5 1967


Uimhir 5 de 1967


AN tACHT OILIÚNA TIONSCAIL, 1967

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ FEABHSAITHE LE hAGHAIDH OILIÚINT TIONSCAIL AGUS TRÁCHTÁLA AGUS CHUIGE SIN DO BHUNÚ COMHLACHTA DÁ nGAIRFEAR AN CHOMHAIRLE OILIÚNA AGUS DO MHÍNIÚ A CHUMHACHTAÍ AGUS A DHUALGAS, DO DHÉANAMH FORÁIL LE hAGHAIDH AN CHOMHAIRLE OILIÚNA D'FHORCHUR TOBHACH CHUN OILIÚINT TIONSCAIL AGUS TRÁCHTÁLA A CHUR CHUN CINN, D'AISGHAIRM AN ACHTA PRINTÍSEACHTA, 1959 , AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [7 Márta, 1967.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

CUID I

Réamhraiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal.

1. —Féadfar an tAcht Oiliúna Tionscail, 1967 , a ghairm den Acht seo.

Léiriú.

1959, Uimh. 39 .

2. —(1) San Acht seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “Acht 1959” an tAcht Printíseachta, 1959 (a aisghairtear leis an Acht seo);

folaíonn “gníomhaíocht tionscail” aon ghníomhaíocht tráchtála nó ceirde nó slí bheatha, agus folaíonn sé freisin aon ghníomhaíocht i mbrainse áirithe de thionscal, de thrachtáil, de cheird nó de shlí bheatha, ach ní fholaíonn sé gníomhaíocht talmhaíochta, garnóireachta nó iascaireachta ar gníomhaíocht táirgthe bhunaidh í, ná aon ghníomhaíocht a bhaineann le slí bheatha ghairmiúil;

ciallaíonn “An Cheard-Chomhairle” an comhlacht a bunaíodh le halt 8 d'Acht 1959;

tá le “An Chomhairle” an bhrí a shonraítear i bhfo-alt (1) d'alt 8 den Acht seo;

ciallaíonn “printíseach” duine ar fostú ar mhodh printíseachta le gníomhaíocht tionscalaíoch ainmnithe agus folaíonn sé aon duine lena mbaineann rialacháin faoi alt 28 den Acht seo;

ciallaíonn “oifigeach údaraithe” duine arna cheapadh ag an gComhairle chun bheith ina oifigeach údaraithe chun críocha an Achta seo;

ciallaíonn “gníomhaíocht tionsclaíoch ainmnithe” gníomhaíocht tionscail a bhfuil dearbhaithe ina taobh de thuras na huaire le hordú faoi alt 23 den Acht seo gur gníomhaíocht tionsclaíoch ainmnithe í;

ciallaíonn “an lá bunaithe” an lá a cheapfar le hordú ón Aire faoi alt 3 den Acht seo chun bheith ina lá bunaithe chun críocha an Achta seo;

ciallaíonn “coiste oiliúna tionscail” comhlacht ar coiste oiliúna tionscail é faoi ordú faoi alt 24 den Acht seo;

folaíonn “feidhmeanna” cumhachtaí agus dualgais;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Saothair;

ciallaíonn an briathar “forordú” forordú le rialacha arna ndéanamh ag an gComhairle faoin Acht seo;

(2) Ach amháin i bhfo-alt (2) d'alt 11 agus i bhfo-alt (1) d'alt 13 den Acht seo, folaíonn aon tagairt san Acht seo don Phríomh-Oifigeach tagairt do chathaoirleach ar an gComhairle atá ag gníomhú mar Phríomh-Oifigeach.

(3) Aon tagairt san Acht seo do chomhlíonadh feidhmeanna folaíonn sí, maidir le cumhachtaí, tagairt d'fheidhmiú na gcumhachtaí sin.

An lá bunaithe.

3. —Féadfaidh an tAire le hordú lá a cheapadh chun bheith ina lá bunaithe chun críocha an Achta seo.

Feidhm maidir le fostaíocht ag an Stát.

4. —(1) Tá feidhm ag an Acht seo i gcás daoine atá ar fostú ar mhodh printíseachta ag an Stát nó faoin Stát.

(2) Tá feidhm ag alt 41 den Acht seo nuair is é an Stát an fostóir.

Rialacha (ábhair fhorordaithe).

5. —Féadfaidh An Chomhairle rialacha a dhéanamh maidir le haon ábhar nó ní dá dtagraítear san Acht seo mar ábhar nó ní atá forordaithe nó le forordú.

Caiteachais an Aire.

6. —Déanfar aon chaiteachais faoina rachaidh an tAire agus an tAire Oideachais ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Aisghairm.

1952, Uimh. 1 .

1963, Uimh. 4 .

1959, Uimh. 36 .

7. —(1) Aisghairtear leis seo Acht 1959.

(2) Aisghairtear leis seo alt 7 den Acht um Limistéirí Neamhfhorbartha, 1952 , alt 5 den Acht um Dheontais Tionscail (Leasú), 1963 , agus na focail “tionscail nó” i bhfo-alt (2) d'alt 9 den Acht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta, 1959 .

(3) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an lá bunaithe.

(4) Tiocfaidh fo-alt (2) den alt seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocrófar chuige sin le haon ordú nó orduithe ón Aire, go ginearálta nó faoi threoir forála áirithe agus feádfar laethanta éagsúla a shocrú d'fhorálacha éagsúla den fho-alt seo.

CUID II

An Chomhairle Oiliúna

An Chomhairle Oiliúna a bhunú.

8. —(1) Déanfar comhlacht ar a dtabharfar An Chomhairle Oiliúna (dá ngairtear An Chomhairle san Acht seo) a bhunú an lá bunaithe chun na feidhmeanna a shanntar dó leis an Acht seo a chomhlíonadh.

(2) Beidh éifeacht maidir leis an gComhairle ag forálacha an Chéad Sceidil a ghabhann leis an Acht seo.

Feidhmeanna na Comhairle.

9. —(1) I dteannta na bhfeidhmeanna a shanntar di le haon fhoráil eile den Acht seo, beidh na feidhmeanna ginearálta seo a leanas ag an gComhairle, eadhon:

(a) socrú a dhéanamh chun daoine a oiliúint chun críocha aon ghníomhaíocht tionscail, agus

(b) soláthar na hoiliúna sin a chur ar aghaidh, a urasú, a chomhoirdniú agus a fhorbairt agus gríosadh agus cabhrú leis i cibé slí is dóigh leis an gComhairle is gá nó is inmhianaithe.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh An Chomhairle gach ní nó aon ní acu seo a leanas a dhéanamh:

(a) cibé cúrsaí nó saoráidí eile is dóigh léi is gá chun daoine a oiliúint atá ar fostú nó a bheartaíonn dul ar fostú le gníomhaíocht tionscail (lena n-áirítear aon aicme daoine den sórt sin is dóigh leis an gComhairle a bheith ar míbhuntáiste mar gheall ar aois nó míchumas coirp nó míchumas eile) a sholáthar nó a áirithiú go soláthrófar iad, ag féachaint d'aon chúrsaí nó saoráidí eile atá ar fáil thairis sin ag daoine den sórt sin;

(b) cúrsaí nó saoráidí den sórt sin a bheidh soláthraithe ag daoine eile a cheadú;

(c) breithniú a dhéanamh aon tráth ar aon fhostaíocht i ngníomhaíocht tionscail agus moltaí a dhéanamh maidir leis an gcineál oiliúna, agus fad na hoiliúna, d'aon fhostaíocht den sórt sin agus an t-oideachas breise a rachaidh i gcomhréim leis an oiliúint, na daoine ag ar cheart agus dar cheart an oiliúint a thabhairt, na caighdeáin a bheidh le gnóthú de thoradh na hoiliúna agus na modhanna chun a dhéanamh amach an bhfuil na caighdeáin sin gnóthaithe;

(d) feidhm a bhaint, nó socruithe a dhéanamh chun feidhm a bhaint, as tástálacha nó modhanna eile chun a dhéanamh amach an bhfuil aon chaighdeáin atá molta ag an gComhairle gnóthaithe ag daoine atá ar fostú nó a bheartaíonn dul ar fostú i ngníomhaíocht tionscail agus deimhnithe a dhámhadh á dheimhniú gur gnóthaíodh na caighdeáin sin;

(e) cabhrú le daoine saoráidí a fháil le haghaidh oiliúna chun fostaíochta i ngníomhaíocht tionscail;

(f) taighde a dhéanamh, nó cabhrú le daoine taighde a dhéanamh, i dtaobh aon ábhair a bhaineann le hoiliúint chun críocha gníomhaíocht tionscail;

(g) liúntais chothabhála agus taistil a íoc le daoine a bheidh ag freastal ar chúrsaí a sholáthróidh nó a cheadóidh An Chomhairle;

(h) táillí a íoc le daoine a sholáthróidh oideachas breise i leith daoine a gheobhaidh é i gcomhréim lena n-oiliúint i gcúrsaí a sholáthróidh nó a cheadóidh An Chomhairle;

(i) d'fhonn saoráidí níos fearr chun oiliúint agus teagasc a fháil ar ghníomhaíocht tionscail a chur ar fáil do dhaoine atá ar fostú nó a bheartaíonn dul ar fostú inti, scoláireachtaí a dheonú do cibé daoine a roghnóidh An Chomhairle i cibé slí is iomchuí léi, agus féadfaidh na scoláireachtaí sin soláthar a dhéanamh chun táillí i bhforas oideachais a íoc agus cibé íocaíochtaí eile a dhéanamh a chinnfidh an Chomhairle;

(j) duaiseanna a dhámhadh do cibé daoine a bheidh ar fostú nó a bheartaíonn dul ar fostú i ngníomhaíocht tionsclaíoch agus a roghnóidh An Chomhairle i cibé slí is iomchuí léi;

(k) liúntais a íoc le daoine atá ar fostú nó a bheartaíonn dul ar fostú i ngníomhaíocht tionsclaíoch agus atá ag dul lasmuigh den Stát chun oiliúint a fháil nó páirt a ghlacadh i gcomórtais agus a roghnófar i cibé slí is iomchuí leis an gComhairle.

Scéim aoisliúntais an Chathaoirligh.

10. —(1) Féadfaidh an tAire, le comhthoiliú an Aire Airgeadais, scéim a dhéanamh chun go ndéanfar, faoi réir cibé coinníollacha agus teorainneacha a fhorordófar sa scéim, sochair aoisliúntais a íoc, ar scor dóibh, le cathaoirligh lánaimsire na Comhairle agus féadfaidh sé, le comhthoiliú an Aire Airgeadais, aon scéim den sórt sin a leasú.

(2) Féadfaidh scéim faoin alt seo socrú a dhéanamh do chóras chun aon díospóid a shocrú a éireoidh maidir le héileamh aon duine chun, nó maidir le méid, aon sochair is iníoctha de bhun na scéime sin.

(3) Déanfaidh an Chomhairle scéim faoin alt seo a chur i bhfeidhm de réir a téarmaí.

(4) Gach scéim a dhéanfar faoin alt seo leagfar í faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a déanta agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an scéim a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime, beidh an scéim ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin scéim.

Príomh-Oifigeach.

11. —(1) Ceapfaidh an tAire ó am go ham, ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh sé, duine mar phríomh-oifigeach feidhmiúcháin don Chomhairle, agus an Príomh-Oifigeach a thabharfar ar an duine sin agus a ghairtear de san Acht seo.

(2) Íocfar leis an bPríomh-Oifigeach, as airgead a bheidh faoina réir ag an gComhairle, cibé luach saothair agus cibé liúntais i leith caiteachas a chinnfidh an tAire le toilliú an Aire Airgeadais.

Oifigigh agus seirbhísigh (seachas an Príomh-Oifigeach) don Chomhairle.

