula gcruthófar na fiacha sin. |
[EN] |
Coigeartú ar chearta ranníocóirí. |
242. —Déanfaidh an chúirt coigeartú ar chearta na ranníocóirí eatarthu féin, agus aon bharrachas a dháileadh ar na daoine a bheidh ina theideal. |
[EN] |
Iniúchadh leabhar ag creidiúnaithe agus ranníocóirí. |
243. —(1) Féadfaidh an chúirt, tráth ar bith tar éis ordú foirceanta a dhéanamh, cibé ordú a dhéanamh is cóir leis an gcúirt le haghaidh iniúchadh leabhair agus páipéir na cuideachta ag creidiúnaithe agus ranníocóirí, agus féadfaidh creidiúnaithe nó ranníocóirí aon leabhair agus páipéir a bheidh i seilbh na cuideachta a iniúchadh dá réir sin, ach ní fhéadfaidh thairis sin ná ar dhóigh eile. |
[EN] | (2) Ní mheasfar aon ní san alt seo a bheith ag eisiamh ná ag srianadh aon chearta reachtúla de chuid Aire Rialtais nó duine a bheidh ag gníomhú faoi údarás Aire Rialtais. | |
[EN] |
Cumhacht chun a ordú go mbeidh costais an fhoirceanta le híoc as sócmhainní. |
244. —Féadfaidh an chúirt, i gcás nach leor na sócmhainní chun na dliteanais a shásamh, ordú a dhéanamh i dtaobh na costais, na muirir agus na caiteachais faoina ndeachthas san fhoirceannadh a íoc as na sócmhainní i cibé ord tosaíochta is cóir leis an gcúirt. |
[EN] |
Cumhacht na cúirte chun daoine a ghairm os a comhair lena gceistiú. |
245. —(1) Féadfaidh an chúirt, tráth ar bith tar éis leachtaitheoir sealadach a cheapadh nó ordú foirceanta a dhéanamh, aon oifigeach don chuideachta nó aon duine arb eol nó a bhfuil amhras ann go bhfuil aon mhaoin leis an gcuideachta ina sheilbh aige nó a shíltear a bheith i bhfiacha ag an gcuideachta, nó aon duine a mheasfaidh an chúirt a d'fhéadfaidh eolas a thabhairt maidir le tionscnamh, foirmiú, trádáil, déileálacha, cúrsaí nó maoin na cuideachta, a ghairm os a comhair. |
[EN] | (2) Féadfaidh an chúirt é a scrúdú faoi mhionn i dtaobh na nithe a dúradh, de bhriathar béil nó ar agarcheisteanna i scríbhinn, agus féadfaidh sí a fhreagraí a chur síos i scríbhinn agus a cheangal air iad a shíniú. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an chúirt a cheangal air aon leabhair agus páipéir a bheidh faoina choimeád nó faoina chumhacht, agus a bhaineann leis an gcuideachta, a thabhairt ar aird, ach, má éilíonn sé aon lian ar leabhair nó páipéir a thabharfaidh sé ar aird, ní dhéanfaidh a dtabhairt ar aird dochar don lian sin, agus beidh dlínse ag an gcúirt san fhoirceannadh gach ceist maidir leis an lian a chinneadh. | |
[EN] | (4) Ní bheidh duine a scrúdófar faoin alt seo i dteideal diúltú freagra a thabhairt ar aon cheist a chuirfear air ar an bhforas go mb'fhéidir go n-ionchoireodh a fhreagra é, ach ní bheidh aon fhreagra dá dtabharfaidh an duine sin inghlactha i bhfianaise ina choinne in aon imeachtaí eile, sibhialta ná coiriúil, ach amháin i gcás aon imeachtaí coiriúla mar gheall ar mhionnú éithigh i leith aon fhreagra den sórt sin. | |
[EN] | (5) Má dhiúltaíonn aon duine a gcuirfear gairm air amhlaidh, tar éis suim réasúnach in aghaidh a chaiteachas a thairiscint dó, teacht os comhair na cúirte ag an am a bheidh ceaptha, gan leithscéal a bheith aige (a chuirfear i bhfios don chúirt nuair a shuífidh sí agus a nglacfaidh an chúirt leis), a chur faoi deara é a ghabháil agus é a thabhairt os comhair na cúirte chun a scrúdaithe. | |
[EN] |
Oifigigh don chuideachta a bheith i láthair ag cruinnithe. |
246. —I gcás foirceannadh ag an gcúirt, beidh cumhacht ag an gcúirt a cheangal go bhfreastalóidh aon oifigeach don chuideachta ar aon chruinniú de chreidiúnaithe nó de ranníocóirí nó de choiste iniúchta chun eolas a thabhairt maidir le trádáil, déileálacha, cúrsaí nó maoin na cuideachta. |
[EN] |
Cumhacht chun ranníocóir éalaitheach a ghabháil. |
247. —Féadfaidh an chúirt, tráth ar bith roimh ordú foirceanta a dhéanamh nó ina dhiaidh sin, ar a chruthú di go bhfuil cúis dhóchúil ann chun a chreidiúint go bhfuil ranníocóir ar tí an Stát a fhágáil nó éalú ar shlí eile nó ar tí aon mhaoin dá chuid a aistriú nó a cheilt ionas go bhféadfadh sé dul ó ghlaochanna a íoc nó scrúdú ar chúrsaí na cuideachta a sheachaint, a chur faoi deara an ranníocóir a ghabháil, agus a leabhair agus a pháipéir agus a mhaoin phearsanta shochorraithe a urghabháil agus é féin agus iadsan a choinneáil go ceann cibé tréimhse a ordóidh an chúirt. |
[EN] |
Cumhachtaí na cúirte a bheith ina gcumhachtaí breise. |
248. —Aon chumhachtaí a thugtar leis an Acht seo don chúirt, is cumachtaí iad de bhreis, agus ní cumhachtaí iad a dhéanann srianadh, ar aon chumhachtaí atá ann cheana chun imeachtaí a thionscnamh in aghaidh aon ranníocóra nó féichiúnaí de chuid na cuideachta nó in aghaidh eastát aon ranníocóra nó féichiúnaí, chun aon ghlaoch nó aon suimeanna eile a ghnóthú. |
[EN] |
Díscaoileadh cuideachta. |
249. —(1) Nuair a bheidh cúrsaí cuideachta foirceanta go hiomlán, déanfaidh an chúirt, má dhéanann an leachtaitheoir iarratas chuige sin, ordú go bhfuil an chuideachta le díscaoileadh ó dháta an ordaithe, agus díscaoilfear an chuideachta dá réir sin. |
[EN] | (2) Déanfaidh an leachtaitheoir cóip oifige den ordú a chur ar aghaidh, laistigh de 21 lá óna dháta, chuig cláraitheoir na gcuideachtaí lena clárú. | |
[EN] | (3) Má mhainníonn an leachtaitheoir ceanglais an ailt seo a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £50 a chur air. | |
Orduithe a rinneadh i gcás Foirceannadh ag Cúirteanna lasmuigh den Stát a chur i bhfeidhm. | ||
[EN] |
Orduithe a rinneadh i gcás foirceannadh ag cúirteanna lasmuigh den Stát a chur i bhfeidhm. |
250. —(1) Féadfaidh an Ard-Chúirt aon ordú a rinne cúirt aon tíre a bheidh aitheanta chun críocha an ailt seo, agus a rinneadh chun nó i gcúrsa cuideachta a fhoirceannadh, a chur i bhfeidhm ar an modh céanna go huile agus go hiomlán ar a ndéanfaí sin dá mba é an Ard-Chúirt a rinne an t-ordú. |
[EN] | (2) Nuair a dhéanfar iarratas chun na hArd-Chúirte faoin alt seo, beidh cóip oifige d'aon ordú a n-iarrfar a chur i bhfeidhm ina fhianaise leormhaith i dtaobh an ordaithe. | |
[EN] | (3) San alt seo, ciallaíonn “cuideachta” comhlacht corpraithe a corpraíodh lasmuigh den Stát, agus ciallaíonn “aitheanta” aitheanta le hordú arna dhéanamh ag an Aire. | |
(iii) Foirceannadh Toilteanach. | ||
Rúin le haghaidh Foirceannadh Toilteanach agus a thosach. | ||
[EN] |
Imthosca ina bhféadfar cuideachta a fhoirceanadh go toilteanach. |
251. —(1) Féadfar cuideachta a fhoirceannach go toilteanach— |
[EN] | (a) nuair a bheidh deireadh leis an tréimhse, más ann, a socraíodh leis na hairteagail mar ré saoil don chuid eachta, nó nuair a tharlóidh an teagmhas, más ann, a bhforáiltear leis na hairteagail go mbeidh an chuideachta le díscaoileadh ar é a tharlú, agus go mbeidh an chuideachta i gcruinniú ginearálta tar éis rún a rith chun an chuideachta a fhoirceannadh go toilteanach; | |
[EN] | (b) má chinneann an chuideachta le rún speisialta an chuideachta a fhoirceannadh go toilteanach; | |
[EN] | (c) má chinneann an chuideachta le rún i gcruinniú ginearálta nach féidir léi mar gheall ar a dliteanais leanúint dá gnó, agus go bhfuil sí le foirceannadh go toilteanach. | |
[EN] | (2) San Acht seo, ciallaíonn “rún le haghaidh foirceannadh toilteanach” rún arna rith faoi aon mhír d'fho-alt (1). | |
[EN] |
Rún le haghaidh foirceannadh toilteanach a fhoilsiú. |
252. —(1) Nuair a bheidh cuideachta tar éis rún le haghaidh foirceannadh toilteanach a rith, déanfaidh sí, laistigh de 14 lá tar éis an rún a rith, fógra faoin rún a thabhairt trí fhógrán san Iris Oifigiúil. |
[EN] | (2) Má mhainnítear an t-alt seo a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £25 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain, agus chun críocha an fho-ailt seo measfar gurb oifigeach don chuideachta leachtaitheoir na cuideachta. | |
[EN] |
Tosach an fhoirceanta thoilteanaigh. |
253. —Measfar foirceannadh toilteanach a thosú an tráth a rithfear an rún le haghaidh foirceannadh toilteanach. |
Iarmairtí ar Fhoirceannadh Toilteanach. | ||
[EN] |
An éifeacht a bheidh ag foirceannadh toilteanach ar ghnó agus stádas cuideachta. |
254. —I gcás foirceannadh toilteanach, scoirfidh an chuideachta ó thosach an fhoirceanta, dá gnó a sheoladh, ach amháin sa mhéid is gá chun an chuideachta a fhoirceannadh go tairbhiúil sa dóigh, áfach, go mairfidh stádas corpraithe agus cumhachta corpraithe na cuideachta go dtí go ndíscaoilfear an chuideachta d'ainneoin aon ní contrártha dó sin ina hairteagail. |
[EN] |
Aistriú scaireanna tar éis tosach an fhoirceanta thoilteanaigh a bheith ar neamhní. |
255. —Aon aistriú a dhéanfar ar scaireanna, nach aistriú dhéanfar chun an leachtaitheora nó lena cheadú, agus aon athrú a dhéanfar ar stádas comhaltaí na cuideachta, tar éis tosach foirceanta thoilteanaigh, beidh sé ar neamhní. |
Dearbhú Sócmhainneachta. | ||
[EN] |
Dearbhú reachtúil sócmhainneachta i gcás rúin le haghaidh foirceannadh toilteanach. |
256. —(1) Nuair a bheartófar cuideachta a fhoirceannadh go toilteanach, féadfaidh stiúrthóirí na cuideachta nó, i gcás cuideachta a bhfuil níos mó ná dhá stiúrthóir uirthi, tromlach na stiúrthóirí, ag cruinniú de na stiúrthóirí, dearbhú reachtúil a dhéanamh á rá go ndearna siad fiosrúchán iomlán faoi chúrsaí na cuideachta, agus tar éis a dhéanta, gur tháinig siad ar an tuairim go mbeidh an chuideachta in ann a fiacha a íoc go hiomlán laistigh de cibé tréimhse, nach faide ná 12 mí ó thosach an fhoirceanta, a bheidh sonraithe sa dearbhú. |
[EN] | (2) Ní bheidh aon éifeacht chun críocha an Achta seo ag dearbhú a dhéanfar mar a dúradh mura rud é— | |
[EN] | (a) go ndéanfar é laistigh de na 28 lá díreach roimh an dáta a rithfear an rún chun an chuideachta a fhoirceannadh agus go seachadfar é do chláraitheoir na gcuideachtaí lena chlárú roimh an dáta sin; agus | |
[EN] | (b) go mbeidh ráiteas ann ar shócmhainní agus dliteanais na cuideachta amhail mar a bhí ar an dáta is praiticiúil ba dhéanaí roimh an dearbhú a dhéanamh. | |
[EN] | (3) Más rud é, laistigh de 28 lá tar éis an rún le haghaidh foirceannadh toilteanach a fhógairt faoi fho-alt (1) d'alt 252, go ndéanfaidh creidiúnaí iarratas chun na cúirte ar ordú faoin bhfo-alt seo agus gur deimhin leis an gcúirt go n-ionannaíonn an creidiúnaí sin, maraon le haon chreidiúnaithe a bheidh ag tacú leis ina iarratas, an cúigiú cuid ar a laghad, de réir líon nó luacha, de chreidiúnaithe na cuideachta, agus gurb é tuairim na cúirte nach cosúil go mbeidh an chuideachta in ann a fiacha a íoc laistigh den tréimhse a bheidh sonraithe sa dearbhú, féadfaidh an chúirt a ordú go mbeidh feidhm maidir leis an bhfoirceannadh ag na forálacha uile den Acht seo a bhaineann le foirceannadh toilteannach ag creidiúnaithe. | |
[EN] | (4) Má ordaíonn an chúirt go mbeidh feidhm maidir leis an bhfoirceannadh ag na forálacha uile den Acht seo a bhaineann le foirceannadh toilteanach ag creidiúnaithe, déanfaidh an chuideachta, laistigh de 21 lá tar éis an t-ordú a dhéanamh, cóip oifige den ordú sin a sheachadadh do chláraitheoir na gcuideachtaí. | |
[EN] | (5) Má mhainnítear fo-alt (4) a chomhlíonadh, dlífear fíneail nach mó ná £25 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain. | |
[EN] | (6) Aon stiúrthóir ar chiudeachta a dhéanfaidh dearbhu faoin alt seo gan foras réasúnach a bheith aige leis an tuairim go mbeidh an chuideachta in ann a fiacha a íoc go hiomlán laistigh den tréimhse a bheidh sonraithe sa dearbhú, dlífear príosúnacht ar feadh tréimhse nach faide ná 6 mhí nó fineáil nach mó ná £100, nó iad araon, a chur air; agus má fhoirceantar an chuideachta de bhun rúin a ritheadh laistigh de thréimhse 28 lá tar éis an dearbhú a dhéanamh, ach nach mbeidh a fiacha íoctha nó soláthar déanta dóibh go hiomlán laistigh den tréimhse a bheidh luaite sa dearbhú, toimhdeofar go dtí go suífear a mhalairt nach raibh foras réasúnach ag an stiúrthóir lena thuairim. | |
