15 1967


Uimhir 15 de 1967


AN tACHT UM CHINSIREACHT FHOILSEACHÁN, 1967

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRAITHE LE hAGHAIDH ORDUITHE TOIRMISC ÁIRITHE FAOI NA hACHTA UM CHINSIREACHT FHOILSEACHÁN, 1929 AGUS 1946, DO DHUL IN ÉAG AGUS DO CHUR DEIREADH LEIS AN TEORAINN AMA A FHORCHUIRTEAR LEIS AN ACHT SIN IS DÉANAÍ A LUAITEAR MAIDIR LE hACHOMHAIRC ÁIRITHE CHUN AN BHOIRD ACHOMHAIRC UM CHINSIREACHT FHOILSEACHÁN.

[11 Iúil, 1967.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

Mínithe.

1946, Uimh. 1 .

1929, Uimh. 21 .

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1946” an tAcht um Chinsireacht Fhoilseachán, 1946 ;

tá le “an Bord Achomhairc” agus “leabhar” na bríonna a shanntar dóibh faoi seach le halt 1 d'Acht 1946;

ciallaíonn “ordú toirmisc” ordú faoi alt 6 den Acht um Scrúdóireacht Fhoillseachán, 1929 , nó faoi alt 7 d'Acht 1946.

Orduithe toirmisc áirithe do dhul in éag.

2. —(1) Faoi réir fho-ailt (2) agus (3), aon ordú toirmisc a rinneadh ar an bhforas go bhfuil leabhar mígheanasach nó draosta scoirfidh sé d'éifeacht a bheith aige an 31ú lá de Nollaig tar éis éag don tréimhse dhá bhliain déag dar tosach dáta an t-ordú do ghlacadh éifeachta mura gcúlghairfidh an Bord Achomhairc é roimhe sin faoi alt 8 d'Acht 1946.

(2) Aon ordú toirmisc den chineál a luaitear i bhfo-alt (1) agus a rinneadh níos mó ná dhá bhliain déag roimh dháta an Achta seo a rith éagfaidh sé an seachtú lá tar éis an dáta sin mura gcúlghairfidh an Bord Achomhairc é roimhe sin faoin alt sin 8.

(3) In aon chás ina bhfuil dhá ordú toirmisc nó níos mó den chineál a luaitear i bhfo-alt (1) i bhfeidhm i leith leabhair (cibé acu a luaitear an leabhar faoin teideal céanna sna horduithe toirmisc go léir nó ar shlí eile), scoirfidh gach ceann de na horduithe d'éifeacht a bheith aige ar an dáta a scoirfidh an chéad ordú a rinneadh d'éifeacht a bheith aige de bhua an ailt seo.

Cumhacht chun orduithe toirmisc breise áirithe a dhéanamh.

3. —(1) Féadfaidh an Bord um Chinsireacht Fhoilseachán ordú toirmisc breise a dhéanamh i leith aon leabhar a bhfuil scortha ag ordú toirmisc nó a scoirfidh ordú toirmisc d'éifeacht a bheith aige ina leith de bhua alt 2 den Acht seo.

(2) I gcás an t-ordú toirmisc breise dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a dhéanamh roimh an dáta a scoirfidh, de bhua alt 2, ordú toirmisc roimhe sin i leith an leabhair d'éifeacht a bheith aige, beidh éifeacht ag an ordú toirmisc breise ar an agus ón lá sin (nach luaithe ná an lá a scoirfidh an t-ordú toirmisc roimhe sin amhlaidh d'éifeacht a bheith aige) a fhoilseofar é, de réir alt 13 d'Acht 1946, san Iris Oifigiúil.

Aisghairm pháirteach ar alt 8 d'Acht 1946.

4. —In alt 8 d'Acht 1946, aisghairtear leis seo na focail i bhfo-alt (1) ó “tráth ar bith” go dtí deireadh an fho-ailt sin.

Gearrtheideal agus comhlua.

5. —(1) Féadfar an tAcht um Chinsireacht Fhoilseachán, 1967 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Chinsireacht Fhoilseachán, 1929 go 1967, a ghairm de na hAchta um Chinsireacht Fhoilseachán, 1929 agus 1946, agus den Acht seo le chéile.