12. —(1) Ceapfaidh an Chomhairle cibé daoine agus cibé líon daoine mar oifigigh (seachas an Príomh-Oifigeach) agus seirbhísigh don Chomhairle is cuí leis an gComhairle ó am go ham.

(2) Faoi réir fho-alt (3) den alt seo, sealbhóidh oifigeach seachas an Príomh-Oifigeach) nó seirbhíseach don Chomhairle a oifig nó a fhostaíocht ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an Chomhairle ó am go ham.

(3) Faoi réir fho-alt (4) den alt seo, íocfar, as airgead a bheidh faoina réir ag an gComhairle, le hoifigeach nó seirbhíseach a luaitear i bhfo-alt (2) den alt seo cibé luach saothair agus liúntais a chinnfidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.

(4) I gcás duine is oifigeach (seachas an Príomh-Oifigeach) nó seirbhíseach i bhfostaíocht faoin gComhairle a theacht chun bheith ina chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas—

(a) beidh sé ar iasacht ón bhfostaíocht sin ar feadh na tréimhse (dá ngairtear tréimhse na hiasachta san alt seo) dar tosach an tráth a thiocfaidh sé i dteideal faoi Bhuan-Orduithe an Tí sin suí sa Teach sin agus dar críoch an tráth a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den Teach sin nó, más túisce a tharlóidh, an tráth a éireoidh sé as an bhfostaíocht sin nó a scoirfidh sé di nó a fhoirceannfaidh an Chomhairle an fhostaíocht sin,

(b) ní íocfaidh an Chomhairle leis, ná ní bheidh sé i dteideal go bhfaighidh sé ón gComhairle, aon luach saothair ná liúntais in aghaidh tréimhse na hiasachta,

(c) má bhíonn scéim a rinneadh de bhun alt 13 den Acht seo i bhfeidhm agus go mbunaíonn an scéim ciste lena n-íocann an Chomhairle agus an duine ranníocaí—

(i) measfar, chun críocha na scéime, gur seirbhís de chuid an duine sin is ináirithe le haghaidh sochair aoisliúntais faoin scéim í tréimhse na hiasachta, ach sin más rud é agus amháin más rud é—

(I) go raibh sé i mbuan-fhostaíocht faoin gComhairle agus ina ranníocóir faoin scéim díreach roimh thosach tréimhse na hiasachta,

(II) go roghnóidh sé, trí fhógra i scríbhinn a thabharfar don Chomhairle laistigh de thrí mhí tar éis tosach tréimhse na hiasachta, ranníocaí a íoc faoin scéim in aghaidh tréimhse na hiasachta de réir forálacha an ailt seo, agus

(III) go n-íocfaidh sé, cibé tráthanna agus i cibé slí a shonróidh an duine a bheidh ceaptha go cuí chun an scéim a riaradh, ranníocaí faoin scéim in aghaidh tréimhse na hiasachta ar cóimhéid le comhshuim na ranníocaí a bheadh íoctha aige féin agus na ranníocaí a bheadh íoctha ag an gComhairle in aghaidh tréimhse na hiasachta dá bhfanadh sé, gan dul ar iasacht faoin bhfo-alt seo, i seirbhís na Comhairle i gcaitheamh tréimhse na hiasachta agus é ag fáil luach saothair ón gComhairle i gcaitheamh na tréimhse sin,

(ii) ní íocfaidh An Chomhairle aon ranníocaí faoin scéim in aghaidh tréimhse na hiasachta, ach measfar, chun críocha na scéime, an chuid sin de na ranníocaí a bheith íoctha ag an gComhairle is cuid is iníoctha ag an duine sin mar a dúradh agus is comhionann le méid na ranníocaí a bheadh íoctha ag an gComhairle faoin scéim in aghaidh tréimhse na na hiasachta dá bhfanadh sé, gan dul ar iasacht faoin bhfo-alt seo, i seirbhís na Comhairle i gcaitheamh tréimhse na hiasachta agus go mbeadh luach saothair á fháil aige ón gComhairle i gcaitheamh na tréimhse sin,

(iii) má fhoirceannann tréimhse na hiasachta trí é d'éag nó trí é do scor den fhostaíocht sin, measfar chun críocha na scéime gur éag sé, nó gur scoir sé de bheith, i seirbhís na Comhairle, de réir mar a bheidh, agus go raibh luach saothair á fháil aige ón gComhairle díreach roimh éag nó scor dó amhlaidh, de réir mar a bheidh,

(iv) mura n-íocfaidh sé nó más rud é, tar éis dó ranníoc a íoc faoin scéim de réir forálacha an fho-ailt seo, go scoirfidh sé de ranníocaí a íoc mar a dúradh, measfar, chun críocha na scéime, gur éirigh sé as an bhfostaíocht sin,

(I) i gcás ina scoirfidh sé de ranníocaí a íoc mar a dúradh—ar dháta na híocaíochta deiridh, agus

(II) in aon chás eile—

díreach roimh thosach tréimhse na hiasachta.

(5) I gcás duine atá nó a bhí ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don Chomhairle a theacht chun bheith i dteideal pinsin faoi na hAchta um Oifigí Aireachta agus Parlaiminte, 1938 go 1960—

(a) ní bheidh sé i dteideal an t-iomlán ná aon chuid dá thréimhse sheirbhíse inphinsin de réir brí na nAchtanna sin a ríomh le haghaidh aon sochair aoisliúntais is iníoctha faoi scéim arna déanamh de bhun alt 13 de bhun Acht seo,

(b) má bhíonn aon ranníocaí íoctha aige de réir forálacha fho-alt (4) den alt seo in aghaidh na tréimhse sin, déanfar an oiread sin díobh agus is comhionann le méid na ranníocaí a bheadh íoctha aige in aghaidh na tréimhse sin faoin scéim dá bhfanadh sé, gan dul ar iasacht faoin bhfo-alt sin (4), i seirbhís na Comhairle i gcaitheamh na tréimhse sin agus go mbeadh luach saothair á fháil aige ón gComhairle i gcaitheamh na tréimhse sin a thabhairt ar ais dó má dhéantar agus nuair a dhéanfar sochar a íoc leis nó ranníocaí eile a thabhairt ar ais dó faoin scéim.

(6) Aon tagairt atá i bhfo-alt (4) nó (5) den alt seo do dhuine d'fháil luach saothair ón gComhairle measfar gur tagairt í don duine sin d'fháil luach saothair ón gComhairle de réir ráta a luach saothair ón gComhairle lá deiridh a fhostaíochta lánaimsire faoin gComhairle roimh dhul ar iasacht dó faoin bhfo-alt sin (4).

(7) Aon duine a mbeidh teideal aige de thuras na huaire faoi Bhuan-Orduithe cheachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin beidh sé, an fad a bheidh sé i dteideal amhlaidh, dícháilithe chun bheith ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don Chomhairle.

Aoisliúntas d'oifigigh agus do sheirbhísigh na Comhairle.

13. —(1) A luaithe is féidir tar éis an lae bhunaithe ullmhóidh an Chomhairle agus cuirfidh sí faoi bhráid an Aire scéim ranníocach nó scéimeanna ranníocacha chun pinsin, aiscí agus liúntais eile a dheonú dá buan-fhoireann (lena n-áirítear an Phíomh-Oifigeach) nó ina leith ar scor dóibh.

(2) Socróidh gach scéim den sórt sin an tráth scoir agus na coinníollacha scoir do na daoine go léir a mbeidh pinsin, aiscí nó liúntais iníoactha leo nó ina leith ar scor dóibh agus féadfar tráthanna agus coinníollacha éagsúla a shocrú maidir le haicmí éagsúla daoine.

(3) Féadfaidh an Chomhairle tráth ar bith scéim a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire do leasú scéime a cuireadh faoi bhráid an Aire agus a ceadaíodh roimhe sin faoin alt seo.

(4) Aon scéim a chuirfear faoi bhráid an Aire faoin alt seo cuirfidh an Chomhairle i bhfeidhm í de réir a téarmaí má cheadaíonn an tAire í le comhthoiliú an Aire Airgeadais.

(5) Má éiríonn aon díospóid maidir le héileamh aon duine ag éileamh, nó maidir le méid, aon phinsin, aisce nó liúntais is iníoctha de bhua scéime faoin alt seo, cuirfear an díospóid sin faoi bhráid an Aire agus tarchuirfidh seisean chun an Aire Airgeadais í, agus is cinneadh críochnaitheach a bheidh i gcinneadh an Aire Airgeadais.

(6) Gach scéim a chuirfear faoi bhráid an Aire agus a cheadófar faoin alt seo leagfar í faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a ceadaithe agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an scéim a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime, beidh an scéim ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin scéim.

Cuntais agus Iniúchadh.

14. —(1) Coimeádfaidh an Chomhairle, i cibé foirm a cheadóidh an tAire, le comhthoiliú an Aire Airgeadais, na cuntais go léir is cuí agus is gnáth ar an airgead go léir a gheobhaidh sí nó a chaithfidh sí agus, go háirithe, coimeádfaidh sí san fhoirm sin a dúradh cibé cuntais speisialta a ordóidh an tAire ó am go ham.

(2) Cuirfidh an Chomhairle na cuntais a choimeádfar de bhun an ailt seo faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste in aghaidh na bliana lena n-iniúchadh cibé tráthanna a ordóidh an tAire le comhthoiliú an Aire Airgeadais agus déanfar na cuntais sin, nuair a bheidh siad iniúchta amhlaidh, mar aon le tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste orthu, a thíolacadh don Aire agus cuirfidh seisean faoi deara go leagfar cóipeanna den chéanna faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

Tuarascáil Bhliantúil, etc.

15. —(1) Tabharfaidh an Chomhairle gach bliain, ar cibé dáta a ordóidh an tAire, tuarascáil don Aire ar a himeachtaí faoin Acht seo agus ar imeachtaí aon choiste oiliúna tionscail a bunaíodh faoin Acht seo, i gcaitheamh an dá mhí dhéag roimhe sin agus dar críoch an dáta sin, agus cuirfidh an tAire faoi deara go leagfar cóipeanna den tuarascáil faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(2) Tabharfaidh an Chomhairle don Aire cibé eolas a iarrfaidh sé ó am go ham.

Deontais don Chomhairle agus an Chomhairle d'infheistiú airgid.

16. —(1) Féadfar, gach bliain airgeadais, deontas ina mbeidh cibé méid a cheadóidh an tAire le comhthoiliú an Aire Airgeadais a íoc, faoi chomhair caiteachas na Comhairle ag comhlíonadh a feidhmeanna di, leis an gComhairle as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(2) Féadfaidh an Chomhairle airgead a infheistiú i cibé slí a cheadóidh an tAire.

Cumhacht na Comhairle chun airgead a fháil ar iasacht go sealadach.

17. —Féadfaidh an Chomhairle, le toiliú an Aire, arna thabhairt le comhthoiliú an Aire Airgeadais, cibé suimeanna a bheidh ag teastáil uaithi chun soláthar a dhéanamh i gcás caiteachas reatha a fháil ar iasacht go sealadach trí chomhshocraíocht le baincéirí.

Bronntanais.

18. —(1) Féadfaidh an Chomhairle bronntanais airgid, talún nó maoine eile a ghlacadh ar cibé iontaobhais agus coinníollacha, más ann, a shonróidh an deontóir.

(2) Ní ghlacfaidh an Chomhairle bronntanas má bhíonn na coinníollacha a chuirfidh an deontóir leis ar neamhréir le feidhmeanna na Comhairle.

CUID III

Oiliúint Tionscail

Caibidil I

Deontais, Iasachtaí agus Tobhaigh

Deontais agus iasachtaí chun cúrsaí agus saoráidí áirithe a sholáthar.

19. —(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo féadfaidh an Chomhairle deontais agus iasachtaí a thabhairt, as airgead a bheidh faoina réir aici agus faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha is oiriúnach léi, do dhaoine a sholáthróidh cúrsaí nó saoráidí oiliúna eile a cheadóidh an Chomhairle.