[EN] | (7) San Acht seo tugtar “foirceannadh toilteanach ag comhaltaí” ar fhoirceannadh i gcás ina ndearnadh agus inar seachadadh dearbhú de réir an ailt seo, agus tugtar “foirceannadh toilteanach ag creidiúnaithe” san Acht seo ar fhoirceannadh toilteanach i gcás nach ndearnadh agus nár seachadadh dearbhú mar a dúradh nó i gcás ina ndéanfar ordú faoi fho-alt (3). | |
[EN] | (8) Ní bhainfidh an t-alt seo le foirceannadh a tosaíodh roimh an dáta feidhme. | |
Forálacha is infheidhme maidir le Foirceannadh Toilteanach ag Comhaltaí. | ||
[EN] |
Forálacha is infheidhme maidir le foirceannadh toilteanach ag comhaltaí. |
257. —Beidh feidhm ag ailt 258 go 264, faoi réir an ailt is déanaí a luaitear, maidir le foirceannadh toilteanach ag comhaltaí. |
[EN] |
Cumhacht cuideachta chun leachtaitheoirí a cheapadh agus a luach saothair a shocrú. |
258. —(1) Déanfaidh an chuideachta, i gcruinniú ginearálta, leachtaitheoir amháin nó níos mó a cheapadh chun cúrsaí na cuideachta a fhoirceannadh agus a sócmhainní a dháileadh, agus féadfaidh sí an luach saothair a bheidh le híoc leis nó leo a shocrú. |
[EN] | (2) Ar leachtaitheoir a cheapadh, scoirfidh cumhachtaí uile na stiúrthóirí, ach amháin sa mhéid go gceadóidh an chuideachta i gcruinniú ginearálta, nó an leachtaitheoir, na cumhachtaí sin a choimeád ar marthain. | |
[EN] |
Cumhacht chun folúntas in oifig leachtaitheora a líonadh. |
259. —(1) Má tharlaíonn folúntas, trí bhás, éirí as oifig nó eile, in oifig leachtaitheora a bheidh ceaptha ag an gcuideachta, féadfaidh an chuideachta i gcruinniú ginearálta an folúntas a líonadh. |
[EN] | (2) Chun na críche sin, féadfaidh aon ranníocóir nó, má tá níos mó ná leachtaitheoir amháin ann, na leachtaitheoirí leanúnacha, cruinniú ginearálta a chomóradh. | |
[EN] | (3) Tionólfar an cruinniú ar an modh a fhoráiltear leis an Acht seo nó leis na hairteagail, nó ar cibé modh a chinnfidh an chúirt ar iarratas ó aon ranníocóir nó ó na leachtaitheoirí leanúnacha. | |
[EN] |
Cumhacht leachtaitheora chun scaireanna a ghlacadh i gcomaoin maoin de chuid na cuideachta a dhíol. 1845, c. 16. |
260. —(1) I gcás ina mbeartófar cuideachta a fhoirceannadh go toilteanach, nó ina mbeidh cuideachta i gcúrsa a foirceannta go toilteanach, agus go mbeartófar an t-iomlán nó cuid dá gnó nó dá maoin a aistriú chuig cuideachta eile nó a dhíol léi, cibé acu is cuideachta de réir bhrí an Achta seo í nó nach ea (dá ngairtear “an chuideachta is aistrí” san alt seo), féadfaidh leachtaitheoir na cuideachta chéadluaite (dá ngairtear “an chuideachta is aistreoir” san alt seo), le ceadú de bharr rúin speisialta ón gcuideachta sin, a thugann údarás ginearálta don leachtaitheoir nó údarás i leith aon chomhshocraíochta áirithe, scaireanna, polasaithe nó leasanna eile dá samhail sa chuideachta is aistrí a ghlacadh mar chúiteamh nó mar pháirtchúiteamh san aistriú nó sa díol, lena ndáileadh ar chomhaltaí na cuideachta is aistreoir, nó féadfaidh sé aon chomhshocrú eile a dhéanamh faoina bhféadfaidh comhaltaí na cuideachta is aistreoir, in ionad nó i dteannta airgead, scaireanna, polasithe nó leasanna eile dá samhail a fháil, bheith rannpháirteach i mbrabúis na cuideachta is aistrí nó aon tairbhe eile a fháil uaithi. |
[EN] | (2) Aon díol nó comhsocrú a dhéanfar de bhun an ailt seo, beidh sé ina cheangal ar chomhaltaí na cuideachta is aistreoir. | |
[EN] | (3) Más rud é nach ndearnadh na cearta vótála a thugtar le haon scaireanna sa chuideachta a chaitheamh i bhfabhar an rúin speisialta agus go gcuirfidh sealbhóir na scaireanna sin a easaontú leis an rún speisialta in iúl i scríbhinn a dhíreofar chuig an leach taitheoir agus a fhágfar in oifig chláraithe na cuideachta laistigh de 7 lá tar éis an rún speisialta a rith, féadfaidh sé a cheangal ar an leachtaitheoir gan éifeacht a thabhairt don rún, nó an chuid sin dá leas atá in ionannas leis na scaireanna sin a cheannach ar phraghas a bheidh le cinneadh trí chomhaontú nó trí eadráin ar an modh a fhoráiltear leis an alt seo. | |
[EN] | (4) Má ghlacann an leachtaitheoir de rogha leas an chomhalta a cheannach, ní foláir an t-airgead ceannaigh a íoc sula ndíscaoilfear an chuideachta agus, mura ndéantar foráil eile ina leith, measfar gur cuid de chostais, muirir agus caiteachais an fhoirceanta é agus íocfar amhlaidh é. | |
[EN] | (5) Ní bheidh rún speisialta neamhbhailí chun críocha an ailt seo de bhrí gur ritheadh é roimh rún le haghaidh foirceannadh toilteanach nó chun leachtaitheóirí a cheapadh, nó i gcomhthrath leis an rún sin, ach, má dhéantar ordú laistigh de bhliain chun an chuideachta a fhoirceannadh ag an gcúirt, ní bheidh an rún speisialta bailí mura gceadóidh an chúirt é. | |
[EN] | (6) Chun críocha eadrána faoin alt seo, déanfar na forálacha den Companies Clauses Consolidation Act, 1845, a bhaineann le díospóidí a shocrú trí eadráin, a chorprú leis an Acht seo, agus i bhforléiriú na bhforálacha sin measfar gurb é an tAcht seo an tAcht speisialta, agus ciallóidh “the company” an chuideachta is aistreoir, agus aon cheapachán a ordaítear leis na forálacha corpraithe sin a dhéanamh faoi láimh an rúnaí nó aon bheirt de na stiúrthóirí, féadfar é a dhéanamh faoi láimh an leachtaitheora nó, má tá níos mó ná leachtaitheoir amháin ann, féadfar é a dhéanamh faoi láimh aon bheirt nó níos mó de na leachtaitheoirí. | |
[EN] |
Dualgas an leachtaitheora chun cruinniú creidiúnaithe a ghairm más é a thuairim nach bhfuil an chuideachta in ann a fiacha a íoc. |
261. —(1) Más rud é, i gcás foirceannadh a thosóidh tar éis an dáta feidhme, go mbeidh an leachtaitheoir ar an tuairim aon uair nach mbeidh an chuideachta in ann a fiacha a íoc go hiomlán laistigh den tréimhse a bheidh luaite sa dearbhú faoi alt 256, déanfaidh sé láithreach cruinniú de na creidiúnaithe a ghairm agus leagfaidh sé faoi bhráid an chruinnithe ráiteas ar shócmhainní agus dliteanais na cuideachta. |
[EN] | (2) Má mhainníonn an leachtaitheoir an t-alt seo a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £50 a chur air. | |
[EN] |
Dualgas an leachtaitheora chun cruinniú ginearálta a ghairm i ndeireadh gach bliana. |
262. —(1) Faoi réir alt 264, i gcás an foirceannadh a bheith ar siúl ar feadh breis is bliain amháin, gairfidh an leachtaitheoir cruinniú ginearálta den chuideachta i ndeireadh na chéad bhliana ó thosach an fhoirceanta agus i ndeireadh gach bliana dá éis sin, nó ar an gcéad dáta caothúil laistigh de 3 mhí ó dheireadh na bliana, agus leagfaidh sé faoi bhráid an chruinnithe cuntas ar a ghníomhartha agus a dhéileálacha agus ar stiúradh an fhoirceanta i rith na bliana roimhe sin, agus cuirfidh sé cóip den chuntas sin chuig an gcláraitheoir laistigh de 7 lá tar éis an chruinnithe sin. |
[EN] | (2) Má mhainníonn an leachtaitheoir an t-alt seo a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £50 a chur air. | |
[EN] |
An cruinniú críochnaitheach agus díscaoileadh. |
263. —(1) Faoi réir alt 264, a luaithe a bheidh cúrsaí na cuideachta foirceanta go hiomlán, déanfaidh an leachtaitheoir amach cuntas ar an bhfoirceannadh ina dtaispeánfar conas a stiúradh an foirceannadh agus conas a diúscraíodh maoin na cuideachta, agus air sin gairfidh sé cruinniú ginearálta den chuideachta chun an cuntas a leagan faoina bhráid agus aon mhíniú a thabhairt air. |
[EN] | (2) Gairfear an cruinniú le fógrán in 2 nuachtán laethúla a léitear sa cheantar ina bhfuil oifig chláraithe na cuideachta, agus sonrófar ann am agus áit agus cuspóir an chruinnithe, agus foilseofar an fógrán 28 lá ar a laghad roimh an gcruinniú. | |
[EN] | (3) Laistigh de sheachtain tar éis an chruinnithe, cuirfidh an leachtaitheoir cóip den chuntas chuig cláraitheoir na gcuideachtaí, agus tabharfaidh sé tuairisceán dó ar thionól an chruinnithe agus ar a dháta, agus mura ndéanfar an chóip a chur ar aghaidh nó an tuairisceán a thabhairt de réir an fho-ailt seo dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur ar an leachtaitheoir, sa dóigh, áfach, mura mbíonn córam i láthair ag an gcruinniú, go dtabharfaidh an leachtaitheoir, in ionad an tuairisceáin atá luaite anseo roimhe seo, tuairisceán gur gaireadh an cruinniú go cuí agus nach raibh córam i láthair aige, agus ar thuairisceán den sórt sin a thabhairt measfar gur comhlíonadh na forálacha den fho-alt seo a bhaineann leis an tuairisceán a thabhairt. | |
[EN] | (4) Faoi réir fho-alt (5), nuair a gheobhaidh an cláraitheoir an cuntas, agus ceachtar de na tuairisceáin atá luaite anseo roimhe seo, cláróidh sé iad láithreach, agus ar 3 mhí a bheith caite ón dáta a cláraíodh tuairisceán na cuideachta measfar an chuideachta a bheith díscaoilte. | |
[EN] | (5) Féadfaidh an chúirt, ar iarratas ón leachtaitheoir nó ó aon duine eile a bhfeicfear don chúirt go bhfuil leas aige ann, ordú a dhéanamh ag cur siar an dáta ar a mbeidh díscaoileadh na cuideachta le teacht in éifeacht go ceann cibé tréimhse is cuí leis an gcúirt. | |
[EN] | (6) Beidh sé de dhualgas ar an duine ar de bharr a iarratais a dhéanfaidh an chúirt ordú faoin alt seo cóip oifige den ordú a sheachadadh don chláraitheoir lena clárú, laistigh de 14 lá tar éis an t-ordú a dhéanamh, agus má mhainníonn an duine sin é sin a dhéanamh dlífear fíneáil nach mó ná £5 a chur air. | |
[EN] | (7) Má mhainníonn an leachtaitheoir cruinniú ginearálta den chuideachta a ghairm mar a cheanglaítear leis an alt seo, dlífear fíneáil nach mó ná £50 a chur air. | |
[EN] |
Malairt forálacha maidir le cruinnithe bliantúla agus cruinnithe críochnaitheacha más é tuairim an leachtaitheora nach bhfuil cuideachta in ann a fiacha a íoc. |
264. —(1) Faoi réir fho-alt (2), i gcás ina mbeidh éifeacht ag alt 261, bainfidh ailt 272 agus 273 leis an bhfoirceannadh, ag eisiamh ailt 262 agus 263, ionann is dá mba foirceannadh toilteanach ag creidiúnaithe an foirceannadh agus nárbh fhoirceannadh toilteanach ag comhaltaí é. |
[EN] | (2) Ní bheidh de cheangal ar an leachtaitheoir cruinniú creidiúnaithe a ghairm faoi alt 272 i ndeireadh na chéad bhliana ó thosach an fhoirceanta, mura rud é go ndéanfar an cruinniú a thionólfar faoi alt 261 a thionól breis is 3 mhí roimh dheireadh na bliana sin. | |
Forálacha is infheidhme maidir le Foirceannadh Toilteanach ag Creidiúnaithe. | ||
[EN] |
Forálacha is infheidhme maidir le foirceannadh toilteanach ag creidiúnaithe. |
265. —Beidh feidhm ag ailt 266 go 273 maidir le foirceannadh toilteanach ag creidiúnaithe. |
[EN] |
Cruinniú creidiúnaithe. |
266. —(1) Cuirfidh an chuideachta faoi deara go ngairfear cruinniú de chreidiúnaithe na cuideachta don lá, nó don lá díreach i ndiaidh an lae, a bheidh an cruinniú le tionól ag a mbeidh an rún le haghaidh foirceannadh toilteanach le tairiscint, agus cuirfidh sí faoi deara go ndéanfar na fógraí faoi chruinniú sin na gcreidiúnaithe a chur leis an bpost chuig na creidiúnaithe 10 lá ar a laghad roimh dháta an chruinnithe sin den chuideachta. |
[EN] | (2) Cuirfidh an chuideachta faoi deara go ndéanfar fógra faoi chruinniú na gcreidiúnaithe a fhógairt uair amháin ar a laghad in 2 nuachtán laethúla a léitear sa cheantar ina bhfuil oifig chláraithe nó príomháit ghnó na cuideachta. | |
[EN] | (3) Déanfaidh stiúrthóirí na cuideachta— | |
[EN] | (a) ráiteas iomlán ar staid chúrsaí na cuideachta, maraon le liosta de chreidiúnaithe na cuideachta agus méid measta a n-éileamh, a leagan faoi bhráid an chruinnithe de na creidiúnaithe a thionólfar mar a dúradh; agus | |
[EN] | (b) duine dá líon féin a cheapadh le dul i gceannas ar an gcruinniú sin. | |
[EN] | (4) Beidh sé de dhualgas ar an stiúrthóir a cheapfar le dul i gceannas ar chruinniú na gcreidiúnaithe bheith i láthair ag an gcruinniú sin agus dul i gceannas air. | |
