13 1967


Uimhir 13 de 1967


AN tACHT UM RÁTAÍ AR THALAMH TALMHAÍOCHTA (FAOISEAMH), 1967

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA UM RÁTAÍ AR THALAMH TALMHAÍOCHTA (FAOISEAMH), 1939 GO 1964, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [28 Meitheamh, 1967]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

Léiriú.

1939, Uimh. 23 .

1946, Uimh. 36 .

1953, Uimh. 36 .

1962, Uimh. 23 .

1964, Uimh. 35 .

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1939” an tAcht um Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta (Faoiseamh), 1939 ;

ciallaíonn “Acht 1946” an tAcht um Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta (Faoiseamh), 1946 ;

ciallaíonn “Acht 1953” an tAcht um Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta (Faoiseamh), 1953 ;

ciallaíonn “Acht 1962” an tAcht um Rátaí ar Thalamh Talmhaíochta (Faoiseamh), 1962 ;

ciallaíonn “Acht 1964” an tAcht um Rátaí ar Thalamh Talmhaíochta (Faoiseamh), 1964 .

Leasú ar alt 1 d'Acht 1962.

2. —(1) Déantar leis seo alt 1 (1) d'Acht 1962, arna leasú le halt 2 d'Acht 1964, a leasú trí “an 31ú lá de Mhárta, 1967, an 31ú lá de Mhárta, 1968, an 31ú lá de Mhárta, 1969, agus an 31ú lá de Mhárta, 1970,” a chur in ionad “agus an 31ú lá de Mhárta, 1967,”.

(2) Dá réir sin déantar leis seo “sé bliana déag” a chur in ionad “trí bliana déag” mar a bhfuil na focail deiridh sin in alt 1 d'Acht 1953 sa tagairt don bhliain airgeadais áitiúil dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1954, agus na trí bliana déag airgeadais áitiúla ina dhiaidh sin.

Leasú ar alt 5 d'Acht 1946.

1928, Uimh. 4 .

3. —(1) I gcás—

(a) ina bhfuil duine rátaithe i leith aon tionóntán amháin de thalamh talmhaíochta sa limistéar rátúcháin agus nach mó ná tríocha is trí phunt luacháil an tionóntáin, nó

(b) ina bhfuil duine rátaithe i leith dhá thionóntán nó níos mó de thalamh talmhaíochta sa limistéar rátúcháin agus nach mó ná tríocha is trí phunt méid iomlán luachálacha na dtionóntán, nó

(c) ina bhfuil duine (seachas an t-áititheoir) rátaithe faoin Acht Rialtais Áitiúil (Rátaí ar Thithe Beaga Cónaithe), 1928, mar úinéir i leith tionóntán amháin nó níos mó de thalamh talmhaíochta sa limistéar rátúcháin, nó

(d) ina bhfuil Coimisiún Talún na hÉireann rátaithe i leith tionóntán de thalamh talmhaíochta sa limistéar rátúcháin nach mó ná tríocha is trí phunt a luacháil

beidh éifeacht ag alt 5 d'Acht 1946, arna leasú le halt 3 d'Acht 1962 agus le halt 3 d'Acht 1964, maidir le gach tionóntán den sórt sin ionann is dá ndéanfaí na focail “leis an” a chur in ionad na bhfocal “le ceithre chúigiú den” gach áit ina bhfuil siad san alt sin.

(2) Beidh éifeacht ag fo-alt (1) maidir leis an mbliain airgeadais áitiúil dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1968, agus aon bhliain airgeadais áitiúil ina dhiaidh sin lena mbaineann Acht 1946.

Leasú ar alt 6 d'Acht 1946.

4. —(1) Ní bheidh feidhm ag alt 6 d'Acht 1946, arna leasú le halt 4 d'Acht 1962 agus le halt 4 d'Acht 1964, maidir le duine atá rátaithe i leith tionóntán de thalamh talmhaíochta ar comhionann, de bhua alt 3, an lamháltas príomha ina leith agus an ráta ginearálta sa phunt ar an luacháil shonraithe.

(2) Beidh éifeacht ag fo-alt (1) maidir leis an mbliain airgeadais áitiúil dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1968, agus aon bhliain airgeadais áitiúil ina dhiaidh sin lena mbaineann Acht 1946.

Leasú ar alt 7 (1) (b) d'Acht 1946.

5. —Déantar leis seo mír (b) d'alt 7 (1) d'Acht 1946, arna leasú le halt 1 d'Acht 1953, le halt 5 d'Acht 1962 agus le halt 5 d'Acht 1964, a leasú, maidir leis an mbliain airgeadais áitiúil dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1968, agus aon bhliain airgeadais áitiúil ina dhiaidh sin lena mbaineann Acht 1946, trí na focail go léir ó “ach ní raghaidh” go dtí deireadh na míre a scriosadh.

Méid iomlán na lamháltas faoi na hAchtanna.

6. —(1) Ní rachaidh méid aon lamháltais nó méid iomlán aon lamháltas, de réir mar is iomchuí, faoi na hAchtanna um Rátaí ar Thalamh Talmhaíochta (Faoiseamh), 1939 go 1967, i leith tionóntán de thalamh talmhaíochta thar méid is comhionann le toradh an ráta ghinearálta sa phunt ar luacháil an tionóntáin le haghaidh seirbhíse na bliana airgeadais áitiúla lena mbaineann an lamháltas nó na lamháltais, de réir mar a bheidh.