(2) Ní rachaidh deontas faoin alt seo thar an méid a shonróidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, chun críocha an ailt seo ó am go ham agus féadfar méideanna éagsúla a shonrú amhlaidh maidir le cúrsaí éagsúla agus le saoráidí éagsúla.

(3) D'ainneoin fo-alt (1) den alt seo, ní thabharfar deontas as airgead a bheidh á choimeád i gcuntas a luaitear i bhfo-alt (1) d'alt 21 den Acht seo ach amháin i gcás—

(a) ina mbeidh gníomhaíocht tionsclaíoch ainmnithe á seoladh ag an duine a mbeartaítear an deontas a thabhairt dó, agus

(b) gur ar fhoras a mbeifear tar éis dul i gcomhairle leis an gcoiste oiliúna tionscail iomchuí (más ann) ina thaobh a bheifear ag tabhairt an deontais.

Deontais agus oibrithe i ngnóthais áirithe a oiliúint.

20. —(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo féadfaidh an Chomhairle deontais a thabhairt, as airgead faoina réir aici agus faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí léi, chun oiliúint a thabhairt, sa Stát nó in áit eile, d'oibrithe chun críocha gnóthais tionscail más deimhin leis an gComhairle—

(a) gur gá cúnamh airgeadais chun a áirithiú go mbunófar an gnóthas, agus

(b) gur gnóthas réasúnta buan a bheidh sa ghnóthas agus go seolfar go héifeachtúil é.

(2) (a) Ní rachaidh deontas faoin alt seo thar an méid a shonróidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, chun críocha an ailt seo ó am go ham agus féadfar méideanna áirithe a shonrú amhlaidh maidir le gnóthais tionscail d'aicme áirithe.

(b) Ní dhéanfar deontas faoin alt seo chun oiliúint a thabhairt d'oibrithe ar phróiseas ceardúil i ngnóthas tionscail i limistéar neamhfhorbartha a thabhairt roimh theacht in éifeacht don aisghairm a dhéantar leis an Acht seo ar alt 7 den Acht um Limistéirí Neamhfhorbartha, 1952 , ná maidir le hoibrithe ar tugadh deontas faoin alt sin 7 i leith a n-oiliúna ar an bpróiseas.

(c) Ní dhéanfar deontas faoin alt seo chun oiliúint a thabhairt d'oibrithe ar phróiseas ceardúil i ngnóthas tionscail i limistéar seachas limistéar neamfhorbartha a thabhairt roimh theacht in éifeacht don aisghairm a dhéanann an tAcht seo ar alt 5 den Acht um Dheontais Tionscail (Leasú), 1963 , ná maidir le hoibrithe ar tugadh deontas faoin alt sin 5 i leith a n-oiliúna ar an bpróiseas.

(d) Ní dhéanfar deontas faoin alt seo chun oibrithe a oiliúint le haghaidh gnóthais tionscail ag an aerfort a thabhairt roimh theacht in éifeacht don leasú a dhéantar leis an Acht seo ar fho-alt (2) d'alt 9 den Acht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta, 1959 , ná maidir le hoibrithe ar thug Cuideachta Forbartha Aerfort Neamchustam na Sionna Teoranta deontas i leith a n-oiliúna le haghaidh an ghnóthais.

(3) Tiocfaidh an t-alt seo i gníomh cibé lá a shocrófar chuige sin le hordú ón Aire.

(4) Tar éis don leasú an luaitear i mír (d) d'fho-alt (2) den alt seo a theacht in éifeacht, ní thabharfaidh Cuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta aon deontas chun oibrithe a oiliúint le haghaidh gnóthais tionscail ag an aerfort.

(5) San alt seo—

tá an bhrí chéanna le “aerfort” atá leis in alt 1 den Acht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta, 1959 ;

folaíonn “gnóthas tionscail” gnóthas atá ann ar dháta an Achta seo a rith;

ciallaíonn “limistéar neamhfhorbartha” limistéar lena mbaineann na hAchtanna um Limistéir Neamhfhorbartha, 1952 go 1963.

Tobhaigh.

21. —(1) D'fhonn na caiteachais maidir le comhlíonadh, i leith gníomhaíocht tionsclaíoch ainmnithe, feidhmeanna na Comhairle faoin Acht seo a íoc, féadfaidh an Chomhairle, tar éis dul i gcomhairle leis an gcoiste oiliúna tionscail iomchuí (más ann), ordú (dá ngairtear ordú tobhaigh san Acht seo) a dhéanamh d'fhorchur tobhaigh ar na fostóirí sa ghníomhaíocht, seachas cibé fostóirí (más ann) a dhíolmhófar leis an ordú tobhaigh, agus, aon uair a dhéanfar ordú tobhaigh, déanfaidh gach fostóir den sórt sin ar a bhforchuirfear é tobhach a mbeidh cibé méid ann is iomchuí ag féachaint d'fhorálacha an ordaithe thobhaigh a íoc de réir an ordaithe thobhaigh leis an gComhairle, agus coimeádfaidh an Chomhairle i gcuntas ar leithligh an t-airgead a gheobhaidh an Chomhairle ar son agus ar cuntas an tobhaigh.

(2) Tabharfaidh ordú tobhaigh do gach fostóir a mheasúnófar i leith an tobhaigh ceart achomhairc chun binse achomhairc a bheidh arna chomhdhéanamh faoi alt 22 den Acht seo agus ina theannta sin féadfaidh sé forálacha a bheith ann maidir leis na hábhair seo a leanas:

(a) fostóirí d'aicme nó de thuairisc áirithe a dhíolmhú ó fhorálacha an ordaithe;

(b) tobhach d'aicme áirithe nó de réir ráta shonraithe a fhorchur ar fhostóirí;

(c) an fhianaise lena bhféadfar dliteanas an fhostóra i leith an tobhaigh agus a urscaoileadh ón dliteanas sin a bhunú; agus

(d) an tráth nó na tráthanna a bheidh tobhach dlite agus iníoctha leis an gComhairle.

(3) Faoi réir fho-alt (4) den alt seo, féadfaidh An Chomhairle, tar éis dul i gcomhairle leis an gcoiste oiliúna tionscail iomchuí (más ann), agus le toiliú an Aire, ordú tobhaigh nó ordú faoin bhfo-alt seo a leasú nó a chúlghairm le hordú.

(4) I gcás ina mbeidh an Chomhairle chun ordú tobhaigh a dhéanamh nó a leasú, cuirfidh an Chomhairle dréacht den ordú nó den leasú, de réir mar a bheidh, chuig an Aire, agus ní dhéanfar an t-ordú nó an leasú go dtí go gceadóidh an tAire an dréacht.

(5) Gach suim is iníoctha ag fostóir leis an gComhairle faoin alt seo ar son nó ar cuntas tobhaigh a forchuireadh le hordú tobhaigh is fiach conartha shimplí í a bheidh dlite don Chomhairle agus féadfaidh an Chomhairle í a ghnóthú dá réir sin ón bhfostóir in aon chúirt dlínse inniúla.

(6) Gach ordú tobhaigh nó ordú faoi fho-alt (3) den alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

Binsí achomhairc.

22. —(1) Déanfaidh an tAire rialacháin do dhéanamh forála chun binse nó binsí a bhunú chun achomhairc ó fhostóirí a mheasúnófar i leith aon tobhaigh a fhorchuirfear faoin Acht seo a chinneadh agus féadfaidh na forálacha seo a leanas a bheith sna rialacháin sin—

(a) foráil maidir leis an nós imeachta a leanfar i gcás aon achomhairc den sórt sin;

(b) foráil chun daoine a thoghairm chun freastal agus fianaise agus doiciméid a thabhairt ar aird; agus

(c) foráil chun a údarú finnéithe a chur faoi mhionn.

(2) Má tharlaíonn, i gcás achomhairc, go gcruthóidh achomharcóir do bhinse a bhunófar de réir rialachán faoin alt seo nár cheart é a mheasúnú i leith tobhaigh nó gur méid níos lú ba cheart a mheasúnú air, cealóidh nó, de réir mar a bheidh, laghdóidh an binse an mheasúnacht, ach in aon chás eile daingneoidh sé í, agus is cinneadh críochnaitheach aon chinneadh ag an mbinse.

(3) Aon duine is comhalta de bhinse a bhunófar de réir rialachán faoin alt seo íocfar leis, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, cibé táille i leith freastal ag cruinnithe den bhinse agus cibé liúntais i leith costas a thabhóidh sé a chinnfidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.

(4) Gach rialachán a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá agus fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú ar rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar d'aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

Caibidil II

Gníomhaíochtaí Tionsclaíocha Ainmnithe

Gníomhaíochtaí tionsclaíocha ainmnithe.

23. —(1) D'fhonn socrú níos fearr a dhéanamh chun oiliúint a thabhairt do dhaoine atá ar fostú nó a bheartaíonn dul ar fostú le gníomhaíocht tionscail, féadfaidh an Chomhairle ordú (dá ngairtear Ordú Oiliúna Tionscail san Acht seo) a dhéanamh á dhearbhú gur gníomhaíocht tionsclaíoch ainmnithe chun críocha an Achta seo an ghníomhaíocht.

(2) Sula ndéanfaidh an Chomhairle ordú oiliúna tionscail déanfaidh sí cibé fiosruithe is cuí léi agus rachaidh sí i gcomhairle le haon eagras nó comhlachas eagras a mheasfaidh sí a bheith ionadaitheach do líon substainteach fostóirí sa ghníomhaíocht agus le haon eagras nó comhlachas eagras a mheasfaidh sí a bheith ionadaitheach do líon substainteach daoine ar fostú leis an ngníomhaíocht.

(3) Féadfaidh an Chomhairle, le hordú, ordú faoin alt seo (lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo) a chúlghairm nó a leasú.

(4) Leagfar gach ordú faoin alt seo faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá agus fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

Coistí oiliúna tionscail.

24. —(1) I gcás ina ndéanfaidh an Chomhairle ordú faoi alt 23 den Acht seo á dhearbhú gur gníomhaíocht tionsclaíoch ainmnithe gníomhaíocht tionscail áirithe, déanfaidh An Chomhairle le hordú, mura measfaidh an Chomhairle nár phraiticiúil é sin a dhéanamh, coiste oiliúna tionscail a bhunú, nó a dhearbhú maidir le heagras a mheasfaidh an Chomhairle a bheith oiriúnach agus a chomhlíonann ceanglais fho-alt (2) den alt seo gur coiste oiliúna tionscail é chun comhairle agus cúnamh a thabhairt don Chomhairle maidir leis an gComhairle do chomhlíonadh a feidhmeanna i ndáil leis an ngníomhaíocht.

(2) Ní dhearbhófar gur coiste oiliúna tionscail faoin alt seo aon eagras mura bhfuil sé ionadaitheach do líon substainteach fostóirí sa ghníomhaíocht tionsclaíoch ainmnithe iomchuí agus do líon substainteach daoine atá ar fostú leis an ngníomhaíocht sin.

(3) Beidh éifeacht ag forálacha an Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo maidir le coiste oiliúna tionscail a bhunófar faoin alt seo agus faoi réir fho-alt (5) den alt seo beidh éifeacht ag forálacha airteagail 5 agus 6 den Sceideal sin maidir le heagras a ndearbhófar gur coiste oiliúna tionscail é faoin alt seo.