[EN] | (5) Má chuirtear ar atráth an cruinniú den chuideachta ag a mbeidh an rún le haghaidh foirceannadh toilteanach le tairiscint agus go rithfear an rún ag cruinniú atrátha, beidh éifeacht ag aon rún a rithfear ag an gcruinniú de na creidiúnaithe a thionólfar de bhun fho-alt (1) ionann is dá mba díreach tar éis an rún chun an chuideachta a fhoirceannadh a bheith rite a ritheadh é. | |
[EN] | (6) Má mhainníonn— | |
[EN] | (a) an chuideachta fo-ailt (1) agus (2) a chomhlíonadh; | |
[EN] | (b) stiúrthóirí na cuideachta fo-alt (3) a chomhlíonadh; | |
[EN] | (c) aon stiúrthóir de chuid na cuideachta fo-alt (4) a chomhlíonadh; | |
[EN] | dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur ar an gcuideachta, ar na stiúrthóirí nó ar an stiúrthóir, cibé acu é, agus i gcás mainneachtain ag an gcuideachta, dlífear a shamhail de phionós a chur ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain. | |
[EN] |
Leachtaitheoir a cheapadh. |
267. —(1) Faoi réir fho-alt (2), féadfaidh na creidiúnaithe agus an chuideachta, ag a gcruinnithe faoi seach mar a luaitear in alt 266, duine a ainmniú chun bheith ina leachtaitheoir chun cúrsaí na cuideachta a fhoirceannadh agus a sócmhainní a dháileadh, agus murab é an duine céanna a ainmneoidh na creidiúnaithe agus an chuideachta, is é an duine a ainmneoidh na creidiúnaithe a bheidh ina leachtaitheoir, agus mura n-ainmneoidh na creidiúnaithe duine ar bith, is é an duine, más ann, a ainmneoidh an chuideachta a bheidh ina leachtaitheoir. |
[EN] | (2) I gcás nach é an duine céanna a ainmneofar mar leachtaitheoir, féadfaidh aon stiúrthóir, comhalta nó creidiúnaí de chuid na cuideachta iarratas a dhéanamh chun na cúirte, laistigh de 14 lá tar éis an dáta a rinne na creidiúnaithe an t-ainmniú, ar ordú lena n-ordófar go mbeidh an duine a d'ainmnigh an chuideachta mar leachtaitheoir ina leachtaitheoir in ionad an duine, nó i gcomhpháirt leis an duine, a d'ainmnigh na creidiúnaithe, nó lena gceapfar duine éigin eile chun bheith ina leachtaitheoir in ionad an duine a cheap na creidiúnaithe. | |
[EN] |
Coiste iniúchta a cheapadh. |
268. —(1) Faoi réir fho-alt (2), féadfaidh na creidiúnaithe, ag an gcruinniú a thionólfar de bhun alt 266 nó ag aon chruinniú dá éis sin, más cuí leo é, coiste iniúchta a cheapadh nach mbeidh thar chúigear air, agus, má cheaptar an coiste sin, féadfaidh ar chuideachta, ag an gcruinniú ag a rithfear an rún le haghaidh foirceannadh toilteanach nó i gcruinniú ginearálta aon uair in dhiaidh sin, triúr a cheapadh chun gníomhú mar chomhalta den choiste, ar choinníoll nach mó ná ochtar líon comhaltaí a choiste tráth ar bith. |
[EN] | (2) Féadfaidh na creidiúnaithe, más cuí leo é, a chinneadh le rún nach ceart gach duine nó aon duine de na daoine a cheapfaidh an chuideachta amhlaidh bheith ar an gcoiste iniúchta, agus má chinneann na creidiúnaithe amhlaidh le rún, ní bheidh na daoine a luafar sa rún cáilithe chun gníomhú mar chomhaltaí den choiste, mura n-ordóidh an chúirt a mhalairt, agus ar aon iarratas a dhéanamh chun na cúirte faoin bhfo-alt seo, féadfaidh an chúirt, más cuí léi é, daoine eile a cheapadh chun gníomhú mar chomhaltaí den sórt sin in ionad na ndaoine a bheidh luaite sa rún. | |
[EN] | (3) Faoi réir fho-ailt (1) agus (2), agus rialacha cúirte, bainfidh alt 233 (ach amháin fo-alt (1)) le coiste iniúchta a cheapfar faoin alt seo faoi mar a bhaineann sé le coiste iniúchta a cheapfar i gcás foirceannadh ag an gcúirt. | |
[EN] |
Luach saothair leachtaitheoirí a shocrú agus cumhachtaí na stiúrthóirí a scor. |
269. —(1) Féadfaidh an coiste iniúchta, nó mura bhfuil aon choiste den sórt sin ann féadfaidh na creidiúnaithe, an luach saothair a bheidh le híoc leis an leachtaitheoir nó leis na leachtaitheoirí a shocrú. |
[EN] | (2) Laistigh de 28 lá tar éis don choiste iniúchta nó do na creidiúnaithe an luach saothair a bheidh le híoc le leachtaitheoir nó le leachtaitheoirí a shocrú, féadfaidh aon chreidiúnaí nó ranníocóir a líomhnóidh go bhfuil an luach saothair sin iomarcach iarratas a dhéanamh chun na cúirte á iarraidh an luach saothair a bheidh le híoc leis an leachtaitheoir nó leis na leachtaitheoirí a shocrú. | |
[EN] | (3) Ar leachtaitheoir a cheapadh, scoirfidh cumhachtaí uile na stiúrthóirí, ach amháin sa mhéid go gceadóidh an coiste iniúchta nó, mura bhfuil aon choiste den sórt sin ann, na creidiúnaithe, na cumhachtaí sin a choimeád ar marthain. | |
[EN] |
Cumhacht chun folúntas in oifig leachtaitheora a líonadh. |
270. —Má tharlaíonn folúntas, trí bhás, éirí as oifig nó eile, in oifig leachtaitheora, seachas leachtaitheoir a bheidh ceaptha ag an gcúirt nó le hordú ón gcúirt, féadfaidh na creidiúnaithe an folúntas a líonadh. |
[EN] |
Feidhm alt 260 maidir le foirceannadh toilteanach ag creidiúnaithe. |
271. —Beidh feidhm ag alt 260 i gcás foirceannadh toilteanach ag creidiúnaithe faoi mar atá feidhm aige i gcás foirceannadh toilteanach ag comhaltaí, faoi réir an mhodhnaithe nach bhfeidhmeofar cumhachtaí an leachtaitheora faoin alt sin ach amháin le ceadú na cúirte nó an choiste iniúchta. |
[EN] |
Dualgas ar leachtaitheoir chun cruinniú den chuideachta agus de chreidiúnaithe a ghairm i ndeireadh gach bliana. |
272. —(1) I gcás an foirceannadh a bheith ar siúl ar feadh breis is bliain, gairfidh an leachtaitheoir cruinniú ginearálta den chuideachta agus cruinniú de na creidiúnaithe i ndeireadh na chéad bhliana ó thosach an fhoirceanta agus i ndeireadh gach bliana dá éis sin, nó ar an gcéad dáta caothúil laistigh de 3 mhí ó dheireadh na bliana, agus leagfaidh sé faoi bhráid na gcruinnithe cuntas ar a ghníomhartha agus a dhéileálacha agus ar stiúradh an fhoirceanta i rith na bliana roimhe sin, agus cuirfidh sé cóip den chuntas sin chuig an gcláraitheoir laistigh de 7 lá tar éis an ceann is déanaí de na cruinnithe sin. |
[EN] | (2) Má mhainníonn an leachtaitheoir an t-alt seo a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £50 a chur air. | |
[EN] |
An cruinniú críochnaitheach agus díscaoileadh. |
273. —(1) A luaithe a bheidh cúrsaí na cuideachta foirceannta go hiomlán, déanfaidh an leachtaitheoir amach cuntas ar an bhfoirceannadh ina dtaispeánfar conas a stiúradh an foirceannadh agus conas a diúscaraíodh maoin na cuideachta, agus air sin gairfidh sé cruinniú ginearálta den chuideachta agus cruinniú de na creidiúnaithe chun an cuntas a leagan faoi bhráid na gcruinnithe agus aon mhíniú a thabhairt air. |
[EN] | (2) Gairfear gach cruinniú den sórt sin le fógrán in 2 nuachtán laethúla a léitear sa cheantar ina bhfuil oifig chláraithe na cuideachta, agus sonrófar ann am agus áit agus cuspóir an chruinnithe, agus foilseofar an fógrán 28 lá ar a laghad roimh an gcruinniú. | |
[EN] | (3) Laistigh de sheachtain tar éis dáta na gcruinnithe nó, mura dtionólfar na cruinnithe ar an dáta céanna, tar éis dáta an chruinnithe is déanaí, cuirfidh an leachtaitheoir cóip den chuntas chuig cláraitheoir na gcuideachtaí, agus tabharfaidh sé tuairisceán dó ar thionól na gcruinnithe agus ar a ndátaí, agus mura ndéanfar an chóip a chur ar aghaidh nó an tuairisceán a thabhairt de réir an fho-ailt seo, dlífear fíneáil nach mó ná £50 a chur ar an leachtaitheoir, sa dóigh, áfach, mura mbíonn córam i láthair ag ceachtar cruinniú acu sin, go dtabharfaidh an leachtaitheoir, in ionad an tuairisceáin atá luaite anseo roimhe seo, tuairisceán gur gaireadh an cruinniú go cuí agus nach raibh córam i láthair aige, agus ar thuairisceán den sórt sin a thabhairt measfar gur comhlíonadh maidir leis an gcruinniú sin na forálacha den fho-alt seo a bhaineann leis an tuairisceán a thabhairt. | |
[EN] | (4) Faoi réir fho-alt (5), nuair a gheobhaidh an cláraitheoir an cuntas agus, maidir le gach cruinniú acu sin, ceachtar de na tuairisceáin atá luaite anseo roimhe seo, cláróidh sé iad láithreach, agus ar 3 mhí a bheith caite tar éis a gcláraithe measfar an chuideachta a bheith díscaoilte. | |
[EN] | (5) Féadfaidh an chúirt, ar iarratas ón leachtaitheoir nó ó aon duine eile a bhfeicfear don chúirt go bhfuil leas aige ann, ordú a dhéanamh ag cur siar an dáta ar a mbeidh díscaoileadh na cuideachta le teacht in éifeacht go ceann cibé tréimhse is cuí leis an gcúirt. | |
[EN] | (6) Beidh sé de dhualgas ar an duine ar de bharr a iarratais a dhéanfaidh an chúirt ordú faoin alt seo cóip oifige den ordú a sheachadadh don chláraitheoir lena clárú, laistigh de 14 lá tar éis an t-ordú a dhéanamh, agus má mhainníonn an duine sin é sin a dhéanamh, dlífear fíneáil nach mó ná £50 a chur air. | |
[EN] | (7) Má mhainníonn an leachtaitheoir cruinniú ginearálta den chuideachta nó cruinniú de na creidiúnaithe a ghairm mar a cheanglaítear leis an alt seo, dlífear fíneáil nach mó ná £50 a chur air. | |
Forálacha is infheidhme maidir le gach Foirceannadh Toilteanach. | ||
[EN] |
Forálacha is infheidhme maidir le gach foirceannadh toilteanach. |
274. —Bainfidh ailt 275 go 282 le gach foirceannadh toilteanach, cibé acu foirceannadh ag comhaltaí nó foirceannadh ag creidiúnaithe é. |
[EN] |
Maoin na cuideachta a dháileadh. |
275. —Faoi réir forálacha an Achta seo maidir le híocaíochtaí tosaíochta, déanfar maoin chuideachta, ar an gcuideachta a fhoirceannadh, a chur chun feidhme chun a dliteanais a shásamh pari passu, agus, faoi réir na feidhme sin, déanfar, mura bhforálann na hairteagail a mhalairt, í a dháileadh ar na comhaltaí de réir a gcearta agus a leasanna sa chuideachta. |
[EN] |
Cumhachtaí agus dualgais an leachtaitheora i bhfoirceannadh toilteanach. |
276. —(1) Féadfaidh an leachtaitheoir— |
[EN] | (a) i gcás foirceannadh toilteanach ag comhaltaí, le ceadú faoi rún speisialta ón gcuideachta, agus, i gcás foirceannadh toilteanach ag creidiúnaithe, le ceadú na cúirte nó an choiste iniúchta nó (mura bhfuil aon choiste den sórt sin ann) le ceadú ó chruinniú de na creidiúnaithe, aon chumhacht a fheidhmiú de na cumhachtaí a thugtar le míreanna (d), (e) agus (f) d'fho-alt (1) d'alt 231 do leachtaitheoir i gcás foirceannadh ag an gcúirt; | |
[EN] | (b) gan cheadú, aon chumhacht a fheidhmiú de na cumhachtaí eile a thugtar leis an Acht seo don leachtaitheoir i gcás foirceannadh ag an gcúirt; | |
[EN] | (c) an chumhacht a fheidhmiú atá ag an gcúirt faoin Acht seo chun liosta ranníocóirí a shocrú, agus beidh an liosta ranníocóirí ina fhianaise prima facie ar dhliteanas na ndaoine a bheidh ainmnithe ann chun bheith ina ranníocóirí; | |
[EN] | (d) an chumhacht a fheidhmiú a thugtar don chúirt chun glaochanna a dhéanamh; | |
[EN] | (e) cruinithe ginearálta den chuideachta a ghairm chun ceadú na cuideachta a fháil trí rún nó chun aon chríche eile is cuí leis. | |
[EN] | (2) Íocfaidh an leachtaitheoir fiacha na cuideachta agus déanfaidh sé coigeartú ar chearta na ranníocóirí eatarthu féin. | |
[EN] | (3) Nuair a cheapfar leachtaitheoirí éagsúla, féadfaidh cibé duine nó daoine díobh a chinnfear tráth a gceaptha, nó, mura ndéanfar cinneadh amhlaidh, líon ar bith nach lú ná beirt, aon chumhacht dá dtugtar leis an Acht seo a fheidhmiú. | |
[EN] |
Cumhacht na cúirte chun leachtaitheoir a cheapadh nó a chur as oifig i gcás foirceannadh toilteanach. |
277. —(1) Más rud é, ar chúis ar bith, nach mbeidh aon leachtaitheoir ag gníomhú, féadfaidh an chúirt leachtaitheoir a cheapadh. |
[EN] | (2) Féadfaidh an chúirt, ar chúis a shuíomh, leachtaitheoir a chur as oifig agus leachtaitheoir eile a cheapadh. | |
[EN] |
Fógra ón leachtaitheoir i dtaobh a cheaptha. |
278. —(1) Déanfaidh an leachtaitheoir, laistigh de 14 lá tar éis a cheaptha, fógra i dtaobh a cheaptha a sheachadadh do chláraitheoir na gcuideachtaí lena chlárú. |
[EN] | (2) Má mhainníonn an leachtaitheoir ceanglais an ailt seo a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £50 a chur air. | |
[EN] |
Forálacha maidir le comhshocraíocht a bheith ina ceangal ar chreidiúnaithe. |
