1 1966


Uimhir 1 de 1966.


AN tACHT TOGHCHÁIN (LEASÚ), 1966

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ ALT 5 DEN ACHT TOGHCHÁIN, 1963 . [18 Eanáir, 1966.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

Leasú ar alt 5 den Acht Toghcháin, 1963 .

1963, Uimh. 19 .

1. —Leasófar alt 5 den Acht Toghcháin, 1963 , mar a leanas:

(a) i bhfo-alt (5)—

(i) déantar leis seo “(seachas ospidéal do lucht míchumais mheabhrach)” a chur isteach roimh “, sanatóir” i mír (i), agus

(ii) déantar leis seo na focail “nó mheabhrach” a aisghairm sa dá áit ina bhfuil siad;

(b) déantar leis seo an fo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (5):

“(5A) Más rud é, ar an dáta cáilitheach, go mbeidh duine ina othar nó ina iostaí in aon ospidéal nó teaghlach do lucht míchumais mheabhrach nó in aon fhoras dá samhail sin agus nach duine é atá ar fostú san ospidéal, sa teaghlach nó san fhoras agus ina chónaí ann chun críocha a fhostaíochta, measfar chun críocha an ailt seo é a bheith ina chónaí—

(a) más féidir leis an údarás clárúcháin a dhéanamh amach cad é an áit ina mbeadh cónaí air mura mbeadh é a bheith ina othar nó ina iostaí den sórt sin—san áit sin,

(b) mura féidir leis an údarás clárúcháin an áit a luaitear i mír (a) den fho-alt seo a dhéanamh amach—san áit dheireanach ina raibh cónaí air sular tháinig sé chun bheith ina othar nó ina iostaí den sórt sin.”

Geartheidealagus comhlua.

2. —(1) Féadfar an tAcht Toghcháin (Leasú), 1966 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Toghcháin, 1923 go 1966, a ghairm de na hAchtanna Toghcháin, 1923 go 1963, agus den Acht seo le chéile.