(4) Aon ordú faoin alt seo déanfaidh sé, maidir le coiste oiliúna tionscail a bhunóidh sé—

(a) a shonrú go mbeidh an coiste comhdhéanta de chathaoirleach agus líon sonraithe gnáthchomhaltaí,

(b) a fhoráil go gceapfaidh an Chomhairle duine chun bheidh ina chathaoirleach ar an gCoiste agus gur duine é nach bhfuil ionadaitheach do leasa oibrithe ná do leasa fostóirí,

(c) a fhoráil go mbeidh ar líon na ngnáth-chomhaltaí líon sonraithe comhaltaí oibrithe, líon sonraithe comhaltaí fostóirí (a bheidh comhionann leis an líon sonraithe comhaltaí oibrithe), líon sonraithe comhaltaí oideachais agus líon sonraithe gnáthchomhaltaí eile,

(d) a fhoráil go ndéanfaidh an Chomhairle—

(i) tar éis dul i gcomhairle leis an Aire, cuireadh a thabhairt, maidir le gach comhalta oibrithe d'eagras atá ionadaitheach do cheardchumann oibrithe duine a ainmniú chun a cheaptha mar chomhalta oibrithe agus go ndéanfaidh sí gach duine a ainmneofar amhlaidh a cheapadh mar chomhalta oibrithe,

(ii) tar éis dul i gcomhairle leis an Aire, cuireadh a thabhairt d'eagras nó d'eagrais atá ionadaitheach d'fhostóirí daoine a ainmniú chun a gceaptha mar chomhaltaí fostóirí agus go ndéanfaidh sí an líon iomchuí a shonrófar san ordú a cheapadh as na daoine a ainmneofar amhlaidh chun bheith ina gcomhaltaí fostóirí,

(iii) tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Oideachais, an líon iomchuí daoine a shonrófar san ordú a cheapadh mar chomhaltaí oideachais,

(iv) tar éis dul i gcomhairle le cibé eagrais a mheasfaidh an Chomhairle a bheith oiriúnach, an líon iomchuí daoine a shonrófar san ordú a cheapadh mar ghnáthchomhaltaí eile,

(e) socrú do théarma oifige na gcomhaltaí, agus

(f) socrú le haghaidh cibé ábhair eile a mheasfaidh an Chomhairle is gá chun go gcomhlíonfaidh an coiste a fheidhmeanna go cuí.

(5) Más oiriúnach leis an gComhairle é, féadfaidh, maidir le heagras a ndearbhóidh sí gur coiste oiliúna tionscail é, socrú a bheith in ordú faoin alt seo do cheachtar ní nó an dá ní acu seo a leanas—

(a) nach mbeidh feidhm, maidir le cathaoirleach an choiste, ag forálacha Airteagal 5 den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo,

(b) nach mbeidh feidhm, maidir le gach comhalta den choiste, ag forálacha Airteagal 6 den Dara Sceideal sin,

agus i gcás ina ndéanfar socrú faoin bhfo-alt seo maidir leis na hAirteagail sin 5 nó 6 a bheidh gan feidhm, ní bheidh feidhm dá réir sin ag Airteagail amháin acu nó ag an dá Airteagal acu, de réir mar is iomchuí.

(6) Féadfaidh an Chomhairle duine dá hoifigigh a cheapadh chun gníomhú mar rúnaí do choiste oiliúna tionscail.

(7) Féadfaidh An Chomhairle le hordú ordú faoin alt seo (lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo) a leasú nó a chúlghairm.

Comhchoistí oiliúna tionscail.

25. —(1) Féadfaidh coistí oiliúna tionscail de réir tograí a chuirfear faoi bhráid na Comhairle agus a cheadóidh sí—

(a) coistí (nach gá comhaltaí den choiste oiliúna tionscail a bheith orthu) a cheapadh;

(b) uamadh le coiste oiliúna tionscail amháin eile nó níos mó ag ceapadh comhchoistí a bheidh comhdhéanta de cibé daoine (cibé acu is comhaltaí de choiste oiliúna tionscail iad nó nach ea) a chinnfidh na coistí oiliúna tionscail;

agus an fheidhm a thugtar don choiste oiliúna tionscail le halt 24 den Acht seo a tharmligean chun aon choiste den sórt sin a mhéid, go hiomlán nó go páirteach, a luafar sna tograí.

(2) Íocfar le cathaoirleach coiste a cheapfar faoin alt seo, as airgead a bheidh faoina réir ag an gComhairle, cibé táille (más aon táille í) i leith freastal ar chruinnithe den choiste a chinnfidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais, agus, má bhíonn an Cathaoirleach as láthair ó chruinniú den choiste, féadfar an táille (más aon táille í) ab iníoctha leis a íoc, más oiriúnach leis an gComhairle, leis an duine a ghníomhóidh mar chathaoirleach ar an gcruinniú.

(3) Íocfar le gach comhalta de choiste a cheapfar faoin alt seo, as airgead a bheidh faoina réir ag an gComhairle, cibé liúntais (más aon liúntas é), i leith caiteachais a thabhóidh sé, a cheadóidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.

(4) Faoi réir aon ordacháin ón gcoiste nó ó na coistí oiliúna tionscail a cheap é, déanfaidh coiste a cheapfar faoin alt seo nós imeachta agus gnó an choiste a rialáil trí bhuan-orduithe nó ar sblí eile.

Cumhacht chun eolas a fháil ó fhostóirí.

26. —Féadfaidh An Chomhairle trí fhógra i scríbhinn a sheirbheálfar ar aon duine is fostóir i ngníomhaíocht tionsclaíoch ainmnithe a cheangal ar an duine—

(a) cibé tuairisceáin shonraithe nó eolas sonraithe eile a thabhairt don Chomhairle laistigh de thréimhse shonraithe,

(b) cibé taifid de chineál sonraithe a choimeád agus a thabhairt ar aird lena scrúdú thar ceann na Comhairle

a mheasfaidh an Chomhairle is gá chun a feidhmeanna a chomh líonadh.

Caibidil III

Printíseacht

Printísigh.

27. —(1) I gcás ina ndéanfaidh an Chomhairle ordú oiliúna tionscail, féadfaidh an Chomhairle, maidir le printísigh d'aicme áirithe a fhostú leis an ngníomhaíocht tionsclaíoch ainmnithe iomchuí, na rialacha seo a leanas go léir nó aon chuid acu a dhéanamh:

(a) rialacha do shonrú na haoise íosta ag a bhféadfaidh duine tosú ar bheith ar fostú amhlaidh;

(b) rialacha maidir leis na cáilíochtaí oideachais nó na cáilíochtaí eile i leith oiriúnacht nach mór de dhaoine a bheith acu a rachaidh mar phrintísigh den sórt sin leis an bhfostaíocht sin;

(c) rialacha maidir leis na himthosca faoina bhféadfar printíseach a dhíbhe nó a fhionraí ó fhostaíocht;

(d) rialacha maidir leis an tréimhse oiliúna (lena n-áirítear aon tréimhse phrofa) a bheidh le cur isteadh ag duine a bheidh ar fostú leis an ngníomhaíocht mar phrintíseach den sórt sin;

(e) rialacha á cheangal ar fhostóirí sa ghníomhaíocht a áirithiú go dtabharfar oiliúint agus teagasc i slí shonraithe do dhaoine a bheidh ar fostú acu leis an ngníomhaíocht mar phrintísigh den sórt sin;

(f) rialacha de thoirmeasc ar dhaoine a sheolann gníomhaíocht den sórt sin aon phréimh, táille nó comaoin eile a ghlacadh i leith aon duine a fhostú acu leis an ngníomhaíocht sin mar phrintíseach den sórt sin;

(g) rialacha do shonrú foirm an chonartha a úsáidfear nuair a ghlacfar duine isteach i bhfostaíocht leis an ngníomhaíocht mar phrintíseach den sórt sin;

(h) rialacha do cheangal ar dhaoine atá ar fostú leis an ngníomhaíocht mar phrintísigh den sórt sin taifid a choimeád, i cibé foirm a déarfaidh na rialacha, maidir lena bhfostaíocht.

(2) Sula ndéanfaidh an Chomhairle rialacha faoi fho-alt (1) den alt seo rachaidh sí i gcomhairle leis an gcoiste oiliúna tionscail iomchuí (más ann).

(3) Sula ndéanfaidh an Chomhairle rialacha faoi mhír (b) d'fho-alt (1) den alt seo rachaidh sí i gcomhairle leis an Aire Oideachais.

(4) Féadfar a cheangal le rialacha faoin alt seo ar fhostóir a mbeidh printíseach den aicme a shonrófar sna rialacha ar fostú aige le fostaíocht lena mbaineann na rialacha cóipeanna clóite de na rialacha nó achomaireachtaí clóite díobh a bheidh ceadaithe ag an gComhairle a chur ar taispeáint agus a choimeád ar taispeáint de réir alt 44 den Acht seo.

(5) I gcás ina mbeidh rialacha faoi mhír (a), (b), (c), (d) nó (g) d'fho-alt (1) den alt seo i bhfeidhm de thuras na huaire, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:

(a) i gcás rialacha faoin mír sin (a)—ní ghlacfaidh duine isteach ina fhostaíocht mar phrintíseach d'aicme a shonraítear sna rialacha le fostaíocht lena mbaineann na rialacha duine mura mbeidh an aois a shonraítear sna rialacha slán ag an duine sin;

(b) i gcás rialacha faoin mír sin (b)—ní ghlacfaidh duine isteach ina fhostaíocht mar phrintíseach d'aicme a shonraítear sna rialacha le fostaíocht lena mbaineann na rialacha duine mura mbeidh na cáilíochtaí a shonraítear sna rialacha ag an duine sin;

(c) i gcás rialacha faoin mír sin (c)—ní dhéanfaidh duine duine atá ar fostú aige mar phrintíseach d'aicme a shonraítear sna rialacha le fostaíocht lena mbaineann na rialacha a dhíbhe ná a fhionraí ach amháin de réir na rialacha;

(d) i gcás rialacha a rinneadh faoin mír sin (d)—duine atá ar fostú mar phrintíseach d'aicme a shonraítear sna rialacha le fostaíocht lena mbaineann na rialacha measfar, d'ainneoin aon chomhaontú dá mhalairt, é a bheith ar fostú faoi chomhaontú a shínigh an duine agus a fhostóir trína gcomhaontaíonn an fostóir an duine a fhostú, agus trína gcomhaontaíonn an duine fónamh don fhostóir, ar feadh na tréimhse oiliúna a shonraítear sna rialacha, ach féadfaidh an Chomhairle, más oiriúnach léi, an dá pháirtí a urscaoileadh óna n-oibleagáidí faoi seach faoin gcomhaontú is intuigthe ón mír seo a bheith ann nó an comhaontú sin a mhodhnú nó, le toiliú—

(i) má tá ocht mbliana déag d'aois slán ag an duine— an duine, agus

(ii) mura bhfuil ocht mbliana déag d'aois slán ag an duine—tuiste (más ann) an duine,

sochair agus oibleagáidí an fhostóra faoin gcomhaontú sin a aistriú chun fostóra eile atá ag gabháil don ghníomhaíocht tionsclaíoch ainmnithe iomchuí;

(e) i gcás rialacha faoin mír sin (g)—ní ghlacfaidh aon duine duine isteach ina fhostaíocht mar phrintíseach d'aicme a shonraítear sna rialacha le fostaíocht lena mbaineann na rialacha mura mbeidh an conradh san fhoirm a shonraítear sna rialacha.

(6) I bhfo-alt (5) den alt seo ciallaíonn “tuiste”, maidir le duine atá ar fostú mar phrintíseach d'aicme a shonraítear i rialacha faoi mhír (d) d'fho-alt (1) den alt seo le fostaíocht lena mbaineann na rialacha agus nach bhfuil ocht mbliana déag d'aois slán aige, an pearsa aonair ag a bhfuil coimeád dlíthiúil an duine agus más rud é, mar gheall ar an bpearsa aonair sin a bheith as láthair nó mar gheall ar aon chúis eile, nach gcónaíonn an duine leis an bpearsa aonair sin nó nach bhfuil sé ina choimeád iarbhír, folaíonn sé an pearsa aonair lena gcónaíonn an duine nó a bhfuil sé ina choimeád iarbhír.

Féadfar a dhearbhú gur printísigh chun críocha an Achta daoine áirithe.