279. —(1) Aon chomhshocraíocht a dhéanfar idir cuideachta atá ar tí, nó i gcúrsa, a foirceanta agus creidiúnaithe na cuideachta, beidh sí, faoi réir an chirt achomhairc faoin alt seo, ina ceangal ar an gcuideachta má ceadaíodh í le rún speisialta agus ina ceangal ar na creidiúnaithe má ghlac trí cheathrú, de réir líon agus luacha, de na creidiúnaithe léi. |
[EN] | (2) Féadfaidh aon chreidiúnaí nó ranníocóir, laistigh de 3 sheachtain tar éis an chomhshocraíocht a chríochnú, achomharc a dhéanamh chun na cúirte ina haghaidh, agus air sin féadfaidh an chúirt, de réir mar is cóir léi, an chomhshocraíocht a leasú, a athrú nó a dhaingniú. | |
[EN] |
Cumhacht chun a iarraidh ar an gcúirt ceisteanna a chinneadh nó cumhachtaí a fheidhmiú. |
280. —(1) Féadfaidh an leachtaitheoir nó aon ranníocóir nó creidiúnaí iarratas a dhéanamh chun na cúirte á iarraidh uirthi aon cheist a éireoidh i bhfoirceannadh cuideachta a chinneadh, nó gach ceann nó aon cheann a fheidhmiú, maidir le glaochanna a chur i bhfeidhm nó aon ní eile, de na cumhachtaí a d'fhéadfadh an chúirt a fheidhmiú dá mba ag an gcúirt a bhí an chuideachta á foirceannadh. |
[EN] | (2) Más deimhin leis an gcúirt go mbeidh sé cóir agus tairbheach an cheist a chinneadh nó an chumhacht a iarradh a fheidhmiú, féadfaidh sí géilleadh don iarratas, go hiomlán nó go páirteach, ar cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí léi, nó féadfaidh sí cibé ordú eile is cóir léi a dhéanamh de bhun an iarratais. | |
[EN] | (3) Cuirfidh an chuideachta ar aghaidh láithreach chuig cláraitheoir na gcuideachtaí lena clárú cóip oifige d'ordú a dhéanfar de bhua an ailt seo ag neamhniú an rún chun foirceannadh a dhéanamh nó ag cur bac ar na himeachtaí san fhoirceannadh. | |
[EN] | (4) Má mhainníonn cuideachta fo-alt (3) a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £25 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain. | |
[EN] |
Costais a bhaineann le foirceannadh toilteannach. |
281. —Beidh na costais, na muirir agus na caiteachais go léir faoina rachfar go cuí san fhoirceannadh, lena n-áirítear luach saothair an leachtaitheora, iníoctha as sócmhainní na cuideachta, i dtosaíocht ar gach éileamh eile. |
[EN] |
Cosaint do chearta creidiúnaithe agus ranníocóirí. |
282. —Ní chuirfidh foirceannadh cuideachta urchosc ar cheart aon chreidiúnaí nó ranníocóra chun í a chur á foirceannadh ag an gcúirt, ach i gcás iarratais ó ranníocóir ní foláir an chúirt a shásamh go ndéanfaidh foirceannadh toilteanach dochar do chearta na ranníocoirí. |
(iv) Forálacha is Infheidhme maidir le gach Modh Foirceanta. | ||
Éilimh a Chruthú agus a gCéim Tosaíochta. | ||
[EN] |
Fiacha a fhéadfar a chruthú. |
283. —(1) Faoi réir fho-alt (2), i ngach foirceannadh (faoi réir na feidhme a bheidh ag dlí na féimheachta, de réir forálacha an Achta seo, i gcás cuideachtaí dócmhainneacha), beidh na fiacha go léir is iníoctha ar theagmhas, agus gach éileamh in aghaidh na cuideachta, láithreach nó todhchaí, cinnte nó teagmhasach, cinntithe nó inchúitithe le damáistí amháin, inghlactha faoi chruthú in aghaidh na cuideachta, agus déanfar meastachán cóir, chomh fada agus is féidir sin, ar luach na bhfiacha nó na n-éileamh sin atá faoi réir aon teagmhais nó inchúitithe le damáistí amháin, nó nach bhfuil luach cinnte orthu ar chúis éigin eile. |
[EN] | (2) Nuair a bheidh cuideachta á foirceannadh, ní bheidh díbhinní a dhearbhaigh an chuideachta breis agus 6 bliana roimh thosach an fhoirceanta, agus nár éilíodh laistigh de na 6 bliana sin, ina éileamh a bheidh inghlactha faoi chruthú in aghaidh na cuideachta chun críocha an fhoirceanta, mura bhforálann airteagail na cuideachta nó coinníollacha na heisiúna a mhalairt. | |
[EN] |
Feidhm ag na rialacha féimheachta i gcás cuideachtaí dócmhainneacha a fhoirceannadh. 1857, c. 60. |
284. —(1) Nuair a bheidh cuideachta dhócmhainneach á foirceannadh, is ionann na rialacha a bheidh faoi réim agus le comhlíonadh maidir le cearta creidiúnaithe urraithe agus creidiúnaithe neamhurraithe faoi seach agus le fiacha is inchruthaithe agus le luacháil blianachtaí agus dliteanas todhchaí agus teagmhasach agus na rialacha a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire faoi dhlí na féimheachta maidir le heastáit daoine a breithníodh a bheith féimheach, agus féadfaidh na daoine go léir a bheidh i dteideal in aon chás den sórt sin cruthú a thabhairt le haghaidh díbhinní agus iad a fháil as sócmhainní na cuideachta teacht isteach faoin bhfoirceannadh agus cibé éilimh a dhéanamh in aghaidh na cuideachta a mbeidh teideal acu faoi seach chucu de bhua an ailt seo. |
[EN] | (2) Beidh feidhm ag alt 331 den Irish Bankrupt and Insolvent Act, 1857, i gcás cuideachta dhócmhainneach a fhoirceannadh, agus dá réir sin déanfar an tagairt san alt sin do chomhdú na hachainí a léamh mar thagairt do thíolacadh achainí chun an chuideachta a fhoirceannadh ag an gcúirt nó do rún le haghaidh foirceannadh toilteanach a rith, cibé acu é, agus más rud é, sula dtíolacfar achainí chun an chuideachta a fhoirceannadh ag an gcúirt, go mbeidh rún le haghaidh foirceannadh toilteanach rite ag an gcuideachta, léifear í mar thagairt do rith an rúin. | |
[EN] | (3) Ní bhainfidh fo-alt (2) le morgáiste breithiúnais a bunaíodh roimh an dáta feidhme. | |
[EN] |
Íocaíochtaí tosaíochta i bhfoirceannadh. |
285. —(1) San alt seo ciallaíonn “an dáta iomchuí”— |
[EN] | (i) i gcás ina n-ordófar an chuideachta a fhoirceannadh go héigeantach, an dáta a cheapfar (nó a chéadcheapfar) leachtaitheoir sealadach nó, mura ndéanfar aon cheapachán den sórt sin, dáta an ordaithe foirceanta, mura rud é i gceachtar cás gur tosaíodh ar an gcuideachta a fhoirceannadh go toilteanach roimh an dáta sin; agus | |
[EN] | (ii) i gcás nach mbeidh feidhm ag fomhír (i), an dáta a rithfear an rún chun an chuideachta a fhoirceannadh. | |
[EN] | (2) Nuair a bheidh foirceannadh á dhéanamh, íocfar i dtosaíocht ar gach fiach eile— | |
[EN] | (a) na rátaí agus na cánacha seo a leanas,— | |
[EN] | (i) na rátaí áitiúla go léir a bheidh dlite ón gcuideachta ar an dáta iomchuí agus a tháinig chun bheith dlite agus iníoctha laistigh de 12 mhí díreach roimh an dáta sin; | |
[EN] | (ii) na cánacha measúnaithe go léir, lena n-áirítear cáin ioncaim agus cáin bhrabús corparáide, a measúnaíodh ar an gcuideachta anuas go dtí an 4ú lá d'Aibreán díreach roimh an dáta iomchuí agus nach mó san iomlán ná measúnú bliana; | |
[EN] | (iii) aon mhéid a bheidh dlite ar an dáta iomchuí i leith suimeanna a dhlíonn fostóir, faoin Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1959 , agus aon rialacháin faoin Acht sin, a bhaint as luach saothair lena mbaineann Cuid II den Acht sin agus a d'íoc sé i gcaitheamh na tréimhse 12 mhí díreach roimh an dáta iomchuí, arna laghdú aon mhéid a dhligh sé faoin Acht sin agus aon rialachán faoin Acht sin a aisíoc i gcaitheamh na tréimhse sin, maraon le hús is iníoctha faoi alt 8 den Acht sin; | |
[EN] | (b) pá nó tuarastal uile (cibé acu a tuilleadh nó nár tuilleadh é go hiomlán nó go páirteach mar choimisiún) aon chléirigh nó seirbhísigh i leith seirbhísí a rinneadh don chuideachta i gcaitheamh na 4 mhí díreach roimh an dáta iomchuí; | |
[EN] | (c) pá uile (cibé acu in aghaidh ama nó ar thasc-obair a bhí sé iníoctha) aon oibrí nó saothraí i leith seirbhísí a rinneadh don chuideachta i gcaitheamh na 4 mhí díreach roimh an dáta iomchuí; | |
[EN] | (d) an luach saothair faibhrithe go léir in aghaidh saoire a tháinig chun bheith iníoctha le haon chléireach, seirbhíseach, oibrí nó saothraí (nó i gcás a bháis, le haon duine eile i ndualgas a chirt) ar dheireadh a theacht lena fhostaíocht roimh an ordú nó an rún foirceanta nó de bharr a éifeachta; | |
[EN] | (e) mura rud é nach bhfuil an chuideachta á foirceannadh go toilteanach ach amháin chun í a athchóiriú nó chun í a chónascadh le cuideachta eile, na suimeanna go léir a bheidh dlite i leith ranníocaí a bhí iníoctha i gcaitheamh an 12 mhí díreach roimh an dáta iomchuí ag an gcuideachta mar fhostóir aon daoine faoin Acht Arachais (Breac-Dhíomhaointeas), 1942 , nó faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1961; | |
[EN] | (f) mura rud é nach bhfuil an chuideachta á foirceannadh go toilteanach ach amháin chun í a athchóiriú nó chun í a chónascadh le cuideachta eile, na suimeanna go léir (lena n-áirítear costais) a bheidh dlite mar chúiteamh nó mar dhliteanas i leith cúitimh faoi na hAchtanna um Chúiteamh do Lucht Oibre, 1934 go 1955 (is é sin, suimeanna a d'fhaibhrigh roimh an dáta iomchuí), sa mhéid nach mbeidh an chuideachta slánaithe go héifeachtach ag árachóirí in aghaidh dliteanais i leith an chúitimh sin; | |
[EN] | (g) mura rud é nach bhfuil an chuideachta á foirceannadh ach amháin chun í a athchóiriú nó chun í a chónascadh le cuideachta eile, na suimeanna go léir a bheidh dlite ón gcuideachta i leith damáistí agus costas nó dliteanais mar gheall ar dhamáistí agus costais, agus is iníoctha le duine ar fostú aici i ndáil le tionóisc a tharla roimh an dáta iomchuí agus i gcúrsa a fhostaíochta ag an gcuideachta, sa mhéid nach mbeidh an chuideachta slánaithe go héifeachtach ag árachóirí in aghaidh na ndamáistí agus na gcostas sin. | |
[EN] | (3) Faoi réir fho-alt (4), agus d'ainneoin aon ní i míreanna (b) agus (c) d'fho-alt (2), ní mó ná £300, i gcás aon éilitheora áirithe, an tsuim a mbeidh tosaíocht le tabhairt di faoi na míreanna sin faoi seach. | |
[EN] | (4) I gcás éilitheoir faoi mhír (c) d'fho-alt (2) a bheith ina shaothraí feirme a chuaigh i gconradh chun cuid dá phá a íoc leis mar chnapshuim i ndeireadh bhliain a fhostaithe, beidh tosaíocht aige maidir le hiomlán na suime sin, nó cibé cuid di a chinnfidh an chúirt a bheith dlite faoin gconradh, i gcomhréir le tréimhse na seirbhíse anuas go dtí an dáta iomchuí. | |
[EN] | (5) Más íocaíocht sheachtainiúil aon chúiteamh faoi na hAchtanna um Chúiteamh do Lucht Oibre, 1934 go 1955, measfar, chun críocha mhír (f) d'fho-alt (2), gurb é an méid a bheidh dlite ina leith méid na cnapshuime ar a bhféadfaí an íocaíocht sheachtainiúil a fhuascailt dá ndéanfadh an fostóir iarratas chuige sin faoi na hAchtanna sin. | |
[EN] | (6) Má tugadh aon íocaíocht— | |
[EN] | (a) d'aon chléireach, seirbhíseach, oibrí nó saothraí ar fostú ag cuideachta, i gcuntas pá nó tuarastail; nó | |
[EN] | (b) d'aon chléireach, seirbhíseach, oibrí nó saothraí den sórt sin nó, i gcás a bháis, d'aon duine eile i ndualgas a chirt, i gcuntas luach saothair fhaibhrithe i leith saoire; | |
[EN] | as airgead a d'airlic duine éigin chun na críche sin, beidh ag an duine a d'airlic an t-airgead ceart tosaíochta, i bhfoirceannadh, i leith an airgid a airleacadh agus a íocadh amhlaidh go feadh an méid a mbeidh an tsuim, a bheadh an cléireach, an seirbhíseach, an t-oibrí nó an saothraí nó aon duine eile i ndualgas a chirt i dteideal tosaíochta ina leith san fhoirceannadh, tar éis a laghdaithe mar gheall ar an íocaíocht a bheith déanta. | |
[EN] | (7) Maidir leis na fiacha sin roimhe seo— | |
[EN] | (a) beidh siad ar aon chéim lena chéile agus íocfar iad go hiomlán, mura rud é nach leor na sócmhainní chun iad a ghlanadh, agus sa chás sin laghdófar iad i gcionúireachtaí comhionanna; agus | |
[EN] | (b) sa mhéid nach leor chun iad a ghlanadh na sócmbainní de chuid na cuideachta a bheidh ar fáil chun creidiúnaithe ginearálta a íoc, beidh tosaíocht acu ar éilimh bhintiúrach faoi aon mhuirear foluaineach a bhunaigh an chuideachta, agus íocfar iad dá réir sin as aon mhaoin a bheidh ar áireamh sa mhuirear sin nó a bheidh faoina réir. | |
