3 1966


Uimhir 3 de 1966.


AN tACHT UM THRÁCHT CUARTAÍOCHTA, 1966

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA UM THRÁCHT CUARTAÍOCHTA, 1939 GO 1963. [8 Feabhra, 1966.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

Léiriú.

1952, Uimh. 15 .

1. —(1) San Acht seo ciallaíonn “Acht 1952” an tAcht um Thrácht Cuartaíochta, 1952 .

(2) Forléireofar na hAchtanna um Thrácht Cuartaíochta, 1939 go 1963, agus an tAcht seo mar aon ní amháin.

Láithreáin charabhán agus láithreáin champála.

1939, Uimh. 24 .

1957, Uimh. 27 .

2. —(1) Déantar leis seo an tAcht um Thrácht Cuartaíochta, 1939 , a leasú mar a leanas:

(a) tríd an míniú seo a leanas a chur in alt 23, is é sin: “folaíonn ‘áitreabh’ talamh nach bhfuil aon fhoirgneamh air”,

(b) tríd an mír seo a leanas a chur le fo-alt (1) d'alt 24, is é sin:

“(g) clár ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal agus dá ngairtear san Acht seo an clár de láithreáin charabhán agus de láithreáin champála.”,

(c) tríd an mír seo a leanas a chur le halt 25, is é sin:

“(g) an carachtar ginearálta is gá a bheith ag aon áitreabh agus an saghas cóiríochta agus seirbhísí is gá a bheith ar fáil ann agus na cáilíochtaí eile is gá a bheith aige chun é a bheith inchláraithe sa chlár de láithreáin charabhán agus de láithreáin champála.”, agus

(d) tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 25, is é sin:

“25A. Sula dtabharfaidh an tAire a thoiliú le rialacháin a dhéanamh faoi alt 25 den Acht seo ag ordú na nithe dá dtagraítear i mír (g) den alt sin, rachaidh sé i gcomhairle leis an Aire Rialtais Áitiúil.”,

(e) tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 37A (a cuireadh isteach leis an Acht um Thrácht Cuartaíochta, 1957 ), is é sin:

“37B. (1) I gcás áitribh ar bith, ní dleathach dá dhílseánach nó dá áititheoir é féin, ná ní dleathach dó a cheadú do dhuine ar bith, a thabhairt de thuairisc ar an áitreabh sin ná a thabhairt le tuiscint gurb éard é láithreán carabhán, páirc charabhán, campa carabhán, ionad carabhán, eastát carabhán, cúirt charabhán, carabhantal, láithreán campála, páirc champála, ionad campála, eastát campála, cúirt champála nó carrchampa nó gurb áitreabh é d'aon tuairisc eile a ordaítear chun críocha an ailt seo mura mbeidh an t-áitreabh cláraithe sa chlár de láithreáin charabhán agus de láithreáin champála agus go mbeidh an dílseánach nó an t-áititheoir sin cláraithe sa chlár de láithreáin charabhán agus de láithreáin champála agus go mbeidh an dílseánach nó an t-áititheoir sin cláraithe sa chlár sin mar dhílseánach cláraithe an áitribh sin.

(2) Duine ar bith a dhéanfaidh aon ní contrártha don alt seo beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air, agus, ina theannta sin, más cion leanúnach é, fíneáil nach mó ná dhá phunt ina aghaidh gach lae a leanfar den chion.

(3) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh cibé lá a cheapfar chuige sin le hordú ón Aire.”, agus

(f) trí “áitribh a bheidh cláraithe sa chlár de láithreáin charabhán agus de láithreáin champála,” a chur isteach i bhfo-alt (1) d'alt 45 i ndiaidh “de bhrughanna ógraidh,”.

(2) Déantar leis seo alt 5 d'Acht 1952 a leasú trí “láithreáin charabhán, láithreáin champála,” a chur isteach i ndiaidh “brúnna saoire,”.

Ráthú ar iasachtaí faoi Chuid III d'Acht 1952 in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit.

3. —(1) Déantar leis seo alt 17 d'Acht 1952 a leasú trí “agus i cibé airgead (lena n-áirítear airgead d'airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit)” a chur isteach i ndiaidh “slí” i bhfo-alt (2).

(2) Maidir le ráthaíocht faoi Chuid III d'Acht 1952, de bhua an leasaithe a dhéantar le fo-alt (1) den alt seo, in airgead d'airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit, glacfar le gach ceann de na tagairtí do phríomhshuim i bhfo-alt (1) d'alt 18 d'Acht 1952 mar thagairt don chomhionannas in airgead reatha an Stáit leis an bpríomhshuim iarbhír, agus an comhionannas sin á ríomh de réir an ráta iomlaoide tráth na ráthaíochta a thabhairt.

(3) I gcás—

(a) an comhionannas in airgead reatha an Stáit le hairgead reatha eile a ríomh de bhun fho-alt (2) den alt seo, agus

(b) airgead reatha an Stáit agus an t-airgead reatha eile a bheith ar na hairgid reatha ag a mbeidh, an tráth a shonraítear san fho-alt sin, par-luachanna a bunaíodh faoi Airteagail Chomhaontaithe an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta,

déanfar an tagairt san fho-alt sin don ráta iomlaoide an tráth sin a ghlacadh mar thagairt don ráta iomlaoide a bunaíodh ar na luachanna sin.

Cuspóir iasachtaí arna ráthú faoi Chuid III d'Acht 1952.

4. —Déantar leis seo alt 17 d'Acht 1952 a leasú—

(a) trí “do chuairteoirí” a chur in ionad “ag áiteanna cuartaíochta” i bhfomhír (ii) de mhír (b) d'fho-alt (1), agus

(b) trí “ag na háiteanna sin nó chucu” a scriosadh as an bhfomhír sin.

Síneadh ar an teorainn ama atá le tabhairt ráthaíochtaí faoi Chuid III d'Acht 1952.

1961, Uimh. 37 .

5. —Déantar leis seo alt 21 d'Acht 1952 a leasú trí “fiche bliain ó dháta an Achta seo a rith” a chur in ionad “cúig bliana déag ó dháta an Achta seo a rith” (a cuireadh isteach leis an Acht um Thrácht Cuartaíochta, 1961 ).

Deontais neamhinaisíoctha.

1959, Uimh. 27 .

1963, Uimh. 22 .

1961, Uimh. 37 .

6. —(1) Déantar leis seo alt 2 den Acht um Thrácht Cuartaíochta, 1959 , a leasú—

(a) trí “£3,250,000” a chur in ionad “£1,000,000” i mír (a) d'fho-alt (1), agus

(b) trí “£3,000,000” a chur in ionad “£1,500,000” (a cuireadh isteach leis an Acht um Thrácht Cuartaíochta, 1963 ) i mír (b) den fho-alt sin.

(2) Déantar leis seo alt 2 den Acht um Thrácht Cuartaíochta, 1961 , a leasú trí “agus nach mó san iomlán ná cúig mhilliún punt,” a scriosadh as fo-alt (1).

Gearrtheideal agus comhlua.

7. —(1) Féadfar an tAcht um Thrácht Cuartaíochta, 1966 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Thrácht Cuartaíochta, 1939 go 1966, a ghairm de na hAchtanna um Thrácht Cuartaíochta, 1939 go 1963, agus den Acht seo le chéile.