28 —Féadfaidh an Chomhairle le rialacháin faoin alt seo a dhearbhú go measfar gur printíseach chun críocha an Achta seo gach duine atá ar fostú i slí áirithe le gníomhaíocht tionsclaíoch ainmnithe ag fostóir áirithe.

Fógra go bhfuiltear chun rialacha a dhéanamh.

29 —(1) Sula ndéanfaidh an Chomhairle rialacha faoi alt 27 den Acht seo foilseoidh sí i dhá nuachtán leathúla ar a laghad a fhoilsítear sa Stát fógra ag insint go bhfuiltear chun na rialacha sin a dhéanamh, an cineál rialacha atá beartaithe, go gcuirfear cóipeanna díobh ar fáil, nuair a iarrfar iad, do dhaoine leasmhara agus an tráth, an tslí agus an áit a bhféadfar agóidí agus uiríolla maidir leis na rialacha beartaithe a dhéanamh.

(2) Sula ndéanfaidh an Chomhairle rialacha faoin alt sin 27 breithneoidh sí aon agóidí nó uiríolla a gheofar, de réir fógra faoi fho-alt (1) den alt seo, maidir leis na rialacha beartaithe.

Fógra a fhoilsiú i dtaobh rialacha a dhéanamh.

30. —Déanfaidh an Chomhairle, a luaithe is féidir tar éis rialacha a dhéanamh faoi alt 27 den Acht seo, fógra a fhoilsiú san Iris Oifigiúil agus i dhá nuachtán laethúla ar a laghad a fhoilsítear sa Stát ag insint go bhfuil na rialacha sin déanta agus na háite ar féidir cóipeanna de na rialacha a cheannach ar phraghas (a mbeidh cibé méid réasúnach ann a chinnfidh an Chomhairle) a shonrófar san fhógra.

Daoine a ghlacadh i bhfostaíocht ar mhodh printíseachta.

31. —(1) Aon duine a sheolann—

(a) gníomhaíocht tionsclaíoch ainmnithe, nó

(b) ceird atá sonraithe de thuras na huaire in ordú faoi alt 21 d'Acht 1959,

ní ghlacfaidh sé aon duine ina fhostaíocht ar mhodh printíseachta leis an ngníomhaíocht nó leis an gceird ach amháin le toiliú na Comhairle.

(2) I gcás ina mbeidh rialacha faoi mhír (a) nó (b) d'fho-alt (1) d'alt 27 den Acht seo i bhfeidhm de thuras na huaire, ní thabharfaidh an Chomhairle a toiliú faoi fho-alt (1) den alt seo mura deimhin léi go bhfuil ceanglais na rialacha comhlíonta maidir leis an bhfostaíocht iomchuí.

Printísigh a theagasc.

32. —(1) Féadfaidh an Chomhairle, le toiliú an Aire Oideachais, comhshocraíochtaí a dhéanamh le haghaidh coiste gairmoideachais do chur cúrsaí teagaisc ar fáil arb éard a bheidh ann oideachas teicniúil de chineál a gcomhaontóidh an Chomhairle agus an coiste gairmoideachais a bheith oiriúnach do dhaoine atá ar fostú ar mhodh printíseachta le gníomhaíocht tionsclaíoch ainmnithe.

(2) I gcás ina gcuirfidh coiste gairmoideachais cúrsa teagaisc ar fáil faoi fho-alt (1) de alt seo le haghaidh daoine atá ar fostú ar mhodh printíseachta le gníomhaíocht tionsclaíoch ainmnithe nó faoi alt 39 d'Acht 1959 do dhaoine atá ar fostú amhlaidh le ceird atá sonraithe de thuras na huaire in ordú faoi alt 21 den Acht sin, féadfaidh an Chomhairle—

(a) trí fhógra i scríbhinn a sheirbheálfar ar dhuine atá ar fostú ar mhodh printíseachta leis an ngníomhaíocht nó leis an gceird a cheangal air freastal ar an gcúrsa go léir nó ar aon chuid de a shonrófar san fhógra, agus

(b) trí fhógra i scríbhinn a sheirbheálfar ar fhostóir duine ar ar seirbheáladh fógra faoi mhír (a) den fho-alt seo a cheangal ar an bhfostóir am agus saorchead a thabhairt don duine freastal ar an gcúrsa go léir nó ar aon chuid de a shonrófar san fhógra agus aon scrúduithe a dhéanamh a chuirfear ar siúl i ndáil leis an gcúrsa gan aon asbhaint as pá ná aon bhreis a chur leis na huaire fostaíochta ná an t-am a áireamh mar am caillte.

(3) I gcás ina mbeifear tar éis fógra a sheirbheáil ar dhuine faoi mhír (a) d'fho-alt (2) den alt seo agus go dtabharfar am agus saorchead don duine sin freastal ar theagasc is cuid de chúrsa a luaitear i bhfo-alt (2) den alt seo agus go mainneoidh sé freastal, ansin, d'ainneoin aon ní ina chonradh lena fhostóir, ní bheidh teideal aige go bhfaighidh sé an chuid sin d'aon phá (is pá a mbeadh teideal aige é a fháil mura mbeadh sin) is inchionroinnte i leith na tréimhse a bheidh sé as láthair óna fhostaíocht mura gcruthóidh sé dá fhostóir gur bhreoiteacht nó cúis dosheachtanta eile faoi deara le hé do mhainniú freastal ar an teagasc.

Clár de dhaoine ar fostú mar phrintísigh.

33. —(1) Coimeádfaidh an Chomhairle, i cibé foirm a ordóidh an tAire ó am go ham, clár de na daoine a bheidh ar fostú mar phrintísigh agus taifeadfaidh an Chomhairle sa chlár sin cibé sonraí a mheasfaidh sí is iomchuí.

(2) Tabharfaidh an Chomhairle cead, nuair a iarrfar sin, d'aon duine leasmhar an clár a bheidh á choimeád aici faoin alt seo a iniúchadh le linn uaire oifige.

Fógraí.

34. —(1) I gcás ina ndéanfaidh duine a sheolann gníomhaíocht tionsclaíoch ainmhithe duine a ghlacadh isteach ina fhostaíocht mar phrintíseach leis an ngníomhaíocht, cuirfidh sé chuig an gComhairle laistigh de dhá sheachtain dá éis sin, cibé sonraí i dtaobh an duine a bheidh forordaithe nó a shonróidh an Chomhairle trí fhógra i scríbhinn a sheirbheálfar air.

(2) I gcás duine a sheolann gníomhaíocht tionsclaíoch ainmnithe do scor de dhuine a fhostú mar phrintíseach leis a ngníomhaíocht, cuirfidh sé chuig an gComhairle, laistigh de dhá sheachtain dá éis sin, cibé sonraí i dtaobh an duine a bheidh forordaithe nó a shonróidh an Chomhairle trí fhógra i scríbhinn a sheirbheálfar air.

Cur isteach ar fhostóirí.

35. —I gcás ina mbeidh aon rialacha a rinne an Chomhairle faoi alt 27 nó mír (d) d'fho-alt (1) d'alt 49 den Acht seo nó rialacha a luaitear i mír (b) den fho-alt sin (1) i bhfeidhm de thuras na huaire, ní dhéanfaidh aon duine aon ghníomh ná ní chun fostóir a mbeidh an ghníomhaíocht tionsclaíoch iomchuí á seoladh aige a bhac nó a chosc ó na rialacha a chomhlíonadh.

Comhshocraíochtaí i gcás díospóid cheirde.

36. —(1) I gcás nach mbeidh daoine a bheidh fostaithe mar phrintísigh ag gabháil dá bhfostaíocht de thuras na huaire mar gheall ar dhíospóid cheirde nó aon chúis eile, féadfaidh an Chomhairle cibé comhshocraíochtaí is cuí léi a dhéanamh chun a áirithiú go leanfar d'oiliúint agus de theagasc na ndaoine.

(2) San alt seo ciallaíonn “díospóid cheirde” aon díospóid nó aighneas idir fostóirí agus oibrithe nó idir oibrithe agus oibrithe maidir le fostú nó neamhfhostú, nó téarmaí fostaíochta, nó le coinníollacha fostaíochta, duine ar bith.

Caibidil IV

Ilghnéitheach

Coistí comhairleacha.

37. —(1) Féadfaidh An Chomhairle cibé coistí agus cibé méid coistí a cheapadh is oiriúnach léi chun comhairle a thabhairt don Chomhairle i dtaobh nithe a bhainfidh le hoiliúint tionscail nó le hoiliúint tráchtála agus i dtaobh obair na Comhairle a chomheagrú.

(2) Íocfar le cathaoirleach coiste a cheapfaidh an Chomhairle faoin alt seo, as airgead a bheidh faoina réir ag an gComhairle, cibé táille i leith freastal ar chruinnithe den choiste a chinnfidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais, agus má bhíonn an Cathaoirleach as láthair ó chruinniú den choiste, féadfar an táille ab iníoctha leis a íoc, más oiriúnach leis an gComhairle, leis an duine a ghníomhóidh mar chathaoirleach ar an gcruinniú.

(3) Íocfar le gach comhalta de choiste a cheapfar amhlaidh, as airgead a bheidh faoina réir ag an gComhairle, cibé liúntais, i leith caiteachais a thabhóidh sé, a cheadóidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.

Táillí is iníoctha leis an gComhairle.

38. —(1) I gcás ina nglacfar duine i bhfostaíocht ar mhodh printíseachta le gníomhaíocht tionsclaíoch ainmnithe, íocfaidh sé leis an gComhairle cibé méid de tháille a bheidh forordaithe (is táille i leith clárú sa chlár a bheidh á choimeád faoi alt 33 den Acht seo).

(2) Is gá toiliú an Aire le rialacha chun críocha fho-alt (1) den alt seo.

(3) I gcás ina soláthróidh an Chomhairle cúrsaí, saoráidí nó seirbhísí i ndáil le daoine a oiliúint, féadfaidh an Chomhairle cibé táille (más aon táille í) a chinnfidh an Chomhairle ina leith a bhaint amach agus beidh an táille sin iníoctha leis an gComhairle: ar choinníoll i gcás ina ndéanfaidh duine, ar thionscnamh a fhostóra, freastal ar aon chúrsa den sórt sin nó leas a bhaint as aon seirbhís nó saoráid den sórt sin, is ar an bhfostóir a bheidh, agus is ar an bhfostóir amháin a bheidh, íoc aon táille is iníoctha leis an gComhairle ina leith sin.

(4) Má mhainnítear táille a íoc léi faoin alt seo, féadfaidh an Chomhairle í a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon Chúirt dlínse inniúla ón duine (lena n-áirítear duine nach bhfuil bliain agus fiche d'aois slán aige) a dhlíonn í a íoc.

(5) Féadfaidh an Chomhairle, más cuí léi in aon chás áirithe, duine a dhíolmhú ó aon táille a íoc faoin alt seo.

Cumhacht chun fostóirí a dhíolmhú i gcásanna áirithe.

39. —(1) Féadfaidh an Chomhairle, más cuí léi i gcás ina mbeidh duine áirithe ar fostú mar phrintíseach ag fostóir áirithe, an fostóir a dhíolmhú ó cheanglais mhíreanna (a) (b) nó (e) d'fho-alt (5) d'alt 27 den Acht seo.

(2) Féadfaidh an Chomhairle, más cuí léi i gcás ina mbeidh duine áirithe ar fostú mar phrintíseach ag fostóir áirithe, an fostóir a dhíolmhú ó cheanglais shonraithe rialacha a luaitear i mír (e) d'fho-alt (1) den alt sin 27.

(3) Féadfaidh an Chomhairle, más cuí léi i gcás fostóir áirithe do ghlacadh duine áirithe i bhfostaíocht mar phrintíseach, an fostóir a dhíolmhú ó cheanglas alt 31 den Acht seo.