[EN] | (8) Faoi réir cibé suimeanna a choinneáil is gá le haghaidh costais agus caiteachais an fhoirceanta, déanfar na fiacha sin roimhe seo a ghlanadh láithreach sa mhéid gur leor na sócmhainní faoina gcomhair, agus i gcás fiacha dá dtugtar tosaíocht le mír (e) d'fho-alt (2), ní éileofar cruthú foirmiúil orthu ach amháin sa mhéid go bhforáiltear a mhalairt le rialacha cúirte. | |
[EN] | (9) Faoi réir fho-alt (10), más rud é go ndéanfaidh nó go ndearna tiarna talún nó duine eile tochsal ar aon earraí nó éifeachtaí de chuid na cuideachta laistigh de 3 mhí díreach roimh an dáta iomchuí, beidh na fiacha dá dtugtar tosaíocht leis an alt seo ina dtúsmhuirear ar na hearraí nó na héifeachtaí a ndéanfar nó a ndearnadh tochsal orthu amhlaidh, nó ar na fáltais as a ndíol. | |
[EN] | (10) Maidir le haon airgead a íocfar faoi aon mhuirear den sórt a luaitear i bhfo-alt (9), is ionann na cearta tosaíochta a bheidh ag an tiarna talún nó ag an duine eile agus ag an duine lena ndéanfar an íocaíocht. | |
[EN] | (11) Measfar gur pá i leith seirbhísí a rinneadh don chuideachta i rith na tréimhse sin aon luach saothair in aghaidh tréimhse saoire, tréimhse asláithreachta ó obair mar gheall ar bhreoiteacht nó ar chúis mhaith eile. | |
[EN] | (12) Ní bheidh feidhm ag an alt seo i gcás foirceannadh más roimh an dáta feidhme a tharla an dáta iomchuí, agus i gcás den sórt sin measfar na forálacha maidir le híocaíochtaí tosaíochta a mbeadh feidhm acu dá mba nár ritheadh an tAcht seo d'fhanacht i lánfheidhm. | |
An éifeacht a bheidh ag Foirceannadh ar Idirbhearta roimh ré agus ar Idirbhearta eile. | ||
[EN] |
Tosaíocht chalaoiseach |
286. —(1) Faoi réir fho-alt (2), aon tíolacas, morgáiste, seachadadh earraí, íocaíocht, forghníomhú nó gníomh eile maidir le maoin a rinne an chuideachta nó a rinneadh ina haghaidh laistigh de 6 mhí roimh thosach a foirceanta agus, i gcás a dhéanta ag pearsa aonair nó ina aghaidh laistigh de 6 mhí sular tíolacadh acháiní féimheachta ar breithníodh ina fhéimheach é dá cionn, a measfaí ina fhéimheacht gur thosaíocht chalaoiseach é, measfar i gcás an chuideachta a fhoirceannadh gur tosaíocht chalaoiseach é ar a creidiúnaithe agus beidh sé neamhbhailí dá réir sin. |
[EN] | (2) Maidir le nithe a rinneadh roimh an dáta feidhme, beidh éifeacht ag fo-alt (1) ach tagairtí do 3 mhí a chur in ionad tagairtí do 6 mhí. | |
[EN] | (3) Aon tíolacas nó sannadh ar iomlán a maoine a dhéanfaidh cuideachta chun iontaobhaithe ar mhaithe lena creidiúnaithe go léir, beidh sé ar neamhní chun gach críche. | |
[EN] |
Dliteanais agus cearta daoine áirithe ar tugadh tosaíocht chalaoiseach dóibh. |
287. —(1) I gcás— |
[EN] | (a) cuideachta a bheith á foirceannadh; agus | |
[EN] | (b) aon ní a rinneadh ar an dáta feidhme nó dá éis a bheith ar neamhní faoi alt 286 mar thosaíocht chalaoiseach do dhuine ag a bhfuil leas i maoin atá faoi mhorgáiste nó faoi mhuirear chun fiach na cuideachta a urrú; | |
[EN] | ansin (gan dochar d'aon chearta nó dliteanais a éireoidh ar leithligh ón alt seo), beidh dliteanais ar an duine a fuair an tosaíocht agus cearta aige amhail is dá mbeadh geallta aige bheith faoi dhliteanas go pearsanta mar urra ar an bhfiach go feadh an mhuirir ar an maoin nó go feadh luach a leasa, cibé acu is lú. | |
[EN] | (2) Déanfar luach leas an duine sin a chinneadh amhail ar dháta an idirbhirt arbh é an tosaíocht chalaoiseach é, agus cinnfear é ionann is dá mbeadh an leas saor ó gach eire seachas na cinn a raibh an muirear le haghaidh fiach na cuideachta faoina réir an uair sin. | |
[EN] | (3) I gcás aon iarratas a dhéanfar chun na cúirte maidir le haon íocaíocht ar an bhforas gur thosaíocht chalaoiseach d'urra nó do ráthóir an íocaíocht, beidh dlínse ag an gcúirt aon cheisteanna maidir leis an íocaíocht, a éireoidh idir an duine lena ndearnadh an íocaíocht agus an t-urra nó an ráthóir, a chinneadh, agus faoiseamh a thabhairt ina leith d'ainneoin nach gá sin a dhéanamh chun críocha an fhoirceanta, agus chuige sin féadfaidh sí cead a thabhairt chun an t-urra nó an ráthóir a thabhairt isteach mar thríú páirtí faoi mar a dhéanfaí i gcás caingean chun an tsuim a íocadh a ghnóthú. | |
[EN] | (4) Beidh feidhm ag fo-alt (3), leis na modhnuithe is gá, maidir le hidirbhearta seachas íoc airgid, faoi mar atá feidhm aige maidir le hiocaíochtaí. | |
[EN] |
Imthosca ina mbeidh muirear foluaineach neamhbhailí. |
288. —(1) Faoi réir fho-alt (2), i gcás cuideachta a bheith á foirceannadh, má bhíonn gnóthas nó maoin na cuideachta faoi mhuirear foluaineach a bunaíodh laistigh de 12 mhí roimh thosach an fhoirceanta, ansin, mura gcruthaítear go raibh an chuideachta sócmhainneach díreach tar éis an muirear a bhunú, beidh an muirear sin neamhbhailí, ach amháin go feadh méid aon airgid a íocadh leis an gcuideachta an tráth, nó i ndiaidh an trátha, a bunaíodh an muirear, agus a íocadh i gcomaoin an mhuirir, maraon le hús ar an méid sin de réir 5 faoin gcéad sa bhliain. |
[EN] | (2) Maidir le muirear a bunaíodh breis is 3 mhí roimh an dáta feidhme, beidh éifeacht ag fo-alt (1) faoi réir “3 mhí” a chur in ionad “12 mhí”. | |
[EN] |
Imthosca eile ina mbeidh muirear foluaineach neamhbhailí. |
289. —(1) Faoi réir fho-alt (2), i gcás— |
[EN] | (a) ina mbeidh cuideachta á foirceannadh; agus | |
[EN] | (b) go raibh an chuideachta, laistigh de 12 mhí roimh thosach an fhoirceanta, i bhfiacha ag aon oifigeach don chuideachta; agus | |
[EN] | (c) go ndearna an chuideachta nó aon duine eile na fiacha sin a ghlanadh go hiomlán nó go páirteach; agus | |
[EN] | (d) gur bhunaigh an chuideachta muirear foluaineach ar aon chuid dá sócmhainní nó dá maoin laistigh de 12 mhí roimh thosach an fhoirceanta i bhfabhar an oifigigh a raibh an chuideachta sin i bhfiacha aige; | |
[EN] | ansin (gan dochar d'aon chearta nó dliteanais a éireoidh ar leithligh ón alt seo), beidh an muirear sin neamhbhailí go feadh na haisíocaíochta dá dtagraítear i mír (c) mura gcruthaítear go raibh an chuideachta sócmhainneach díreach tar éis bhunú an mhuirir. | |
[EN] | (2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) más roimh an dáta feidhme a bunaíodh an muirear dá dtagraítear i mír (d). | |
[EN] | (3) San alt seo, folaíonn “oifigeach” céile, leanbh nó ainmnitheach oifigigh. | |
[EN] |
Maoin dhochraideach a shéanadh i gcás cuideachta a fhoirceannadh. |
290. —(1) Faoi réir fho-ailt (2) agus (5), más é atá in aon chuid de mhaoin chuideachta atá á foirceannadh talamh faoi aon tionacht a bhfuil cúnaint dhochraideacha d'ualach air, scaireanna nó stoc i gcuideachtaí, conarthaí neamhshochracha, nó aon mhaoin eile nach féidir a dhíol nó nach féidir a dhíol go réidh toisc go gcuireann sí ceangal ar a sealbhóir aon ghníomh dochraideach a dhéanamh nó aon suim airgid a íoc, féadfaidh leachtaitheoir na cuideachta, d'ainneoin iarracht a bheith déanta aige an mhaoin a dhíol nó seilbh a bheith glactha aige uirthi nó aon ghníomh úinéireachta a bheith déanta aige maidir léi, an mhaoin a shéanadh le cead na cúirte agus faoi réir forálacha an ailt seo, trí scríbhinn a shíneoidh sé, aon tráth laistigh de 12 mhí tar éis tosach an fhoirceanta nó tar éis cibé tréimhse fadaithe a cheadóidh an chúirt. |
[EN] | (2) Más rud é nach bhfaighidh an leachtaitheoir eolas faoi aon mhaoin den sórt a dúradh laistigh de mhí tar éis tosach an fhoirceanta, féadfaidh sé, aon uair laistigh de 12 mhí tar éis dó eolas a fháil ina taobh nó de cibé tréimhse fhadaithe a cheadóidh an chúirt, feidhmiú a dhéanamh ar an gcumhacht a thugtar leis an alt seo chun an mhaoin a shéanadh. | |
[EN] | (3) Oibreoidh an séanadh chun deireadh a chur, amhail ó dháta an tséanta, le cearta, leasanna agus dliteanais na cuideachta, agus le dílseánacht na cuideachta, sa mhaoin a shéantar nó i leith na maoine sin, ach ní bheidh éifeacht aige ar chearta ná dliteanais aon duine eile ach amháin sa mhéid gur gá sin chun an chuideachta agus maoin na cuideachta a scaoileadh ó dhliteanas. | |
[EN] | (4) Féadfaidh an chúirt, sula dtabharfaidh sí cead séanta nó ar é a thabhairt, a cheangal go dtabharfar cibé fógraí do dhaoine leasmhara, agus féadfaidh sí cibé tearmaí a fhorchur mar choinníoll a bhainfidh leis an gcead a thabhairt, agus cibé ordú eile a dhéanamh san ábhar, is cóir leis an gcúirt. | |
[EN] | (5) Ní bheidh an leachtaitheoir i dteideal aon mhaoin a shéanadh faoin alt seo in aon chás ina ndearnadh iarratas chuige i scríbhinn ó aon daoine a bhfuil leas acu sa mhaoin á cheangal air a chinneadh cé acu a shéanfaidh sé nó nach séanfaidh sé í, agus nach mbeidh an leachtaitheoir, laistigh de thréimhse 28 lá tar éis dó an t-iarratas a fháil nó de cibé tréimhse bhreise a cheadóidh an chúirt, tar éis fógra a thabhairt don iarratasóir go bhfuil ar intinn aige iarratas a dhéanamh chun na cúirte ar chead séanta. | |
[EN] | (6) Féadfaidh an chúirt, ar iarratas ó aon duine a bheidh, amhail in aghaidh an leachtaitheora, i dteideal tairbhe, nó faoi réir ualach, aon chonartha a rinneadh leis an gcuideachta, ordú a dhéanamh ag cealú an chonartha ar cibé téarmaí is cóir leis an gcúirt maidir le híoc damáistí ag ceachtar páirtí, nó leis, mar gheall ar neamhchomhlíonadh an chonartha nó eile, agus measfar gur fiach a cruthaíodh agus a admhaíodh san fhoirceannadh aon damáistí is iníoctha faoin ordú le haon duine den sórt sin. | |
[EN] | (7) Faoi réir fho-alt (8), féadfaidh an chúirt, ar iarratas ó aon duine a bheidh á éileamh go bhfuil aon leas aige in aon mhaoin shéanta nó a bheidh faoi aon dliteanas nach n-urscaoiltear leis an Acht seo i leith aon mhaoine séanta, agus tar éis di aon daoine is cuí léi a éisteacht, ordú a dhéanamh chun an mhaoin a dhílsiú nó a sheachadadh d'aon duine a bheidh ina teideal, nó a ndealróidh sé gur cóir an mhaoin a sheachadadh dó mar chúiteamh sa dliteanas sin a dúradh, nó d'iontaobhaí lena aghaidh, agus ar cibé téarmaí is cóir leis an gcúirt, agus ar aon ordú dílseacháin den sórt sin a dhéanamh, dílseoidh an mhaoin a bheidh ar áireamh ann dá réir sin don duine a bheidh ainmnithe ann chuige sin gan aon tíolacas ná sannadh chun na críche sin. | |
[EN] | (8) Más de nádúr léasachta an mhaoin a shéantar, ní dhéanfaidh an chúirt ordú dílseacháin i bhfabhar aon duine a bheidh ag éileamh faoin gcuideachta, cibé acu mar fholéasaí nó mar mhorgáistí trí fhorléasú é, ach amháin ar théarmaí a chuirfidh an duine sin— | |
[EN] | (a) faoi réir na ndliteanas agus na n-oibleagáidí céanna leo siúd a raibh an chuideachta faoina réir faoin léas i leith na maoine i dtosach an fhoirceanta; nó | |
[EN] | (b) más cuí leis an gcúirt é, faoi réir na ndliteanas agus na n-oibleagáidí céanna sin amháin a mbeadh an duine sin faoina réir dá sannfaí an léas dó ar an dáta sin; | |
[EN] | agus i gceachtar cás (más gá sin) ionann is nach mbeadh sa léas ach an mhaoin a bheidh ar áireamh san ordú dílseacháin, agus déanfar aon mhorgáistí nó foléasaí nach nglacfaidh le hordú dílseacháin ar na téarmaí sin a eisiamh ó gach leas sa mhaoin agus ó gach urrús uirthi, agus, mura mbeidh aon duine dá mbeidh ag éileamh faoin gcuideachta toilteanach glacadh le hordú ar na téarmaí sin, beidh cumhacht ag an gcúirt eastát agus leas na cuideachta sa mhaoin a dhílsiú d'aon duine a dhlífidh go pearsanta nó i gcáil ionadaitheach, agus ina aonar nó i gcomhpháirt leis an gcuideachta, cúnaint an léasaí sa léas a chomhlíonadh, agus iad saortha agus urscaoilte ó gach eastát, eire agus leas a bhunaigh an chuideachta ann. | |
[EN] | (9) Aon duine a mbainfidh damáiste dó trí oibriú shéanadh faoin alt seo, measfar gur creidiúnaí de chuid na cuideachta é go feadh méid na ndamáistí, agus féadfaidh sé dá réir sin a méid a chruthú mar fhiach san fhoirceannadh. | |
[EN] |
Srian ar chearta creidiúnaí maidir le forghníomhú nó astú i gcás cuideachta a fhoirceannadh. |
