|
||||
|
[EN] | ||
Uimhir 13 de 1968 | ||
[EN] |
AN tACHT UM CHUIDEACHTA FORBARTHA AERFORT NEAMHCHUSTAM NA SIONNA TEORANTA (LEASÚ), 1968 | |
[An tiontú oifigiúil.] |
ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA UM CHUIDEACHTA FORBARTHA AERFORT NEAMHCHUSTAM NA SIONNA TEORANTA, 1959 GO 1965. [11 Meitheamh, 1968] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:— | ||
[EN] |
Léiriú. |
1. —(1) San Acht seo— |
[EN] | ciallaíonn “Acht 1965” an tAcht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta (Leasú), 1965 ; | |
[EN] | ciallaíonn “an Chuideachta” Cuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta; | |
[EN] | ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta, 1959 . | |
[EN] | (2) Déanfar na hAchtanna um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta, 1959 go 1965, agus an tAcht seo a fhorléiriú mar aon Acht amháin. | |
[EN] |
Leasú ar alt 2 den Phríomh-Acht. |
2. —Aisghairtear leis seo an méid d'alt 2 den Phríomh-Acht, arna leasú le halt 2 d'Acht 1965, a fhorálann nach mó ná sé mhilliún punt comhiomlán na suimeanna a fhéadfaidh an tAire Airgeadais a shuibscríobh faoin alt sin chun scaireanna sa Chuideachta a thógáil, agus, ina ionad sin, achtaítear leis seo nach mó ná ocht milliún punt comhiomlán na suimeanna a shuibscríobhfar amhlaidh. |
[EN] |
Leasú ar alt 8 den Phríomh-Acht. |
3. —Aisghairtear leis seo alt 3 d'Acht 1965, agus ina ionad sin achtaítear leis seo nach mó ná sé mhilliún punt comhiomlán na ndeontas a thabharfar don Chuideachta faoi alt 8 den Phríomh-Acht. |
[EN] |
Airleacain don Chuideachta ón Aire Airgeadais. |
4. —Aisghairtear leis seo alt 4 d Acht 1965, agus ina ionad sin achtaítear leis seo nach mó ná seacht milliún punt comhiomlán na n-airleacan faoi alt 4 (1) den Acht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta (Leasú), 1963 , agus na n-airleacan faoi alt 4 den Acht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta (Leasú), 1961 . |
[EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
5. —Féadfar an tAcht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta (Leasú), 1968 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Féadfar na hAchtanna um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta, 1959 go 1968, a ghairm de na hAchtanna um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta, 1959 go 1965, agus den Acht seo le chéile. |