Srian le halt 48 den Acht Caidrimh Thionscail, 1946 , agus le comhaontuithe agus orduithe áirithe faoin Acht sin.

1946, Uimh. 26 .

40. —(1) Maidir le duine lena mbaineann rialacha faoi mhír (f) d'fho-alt (1) d'alt 27 den Acht seo de thuras na huaire, scoirfidh alt 48 den Acht d'éifeacht a bheith aige.

(2) Dearbhaítear leis seo nach ndéanfaidh aon ní i gcomhaontú fostaíochta atá clárathe sa Chlár nó in ordú ón gCúirt Oibreachais faoi alt 43 den Acht difear d'fhorálacha alt 41 den Acht seo.

(3) Ar theacht i bhfeidhm d'aon rialacha faoi alt 27 den Acht seo—

(a) scoirfidh aon fhorálacha de chomhaontú fostaíochta a bheidh i bhfeidhm an tráth sin agus a bheidh cláraithe sa Chlár agus a bhainfidh le nithe is ábhar do na rialacha, agus

(b) scoirfidh aon fhorálacha d'ordú a bheidh i bhfeidhm an tráth sin agus a rinne an Chúirt Oibreachais faoi alt 43 den Acht agus a bhainfidh le nithe is ábhar do na rialacha,

d'éifeacht a bheith acu.

(4) I gcás ina ndéanfar, le linn rialacha faoi alt 27 den Acht seo nó rialacha a luaitear in alt 49 den Acht seo a bheith i bhfeidhm, comhaontú fostaíochta a chlárú sa Chlár, ní bheidh éifeacht ag aon fhorálacha den chomhaontú a bhainfidh le nithe is ábhar do na rialacha.

(5) I gcás ina ndéanfaidh an Chúirt Oibreachais ordú faoi alt 43 den Acht le linn rialacha faoin Acht seo nó rialacha a luaitear in alt 49 den Acht seo a bheith i bhfeidhm, ní bheidh éifeacht ag aon fhorálacha den ordú a bhainfidh le nithe is ábhar do na rialacha.

(6) San alt seo—

ciallaíonn “an tAcht” an tAcht Caidrimh Thionscail, 1946 ;

ciallaíonn “an Clár” an Clár de Chomhaontuithe Fostaíochta atá á chothabháil ag an gCúirt Oibreachais faoi alt 26 den Acht.

PART IV

Ilghnéitheach

Cumhacht chun a áirithiú go soláthrófar, maidir le gníomhaíocht tionscail, daoine oilte.

41. —(1) D'fhonn a áirithiú go soláthrófar leor-líon daoine oilte chun freastal do riachtanais ghníomhaíocht tionscail, féadfaidh an Chomhairle cibé comhshocraíochtaí a dhéanamh a mheasfaidh sí is gá.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo féadfaidh an Chomhairle, chun na críche a luaitear san fho-alt sin (1), más oiriúnach léi, ceachtar ní nó an dá ní acu seo a leanas a dhéanamh:

(a) más deimhin léi maidir le fostóir a sheolann—

(i) gníomhaíocht tionsclaíoch ainmnithe, nó

(ii) ceird atá sonraithe de thuras na huaire in ordú faoi alt 21 d'Acht 1959,

go bhfuil dóthain saoráidí aige chun daoine a oiliúint ar mhodh printíseachta i bhfostaíocht leis an ngníomhaíocht nó leis an gceird, comhshocraíocht a dhéanamh leis an bhfostóir chun go nglacfaidh sé duine i bhfostaíocht leis an ngníomhaíocht nó leis an gceird ar mhodh printíseachta;

(b) comhshocraíocht a dhéanamh le fostóir chun go nglacfaidh sé i bhfostaíocht le gníomhaíocht tionscail duine áirithe ar éirigh leis in oiliúint a bhí ann don fhostaíocht agus a rinne an Chomhairle a sholáthar nó a cheadú faoin Acht seo maidir leis an ngníomhaíocht.

(3) I gcás ina mbeidh an Chomhairle tar éis aon chomhshocraíocht a dhéanamh faoin alt seo, ní dhéanfaidh aon duine gníomh ná ní chun an Chomhairle nó fostóir a chosc nó a bhac ón gcomhshocraíocht a chur i ngníomh.

Cumhachtaí oifigeach údaraithe.

42. —(1) Féadfaidh oifigeach údaraithe gach ní nó aon ní acu seo a leanas a dhéanamh:

(a) dul isteach gach tráth réasúnach in aon áitreabh ina mbeidh gníomhaíocht tionsclaíoch ainmnithe á seoladh nó a mbeidh cúis réasúnach aige a chreidiúint go bhfuil duine ar bith ar fostú san áitreabh,

(b) gach duine a gheobhaidh sé in aon áitreabh a mbeidh teideal aige faoin alt seo dul isteach ann a scrúdú ina aonar nó i láthair aon duine eile, mar is oiriúnach leis, maidir le hábhair faoin Acht seo, agus a cheangal ar an duine sin freagra a thabhairt ar aon cheisteanna a fhiafróidh sé de i dtaobh na n-ábhar sin, agus dearbhú a shíniú go bhfuil na freagraí ar na ceisteanna fíor,

(c) scrúdú a dhéanamh ar na modhanna a úsáidtear ag oiliúint nó ag teagasc aon duine a gheobhaidh sé ar fostú le gníomhaíocht tionsclaíoch ainmnithe in aon áitreabh a luaitear i mír (b) den fho-alt seo agus comhairle a thabhairt faoin oiliúint agus faoin teagasc sin.

(2) Ní cheanglófar de bhua mhír (b) d'fho-alt (1) den alt seo ar aon duine freagra a thabhairt ar aon cheist nó aon fhianaise a thabhairt d'ionchoireodh é féin.

(3) Féadfaidh oifigeach údaraithe, trí fhógra i scríbhinn a sheirbheálfar ar dhuine a sheolann gníomhaíocht tionsclaíoch ainmnithe a cheangal air sonraí sainráite maidir leis na daoine nó aon duine sonraithe a bheidh ar fostú aige in aon fhostaíocht leis an ngníomhaíocht a thabhairt don oifigeach laistigh d'am sonraithe agus i slí shonraithe.

Deimhnithe oifigeach údaraithe.

43. —Gheobhaidh oifigeach údaraithe deimhniú ón gComhairle ar a cheapadh mar oifigeach údaraithe agus, le linn dó a bheith ag feidhmiú aon chumhachta dá dtugtar dó leis an Acht seo, déanfaidh sé, má iarrtar sin air, an deimhniú a thabhairt ar aird d'aon duine lena mbainfidh.

Cóipeanna de rialacha nó achomaireachtaí ar rialacha a chur ar taispeáint.

44. —(1) I gcás ina gceanglaítear le rialacha faoi alt 27 nó le rialacha a luaitear in alt 49 den Acht seo cóipeanna clóite de na rialacha, nó achomaireachtaí clóite ar na rialacha, a bheidh ceadaithe ag an gComhairle a chur, agus a choimeád, ar taispeáint, cuirfear, agus coimeádfar, ar taispeáint na cóipeanna sin—

(a) in áit fheiceálach i ngach áitreabh ina bhfuil daoine lena mbaineann na rialacha ar fostú, agus

(b) i litreacha agus in ionad de shórt gur féidir le daoine atá ar fostú amhlaidh san áitreabh sin iad a léamh go caothúil.

(2) Ní dhéanfaidh aon duine go toiliúil aon chóip de rialacha nó achomaireacht ar rialacha a cuireadh suas de bhun an ailt seo a stracadh anuas, a dhíobhálú ná a aghlot.

Cionta agus pionóis.

45. —(1) I gcás duine ar a seirbheálfar fógra faoi alt 26 den Acht seo maidir le haon tuairisceán, eolas nó taifead do mhainniú nó d'fhaillí déanamh de réir cheanglas an fhógra, beidh sé ciontach i gcion mura gcruthóidh sé don Chúirt nár ghá an tuairisceán, an t-eolas nó an taifead le go gcomhlíonfadh an Chomhairle a feidhmeanna nó, i gcás eolais den sórt sin, nach raibh sé aige.

(2) I gcás duine ar a seirbheálfar fógra faoin alt sin 26—

(a) do thabhairt, de bhun ceanglais a bheidh san fhógra, aon tuairisceán nó eolas eile is feasach dó a bheith bréagach nó míthreorach in aon phonc ábartha,

(b) do chur i dtaifead a cheanglóidh an fógra a thabhairt ar aird aon ní is feasach dó a bheith bréagach nó, le hintinn meabhlaireacht a dhéanamh, a úsáidfidh aon ní den sórt sin is eol dó a bheith bréagach,

beidh sé ciontach i gcion.

(3) Beidh duine a sháróidh mír (a), (b) (c) nó (e) d'fho-alt (5) d'alt 27, alt 31, alt 35 nó fo-alt (2) d'alt 44 den Acht seo ciontach i gcion.

(4) I gcás duine ar a gceanglaítear le rialacha faoi alt 27 den Acht seo cóipeanna de na rialacha nó cóipeanna d'achomaireachtaí ar na rialacha a bheidh ceadaithe ag an gComhairle a chur, agus a choimeád, ar taispeáint, de réir alt 44 den Acht seo, do mhainniú nó d'fhaillí déanamh de réir na gceanglas, beidh sé ciontach i gcion.

(5) I gcás duine ar a gcuirfear ceanglas le rialacha a luaitear i mír (e) d'fho-alt (1) d'alt 27 den Acht seo do mhainniú nó d'fhaillí déanamh de réir an cheanglais, beidh sé ciontach i gcion.

(6) I gcás ina sáróidh duine rialacha a luaitear i mír (f) d'fho-alt (1) d'alt 27 den Acht seo, beidh sé ciontach i gcion.

(7) (a) I gcás duine ar a seirbheálfar fógra faoi mhír (a) d'fho-alt (2) d'alt 32 den Acht seo a bheith, aon tráth le linn dó do mhainniú nó d'fhaillí déanamh de réir cheanglas an fhógra, in aon áitreabh a áitíonn an fostóir ar a ndéanfar fógra a bhaineann leis an duine a sheirbheáil faoi mhír (b) den fho-alt sin (2), nó do dhéanamh obair le haghaidh nó thar ceann an fhostóra, beidh an fostóir ciontach i gcion.

(b) I gcás ina gcúiseofar fostóir i gcion faoin bhfo-alt seo, is cosaint mhaith dó a shuíomh—

(i) go ndearna sé tar éis an dara fógra a luaitear i mír (a) den fho-alt seo a sheirbheáil air, gníomhartha réasúnacha chun a áirithiú go ndéanfaí de réir cheanglas an fhógra, agus

(ii) go raibh an duine a luaitear i mír (a) den fho-alt seo san áitreabh an tráth iomchuí gan toiliú an fhostóra.

(8) Aon duine a mhainneoidh nó a fhailleoidh déanamh de réir cheanglas fho-alt (1) nó (2) d'alt 34 den Acht seo nó de réir fógra faoi cheachtar de na fo-ailt sin a sheirbheálfar air beidh sé ciontach i gcion.

(9) Aon duine a sháróidh fo-alt (3) d'alt 41 den Acht seo beidh sé ciontach i gcion.

(10) Más rud é—

(a) go gcuirfidh duine toirmeasc le duine, nó go ndéanfaidh sé iarracht ar thoirmeasc a chur le duine, láithriú os comhair oifigeach údaraithe a bheidh ag feidhmiú aon chumhachta dá dtugtar d'oifigeach údaraithe le fo-alt (1) d'alt 42 den Acht seo,

(b) go ndiúltóidh duine go toiliúil freagra a thabhairt ar cheisteanna a chuirfidh oifigeach udaraithe air go dleathach faoin bhfo-alt sin,

(c) go ndiúltóidh duine dearbhú a shíniú a cheanglóidh oifigeach údaraithe air go dleathach a shíniú faoin bhfo-alt sin, nó

(d) go gcuirfidh duine cosc nó bac in aon slí eile ar oifigeach údaraithe agus é ag feidhmiú aon chumhachta dá dtugtar d'oifigeach údaraithe leis an bhfo-alt sin,

beidh sé ciontach i gcion.