291. —(1) Faoi réir fho-alt (2) go (4), má bhíonn creidiúnaí tar éis forghníomhú a eisiúint in aghaidh earraí nó tailte cuideachta nó tar éis aon fhiach a bhí dlíte don chuideachta a astú, agus go bhfoirceannfar an chuideachta ina dhiaidh sin, ní bheidh sé i dteideal tairbhe an fhorghníomhaithe nó an astaithe a choinneáil in aghaidh an leachtaitheora i bhfoirceannadh na cuideachta mura raibh an forghníomhú nó an t-astú críochnaithe aige roimh thosach an fhoirceanta. |
[EN] | (2) Má bhí fógra ag aon chreidiúnaí i dtaobh cruinniú a bheith gairthe a mbeidh rún le haghaidh foirceannadh toilteanach le tairiscint aige, déanfar, chun críocha fho-alt (1), an dáta a bhí fógra ag an gcreidiúnaí amhlaidh a chur in ionad dáta thosach an fhoirceanta. | |
[EN] | (3) Aon duine a cheannóidh de mheon mhacánta faoi dhíolachán ag sirriam aon earraí de chuid cuideachta ar ar toibhíodh forghníomhú, gheobhaidh sé teideal bailí chucu in aghaidh an leachtaitheora i ngach cás. | |
[EN] | (4) Féadfaidh an chúirt na cearta a thugtar le fo-alt (1) don leachtaitheoir a chur ar ceal i bhfabhar an chreidiúnaí sa mhéid, agus faoi réir cibé téarmaí, is cuí leis an gcúirt. | |
[EN] | (5) Chun críocha an ailt seo, measfar forghníomhú in aghaidh earraí a bheith críochnaithe trína n-urghabháil agus a ndíol, agus measfar astú féich a bheith críochnaithe tríd an bhfiach a fháil, agus measfar forghníomhú in aghaidh talún a bheith críochnaithe trína urghabháil agus, i gcás leas cothromais, trí ghlacadóir a cheapadh. | |
[EN] | (6) Ní thabharfaidh aon ní san alt seo bailíocht ar bith d'aon íocaíocht ar tosaíocht chalaoiseach í. | |
[EN] | (7) San alt seo, folaíonn “earraí” gach airnéis phearsanta agus folaíonn “sirriam” aon oifigeach a gcuirfear de dhualgas air eascaire nó próis eile a fhorghníomhú. | |
[EN] |
Dualgais sirriam maidir le hearraí a thógfar i bhforghníomhú. |
292. —(1) Faoi réir fho-alt (3), má dhéantar aon earraí de chuid cuideachta a thógáil i bhforghníomhú, agus, roimh iad a dhíol nó roimh an bhforghníomhú a chríochnú trí mhéid iomlán an tobhaigh a fháil nó a ghnóthú, go seirbheálfar ar an sirriam fógra gur ceapadh leachtaitheoir sealadach nó go ndearnadh ordú foirceanta nó gur ritheadh rún le haghaidh foirceannadh toilteanach, déanfaidh an sirriam, ar sin a cheangal air, na hearraí agus aon airgead a urghabhadh nó a fuarthas i bpáirtsásamh ar an bhforghníomhú a sheachadadh don leachtaitheoir, ach beidh costais an fhorghníomhaithe ina dtúsmhuirear ar na hearraí nó ar an airgead a sheachadfar amhlaidh, agus féadfaidh an leachtaitheoir na hearraí nó leorchuid díobh a dhíol chun an muirear sin a shásamh. |
[EN] | (2) Faoi réir fho-alt (3), nuair a dhéanfar, faoi fhorghníomhú i leith breithiúnais le haghaidh suim is mó ná £20, earraí cuideachta a dhíol nó airgead a íoc chun an díol a sheachaint, bainfidh an sirriam costais an fhorghníomhaithe as fáltais an díola nó as an airgead a íocadh, agus coinneoidh sé an t-iarmhéid go ceann 14 lá, agus más rud é, laistigh den tréimhse sin, go seirbheálfar air fógra gur tíolacadh achainí chun an chuideachta a fhoirceannadh nó gur gaireadh cruinniú ag a bhfuil rún le haghaidh foirceannadh toilteanach na cuideachta le tairiscint, agus go ndéanfar ordú nó go rithfear rún, cibé acu é, chun an chuideachta a fhoirceannadh, íocfaidh an sirriam an t-iarmhéid leis an leachtaitheoir agus beidh seisean i dteideal é a choinneáil amhail in aghaidh an chreidiúnaí a d'eisigh an forghníomhú. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an chúirt na cearta a thugtar leis an alt seo don leachtaitheoir a chur ar ceal i bhfabhar an chreidiúnaí sa mhéid, agus faoi réir cibé téarmaí, is cuí leis an gcúirt. | |
[EN] | (4) San alt seo folaíonn “earraí” gach airnéis phearsanta agus folaíonn “sirriam” aon oifigeach a gcuirfear de dhualgas air eascaire nó próis eile a fhorghníomhú. | |
Cionta roimh an bhFoirceannadh nó i gcúrsa an Fhoirceanta. | ||
[EN] |
Cionta ag oifigigh do chuideachta a bheidh á leachtú. |
293. —(1) Faoi réir fho-alt (2), aon duine is iaroifigeach nó oifigeach láithreach do chuideachta a bheidh, tráth an chiona a líomhnaítear a dhéanamh, á foirceannadh, cibé acu ag an gcúirt nó go toilteanach é, nó a n-ordófar ina dhiaidh sin í a fhoirceannadh ag an gcúirt, nó a rithfidh ina dhiaidh sin rún le haghaidh foirceannadh toilteanach, agus ar duine é— |
[EN] | (a) nach nochtfaidh go hiomlán agus go fírinneach de réir mar is fearr is eol dó agus mar a chreideann sé don leachtaitheoir, nuair a iarrfaidh seisean é a nochtadh dó, cad é an mhaoin uile, réadach agus pearsanta, atá ag an gcuideachta agus conas agus cé chuige agus cad é an chomaoin ar ina leith agus cathain a rinne an chuideachta diúscairt ar aon chuid di, ach amháin an chuid a diúscraíodh i ngnáthshlí ghnó na cuideachta; nó | |
[EN] | (b) nach dtabharfaidh suas don leachtaitheoir, nó de réir mar a ordóidh sé, an chuid sin go léir de mhaoin réadach agus phearsanta na cuideachta atá ina choimeád nó faoina urlámhas, agus a gceanglaítear air de réir dlí í a thabhairt suas; nó | |
[EN] | (c) nach dtabharfaidh suas don leachtaitheoir, nó de réir mar a ordóidh sé, gach leabhar agus páipéar atá ina choimeád nó faoina urlámhas agus is leis an gcuideachta agus a gceanglaítear air de réir dlí iad a thabhairt suas; nó | |
[EN] | (d) a dhéanfaidh, laistigh de 12 mhí díreach roimh thosach an fhoirceanta nó aon uair dá éis sin, ceilt ar aon chuid de mhaoin na cuideachta is fiú £10 nó níos mó, nó ceilt ar aon fhiach a bheidh dlite don chuideachta nó uaithi; nó | |
[EN] | (e) a dhéanfaidh, laistigh de 12 mhí díreach roimh thosach an fhoirceanta nó aon uair dá éis sin, aon chuid de mhaoin na cuideachta is fiú £10 nó níos mó a aistriú go calaoiseach; nó | |
[EN] | (f) a fhágfaidh aon ní ábhartha ar lár as aon ráiteas a bhaineann le cúrsaí na cuideachta; nó | |
[EN] | (g) a dhéanfaidh, agus a fhios aige nó é á chreidiúint go ndearna aon duine fiach bréige a chruthú faoin bhfoirceannadh, mainneachtain ar feadh tréimhse míosa sa ní sin a chur in iúl do leachtaitheoir na cuideachta; nó | |
[EN] | (h) a dhéanfaidh, tar éis tosach an fhoirceanta, toirmeasc a chur le haon leabhar nó páipéar a thabhairt ar aird a bhfuil baint nó déileáil aige le maoin nó cúrsaí na cuideachta; nó | |
[EN] | (i) a dhéanfaidh, laistigh de 12 mhí díreach roimh thosach an fhoirceanta nó aon uair dá éis sin, aon leabhar nó páipéar a bhfuil baint nó déileáil aige le maoin nó le cúrsaí na cuideachta a cheilt, a dhíothú, a lot nó a fhalsú, nó a bheidh ionpháirteach amhlaidh sa cheilt, sa díothú, sa lot nó san fhalsú sin; nó | |
[EN] | (j) a dhéanfaidh, laistigh de 12 mhí díreach roimh thosach an fhoirceanta nó aon uair dá éis sin, aon taifead bréige in aon leabhar nó páipéar a mbeidh baint nó déileáil aige le maoin nó cúrsaí na cuideachta, nó a bheidh ionpháirteach amhlaidh ina dhéanamh; nó | |
[EN] | (k) a dhéanfaidh go calaoiseach, laistigh de 12 mhí roimh thosach an fhoirceanta nó aon uair dá éis sin, aon doiciméad a bhfuil baint nó déileáil aige le maoin nó cúrsaí na cuideachta, a ligean uaidh nó a athrú nó aon ní a fhágáil ar lár as, nó a bheidh ionpháirteach amhlaidh ina ligean uaidh nó ina athrú nó in aon a fhágáil ar lár as, go calaoiseach; nó | |
[EN] | (l) a dhéanfaidh, tar éis tosach an fhoirceanta nó ag aon chruinniú de chreidiúnaithe na cuideachta laistigh de 12 mhí díreach roimh thosach an fhoirceanta, iarracht ar chuntas a thabhairt in aon chuid de mhaoin na cuideachta trí chaillteanais nó caiteachais bhréige; nó | |
[EN] | (m) a fuair, laistigh de 12 mhí díreach roimh thosach an fhoirceanta nó aon uair dá éis sin, trí aon fhaisnéis bhréagach nó trí chalaois eile, aon mhaoin ar creidmheas le haghaidh nó thar ceann na cuideachta nach n-íocfaidh an chuideachta aisti ina dhiaidh sin; nó | |
[EN] | (n) a fuair, laistigh de 12 mhí díreach roimh thosach an fhoirceanta nó aon uair dá éis sin, aon mhaoin nach n-íocfaidh an chuideachta aisti ina dhiaidh sin ar creidmheas le haghaidh nó thar ceann na cuideachta ar an dúmas bréige go bhfuil a gnó á sheoladh ag an gcuideachta; nó | |
[EN] | (o) a dhéanfaidh, laistigh de 12 mhí díreach roimh thosach an fhoirceanta nó aon uair dá éis sin, aon mhaoin de chuid na cuideachta a fuarthas ar creidmheas agus nár íocadh aisti a gheallearbadh, a chur i ngeall nó a dhiúscairt mura i ngnáthshlí ghnó na cuideachta a dhéanfar an geallearbadh, an cur i ngeall nó an diúscairt sin; nó | |
[EN] | (p) a bheidh ciontach in aon fhaisnéis bhréige nó in aon chalaois eile chun toiliú a fháil ó chreidiúnaithe na cuideachta nó ó aon duine acu le comhaontú maidir le cúrsaí na cuideachta nó leis an bhfoirceannadh; | |
[EN] | dlífear i gcás cion a luaitear i mír (m), (n) nó (o), ar é a chiontú ar díotáil, pianseirbhís ar feadh téarma nach faide ná 5 bliana a chur air nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 2 bhliain nó fíneáil nach mó ná £1,000 nó an phianseirbhís sin nó an phríosúnacht sin agus an fhíneáil sin le chéile agus, i gcás cion a luaitear in aon mhír eile, dlífear, ar é a chiontú ar díotáil, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 2 bhliain a chur air nó fíneáil nach mó ná £500, nó iad araon, nó, i gcás aon chion faoin bhfo-alt seo, dlífear, ar é a chiontú go hachomair, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí a chur air nó fíneáil nach mó ná £100, nó iad araon. | |
[EN] | (2) Is cosaint mhaith é ar chúiseamh faoi aon cheann de na míreanna (a), (b), (c), (d), (f), (n) agus (o) d'fho-alt (1), má chruthaíonn an cúisí nach raibh aon intinn aige calaois a dhéanamh, agus ar chúiseamh faoi aon cheann de na míreanna (h), (i) agus (j) d'fho-alt (1), má chruthaíonn sé nach raibh aon intinn aige staid chúrsaí na cuideachta a cheilt ná an dlí a shárú. | |
[EN] | (3) Má dhéanann aon duine aon mhaoin a gheallearbadh, a chur i ngeall nó a dhiúscairt in imthosca a bheireann gur cion faoi mhír (o) d'fho-alt (1) é, beidh gach duine a ghlacfaidh an mhaoin ar geallearbadh nó i ngeall nó a ghlacfaidh í ar dhóigh eile, agus a fhios aige go ndearnadh í a gheallearbadh nó a chur i ngeall nó a dhiúscairt sna himthosca sin a dúradh, ciontach i gcion freisin agus dlífear é a phíonósú ionann is dá mbeadh sé ciontach i gcion faoin mír sin (o). | |
[EN] | (4) Chun críocha an ailt seo, folóidh “oifigeach” aon duine ar ghnách le stiúrthóirí cuideachta gníomhú de réir a orduithe nó a threoracha. | |
[EN] |
Leabhair a athrú nó a fhalsú. |
294. —Má dhéanann aon oifigeach nó ranníocóir de chuid aon chuideachta a bheidh á foirceannadh aon leabhair, páipéir nó urrúis leis an gcuideachta a dhíothú, a lot, a athrú nó a fhalsú, nó má chuireann sé taifead bréige nó calaoiseach in aon chlár, leabhar cuntais nó doiciméad leis an gcuideachta, nó má bhíonn sé ionpháirteach ina leithéid, le hintinn calaois nó meabhlaireacht a dhéanamh ar aon duine, dlífear, ar é a chiontú ar díotáil, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 2 bhliain a chur air nó fíneáil nach mó ná £500 nó iad araon, nó, ar é a chiontú go hachomair, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí a chur air nó fíneáil nach mó ná £100 nó iad araon. |
[EN] |
Calaoisí ag oifigigh do chuideachtaí a chuaigh faoi leachtú. |
295. —Aon duine a bhí, tráth an chiona a líomhnaítear a dhéanamh, ina oifigeach do chuideachta a ordófar ina dhiaidh sin a fhoirceannadh ag an gcúirt nó a rithfidh ina dhiaidh sin rún le haghaidh foirceannadh toilteanach agus ar duine é— |
[EN] | (a) a d'aslaigh ar aon duine eile le dúmas bréige nó trí aon chalaois eile creidmheas a thabhairt don chuideachta; | |
[EN] | (b) a rinne, nó a chuir faoi deara go ndéanfaí, aon mhaoin de chuid na cuideachta a thabhairt ina bronntanas nó a aistriú nó a chur faoi mhuirear, nó a chuir faoi deara nó a chúlcheadaigh aon fhorghníomhú a thobhach in aghaidh mhaoin na cuideachta, le hintinn calaois a dhéanamh ar chreidiúnaithe de chuid na cuideachta; | |