(2) Beidh éifeacht ag an alt seo maidir leis an mbliain airgeadais áitiúil dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1968, agus aon bhliain airgeadais áitiúil ina dhiaidh sin lena mbaineann Acht 1946.

Srian le lamháltais faoi na hAchtanna.

7. —(1) Ach amháin i gcás ina gcinnfidh comhairle contae a mhalairt le toiliú an Aire, measfar tabhairt aon lamháltais faoi na hActanna um Rátaí ar Thalamh Talmhaíochta (Faoiseamh), 1939 go 1967, i leith tionóntán de thalamh talmhaíochta a bheith arna thabhairt faoi réir coinníll go ndéanfar an méid is iníoctha (tar éis aon laghdú a dhéanamh chun éifeacht a thabhairt d'aon lamháltas den sórt sin) leis an gcomhairle ar scór rátaí i leith an tionóntáin le haghaidh seirbhíse na bliana airgeadais áitiúla lena mbaineann an lamháltas a íoc tráth nach déanaí ná an dáta iomchuí.

(2) Is feidhm fhorcoimeádta chun críocha na nAchtanna um Bainistí Contae, 1940 go 1955, cinneadh a dhéanamh faoi fho-alt (1).

(3) I gcás ina mbeidh, de bhua fho-alt (1), tabhairt lamháltais a luaitear san fho-alt sin faoi réir coinníll go ndéanfar méid is iníoctha ar scór rátaí a íoc le comhairle contae roimh an dáta iomchuí agus nach gcomhlíonfar an coinníoll, beidh deireadh le hoibleagáid na comhairle éifeacht a thabhairt don lamháltas agus air sin, chun críche an dlí a bhaineann le rátaí a dhéanamh, a thobhach, a bhailiú agus a ghnóthú, tiocfaidh méid an lamháltais chun bheith dlite agus ag dul don chomhairle ar scór na rátaí a rinneadh i leith an tionóntáin iomchuí de thalamh talmhaíochta le haghaidh seirbhíse na bliana airgeadais áitiúla lena mbaineann an lamháltas agus measfar íoc na méide a bheith éilithe go cuí ar an dáta iomchuí.

(4) San alt seo, ciallaíonn “an dáta iomchuí” lá deiridh na bliana airgeadais áitiúla a dhéanfar ráta le haghaidh seirbhíse na bliana sin a bheidh le tobhach ag comhairle contae ó thionóntán de thalamh talmhaíochta nó ó chuid de, nó cibé lá ina dhiaidh sin a shocróidh an tAire le hordú a dhéanfar an lá céadluaite sin nó roimhe.

(5) Beidh éifeacht ag an alt seo maidir leis an mbliain airgeadais áitiúil dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1968, agus aon bhliain airgeadais áitiúil ina dhiaidh sin lena mbaineann Acht 1946.

Cumhacht chun rátaí áirithe ar thionóntáin áirithe de thalamh talmhaíochta a tharscaoileadh.

8. —(1) I gcás—

(a) ina bhféadfaidh comhairle contae ráta is intobhaigh ag an gcomhairle le haghaidh caiteachas a thobhaigh an chomhairle ag íoc cúitimh mar gheall ar dhíobhálacha coiriúla a thobhach ón iomlán nó ó chuid de thionóntán de thalamh talmhaíochta,

(b) nach mó ná an luacháil shonraithe luacháil an tionóntáin, agus

(c) gur dóigh leis an gcomhairle gur mó ná an méid is intobhaigh maidir leis an tionóntán na caiteachais a rachaidh leis an ráta a thobhach agus a bhailiú,

féadfaidh an chomhairle, faoi réir aon ordacháin ghinearálta i scríbhinn ón Aire maidir le riaradh an ailt seo, tobhach agus bailiú an ráta a tharscaoileadh agus má dhéantar tarscaoileadh faoin alt seo beidh deireadh air sin le hoibleagáid na comhairle an ráta lena mbainfidh an tarscaoileadh a thobhach agus a bhailiú.

(2) Beidh éifeacht ag an alt seo maidir leis an mbliain airgeadais áitiúil dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1968, agus aon bhliain airgeadais áitiúil ina dhiaidh sin lena mbaineann Acht 1946.

(3) Gach ní a bheidh comhairle contae tar éis a dhéanamh roimh an alt seo a achtú agus in oirichill a achtaithe, beidh aige, agus measfar go raibh aige ariamh, an bhailíocht agus an éifeacht go léir (más aon bhailíocht nó éifeacht é) a bheadh aige dá mbeadh an t-alt seo i bhfeidhm nuair a rinneadh an ní sin.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

9. —(1) Féadfar an tAcht um Rátaí ar Thalamh Talmhaíochta (Faoiseamh), 1967 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Rátaí ar Thalamh Talmhaíochta (Faoiseamh), 1939 go 1967, a ghairm de na hAchtanna um Rátaí ar Thalamh Talmhaíochta (Faoiseamh), 1939 go 1964, agus den Acht seo le chéile.

(3) Déanfar na hAchtanna um Rátaí ar Thalamh Talmhaíochta (Faoiseamh), 1939 go 1964, agus an tAcht seo a fhorleíriú le chéile mar aon Acht amháin.