(11) Aon duine ar a seirbheálfar fógra faoi fho-alt (3) d'alt 42 den Acht seo agus a mhainneoidh nó a fhailleoidh déanamh de réir cheanglais an fhógra, beidh sé ciontach i gcoin.

(12) (a) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoi fho-alt (9) den alt seo dlífear, ar é a chiontú ann ar díotáil, fíneáil nach mó ná míle punt a chur air agus ina theannta sin, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil nach mó ná céad punt in aghaidh gach lae a leanfar den chion.

(b) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoi aon fho-alt eile den alt seo dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná céad punt a chur air agus ina theannta sin, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil nach mó ná deich bpunt in aghaidh gach lae a leanfar den chion.

(13) I gcás ina gcruthófar maidir le cion faoin Acht seo gur comhlacht corpraithe a rinne é agus ina gcruthófar go ndearnadh amhlaidh é le toiliú nó le cúlcheadú, nó go bhfuil sé inchurtha i leith aon fhaillí ar thaobh, aon stiúrthóra, bainisteora, rúnaí, oifigigh eile nó seirbhísigh don chomhlacht corpraithe sin, measfar an stiúrthóir, an bainisteoir, an rúnaí, an t-oifigeach nó an seirbhíseach eile sin nó aon duine, agus é ag airbheartú a bheith ag gníomhú sa cháil sin, a bheith tar éis an cion sin a dhéanamh freisin agus measfar eisean agus fós an comhlacht corpraithe a bheith ciontach sa chion.

Inchúiseamh i leith cionta.

46. —Féadfaidh an Chomhairle inchúiseamh a dhéanamh i leith ciona faoin Acht seo.

Cruthú ar orduithe, ar rialacha agus ar rialacháin.

1925, Uimh. 24 .

47. —Bainfidh alt 4 den Acht um Fhianaise Scríbhinne, 1925 , le gach ordú, riail agus rialachán faoin Acht seo.

Fógraí a sheirbheáil agus a shíniú.

1963, Uimh. 33 .

48. —(1) Féadfar fógra a thabharfar de bhun an Achta seo nó de bhun rialacha nó rialacháin faoin Acht seo nó de bhun rialacha a luaitear in alt 49 den Acht seo a sheirbheáil ar dhuine—

(a) trína sheachadadh dó, nó

(b) trína chur leis an bpost cláraithe i gclúdach a bheidh dírithe chuige ag an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí air nó ina seolann sé gnó.

(2) Aon fhógra a thabharfaidh an Chomhairle de bhun an Achta seo nó de bhun rialacha faoin Acht seo nó de bhun rialacha a luaitear in alt 49 den Acht seo is cead gurb oifigeach don Chomhairle a bheidh údaraithe chuige sin a shíneoidh é.

(3) Chun críocha fho-alt (1) den alt seo measfar, i gcás cuideachta atá cláraithe faoi Acht na gCuideachtaí, 1963 , gurb ina hoifig chláraithe a sheolann sí gnó agus, i gcás gach comhlachta chorpraithe agus gach comhlachta neamhchorpraithe eile, measfar gurb ina phríomh-oifig nó ina phríomh-áit ghnó a sheolann sé gnó.

Forálacha eatramhacha.

1895, c. 16.

49. —(1) D'ainneoin aon ní in alt 7 den Acht seo, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:

(a) aon ordú faoi alt 21 nó alt 22 d'Acht 1959 a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an lá bunaithe leanfaidh sé i bhfeidhm agus féadfaidh an Chomhairle é a leasú nó a chúlghairm le hordú faoin alt seo, faoi réir an mhodhnaithe, i gcás ordú faoin alt sin 22, go gcuirfear in ionad aon tagartha ann d'fheidhmeanna atá le comhlíonadh ag an gcoiste a bhunaigh an t-ordú tagairt don fheidhm arb éard í comhairle agus cúnamh a thabhairt don Chomhairle maidir leis an gComhairle d'fheidmiú a feidhmeanna i ndáil leis an ngníomhaíocht tionscail a fhreagraíonn don cheird a bheidh sonraithe de thuras na huaire san ordú, agus forléireofar mar thagairt don Chomhairle aon tagairt don Cheard-Chomhairle in aon ordú faoi cheachtar de na hailt sin,

(b) gach riail a rinneadh agus gach fógra a tugadh faoi Acht 1959 agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an lá bunaithe leanfaidh siad i bhfeidhm agus riarfaidh an Chomhairle gach riail den sórt sin i leith an limistéir ar dó agus ina leith a rinneadh í iarbhír faoi Acht 1959 agus féadfaidh an Chomhairle gach riail den sórt sin a leasú nó a chúlghairm le hordú faoin alt seo agus féadfaidh an Chomhairle imeachtaí agus pionóis a d'éirigh nó a éireoidh maidir le haon riail nó fógra den sórt sin, roimh an lá bunaithe, an lá bunaithe nó dá éis, a thabhairt ar aghaidh, a ghnóthú agus a chur i bhfeidhm.

(c) gach doiciméad a airbheartaíonn gur ionstraim é a rinne an Cheard-Chomhairle agus a bheith séalaithe le séala (a airbheartaíonn a bheith fíordheimhnithe de réir alt 16 d'Acht 1959) na Ceard-Chomhairle leanfar dá é a ghlacadh i bhfianaise agus dá a mheas gurb é an ionstraim sin é gan chruthúnas mura suífear a mhalairt,

(d) má bhíonn coiste a bunaíodh le hordú faoin alt sin 22 gan rialacha a dhéanamh roimh an lá bunaithe de réir cheanglas fho-alt (1) d'alt 29 d'Acht 1959, féadfaidh an Chomhairle, ar chomhairle an choiste, rialacha den sórt sin a dhéanamh agus beidh, chun críocha alt 45 den Acht seo, éifeacht ag aon rialacha a dhéanfar faoin mír seo ionann is dá mba faoi mhír (e) d'fho-alt (1) d'alt 27 den Acht seo a rinneadh iad, agus

(e) aon deimhniú a eisíodh faoi alt 56 d'Acht 1959 agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an lá bunaithe leanfaidh sé, má bhaineann agus a mhéid a bhaineann sé le haon riail den sórt sin, d'fheidhm a bheith aige agus féadfaidh an Chomhairle, le deimhniú faoin alt seo, é a leasú nó a chúlghairm.

(2) Féadfaidh an Chomhairle, le hordú, ordú faoin alt seo a leasú nó a chúlghairm agus féadfaidh sí, le deimhniú, deimhniú faoin alt seo a leasú nó a chúlghairm.

(3) An mhaoin uile, réadach nó pearsanta (lena n-áirítear ábhair i gcaingean), a bhí, díreach roimh an lá bunaithe, dílsithe don Cheard-Chomhairle nó dá cuid féin aici nó ar teachtadh ar iontaobhas nó faoi réir coinníollacha di agus gach ceart, cumhacht agus pribhléid a bhaineann nó a ghabhann le haon mhaoin den sórt sin tiocfaidh siad chun bheith agus beidh siad, an lá bunaithe, gan aon tíolacadh ná sannadh ach faoi réir a n-aistrithe, más gá sin, i leabhair aon bhainc, corparáide nó cuideachta, dílsithe don Chomhairle nó dá cuid féin aici nó ar teachtadh ar iontaobhas nó faoi réir coinníollacha (de réir mar is gá sa chás) di chun an eastáit, an téarma nó an leasa go léir chun a raibh an céanna, díreach roimh an lá bunaithe, dílsithe don Cheard-Chomhairle nó dá cuid féin aici nó ar teachtadh ar iontaobhas nó faoi réir coinníollacha di, ach faoi réir na n-iontaobhas, na gcoinníollacha agus na gcothromas go léir a bhain leis an gcéanna agus a bhí an tráth sin ar marthain agus inchomhlíonta.

(4) An mhaoin uile a aistrítear leis an alt seo agus a bhí, díreach roimh an lá bunaithe, i leabhair aon bhainc, nó cláraithe i leabhair aon bhainc, corparáide nó cuideachta in ainm na Ceard-Chomhairle, déanfaidh an banc, an chorparáid nó an chuideachta sin, ar an gComhairle á iarraidh sin, í a aistriú sna leabhair sin chun ainm na Comhairle.

(5) Gach ábhar i gcaingean a aistrítear leis an alt seo ón gCeard-Chomhairle chun na Comhairle féadfaidh an Chomhairle, an lá bunaithe agus dá éis, agra a dhéanamh ina leith, é a ghnóthú nó a chur i bhfeidhm ina hainm féin, agus ní gá don Chomhairle fógra i dtaobh an aistrithe a dhéantar leis an alt seo a thabhairt don duine atá faoi cheangal ag an ábhar i gcaingean sin.

(6) Gach fiach agus gach dliteanas eile (lena n-áirítear dliteanais neamhleachtaithe ó thorta nó ó sháruithe conartha) a bhí, díreach roimh an lá bunaithe, dlite den Cheard-Chomhairle agus gan íoc aici nó tabhaithe agus gan fuascailt aici, tiocfaidh sé chun bheith agus beidh sé, an lá bunaithe, ina fhiach nó ina dhliteanas ar an gComhairle agus íocfaidh nó fuasclóidh an Chomhairle é agus féadfar é a ghnóthú ón gComhairle nó a chur i bhfeidhm ina coinne dá réir sin.

(7) Gach comhshocraíocht a rinneadh faoi alt 39 d'Acht 1959 agus gach conradh a rinneadh agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an lá bunaithe idir an Cheard-Chomhairle agus aon duine leanfaidh siad i bhfeidhm an lá bunaithe agus dá éis, ach forléireofar gach conradh den sórt sin agus beidh éifeacht aige ionann is dá gcuirfí an Chomhairle ann in ionad na Ceard-Chomhairle, agus beidh gach comhshocraíocht agus gach conradh den sórt sin inchurtha i bhfeidhm dá réir sin ag an gComhairle nó ina coinne.

(8) Má bhíonn, díreach roimh an lá bunaithe, aon imeachtaí dlíthiúla ar feitheamh ar páirtí iontu an Cheard-Chomhairle, cuirfear ainm na Comhairle in ionad ainm na Ceard-Chomhairle, agus ní thitfidh na himeachtaí ar lár de dhroim an chur in ionad sin.

(9) Gach clár atá á choimeád faoi alt 44 d'Acht 1959 ag coiste printíseachta de réir brí an Achta sin cuirfear isteach é sa chlár, agus measfar gur cuid é den chlár, a cheanglaítear ar an gComhairle a choimeád faoi alt 33 den Acht seo.

(10) Ní bheidh feidhm ag alt 12 den Finance Act, 1895, maidir leis an maoin nó na cearta a aistrítear leis an alt seo a dhílsiú don Chomhairle.

AN CHÉAD SCEIDEAL

An Chomhairle

Alt 8.

1. Beidh an Chomhairle ina comhlacht corpraithe le comharbas suthain agus beidh cumhacht agartha aici agus beidh sí inagartha faoina hainm corpraithe agus beidh cumhacht aici chun talamh a fháil, a theachtadh agus a dhiúscairt.

2. Beidh an Chomhairle comhdhéanta de chathaoirleach agus trí ghnáth-chomhalta dhéag.

3. Féadfaidh cathaoirleach na Comhairle tráth ar bith éirí as a oifig trí litir a bheidh dírithe chun an Aire agus beidh éifeacht ag an éirí as amhail ar an agus ón dáta a gheobhaidh an tAire an litir.