[EN] | (c) a rinne, le hintinn calaois a dhéanamh ar chreidiúnaithe de chuid na cuideachta, ceilt nó aistriú ar aon chuid de mhaoin na cuideachta ón dáta, nó laistigh de 2 mhí roimh an dáta, a fuarthas aon bhreithiúnas nó ordú íoctha airgid, nár sásaíodh, in aghaidh na cuideachta; | |
[EN] | dlífear, ar é a chiontú ar díotáil, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 2 bhliain a chur air nó fíneáil nach mó ná £500 nó iad araon, nó, ar é a chiontú go hachomair, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí a chur air nó fíneáil nach mó ná £100 nó iad araon. | |
[EN] |
Dliteanas i gcás nach gcoimeádtar leabhair chuntais mar is cuí. |
296. —(1) Má shuitear nach raibh leabhair chuntais mar is cuí á gcoimeád ag cuideachta ar feadh na tréimhse 2 bhliain díreach roimh thosach a foirceanta, nó ar feadh na tréimhse idir corprú na cuideachta agus tosach an fhoirceanta, cibé acu is giorra, dlífear, ar é a chiontú ar díotáil, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 2 bhliain nó fíneáil nach mó ná £500 nó iad araon, nó, ar é a chiontú go hachomair, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí nó fíneáil nach mó ná £100 nó iad araon, a chur ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain, mura suífidh sé gur ghníomhaigh sé go hionraic agus go raibh an mhainneachtain inleithscéil sna himthosca ina raibh gnó na cuideachta á sheoladh. |
[EN] | (2) Chun críocha an ailt seo, measfar nár coimeádadh leabhair chuntais mar is cuí i gcás aon chuideachta murar coimeádadh cibé leabhair nó cuntais is gá chun léiriú agus míniú a thabhairt ar idirbhearta agus staid airgeadais thrádáil nó ghnó na cuideachta lena n-áirítear leabhair ina mbeidh taifid ó lá go lá, agus iad sách mionchruinn, maidir leis an airgead go léir a fuarthas agus a íocadh, agus, i gcás an trádáil nó an gnó a bhaint le déileálacha in earraí, ráitis maidir leis an stocáireamh bliantúil agus (ach amháin i gcás earraí a dhíoltar mar ghnáth-thrádáil mhiondíola) maidir leis na hearraí go léir a díoladh agus a ceannaíodh, ina luafar na hearraí agus a gceannaitheoirí agus a ndíoltóirí sách mionchruinn chun go bhféadfar na hearraí sin agus na ceannaitheoirí agus na díoltóirí sin a aithint. | |
[EN] |
Freagracht na ndaoine lena mbaineann maidir le trádáil chalaoiseach ag cuideachta. |
297. —(1) Más rud é, i gcúrsa cuideachta a fhoirceannadh, gur léir go raibh aon ghnó de chuid na cuideachta á sheoladh le hintinn calaois a dhéanamh ar chreidiúnaithe de chuid na cuideachta nó ar chreidiúnaithe aon duine eile nó chun aon chríche calaoisí, féadfaidh an chúirt, ar iarratas ón leachtaitheoir nó ó aon chreidiúnaí nó ranníocóir de chuid na cuideachta, más cuí léi é sin a dhéanamh, a dhearbhú go mbeidh aon daoine a bhí go feasach ina bpáirtithe sa ghnó a sheoladh mar a dúradh freagrach go pearsanta, gan aon teorainn ar a ndliteanas, i ngach ceann nó in aon cheann d'fhiacha nó de dhliteanais eile na cuideachta, de réir mar a ordóidh an chúirt. |
[EN] | Nuair a bheidh iarratas faoin bhfo-alt seo á éisteacht, féadfaidh an leachtaitheoir fianaise a thabhairt é féin nó finnéithe a ghairm. | |
[EN] | (2) I gcás ina ndéanfaidh an chúirt aon dearbhú den sórt sin, féadfaidh sí cibé orduithe breise is cuí léi a thabhairt d'fhonn éifeacht a thabhairt don dearbhú sin, agus go sonrach féadfaidh sí socrú a dhéanamh chun dliteanas aon duine den sórt sin faoin dearbhú a chur de mhuirear ar aon fhiach nó oibleagáid a bheidh dlite dó ón gcuideachta, nó ar aon mhorgáiste nó muirear nó aon leas in aon mhorgáiste nó muirear ar aon sócmhainní de chuid na cuideachta a bheidh aige féin nó dílsithe dó nó ag aon chuideachta nó duine, nó dílsithe d'aon chuideachta nó duine, thar a cheann, nó ag aon duine, nó dílsithe d'aon duine, a dhéanfaidh éileamh mar shannaí ar an duine, nó tríd an duine, a bheidh faoi dhliteanas, nó ar aon chuideachta nó duine, nó trí aon chuideachta nó duine, a bheidh ag gníomhú thar a cheann, agus féadfaidh sí ó am go ham cibé ordú breise a dhéanamh a bheidh riachtanach chun aon mhuirear a fhorchuirtear faoin bhfo-alt seo a chur i bhfeidhm. | |
[EN] | Chun críche an fho-ailt seo, folaíonn “sannaí” aon duine chun a ndearnadh nó ar ina fhabhar a rinneadh, le horduithe an duine faoi dhliteanas, an fiach, an oibleagáid, an morgáiste nó an muirear a bhunú, a eisiúint nó a aistriú, nó an leas a bhunú, ach ní fholaíonn sé sannaí ar chomaoin luachmhar (gan comaoin i ngeall ar phósadh a áireamh) a tugadh de mheon macánta agus gan fógra i dtaobh aon cheann de na hábhair a ndéanfar an dearbhú ar a bhforas. | |
[EN] | (3) I gcás aon ghnó de chuid cuideachta a sheoladh le hintinn nó chun críche mar a luaitear i bhfo-alt (1), dlífear, ar é a chiontú ar díotáil, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 2 bhliain nó fíneáil nach mó ná £500 nó iad araon a chur ar gach duine a bhí go feasach ina pháirtí sa ghnó a sheoladh mar a dúradh, nó, ar é a chiontú go hachomair, príosúnacht ar feadh téarma nach faide na 6 mhí nó fíneáil nach mó ná £100 nó iad araon a chur air. | |
[EN] | (4) Beidh éifeacht ag an alt seo d'ainneoin an duine a bheidh i gceist a bheith faoi dhliteanas coiriúil maidir leis na hábhair a mbeidh an dearbhú le déanamh ar a bhforas. | |
[EN] |
Cumhacht na cúirte chun damáistí a mheasúnú in aghaidh stiúrthóirí. |
298. —(1) Más rud é, i gcúrsa cuideachta a fhoirceannadh, gur léir go ndearna aon duine a ghlac páirt i bhfoirmiú nó i dtionscnamh na cuideachta, nó aon iarstiúrthóir nó iarleachtaitheoir nó aon stiúrthóir nó leachtaitheoir láithreach, nó aon oifigeach don chuideachta, aon airgead nó maoin de chuid na cuideachta a chur chun mífheidhme nó a choinneáil, nó gur tháinig sé faoi dhliteanas nó freagracht ina leith, nó go raibh sé ciontach in aon mhíghníomh nó sárú iontaobhais maidir leis an gcuideachta, féadfaidh an chúirt, ar iarratas ón leachtaitheoir nó ó aon chreidiúnaí nó ranníocóir, iompar an tionscnóra, an stiúrthóra, an leachtaitheora nó an oifigigh a scrúdú agus iallach a chur air an t-airgead nó an mhaoin nó aon chuid den airgead nó den mhaoin faoi seach a aisíoc nó a thabhairt ar ais le hús ar cibé ráta is cóir leis an gcúirt, nó cibé suimeanna is cóir leis an gcúirt a ranníoc le sócmhainní na cuideachta mar chúiteamh sa chur chun mífheidhme, sa choinneáil, sa mhíghníomh nó sa sárú iontaobhais. |
[EN] | (2) Beidh éifeacht ag an alt seo d'ainneoin an cion a bheith ina chion a bhféadfadh an ciontóir bheith faoi dhliteanas coiriúil ina leith. | |
[EN] |
Ionchúiseamh i gcionta coiriúla a rinne oifigigh agus comhaltaí de chuid na cuideachta. |
299. —(1) Más léir don chúirt, i gcúrsa foirceannadh ag an gcúirt, go raibh aon oifigeach nó iaroifigeach, nó aon chomhalta, de chuid na cuideachta ciontach in aon chion i ndáil leis an gcuideachta a bhfuil sé faoi dhliteanas coiriúil ina leith, féadfaidh an chúirt, ar iarratas ó aon duine ag a bhfuil leas san fhoirceannadh nó dá treoir féin a ordú don leachtaitheoir an t-ábhar a chur faoi bhráid an Ard-Aighne. |
[EN] | (2) Más léir don leachtaitheoir, i gcúrsa foirceannadh toilteanach, go raibh aon oifigeach nó iaroifigeach, nó aon chomhalta, de chuid na cuideachta ciontach in aon chion i ndáil leis an gcuideachta a bhfuil sé faoi dhliteanas coiriúil ina leith, tabharfaidh sé tuarascáil láithreach don Ard-Aighne i dtaobh an ábhair agus tabharfaidh sé dó cibé eolas a theastóidh uaidh agus cibé rochtain ar aon doiciméid agus cibé saoráidí chun aon doiciméid a scrúdú agus cóipeanna a dhéanamh díobh, a theastóidh ón Ard-Aighne, is é sin, eolas nó doiciméid a bheidh i seilbh nó faoi urlámhas an leachtaitheora agus a bhaineann leis an ábhar a bheidh i gceist. | |
[EN] | (3) Más léir don chúirt, i gcúrsa foirceannadh toilteanach, go raibh aon oifigeach nó iaroifigeach, nó aon chomhalta, de chuid na cuideachta ciontach mar a dúradh, agus nár thug an leachtaitheoir aon tuarascáil i dtaobh an ábhair don Ard-Aighne faoi fho-alt (2), féadfaidh an chúirt, ar iarratas ó aon duine ag a bhfuil leas san fhoirceannadh nó dá treoir féin, a ordú don leachtaitheoir an tuarascáil sin a thabhairt, agus ar thuarascáil a thabhairt dá réir sin, beidh éifeacht ag an alt seo ionann is dá mbeadh an tuarascáil arna tabhairt de bhun fho-alt (2). | |
[EN] | (4) Más rud é, nuair a thabharfar tuarascáil i dtaobh aon ábhair don Ard-Aighne nó a chuirfear aon ábhar faoina bhráid faoin alt seo, go measfaidh sé gur cás é inar cheart cúiseamh a thionscnamh agus go dtionscnóidh sé imeachtaí dá réir sin, beidh sé de dhualgas ar an leachtaitheoir agus ar gach oifigeach agus iaroifigeach, gníomhaire agus iarghníomhaire, de chuid na cuideachta (seachas an cosantóir sna himeachtaí) gach cúnamh a bheidh ar a chumas go réasúnach a thabhairt i ndáil leis an ionchúiseamh. | |
[EN] | Chun críocha an fho-ailt seo, measfar go bhfolaíonn “gníomhaire”, maidir le cuideachta, aon bhaincéir nó aturnae don chuideachta agus aon duine ar fostú ag an gcuideachta mar iniúchóir, cibé acu is oifigeach don chuideachta an duine sin nó nach ea. | |
[EN] | (5) Má mhainníonn nó má fhaillíonn aon duine cúnamh a thabhairt mar a cheanglaítear le fo-alt (4), féadfaidh an chúirt, ar iarratas an Ard-Aighne, a ordú don duine sin ceanglais an fho-ailt sin a chomhlíonadh, agus má dhéantar aon iarratas den sórt sin maidir le leachtaitheoir, féadfaidh an chúirt, mura rud é gur léir di gurbh é ba chúis leis an mainneachtain nó leis an bhfaillí ina gcomhlíonadh nach raibh ar a láimh ag an leachtaitheoir leorshócmhainní de chuid na cuideachta chun go bhféadfadh sé dhéanamh amhlaidh, a ordú go mbeidh costais an iarratais le híoc ag an leachtaitheoir go pearsanta. | |
Forálacha Forliontacha maidir le Foirceannadh. | ||
[EN] |
Dícháilíocht le haghaidh ceapacháin mar leachtaitheoir. |
300. —Ní bheidh comhlacht corpraithe cáilithe chun a cheaptha ina leachtaitheoir ar chuideachta, cibé acu i bhfoirceannadh ag an gcúirt é nó i bhfoirceannadh toilteanach, agus— |
[EN] | (a) beidh aon cheapachán a dhéanfar contrártha don fhoráil seo ar neamhní; agus | |
[EN] | (b) dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur ar aon chomhlacht corpraithe a ghníomhóidh mar leachtaitheoir ar chuideachta. | |
[EN] |
Aslú éillitheach maidir le ceapachán mar leachtaitheoir. |
301. —Dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur ar aon duine a dhéanfaidh nó a chomhaontóidh nó a thairgfidh aon chomaoin luachmhar a thabhairt d'aon chomhalta nó creidiúnaí de chuid cuideachta d'fhonn a áirithiú go gceapfar nó go n-ainmneofar é féin, nó d'fhonn ceapadh nó ainmniú duine éigin eile seachas é féin, mar leachtaitheoir na cuideachta a áirithiú nó a chosc. |
[EN] |
Dualgas an leachtaitheora, chun tuairisceáin a thabhairt a chur i bhfeidhm ar an leachtaitheoir. |
302. —(1) Más rud é go ndéanfaidh aon leachtaitheoir aon mhainneachtain maidir le aon tuairisceán, cuntas nó doiciméad eile a chomhdú, a sheachadadh nó a thabhairt, nó maidir le haon fhógra a thabhairt, a gceanglaítear air de réir dlí é a chomhdú, a sheachadadh, nó a thabhairt, agus nach slánóidh sé an mhainneachtain laistigh de 14 lá tar éis fógra a sheirbheáil air á cheangal air é sin a dhéanamh, féadfaidh an chúirt, ar iarratas chun na cúirte ó aon ranníocóir nó creidiúnaí de chuid na cuideachta nó ó chláraitheoir na gcuideachtaí, ordú a dhéanamh á ordú don leachtaitheoir an mhainneachtain a shlánú laistigh de cibé tréimhse a shonrófar san ordú. |
[EN] | (2) Féadfaidh aon ordú den sórt sin a fhoráil gur ar an leachtaitheoir a bheidh na costais go léir a bhainfidh agus a ghabhfaidh leis an iarratas. | |
[EN] | (3) Ní áireofar aon ní san alt seo mar ní a dhéanann dochar d'oibriú aon achtacháin a chuireann pionóis ar leachtaitheoir i leith aon mhainneachtana mar a dúradh. | |