4. Féadfaidh an tAire tráth ar bith cathaoirleach na Comhairle a chur as oifig.

5. Má thagann cathaoirleach na Comhairle chun bheith ina chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas ansin ar é a theacht, faoi Bhuan-Orduithe an Tí sin, chun bheith i dteideal suí sa Teach sin scoirfidh sé de bheith ina chathaoirleach ar an gComhairle.

6. Duine ag a mbeidh de thuras na huaire teideal faoi Bhuan-Orduithe cheachtar Teach den Oireachtas suí sa Teach sin beidh sé dícháilithe chun bheith ina chathaoirleach ar an gComhairle.

7. Ceapfaidh an tAire cathaoirleach na Comhairle—

(a) i bhfeidhmeannas lán-aimsire agus faoi réir coinníll go ngníomhóidh an cathaoirleach mar Phríomh-Oifigeach, nó

(b) i bhfeidhmeannas páirtaimsire,

agus faoi réir an mhéid sin roimhe seo, alt 10 den Acht seo agus airteagal 8 den Sceideal seo, sealbhóidh sé a oifig ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an tAire.

8. Íocfar le cathaoirleach na Comhairle, as airgead a bheidh faoina réir ag an gComhairle, cibé luach saothair agus liúntais i leith caiteachais faoina rachaidh sé a chinnfidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.

9. Comhaltaí oibrithe a bheidh i gcúigear, comhaltaí fostóirí a bheidh i gcúigear, comhalta oideachais a bheidh i nduine agus iondaithe don Aire a bheidh i mbeirt de ghnáth-chomhaltaí na Comhairle.

10. Tabharfaidh an tAire cuireadh d'eagras a bheidh ionadaitheach do cheardchumainn oibrithe chun cúig dhuine a ainmniú lena gceapadh mar chomhaltaí oibrithe na Comhairle agus déanfaidh an tAire na daoine a ainmneofar amhlaidh a cheapadh mar chomhaltaí oibrithe na Comhairle.

11. Tabharfaidh an tAire cuireadh d'eagras nó d'eagrais a bheidh ionadaitheach d'fhostóirí chun daoine a ainmniú lena gceapadh mar chomhaltaí fostóirí na Comhairle agus déanfaidh an tAire cúigear de na daoine a ainmneofar amhlaidh a cheapadh mar chomhaltaí fostóirí na Comhairle.

12. Déanfaidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Oideachais, duine a mheasfaidh sé a bheith ionadaitheach do leasa oideachais a cheapadh mar chomhalta oideachais na Comhairle.

13. Is comhalta páirtaimsire den Chomhairle a bheidh i ngach gnáth-chomhalta den Chomhairle agus faoi réir forálacha an Sceidil seo sealbhóidh sé oifig ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an tAire.

14. Beidh gnáth-chomhalta den Chomhairle a rachaidh a théarma oifige in éag le himeacht aimsire inathcheaptha.

15. Féadfaidh an tAire tráth ar bith gnáth-chomhalta den Chomhairle a chur as oifig.

16. Féadfaidh gnáth-chomhalta den Chomhairle éirí as a oifig trí litir a bheidh dírithe chun an Aire agus beidh éifeacht ag an éirí as amhail ar an agus ón dáta a gheobhaidh an tAire an litir.

17. Beidh comhalta den Chomhairle dícháilithe chun oifig a shealbhú agus scoirfidh sé d'oifig a shealbhú má bhreithnítear ina fhéimheach é nó má dhéanann sé imshocraíocht nó comhshocraíocht le creidiúnaithe, nó má thugann cúirt dlínse inniúla pianbhreith phríosúnachta nó phianseirbhíse air nó má scoireann sé de bheith ina ghnáth-chónaí sa Stát.

18. Íocfar le gach gnáth-chomhalta den Chomhairle, as airgead a bheidh faoina réir ag an gComhairle, cibé caiteachais a cheadóidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.

19. Má tharlaíonn corrfholúntas i measc comhaltaí oibrithe na Comhairle, tabarfaidh an tAire cuireadh láithreach d'eagras a bheidh ionadaitheach do cheardchumainn oibrithe chun duine a ainmniú lena cheapadh chun an folúntas a líonadh agus ceapfaidh an tAire an duine a ainmneofar amhlaidh chun an folúntas a líonadh.

20. Má tharlaíonn corrfholúntais i measc comhaltaí fostóirí na Comhairle, tabharfaidh an tAire cuireadh d'eagras nó d'eagrais a bheidh ionadaitheach d'fhostóirí chun daoine a ainmniú lena gceapadh chun an folúntas a líonadh agus ceapfaidh an tAire duine de na daoine a ainmneofar amhlaidh chun an folúntas a líonadh.

21. Má scoireann comhalta oideachais na Comhairle d'oifig a shealbhú, déanfaidh an tAire, a luaithe is féidir, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Oideachais, duine a cheapadh a mheasfaidh sé a bheith ionadaitheach do leasa oideachais chun an folúntas a líonadh.

22. Má scoireann comhalta den Chomhairle is ionadaí don Aire d'oifig a shealbhú, ceapfaidh an tAire, a luaithe is féidir, duine a mheasfaidh sé a bheith oiriúnach chun an folúntas a líonadh.

23. Beidh ag an gComhairle cibé cruinnithe agus cibé méid cruinnithe is gá chun a feidhmeanna a chomhlíonadh.

24. Féadfaidh an tAire dáta, am agus ionad chéad chruinniú na Comhairle a shocrú.

25. Seacht gcomhalta is córam do chruinniú den Chomhairle.

26. Ag cruinniú den Chomhairle—

(a) is é cathaoirleach na Comhairle, má bhíonn sé i láthair, a bheidh ina chathaoirleach ar an gcruinniú,

(b) má bhíonn agus an fad a bheidh cathaoirleach na Comhairle as láthair nó oifig an chathaoirligh folamh, déanfaidh na comhaltaí den Chomhairle a bheidh i láthair duine dá líon a roghnú chun bheith ina chathaoirleach ar an gcruinniú.

27. Beidh vóta ag cathaoirleach na Comhairle agus ag gach gnáth-chomhalta den Chomhairle ag cruinniú den Chomhairle.

28. Déanfar gach ceist ag cruinniú den Chomhairle a chinneadh le tromlach vótaí na gcomhaltaí a bheidh i láthair agus a vótálfaidh ar an gceist agus, i gcás comhionannas vótaí, beidh an dara vóta nó vóta cinniúna ag cathaoirleach an chruinnithe.

29. Féadfaidh an Comhairle gníomhú d'ainneoin folúntas nó folúntais i measc a comhaltaí.

30. Faoi réir forálacha an Sceidil seo, rialálfaidh an Chomhairle nós imeachta agus gnó na Comhairle le buan-orduithe nó ar shlí eile.

31. Soláthróidh an Chomhairle séala di féin a luaithe is féidir tar éis a bunaithe.

32. Fíordheimhneofar séala na Comhairle le síniú chathaoirleach na Comhairle nó chomhalta éigin eile den Chomhairle a mbeidh údarás aige ón gComhairle gníomhú chuige sin mar aon le síniú oifigigh don Chomhairle a mbeidh údarás aige ón gComhairle gníomhú chuige sin.

33. Tabharfar aird bhreithiúnach ar shéala na Comhairle agus glacfar i bhfianaise gach doiciméad a airbheartóidh gur ionstraim é a rinne an Chomhairle agus a bheith séalaithe le séala na Comhairle (á airbheartú gur fíordheimhníodh de réir Airteagal 32 den Sceideal seo é) agus measfar gurb í an ionstraim sin é gan chruthúnas, mura suítear a mhalairt.

AN DARA SCEIDEAL

Coistí Oiliúna Tionscail

Alt 24.

1. Beidh comhalta de choiste oiliúna tionscail a rachaidh a théarma oifige in éag le himeacht aimsire inathcheaptha.

2. Féadfaidh an Chomhairle comhalta de choiste oiliúna tionscail a chur as oifig.

3. Féadfaidh aon chomhalta de choiste oiliúna tionscail éirí as a oifig trí litir a bheidh dírithe chun na Comhairle agus beidh éifeacht ag an éirí as amhail ar an agus ón dáta a gheobhaidh an Chomhairle an litir.

4. Beidh comhalta de choiste oiliúna tionscail dícháilithe chun oifig a shealbhú agus scoirfidh sé d'oifig a shealbhú má bhreithnítear ina fhéimheach é nó má dhéanann sé imshocraíocht nó comhshocraíocht le creidiúnaithe, nó má thugann cúirt dlínse inniúla pianbhreith phríosúnachta nó phianseirbhíse air nó má scoireann sé de bheith ina ghnáth-chónaí sa Stát.

5. Faoi réir fho-alt (5) d'alt 24 den Acht seo, íocfar le cathaoirleach choiste oiliúna tionscail, as airgead a bheidh faoina réir ag an gComhairle, cibé táille as bheith i láthair ag cruinnithe an choiste a chinnfidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais agus, má bhíonn an cathaoirleach as láthair ó chruinniú den choiste, féadfar, más oiriúnach leis an gComhairle, an táille ab iníochta leis a íoc leis an duine a ghníomhóidh mar chathaoirleach ar an gcruinniú.

6. Faoi réir fho-alt (5) d'alt 24 den Acht seo, íocfar le gach comhalta de choiste oiliúna tionscail, as airgead a bheidh faoina réir ag an gComhairle, cibé liúntais, i leith caiteachais faoina rachaidh sé, a cheadóidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.

7. Má tharlaíonn corrfholúntas i measc comhaltaí oibrithe choiste oiliúna tionscail, tabharfaidh an Chomhairle, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire, cuireadh d'eagras a bheidh ionadaitheach do cheardchumainn oibrithe chun duine a ainmniú lena cheapadh chun an folúntas a líonadh agus déanfaidh an Chomhairle, nuair a ainmneofar an duine amhlaidh, an duine a cheapadh chun an folúntas a líonadh.

8. Má tharlaíonn corrfholúntas i measc comhaltaí fostóirí choiste oiliúna tionscail, tabharfaidh an Chomhairle, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire, cuireadh d'eagras nó d'eagrais a bheidh ionadaitheach d'fhostóirí chun daoine a ainmniú lena gceapadh chun an folúntas a líonadh agus déanfaidh an Chomhairle, nuair a bheidh daoine ainmnithe amhlaidh, duine a cheapadh as líon na ndaoine a bheidh ainmnithe amhlaidh chun an folúntas a líonadh.

9. Má tharlaíonn corrfholúntas i measc comhaltaí oideachais choiste oiliúna tionscail, déanfaidh an Chomhairle, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Oideachais, duine a cheapadh chun an folúntas a líonadh.

10. Má tharlaíonn corrfholúntas i measc gnáth-chomhaltaí choiste oiliúna tionscail nach comhaltaí oibrithe, comhaltaí fostóirí ná comhaltaí oideachais, déanfaidh an Chomhairle, tar éis dul i gcomhairle le cibé eagrais a mheasfaidh sí a bheith oiriúnach, duine a cheapadh chun an folúntas a líonadh.

11. Aon duine a cheapfar chun bheith ina chomhalta de choiste oiliúna tionscail faoi Airteageal 7, 8, 9 nó 10 den Sceideal seo sealbhóidh sé oifig ar feadh na coda a bheith fágtha de théarma a réamhtheachtaí.

12. Ag cruinniú de choiste oiliúna tionscail—

(i) is é an cathaoirleach, má bhíonn sé i láthair, a bheidh ina chathaoirleach ar an gcruinniú,

(ii) má bhíonn agus an fad a bheidh an cathaoirleach as láthair nó oifig an chathaoirligh folamh, déanfaidh na comhaltaí a bheidh i láthair duine dá líon a roghnú chun bheith ina chathaoirleach ar an gcruinniú.

13. Faoi réir forálacha an ordaithe iomchuí faoi alt 24 den Acht seo agus forálacha an Sceidil seo, rialálfaidh coiste oiliúna tionscail nós imeachta agus gnó an choiste le buan-orduithe nó ar shlí eile.