[EN] |
Fógra go bhfuil cuideachta faoi leachtú. |
303. —(1) Nuair a bheidh cuideachta á foirceannadh, cibé acu ag an gcúirt nó go toilteanach é, beidh ráiteas go bhfuil an chuideachta á foirceannadh i ngach sonrasc, ordú ar earraí nó litir ghnó a eiseoidh an chuideachta nó leachtaitheoir ar an gcuideachta, nó glacadóir mhaoin na cuideachta, nó a eiseofar thar ceann aon duine acu, is é sin, doiciméad a mbeidh ainm na cuideachta air nó ann. |
[EN] | (2) Má mhainnítear an t-alt seo a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £50 a chur ar an gcuideachta agus ar aon duine acu seo a leanas a údaróidh nó a cheadóidh an mhainneachtain go feasach agus go toilteanach, eadhon, aon oifigeach don chuideachta, aon leachtaitheoir ar an gcuideachta agus aon ghlacadóir. | |
[EN] |
Leabhair na cuideachta a bheith ina bhfianaise. |
304. —Nuair a bheidh cuideachta á foirceannadh, beidh gach leabhar agus páipéar leis an gcuideachta agus leis na leachtaitheoirí, amhail idir ranníocóirí na cuideachta, ina bhfianaise prima facie ar fhírinne na nithe go léir a airbheartóidh a bheith taifeadta iontu. |
[EN] |
Diúscairt leabhair agus páipéir na cuideachta i gcás foirceannadh. |
305. —(1) Nuair a bheidh cuideachta foirceanta agus ar tí a díscaoilte, féadfar leabhair agus páipéir na cuideachta agus an leachtaitheora a dhiúscairt mar a leanas:— |
[EN] | (a) i gcás foirceannadh ag an gcúirt, i cibé slí a ordóidh an chúirt; | |
[EN] | (b) i gcás foirceannadh toilteanach ag comhaltaí, i cibé slí a ordóidh an chuideachta le rún speisialta, agus i gcás foirceannadh toilteanach ag creidiúnaithe, i cibé slí a ordóidh an coiste iniúchta nó, mura mbíonn aon choiste den sórt sin ann, creidiúnaithe na cuideachta, sa dóigh, áfach, go gcoinneoidh an leachtaitheoir na leabhair agus na páipéir sin go ceann tréimhse 3 bliana ó dháta na cuideachta a dhiscaoileadh agus, mura dtugtar aon ordú maidir lena ndiúscairt, go bhféadfaidh sé iad a dhiúscairt ansin mar is cuí leis. | |
[EN] | (2) Má mhainníonn leachtaitheoir ceanglais an ailt seo a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur air. | |
[EN] |
Eolas faoin gcuma a bhfuil an leachtú ag dul ar aghaidh. |
306. —(1) Más rud é, nuair a bheidh cuideachta á foirceannadh, nach mbeidh an foirceannadh críochnaithe laistigh de 2 bhliain tar éis a thosaithe, cuirfidh an leachtaitheoir chuig cláraitheoir na gcuideachtaí, i gceann cibé tréimhsí a fhorordófar, go dtí go mbeidh an foirceannadh críochnaithe, ráiteas san fhoirm fhorordaithe a mbeidh na sonraí forordaithe ann ar na himeachtaí sa leachtú agus ar staid an leachtaithe. |
[EN] | (2) Má mhainníonn leachtaitheoir an t-alt seo a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur air. | |
[EN] | (3) Féadfaidh cláraitheoir na gcuideachtaí cion faoin alt seo a thabhairt ar aghaidh. | |
[EN] |
Díbhinní neamhéilithe agus iarmhéideanna a íoc le Cuntas Leachtaithe na gCuideachtaí. |
307. —(1) Nuair a bheidh cuideachta foirceanta go toilteanach agus ar tí a díscaoilte, taiscfidh an leachtaitheoir i gcuntas, dá ngairfear Cuntas Leachtaithe na gCuideachtaí i mBanc na hÉireann, i cibé slí a fhorordófar le rialacha cúirte, iomlán na ndíbhinní neamhéilithe is inghlactha faoi chruthú agus na n-iarmhéideanna nár cuireadh chun feidhme nó nach bhfuil indáilte. |
[EN] | (2) Beidh Cuntas Leachtaithe na gCuideachtaí faoi urlámhas na cúirte. | |
[EN] | (3) Is de réir mar a bheidh forordaithe le rialacha cúirte a dhéanfar aon iarratas ó dhuine a bheidh á éileamh go bhfuil sé i dteideal aon díbhinne nó íocaíochta as taisceadh a rinneadh de bhun fho-alt (1), agus aon íocaíocht as an taisceadh sin mar shásamh san éileamh sin. | |
[EN] | (4) Ar 7 mbliana a bheith caite ó dháta aon taiscthe a rinneadh de bhun fho-alt (1), íocfar isteach sa Státchiste an méid den taisceadh a bheidh fágtha gan a éileamh, ach más deimhin leis an gcúirt go bhfuil aon duine a dhéanfaidh éileamh i dteideal aon díbhinne nó íocaíochta as an airgead a íocadh isteach sa Státchiste, féadfaidh sí a ordú go n-íocfar sin agus eiseoidh an tAire Airgeadais cibé suim is gá chun soláthar don íocaíocht sin. | |
[EN] |
Rúin a ritheadh ag cruinnithe atrátha de chreidiúnaithe agus de ranníocóirí. |
308. —Nuair a rithfear rún ag cruinniú atrátha d'aon chreidiúnaithe nó ranníocóirí de chuid cuideachta, déanfar, chun gach críche, an rún a áireamh mar rún a ritheadh ar an dáta a ritheadh é iarbhír agus ní mheasfar gur ritheadh é ar aon dáta is luaithe ná sin. |
[EN] |
Cruinnithe chun mianta creidiúnaithe agus ranníocóirí a chinntiú. |
309. —(1) Féadfaidh an chúirt, maidir le gach ní a bhainfidh le foirceannadh cuideachta, aird a thabhairt ar mhianta creidiúnaithe nó ranníocóirí na cuideachta, mar a chruthófar di iad le haon fhianaise leordhóthanach, agus féadfaidh sí, más cuí léi é, chun na mianta sin a chinntiú, a ordú go ndéanfar cruinnithe de na creidiúnaithe nó de na ranníocóirí a ghairm, a thionól agus a stiúradh i cibé slí a ordóidh an chúirt, agus féadfaidh sí duine a cheapadh chun gníomhú mar chathaoirleach ar aon chruinniú den sórt sin agus a thoradh a thuairisciú don chúirt. |
[EN] | (2) I gcás creidiúnaithe, tabharfar aird ar luach an fhéich atá ag dul do gach creidiúnaí. | |
[EN] | (3) I gcás ranníocóirí, tabharfar aird ar an líon vótaí a thugtar do gach ranníocóir leis an Acht seo nó leis na hairteagail. | |
Forálacha maidir le Díscaoileadh. | ||
[EN] |
Cumhacht na cúirte chun a dhearbhú go bhfuil díscaoileadh cuideachta ar neamhní. |
310. —(1) Nuair a bheidh cuideachta díscaoilte, féadfaidh an chúirt, aon uair laistigh de 2 bhliain ó dháta an díscaoilte, má dhéanann leachtaitheoir na cuideachta, nó aon duine eile a bhfeicfear don chúirt go bhfuil leas aige ann, iarratas chuige sin, ordú a dhéanamh, ar cibé téarmaí is cuí leis an gcúirt, á dhearbhú go raibh an díscaoileadh ar neamhní, agus air sin féadfar cibé imeachtaí a chur ar siúl a d'fhéadfaí a chur ar siúl dá mba nár díscaoileadh an chuideachta. |
[EN] | (2) Beidh sé de dhualgas ar an duine a ndearnadh an t-ordú de bharr a iarratais, laistigh de 14 lá tar éis an t-ordú a dhéanamh, nó de cibé tréimhse bhreise a cheadóidh an chúirt, cóip oifige den ordú a sheachadadh do chláraitheoir na gcuideachtaí lena clárú, agus má mhainníonn an duine sin déanamh amhlaidh, dlífear fíneáil nach mó ná £5 a chur air. | |
[EN] |
Cumhacht an chláraitheora chun cuideachta neamhghnóthach a bhaint den chlár. |
311. —(1) Má bhíonn cúis réasúnach ag cláraitheoir na gcuideachtaí chun a chreidiúint nach bhfuil gnó á sheoladh ag cuideachta, féadfaidh sé litir a chur leis an bpost chuig an gcuideachta ag fiafraí an bhfuil gnó á sheoladh ag an gcuideachta. |
[EN] | (2) Mura bhfaighidh an cláraitheoir aon fhreagra ar an litir laistigh de mhí tar éis dó í a chur amach, cuirfidh sé leis an bpost chuig an gcuideachta, laistigh de 14 lá tar éis deireadh na míosa, litir chláraithe ag tagairt don chéad litir agus á rá nach bhfuarthas aon fhreagra uirthi agus, mura bhfaighfear freagra ar an dara litir laistigh de mhí óna dáta, go bhfoilseofar fógra san Iris Oifigiúil d'fhonn ainm na cuideachta a bhaint den chlár. | |
[EN] | (3) Má fhaigheann an cláraitheoir freagra sa chéill nach bhfuil gnó á sheoladh ag an gcuideachta, nó mura bhfaighidh sé aon fhreagra laistigh de mhí tar éis dó an dara litir a chur amach, féadfaidh sé fógra a fhoilsiú san Iris Oifigiúil agus a chur leis an bpost chuig an gcuideachta á rá go ndéanfar, i gceann trí mhí ó dháta an fhógra sin, ainm na cuideachta a bheidh luaite san fhógra a bhaint den chlár, mura suífear cúis lena mhalairt, agus go mbeidh an chuideachta díscaoilte. | |
[EN] | (4) Más rud é, in aon chás ina mbeidh cuideachta á foirceannadh, go mbeidh cúis réasúnach ag an gcláraitheoir chun a chreidiúint nach bhfuil aon leachtaitheoir ag gníomhú, nó go bhfuil cúrsaí na cuideachta foirceanta go hiomlán, agus nár tugadh, le tréimhse 6 mhí as a chéile, na tuairisceáin is gá don leachtaitheoir a thabhairt, foilseoidh an cláraitheoir san Iris Oifigiúil, agus cuirfidh sé chuig an gcuideachta nó chuig an leachtaitheoir, más ann, fógra de shamhail an fhógra dá bhforáiltear i bhfo-alt (3). | |
[EN] | (5) Faoi réir fho-ailt (6) agus (7), ar an tréimhse a bheidh luaite san fhógra a bheith caite, féadfaidh an cláraitheoir, mura suífidh an chuideachta cúis lena mhalairt roimhe sin, ainm na cuideachta a bhaint den chlár, agus foilseoidh sé fógra ina thaobh sin san Iris Oifigiúil, agus ar an bhfógra sin a fhoilsiú san Iris Oifigiúil beidh an chuideachta díscaoilte. | |
[EN] | (6) Mairfidh dliteanas, más ann, gach stiúrthóra, oifigigh agus comhalta de chuid na cuideachta, agus féadfar é a chur i bhfeidhm ionann is dá mbeadh an chuideachta gan bheith díscaoilte. | |
[EN] | (7) Ní dhéanfaidh aon ní i bhfo-alt (5) nó (6) difear do chumhacht na cúirte chun cuideachta ar baineadh a hainm den chlár a fhoirceannadh. | |
[EN] | (8) Más éagóir le cuideachta, nó le haon chomhalta nó creidiúnaí dá cuid, an chuideachta a bheith bainte den chlár, féadfaidh an chúirt, ar an gcuideachta nó an comhalta nó an creidiúnaí do dhéanamh iarratais (tar éis fógra a thabhairt don chláraitheoir) roimh dheireadh 20 bliain ón dáta a foilsíodh an fógra a dúradh san Iris Oifigiúil, más deimhin leis an gcúirt go raibh an chuideachta ag an am a baineadh den chlár í ag seoladh gnó, nó gur cóir ar chúis eile an chuideachta a chur ar ais ar an gclár, a ordú go gcuirfear ainm na cuideachta ar ais ar an gclár, agus ar chóip oifige den ordú a sheachadadh don chláraitheoir lena clárú, measfar an chuideachta a bheith ar marthain ionann is nach mbeifí tar éis a hainm a bhaint den chlár; agus féadfaidh an chúirt, leis an ordú, cibé treoracha a thabhairt agus cibé forálacha a dhéanamh a fheicfear di a bheith cóir chun an chuideachta agus gach duine eile a chur sa staid chéanna, an oiread agus is féidir sin, ina mbeidís dá mba nár baineadh an chuideachta den chlár. | |
[EN] | (9) Féadfar fógra a bheidh le cur faoin alt seo chuig leachtaitheoir a dhíriú chun an leachtaitheora ag an seoladh gnó is déanaí is eol a bheith aige, agus féadfar litir nó fógra a bheidh le cur faoin alt seo chuig cuideachta a dhíriú chun na cuideachta ag a hoifig chláraithe, nó, murar cláraíodh aon oifig, faoi chúram oifigigh éigin don chuideachta, nó, mura bhfuil aon oifigeach don chuideachta ann a bhfuil a ainm agus a sheoladh ar eolas ag cláraitheoir na gcuideachtaí, féadfar é a chur chuig gach duine de na daoine a shínigh an meabhrán, agus é dírithe chuige ag an seoladh a bheidh luaite sa mheabhrán. | |
Rialacha Cúirte. | ||
[EN] |
Rialacha Cúirte maidir le foirceannadh. |
312. —Beidh réim ag alt 68 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1936 (a thugann cumhacht d'údarás déanta rialacha chun rialacha a dhéanamh ag rialú chleachtas agus nós imeachta na cúirte i gcásanna áirithe) maidir le rialacha a dhéanamh i leith foirceannadh cuideachtaí, cibé acu ag an gcúirt nó go toilteanach é. |
Diúscairt doiciméad a comhdaíodh leis an gCláraitheoir. | ||
[EN] |
Diúscairt doiciméad a comhdaíodh leis an gcláraitheoir. |
313. —Déanfaidh cláraitheoir na gcuideachtaí, tar éis 20 bliain a bheith caite ó díscaoileadh cuideachta, na doiciméid go léir a comhdaíodh i ndáil leis an gcuideachta sin a chur chuig an Oifig Irisí Poiblí. |
CUID VII. Glacadóirí. | ||
[EN] |
Dícháiliú comhlachta chorpraithe chun a cheaptha ina ghlacadóir. |
314. —Ní bheidh comhlacht corpraithe cáilithe chun a cheaptha mar ghlacadóir ar mhaoin chuideachta, agus dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur ar aon chomhlacht corpraithe a ghníomhóidh mar ghlacadóir den sórt sin. |
[EN] |
Dícháiliú féimhigh neamh-urscaoilte chun gníomhú mar ghlacadóir. |